Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00076

Recording
BBAF.00076
Format
MiniDisc
Duration
01:12:59
Date
30 November 2011
Languages
English
Irish
Location
Fearann an Choirce
Collectors
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Maggie Seoighe
Informant
Pádraig Ó Tuathail
Archival information
R 86 A Pádraic Ó Tuathail. Patsy Bhid Bhile Ó Tuathail Clann; A athair; Bun Gabhla; Imirce; Meiriceá; An Spealadh Mór (Great Depression); Scoil oíche; Boston; Ag déanamh poitín; Scoil.
Additional information
R 86 A Pádraic Ó Tuathail. Patsy Bhid Bhile Ó Tuathail Family; Father; Bun Gabhla; Emigration; America; Great Depression; Night school; Boston; Making poteen; School.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00076
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Seod í Áine Pheaits Bheachlín anseo i Sean Scoil an Cheathrar Álainn i bhFearann an Choirce ar an tríochú lá go Samhain, dhá mhíle agus a haon dhéag agus tá mé ag déanamh taifeada go Bailiúchán Béaloideas Árainn agus inniu tá mé a’ caint le Patsy Bhid Bhille Ó Tuathail agus in éineacht liom tá mo dheirfiúr Maggie Pheaits Bheachlín Seoighe. Cén chaoi a bhfuil tú a Phatsy?

PATSY: Ó tá mé go maith ach tá, tá an aimsir a’ cuir as dhom, tá sé fliuch agus fuar.

ÁINE: Tá sé ag cuir as dhúinn uilig. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leat faoi theacht anseo inniu agus labhairt linn agus ar dtús labhróidh muid faoi do mhuintir agus an baile i mBungabhla. Now cé méid a bhí i do chlann?

PATSY: Bhuel mise an duine is sine go seachtar agus m’athair, chaith m’athair, Martin Pheaits Sheáin Uí Thuathail, chaith m’athair blianta i Meiriceá, bhí sé, bhí sé i Meiriceá i rith an Depression.

ÁINE: A’ raibh?

PATSY: Bhí dhá jab aige ansin, bhí sé ina chlochadóir nóbricklayer agus freisin bhí sé ina night watchman so bhí jab san oíche aige agus jab sa lá agus bhíodh sé ag inseacht dúinn nuair a bhí muinn ina ngasúir bheaga ag a’ tine, go, bhíodh sé ina sheasamh amuigh san oíche nuair a bhí oícheantaí fuar ann agus bhíodh sé ina sheasamh amuigh ag na bairillí sin a bhíodh sé a’ dó

ÁINE: Á

PATSY: adhmad iontub agus dúirt sé thagadh daoine aige a’ fiafraigh de cén chaoi a raibh sé agus cén chaoi a raibh sé in ann coinneáil chomh, chomh, chomh, ehm bhí sé happy, cén

ÁINE: Sásta

PATSY: Gealgháireach.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bhí an saol a’ titim anuas ina mullach siadsan agus dúirt sé cuide go na daoine sin bhí siad an-saibhir, deir sé, an-saibhir agus déarfadh muide le daide bhí muinn ina ngasúiríní beaga ina suí ar an urlár “cén fáth nár iarraidh tú cuide gon airgead orthub”.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus dúirt sé “á bhí an iomrca acub, cuid acub” a deir sé “léim siad amach as fuinneogaí, léigh mé sa bpáipéar ina dhiaidh sin, léim dar amach as fuinneogaí. Bhídís a’ siúl thart san oíche, ní fhéada leob, ní fhéadfaidís codladh, bhí chuile rud caillte acub agus bhí an-iontas orthub chomh, chomh sultúil is a bhí mé fhéin ansin a’ seasamh leis an tine agus ag obair sa lá ar obair eicínt eile. Fuair dar an-deacair é a thuiscint”. Ach tháinig sé abhaile nuair a bádh a dhearthár, an dearthár is sine, Peaitsín Peaits Sheáin Uí Thuathail.

ÁINE: Á.

PATSY: Bádh thiar sa gcladach é, bhí sé, bhí sé sin pósta ag Neilín a’ Bheagach agus mar ba ghnáth ag an am sin chuir Peaits Sheáin Uí Thuathail, mo sheanathair fios ar an mac a bhí i Meiriceá aige, Martin, agus dúirt sé leis “Tar abhaile mar tá mé a' tabhairt? níl fhios am cén t-ainm atá ar dowry ach eh, “ar ais go Neilín a?? Bheagach agus tá sí a' gabháil ar ais abhaile agus ba mhaith liom tusa an áit a thógáil? agus bhí beirt ghasúír aici, Pádraic Nappa agus Kate, Kate Nappa.

ÁINE: Agus cén aois a bhí do athair nuair a tháinig sé ar ais?

PATSY: Chaithfeadh sé go raibh sé, rugadh m’athair eh hocht déag naocha naoi agus tháinig sé ar ais bliain sul má rugadh mise. Rugadh mise i naoi déag tríocha hocht so déan tusa na mathematics

ÁINE: (Gáire) Sin é é, agus ar i mBungabhla a rugadh do athair?

PATSY: I mBungabhla a rugadh m’athair agus sea, chaith sé a shaol ann, ní mórán a d’imigh sé riamh ach a dhul Gaillimh ó am go ham.

ÁINE: Agus cén fáth a ndeachaigh sé go Meiriceá meas tú?

PATSY: Bhuel ní raibh airgead ag aon duine an uair sin. Ní, ní, ní, níor lig a athair seisean Peaits Sheán Uí Thuathail, ní raibh sé ag iarraidh na gasúir a’ ghabháil ag a’ scoil, ní raibh duine a’ bith i mBungabhla ag iarraidh na gasúir a ghabháil ag a’ scoil ach thagadh an sagart anoir agus slat aige chuile sheachtain agus bhíodh sé a’ cuartú na ngasúir mar bhí dar uilig ag iarraidh na gasúir a bheith [ag tabhairt] cúnamh dhób sa gcladach ach rinne m’athair, dúirt sé go rinne sé sóirt margadh le na athair fhéin “ma ligeann tú ag a’ scoil mé”, ní raibh an scoil i bhfad tosaigh an uair sin, “má ligeann tú ag a’ scoil mé déanfaidh mé é seo agus é seo agus é seo” agus dúirt sé, chríochnódh sé, bheadh sé ina shuí roimh an mhaidneachan agus ritheadh sé ó chladach Bhungabhla, bheadh sé thiar ag bailiú feamainne ar an duirling ó dheas agus ritheadh sé soir chomh sciopthaí agus is féidir leis go mbeadh sé ag a’ scoil ….

ÁINE: …. Cá raibh an scoil?

PATSY: In Eoghanacht.

ÁINE: In Eoghanacht.

MAGGIE: Naoi déag agus a sé ….

PATSY: …. Agus thagadh an sagart, an sagart thart agus duine a’ bith a, bhí na, na písíní adhmaid seo acub chuiridís gearradh iontub chuile uair chloistí duine eicínt a’ rá Bé[arla], Gaeilge

ÁINE: Á sea.

PATSY: Agus thagadh an sagart thart agus thabharfadh sé an oiread seo snaidhm go, gon mhaide go chuile dhuine a labhair Gaeilge “___+”

ÁINE: Mar sin Béarla a bhí ag a' scoil ag an am sin ….

PATSY: …. Béarla a bhí ag a’ scoil, Bearla a bhí ag a’ scoil.

ÁINE: Yeah.

PATSY: Agus thaitnigh an scoil go mór le mo athair agus sin é an rud a bhí sé a’ iarraidh, bhí sé ag iarraidh a dhul ag a’ scoil agus nuair a chuaigh sé go Boston an chéad rud a rinne sé ná a dhul, registráil le night school.

ÁINE: Á

PATSY: Agus fuair sé citizenship agus theadh sé ansin, ní mórán spás a bhí aige, bheadh sé ag obair san oíche agus sa ló.

ÁINE: M hm.

PATSY: Agus fuair sé citizenship agus bhí a dhreabhar ann roimhe, Delia Pheaits Sheáin Uí Thuathail

ÁINE: Agus meas tú ar chuir sí sin airgead anall aige anois le íoc as a thicéad?

PATSY: Bhuel cheapainn gur chuir mar chuaigh sise go Meiriceá, fuair sí airgead ar iasacht ó an dochtúr Ó Briain.

MAGGIE: Ó.

ÁINE: Á!

PATSY: Mar bhí Peaits Sheán Uí Thuathail, bhí, bhí ainm air gur oibrigh an-chrua a bhí ann agus bhíodh sé ag obair mall agus deireanach

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus, so cheap an dochtúr gur duine é a d’íocfadh an t-airgead ar ais agus thug an dochtúr airgead dhó, bhí, bhí teach ósta ag a’ dochtúr freisin, thug an dochtúr airgead dhó le Bridín Pheaits Sheán Uí Thuathail a bhí uirthi, Delia, Bridín le dhul go Meiriceá agus an chéad uair a chuaigh sí sall ann, ní ligfi isteach ann iad, cuireadh abhaile aríst iad, tháinig sí abhaile go hÉirinn aríst an chéad uair mar ní, bhí dar a’ stopadh

ÁINE: Á sea.

PATSY: daoiní a’ teacht isteach as Éireann an uair sin, tháinig sí abhaile go hÉirinn agus chuaigh sí sall an dara huair agus cuireadh amach aríst í ach ní dheachaigh an bád seoil a raibh siad ann ní, níor tháinig siad trasna go hÉireann an trip seo ach chuaigh dar suas go dtí St. Lawrence agus chuaigh dar go dtí Montreal agus cuireadh as an mbád uilig iad i Montreal agus shiúil siad ansin trasna an teorainn idir Canada agus Meiriceá agus shiúil sí a bealach uilig go dtí Boston.

ÁINE: Á!!

PATSY: Sa ngeimhridh

ÁINE: Yeah

PATSY: Sa ngeimhridh agus tar éis tamaill phós sí duine as Cill Rónáin, ní chuimhním cén t-ainm atá air ach phós sí fear as Cill Rónáin. Cheapainn gur chuir sí airgead ag m-athair le dhul sall.

ÁINE: M hm. Cé as meas tú a d’imigh na báid an t-am sin a’ gabháil ….

PATSY: …. As Gaillimh, as Gaillimh a d’imigh Bridín ar aon chaoi.

ÁINE: Agus céard faoi do athair, meas tú?

PATSY: As Gaillimh sílim a d’imigh sé.

ÁINE: Agus ar inis sé dhuit cén t-ainm a bhí ar a’ mbád?

PATSY: Níor inis, níl ’fhios a’m cén chaoi, ní

ÁINE: Yeah.

PATSY: Níor chuala mé caint ariamh ar sin é, sé is mó an chaint a bhíodh ag m’athair faoi a bheith ag obair, night watchman san oíche.

ÁINE: Sea.

PATSY: Mar thagadh go leor daoine a’ caint leis an uair sin.

ÁINE: So meas tú a’ raibh drugall air a theacht abhaile?

PATSY: Ní raibh sé ag iarraidh a theacht abhaile, thaitnigh Meiriceá leis.

ÁINE: Á

PATSY: Ní thiocfadh sé abhaile agus chuala mé rud eicínt an lá cheana anois nach raibh fhios a’m ariamh cheana, Michael eh Joyce, fear Maggie a bhí dhá inseacht dom, go raibh aint leisean agus m’athair an-mhór le chéile, go raibh dar a’ gabháil in éineacht i mBoston.

ÁINE: (Gáire) Nach shin é anois é.

PATSY: Agus go raibh sise a’ ceapadh go raibh dar a’ gabháil a’ pósadh.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach tháinig m’athair abhaile, cuireadh fios air agus an chéad rud a rinne sé, cheannaigh sé bicycle, bhí dar a’ ceapadh go raibh airgead aige, bhuel ní duine é a bhí ag ól ná tada mar sin.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus ansin, ní raibh sé i bhfad sa mbaile nuair a chuaigh Peterín Phetair Flaherty as mBungabhla

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus níl ’fhios a’m cé a bhí in éineacht leis, chuadar soir ag Sean Bhille, sin é mo sheanathair

ÁINE: Sea.

PATSY: Athair Bid Bhille agus thugadar buidéal fuisce leob, chuadar soir ag iarraidh Bid Bhille, a’ bpósadh sí m’athair, mar bhí Bid Bhille an uair sin, cailín óg a bhí inti, rugadh ise i naoi déag sé déag so bhí sí sé bliana déag, seacht mbliana déag níos óige ná m’athair.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus cailín óg, blonde a bhí inti mar

ÁINE: Aerach (gáire) ….

PATSY: …. Sé an t-ainm, sé an t-ainm a bhí ar a máthair ná an cailín bán

ÁINE: Á a’ b’ea?

MAGGIE: A’ b’ea?

PATSY: Mar bhí sí, cailín bán, Bridín, Brid Thomáis nó rud eicínt mar sin agus ehm cailín bán a thugaidís uirthi agus bhí mo mháthair freisin blonde ach bhí sí fíáin

ÁINE: (Gáire) Sea.

PATSY: Bhíodh sí a’ marcaíocht ar asal agus ar chuile rud, í fhéin agus Kate Dara agus Mary Bhríd Rua déarfainn, bhídís i chuile dhiabhlaíocht in éineacht i gcónaí ach bhí iontas ar chuile dhuine gur phós sí m’athair.

ÁINE: Ach b’fhéidir a’ bhfuil ’fhios a’d, a’ bhfuil ’fhios a’d gur thaitnigh sé le, lena hathair mar gheall go mb’fhéidir go raibh airgead aige tréis theacht as Meiriceá ….

PATSY: …. Bhuel sea, sin rud amháin, cheap dar go raibh airgead aige agus is dóigh go raibh na, na cailíní ag an am sin freisin, bhí dar uilig ag iarraidh socrú síos mar, má bhí an seans acub

ÁINE: Yeah.

MAGGIE: Hm.

PATSY: Agus cheapadar is dóigh gur, gur, eh, gur eh rud maith a bhí anseo mar bhí sé ceapaithe airgead a bheith aige agus bhí sé tosaigh ag tógáil teach nua ar sean teach tuí a bhí a’inn

MAGGIE: Hm.

PATSY: Agus bhíodh an t-uisce a’ ritheadh siar, taobh thoir gon teach s’agaibhse anois

MAGGIE: M hm.

PATSY: Nuair, nuair a d’ardaíodh an loch

MAGGIE: Sruth Bhuaille Chaitlín.

PATSY: Thagadh an sruth tríd, isteach an doras ó thuaidh agus amach an doras ó dheas

ÁINE: Á

PATSY: Agus tríd, tríd an teach agus sé mo athair a thóg an teach, an chéad teach slinn sa taobh sin gon oileán. An dtuigeann tú ba, ba as Conamara ar dtús muintir Thuathail.

ÁINE: A. b’ea?

PATSY: Tháinig dar isteach as Conamara a’ déanamh poitín.

ÁINE: Agus níl ’fhios a’d thart ar meas tú cé na blianta a tháinig na Ó Tuathail isteach? ….

PATSY: …. Bhuel mo shean sean seanathair, Peaits Sheáin Uí Thuathail, Seán Ó Tuathail a tháinig isteach ann, so chaithfinn oibriú ar sin le pencil ach cheapainn gur timpeall b’fhéidir ocht déag caoga nó mar sin cheapainn ach bheinn in ann é a dhéanamh suas le pencil. Eh, eh tháinig sé isteach a’ déanamh poitín agus ní raibh na, níor thaitnigh sé ar chor ar bith leis na mná ná leis an sagart paróiste a bhí ann ag an am.

ÁINE: A’ rinne siad an poitín amuigh nó a’ rinne siad istigh è ….

PATSY: Rinne siad istigh é ….

ÁINE: …. A’ rinne ….

PATSY: …. thóg sé áitín bheag thuas san áit a dtugann siad ‘Tobar na nEochraí’ air, ní bheadh ’fhios a’dsa anois é ach dhá ngabhfá suas bóthar ós cionn tí Khate Dara ansin

ÁINE: Sea

PATSY: Suas, tá geata ann agus tá tobar ansin agus tá clocha, clocha móra ann agus is minic a ’speáinn m’athair dom “sin é an áit a raibh do sheanathair a’ déanamh poitín? a deir sé

ÁINE: So rinne siad cillín ansin

PATSY: Bhí sean chillín beag ansin agus bhí an stil acub ansin.

ÁINE: Ó!

PATSY: Agus bhí, agus bhí sé deacair an áit a fháil mara mbeadh ’fhios a’d é ach is cosúil am eicínt an uair sin gur inis duine eicínt air

MAGGIE: M hm.

PATSY: Agus tháinig na, coastguards a bhí an uair sin ann

ÁINE: Hm.

PATSY: Ní raibh peelers a’ bith

ÁINE: Sea

PATSY: Tagthaí fós. Coastguards a bhí ann agus tháinig dar anoir i mbád go Bungabhla agus, mar ní raibh bóthar a’ bith a’ gabháil siar go dtí Bungabhla an uair sin, tá mé a’ ceapadh ….

ÁINE: …. Sea ….

PATSY: …. nach raibh mórán go bhaile a’ bith i mBungabhla, sé na Ó Tuathail, shocraigh siad thiar ansin bheidís imithe as radharc na peelers ’s chuile rud

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus coastguards, ach tháinig dar anoir agus rugadar air siar in áit eicínt ag Tobar na hEochraí agus thugadar siar go dtí cladach Bhungabhla é agus chuir dar ar a’ mbád seoil é agus bhí dar dhá thabhairt soir Cill Rónáin ach nuair a bhí sé a’ gabháil thar an nGleannachán, carraig na mBroigheall, síos ó tí Khate Dara, cosúil go raibh sé in ann snámh agus nuair, tá sé deacair bád seoil, nuair atá gaoth i do dhiaidh, a oibriú i ngarr go charraigeachaí agus léim sé agus ní raibh dar in ann breith air agus snámh sé isteach agus níor fhág sé an t-oileán ariamh ina dhiaidh. De réir a chéile ansin is dóigh go raibh sé a’ déanamh cúpla pingin ar a’ bpoitín mar de réir a chéile cheannaigh sé, fuair sé beagáinín talún anseo is ansiúd, buailte anseo is ansiúd agus thóg sé teach i mBungabhla agus fuair sé accepted mar a déarfá thar éis tamaill

ÁINE: Sea, yeah.

PATSY: Is cuma cén chaoi a bhfaighidh tú greim ar cúpla pingin má tá sé a’d ansin

ÁINE: Sea

PATSY: Glactar leat agus ehm, sin é an chaoi a dtáinig dar ann, as, as Conamara.

ÁINE: Anois a Phatsy tú fhéin an duine is sine gon chlann

PATSY: M hm.

ÁINE: Agus a’ gcuimhneofá nuair a chuaigh tú ag a’ scoil, ehm cén máistir nó múinteoir a bhí sa scoil?

PATSY: Cuimhním, bhí eh, roinnt blianta sul má chuaigh mise ag a’ scoil bhí fear ann a dtugaidís Flannagan air, as Contae an Chláir é ceapaim, bhí sé uafásach tough le na gasúir, bhíodh sé dhá mbualadh, sin é an cineál múnadh a bhí an uair sin ann

ÁINE: Hm.

PATSY: Ní hionann agus nuair a bhí Maggie [ag múnadh]

ÁINE: Sea.

PATSY: Nach féidir leat duine ar bith a bhualadh. Duine a’ bith a mhúin gan é a bhualadh i dtosach. Ach sin é an chaoi chéanna a raibh daoine a’ tógáil gasúir.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus ní raibh tada a’ breathnú mícheart leis sin mar ní raibh meas a’ bith ag, ag na gnáth thuismitheoirí ar dhuine, ar múinteoir a’ bith nach mbeadh a’ bualadh na ngasúir. Cheap dar ….

ÁINE: …. Sea

PATSY: …. go ndéanfadh na ngasúir, na gasúir roithleán de, go ndéanaidís, go gcuirfidís seafóid air, (Áine ag casacht) ach Flannagan, bhí Flannagan an-tough, ó mharaíodh sé gasúir. Má bhíonn sibh a’ caint ecínt a’ caint uair eicínt le Pádraic Mhuracha, d’inseodh Pádraic Mhuracha go leor, bhualadh sé iad go mbeidís a’ titim. Ach bádh Flannagan a’ teacht ar ais as Cruach Phadraig.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus ansin thug an sagart Paróiste an, an post ansin dhá bhean. Tá mé a’ ceapadh nach raibh a bhean oilte ar múinteoireacht ar chor ar bith cheapainn ach ansin fuair sí an múinteoir sa scoil thíos. Thugadh muide an tsean Misses a thugadh muid uirthi,

ÁINE: Sea.

PATSY: Misses Flannagan, agus aici sin a chuaigh mé i dtosach. Bhí, bhí sí a’ dtuigeann tú, bhí, bhí deighilt mór idir muide agus múinteoirí, cheap mo mháthair agus mo athair go, gur, gur as ….

ÁINE: …. Yeah ….

PATSY: …. Tóin na múinteoirí a d’éirigh an ghrian.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ní fhéadfadh múinteoirí tada a dhéanamh mí-cheart. Bhí, bhí siad thuas ar seilf mór, i bhfad níos airde b’fhéidir ná, ná an sagart agus bhí an-tuairm acub gon fhoghlaim ach ag Misses Flannagan a chuaigh mise i dtosach agus cuimhním go maith uirthi mar bhí sí an-deas liom ach cuimhním gur, an chéad lá go raibh bróga orm, theadh muid ann cos nochtaí.

ÁINE: Yeah.

PATSY: Fuair mé bróga arda mar a thugaidís orthub.

ÁINE: Sea.

PATSY: Bróga nua.

ÁINE: A’ raibh tú i bhfad ag a’ scoil ag an am sin?

PATSY: Ní raibh, ní raibh, chaithfeadh sé go ndeachaigh mé ann is dóigh roimh an Samhradh agus nuair a tháinig an Geimhridh fuair mé na bróga nua agus cuimhním bhí, duine eile a bhí muid an-mhór lei riamh, Mary Dainín as Bungabhla agus bhíodh cúpla go na cailíní móra, bhí dar a’ breathnú an-mhór dhúinne, na gasúir bheaga ag an am, a’ tabhairt amach cócó, mar bhíodh cócó ag chuile dhuine a’ fáil cócó

ÁINE: Sea

PATSY: ag a’ scoil agus bhí jug, jug ehm, cré, mar sin aici a’ doirteadh cupán cócó ag chuile dhuine agus nuair a bhí sí, bhí muid amuigh ar an tsráid, chaithfeadh sé gur lá breá a bhí ann agus chuir mé amach mo bhróig dhá ’speáint go Mhary Dainín a’ rá “a’ bhfeiceann tú na bróga nua, fuair mé bróga nua”

ÁINE: Sea (gáire)

PATSY: Bhí mé “__+”

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus a’ déanamh spraoi bhrú Mary an jug orm mar sin

ÁINE: Sea

PATSY: Thug sí buille go na bróga go an jug ach nuair a bhí sí a’ tabhairt buille go na bróga gon jug bhuail sí cloch agus scoilt an jug

ÁINE: Ó (gáire)

PATSY: Agus nuair a chuaigh Mary isteach ag an sean Misses dúirt sí le, leis an sean Misses “Patsy Bhid Bhille a chiceáil an jug? agus níor, níor chiceáil mise an jug

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

PATSY: So chuir, chuir an tsean Mhisses mar a thugadh muid uirthi litir abhaile ag mo mháthair a’ gearán faoi gur bhuail mé cic ar a’ jug agus bhris mé é so mo mháthair ag an am á dtabharfadh, sé a cheapadh mo mháthair gur cheart go Misses Flannagan clabhta a thabhairt dom so nuair nár thug sí aon chlabhta dhom, thug mo mháthair clabhta dhom.

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: Sin é a tharlaíodh

PATSY: (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: Gheobh tú tuilleadh.

PATSY: Agus scríobh sí litir ag Misses Flannagan maidin lá arna mháireach “má dhéanann sé tada as bealach, tabhair clabhta dhó”

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus chuir sí isteach dhá leathchoróin ….

MAGGIE: …. God ….

PATSY: …. Nó rud eicínt mar sin sa litir le íoc ar a’ jug agus ní mórán tharas an dá leathchoróin a cheapainn a bhí aici ag an am.

ÁINE: Sea.

PATSY: Chuir Misses Flannagan an dá leathchoróin abhaile aríst, dúirt sí nach raibh aon ghá leis

ÁINE: Hm

PATSY: “Beidh an jug alright, níl sé ach scoiltí”

ÁINE: Yeah, now fuair sibh builíní chomh maith nach bhfuair?

PATSY: Bhí builíní freisin ann ag an am ….

ÁINE: …. A’ gcuimhníonn tú cé as a tháinig na builíní sin?

PATSY: Bhuel thagaidís anoir as Cill Rónáin, bhí fear ann a dtugaidís Jimí Folan air agus bhíodh na builíní, go minic bhíodh caonach liath orthub

ÁINE: Á

PATSY: mar tá mé siuráilte na builíní a thagadh “__” go na cinn a bhí ró-fhada ar a’ seilf “__+” ….

ÁINE: …. Ach rinne siad builíní i gCill Rónáin, nach rinne?

PATSY: Níl ’fhios a’m a’ rinne siad

MAGGIE: Meas tú.

PATSY: Ní chuimhneoinn, ní bheadh ’fhios a’msa ceart cé as a dtagaidís ….

ÁINE: …. Bhí báicéara i gCill Rónáin ….

MAGGIE: …. A’ raibh?

PATSY: …. A’ raibh? Ach go dtagaidís anoir as Cill Rónáin ar aon chuma ach rud eile a chuimhním ag an am air agus sin bhí mé dhá bhliain, an dara bliain nó tríú bliain a bhí mé thíos ag an tsean Mhisses, tháinig John, mo dhearthár ag a’ scoil agus bhí sí, bhí muid a’ tarraingt pictiúir go chait.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Chuile dhuine, an cat atá sa mbaile agaibh agus bhí muid a’ déanamh scéal go chat agus ní bhíodh John ag an am, ní raibh sé in ann ‘cat’ a rá, déarfadh sé ‘titch’

ÁINE: (Gáire) Yeah.

PATSY: Titch.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus bhí sí a’ fiafraigh go chuile dhuine “cén sóirt cat atá agaibhse anois a Phatsy”, “cén sórt cat atá agaibhse John”, agus bhí sise a’ rá cat dubh nó cat bán ach deir John ‘titch fireann’ (gáire)

ÁINE: (Gáire)

PATSY: (Gáire) Agus cheap muide nach mbeadh ’fhios ag an tsean Mhisses an difríocht idir fireann agus buireann “__+?….

ÁINE: …. (Gáire) ….

PATSY: …. Nach mbeadh baint aici le rudaí gránna mar sin

ÁINE: (Gáire)

PATSY: (Gáire) Agus bhí chuile dhuine go na gasúir titim as a’ suíochán a ’ gáirí a’ rá ‘titch fireann’ agus fiú amháin John bocht ar feadh míonnaí ina dhiadh sin chuile dhuine nuair a bheadh muid amuigh a‘ ritheadh, deiridís le John ‘titch fireann’ (gáire)

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: Á a Mhaighdean.

PATSY: (Gáire) Ach eh sin é, sin é faoi titch fireann agus na builíní

ÁINE: Agus an chéad lá a chuaigh tú ar scoil, ar thug do athair aniar thú meas tú nó ar shiúl tú?

PATSY: Á mo mháthair

ÁINE: Á

PATSY: A thug aniar mé, tá mé siúráilte go bí mo mháthair, níl aon chuimhne mhaith a’m air ach déarfainn go bí mo mháthair, sí mo mháthair a thabharfadh aniar mé mar ní ligfeadh sí rud mar sin thairti déarfainn.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach thug sí aniar mé agus chaitheadh muid an arán a thabhairt ag a’ scoil freisin agus nuair a chuaigh mise suas sa scoil eile, seod é blianta ina dhiaidh, bhí Dony Flannagan ann.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus cuimhním an chéad lá a dtáinig Dony, bhí chuile, bhí fáilte mór ag na tuismitheoirí uilig faoi mar deir siad “ta fear anois, tá sé cosúil le na athair agus bualadh sé na gasúir” agus cuimhním Dony a’ teacht aníos a’ geata agus bhí muid uilig a’ croith ina líne fada le taobh a’ bhalla agus tháinig Dony aníos agus bhí sé a’ caith cigarette, deatach i gcónaí as agus tháinig sé aníos agus dúirt sé “bainfidh mise deatach asti” agus sin é a thaitnigh leis na daoine a’ dtuigeann tú ach chuaigh muid isteach ag Dony ansin ach ní raibh Dony ró dhona, bhí sé alright dhom fhéin mar phioc mé suas rudaí roinnt sciopthaí agus tá ’fhios a’m gur chaith mé dhá bhliain i cúpla rang mar déar[fainn], chuaigh mé, bhí mé beagán ró-óg le dhul sa rang eile agus bhí muid a’ déanamh M’Asal Beag Dubh, sheasadh muid suas timpeall na suíocháin agus léadh muinn caibidil go M’Asal Beag Dúbh agus bhí, in éineacht liomsa bhí Marcus a’ Bheagach, bhí Pádraicín Johnny Bhriainín agus Dara Bhaba Pheige. D’fhaighdís an-deacair é a léamh .

ÁINE: Sea

PATSY: Ach, ach bhíodh Dony i gcónaí agus thugadh sé buille gon slat dhób ach léadh muid cuid agus nuair a thagadh mo turn fhéin, léinn, bhí sé léite chomh minic anois a’m a’ dtuigeann tú go raibh ’fhios a’m é

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus tháinig Dony anuas lá a’ breathnú “__+? agus chonaic sé nach raibh mé ag iompú na leathnachaí, a’ bhfuil ‘fhios a’d, bhí ’fhios a’m é

ÁINE: Sea “__+?

PATSY: Ní raibh mé dhá léamh a’ chor a’ bith ach dhá rá agus d’imigh sé agus ní rinne sé tada ach ansin timpeall seachtain ina dhiaidh sin bhí Patsy Dainín, níl ’fhios a’m a’ raibh aithne agaibhse ar Phatsy Dainín, bhí sé ró-shean dhaoibhse b’fhéidir ….

ÁINE: …. Bhí

PATSY: Bhí Patsy, bhí sé cúpla bliain níos sine ná mé fhéin ach bhuail Dony é faoi rud eicínt, bhí Patsy go maith ag a’ scoil, ní raibh mórán gá è a bhualadh ar chor ar bith ach nuair a chuaigh muid, théadh muid timpeall na suíocháin mar sin, a’ gabháil timpeall agus ansin shuiteá síos agus ghabhtá a’ déanamh sums nó rud eicínt mar sin ach nuair a tháinig muinn go dtí an doras rug Patsy ar a’ laiste agus rith sé agus chuaigh sé siar na craga, níor tháinig sé ar ais ag a’ scoil go ceann seachtaine. Sin é is dóigh, bhris sé an spell ar bhealach le Dony, an faitíos a bhí ar chuile dhuine faoi Dony agus tháinig, ar deireadh tháinig Patsy ar ais agus níor bualadh ná tada é agus faoi cheann seachtain ina dhiaidh bhí Dony thréis Dara Bhaba Pheige a bhualadh, ní raibh mórán fáth leis ach b’fhéidir nach raibh ’fhios aige rud eicínt ach bhuail sé Dara ar aon chuma agus nuair a tháing muid aríst a gabháil timpeall na suíocháin ….

ÁINE: …. Rith Dara ….

PATSY: …. Rith Dara, bhí Dara roinnt beag

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach rug sé ar a’ laiste, d’oscail sé an doras agus rith sé agus chuaigh Dony amach ina dhiaidh ach bhí Dara ró sciopthaí agus lá arna mháireach tháinig Maidhcilín Sheáin Mhicil, athair Dara, ag a’ scoil agus bhí muide istigh ag éisteacht agus bhí sé a’ tabhairt amach go Dony amuigh sa hall, chuaigh Dony amach sa hall agus chloisteá ag béiceach ar Dony é, ní raibh Dony a’ gabháil a’ bualadh a mhac mar seo aríst go deo, dhá mbualadh ba dhó ba mheasa é. Bhí rudaí ag athrú agus bhí sé sin alright ach faoi cheann seachtain ina dhiaidh sin mar eh a’ dtuigeann tú, bhí sórt, tá ’fhios a’d an chaoi a dtarlaíonn sé go ghasúír, anois fuair mé amach é seo nuair a bhí mé a’ múnadh mé fhéin, cailleann tú credability go mór má tá tú i do teacher’s petteacher’s boy, ní dhéanann tú tada mí-cheart so bhí muide amuigh, am sos a bhí ann agus bhí mise ag oscailt páipéar a raibh dhá shlice go cháca ag mo mháthair agus bhí jam agus im air agus bhí slice acub go Thomas agus slice eile dhom fhéin.

ÁINE: Yeah.

PATSY: Agus nuair a bhí mé dhá oscail thit ceann acub ar a’ ngaineamh agus d’ár ndóigh thit sé agus an jam taobh faoi.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ar a’ ngaineamh agus bhí, rud aisteach é seo mar ní duine é Thomas a bheadh a’ ritheadh a’ reportáil duine ach chuaigh sé isteach ag Dony dúirt sé “chaith Patsy mo bhuilín sa ar a’ ngaineamh” agus chuir Dony fios orm fhéin agus dúirt sé “ar chaith tú”, dúirt mé “níor chaith, thit sé sa ngaineamh” agus dúirt sé “toram [tabhair dom] do láimh” b’éigean dom mó láimh a chuir amach agus thug sé slap dhom agus alright, ní raibh sé sásta leis sin, dúirt sé “toram do láimh eile” agus chuir mé mo dhá láimh i mo phóca

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE : (Gáire)

PATSY: Chuir mé mo dhá láimh i mo phóca, ní thabharfainn aon láimh dhó

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus seod cuid gon macho seo anois mar gheall buaileadh ….

ÁINE: …. (Gáire) Sea ….

PATSY: …. Na cairde a bhí a’m ….

ÁINE: …. (Gáire) Sea ….

PATSY: …. Anois bhí mé fhéin ag iarraidh rud mar sin a’ dhéanamh agus, ó bhuail sé doirne agus ….

ÁINE: …. (Gáire)….

PATSY: …. Chuile rud orm agus tháinig an tsean Mhissis aníos

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Tháinig an tsean Mhissis aníos agus dúirt sí leis, dúirt sí liomsa “á tabhair do láimh dó, ní thabharfaidh sé duit ach slap amháin” agus mar sin de agus nuair a thug mé mo dhá láimh amach ansin ach ní thógfainn isteach mo lámha

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: D’fhág mé amuigh iad agus bhuail sé agus fuair na lámha chomh hataí

ÁINE: Ataí, ó.

PATSY: Agus nuair a chuaigh mé amach a’ dtuigeann tú bhí trua ag chuile dhuine dhom mar bhí chuile dhuine ‘ breathnú ….

ÁINE: …. Yeah (gaire) ….

PATSY: …. céard a bhí a’ tarlú agus ag éisteacht ach níor mhiste liomsa mar bhí mé anois cosúil leis an gcuid eile

ÁINE: Sea, sea (gáire)

PATSY: Ach nuair a chuaigh mé abhaile an lá sin a ’ dtuigeann tú bhí mé, théadh muide abhaile ón scoil agus bhíodh a gcuid postaí fhéin ag chuile dhuine. Chaithfinnse b’fhéidir dornán coirce a thabhairt ag, ag capall nó ag gamhain nó rud eicínt mar sin nó féar a thabhairt ag a’ mbó so bhí a bpostaí fhéin ag chuile dhuine ach an tseachtain sin ní raibh mé in ann tada a dhéanamh, rinne Thomas uilig dhom iad ….

MAGGIE: …. (Gáire) ….

PATSY: …. Mar bhí mo lámha ataí.

ÁINE: Yeah.

PATSY: Ach ní fhéadfainn é a inseacht go mo mháthair mar ní gheobhainn ach buille eile.

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: “__”

PATSY: Ach eh, sin, ach eh an rud is measa a bhfuil cuimhneamh a’m air, cheap mise a’ dtuigeann tú gur, gur rud maith a bhí anseo a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea, sea.

PATSY: Cheap mé gur rud maith, ní raibh mé fhéin i mo mhúinteoir ag an am sin agus ní raibh suim a’ bith a’m ann, bhéinn in ann, bhí mé in ann gáirí faoi anois a’ dtuigeann tú agus casadh Dony blianta ina dhiaidh sin orm, bhí mé i mo shagart ag an am i mBlá Cliath, chuaigh mé ag a’ teach aige, bhí muid a’ caint faoi Árainn agus dúirt mise “a gcuimhníonn tú an lá” nuair a bhí sé ráite a’m bhí fhios a’m nár cheart dom é a rá

ÁINE: Á

PATSY: Mar bhí fhios a’m nach raibh Dony ag iarraidh cuimhneamh ar an lá sin

ÁINE: Sea

PATSY: Chor ar bith ná go deo aríst agus ní bhéinnse ach an oiread chál gur múinteoir mé

ÁINE: Sea.

MAGGIE: Sea.

PATSY: Ach níor thuig mise é, cheap mise ag an am mar ní raibh mé a’ múnadh

ÁINE: Sea.

PATSY: Ag an am sin, ní raibh cleachta a’m ar mhúnadh gur, go, gur, fuair mé fhéin mo credibility ar ais, chuile rud agus bhuail Dony, ní amháin mise ach Marcus agus “—? Johnny Bhriainín agus Dara agus Patsy Dainín, chuile dhuine eile so bhí mé anois cosúil leis, cosúil leis a’ gcuid eile.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus ba, ba rud maith dhomsa é ach ní ba rud maith go Dony é agus cuimhním go raibh an séiplíneach ag an am, níl ’fhios a’m, Father Cullinane a bhí air a’ tíocht isteach ag a’ scoil agus bhí mise i mo shuí ar a’ gclaí agus dúirt sé, tháinig sé anall a’m, mar go minic thabharfadh sé lift dhom nuair a bhínn a’ siúl as Cill Rónáin go mBungabhla, shiúlann soir go Cill Rónáin, naoi míle agus anoir aríst agus bhíodh, bhí motorbike ag a’, ag a’ séiplíneach agus thugadh sé, dhá ngabhadh sé tharam thugadh sé lift dhom ar chúla.agus ba rud mór é sin mar ní raibh mé ar motorbike ariamh ná i gcarr ariamh agus tháinig sé anall a’m ag a’ gclaí agus dúirt sé “Patsy” a deir sé “ba cheart duit a rá le Dony go bhfuil brón ort” Anois níor thuig mise cén fáth go ndéarfainn le Dony go raibh brón orm mar ní, ní …

ÁINE: …. Ni raibh tada déanta mí-cheart a’d ….

PATSY: …. Ní raibh tada déanta a’m

ÁINE: Hm.

PATSY: Mar níor chaith mé an arán ar a’ talamh ná tada mar sin ach [dúirt mé] “alright a athair” agus chuaigh, nuair a chuaigh muid isteach ina líne fada isteach agus chuaigh mé suas ag a’ desk ag Dony dúirt mé “tá brón orm” “tá sé alright, suí síos” that was the end of it go raibh mise chomh seafóideach gur tharraing mé anuas aríst é

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: (Gáire)

ÁINE: Agus céard dúirt sé leat, ar ?

PATSY: Chuaigh sé chomh bán le cailc, bhí fhios a’m go raibh rud mí-cheart ráite a’m.

MAGGIE : Déanta a’d, yeah.

PATSY : Ach ní raibh sé ag iarraidh cuimhneamh air.

ÁINE: Ní raibh sé ag iarraidh cuimhneamh air mar rinne sé mí-cheart, yeah.

PATSY: Rinne sé mí-cheart. (Sos) Ach eh sin é faoi an scoil.

ÁINE: Bhuel cén t-ábhar a rinne sibh meas tú, cé na hábhair a rinne sibh sa scoil?

PATSY: Bhuel cuimhním go raibh muid a’ déanamh Tír Eolaíocht, thaitnigh Tír Eolaíocht go maith liom agus Stair ach cuimhním Tír Eolaíocht go mór mhór. Bhí Dony an-mhaith a’ múnadh Stair agus Tír Eolais cheap mé fhéin nó d’fhoghlaim mise uaidh go hairid. Cuimhním go raibh mé in ann Sasana agus Éireann a tharraingt freehand

ÁINE: Hm.

PATSY: Ar a’ gclár dubh go héasca agus bhí fhios a’inn chuile rud faoi na bailte i Sasana ó Dony. Bhí fhios a’m na haibhneachaí i Sasana,Thames, Great Ouse, Nene, Welland,Witham, Spey, Ouse, “___+” Don, Tyne, Tweed

ÁINE: Á, á (gáire)

PATSY: Sin iad na hainmneachaí uilig taobh thoir go Shasana. Bhí fhios a’inn uilig iad, tá siad a’m fós, b’fhéidir go bhfuil cuid acub beagáinín ….

ÁINE: …. Sea ….

PATSY: …. Bun ós cionn ach tá siad a’m uilig agus dá mbéinn ag iarraidh inniu iad a, iad a, iad a chuir, bhéinn in ann map a tharraingt go Shasana agus na haibhneachaí uilig a chuir isteach ann, 46.38 ….

ÁINE: …. Agus cén chaoi a gceapann tú, ab shin é an chaoi ar múnaíobh rudaí díbh an t-am sin

PATSY: Sin é an an chaoi ar mhúin Dony iad ….

ÁINE: …. nó a’ raibh faitíos oraibh?

PATSY: Bhuel, bhí faitíos ar chuide. Ní raibh aon fhaitíos ormsa mar bhí mé, bhí mé in ann iad a fhoghlaim.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus ní bhfuair mé, níor bualadh mórán mé ach eh, so b’fhéidir go b’shin é an fáth a d’fhoghlaim mé níos éasca mar bhí fhios a’m go raibh mé in ann iad a fhoghlaim agus ní raibh aon fhaitíos orm go bhfaighinn buille go mhaide.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus d’fhoghlaim mé go héasca iad mar thaitnigh liom a bheith a’ foghlaim, thaitnigh liom a bheith a’ foghlaim.

ÁINE: Ach a’ gceapann tú gur córas maith a bhí ansin le foghlaim? Shílfeá go, breathnaíonn sé go ….

PATSY: …. Bhuel ….

ÁINE: ….na daoiní do aois, go gcuimhníonn siad ar rudaí a d’fhoghlaim siad ag a’ scoil ….

PATSY: …. Cuimhníonn ….

ÁINE: …. Nuair nach gcuimhníonn muide air.

PATSY: Cuimhníonn, á cuimhníonn, cuimhníonn siad. Ní cheapaim gur córas maith é. Bheadh sé i bhfad níos fearr, cheapainn, bheadh sé go maith iad a fhoghlaim ach ceapaim nach bealach a fheileann “__+?

MAGGIE : Ní raibh ann ach rote learning.

PATSY: Rote learning ach cuimhním anois cé gur rote learning a bhí anseo na haibhneachaí, bhí fhios a’m iad agus tá fhios a’m fós iad mar a fheiceanns tú agus bhí fhios, bhí fhios a’m an chaoi chéanna na bailte i Sasana agus cheapainn a’ dtuigeann tú go, go raibh go leor nó cuid go na scoileannai in Árainn níl ’fhios a’m a rinne siad Sasana mar sin a’ chor a’ bith. Chaithfeadh sé gur thaitnigh Sasana le Dony é fhéin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach d’fhoghlaim mise, nuair a bhí mé ag Meánscoil ní raibh gá dhom mórán, mórán a fhoghlaim ariamh faoi Shasana mar bhí fhios a’m é ón scoil in Eoghanacht ….

ÁINE: …. Bhí, d’airigh tú go raibh bunoideachas maith faighte a’d ag a’ scoil ….

PATSY: …. Bhí bunoideachas maith a’m sea agus ….

ÁINE: …. Céard faoi an Teagasc Críostaí?

PATSY: Teagasc Críostaí, bhuel ní raibh mórán suim ann, cheapfá, cheapfá go mbeadh

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Mar bhí mé i mo shagart ina dhiaidh sin ach ní raibh mórán suim a’m ariamh i dTeagasc Críostaí, ach ní, ní raibh aon trioblóid a ’m leis mar bhí mé in ann na ceisteannaí a fhoghlaim.

ÁINE: Sea.

PATSY: Fuair go leor daoiní go leor buaileannaí agus slat ….

ÁINE: …. Mar gheall air, níos mó ná ábhair eile.

PATSY: Níos mó na ábhair eile agus níor thuig muid é mar an Teagasc Críóstaí a bhí ann bhí focla móra Gaeilge

ÁINE: Sea

PATSY: Nach mbeadh fhios ag duine a’ bith, níl ’fhios a’msa cén míniú a bhí leob

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus níl ’fhios a’m fós é. Ach eh, so d’fhoghlaimítí, b’fhéidir go b’shin é an chaoi, an rota nach raibh ciall a’ bith leis mar d’fhoghlaim tú rudaí nach raibh aon chiall leis.

ÁINE: Sea

PATSY: Bhí ciall eicínt le foghlaim faoi Shasana mar chonaic tú, chonaic tú ar an mapa ansin é agus dhá ngabhfá go Sasana ina dhiaidh sin bheadh, bheadh fhios a’d

ÁINE: Hm.

PATSY: Na haibhneachaí freisin.

ÁINE: Agus dá dtiocfadh an sagart isteach anois, rud a dhéanamh, rud a tharlaíodh go minic a’ cuir ceisteannaí oraibh, mara mbeadh ’fhios ag páiste freagra na ceiste, cén chaoi a dealáileadh an múinteoir leis sin?

PATSY: Bhuel cuimhním go dtéadh, go dtáinig an sagart isteach cúpla uair ach ní chuimhním tada a’ tarlú ina dhiaidh sin. Ní, ní, níor bhuail Dony duine ar bith nach raibh fhios aige na freagraí, ní cheapainn go raibh fhios ag Dony fhéin na freagraí

ÁINE: Agus céard faoi an sagart, a’ mbeadh sé ar buille?

PATSY: Bhí an sagart, bhí na sagairt alright, ní, ní, ní, ní raibh siad mar bhí cáill orthub, na sean sagairt.

ÁINE: Hm.

PATSY: Ní fhaca mé aon sagart a’ bualadh aon duine ariamh agus thaitnigh na sagairt linn uilig, bhí dar go deas linn. Bhínnse a’ freastal an Aifrinn freisin a’ dtuigeann tú agus bhí dar an-deas liom, chuile, pébí cén sagart a bhí ann. An t-aon sagart nár thaitnigh liom ariamh ná Father Killeen, bhíodh sé ag béacúacht i gcónaí nuair a bhí sé a’ tabhairt seanmóir. Bhíodh sé a’ tabhairt amach faoi Protastúnaigh agus chuile rud mar sin agus cheap sé fhéin gur duine an-naofa a bhí ann ach cheap ….

ÁINE: …. Sea ….

PATSY: …. muide go raibh sé, go raibh seafóid air.

ÁINE: Á!

MAGGIE: A’ mbíodh an, an tAifreann sa scoil an t-am sin?

PATSY: Bhí an tAifreann sa scoil ….

MAGGIE: …. Sa scoil

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus bhíodh muinn ina suí thuas an tosaigh sa scoil, sea.

ÁINE: Agus chuile Dé hAoine mar sin chaithfeadh sibh an seomra a fháil ré i gcomhair an tAifreann Dé Domhnaigh….

PATSY: …. An seomra a fháil ré agus ba jab iontach mór a bhí ansin, bhí partition ann le brú thart ach rud, rud, rud beag a bheadh anois ann ach bhí muide beag a’ dtuigeann tú

ÁINE: Sea

PATSY: Bhí an partition sin a’ breathnú an-mhór agus is iondúil go dtéadh sé, bhí sóirt ráillí ann a mbíodh sé a’ ritheadh orthub ach d’imeoidh sé go na ráillí agus chaithtí fios a chuir amach ar Cóilín Bheachlín

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Thagadh Cóilín isteach agus bhíodh gró aige agus chuireadh sé isteach an rud ar na ráillí aríst ach ba, ba obair mór a bhí ann.

ÁINE: Sea

PATSY: an partition a tharraingt

ÁINE: Sea. Lua tú ansin nuair a chuaigh sibh abhaile go raibh obair áirid le déanamh ag chuile dhuine agaibh.

PATSY: Chuile dhuine a’inn, níl ’fhios a’m a’ raibh sé seo ag chuile dhuine ar a’ mbaile ach bhí sé ag chuile dhuine sa teach s’ainne, bhí do obair fhéin a’d, chaiteá a dhul a’ cuir uisce ag an mbeithíoch seo nó a’ tabhairt, a’ baint choirce gon bheithíoch seo nó a’ baint féar gon bheithíoch eile seo nó chaiteá a dhul ag iarraidh mála gaineamh ag a’ gcladach le cuir ar, ar, nuair a bheadh sé ag teacht go Nollaig ar a’ mbealach isteach go dtí an teach leis an

ÁINE: Sea

PATSY: an bpuiteach eh

ÁINE: A stopadh

PATSY: A stopadh ach, ach bhí nó b’fhéidir gabhar le bleán nó le mionán le dealú. Bhí rudaí mar sin, bhí, bhí chuile dhuine a’inn a’ déanamh, sin, sin é an chaoi a tógadh m’athair é fhéin

ÁINE: Hm.

PATSY: Bhí, bhí, bhí oibreachaí mar sin aige agus cheap sé gur, go raibh sé go maith go ghasúir agus ní rinne sé aon dochar dhúinn.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú aon uair nach mbíodh a ndóthain le n-ithe agaibh b’fhéidir, go mbíodh ganntanas bia?

PATSY: Eh, anois eh cuimhním go maith anois, bhí muide bocht, bhí chuile dhuine sa mbaile bocht ach ní, ní raibh fhios a’inn é, ag aonduine a’inn go raibh muinn bocht.

ÁINE: Hm.

PATSY: Bhí chuile dhuine mar a chéile agus ní raibh ocras ariamh orainn, bhí fataí nó bhí rud a’ bith, marar thaitnigh sé leat, bhuel eh, ní, ní, ní

ÁINE: Sea

PATSY: ar mo mháthair a bhí an lucht faoi sin mar bhí fataí ann is bhí iasc ann an chuid is mó gon am agus ehm mar bhíodh m’athair ag iascach beagán sa samhradh agus mar sin de agus chuiridís salann air agus bhíodh iasc ann. Ní minic a bhí feoil ná tada mar sin, ná rudaí mar sausages ná rudaí mar sin.

ÁINE: Hm.

PATSY: Ná jam, faoi Nollaig cheannaídís crusca jam.

MAGGIE: Crusca mór.

PATSY: Agus cheannaídís crusca jam faoi Nollaig b’fhéidir agus bhíodh jam a’inn ansin ach rud iontas, iontach a bhí ann.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus builín, bhíodh builín iontach freisin, ní bheidís in ann builín a cheannacht mar bhíodh cáca déanta ag mo mháthair i gcónaí, arán bán agus arán donn amantaí. Chuireadh sí cúpla ubh ann ó am go ham agus bhíodh sé go deas.

ÁINE: Agus bhíodh siopa tí Úna [Jaimsie Uí Fhlaithearta] an t-am sin

PATSY: Bhí siopa tí Úna agus bhíodh siúcra agus tae agus rudaí mar sin dhá dhíol aici agus ehm, rudaí beaga, salann ’s rudaí mar sin.

MAGGIE: A’ mbíodh Peaitsín Dainín a’ tabhairt sweets díbh, nuair a ….?

PATSY: …. Á bhíodh Peaitsín go deas, bhí sé, bhí sé, bhí sé soft mar a déarfá, mar a deireann siad sa mBéarla.

MAGGIE : Hm.

PATSY: A bhí sé bog. Bhí Maidhcilín cantalach, bhí Maidhcilín Dainín an-, a’ dtuigeann tú bhíodh muide, na gasúir a’ gabháil ag a’ scoil, bhíodh muid, níl ’fhios a’m a bhfuil an focal agaibh, a’ daráil, ag daráil ar ….

ÁINE: …. Yeah ….

PATSY: …. Mhaidhcilín Dainín agus chuireadh sé Maidhcilín as a chiall

ÁINE: (Gáire)

PATSY: agus go mór mhór dhá gcloiseadh sé mise nó Thomas a’ rá rud eicínt mar déaradh sé “sibhse, sibhse anois, tógthaí ceart, sibhse tógthaí ceart, tá chuile rud déanta ceart agaibhse agus a’ bhfeiceann tú anois”. Bheadh sé a’ gabháil le buille linne agua a’ tabhairt ….

ÁINE: …. Sea (gáire) ….

PATSY: …. amach faoi mo mháthair agus mo athair a’ dtuigeann tú agus bhíodh cainteannaí dhó fhéin ag Maidhilín, ní raibh sé in ann rudaí a rá gan sóirt canúint speisialta, deir sé ‘caith rópa’ nuair a bhí muide, bhídís ag iarraidh breith ar beithíoch déaradh Maidhcilín, i leaba mar a déaradh muide uilig ‘caith rópa anseo’ déaradh Maidhcilín ‘c a i t h r ó p a’

ÁINE: Á sea.

PATSY: agus déaradh muide ansin, na gasúir, bheadh muid a’ siúl aniar i ndiaidh Mhaidhcilín agus déaradh muid

ÁINE: (Gáire)

PATSY: ‘C a i t h r ó p a’ agus bhíodh maide aige agus bhíodh sé a’ gabháil le buille, go raibh muid mí mhúinte agus chuile rud mar sin.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach nuair a bhíodh muid ag iascach thiar, sin é an uair is mó a bhíodh gráin ag Mhaidhcilín ar na gasúir mar bhídís a’ cuir rud in aimhréidh air.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus an rud is, is seafóidí a chonaic mé a ’ tarlú nuair bhí Maidhcilín a’ gearradh baoite go ronnach agus bhí scian aige, bhíodh sé, bhí sé an-bhródúil as a’ scian seo, scian an-ghéar a bhí aige agus ghearr sé an baoite seo le cuir ar duán agus bhain, bhain sé an sean bhaoite gon duán agus chuaigh sé a’ caith an bhaoite amach sa bhfarraige agus chaith sé amach an scian

MAGGIE: Á

PATSY: go dhearmad agus dár ndóigh cheap muid uilig go raibh sé seo an-, an-, an-funny, rinne muid uilig go leor gáirí faoi ach dhá mhéid gáirí dhá rinne muide sea is mó a bhí olc a’ teacht ar Mhaidhcilín ach eh bhíodh sé ansin ag iascach agus bhí fear eile ag iascach Beagach, bhí Beagach an-chineálta, bhí Beagach ós cionn trí scóir ag an am agus bhí sé sin an-chineálta leis na gasúir ach bhí Maidhcilín i gcónaí a’ troid leob agus ní fhéadfá tada a dhéanamh ceart ….

ÁINE: …. Agus a’ b’é an chaoi a ngabhadh sibh siar ag a’ gcladach a’ breathnú orthub a’ fáil ré le dhul amach ….

PATSY: …. Bhuel bhí, bhí dorú, bhí, thabharfadh a muintir dorú dhúinn fhéin agus bheadh muid in ann dorú a chaith amach freisin ach

ÁINE: Sea.

PATSY: Níor thaitnigh sé seo le Maidhcilín, bhuel ní raibh cleitheannaí, cleith adhmaid

ÁINE : Sea.

PATSY: a bhíodh uilig a’inn agus ghabhadh muid uilig ag iascach ach bhíodh Maidhcilín dhá mbrú chomh fada ar siúl uaidh fhéin

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus is féidir é agus gheobhadh sé fhéin an áit is fearr a bhfaighidh sé breac ann nó a bhfaighidh sé ronnach.

ÁINE: Seod anois ar, ar, ag an Grióir

PATSY: Ar an nGrióir, ar an nGrióir.

ÁINE: Sea.

PATSY: Bhíodh na gasúir, gasúir an bhaile uilig ar an nGrióir.

ÁINE: Nach raibh sé contúirteach shílfeá?

PATSY: Bhuel tá an-iontas ormsa i gcónaí an oiread misneach a bhí ag mo mhuintir fhéin agus muintir s’agaibh fhéin. Ligidís mise siar ag iascach liom fhéin agus bhí fhios, bhíodh fhios acub go mbínn ag iascach ar bharr aille, thuas ar bharr na haille ag iascach

ÁINE: Hm.

PATSY: A’ caith amach dorú ansin agus a’ tarraingt an dorú isteach ar mo chois, chuirteá

ÁINE: Hm

PATSY: ar do chosa, do bróga úr leathar amach mar sin agus tharraingeofá an dorú isteach mar sin, mórán, agus amanntaí eile ghabhadh muinn síos ón taobh ó thuaidh, síos an aill ag na clocha móra agus mharódh muid iasc ansin agus bhíodh iasc chomh maith céanna le fáil áit níos sábháilte “__+? ….

ÁINE: …. A’ bhfuil tú a’ caint anois nuair a bhí sibh ag a’ scoil náisiúnta a’b’ea nó blianta deirneach? ….

PATSY: …. Ag a’ scoil náisiúnta. Rithinnse abhaile ón scoil náisiúnta agus bhíodh baoití fágthaí thiar a’m ag a’ nGrióir, curtha i bhfolach i bpoll ansin, rithinn siar agus chaithinn an tráthnóna go dtí an naoi a’ chlog san oíche ag iascach agus bhí an, cuid go na hailltreachaí sin uafásach sciorrach, á agus ní raibh mise in ann snámh ag an am sin, bhí mé in ann snámh go maith ina dhiaidh sin ach dhá dtitfeá sa bhfarraige fhéin agus a bheith in ann snámh ansin, ní mórán seans a bhí a’d ach tá iontas i gcónaí orm an oiread misneach a bhí ag m’athair agus mo mháthair muid a ligeann siar

ÁINE: Yeah.

PATSY: Agus gan imní orthub go dtiocfainn abhaile, nach dtiocfainn abhaile, go dtiteann go aill nó rud a’ bith

ÁINE: Agus is dóigh go raibh ómós ag na daoiní gon fharraige an t-am sin agus bhí fhios acub céard a bhí an fharraige in ann a dhéanamh ….

PATSY: …. Bhí an-ómós agus bhí an-trust acub i daoine mar mé fhéin anois

ÁINE: Yeah.

PATSY: Ní raibh fhios acub sin, ag na, ag t-athair sa ná m’athair sa ná mo mháthair gur, Dé Domhnaigh, nuair a théadh muide amach, siar ag a’ gcladach, ní raibh fhios acub go dtéadh muid soir barr aille agus go dtéadh muid síos ag uláin a’ breith ar cailleachaí dubh, ní raibh fhios acub é sin agus ní, ní inseoidh muid dóibh é

ÁINE: Sea

PATSY: Mar dhá n-inseodh gheofá buille ó do mháthair, mo mháthair sa go háirid ….

ÁINE: …. Ach seans go, go bhfaca sibh fhéin duine eicínt dhá dhéanamh agus go raibh fios a gnaithe agaibh b’fhéidir.

PATSY: Bhuel bhí ar bhealach ach tarlaíodh rudaí, anois an uair deireanach a ndeachaigh mise síos barr aille, chuaigh muid síos ón, tá fhios a’m an áit barr aille s’agaibhse thuas ansin….

ÁINE: …. Sea

MAGGIE: Hm.

PATSY: Tá an aill, tá an aill lofa, tagann píosaí amach as an aill.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus chuaigh muinn síos ansin agus ní raibh gnaithe a’ bith beo síos a’inn ann, bhí leath scór a’inn ann, go ghasúir, timpeall uilig cheithre bliana déag agus chuaigh muinn síos, duine i ndiaidh duine, dhá dtitfeadh duine bhí muid uilig tití, mar sin, agus sé an ghnaithe a bhí síos a’inn ann, chonaic muid faoileáin thíos ar aill agus bhí muid ag iarraidh a dhul síos go dtabharfadh muid suas an faoileáin seo agus go gcaitheadh muid amach é go bhfeicfeadh muid

ÁINE: Ó (gáire)

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: ag eitilt é, sin é an ghnaith a bhí síos a’inn agus chuaigh muid síos agus cuimhnímse go raibh uncail libhse, Cóilín Tim

MAGGIE: Hm.

ÁINE: Sea

PATSY: agus mé fhéin an chéad bheirt a chuaigh síos agus lean an chuid eile ansin muid agus chuaigh muid anall ar a mbolg go bhfuair muid an áit a raibh an faoileán ach fuair muid freisin cailleach dubh.

ÁINE: Sea.

PATSY: Bhí cailleach dubh roinnt óg i nead ann agus fuair muid í agus eh an uair sin ar na gasúir bhí stocaí orthub agus bhídís coinnigh suas a’d le doirtéal.

MAGGIE : Hm.

ÁINE: Sea.

MAGGIE: Hm.

PATSY: Agus tá, tá gob an-ghéar ar a’ gcailleach dubh agus chuir muid doirtéal ar ghob an chailleach dubh agus bhí Cóilín suas romhamsa, bhí sé suas díreach romham agus bhí mise suas ina dhiaidh agus bhí an chailleach dhubh faoi mo ascaill a’msa agus doirtéal ar a gob. Bhí, bhí muid a’ gabháil suas i ndiaidh a chéile ach chaoi eicínt d’imigh an doirtéal gon chailleach dubh agus thosaigh sí a’ piocadh ar mo chloigeann sa

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach rug sí ar shrón Chóilín

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus lig Cóilín béic agus chuir sé amach a láimh agus d’iompaigh sé thart agus rug sé ar ghob an chailleach dubh a bhí i ngreim ina shrón agus chaith sé amach an chailleach dhubh mar sin agus is beag nár thug sí mise amach lei

ÁINE: Á

PATSY: Mar bhí sí faoi m’ascail

ÁINE: Yeah.

PATSY: Agus Cóilín é fhéin agus dhá dtitfeadh Cóilín nó dhá dtitinnse bhí muid uilig tití. Ach ní dheachaigh muid síos barr aille ariamh ina dhiaidh sin. Nuair a chuaigh mé suas, chonaic mé an chaoi a bhí an ….

ÁINE: …. an chontúirt ….

PATSY: …. bhí mo dhóthain ciall a’m le feiceál chomh contúirteach agus a bhí sé, an rud a rinne muid. Sin é an uair deireanach a ndeachaigh muid síos barr aille.

ÁINE: A Mhaighdean! Anois bhíodh tú a’ gabháil isteach ar an Oileán Iatharach.

PATSY: Bhínn a’ gabháil isteach ar an oileán go mór mór nuair a fuair mé níos sine mar bhí m’athair agus t-athair sa agus Pádraic Tom Mhóir eh, bhídís a’ gabháil isteach, bhí contractor leis na lighthouse keepers a thabhairt isteach ar an Oileán Iatharach agus eh, chuile choicís thagaidís isteach ón, le bia agus litreachaí, posta a thabhairt isteach agus ehm, bhíodh, chuile choicís théadh lightkeeper nua isteach agus thugtaí amach duine eile so bhíodh coicís amuigh agus coicís istigh ach amanntaí bheadh an fharraige an-mhór ach nuair a fuair mise beagán níos sine, nuair a bhí mé a’ gabháil ag Meanscooil théinnse ann i leaba m’athair. Bhí mo athair a’ fáil roinnt sean an uair sin agus bhí mise níos, níos scafánta go mór agus thaitnigh liom a bheith ag iomramh agus thaitnigh liom a bheith i gcurrach agus théinnse isteach ina leaba agus bhínn fhéin agus Maidhcilín Pheaits Bheachlín agus Pádraic Tom Mhóir agus dhá mbeadh an lá uafásach garbh théadh Peaitsín Bhille, thugadh muid currach mór linn agus théadh Peaitsín isteach ann dhá mbeadh mhaoimeannaí móra agus an lá garbh agus thugadh muid an currach mór linn agus sin é, bheadh ocht maide rámha a ’inn ach is iondúil gur triúr, sé mhaide a bhíodh a’inn agus an eh, an eh lighthouse keeper ina shuí thiar an deiridh agus mála an phosta i ngob an churrach. Padraic Tom Mhóir a bhíodh an tosaigh agus is iondúil gur mise a bhíodh i lár mar tógann sé níos mó currach a choinneál díreach má tá tú ar a’ seas deiridh

ÁINE: M hm.

PATSY: Agus an du[ine], mise a bhíodh i lár mar ní raibh scil a’ bith ó aonduine a bheadh i lár ach coinneáil air ag iomramh. Eh, cuimhním bhí muid a’ gabháil amach lá amháin roimh an Aifreann Dé Domhnaigh, bhí an tAifreann ag a haon dhéag in Eoghanacht agus ní dheachaigh muid ann le beagnach mí roimhe sin agus bhí an fharraige tití beagán agus bhí dar a’ faire ar maidin le dhul amach roimh an Aifreann agus bhí muid thiar agus bhídís a’ breathnú ar na maidhmeannaí a’ briseadh ar charraigeachaí arda agus bhí fhios acub cén chaoi a mbeidís a‘ briseadh

ÁINE: Hm

PATSY: ar an Oileán Iatharach, chaiteá landáil faoin áil agus dúirt muid alright triaileadh muid é, leath, leath an trá a bhí ann, bhí an taoile imithe amach leath agus bhí an fharraige alright an uair sin ach nuair a bhí muid a’ gabháil síos idir an dá oileán tá maidhm uafásach mór ansin a bhriseann ó am go h-am agus nuair a bhí muid leath bealaigh síos d’fhógair Pádraic a bhí chun tosaigh an taobh ós a cionn mar a deiridís leis an gcurrach láimh eile ós a cionn “iompaigh thart agus iomramh sciopthaí” agus d’iomramh muid siar i leaba a bheith a’ gabháil síos idir an dá oileán agus chuaigh muinn suas, suas, suas an mhaidhm uafásach seo, bhí sí uafásach ard agus chuaigh sí díreach tharainn agus bhris sí agus chuaigh sí soir ag an oileán agus dúirt, bhí trí cinn i ndiaidh a chéile acub ann agus nuair a bhí dar thart cuimhním i gcónaí Pádraic, ní dhúirt sé tada nuair a bhí sé a’ tarlú, nuair a bhí an tríú mhaidhm imithe thart, dúirt sé “bhí sé sin cóngarach” (gáire beag)

ÁINE: Hm.

PATSY: Bhí sé sin cóngarach.

ÁINE: So chuaigh siad i gcontúirt go minic ….

PATSY: …. Chuaigh siad i gcontúirt go minic agus ansin chaiteá fanacht taobh amuigh gon aill mar bhí mhaidhmeannaí eile a’ briseadh istigh faoin aill go bhfaighteá seans a dhul isteach ann agus mara bhfaighteá isteach ann, ní bhfaighteá íocaithe pé bí cé chomh garr is a ghabhtá dhó ach cuimhním an lá seo b’éigean dhúinn a dhul abhaile aríst gan an posta a fhágáil istigh ag na lighthouse keepers so ní bhfuair na daoiní bochta íocaithe ar chor ar bith air.

ÁINE: Sea.

PATSY: Bhí an lá in aisce, turas in aisce acub.

ÁINE: Agus bhí lá eicínt ann a rinne, a snámh tú fhéin isteach go dtí

PATSY: Bhuel níor shnámh, ní ligeadh Pádraic dhom snámh, chuaigh muid amach mar sin lá eile agus, mar bhí mé fhéin in ann snámh go maith faoin aill, bhí mé, bhí níos mó gaisce a’m ná ba cheart dom mar

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Cheap mé go raibh mé, níor thuig mé, ní, níor thuig mé chomh, chomh láidir is atá an fharraige.

ÁINE: Sea.

PATSY: Tuigim anois é. D’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin é, d’fhoghlaim mé sa Aifric go mór mhór é. Ach cheap mé go mbéinn in ann, mar gheall go raibh mé in ann snámh ó chéibh go céibh i gCill Mhuirbhigh go raibh mé in ann snámh in áit a’ bith.

ÁINE: Sea.

PATSY: So chuaigh muid amach agus bhí muid a’ fanacht ansin, b’fhéidir chaith muid uair a’ chloig ag fanacht le seans a fháil le dhul isteach thar an maidhm isteach ag a’ trá agus gheobhadh muid íocthaí air agus dúirt mise le Pádraic Tom Mhóir “A Phádraic, léimfidh mise amach agus tabharfadh mé isteach an posta agus gheobhaidh sibh íocthaí” agus dúirt Pádraic “Diabhal a ndéanfaidh tú tada mar é” a deir sé “fan mar atá tú” bhuel ní raibh duine a’ bith acub in ann snámh

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach mé fhéin. Ach eh bhí, bhí an ceart aige. Cheap mise go raibh mé in ann a dhul isteach a’ snámh ach tá mé siúráilte dhá dtriaileann é nach raibh sé chomh héasca agus a cheap mé.

ÁINE: Hm.

PATSY: Ach bhí mé sásta é a dhéanamh.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus beagáinín gaisce a bhí ann freisin is dóigh ag an óige ach eh ní, níor shnámh mé isteach ann ach bhí mé sásta snámh ann.

ÁINE: Cén íocaíocht a bhí siad a fháil an t-am sin?

PATSY: Ní mórán é, timpeall dó nó, bhuel íocaíocht mór dhóbsan é, b’fhéidir go raibh dhá phunt sa truip ann nó rud eicínt mar sin.

ÁINE: Sea.

MAGGIE: M’anam go gcuimhním ar deich fichid

PATSY: A‘ b’ea?

MAGGIE: Agus go, tháinig Aidan Polly a’b’ea am eicínt agus chuir siad suas é punt agus seachtó cúig nó rud eicínt mar sin ….

PATSY: …. Ar chuir, bhí sé sin, ní mórán a bhí dar a fháil agus obair ….

MAGGIE: …. Ní raibh Peaitsín Bhille sásta

PATSY: Ní raibh mar a’ dtuigeann tú gheobhadh seisean eh lump sum you see agus

MAGGIE: Sea.

PATSY: D’íocadh sé amach as sin

ÁINE: Á a’ b’shin é é?

PATSY: Sin é agus sin é an contractor a bhí acub

ÁINE: Sea. Ehm, bhí scéal a’d ansin, chuala mé thú a’ caint lá eicínt faoi nuair a fuair tú toradh do leaving cert.

PATSY Á sea, bhuel freisin ó am go h-am théadh, bhíodh jab beag, ní raibh, ní raibh obair a’ bith le fáil in Árainn ag an am sin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Dhá bhfaigheadh níos mó ná duine go na light keepers tinn go mbeadh mar a deir siad ag an am temporary

MAGGIE: Temporary.

PATSY: Istigh ann.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bheidís ag iarraidh, duine eile a bhíodh, uncail dhomsa nó uncail go mo mháthair, Val Bhille, bhí sé ina temporary ach dhá mbeadh sé sin tinn, ansin ghabhadh duine eicínt eile agus go minic d’iarraidís díomsa a dhul isteach mar temporary agus ní bheadh ann ach b’fhéidir seachtain nó coicís go, go ndéanaidís an chéad relief eile.

ÁINE: M hm.

PATSY: Agus chuireadh mo mháthair rud le n-ithe le chéile uilig agus mar sin de ach chuaigh mé isteach an uair seo sa samhradh ann, ní raibh mé ceapthaí a bheith ann ach coicís (casacht) ach bhí mé ann sé seachtainí. Sin é an t-am a raibh torthaí an Ardteist a’ tíocht agus ní raibh an oiread sin fonn orm a dhul isteach [go dtí Oileán Iatharach] an uair seo ann cé go raibh, bhí mé íocaithe go maith

ÁINE: Hm.

PATSY: ní raibh airgead a’ bith le fáil in áit a’ bith eile agus thaitnigh liom a bheith istigh ann ach bhí mé a’ faire ar toradh an Ardteist agus nuair a bhí mé istigh ann tháinig an toradh alright agus thug Peaitsín Bhille, mo uncail, ón mbinn s’a’inn fhéin, tháinig sé agus chuir sé semaphore isteach agus toradh a’m de réir na hábhair a rinne, a bhfuair mé, cé, cé na marcannaí a fuair mé iontub agus bhí mise in ann semaphore a usáid ag an am freisin so bhí mé in ann a dhul amach agus spyglass mar a thugaidís air, a’m agus an rud a thógáil síos, an toradh an Leaving Cert a fháil istigh. Bhí, bhí an binn s’a’inne timpeall trí mhíle nó trí mhíle go leith b’fhéidir ón Oileán Iatharach agus bhí binn bhán taobh amuigh gon lighthouse freisin agus bhí mise ansin agus bhí Peaitsín ag a’ mbinn s’a’inn fhéin

ÁINE: Sea

PATSY: Sa teach i mBungabhla agus bhí mé a’ tógáil síos toradh an Ardteistiméireacht uaidh.

ÁINE: Agus a’ raibh scil áirid a’ baint leis sin?

PATSY: Semaphore a bhí ann

ÁINE: Sea

PATSY: Tá, tá, bíonn fhios ag mairnéalaigh uilig le

ÁINE: A’ mbíonn

PATSY: Foghlaimeoidh tú ABCD, A B ….

ÁINE: …. A’ bhfuil sé sin mar a chéile leis an Morse Code?

PATSY: Bhuel, bhuel níl anseo ach flags atá a’d.

ÁINE: Sea.

MAGGIE : Cuimhnímse fadó ….

PATSY: …. Morse Code, torann atá ann ….

ÁINE: …. Torann.

PATSY: Torann atá ann ….

ÁINE: …. Á sea.

PATSY: Ach anseo, bratachaí

ÁINE: Bratachaí

PATSY: A úsáideanns tú ach bhí sé i gcónaí sa, sa Navy i gcónaí tá Semaphore ann.

ÁINE: M hm. Ar chuala tú ariamh like uaidh do athair ná aonduine acub gur bádh daoiní timpeall ar an Oileán Iatharach ….

PATSY: …. Nuair a bhí dar a’ tógáil an lighthouse bádh

ÁINE: Sea?

PATSY: Bádh duine eicínt níor chuala mé, déarfainn gur duine eicínt as Eochaill nó mar sin

ÁINE: Agus céard faoi a’ gabháil isteach i gcurrachaí?

PATSY: Eh, níor chuala mé gur bádh aonduine ag iascach ann ach bádh daoine a’ teacht as Cill Rónáin ag, ó bhainis, a’ gabháil siar go mBungabhla agus bhí dar ag bainis i gCill Rónáin agus dár ndóigh ag an am sin ní raibh na bóithrí go maith.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bhí sé, chaithfeadh sé go raibh na bóithrí go dona mar bhí sé níos éasca dóibh a theacht i gcurrach ná ….

ÁINE: …. Níl fhios a’d cé na blianta kind of?

PATSY: Níl fhios a’m cé na blianta iad ach chuala mé gur sóirt argóint eicínt a tharla sa gcurrach, b’fhéidir go raibh an iomarca ólta acub

ÁINE: An iomarca poitín

PATSY: nó rud eicínt mar sin, an iomarca poitín ólta acub ach chonaic duine eicínt daoine a’ seasamh suas sa gcurrach tamaillín beag sul má iompadh, [sul] má d’iompaigh sí.

ÁINE: Hm.

PATSY: Bhí dar a’ gabháil siar thar An nGleannachán nuair a d’iompaigh an churrach agus bádh na daoine.

ÁINE: So bhí dar, ba as Bungabhla iad is dóigh.

PATSY: Sea, as Bungabhla cheapainn ….

ÁINE: …. Nó Creig a’ Chéirín, yeah.

PATSY: Sea.

ÁINE: Ach níl ’fhios a’d ….

PATSY: …. Ach bhí daoiní ar Oileán an Dá Bhruineog, bhídís a’ déanamh ceilp istigh ar Oileán an Dá Bhruineog

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bhí daoine coinnigh istigh ansin ar feadh coicís nó mar sin de nárbh fhéidir leob a thíocht amach mar bhí an fharraige, d’eirigh an fharraige go thobann, amanntaí éiríonn an fharraige go thobann

ÁINE: Sea

PATSY: Agus ní féidir leat a dhul amach an bealach sin.

ÁINE: Ar nós an aimsir atá anois a’inn

PATSY: Ar nós í seo.

ÁINE: Ach ní chuimhníonn tú (Patsy ag casacht) gur chuala tú gur bádh máthair Pheaits, mac Pheaits Sheáin?

PATSY: Níor chuala mar, níor chuala ach d’fhéadfaí go, go mbáfaí.

ÁINE: Yeah.

PATSY: Chuala mé faoi dhaoine eicínt

ÁINE: Ar Oileán an Dá Bhruinneog

PATSY: (Patsy ag glanadh a scórnach) Níor chuala.

ÁINE: Bhí sí a’ plé le ceilp, yeah.

PATSY: A’ raibh ?

ÁINE: Bhí, yeah.

PATSY: Ach chuala mé go, gur thit duine eicínt as, as churrach a bhí ann, ar ancaire.

ÁINE: M hm.

PATSY: Agus chuala mé go leor faoi seo ach níl ’fhios a ’m cén duine é fhéin agus eh bhí dar a’ fanacht leis a theacht aníos aríst mar tá sé contúirteach duine a thógáil isteach i gcurrach mar iompóidh

ÁINE: Sea

PATSY: iompóidh sé an churrach uilig ach chuimhneamh duine eicínt an ancaire a tharraingt agus fuair dar amach mo dhuine i ngreim san ancaire agus é leath bháite, pébí cé é fhéin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach ní chuimhním cé é fhéin ach chloisinn go minic iad a’ caint faoi ag a’ tine nuair a bhídís istigh ag inseacht scéalta.

ÁINE: Anois ehm, a’ bhfuil ’fhios a’d tada faoi aon phisreoga, a bhí acub fado?

PATSY: Bhuel ní mórán mar, mar is dóigh ní, lig muid fhéin orainn nár chreid muid i bpisreoga ach bhí pisreoga ag m’athair faoi phréacháin, phréacháin agus sin anois nuair a, déarfainn fhéin eh go, “tá cancer orm” nó rud eicínt mar sin go bhfuil mé ar an liosta ag an bpréachán

ÁINE: (Gáire) Á sea.

PATSY: Bhuel uaidh sin a thagadh sé sin mar cheap m’athair agus go leor daoine gur raibh fhios ag an bpréachán nuair a bhí duine eicínt a’ fáil bháis agus cuimhním nuair a bhíodh m’athair ag obair thuas ar na craga, thuas ar barr aille agus bheadh sé a’ déanamh rud eicínt ansin agus dhá dtiocfadh préachán agus sheasadh an préachán ar a’ gclaí agus bheadh sé a’ grágaíl d’fheicfeá m’athair a’ teacht abhaile an-sciopthaí.

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: Bhí faitíos aige is dóigh ….

MAGGIE: Bhí faitíos ….

PATSY: …. Bhí faitíos aige roimhe dúirt se bhuel tharla sé, nuair a tharla sé go deireanach, cailleadh duine eicínt, cailleadh duine eicínt agus thagadh sé abhaile, chonaic mé fhéin a’ tarlú é sin.

ÁINE: Agus a’ mbíodh faitíos air go b’é fhéin nó ….

PATSY: …. Ní hea, gaol eicínt ….

ÁINE: …. Nó duine eicínt a bhí a’ baint leis

PATSY: Gaol eicínt leis, gaol eicínt leis, níor thaitnigh sé ar chor ar bith leis.

ÁINE: Agus ar chuala tú aon scéal faoi bean sí?

PATSY: Bhíodh go leor scéalta faoi bean sí ach ní, nuair a bhí muinn ina ngasúir níor chreid muid iad ró mhór

ÁINE: Sea

PATSY: Ní mórán

ÁINE: Níor chreid sibh

PATSY: An Cóiste Bodhar.

ÁINE: Sea

PATSY: Bhíodh go leor rudaí faoin Cóiste Bodhar freisin.

ÁINE: Níor chreid tú ansin?

PATSY: Níor chreid muid iad sin.

ÁINE: Chreid Dada ansin.

PATSY: Yeah.

ÁINE: Chreid.

MAGGIE: Ach b’fhéidir nuair a bhí sé níos sine go b’shin é an t-am a chreid sé.

ÁINE: Bhuel nuair a cailleadh Pete a dúirt sé, yeah [mac leis a bádh]

MAGGIE : Á sea, sea.

PATSY: Bhuel chreid m’athair freisin ann ach ni, níor chreid muide muid fhéin, na gasúir “___+”

ÁINE: Sea.

PATSY: Chreid m’athair sa bean sí agus rudaí mar sin mar déarfadh m’athair, chreid sé go, go, gur tháinig a dhearthár a bhí báite, go bhfaca sé a dhearthár san oíche, sa seomra codlata ansin, bhí sé siúráilte cinnte de sin.

ÁINE: Hm.

PATSY: Ach is dóigh go b’shin brionglóidí a cheap muide ach chreid sé.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bhí sé siúráilte gur tharla sé

ÁINE: Bhuel is dóigh nuair nach raibh aon solas ann ach an oiread go raibh daoiní ….

PATSY: …. Nach raibh aon solas ann ….

ÁINE: …. feiceáil go leor rudaí.

PATSY: Feiceáil go leor rudaí, sea.

ÁINE: Anois, ní chuimhníonn tú do chéad lá a’ gabháil go Cill Rónáin?

PATSY: Cuimhním a’ gabháil Cill Rónáin an chéad uair. Agus cuimhním gurbh é an rud is iontaí a chonaic mé ná, níl sé i bhfad as seo, Cóil a’ Ghabha a thugaidís air, teach ata soir ag cúinne garr gon áit seo, gabha, sea, cearta agus cuimhním go bhfaca mé ansin, bhí tine, bhíodh tine gual aige, bhuel ní fhaca mise gual roimhe sin agus bhíodh sé dhá shéide le rud eicínt agus bhíodh crú istigh ansin aige agus bhíodh sé a’ bualadh an crú ar an anvil agus cuimhním a bheith ag fanacht ag a’ doras tamall maith a’ breathnú isteach ar a’ ngabha, an sean ghabha agus bhí féasóg mór air ag obair istigh ansin, Cóil a’ Ghabha.

ÁINE: Chuir sibh iontas ann.

PATSY: Iontas, bhuel rud sórt iontach a bhí ann domsa, a’ gabháil Cill Rónáin.

ÁINE: Sea

PATSY: Ní chuimhním faoi Chill Rónáin é fhéin, ní chuimhním mórán ar chor ar bith faoi ach gur Béarla a bheith ag na daoine ann agus daoine mar mise anois ní, an t-ainm a thugaidís orainn, orainne ansin ‘aisle an chinn thiar’ mar ní raibh aon Bhéarla a’inn ní raibh mórán tuairm acub dhúinn

MAGGIE : Hm.

ÁINE: Hm. Anois ehm, cén aois a bhí tú meas tú nuair a fuair do mháthair rothar because bhí sí ar duine go na chéad daoine nach raibh.

PATSY: Cheapainn, cheapainn go raibh mé b’fhéidir dhá bhliain déag nó mar sin. Bhí mé a’ gabháil ag a’ scoil agus fuair sí rothar ansin agus sí an chéad duine thart a fuair rothar agus sin é an uair a fuair mo mháthair amach faoi Hire Purchase an rud is fearr a tharla ariamh di, fuair sí amach go bhféadfadh sí, ar chúpla punt go bhféadfadh sí rothar a cheannacht agus nach mbeadh gá di íoc air ach cúpla pingin sa tseachtain nó cúpla punt chuile mhí nó rud eicínt mar sin agus fuair sí an rothar ach ansin ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin nuair a fuair t-athair rothar agus cúpla duine ….

ÁINE: …. Agus Peterín a’ Bheagach is dóigh

PATSY: Peterín a’ Bheagach rothar, a’ dtuigeann tú, bhí rothar ag m’athair nuair a bhí mé i mo ghasúr beag, cuimhním go raibh an rothar, bhí mé i mo ghasúr an-bheag, bhí sé thuas an staighre agus bhí sé ar chúl a chinn, an rothar, mar níorbh fhéidir aon tyre a fháil dhó ag an am, i rith an chogadh, cuimhním go raibh fear an phosta Patsy Mullen, nó Dara Mullen, duine acub sin a tháinig agus cheannaigh siad an rothar ó m’athair bhuel níl ’fhios a’m cé mhéid a thug siad dhó air ach, mar bhí dar sin in ann tyreannaí a fháil ach ní raibh m’athair in ann aon tyre [a fháil] cuimhním gur dhíol sé an rothar. Bhí sé aige ó tháínig sé go Meiriceá i naoi déag tríocha seacht. Ach ní cheapainn go raibh mo mháthair ar an, rothar fear a bhí ann ní cheapainn go raibh ach fuair sí rothar di fhéin ansin.

ÁINE: Á bí cinnte gur thríáil sí é (gáire)

PATSY: Ó is dóigh gur thríáil sí é (gáire)

ÁINE: Anois a’ ndeachaigh tú ag a’ Tech?

PATSY: Ní raibh an Tech tosaigh nuair a bhí mise, bhí daoine a’ rá liom “fan agus go ag, ag a’ Tech, tá an Tech a’ gabháil a’ tosaigh” sílim go dhúirt Seán Ó Dochartaigh é fhéin liom é. Anois sé an t-aon bhealach a bhí amach as Árainn agus an bochtanas ann ná go bhfaighfeá an scoláireacht, cén t-ainm a bhí air eh coláiste ullmhúcháin. Níor phassáil mise scrúdú coláiste ullmhúcháin ariamh mar ní raibh mé in ann aon cheol a bheith a’m. Ní raibh aon cheol ag Dony, ní raibh sé a’ múnadh ceol agus rinne mise coláiste ullmhúcháin dhá bhliain i ndiaidh a chéile agus an chéad bhliain phassáil mé chuile rud ann ach ceol agus bhí mé a’ gabháil soir Cill Rónáin lá ar an bicycle agus stopainn i gcónaí a’ caint le Delia, Misses Heithir, bhíodh sí i gcónaí a’ cuir bláthannaí thoir sa thoir sa ngarraí ansin agus stopadh sí mé agus bhíodh sí a’ caint liom, duine an-, an-deas a bhí intí ach bhí sí an-fhiosrach

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ba mhaith lei fáil amach faoi chuile rud. Stopadh sí mé nuair a bhínn a’ gabháil suas an charcair agus bhíodh sí a’ caint liom agus thugadh sí isteach, i dtosach thugadh sí isteach sa ngarraí mé agus ’speáineadh sí dhom na bláthannaí a bhí aici ansin agus bhínn a’ cuir ceisteannaí uirthi. Bhí mé, bhí mé go maith a’ cuir ceisteannaí agus thréis tamall thug sí isteach sa teach mé agus ’speáinn sí na leabhra dhom, ní fhaca mise an oiread sin leabhra ariamh i mo shaol agus thug sí leabhra Béarla dhom ‘ Pickles’ agus dúirt sí liom tosaigh dhá léamh ach ní raibh mo dhóthain Béarla a’m ach dúirt sí liom leathanach amháin a léamh agus an chéad tseachtain eile inseacht di céard a bhí ann. Bhí sí an-, suim aici céard a tharla dhom, céard a rinne mé sa scrúdú agus b’éigean dom na marcannaí a thabhairt aici agus dúirt sí “ní phassáil tú an scrúdú sin go deo gan a bheith in ann amhrán a chasadh agus níl aon, níl Dony in ann amhrán ná ceol”, “níl” “bhuel ní phassáileadh tú é” a dúirt sí [tá tú] “a’cuir do am amú”. Ach ar aon chuma rinne mé an dara bliain é ach bhí mé, chuir sé isteach leis an scrúdú mé ach dúirt sí “a’ bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanfas tú ach caithfidh tú é seo a choinneáil rúnda, ná, ní, ní fhéadfaidh sé go gcloisfidh Dony, ná habair le aonduine go deo ach le do mháthair, chuile lá a dtiocfaidh tú aniar anseo Dé Sathairn, tar isteach a’msa anseo

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus múinfidh mise dhuit ceol” agus mhúin sí dhom le Tonic Solfa agus cén chaoi le é a léamh agus ní raibh stró ar bith orm é a léamh, abair liom amhrán a rá agus ní raibh me in ann é a rá di.

ÁINE: Sea

PATSY: Agus thuig sise é sin go maith gur préachán a bhí ionam a’ dtuigeann tú. Ach bhí mé in ann Tonic Solfa a léamh agus bhí mé in ann é scríobh síos agus rudaí mar sin ach nuair a deireadh sí liom cas é seo ní raibh mé in ann é a chasadh, ní raibh mé in ann an t-amhrán a chasadh ná a rá agus an bhliain seo rinne mé an coláiste ullmhúcháin aríst agus phassáil mé chuile rud agus marcannaí maith iontub, fiú amháin an Tonic Solfa phassáil mé ach d’fhiafraigh sé orm, thug sé, thug sé rud eicínt dhom le, le casadh agus ní raibh mé in ann é a chasadh. So that was it.

ÁINE: So ní bhfuair tú aríst é.

PATSY: Ní bhfuair mé ar chor ar bith é. So ansin bhí deireadh an samhradh a’ tíocht agus bhínn a’ gabháil soir i gcónaí Cill Rónáin agus bhínn a’ caint le Misses Heithir agus céard a dhéanfas tú anois [a dúirt Mrs. Heithir] So dúirt mé “ fanfaidh mé bliain eile, gabh mé ar ais ag a’ scoil b’fhéidir nó fanfaidh mé sa mbaile agus gabh mé go Sasana mar tá, sin atá chuile dhuine a dhéanamh, a’ gabháil go Sasana” so ansin nuair a, “á”, a dúirt sí, “abair le do mháthair go bhfuil mé ag iarraidh labhairt lei ” so an tSathairn ina dhiaidh sin chuaigh mo mháthair Cill Rónáin agus nuair a tháinig sí abhaile, bhí mé fhéin a’ cúléisteacht san oíche, bhí sí a’ caint le dada céard a bhíMisses Heithir a’ rá, séard a bhí sí a’ rá lei gur, go b ’é an peaca gan mé a chuir ag a’ scoil agus dúirt sí ehm “anois” a deir sí “séard a fhéadfas tú a dhéanamh, go Gaillimh an tseachtain seo, tá na scoileannaí ag oscailt agus b’fhéidir go bhfaighfeá áit eicínt, b’fhéidir leis a’ lóistín a fháil agus ní chosnódh sé mórán, b’fhéidir punt sa tseachtain nó mar sin agus d’fhéadfadh sé a dhul ag, ag day school ag a’ Bish ach sé an peaca gan é a chuir in áit eicínt agus meas tú a’ bhféadfá an méid sin airgid sin a fháil in áit eicínt”. Bhí mé fhéin ag éisteacht ansin thuas a’ staighre leob a’ caint, meas tú a’ mbeidís in ann airgead a chuir le chéile agus é seo agus ansin chuaigh mé Gaillimh an tseachtain ina dhiaidh sin. Ní duine í mo mháthair a ligeadh cead gon féar fás

ÁINE: Sea.

PATSY: “Go leith anois, tá muid a’ gabháil Gaillimh”

ÁINE: M hm.

PATSY: Ní raibh ’fhios aici go raibh fhios a’msa cén fáth a bhí muid a’ gabháil Gaillimh.

ÁINE: Sea.

PATSY: So chuaigh muid Gaillimh agus sé an rud is mó a bhí suim a’m fhéin ann, níor thuig mé riamh cén fáth nach ritheadh an t-uisce amach as an abhainn agus a dhul chuile áit.

ÁINE: (Gáire) Sea.

PATSY: Agus sé an rud a raibh suim a’m ann abhainn a fheiceáil, tá sé aisteach ach sin é an t-aon rud amháin, bhuel bhí an-suim a’m i Tir Eolas mar bhí sí múinte ag Dony dhom go maith ach ba mhaith liom abhainn a fheiceáil. Fiú amháin carrannaí, rudaí mar sin, ní raibh an oiread sin suim a’m iontub sin

ÁINE: Sea

PATSY: Ach bhí an-suim a’m in abhainn agus chuaigh muid Gaillimh agus chonaic mé an abhainn ansin agus thuig mé ar deireadh cén fáth nach ritheann an t-uisce ins chuile áit.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus chaith mo mháthair an chéad cúpla lá a’ gabháil ó theach go teach agus, a’ cuartú lóistín dhom agus chuaigh sí ag a’ scoil an Bish agus bhí sí a’ caint le na bráithre, bhí Brother Leonard ann, bhí sé, thug sé sin go leor cúnamh di, mar bhí an-suim aige go ngabhainn ann mar gheall ar a’ nGaeilge, bhíodh sé i gcónaí a’ Gaeilgeoireacht. Fuair sí teach amuigh sa Claddagh, daoine bocht mar muid fhéin a bhí iontub agus shocraigh dar sin go gcoinneoidís mé. Bhí beirt gasúir acub a’ gabháil ag a’ scoil, nó triúr b’fhéidir agus ní raibh dar tacaigh ón scoil nuair a bhí muide sa teach agus dúirt sí rud eicínt beag timpeall le punt deich scilleacha nó rud eicint mar sin ….

ÁINE: …. Sea ….

PATSY: …. Sa tseachtain, go bhféadainnse fanacht ann, dhul ag a’ scoil leis na gasúir eile agus eh, so bhí mo mháthair an-sásta agus chuaigh muid ag Saint Josephs agus bhí muid a’ caint le Brother Leonard, dúirt sí go raibh áit faighte aici agus ansin chuaigh muid ann tráthnóna agus bhí tae a’inn leob ach ar deireadh ní dheachaigh, ní raibh mé a’ fanacht ann agus níl ’fhios a’m cén fáth

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach sé an fáth, fuair mé amach mar bhí dar sin effing and blinding agus níor thaitnigh sé seo le mo mháthair.

ÁINE: Sea.

PATSY: No way was I going to stay there. Chuaigh sí áit eile, Misses Lalor i Market Street agus bhí sí sin beagáinín níos daoire, ní mórán é, b’fhéidir punt ceathracha pingin nó rud eicínt beag mar sin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus thóg sí sin mé, bhíodh sí a’ coinneáil commercial travellers. D’fhan mé i lóistín ansin ó September go dtí an Nollaig agus bhí Misses Lalor, bhí, bhí ehm an- chip on her shoulder about the island people mar b’fhéidir go mbíodh cuid acub ar lóistín aici, níl ’fhios a’m ach dúirt sí “tá an government seo anois a’ tabhairt chuile rud go dhaoine as an oileán, tá siad a’ fáil chuile rud an iomarca gan tada, ní gá dhób tada a dhéanamh ach a bheith in ann Gaeilge a labhairt”. Ní raibh meas ar bith ar a’ nGaeilge aici. Bhíodh sí a’ gabháil le buille i gcónaí le na daoine eile a bhíodh a’ tíocht isteach ann, na daoine a bhí Gaeilge acub a’ fáil chuile rud. Agus mé fhéin, this, sé an t-ainm a thug sí i gcónaí the stupid little boy from Aran.

ÁINE: Ágh!

PATSY: Sin é an t-ainm a thugadh sí orm agus bhínn fhéin, bhí mé a’ fanacht thuas a’ staighre agus bhí, go minic bhíodh triúr nó ceathrar commercial travellers ann. Chaithfinn fhéin a bheith a’ gabháil ó leaba go leaba pébí leaba

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Leaba is lú, bheadh an ceann is lú a’msa.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus d’éirínn go moch ar maidin agus, bhí mé i mo scoláire maith ag a’ scoil, bhí mé in ann chuile rud a dhéanamh ach céimseata, níor thuig mé céimseata ar chor ar bith mar bhí an fear a bhí dhá múnadh, níor thuig mé focal amháin a bhí raibh dhá rá aige, bhí sé múnadh i nGaeilge, student a bhí a’ déanamh H.dip. a bhí ann. Níor thuig mé an t-aon fhocal amháin, ní raibh fhios a’m faoi Nollaig céard a rinne muid, ”___+”

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus ehm, ach fuair mé marcannaí maith ins chuile rud eile agus. Chuireadh Misses Lalor amach mé, bhí mac aici, gréasaí a bhí ann, bhí seomra amháin sa teach, bhí sé, chuireadh sí amach mé ag iarraidh rud eicínt i O’Gormans nó áit eicínt mar sin cosúil dath a chuirfeá ar leathar a bhí ann agus bhí ainm, tradename, ar, ar an dath seo agus thagainnse isteach agus, ní scríobhadh sí síos dhom é agus rud eicínt eile a’m

ÁINE: (Gáire)

PATSY: b’fhéidir gur HP Sauce a bhí ann

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Bhí sé cosúil leis seo ach ní bhíodh an dath a’m le cuir ar an leathar agus ansin déarfadh sí leis na daoine a thagadh isteach “ this is this stupid boy from Aran, I never met anybody more stupid ” ach seod iad na tests a thabharfadh sí dhom a’ dtuigeann tú ….

ÁINE: …. Sea

PATSY: Agus ní ligeadh sí cead dhom a bheith a’ déanamh mo homework sa sitting room mar bhí mé a’ cuir amú solas agus ní raibh mé ag íoc mo dhóthain le solas. Chaithfinn ithe istigh ag a’ mbord sa gcistineach nuair a bheadh sí a’ caint le, le, leis na comharsanaí faoi ‘this, this stupid boy from Aran’. Ach sé an rud a chuir as dhom, bhí mise an-éisealach ariamh agus dá bhfeicinnse ribe ar a’ bpláta sa mbaile, ní íosfainn aon cheo eile a bhí ar a’ bpláta

ÁINE: Hm.

PATSY: Mar, mar bhí mé éisealach.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ní raibh aon neart a’m air.

ÁINE: Sea.

PATSY: An chuid eile go, gon, mo dheartháireachaí agus dreabharachaí ba chuma leob, d’íosfadaidís rud a’ bith ach bhí mé an-éisealach ná á bhfeicinn cupán, cupán salach, ní raibh mé in ann

ÁINE: Sea

PATSY: Aon cheo a ól as sin. Ach bhí, bhíodh, chuireadh sí, agus bhí sí a’ tabhairt bia maith dom, ar a’ bpláta dhom ach ní duine mé a d’ith mórán ariamh, ní thaitníodh carrots liom agus rudaí mar sin agus ní chríochnóinn a mbíodh ar a’ bpláta. Thógadh sí an pláta uaim agus thugadh sí gon mhada ar an urlár é agus an chéad uair eile, an chéad oíche eile a bhéinnse a’ gabháil ag ithe, chuimhníonn, bhí an pláta seo ag a’ mada aréir agus ní fhéadfainn é, a leath oiread a ithe agus a d’ithe mé an oíche roimhe sin. Ach eh ansin to cap it all nuair a tháinig na torthaí amach ó na scrúdachaí agus “’speáinn do chuid rudaí” agus ‘speáinn mé di iad, bhí mé fhéin an-bhródúil astu, fuair mé marcannaí maith i chuile rud ach, ach céimseata ach eh, dúirt sí “look at this now” leis na comharsanaí a thagadh isteach “look this little stupid boy, look they, they give him marks because he speaks Irish”.

MAGGIE: Ó nach í an bhídeach í.

ÁINE: Ágh!

PATSY: They give him marks because he speaks Irish so ar aon chuma b’éigean dom amuigh ar chúl a’ tí pi[ctiúr], bhí ceamara ag a h-iníon, bhí iníon mór aici, cheap mise go raibh sí uafásach mór ach b’fhéidir nach raibh, bhí sí a’ breathnú uafásach ard mar Amazon time a lime a loo 1.03.22

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach bhí sí ina seasamh le mo thaobh agus mise mar seo

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Agus tógadh pictiúr di agus seod é le tabhairt go mo mháthair nuair a ghabhainn abhaile faoi Nollaig, so thug sí dhom an pictiúr seo le ’speáint chomh maith a bhí sí a’ breathnú i mo dhiaidh is dóigh.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus bhí mé i mo sheasamh ansin cosúil le stick

ÁINE: (Gáire)

PATSY: insect (gáire) ach nuair a chuaigh mé fhéin suas a’ staighre chuir mé an rud i mo phóca agus bhreathnaigh mé aríst air agus níor thaitnigh sí seo liom agus níor thaitnigh an máthair liom ach rinne mé mar seo leis

ÁINE: (Gáire)

PATSY: le éadan an bheirt a’inn agus chuir mé i mo phóca aríst é agus lá arna mháireach bhí mé a’ gabháil abhaile agus nuair a tháinig mé anuas le mo dhá shuitcase mór a’m nach raibh gá dhób a bheith leath chomh mór, leabhra agus rudaí mar sin nach raibh gá ar bith dhom a thabhairt abhaile, iad a tharraingt síos go dtí an duga agus d’fhiafraigh sí a’ bhfuil an pictiúr a’d “oh yes Misses Lalor I have it”, “where have you got it” “its in the suitcase Misses Lalor” cheapainn go raibh sí a’ gabháil a’ rá liom é a ’speáint di

MAGGIE: É a ’speáint di.

PATSY: ’Speainn dom é

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: “Tá sé sa suitcase Misses Lalor,it’s in the suitcaseso d’oscail mé “aw I can’t find it Misses Lalor” “you have it, you have it on you somewhere, get it for meso

MAGGIE: (Gaire)

ÁINE: (Gáire)

PATSY: “Yes Misses Lalor” “who did this to itI saidit crumbled Misses Lalor” (gáire) “Misses Lalor, it crumbledso after that I was persona non grata ach chonaic sí go raibh mo éadan fhéin agus éadan a h-iníon (gáire)

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: So nuair a, nuair a, thar éis na Nollag ansin, bhí, bhí, bhí family amháin thuas i Shantalla, bhí fhios acub an trioblóid a bhí a’m anseo mar bhí, bhí triúr gasúir acub

ÁINE: Sea.

PATSY: agus ba as, as ehm Belcarra thuas i gContae Mhuigh Eo iad agus bhí siopa beag acub agus fuair mé mór leis na gasúir agus bhínn isteach sa teach acub agus dúirt sí liom “nuair a thiocfas tusa ar ais” bhí aithne acub ar lighthouse keepers a bhí amuigh ar an oileán Iatharach

ÁINE: Á yeah.

PATSY: So “nuair a thiocfas tusa ar ais tar éis an Nollaig, ná, ní ghabh tú go dtí Misses Lalor, tiocfaidh tú aníos anseo, tabharfaidh muide, tabharfaidh mise digs dhuit ar an méid céanna a bhí Misses Lalor a thabhairt”. Ach eh, she treated me cosúil le na cuid gasúir fhéin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus bhí, bhí mé an-mhór leob ar feadh blianta fada, bhí iníon amháin lei, Monica, bhíodh sí an-deas liom agus bhí beirt bhuachaillí aici agus, ceann go na fáthannaí déarfainn go raibh mise aici mar bhí sí a’ ceapadh go, go mbeadh sóirt tionchar a’msa ar a beirt lads mar níor thaitnigh an scoil leob, ní raibh dar a’ déanamh an-mhaith ann agus cheap sí mar gheall go raibh mise a’ déanamh go maith go mb’fhéidir go, some of this would rub off these two but it didn’t.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: Ach bhí na cailíní agus bhí an-suim i scoil acub sin. Ach d’fhan mé ansin an chuid eile gon bhliain ehm sa Bish agus ansin rinne mé sóirt scrúdú eicínt le Ballinafad School, fuair mé sóirt scoláireacht ansin, d’íocfaidís an bhliain boarding school

ÁINE: Á.

PATSY: Ballinafad College agus bhí, bhí beirt eile as Saint, Saint Josephs, as a’ Bish ann. Chuaigh, bhí muinn uilig sa gcéad bhliain agus chuaigh muid ann agus eh chuaigh muid isteach sa dara bliain ach ansin chuaigh an bheirt eile, cuireadh siar go dtí an chéad bhliain iad ach dúirt siad “fan tusa sa dara bliain mar tá sé níos deacra ortsa mar gheall go bhfuil tú a’ foghlaim Béarla freisin”. Bhuel ní, that didn’t make sense

ÁINE: Yeah.

PATSY: If anybody should go back I should have gone back but obviously rinne mé alright sna hábhair eile.

ÁINE: Sea.

PATSY: Agus rinne mé go maith ansin i gcónaí, bhí mé top of the class mar a déarfá.

ÁINE: Agus ….

PATSY: …. Fiú amháin, sin é an chéad uair a thuig mé céimseata.

ÁINE: Sea.

PATSY: An múinteoir a bhí a’inn, bhí muid dhá dhéanamh i mBéarla agus ’speáinn sé dhom, níl i gcéimseata ach líne a’ gabháil mar seo agus mar sin, sin a bhfuil ann agus ‘speáinn sé dhom céard faoi a bhí sé agus uaidh sin amach ní raibh trioblóid a’m le geometry.

ÁINE: Is dóigh go raibh uaigneas mór ort an chéad bhliain a chuaigh tú go Gaillimh?

PATSY: Bhuel ní raibh mar thaitnigh, thaitnigh sé liom, thaitnigh Gaillimh liom,

ÁINE: Hm

PATSY: Thaitnigh, thaitnigh na gasúir a bhí ag a’ scoil liom, thaitnigh an scoil liom. Misses Lalor an t-aon duine nár thaitnigh liom ach

ÁINE: Yeah.

PATSY: thuig mé cén trioblóid a bhí aici ach

ÁINE: Bhí tú thart ar cheithre bliana déag a’ b’ea?

PATSY: Bhí mé thart ar cheithre bliana déag, sea, agus bhí, bhí, bhí mé a’ tógáil, d’fhoghlaim mé le snámh, ansin bhíodh duine ann a’ múnadh snámh sa ngeimhridh dhúinn agus iománaíocht agus rudaí mar sin agus, agus thaitnigh, bhí, bhí mé scafánta agus thaitnigh Gaillimh liom, bhí chuile rud ann, thaitnigh na gasúir, bhí, rinne, fuair mé mór le go leor gasúir a bhí a’ gabháil ag a’, sa rang céanna liom.

ÁINE: Hm. Agus nuair a tháinig tú abhaile an chéad Nollaig sin, a’ raibh fonn mór ort a theacht abhaile no a’ mb’fhearr leat fanacht i nGaillimh?

PATSY: Oh no, b’fhearr liom a theacht abhaile ach bhí fonn orm a dhul ar ais aríst.

ÁINE: A’ raibh?

PATSY: Bhí.

ÁINE: Agus a’ gceapann tú go raibh suim mór in oideachas a’d, go b’shin é an rud

PATSY: Bhí agus ….

ÁINE: …. A’ bhfaca tú go b’shin é do bhealach le n-imeacht as an oileán? ….

PATSY: …. Sea ach fuair mé an suim sin ann ó mo mhuintir, ó mo athair agus mo mháthair

ÁINE: Hm.

PATSY: Mar eh bhí, chonaic siad sin gur b’é an t-aon rud

ÁINE: Yeah.

PATSY: sa saol a cheap siad sin, oideachas.

ÁINE: Hm.

PATSY: An t-aon passport a bhí a’d le dhul in áit a’ bith. Bhí, bhí an oiread sin suim acub ann go déanaidís lá eile oibre sa gcaoi is nach mbeadh gá go dhuine a’inne fanacht sa mbaile

ÁINE: Hm.

PATSY: A’ piocadh fataí nó a’ déanamh tada.

ÁINE: A’ déanamh tada, agus a’ raibh aonduine eile as an oileán imithe ar scoilíocht i nGaillimh ag an am nó in áit a’ bith eile?

PATSY: Bhí duine nó dhó i Saint Marys cheapainn ach bhí sé, chosain sé níos mó a dhul go Saint Marys

ÁINE: Sea.

PATSY: Mar boarding school a bhí ann, sea.

ÁINE: Agus cé mhéad bliain a bhí tú i gContae Mhaigh Eo ag a’ scoil?

PATSY: Bhí [mé] cheithre bliana ansin. Thaitnigh sé thar cionn liom, iontach uilig.

ÁINE: Cén aois a bhí tú nuair, nuair a thuig tú, nó nuair a cheap tú go raibh fonn ort a dhul isteach sna sagairt?

PATSY: Bhuel tharla sé sin in Árainn, sa scoil in Árainn, bhíodh muid a’ fáil an Far East, Pudsy Ryan agus chuile rud mar sin agus The Messenger, rudaí mar sin agus léadh, ní mórán ábhar léamh a bhí sa teach a’inne ná in aon teach an uair sin. Cé, cheannaigh mo mháthair cúpla leabhar Gaeilge dhom agus tá ’fhios a’m gur chosain sé go leor uirthi iad a cheannacht. Bhí Cré na Cille, cheannaigh sí é

ÁINE: Hm.

PATSY: punt nó rud eicínt mar sin air agus is iomaí rud a d’fhéadfadh sí a fháil ar phunt

ÁINE: Hm.

PATSY: seachas Cré na Cille ach eh, le Máirtín Ó Cadhain ach The Far East d’fhaigheadh muid é agus bhí an-suim a’inn, a’msa agus léadh muid sa mbaile na scéalta faoi na Missionaries

ÁINE: Ach, yeah

PATSY: Agus sin é an uair freisin a’ dtuigeann tú bhí mé a’ léamh Dickens ó Misses Heithir agus fuair mé leabhar ag an am sin ‘Teacht tríd an tSeagall’, ‘Coming through the Rye’, déarfainn gurb í Misses Heithir a thug dom í nó b’fhéidir go b’é Dony, thosaigh Dony a’ tabhairt leabhra dhúinn freisin ag an am sin. Thugadh sé leabhar dhom agus d’iarr sé dhom “cuir an leathanach sin i mBéarla nó cuir an leathanach sin, leathanach Béarla sin i nGaeilge” agus bhí, bhínn dhá dhéanamh sin go Dony freisin. Bhí dar, bhí sé an-mhaith dhúinn, Dony ach sé an chéad uair a léigh mé leabhar ‘Coming through the Rye’ agus cuimhním dár ndóigh chreid mé é agus cuimhním a bheith a’ caoineadh ag deireadh an leabhar.

ÁINE: Sea.

PATSY: So bhí mé ag an aois sin b’fhéidir trí déag, ceathair déag nuair a bheifeá romantic is mar sin

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach ag an am sin bhreathnaigh sé uafásach romantic dhomsa an obair a bhí dhá dhéanamh ag na Missionaries.

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus ansin I fell in love with an ideal déarfainn, ag an uair sin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Thóg sé deich mbliana fichid orm sul, before that ideal evaporated.

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: Yeah, yeah.

PATSY: Ach sin é a tharla.

ÁINE: A’ gceapann tú gur thaitnigh leat go raibh saol eile amuigh ansin ….

PATSY: …. Idealism a bhí ann.

ÁINE: Yeah.

PATSY: ar fad

ÁINE: Sea.

PATSY: cosúil le a bheadh daoine sa mbaile ina suí ag a’ tine bheidís ag inseacht scéalta faoi Fionn Mac Cumhaill

ÁINE: Hm.

PATSY: Agus laochra mar sin agus rudaí mar sin ach seod é anois an continuation gon rud céanna a bhí ann. Agus sin é a thit mé i ngrá leis, an cineál sin, serving others

ÁINE: Yeah.

PATSY: Helping others.

ÁINE: Agus meas tú ar cheap tú freisin má théann mé i mo shagart anois osclóidh sé seo suas an taisteal dhom?

PATSY: No, no I didn’t, bhí mé ag iarraidh a bheith i mo mhisinéirí

ÁINE: A’ raibh?

PATSY: Mar is tamall sul mar chuaigh mé i mo shagart cuimhním an chéad uair a bhí caint man to man le m’athair a’m agus chuaigh sé amach go dtí an geata agus bhí sé a’ caint liom agus dúirt sé “anois” a dúirt sé “cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do misinéir, ní, níl tada acub sin”

MAGGIE: A’ raibh tú i Ballinafad an t-am seo?

PATSY: Bhí mé i Ballinafad an t-am sin.

MAGGIE: M hm.

PATSY: Agus dúirt sé “cén fáth nach ngabhfá mar cosúil le FatherMoran a’ bhfeiceann tú an carr atá ag Father Moran” agus mar sin de.

MAGGIE: (Gáire)

PATSY: Agus argument eile a d’usáid sé “tá tú a’ rá go bhfuil tú a’ gabháil amach ag daoine dubha, tá siad sin uafásach”.Apparently on the list, na droch dhaoine sa saol ag m’athair ná Italians, number one.

ÁINE: (Gáire)

MAGGIE: Á mar gheall ar Mheiriceá a’ b’ea?

PATSY: Poles number two agus na daoine dubha, daoine gorm, ní thrustfá iad. Bhí na Italians go dona i gcónaí ach d’fheabhsaigh na Poles threis tamall nuair a phós iníon le na dhearthár, phós sí duine acub.

ÁINE: (Gáire)

PATSY: D’iompaigh, d’fheabhsaigh siad sin.

ÁINE: Sea.

PATSY: Ach na Italians d’fhan siad go dona i gcónaí mar droch dhaoine a bhí iontub sin, agus droch dhaoine a bhí sna daoine dubha. Sin iad na daoine a bhí seisean ag obair ar na buildáil agus mar sin.

ÁINE: Sea, yeah.

PATSY: I mBoston, sin iad na daoine nach raibh dar ag iarraidh bualadh leob ach so chaith sé timpeall b’fhéidir deich nóiméad a’ caint liom, ag iarraidh orm tabhairt suas an smaoineamh seo a dhul amach ar na misiúin mar ní raibh aon bhuíochas ort agus dhá mbeifeá i do shagart anseo d’fhéadfá carr a bheith a’d cosúil le Father Moran agus thaitneoidh rudaí mar sin leatsa.

MAGGIE: (Gáire)

ÁINE: Yeah. So anois a Phatsy tógfaidh muid briseadh beag agus

PATSY: Right.

ÁINE: Yeah.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.