BBAG.00349

- Date
- 24 June 2006
- Location
- Sunda Ghríora
- Photographer
- Deirdre Ní Chonghaile
- Archival information
- An húicéara is mó ariamh a tógadh, an Naomh Bairbre, a sheol as Chicago go Cuigéal, ag dul trí Shunda Ghríora, Meitheamh 2006. Ar bord bhí: Steve Ó Maoilchiaráin as An Máimín, Leitir Móir, a thóg an bád i Chinatown i Chicago; Cóilí Newell; Barney Chóilín Sailí Ó Flatharta; agus beirt as Cill Éinne, Pat Mhaidhle Seoighe agus a dheartháir, an boscadóir Tom (1958-2007). Ba í sin an dara uair ag Tom an tAigéan Atlantach a thrasnú: sheol sé i luaimh as St. John’s i dTalamh an Éisc go hÉirinn i 2001. Bhí tinte lasta in Inis Meáin agus in Iaráirne le fáilte a chur rompu abhaile as Meiriceá, agus rinne an Méara Richard M. Daley “St Barbara Galway Hooker Day in Chicago” de 4 Meitheamh, an lá ar baistíodh í sa chathair úd i 2004.
- Additional information
- Home from America: a Galway hooker built in Chicago arriving in Galway Bay for the first time.
- Archival Reference
- Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAG.00349
- Image © Deirdre Ní Chonghaile.
- Metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
- Images are published with kind permission of the owner(s).
- See copyright details.