Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAG.00349

Dáta
24 Meitheamh 2006
Suíomh
Sunda Ghríora
Grianghrafadóir
Deirdre Ní Chonghaile
Eolas cartlainne
An húicéara is mó ariamh a tógadh, an Naomh Bairbre, a sheol as Chicago go Cuigéal, ag dul trí Shunda Ghríora, Meitheamh 2006. Ar bord bhí: Steve Ó Maoilchiaráin as An Máimín, Leitir Móir, a thóg an bád i Chinatown i Chicago; Cóilí Newell; Barney Chóilín Sailí Ó Flatharta; agus beirt as Cill Éinne, Pat Mhaidhle Seoighe agus a dheartháir, an boscadóir Tom (1958-2007). Ba í sin an dara uair ag Tom an tAigéan Atlantach a thrasnú: sheol sé i luaimh as St. John’s i dTalamh an Éisc go hÉirinn i 2001. Bhí tinte lasta in Inis Meáin agus in Iaráirne le fáilte a chur rompu abhaile as Meiriceá, agus rinne an Méara Richard M. Daley “St Barbara Galway Hooker Day in Chicago” de 4 Meitheamh, an lá ar baistíodh í sa chathair úd i 2004.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAG.00349
Íomhá © Deirdre Ní Chonghaile.
Meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Foilsítear an íomhá le caoinchead an úinéara/na n‑úinéirí.
Féach sonraí cóipchirt.