Bailiúchán Béaloidis Árann

Cóipcheart agus sannadh

Cead

Is le Bailiúchán Béaloidis Árann na cearta i leith na n-íomhánna digiteacha sa bhailiúchán seo, i leith na dtaifeadtaí fuaime sa bhailiúchán, agus i leith na bhfíseán digiteach sa bhailiúchán, agus tá gach ceart ar cosaint.

Tá an t-ábhar ar an suíomh seo ar fáil faoin gceadúnas CC BY-NC 4.0. Is féidir úsáid neamhthráchtála a bhaint as na sonraí. Má úsáidtear sonraí ó Bhailiúchán Béaloidis Árann, caithfear iad a shannadh mar seo a leanas le hipearnaisc (an teideal idir comharthaí dúbailte athfhriotail le hathrú mar is cuí):

Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00013” © Bailiúchán Béaloidis Árann agus faoi cheadúnas CC BY-NC 4.0.

Léigh tuilleadh eolais anseo.

Conas tagairt a dhéanamh don suíomh idirlín

Bailiúchán Béaloidis Árann, Dúchas.ie, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, 2022 https://bba.duchas.ie.

Fógra

Bunaíodh an tionscadal pobail Bailiúchán Béaloidis Árann ar son béaloideas an oileáin a bhailiú, a chaomhnú, agus a chothú ar son na n-oileánach a thiocfaidh inár ndiaidh. Táimid buíoch díobh siúd ar fad a chuir grianghraif ar fáil do Bhailiúchán Béaloidis Árann go fial flaithiúil. Beartas glan ar bhrabús is ea Bailiúchán Béaloidis Árann ó thús. Grúpa pobail a chruthaigh an bailiúchán le treoir ó shaineolaithe gairmiúla. Rinneadh chuile iarracht na cruthaitheoirí éagsúla atá san áireamh sa bhailiúchán a aithint, ag cur gach díograis chuí i bhfeidhm. Fáiltímid roimh cheartacháin nó roimh fhiosrúcháin i leith ábhar an tsuímh seo ach r-phost a sheoladh chuig eolas@duchas.ie.

Polasaí Chnuasach Bhéaloideas Éireann i leith an chaomnaithe dhigitigh

Cnuasach Bhéaloideas Éireann (CBÉ), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, tiomanta do chaomhnú na míreanna digiteacha atá ar fáil ar an suíomh seo. Déanfar iad a chaomhnú i dtimpeallacht shlán athléimneach. Cinnteofar bainistiú fadtéarmach, slándáil agus sláine gach uile shócmhainn dhigiteach atá faoi chúram CBÉ. Cloíonn CBÉ le caighdeáin bhunaithe agus dea-chleachtas i leith ghabháil, phróiseáil agus inbhuanaitheacht na sócmhainní digiteacha.

Ábhar leochaileach

Tá cúram ar Bhailiúchán Béaloidis Árann i leith na ndaoine a ghlac páirt i mbailiúcháin éagsúla dá chuid. Ar an mbonn sin, agus ar aon dul le polasaithe a d'fhorbair ár gcomhpháirtí Cnuasach Bhéaloideas Éireann, cinntear gan rochtain a cheadú ar ábhar áirithe má cheaptar go bhféadfadh sé náire nó olc a tharraingt ar aon duine. Déantar athbhreithniú rialta ar stádas leochaileach an ábhair seo agus má tá eolas breise ag teastáil is féidir dul i dteagmháil linn. Má fheiceann tú aon rud mí-oiriúnach san ábhar tras-scríofa, cuir nóta chugainn (eolas@duchas.ie) agus fiosróimid an scéal gan mhoill.