Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00013

Taifeadadh
BBAF.00013
Formáid
MiniDisc
Fad
14:50
Dáta
13 Márta 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Rónáin
Bailitheoir
Treasa Ní Mhiolláin
Faisnéiseoir
Dara Ó Maoláin
Eolas cartlainne
MD 21 Dara Ó Maoláin. An Posta; Báid Mhóna; Capaill; An Gabha.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00013
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

TREASA: Sé inniu an tríú lá déag go Mhárta sa mbliain dhá míle agus a haon. Is mise Treasa Ní Mhiolláin nó Teresa Bhaba Pheige mar a thugtar orm agus tá mé anseo i gCill Rónáin ina theach féin in éineacht le Mac Dara Ó Maoláin nó Dara Mullin, agus is fear é Dara a bhfuil go leor cur síos ar a ’ saol aige agus a raibh go leor ceirdeanna tarraingthe idir a chuid lámha aige i rith a shaoil ach an rud is suntasaigh b’fhéidir a rinne sé ná nuair a bhíodh sé a’ gabháil thart leis an bposta in Árainn. Dia duit, a Dara.

DARA: Dia ’s Muire duit.

TREASA: An bhféadfá cuir síos a dhéanamh dhom ar an bposta agus eh an gcuimhníonn tú ar an mbliain, an mbliain a thosaigh tú mar fhear an phosta?

DARA: Em, bhuel bhí mé aon bhliain déag agus fiche a’ gabháil leis.

TREASA: Agus cé bhí mar fhear an phosta romhat?

DARA: Fear a dtugaidís Nailí air.

TREASA: Ba as an oileán ….

DARA: …. Dara Nailí, ba as an oileán é, ba as Cill Éinne é.

TREASA: Céard iad na laethantaí a mbíodh an posta ann?

DARA: Dé Céadaoin agus Dé Sathairn.

TREASA: Agus an Naomh Éanna a bhíodh ag teacht idir Árainn agus Gaillimh an t-am sin, sin é faoi dhó sa tseachtain a thagadh sí.

DARA: Sea, bhuel bhíodh an Dún Aengus, bhí sí scaitheamh roimpi, scaitheamh beag, bhíodh sise á thabhairt freisin an bealach céanna, dhá, dhá uair sa tseachtain.

TREASA: Agus thagadh an posta aníos [go dtí Teach an Phoist] ansin, ar tú féin a thugadh aníos ón gcéibh í?

DARA: Ní mé, bhí fear eile in éineacht liom - Tom Beatty, bhí beirt an t-am sin ag obair, ar dtús, nuair a thosaigh mise.

TREASA: Thagadh an posta isteach go dtí Oifig an Phoist, agus bhíodh oraibh ansin a dhul dhá sórtáil amach.

DARA: Sea

TREASA: Agus a’ dtógadh sé sin mórán ama?

DARA: Sin de réir mar bheadh posta ann, cúpla uair [an chloig].

TREASA: Agus cén chaoi a raibh an t-oileán roinnte ó thaobh an posta a thabhairt amach?

DARA: Bhuel thugadh Tom, dhéanadh sé Cill Éinne agus Iaráirne agus Cill Rónáin agus dhéanainnse ansin uaidh an Mainistir siar.

TREASA: Agus an t-am sin Ar ndóigh ní raibh aon charr ar an oileán so cén córas taistil a bhíodh a’d?

DARA: Bicycle, nó rothar má tá sibh ag iarraidh Gaeilge a chur air.(Gáire)

TREASA: Cuir i gcás go mbeadh cúpla mála posta mór ann, an bhféadfá é thabhairt leat uilig in aon iarra amháin?

DARA: Ní fhéadfá, thiocfá ar ais.

TREASA: Thiocfá ar ais agus thabharfá amach arís é lá arna mháireach e, ab ea?

DARA: Bhuel b’fhéidir an tráthnóna céanna á mbeadh neart solas lae a’d, go ndéanfá amach è, píosa eile.

TREASA: Agus ar tusa a bhíodh a’ tabhairt amach na telegrams freisin?

DARA: Amanntaí thugainn, ach á mbeadh aon deifir leis, ní mé. Ar dtús nuair a thosaigh me, ní thugainn liom iad, ach ar deireadh tháinig sort dlí amach go bhféadfainn iad a thabhairt liom.

TREASA: Agus cé bhí i mbun an Oifig an Phoist ag an am sin?

DARA: Mo dhreabhar a bhí ann an t-am sin.

TREASA: Agus is dóigh go mbíodh daoine a’ faire ar a’ bposta an dá lá seo a thagadh sé as Gaillimh, a’ mbíodh daoine thíos ag Oifig an Phoist a’ faire?

DARA: Ó bhíodh sé lán, bhídís (--) mar bhíodh cuid acub creidim, ag iarraidh litreachaí a fhreagairt nó rud eicínt.

TREASA: Agus anois bhí cleachta mhaith a’dsa ar scríbhneoireacht na litreachaí seo uilig, an n-aithneofá aon scríobh speisialta, a bhíodh ar na litreachaí?

DARA: (Gáire) Á ní aithneoinn, ní bhreathnaíonn chomh grinn sin orthub.

TREASA: Agus is dóigh Ar ndóigh go dtáinig go leor beartáin nó parcels as Meiriceá an t-am sin go mór mhór?

DARA: Bhíodh, go leor acub a’ teacht.

TREASA: Agus ar chuala tú aon scéal grinn ar bith a bhain leis na beartáin seo? (sos) An dtagadh cinn b’fhéidir a bhíodh leath stróicthí agus giobal eicínt a’ titim ….

DARA: …. Á bhíodh cuid acub briste mar d’fhaighidís (sos) creidim (--) an t-achar fada agus chaithtí amach na malaí ar a’ gcéibh ansin thíos.

TREASA: Agus a’ mbíodh aon duine ag gearán faoi sin, á mbeadh tada ar iarra as na parcels a thagadh?

DARA: Chuiridís, chuireadh, scríobhfaidís fúb, á mbeadh tada imithe as an bparcel.

TREASA: Agus tá mé cinnte gur chuala tú scéilíní beaga grinn freisin faoi fir posta a d’imigh romhat nó scéalta beaga grinn a tharla le do linn féin.

DARA: A níor chuala (gáire), níor chuala.

TREASA: Tá tú cinnte faoi sin anois?

DARA: Táim.

TREASA: Bhuel is dócha go mbíodh rudaí cineál aisteach a’ teacht ag tí áirid freisin, an cuimhneach leat, an cuimhneach leat aon rud aisteach a thug tú féin riamh ag aon teach, aon bheartán aisteach?

DARA: Bhuel, thagadh corr, corr litir, bhíodh, bhídís oscailte sa bposta i nGaillimh, sin é an méid rudaí aisteach a chonaic mise.

TREASA: Agus céard a tharlaíodh mar gheall ar sin?

DARA: Bhuel creidim an té a bhí á n-oscailt gur rugadh air ar deireadh.

TREASA: Ó tuigim. Cé mhéad blain a chaith tú féin uilig ag imeacht leis an bposta?

DARA: Aon bhliain déag is fiche.

TREASA: Agus níl sé chomh fada sin ó thug tú suas an jab, ó d’éirigh tú as agus tá mé cinnte go raibh oíche mhór curtha ar fáil ag muintir an oileáin dhuit as ucht do chuid seirbhíse i gcaitheamh an ama sin?

DARA: Ó bhí, an-oíche.

TREASA: Agus cá raibh an oíche sin agaibh?

DARA: Thoir, thoir eh (sos) sa Lios Aonghusa.

TREASA: Lios Aonghusa nó b’fhéidir thíos san Dun Aonghusa? [Bialann]

DARA: Dún Aonghusa, sea.

TREASA: Dún Aonghusa, agus eh dinnéar mór is dóigh a bhí agaibh?

DARA: Bhí dinnéar ann, agus ceol ina dhiaidh.

TREASA: Agus bronnadh rud éigin ort féin?

DARA: Bronnadh.

TREASA: Bhuel ba mhaith an aghaidh ort é, tar éis an tseirbhís a thug tú go mhuintir an oileáin i rith na mblianta sin. Bhuel anois an bhfuil mórán cur amach a’d ar na báid móna a thagadh go hÁrainn as Conamara fadó, nó a’ bhfuil ’fhios a’d ar dtús cé iad na céibheannaí a dtáinig na báid as i gConamara, cé na céibheannaí a d’fhágadar amuigh ansin le theacht isteach anseo?

DARA: D’fhágaidís Caladh Thadhg, d’fhágaidís Rosmuc go leor acub, thagaidís as Rosmuc agus d’fhágaidís Ros a’ Mhíl.

TREASA: Agus meas tú cén bhliain, nó tuairims a tháinig dar go hInis Mór ar dtús, isteach leis an móin?

DARA: Bhuel bhíodar a’ teacht i bhfad sular rugadh mise anyway.

TREASA: A’ gcuimhníonn tú ar na hainmneachaí a bhí ar na báid seo, nó a’ mbíodh aon ainm acub orthub?

DARA: Bhuel bhí ainm ar chuile bhád ach níl ’fhios a’m a’ mbíodh sé scríobhta orthub ach bhí ainm ar chuile bhád. Tá ’fhios a’m go raibh An Capall a’ teacht agus an eh, an eh Mhaighdean Mhara, bhí sí sin ann agus bhí An Tónaí agus bhí St Jude, tá sí sin ag imeacht i gcónaí freisin, ag Micil Úna a bhí sí sin agus bhí eh St Ann, bhí sí sin a’ teacht as, tá mé a’ ceaptha gur as Tír an Fhia é, a bhíodh sí sin a’ teacht.

TREASA: Agus a’ gcuimhníonn tú ar na hainmneachaí a bhí ar na bádóirí a bhíodh ins na báid sin?

DARA: Bhuel bhíodh (sos) Peadairín Bán a bhíodh ar An gCapall, Jimí Pheaitín John a bhíodh sa Mhaighdean Mhara, Micil Úna a bhíodh sa St Jude, agus Máirtín Chóilm Mhic an Rí a bhíodh sa St Ann.

TREASA: Agus níl ’fhios a’d cén ait ar tógadh na báid seo?

DARA: I gConamara a tógadh iad déarfainn.

TREASA: Bhí eh, chloiseann féin cáil ar na Caseys as Maoinis, ar chuala tusa fúthu sin?

DARA: Ó chuala, bheadh (--) bhídís sin a’ tógáil Nobbies chomh maith le báid móna a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí, bhí an-cháil orthub.

TREASA: Agus cén t-am gon bhliain ansin a thosaídís ag teacht isteach leis an móin?

DARA: Ó thosóidís san Earrach á mbeadh sé go breá, chomh luath agus a bhíodh an mhóin réitithe acub le (--) Thiocfaidís le sean mhóin mar a déarfá go luath sa mbliain freisin.

TREASA: Agus a’ mbíodh an lucht móna ordaithe ag na daoine nó an mbíodh bádóirí a’ gabháil thart ag cuartú custaiméirí?

DARA: Bhuel ní bhídís a’ gabháil thart i dtús na bliana, b’fhéidir ag deireadh na bliana go mbeadh, bheidís ag cuartú custaiméirí.

TREASA: Cérbh í an bád ba mhó acub sin a thagadh isteach leis an móin, ar bád mór nó leathbhád nó?

DARA: Bhuel bhíodh go leor cineál báid a’ teacht, bhíodh go leor acub deiceáilte a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh cúpla ceann acub deiceáilte ach déarfainn gurb í bád Chonrey, thugaidís bád Chonrey uirthi, bhí sí ag Jimí an Oileáin, ní hea ach ’bhfuil ’fhios (--) ag Maidhcilín Mháirtín John.

TREASA: Agus a’ mbíodh móin a’ teacht isteach ar eh Púcáin nó Gleoiteogaí?

DARA: Bhíodh siad ins na Gleoiteogaí ach ní fhaca mé aon Phúcán a’ teacht le móin, anseo thíos anyway, i gCill Rónáin.

TREASA: Agus eh a’ dtugtaí slóchtaí isteach ar na báid seo amanntaí?

DARA: Thugtaí.

TREASA: Agus chuirtí ar féarach iad in Árainn a’ bea nó ..?

DARA: Sea, chuirtí ar féarach.

TREASA: Agus cén sórt margadh a bhíodh déanta acub le lucht na slóchtaí?

DARA: Bhuel eh níl ’fhios a’m cén t-airgead a bhíodh, d’íocaidís alright orthub nuair a bheidís, nuair a bheidís á dtabhairt amach.

TREASA: Agus an chaoi chéanna leis an móin amanntaí, a’ dtugaidís iasc i leaba airgead?

DARA: Thugadh, leath agus leath, mar a déarfá.

TREASA: Agus an ndéantaí lá saoire gon lá a dtiocfaidís isteach, ’bhfuil ’fhios a’d, a’ stopadh chuile dhuine ag obair agus a’ dtéidís síos ag a’ gcéibh?

DARA: Ó ní stopaidís, ní stopadh. (Gáire)

TREASA: Ní raibh tada mar sin ann.

DARA: Ní raibh mara, ach lá Pheadair ’s Pól, sin é an méid.

TREASA: A’ mbíodh paisinéirí ar bith ar na báid seo acub?

DARA: Bhíodh, bhíodh eh cúigear nó seisear b’fhéidir ar an tille deireadh mar a deiridís.

TREASA: Ach is dóigh droch lá go dtógadh sé i bhfad ar a’ mbád a theacht isteach as Conamara?

DARA: Bhuel eh, mara mbeadh cóir acub a’ bhfuil ’fhios a’d bheidís a’ tornáil.

TREASA: Ar bádh aon bhád riamh, meas tú, ar an mbealach isteach?

DARA: Níor chuala mise gur bádh, ach go bhfaca mé ag casadh iad le aimsir.

TREASA: Agus thugaidís móin amach aríst agus isteach lá eicínt eile a bheadh go breá.

DARA: Sea.

TREASA: Agus an cuimhneach leat na céibheannaí a dtagaidís acub in Árainn chomh maith le Cill Rónáin?

DARA: Cill Éinne agus Cill Mhuirbhigh, ach go gcuiridís móin i dtír ar ulláin creidim, roimhe sin, go leor áiteachaí – Bun Gabhla.

TREASA: Bun Gabhla.

DARA: Bhídís (--) ó chuirtí amach go leor móin i mBun Gabhla fadó.

TREASA: Agus a’ raibh aon ait eile siar ansin faoi ….

DARA: …. Mainistir ….

TREASA: …. Sa Mainistir….

DARA: …. agus Eochaill, agus i bhFearann an Choirce, chuiridís amach ar an Scailp Shíle é, ait a dtugaidís Scailp Shíle air, chloisinn na seandaoine a’ rá go gcuireadh.

TREASA: Ní raibh siad in ann a theacht i dtír ó dheas riamh, a’ raibh?

DARA: Á ní raibh.

TREASA: (Sos) Bhuel fágfaidh muid na báid anois agus gabh muid go dtí na caiple, a’ raibh caiple agaibh féin sa mbaile Dara?

DARA: Bhí, capall amháin.

TREASA: Agus eh na caiple a bhíodh ag muintir na háite, a’ mbídís le haghaidh obair nó le spóirt?

DARA: Le obair a bhídís acub, mar bhíodh go leor feamainn an t-am sin á chur amach, bhídís ag obair, ag cur amach feamainn, ag déanamh ceilpe.

TREASA: Agus an mbítí ag treabhadh le caiple in Árainn, nó an mbídís a’ déanamh obair eile a’ bhfuil ’fhios a’d, ag tarraingt móin agus clocha agus mar sin?

DARA: Bhídís ag tarraingt móin fadó leob sular tháinig na carannaí.

TREASA: Agus a’ mbíodh breed áirid caiple a thaitneoidh le muintir na háite seo?

DARA: Bhuel bhíodh go leor go chaiple sin, mianach chaiple Chonamara a bhí iontub.

TREASA: Agus cé a bhíodh a’ briseadh isteach na gcapall?

DARA: Iad féin.

TREASA: ’S cá gcoinneoidís na searraigh a’ bhfuil ’fhios a’d tar éis iad a dhealú, a’ raibh ainm áirid ar an áit seo?

DARA: Bhuel d’fhéadfá iad a chur isteach i scioból beag nó iad a chur sa mbuaile agus bóirín a chur orthub.

TREASA: Agus cén aois a bheadh an searrach?

DARA: Tuairim sé nó seacht go mhíonnaí.

TREASA: Agus ansin thar éis, thar éis an dealú, an mbriseadh siad amach iad?

DARA: Á bhuel ní bhriseadh, chuiridís aidhstear air ach ní dhéanaidís tada leis go mbeadh an bhliain go leith caite, go mbeadh sé ina bhromach .

TREASA: Agus ansin Ar ndóigh theastaigh gabha, bhí cúpla gabha san áit seo, nach raibh?

DARA: Bhí.

TREASA: Agus cá raibh cónaí orthub sin, a’ bhfuil ’fhios a’d?

DARA: Bhí duine i bhFearann an Choirce agus duine i gCill Rónáin.

TREASA: A’ mbíodh mórán daoine a’ teacht ag a’ gcearta?

DARA: Bhuel bhíodh, bhíodh beirt nó triúr ann mórán chuile lá.

TREASA: Agus an ndéanadh an gabha é féin na, na croite nó cén chaoi a ndéanadh sé iad?

DARA: Dhéanadh sé iad an t-am sin.

TREASA: Hm.

DARA: Sé an chaoi a gheofá an t-iarann i nGaillimh agus gheofá barra iarann speisialta a bhí le croí agus dheargadh sé an t-iarann agus tharraingeoidh sé é agus dhéanadh sé an crú.

TREASA: Agus a’ raibh sé deacair na croí a chur air abair giorán nó stail?

DARA: Cuid acub bhíodh ach eh cuid eile bhí sé éasca é a chur orthub, chuiridís srónóg iontub á mbeidís ró-dhona agus á mbeidís an-dona ar fad leagaidís iad, cheanglaídís iad.

TREASA: Agus a’ gcuirtí sronóg go shaghas eicínt sa gcapall?

DARA: Chuireadh.

TREASA: Chaití an capall a leagan uaireantaí, a’ gcaití?

DARA: Chaití.

TREASA: Agus an gcuimhníonn tú féin ar eh á fheiceáil sin déanta?

DARA: Chonaic mé déanta é.

TREASA: Agus ar jab mór a bhí ann?

DARA: Bhuel theastódh cúnamh uait le dhul a’ leagann an chapaill anyway.

TREASA: Agus ansin a’ mbíodh mórán searraigh óg ar an oileán fadó?

DARA: Bhíodh, i bhfad níos mó ná atá anois ann anyways.

TREASA: Le hais bó a’ bhfuil sé deacair ag capall an searrach a thabhairt ar a’ saol?

DARA: Bhuel níl sé deacair aici é a thabhairt ar a’ saol ach má éiríonn sí chuns tá sí ag breith an searrach, maróidh sí an searrach, mar is iondúil go (--) éiríonn an bhó an tosaigh agus éiríonn an capall an deireadh. Crochann sí an deireadh ar dtús.

TREASA: Ó tuigim, agus a’ bhfaca tú féin é sin a’ tarlú?

DARA: Á ní fhaca, ní fhaca mé gur mharaigh siad aon searrach.

TREASA: An mbíodh cúplaí ag na caiple aon uair?

DARA: Ní fhaca mise aon chúpla acub

TREASA: Agus a’ mbíodh mórán bainne acub?

DARA: Ó bhíodh neart bainne acub.

TREASA: Agus cén chaoi a n-aithneofá capall maith?

DARA: Bhuel deiridís á mbeadh trí chois bán aici, aige nó aici.

TREASA: Agus an maireann capall i bhfad, nó cén chaoi a n-aithneofá aois capaill?

DARA: Na fiacla, ach níor mhór duit a bheith in ann fios a bheith a’d faoi na fiacla a’ bhfuil ’fhios a’d. Ní chuile dhuine a bhí in ann é a dhéanamh.

TREASA: Hm, agus céard go díreach a dhéanaidís nó cén chaoi a’ bhfuil ’fhios a’d a raibh dar in ann fáil amach faoi na fiacla?

DARA: Bhíodh na cúlfhiacla nó rud eicínt. Chuir, chuiridís an oiread seo fiacla aníos agus ansin stopaidís na (--) ag aois áirid agus ansin thagadh ceann eicínt aníos ar deire.

TREASA: Agus a’ mbíodh aon ádh maith ag baint le caiple áirid, a’ bhfuil ’fhios a’d, mar shampla cheithre chois bháin nó, sin é a bhí tú a’ rá ar ball.

DARA: Bhuel sin a deiridís ach bhíodh caiple maith eh gan cosa bán ar bith fúb.

TREASA: Go raibh míle maith agat anois a Dara as ucht an agallamh sin.

DARA: Tá fáilte romhat.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.