Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00012

Taifeadadh
BBAF.00012
Formáid
MiniDisc
Fad
55:52
Dáta
2 Márta 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoirí
Cyril Ó Flaithearta
Margaret Uí Ghiolláin
Faisnéiseoir
Pádraic Ó Giolláin
Eolas cartlainne
MD 20 Pádraig Ó Giolláin. Scoil; Múinteoirí; Fíodóireacht; Na Giolláin; Imirce; Cuairt de Valera ar Árainn [1947]; Seán Gillan; Scéal faoi churach.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00012
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MARGARET: Eh is mise Margaret Gillen, tá mé féin agus Cyril Ó Flaithearta anseo i bhFearann a? Choirce i dteach Phádraic Gillan. Inniu Dé hAoine an 2ú lá go mhí Mhárta 2001. Tá muid ag cur cúpla ceist air faoi na óige, nuair a bhí sé ag dul ar scoil agus cúpla ceist eile faoi fíodóireacht.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Bhuel a Phádraic.

PÁDRAIC: Bhuel.

MARGARET: Bhuel, a' gcuimhníonn tú ar an chéad lá a chuaigh tú ar scoil agus cén scoil a ndeachaigh tú aige?

PÁDRAIC: Bhuel eh níl 'fhios a'm an b’é an chéad lá é ach tá 'fhios a'm go, gur iompar duine eicínt isteach mé ar a dhroim, cos nochtaí a bhí mé.

MARGARET: Ó tuigim, yeah.

PÁDRAIC: Cos nochtaí, agus eh scoil Fhearann a' Choirce, sean scoil Fhearann a' Choirce.

MARGARET: Sean scoil, yeah.

PÁDRAIC: Yeah, sea.

MARGARET: Agus a' gcuimhníonn tú em cé a thosaigh in éineacht leat?

PÁDRAIC: Eh.

MARGARET: Na gasúir a bhí san suíochán céanna in éineacht leat?

PÁDRAIC: Ó dhiabhaic, cuimhním, bhíodar as Gort na gCapall, agus eh soir, soir na bailteachaí seo soir….

MARGARET: …. Baile na Creige agus Corrúch….

PÁDRAIC: …. Corrúch, Baile na Creige ….

MARGARET: ….Yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

MARGARET: Agus a' mbíodh gasúir Eochaill a' teacht, a' gabháil siar an uair sin nó ar Cill Rónáin a théidís?

PÁDRAIC: Thiocfaidís anoir ó, anoir ó Baile na Creige.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Eh agus ansin aniar as Cill Mhuirbhigh agus Gort na gCapall….

MARGARET: …. Ó tuigim….

PÁDRAIC P: …. ag an scoil seo thiar.

MARGARET: Ag scoil Fhearann an Choirce, yeah, sin í an sean scoil?

PÁDRAIC: Sí.

MARGARET: Ó sea, agus cén t-am ar maidin a thosódh an scoil agus cén t-am a chríochnódh sí? ….

PÁDRAIC: …. Is dóigh go b’é an t-am céanna gon, b’fhéidir an naoi a chlog nó….

MARGARET: …. Yeah, go dtí an ceathair ab ea?

PÁDRAIC: Sea, bhuel eh ligfí, ó ligfí amach muid eh beagáinín níos túisce ná an chuid dheirneach, bhfuil 'fhios a'd nuair a thosaigh muid mar a déarfá….

MARGARET: …. Agus a' mbíodh gasúir cos nochtaí sa scoil?....

PÁDRAIC: …. Bhí, bhíodh, bhí….

MARGARET: …. Sa Samhradh, ab ea?

PÁDRAIC: Bhuel, bhíodh, bhí mise ann ar dhuine amháin.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Mar cuimhním ar seo, gur tugadh isteach mé agus bandannaí ar mó chosa agus bhí an cogadh ann an t-am céanna (gáire) ….

MARGARET: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. mar séard a déarfadh sé gur sa gcogadh a bhí mé.(Gáire)

MARGARET: (Gáire)

PÁDRAIC: Sea, sea cuimhním ar sin.

MARGARET: Yeah, agus cén sórt cluichí a bhíodh agaibh ag am lón, an mbíodh ball ard?....

PÁDRAIC: …. Ó muise ní mórán é, mar ma bhreathnaíonn tú anois ar an eh, ar a', ar a' gclós atá ann, tá sé ann i gcónaí ….

MARGARET: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. go dtí an lá atá inniu ann.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Agus toilets ó thuaidh agus chuile rud, ní mórán, sé an chaoi a raibh muid uilig, bhuel bhí, nuair a rinneadh an scoil, rinneadh é le cailíní a bheith ar thaobh …

MARGARET: …. Ar thaobh agus buachaillí ar an taobh eile, yeah ….

PÁDRAIC: …. agus buachaillí a bheith ar an taobh eile ach eh ansin eh ní, ní fhaca mise aon, aon duine ar an gclós taobh thoir ariamh.

MARGARET: Yeah bhí go leor neantógaí ann, nach raibh?....

PÁDRAIC: …. Sé an chaoi, sé an chaoi a mbíodh múinteoir Maloney scaipeadh eh smeachóideachaí guail ann, an dtuigeann tú?

MARGARET: Ó yeah.

PÁDRAIC: Ach sin é an áit a bheidís féin a’ gabháil síos. Ansin bhí an dá, bhí an dá, tá balla trasna ann, an dtuigeann tú?....

MARGARET: …. Tá agus bhí an áit kinda garbh thíos ann freisin.

PÁDRAIC: Ach ní raibh ann ach creig mar a fheiceann ….

MARGARET: …. Creig ….

PÁDRAIC: …mar a chéile agus an chaoi a bhfuil sí inniu.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Ní mórán go áit a bhí ann, bhíodh na cailíní agus na buachaillí ar aon, in aon áit amháin, bhí.

MARGARET: Yeah, agus an dtabharfadh sibh féin lón libh nó a’ mbíodh…

PÁDRAIC: Bhuel bhíodh eh am, amanna, am áirid gon bhliain, bhíodh cocoa ann.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’d, ach bhíodh eh seomra ansin, ar an seomra is faide soir a ghlaodh muid seomra an chócó air, an dtuigeann tú, is ann a ghabhadh na buachaillí, mharcháilídís isteach, an dtuigeann tú nuair a bheadh, agus ghabhadh muid uilig eh eh isteach sa seomra sin, ba bhreá an seomra a bhí ann, seomra an chócó a ghlaodh muid ar sin….

MARGARET: …. Agus cé a dhéanadh an cócó?

PÁDRAIC: Ó eh múinteoir, Maggie mar a ghlaodh muid uirthi, Maggie Pheadair as Gort na gCapall….

MARGARET: …. Ó dhéanadh sí sin an cócó agus ansin bhíodh builíní freisin ann nach mbíodh?....

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh, ach ansin amannaí áirid gon bhliain, stopfaí ….

MARGARET: …. Stopfaí an cócó….

PÁDRAIC: …. mar cuimhním go mbínn féin ag tabhairt, bhíodh muid a’ tabhairt eh, buidéal bainne agus lón linn.

MARGARET: Sin sa Samhradh is dóigh.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Agus cén t-ainm a bhí ar na múinteoirí a bhí sa scoil an uair sin.

PÁDRAIC: Bhuel, Mairéad Ní Fhlaithearta, Maggie Pheadair mar a ghlaodh muid uirthi as Gort na gCapall, í sin, agus eh Maloney ansin.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Eh, máistirín a ghlaodh muid ar sin.(Gáire)

MARGARET: Agus cé as é?

PÁDRAIC: Ó ba as Luimneach, teorann Luimneach agus Co an Chláir, sea, sea.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Agus is dóigh, an raibh an slat á úsáid san am sin?

PÁDRAIC: Eh, bhuel bhí múis, bhí, bhí, ba shin é an creideamh a bhí acub an t-am sin, an slat….

MARGARET: …. Yeah, agus an raibh Gaeilge agus Béarla á labhairt?

PÁDRAIC: Bhíodh Gaeilge agus eh bhuel, eh bhuel ba ag an nGaeilge a bheith ag Maggie Pheadair ba Gaeilge a bhí istigh ansin….

MARGARET: …. Gaeilge uilig.

PÁDRAIC: Ach bhíodh Gaeilge agus Béarla mar bhíodh leabhra a’inn dhá léamh.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel ansin nuair a chuaigh muid amach go dtí Maloney ní mórán, ní an oiread sin eh Gaeilge a bhí, a bhí aige.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Chuireadh seisean an cheist i mBéarla agus d’fhreagródh muid sa nGaeilge í. Sin é an rud, (Gáire) sé ….

MARGARET: …. (Gáire) so bhíodh sibh a' foghlaim an Béarla ag an am céanna….

PÁDRAIC: …. Bhí sa gcaoi sin anois, bhí, bhí, bhí.

MARGARET: Agus cé mhéad seomra a bhí scoil an uair sin ….?

PÁDRAIC: …. Fan nóiméad, bhí an seomra chócó, seomra a raibh muidne ann, istigh bhí Maggie Pheadair ann.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Seomra ansin a raibh, seomra cloakroom eh bhíodh builíní stackáilte ansin agus rudaí.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Agus ansin an seomra mór eile ag, le, Maloney, sea bhí.

MARGARET: Agus cén aois a bhí tú nuair a d’fhág tú an sean scoil, nuair a, nuair a chuaigh tú trasna ag an scoil nua? ….

PÁDRAIC: …. Eh, naoi gcéad eh….

MARGARET: …. Cén bhliain, nó cén rang a bhí tú ann ag an am sin ….?

PÁDRAIC: …. Á bhuel eh, is dóigh seachtú rang.

MARGARET: Ó bhí ….

PÁDRAIC: …. Bhí, bhí, chuaigh mé trasna na scoile naoi gcéad ceathrach ’s h-ocht [1948].

MARGARET: Ó tuigim, yeah.

PÁDRAIC: Bhíodar á tógáil eh, ceathracha, eh ceathracha seacht ….

MARGARET: …. Ceathracha seacht a ….

PÁDRAIC: …. tógadh í, yeah ….

MARGARET: …. a tógadh í

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Ach eh, bhí flu ormsa nuair a bhíodar a’ fágáil na scoile ó thuaidh mar eh

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Nuair a bhí mé ar scoil ó thuaidh ansin bhuail flu mé agus eh, ach tá ’fhios a’m nuair a bhí an flu orm gur airigh mé go raibh na leabhra ann caithfidh mé (gáire) an, an scoil a “?????” (Gáire) agus bhí sí dúnta nuair a chuaigh mé go dtí ….

MARGARET: …. Ó nuair a chuaigh tú ar ais ….

PÁDRAIC: …. B’éigean dom a dhul sa scoil ó dheas agus b’fhearr liom an scoil ó thuaidh.

MARGARET: Is dóigh.

PÁDRAIC: B’fhearr.

MARGARET: Yeah, agus a’ raibh béim mhór curtha ar an bpeannaíocht an uair sin. You know ní raibh aon bhiros ann anyways….

PÁDRAIC: …. Ó ní raibh, ní raibh ach an dúch ….

MARGARET: …. An dúch …

PÁDRAIC: …. a bhí istigh san eh san, sa, sa suíochán.

MARGARET: Sna suíocháin.

PÁDRAIC: Sea, sea agus an blotter….

MARGARET: …. Agus chuile dhuine ag scríobh le pin, le peann, yeah….

PÁDRAIC: …. Blotter agus….

MARGARET: …. Agus an blotter.

PÁDRAIC: Sea agus, agus eh an peann luaidhe, mar a déarfá.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Agus a’ gceannaíodh sibh féin na leabhra nó eh an raibh siad le fáil ag an scoil ….?

PÁDRAIC: …. Á ní, ní, sé an chaoi a ngeobhaidh muid iad, á ní, ní cheannóidh.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: B’fhéidir ….

MARGARET: …. Sé an chaoi ….

PÁDRAIC: …. B’fhéidir ceart go leor go dtabharfá beagáinín airgead ach ní, ní shé an chaoi a cheannódh muid iad ….

MARGARET: …. Thabharfaí ar iasacht iad.

PÁDRAIC: Sea, ar iasacht.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel ansin is minic, nuair a bheifeá ré, thabharfadh, gheobhadh an dream a bhí a’ teacht i do dhiaidh iad.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Is minic anois a gheofá leabhar agus bheadh ainmneachaí daoine ag gabhail siar, an dtuigeann tú….?

MARGARET: …. A bhí ann blianta roimhe sin ….

PÁDRAIC: …. Ó sea, cinnte é sin ….

MARGARET: …. Yeah.

PÁDRAIC: Yeah

MARGARET: Agus cé na h-ábhair a bhí ann? Sa scoil?

PÁDRAIC : Béarla, Béarla agus Gaeilge agus bhíodh Tír Eolas.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh.

MARGARET: Agus eh Stair is dóigh?

PÁDRAIC: Ó eh.

MARGARET: Agus Teagasc Críostaí?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, Stair

MARGARET: Stair.

PÁDRAIC: Bhíodh Stair faoi eh …

MARGARET: …. Yeah ….

PÁDRAIC: .…Pádraic Sáirséal agus iad sin uilig a’ gabháil siar.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Agus a’ mbíodh go leor léarscáileachaí ar na ballaí?....

PÁDRAIC: …. Bhí cúpla léarscáil san eh, ag Maggie Pheadair anois, ní raibh ….

MARGARET: …. Yeah, ach ag an máistir ….

PÁDRAIC: …. Ach go raibh, go raibh beam mhór aici sin ar ceol agus na rudaí seo, a’ bhfuil ’fhios a’d….

MARGARET: …. Ó agus bhíodh sí a’ múnadh ceol díobh, an mbíodh?....

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’d do ray me agus rudaí mar sin….

MARGARET: …. Ó tuigim.

PÁDRAIC: Sea bhíodh, ó b’iontach an bhean í mar eh ….

MARGARET: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. cinnte rudaí mar sin. Agus ….

MARGARET: …. Agus a’ mbíodh choir aici an uair sin, choir ann?

PÁDRAIC: Ní, dháiríre anois ní raibh, ní raibh i bhFearann a’ Choirce agus eh

MARGARET: Yeah

PÁDRAIC: Ach go mbíodh sí a’ bhfuil ’fhios a’d a’ múnadh dhúinn le, le amhráin agus mar sin….

MARGARET: …. Amhráin, agus a’ raibh Laidin agaibh?

PÁDRAIC: A ní raibh, a ní raibh.

MARGARET: Ach na, na buachaillí a bhíodh a’ freastal ar an Aifreann nach Laidin a bhíodh acub ….?

PÁDRAIC: …. Á bhuel bhí ceart go leor acub sin.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Ach níor fhreastal mise ar aon Aifreann riamh.

MARGARET: Ó.

PÁDRAIC: Ní raibh, ní raibh.

MARGARET: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Bhuel chaithfidís sin eh é sin a fhoghlaim nuair a bhídís a’ freastal ag an, ag an séipéal, an dtuigeann tú ….

MARGARET: …. Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Taobh amuigh de sin, ní raibh.

MARGARET: Agus an gcuimhníonn tú ar aon dánta ná amhráin a bhí agaibh?

PÁDRAIC: Ó, ó fan anois, bhí, bhíodh, bhíodh dánta ann, eh ?An Gleann ‘Nár Tógadh Mé’.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Agus ‘Comhairle Don, don Duine Óg’

MARGARET: Ó yeah.

PÁDRAIC: (Gáire) Agus eh bhíodh Maloney a' tabhairt dom, thug sé dán dom Bán Chnoic Éireann Óighe ach (gáire) ní bhfuair mé liom riamh é, ní bhfuair.(Gáire)

MARGARET: Ó tuigim.

PÁDRAIC: Bhíodh sé a’ tabhairt sort dán beag go, go chuile dhuine, a’ dtuigeann tú.

MARGARET: Ó yeah, yeah. Agus is dóigh go mbíodh an cigire a’ tíocht agus sagart an Teagasc Críostaí….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh, bhíodh sagart Teagasc Críostaí agus

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Agus eh cigire ansin, bhíodh.

MARGARET: Agus is dóigh, bhíodh sagart Teagasc Críostaí dian an uair sin, an mbíodh, le ceisteannaí?

PÁDRAIC: Bhuel, níl a fhios [agam], is dóigh….

MARGARET: …. Chuireadh sé go leor ceisteannaí?

PÁDRAIC: Bhuel chuireadh, chuireadh, ach ní, ní raibh sé chomh dian sin, ní cheapaim go raibh, an dtuigeann tú.

MARGARET: Yeah, agus an mbíodh deontas chúig phunt le fáil le labhairt ….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh ….

MARGARET: …. na Gaeilge ….?

PÁDRAIC: An dá phunt, sin é thosaigh, an dá phunt.

MARGARET: …. Ó dhá phunt, sea, m hm ….

PÁDRAIC: …. Dhá phunt, agus ansin chuaigh sé go dtí chúig phunt aríst, mar a déarfá.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí.

MARGARET: Agus eh ….

PÁDRAIC: …. Bhí sé sin a’ gabháil siar scaitheamh maith ó bhí an dá phunt ann, an dtuigeann tú. Ba mhór an lán é dhá phunt an t-am sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, yeah.

MARGARET: Yeah, agus eh, mura mbeadh gasúir ag a’ scoil an dtiocfadh garda ag an teach acub?

PÁDRAIC: Thiocfadh, thiocfadh, (gáire) mar bhí sé, bhí sé a’m féin anseo (gáire)

MARGARET: (Gáire) “___+” ….

PÁDRAIC: …. Agus b’fhéidir mé ag ligeann tinneas orm féin in áit an fhirinne. Níor thaitnimh an scoil liom dháiríre, níor thaitnimh, hm.

MARGARET: Agus a’ mbíodh eh, a’ mbíodh sibh a’ déanamh scrúduithe nó a’ mbíodh scholarships agaibh an uair sin?

PÁDRAIC: Ar ndóigh is dóigh, bhíodh ag an, bhíodh ag cuid acub ach ní raibh aon chuma ormsa a’ déanamh rud ar bith. Ní raibh cinnte….

MARGARET: …. Ní rinne tú aon scrúdú .…

PÁDRAIC: …. A ní, ní raibh dháiríre, mar ní raibh mé in ann é a dhéanamh.

MARGARET: Sea.

PÁDRAIC: Sea.

MARGARET: Agus a’ mbíodh go leor gasúir ag múitseáil an uair sin, an mbíodh?

PÁDRAIC: Bhuel bhíodh, bhíodh cúpla duine acub, bhíodh.(Gáire)

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí mé féin ar dhuine acub (Gáire).

MARGARET: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhí.

MARGARET: Agus a’ mbíodh go leor obair baile le déanamh agaibh?

PÁDRAIC: A ní, ní, ní raibh anois nuair a, bhíodh an satchel a’d ach ní ní, ní ….

MARGARET: …. So, an gcoinneofaí istigh sibh tar éis an scoil, you know le ….

PÁDRAIC: …. Bhuel ….

MARGARET: ….obair baile a dhéanamh?

PÁDRAIC: …. B’fhéidir ach is rí bheagán é cheapainn, rí bheagán é.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

MARGARET: Agus cén aois a bhídís nuair a d’fhágaidís an scoil?

PÁDRAIC: Eh, ceithre bliana déag go leith, bhídís cheithre bliana déag ar chaoi ar bith.

MARGARET: A’ ndeachaigh tú, a’ mbíodh rangannaí adhmadóireacht in aon áit tar éis an scoil, ná tada ….?

PÁDRAIC: …. A bhuel, ní raibh a’inn, ach b’fhéidir ag, ag, ag gasúir a bhí níos óige….

MARGARET: …. Na gasúir níos sine….?

PÁDRAIC: …. Níos, níos sine ná muin….

MARGARET: …. Sine, yeah.

PÁDRAIC: Sea, bhí.

MARGARET: Agus cá mbíodh sé sin ….?

PÁDRAIC: …. Cúpla, cúpla ait thiar ansin, bhí eh, tá ’fhios a’d an ait anois, tí Vailín ansin, trasna uaidh sin, bhí, bhí eh bhí teach ansin, tá sé ina sheasamh i gcónaí.

MARGARET: Sea.

PÁDRAIC: Tá na beanna ina seasamh i gcónaí….

MARGARET: …. Agus bhí rangannaí acub ann?

PÁDRAIC: Agus bhí rangannaí ansin, agus ansin arís bhí ait thiar ansin, bhí stór ag Éamonn Ó Concheanainn, bhí, bhí, bhíodh, bhíodh rangannaí ansin.

MARGARET: Rangannaí ansin freisin yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

MARGARET: Agus céard a dhéanadh na scoláirí tar éis an scoil a fhágáil dóibh, a’ bhfaigheadh aon duine postannaí nó a’ dtéadh siad in aon áit le postannaí a fháil?

PÁDRAIC: Bhuel, bhí cúpla duine acub a fuair postannaí, an dtuigeann tú.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí, ach eh go leor acub ansin ghabhaidís go Sasana.

MARGARET: Ó.

PÁDRAIC: Go Meiriceá….

MARGARET: …. Go Sasana agus go Meiriceá is dóigh, yeah, yeah….

PÁDRAIC: …. Sea, agus mar sin go Meiriceá an chuid is mó acub.

MARGARET: A’ gcuimhníonn tú ar aon scoil, an chéad scoil ar an oileán nó .…?

PÁDRAIC: ….Bhuel chuala mé caint orthu ach ….

MARGARET: Cá raibh sí sin, meas tú?

PÁDRAIC: Ag tí Fleming, an áit a bhfuil tí Fleming anois.

MARGARET: Ó, ó bhí scoil ansin ….?

PÁDRAIC: …. Bhí agus, agus, agus ceann tuí a bhí uirthi ….

MARGARET: …. Á ….

PÁDRAIC: …. agus eh múinteoir a bhí ann darbh, bhí eh mo sheanathair, athair mo athair, bhí sé a’ gabháil ann agus Kenny a bhí ar an bhfear.

MARGARET: Ó.

PÁDRAIC: Bhí sé uafásach géar uilig.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí sé féin agus deartháir, dearthár dó.

MARGARET: Yeah.

PÁDRAIC: Sea, ach níor thaitnimh leis an deartháir an bualadh a bhíodh sé a’ thabhairt go na gasúir, a’ dtuigeann tú, bhíodh sé’ bhíodh sé ….

MARGARET: …. Ach cheap mé go raibh scoil eile freisin thuas ….

PÁDRAIC: …. Ach deireadh eh, deireadh an (gáire) eh deartháir leis, bhíodh sé ag tabhairt amach dó mar gheall ar a bheith ag bualadh na ngasúir.

MARGARET: M hm.

PÁDRAIC: Ó bhuel eh, bhuel a deir sé mura n-éireoidh tú as, go dtabharfadh sé an sack dó, ós nach, deir sé nach bhfuil mise chomh láidir leat féin ann.

MARGARET: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus cé chomh láidir a deir sé, chomh láidir le “___” a deir sé (gáire)

MARGARET: (Gáire) Agus cheap mé go raibh scoil eile thuas san áit atá tí Phádraic Pheadair, a’ raibh?

PÁDRAIC: Bhí, bhí scoil ....

MARGARET: …. Meas tú ar ina dhiaidh sin é, ab ea?

PÁDRAIC: Ó sea, is dócha go, sea ina dhiaidh sin.

MARGARET: Agus ansin ina dhiaidh sin a tógadh an sean scoil?

PÁDRAIC: Sea, sea.

MARGARET: An scoil atá anois ann.

PÁDRAIC: Sea, sea.

MARGARET: 1947, yeah, yeah, ok go raibh maith agat, a Phádraic.

PÁDRAIC: Sea (Gáire)

CYRIL: Bhuel a Phádraic, cén chaoi a bhfuil tú?

PÁDRAIC: Sea, (gáire).

CYRIL: Tá mé a’ gabháil ag cur cúpla ceist ort faoi….

PÁDRAIC: …. Sea….

CYRIL: …. faoi eh, faoi fíodóireacht. So, is dóigh ar dtús an chéad cheist, cé as a tháinig do mhuintir?

PÁDRAIC: As eh Co. Liatroma eh Cluain, Co. Liatroma.

CYRIL: Agus eh….

PÁDRAIC: …. Bhí sé ina, bhí sé ina fíodóir ann, Peter Gillan sea, agus a bhean, Rose a bhí uirthi, Rose, Rose Ó Máille sula phós sí, mar a déarfá, yeah.

CYRIL: By dad.

PÁDRAIC: Agus eh ….

CYRIL: A’ raibh, a’ raibh, ansin nuair a tháinig siad ansin ….

PÁDRAIC: …. Ó nurse a bhí inti, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Nurse a bhí inti.

PÁDRAIC: Nurse.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Midwife agus eh d’imigh sí go h-óg mar eh tháinig curach anoir as Inis Meáin, an dtuigeann tú .

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Dhá tabhairt soir agus is dóigh go raibh an lá garbh ach ag dul isteach sa gCaladh Mhór, bádh ansin í.

CYRIL: Bádh.

PÁDRAIC: Bádh, yeah.

CYRIL: Agus ansin a’ mbídís, a’ mbídís sin a’ fíodóireacht i gcónaí ansin sular tháinig dar go hÁrainn nó, nó?

PÁDRAIC: Ó is dóigh go raibh, bhí an cheird sin acub.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Agus bhí ceirdeanna b’fhéidir eile freisin, cúipéirí agus mar sin ach tá mé ag ceapadh gur eh, (gáire) mar ghlaoidís air, an gabha geal a bhí ann a’ bhfuil ’fhios a’d, fitter anois, bhí sé in ann ....

CYRIL: …. Yes….

PÁDRAIC: .…caoi a chur ar ghunnaí.

CYRIL: Ó right.

PÁDRAIC: Ach deireadh sé an chéad áit a tháinig sé, thuas ansin thuas, an áit a bhfuil an cearta anois ag an ngabha ansin, tháinig na Kings ann.

CYRIL: Yes.

PÁDRAIC: Ach an trip seo bhí an bosca crochta aige ar, ar, ós cionn an tine an dtuigeann tú agus bhí sé thiar san, ach d’airigh sé an oíche seo an, an, an eh sound, an, cheap sé gur crochadh an bosca agus gur buaileadh anuas faoin urlár é agus scaipeadh gach a raibh ann agus tháinig sé aniar agus bhreathnaigh sé suas agus bhí an bosca an chaoi chéanna a raibh sé.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Agus mhováil sé anuas anseo ansin.

CYRIL: Anseo, right.

PÁDRAIC: Bhí dhá theach anseo folamh, Flaithearta a bhí amuigh ansin.

CYRIL: Sa gceann atá taobh thiar anseo.

PÁDRAIC: Sea, Flaithearta agus, agus Direáin a bhí sa gceann taobh thiar.

CYRIL: Taobh thiar.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Right.

PÁDRAIC: Chuadar ….

CYRIL: …. Sula ndeachaigh na Gillans isteach ann?

PÁDRAIC: Ó sea, bhí daoine ann sula chuaigh na Gillans, ach bhíodar imithe as.

CYRIL: Agus cá ndeachaigh na daoine sin?

PÁDRAIC: Chuadar go Meiriceá, chuaigh na Direáin go Meiriceá, chuaigh.

CYRIL: Agus ar thug dar [Na Gillans] leob ansin a gcuid deiseannaí, a Phádraic, meas tú, anuas as, as Liatroma, ar thugadar anuas ….

PÁDRAIC: …. A níor thug mar bhí eh, bhí siúinéirí in ann é sin a dhéanamh anseo.

CYRIL: Anseo.

PÁDRAIC: Bhí, mar even anois an eh, na seoladh atá amuigh ansin anois, is eh, tá ’fhios a’d Máirtín Dinny?

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: A sheanathair sin.

CYRIL: Seanathair Mháirtín Dinny.

PÁDRAIC: Bhíodar thoir, thoir in Eochaill ansin, siad a rinne é sin, siad, siad, chuala mé m’athair a’ rá gurb é, gurb é a rinne é.

CYRIL: By God, anois.

PÁDRAIC: Máirtín Anna a bhí air.

CYRIL: Máirtín Anna, bydad.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: A’ rinne tú féin ansin ….

PÁDRAIC: …. Ach na hiarainn, na hiarainn seo na huamhrachaí, bhuel déantar le, le, le cnámh a bhíodar sin i dtosach, na chéad chinn, chonaic mé féin dhá n-úsáid amuigh ansin iad.

CYRIL: Yeah, cnámh.

PÁDRAIC: Eh cnámh agus ansin tháinig na, na cinn wire ina ndiaidh, an dtuigeann tú?

CYRIL: Ina ndiaidh.

PÁDRAIC: Yeah, agus tá slinn ansin bhuel chaithfeadh sé sin a theacht isteach, an dtuigeann tú?

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Chaithfeadh sé sin a theacht isteach.

CYRIL: Agus an gceannófaí, a’ n-imeoidh sé sin go minic ansin, a’ gcaithfí é sin a chur ar ais go minic, a’ gcaithfí?

PÁDRAIC: Ó, a ní chaithfí.

CYRIL: Sheasadh sé, sheasadh sé.

PÁDRAIC: Ach b’fhéidir go mbriseadh na huamhrachaí cnámh, go mbrisidís sin agus chuiridís é.

CYRIL: Agus chuiridís scéala ansin Gaillimh.

PÁDRAIC: A’ bhfuil ’fhios a’d na huamhrachaí cnámha, dheasófá féin iad sin.

CYRIL: Ó right, bheifeá féin in ann é sin a dhéanamh?

PÁDRAIC: Sea, bheadh.

CYRIL: Agus eh an raibh mórán fíodóirí ansin, ag an am sin nuair a tháinig siad sin, meas tú, nó even nuair a bhí t-athair, an raibh go leor fíodóirí eile ar an oileán?

PÁDRAIC: Bhuel eh níl mé cinnte anois ach bhí fíodóir i gCill Rónáin, fíodóir beag, a ghlaodh, a ghlaoidís air.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel níl ’fhios a’m cén t-achar ansin a bhí sé sin in Árainn, bhí sé sin mórán trasna ón Tech ansin nó síos ón Tech ansin, sin é an áit a raibh a theach sin.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Sé an chaoi ar bádh é, eh a’ bailiú raic a bhí sé ó dheas ins na tríochaidí anois, thirties ansin.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Pádraic an Fhíodóra. Agus eh bhíodh fear anois as, fíodóir beag, bhíodh cúpla, bhíodh roinnt fíodóirí ann anon ’s anall a’ dtuigeann tú?

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí.

CYRIL: Agus bhí, is dóigh go raibh siad sna hoileáin thoir freisin .…

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. go raibh fíodóirí freisin, Ar ndóigh is dóigh go gcaithfidís a bheith ansin freisin.

PÁDRAIC: Chuaigh, chuaigh, chuaigh ansin duine go na Gillans siar Gort na gCapall agus, agus bhí sé pósta ansin agus bhí, bhí sé fíochán ansin.

CYRIL: Fíochán ansin.

PÁDRAIC: Bhuel ansin chuaigh, chuaigh uncail go m’athair soir ansin agus thóg sé teach ansin agus bhí trioblóid mhór aige, an áit a bhfuil Matt Mullen ansin.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí trioblóid mhór aige a’ tógáil an teach sin, stopadh trí bhabhta é, ach eh dúirt an sagart leis ar deireadh go …? go ar aghaidh? a deir sé “agus tóg do theach mar ní, ní fheicfidh tú iad sin go deo aríst”, agus ní fhaca. Sin é anois a bhfuil an Leachta thuas dó i gCill Rónáin.

CYRIL: Ó right.

PÁDRAIC: Sin é.

CYRIL: Ó yes.

PÁDRAIC: Father O’ Donohue.

CYRIL: Father O’ Donohue, right.

PÁDRAIC: Hm.

CYRIL: Agus ansin a’ raibh tú, a’ mbíodh tusa riamh, a’ mbíodh tusa tú féin a’ fíodóireacht sa teach nuair a bhíodh tú óg, nó an mbíodh sibh uilig a’ fíodóireacht?

PÁDRAIC: Em, bhuel cuimhním, bhí mé amuigh ansin eh i caoga trí é, chuaigh mé, an chéad bhliain a chuaigh mé a’ deilbh bréidín tá ’fhios a’m gur ….

CYRIL: …. Hm ….

PÁDRAIC: …. fear Ghort na gCapall a thosaigh mé agus ansin eh tá ’fhios a’m go, go, go ndeachaigh mé eh fíochán ceart, ní mórán de a rinne mé, cúpla bliain, tá ’fhios a’m caoga seacht, caoga ocht agus cuimhním ansin nuair, nuair a stop sé, ní dheachaigh sé níos faide ná sin a’ bhfuil ’fhios a’d, sea.

CYRIL: Agus cén chaoi a ngabhtá ina chinn ansin nuair a bheifeá tosaigh ó thús go dtí an deireadh mar a déarfá, dearaimid ghabhadh tusa isteach anois amárach ann agus déarfá tá mé a’ gabháil a’ fíodóireacht, cén chaoi a dtosófá?

PÁDRAIC: Ó bhuel Ar ndóigh chaithfinn an crann deilbh a chur le chéile mar a déarfá agus eh é a chur ar an gcrann deilbh, an dtuigeann tú?

CYRIL: Yeah, seod é an snáth anois.

PÁDRAIC: Sé, an snáth, bhuel sin é, sin é an dlúth ansin a chur ar an gcrann deilbh, an dtuigeann tú?

CYRIL: Tuigim, yeah.

PÁDRAIC: Agus nuair a thabharfá isteach sa, san, sa, sa seoladh é trí na h-úmacha agus chuile rud, a’ dtuigeann tú eh nuair a bheifeá a’ gabháil á fhíochán sé an t-inneach a chuirfeá ann, an t-inneach a bhí a’ gabháil trasna.

CYRIL: Trasna.

PÁDRAIC: An t-inneach. Chuala tú riamh an seanfhocal?

CYRIL Ní ….

PÁDRAIG: …. Deilbh an saol agus gheobhaidh tú inneach dó.(Gáire)

CYRIL: Deilbh an saol agus gheobhaidh, gheobhaidh tú inneach dhó….

PÁDRAIC: …. Sea, sin an míniú a bheadh le, tosaigh ar rud eicínt agus críochnóidh tú lá eicínt é.

CYRIL: Lá eicínt é.

PÁDRAIC: A’ dtuigeann tú, mar is minic, is minic eh, mar ghlaodh muid easna, bheadh easna air b’fhéidir eh, chaithfeadh sé fanacht go bhfaighidh sé tuile inneach le go gcríochnódh sé an rud.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Sin é a ghlaoidís easna air ….

CYRIL: …. Easna air ….

PÁDRAIC: …. Easna ar a bhréidín.

CYRIL: Easna ar a’ mbréidín. A’ raibh dhá bhealach difríocht ansin, a’ mbíodh sé a’ gabháil bealach amháin nó céard a bhíodh eh, nach mbíodh an, an snáth, na snáthannaí a’ gabháil bealaí difríocht, nach mbíodh?

PÁDRAIC: Ó bhíodh an, an, an dlúth an bealach seo.

CYRIL: An bealach sin.

PÁDRAIC: Agus an t-inneach, bheifeá, bheadh sé istigh sa smól a’d, chuirteá isteach sa smól é. Bhuel ansin bhí dhá, bhí dhá, ghlaoidís an ? ___? shuttle air.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel chaithfeá áit an leathan a bheith a’d leis sin mar ghabhadh se amach as an, ar thaobh an, an bhréidín an dtuigeann tú go dtarraingeofá ar ais aríst é, an dtuigeann tú?

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Ansin mar a deir mé eh na, nuair a bheifeá, chaithfeá le do láimh mar sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, bheadh do láimh mar sin, chaithfeá mar sin é agus bheadh sí i ngreim a ’d sa, sa, san taobh eile, bhuel ní bheadh aon ghá duit leithead mór a bheith ansin, dhéanfá, sin rud eile.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: So sin é a bhí thoir anois acub i, i gCill Rónáin mar tógadh pictiúir ansin an áit a raibh Matt Mullen, a bhfuil Matt Mullen anois.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Mar a déarfá.

CYRIL: Yeah. Chonaic mé ….

PÁDRAIC: ….­“___+? dhá chaith lena láimh a bhí sé sin mar ní fhéadadh sé an rud eile….

CYRIL: …. Mar bhí sé chomh, bhí sé, yeah.

PÁDRAIC: Yeah, yeah.

CYRIL: Agus ansin a’ raibh, a’ raibh designs difríocht agaibh, a’ raibh, a’ raibh, a’ mbíodh ….

PÁDRAIC: …. Bhí, bhí yeah, bhí préachán singil bhuel agus ansin an herringbone bhuel chaithfeadh cheithre mhaide cosa a bheith a’d lena aghaidh sin, bheifeá ag tógáil mar sin, dhéanadh, ní bheadh a’d ach dhá mhaide cois le, leis an bpréachán singil.

CYRIL: Singil, yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh an, an phluid ann agus bhí, ach ní fhaca mise ach písín beag, píosa beag de sin, ní dhéanadh m’athair ach píosa beag de sin, ghlaoigh dís an Birds Eye air agus go aon fhear amháin anseo a dhéanfaí é, siar ansin an bóthar, Beachla Sheáin, bhíodh sé sin eh i dtosach anseo [ar a] bheist aige ach sin é an t-aon duine amháin.

CYRIL: Birds Eye.

PÁDRAIC: A raibh a leithéid, a bhí a’ caitheamh an Bhirds Eye.

CYRIL: Agus ansin an, an rud é féin, an mbíodh dathannaí air, déarfaimid ar an snáth, na snáthannaí difríocht, an gceannófá isteach é sin le dathannaí air nó mbíodh, an mbeidís féin ag cuir dathannaí air ….?

PÁDRAIC: …. An dlúth, an dlúth, chuiridís síos olann anseo agus chuiridís sa bhfactory é agus thiocfadh an dlúth aníos acub, is minic eh a bhínn anseo agus gheofá bróg agus chuirteá na farsadaí ann agus bheifeá dhá windeáil, bhíodh, bhíodh agus ansin shníomhadh muintir na, ina n-áit féin é, shníomhaidís an, an, an t-inneach mar a déarfá, bheadh, bheadh, bhí rudaí móra, bállanaí móra mar sin an dtuigeann tú, bheadh.

CYRIL: So, agus ansin, níor aire tú riamh go mbídís a’ cur dath ansin ann.

PÁDRAIC: Ó bhíodh, bhíodh.

CYRIL: Bhíodh, bhídís cur dath….

PÁDRAIC: …. Bhíodh.

CYRIL: An mbíodh rudaí “___+”….

PÁDRAIC: …. Dath gorm, yeah bhíodh.

CYRIL: Sort le an shined gorm sin sort “___+”.…

PÁDRAIC: …. Sea, sea, yeah, níor chuala tú caint ar indigo.

CYRIL: Indigo.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Bhuel an dath, tá ’fhios a’m an dath yes, yes.

PÁDRAIC: Sea, bhídís eh, bhídís ag cur an fual air go ….

CYRIL: Á, yeah.

PÁDRAIC: Sea, bhuel sin é, dhéan, dhéanaidís é sin air le go, sin é a dhéanaidís….

CYRIL: …. Yeah.

PÁDRAIC: Chaithfeadh sé a bheith acub, yeah.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Nárbh iontach an rud é sin anois ….

CYRIL: …. Ach, agus ansin ….

PÁDRAIC: …. Plúirín, plúirín.

CYRIL: Plúirín?

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Yeah, níor aire mé an focal sin riamh anois.

PÁDRAIC: Gorm….

CYRIL: …. Agus an mbeadh rud ar bith eile ansin, ní raibh tada ar bith beo eile ansin a d’úsáidís nó an mbídís, a’ mbídís in ann é a fháil as Gaillimh le dath air, le dathannaí áirid air?

PÁDRAIC: Ní, ní, ní cheapainn é, dhathaídís an olann gorm agus, agus, agus em shníomhaidís é.

CYRIL: Shníomhaidís é. Agus de réir éadaí mná ansin, dá mbeadh éadaí nós sciorta, an sciorta dearg, a’ mbídís é sin a dhéanamh, a’ mbídís a’ déanamh na sciortaí dearga, nó an gceannófaí isteach iad sin?

PÁDRAIC: Eh ó, by dad ní fhaca mé dearg dhá dhéanamh riamh.

CYRIL: Riamh.

PÁDRAIC: Sé ’n chaoi a ndathóidís é sin. Báinín a dhéanamh agus dhathóidís é.

CYRIL: Sé ’n chaoi a ndathóidís é sin….

PÁDRAIC: …. Á ní fhacas ach chonaic mé snáth gorm, glas freisin.

Yeah , glas.

CYRIL: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d, déarfaimid anois a’ mbeifeá i bhfad a’ plé le, le, dá mbeidís, dá mbeifeá amuigh ansin amárach, dá mbeifeá a’ déanamh slat éadach, cé chomh fada agus a bheifeá, dá mbeifeá go maith anois agus á dhéanamh chuile lá, cé chomh fada a thógadh sé le slat éadach a dhéanamh déarfaimid?

PÁDRAIC: A bhuel ní thógadh sé, ní thógadh sé, a’ bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh duine ann a bheadh oilte mar a bhí m’athair anois ’s deilbh aige, siúl aige dhá chaitheamh, á caitheamh mar sin an dtuigeann tú, a’ bhfuil ’fhios a’d?

CYRIL: Bhí cleachta aige air.

PÁDRAIC: Bhí cleachta aige sin air ach ní raibh mórán a’msa ach cúpla, cúpla tamall, ach tá ’fhios a’m go raibh, níor mhaith leat a bheith a’ fanacht liomsa ceart go leor (gáire).

CYRIL: (Gáire) Agus a’, a’ mbídís a’ teacht ansin ag a’ teach, a’ mbíodh’, a mbíodh daoine a’ teacht ag a’ teach ansin?

PÁDRAIC: Bhíodh, d’fheicinn, is minic bhíodh, bhuel sé an áit a raibh an doras anois, sin é an áit a raibh an doras sin, sin é an áit a raibh, a raibh an drisiúr ach bhíodh stól ansin mar a déarfá, formna, shuíodh ceathrar fear síos air agus cuimhním go mbeadh ceathrar as Inis Oírr ansin, ina suí síos ansin.

CYRIL: Agus thiocfaidís as Inis Oírr?

PÁDRAIC: Thiocfaidís agus shiúl, shiúlaidís anoir mar eh tá, bhuel Ar ndóigh sé an chaoi a raibh sé an t-am sin, ní go minic a thiocfaidís anoir, agus ba mhaith leob an t-oileán a fheiceáil agus eh, agus rud eile ní rud é le cur ar, ar asal ach an oiread, na ceirtlíní, d’iompróidís ar a ndroim iad….

CYRIL: …. Bhí sé níos éasca é a iompar, yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Ach is minic a d’fheicinn m’athair ansin agus ainsiléad aige agus an, an, an ceathrar, nó triúr, triúr corraí a’ bhfuil ’fhios a’d agus an, iad eh ….

CYRIL: …. “___+” ….

PÁDRAIC: …. Thagadh, thiocfadh an criú anoir uilig a’ bhfuil ’fhios a’d mar a deir mé cheana ba mhaith leob an t-oileán a fheiceáil, a’ dtuigeann tú.(Gáire)….

CYRIL: …. D’fhanaidís píosa istigh ansin?

PÁDRAIC: Ó sea, ó sea agus b’fhéidir go n-ofrálfaidís tae dóibh i gcás speisialta, yeah mar ….

CYRIL: An mbíodh aon duine áirid ansin a’ déanamh deilbh, iad féin, a’ mbídís in ann é a dhéanamh ….?

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh ….

CYRIL: …. Deilbh, daoine áirid ….

PÁDRAIC: …. bhuel chonaic mé bean amháin anois agus, agus eh, bean amháin agus iníon le, bhí sí in ann é a dhéanamh, tá sí beo i gcónaí, bean Chóilín Fitz as Gort na gCapall, bhí sí sin in ann é a dhéanamh agus bhí a máthair, aníos as eh ….

CYRIL: …. As Mainistir.

PÁDRAIC: As Mainistir, bhí ó bhí sí sin chomh maith in ann deilbh linn féin, bhí, bhí sí, b’iontach, bhí, bhí.

CYRIL: Cé, a’ bhfuil ’fhios a’d, cén obair eile ansin do mhuintir iad féin taobh amuigh gon, gon, gon fíodóireacht mar a déarfá, bhí saol is dóigh sách maith le baint as fíodóireacht an t-am sin?

PÁDRAIC: Á muise, ní raibh sé chomh tréan sin ar ndú, ní raibh, mar ní raibh an t-airgead ann.

CYRIL: Ach ansin taobh amuigh dhó sin cén obair eile a dhéanfadh do mhuintir agus sibh féin?

PÁDRAIC: M’athair ….

CYRIL: …. A’ mbíodh sé ….

PÁDRAIC: …. ó bhí sé ag iascach amach sna, sa gcurach agus eh cur, cur fhataí agus cabáiste agus na rudaí mar sin, níl ’fhios a’m cén chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach bhí sé in ann é a dhéanamh .…

CYRIL: …. Agus è ag obair ….

PÁDRAIC: …. ag obair le feamainn, sea, cuimhním ar an eh tornóg dheireanach a bhí i bPort Chorruch, bhí sé, bhí mé thíos in éineacht leis, ní raibh mé ach dhá bhliain déag.

CYRIL: Sin í an tornóg deireanach ….?

PÁDRAIC: …. A cheapainn go b’í an tornóg dheireanach i bPort Chorruch.

CYRIL: I bPort Chorruch.

PÁDRAIC: Ach b’fhéidir, coinníodh cúpla bliain eile ansin, sin é [naoi déag] ceathracha seacht, tá mé a’ ceapadh gur coinníodh, gur bliain eile thoir ag barr an phointe nó áit mar sin. Ach ba shin í an tornóg dheireanach thíos ansin. Tá ’fhios a’m go raibh cárnáinín síos agus bhí cléibh aige agus mé féin in éineacht leis, an dtuigeann tú.

CYRIL: Agus a’ mbídís, a’ bhfuil ’fhios a’d anois, déarfaimid t-athair agus iad sin, an mbídís ag obair san oíche deireanach ann?

PÁDRAIC: Ó bhíodh.

CYRIL: Bhíodh.

PÁDRAIC: Bhíodh, mar inseoidh mé “___+” ach tá sé seo a’ gabháil i bhfad siar, bhíodh eh sáirsint thoir i gCill Rónáin, Sergeant Faherty a bhí air, bhí sé an-ghéar, speisialta ag poitín.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Bheadh, b’fhéidir go mbeadh bairillí a mbeadh poitín nó duine eicínt a’ díol poitín nó rud eicínt ach bhí an cleabhar uilig air, ach an lá seo tháinig sé isteach ag m’athair agus bhí m’athair ag fíodóireacht leis, “A’ mbíonn tú ag obair deireanach”, “Ó bím”, “Tá ’fhios a’msa go mbíonn” a deir sé “mar níl aon oíche le sé seachtainí nach ndeachaigh mise thar an bhfuinneog sin ag a dó a chlog agus bíonn [tusa], feicim thusa ann i do shuí a’ fíodóireacht”.(Gáire)

CYRIL: Ag [a] dó a chlog ar maidin agus gan aon solas maith ach an oiread taobh amuigh “___+” ….

PÁDRAIC: …. Ó coinneal, coinneal….

CYRIL: …. Coinneal, yeah.

PÁDRAIC: Coinneal, sé an chaoi a mbeadh ruaig beag mar sin anois mar a déarfá aige agus eh, coinneal crochta. Bhuel nárbh iontach an rud é sin ansin ….

CYRIL: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. Sin é a mbíodh go, a mbíodh go sholas aige.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí an-, bhí an-, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí an-amharc acub….

CYRIL: …. acub, caithfidh sé go raibh mar le bheith ag obair dorcha mar sin….

PÁDRAIC: …. Yeah bhí, bhí sea.

CYRIL: De réir léamh féin ní raibh ann ach ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. Bheadh, chuirfidh sé as go na súile. Agus tá mé a’ gabháil mb’fhéidir tosaigh le beagán, ruainne beag mb’fhéidir faoi imirce ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. agus daoine a chuaigh sall go Meiriceá agus daoine a chuaigh anonn agus ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. A’ ndeachaigh tú féin go Meiriceá?

PÁDRAIC: Chuaigh, chuaigh agus eh ba deacair liom a dhul ann ceart go leor ach eh bhí, bhí, tá an-áthas orm go ndeachaigh mé ann, gur imigh mé as an oileán ….

CYRIL: …. Go ndeachaigh tú ann, yeah.

PÁDRAIC: An dtuigeann tú agus go bhfaca mé, yeah, ní raibh mé i Sasana riamh. Bhí mé trip amháin a’ braith ar na, na, a dhul, na saighdiúirí a joineáil ach ní rinne (Gáire).

CYRIL: (Gáire).

PÁDRAIC: Ach bhí fonn orm imeacht, bhí, bhí, ach níl ’fhios a’m ach níor, níor fhan mé i Meiriceá ach achar, achar beag gearr.

CYRIL: Agus eh cén, cén bhliain a d’fhág tú Árainn nó?

PÁDRAIC: [Naoi déag] Seasca ’s a seacht sea, agus bhí mé i gcúpla áit ansin, bhí mé i Harvard Square, bhí mé ag obair ar, tá, tá, tá teach cúirte ansin a raibh mé ag obair air, Cambridge Courthouse. Chaith mé scaitheamh, scaitheamh istigh san MIT ag obair, deireann siad janitors a ghlaonn dar, ag scuabadh na, na háiteachaí ansin. Is iontach an, an choláiste í sin, an MIT, yeah. Bhuel a’ dtuigeann tú an chaoi ar fhág mé an MIT agus bíonn, bíonn, bíonn an-aiféala ó shin orm gur, gur fhág mé é sin eh bhí an oiread seo, sé an chaoi arjoineáil mé i dtosach mar a déarfá, bhí mé ag obair ag contractor agus bhí sé ag cur eh píosa nua amach as an MIT agus lá amháin bhí mé i mo shuí síos cois an bhalla ag caint, ag ithe mó bhéilí, dhinnéar in éineacht le cúpla lead eile agus by dad deir siad liom gur cheart dom an áit seo a joineáil agus bheadh pinsin agus bheadh chuile short ann agus bydad rinne mé m’intinn suas agus bhí agallamh ansin [agam] agus cuireadh an teist céanna orm a cuireadh thuas i mBlá Cliath, súile agus chuile rud agus tugadh ón trí a chlog dhom go dtí an h-aon déag san oíche ag obair ann mar déarfá, ach eh bhí mé an-dearmadach, tá mé dearmadach i gcónaí. Bheadh boscaí litreachaí ar, ar, ar an mbord agus eh bhí mé, rinne mé dearmad ar, ar aon bhosca litreachaí amháin agus by dad, fuair mé fógra eile freisin, bhínn a’ ligean isteach daoine mar a déarfá, mar b’fhéidir go dtiocfadh sé seo “? d’fhág mé leabhar istigh”

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel bhí na heochrachaí a’msa agus b’fhéidir go raibh said ceart an dtuigeann tú .…

CYRIL: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. Ach fuair mé “__+” mar tá chuile dhuine in ann siúl isteach ansin agus b’fhéidir go raibh said ceart a’ dtuigeann tú ach a’ dtuigeann tú ach eh dúirt sé liom “bhuel” a deir sé “tá tú alright ag obair amuigh ar construction ach istigh anseo anois níor mhór duit, ach bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanfas mé leat tabharfaidh mé amach tú go dtí an príomh chistineach agus ma phrováileann tú thú féin amuigh ansin tabharfaidh muid ar ais arís thú”. Bhí mé cúpla lá ceart go leor ansin ach fuair mé uaigneach, níl ’fhios a’m beo cén fáth a bhfuair mé uaigneach nó a’ raibh, ach eh chuaigh mé ar ais agus dúirt mé go raibh mé a’ quiteáil ach bhí, tá aiféala ? shin orm ….

CYRIL: …. Ba shin é a dheireadh sin….

PÁDRAIC: .… “__+” d’fhéadfainn suí síos in éineacht le student eile agus dúirt sé liom go mbeadh mo bhricfeasta a’m.

CYRIL: Yeah….

PÁDRAIC: …. Agus chuile rud, bhíodar an-mhaith dom.

CYRIL: Yeah. Agus a’ raibh mórán a’ gabháil anonn an t-am sin a Phádraic, a’ raibh go leor as an oileán seo an t-am sin ag fágáil.

PÁDRAIC: …. A bhuel bhí i gcónaí ….

CYRIL: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. Bhí, sin seasca agus a seacht bhí, bhí mar yeah .…

CYRIL: …. Agus céard faoi siar nuair a bhí tú óg, a’ mbíodh go leor daoine a’ fágáil as an mbaile seo?....

PÁDRAIC: …. Ó bhí….

CYRIL: …. As Fearann an Choirce ….?

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh agus d’fhágaidís ag na tithe an t-am sin ag craith láimh, an dtuigeann tú, mar…

CYRIL: …. Deiridís “___+” ….

PÁDRAIC: …. Bhí sé sin ann mar a déarfá a’ bhfuil ’fhios a’d agus go leor acub a’ bhfuil ’fhios a’d b’fhéidir nach bhfaca, nuair a d’imeoidís eh nach, nach mb’fhéidir go dtiocfaidís ar ais go brách nó á dtiocfadh, níorbh é an faisean é a theacht i gcúpla bliain mar tá said anois. Ar ndóigh tá said a’ gabháil siar agus aniar anois mar a….

CYRIL: …. Tá sé i bhfad níos éasca anois ….

PÁDRAIC: …. bheadh siad a’ gabháil síos Gaillimh a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Hm, tá ….

PÁDRAIC: …. Ach an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d….

CYRIL: …. Yeah. Ba mhór an rud é ….

PÁDRAIC: …. Cheapfaí go mbreathnódh sé aisteach á dtiocfá aniar as Meiriceá i gcúpla bliain.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: An dtuigeann tú, mar is iondúil go dtiocfaidís aniar agus b’fhéidir go mbeadh hata agus iad gléasta amach, seaicéad, an dtuigeann tú ach eh a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: A’ mbíodh na yanks sin ansin, a’ mbídís sin a’ déanamh, a’ déanamh gaisce beag nó an mbíodh aon ghaisce acub….

PÁDRAIC: …. Á Ar ndóigh b’fhéidir go mbíodh (gáire).

CYRIL: (Gáire) Yeah.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m fear amháin anois, tháinig sé thoir anseo thoir, Dirrane a bhí air, ach an chéad, chuaigh sé a’ gabháil, a’ gabháil síos a’ gabháil a’ marú ballach ach an fear bocht (gáire) tháinig sé an tráthnóna seo aníos agus duán, an duán anseo agus (gáire) ach tá ’fhios a’m go, gur siar sa seomra “___+” ach bydad “__+” chonaic mé é a’ tabhairt rásúr leis, bydad chuaigh sé siar ach bydad ní raibh sé i bhfad go, go, bhí an operation thart .

MARGARET: (Gáire)

CYRIL: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhí an doras dúnta, (gáire) bhí an doras dúnta ach an fear bocht, bhí sé i bpian ach cé a d’fheiceadh muid a’ gabháil síos aríst agus “___+” arís agus an, an “__+” aríst aige (Gáire)

MARGARET: (Gáire)

CYRIL: (Gáire) Ní raibh sé a’ gabháil a’ tabhairt suas go h-éasca.

PÁDRAIC: Ní raibh.

MARGARET: No (gáire)

CYRIL: Agus de réir bhí tú a’ caint ar ball ar na tithe seo amuigh anois, na daoine a bhí iontub sin, cá ndeachaigh siad sin meas tú?

PÁDRAIC: A bhuel go Meir[icea], go Meiriceá a chuaigh, a chuaigh siad.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Agus d’airigh mé gur Flaithearta a bhí, a bhí ar an bhfear a bhí amuigh ansin yeah, yeah.

CYRIL: Agus d’fhág siad chuile short ina ndiaidh nó?

PÁDRAIC: D’fhág, d’fhág, bhuel Ar ndóigh is dóigh d’fhág ….

CYRIL: …. “___+”

PÁDRAIC: …. go leor daoine an t-am sin, chuadar go Meiriceá agus d’fhágaidís an dtuigeann tú?

CYRIL: Agus ansin san am sin mura raibh mórán airgead, cén chaoi a bhfaighidís an t-airgead le dhul ar na báid?

PÁDRAIC: Bhuel sin é a dhéanfá an t-iontas de, ach Ar ndóigh bhí rudaí saor a’ dtuigeann tú, bhí an paisinéireacht saor, a’ dtuigeann tú?

CYRIL: Agus b’fhéidir go ndíolaidís meas tú an talamh sula n-imeoidís nó .…

PÁDRAIC: …. Yeah ….

CYRIL: …. an b’é an chaoi a bhfágaidís ina ndiaidh é?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh sé, b’fhéidir nach raibh mórán talamh acub, d’airigh mé scéal anseo anois a’ bhfuil ’fhios a’d, soithigh seoil a bhí ann, ach bhí sí seo a’ gabháil aniar, is dóigh gur cuireadh aniar litir am eicínt roimhe sin go rabhadar le theacht aniar ach bhí sí a’ gabháil aniar agus chuimhnigh cúpla duine a dhul amach agus curach a sheoladh leob agus a dhul amach agus bydad tháinig, ní raibh an, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí an aimsir go breá agus ní raibh ach, ar éigean a bhí sí a’ gabháil aniar a’ bhfuil ’fhios a’d ….

CYRIL: …. bhí sí mall, bheadh neart ama acub a dhul síos agus “__”….

PÁDRAIC: …. Agus chuaigh siad ar bord agus bydad cuireadh síos cébí céard a bhí acub, trunc nó boscaí nó rud eicínt sa gcurach agus landáil sé thíos, landáil siad thíos i bPoll Shíle

CYRIL: I bPoll Shíle

PÁDRAIC: I bPoll Shíle bydad agus áit mhaith, m’anam go, go, go raibh sé sin an- handy le rudaí a chur amach as curach ann. Bhí.

CYRIL: Ó bhí, bhuel dá mbeadh lá ciúin ann ….

PÁDRAIC: …. Bairillí nó rud ar bith. “__+” ….

CYRIL: …. Agus chuaigh sé isteach i bPoll Shíle, bydad.

PÁDRAIC: Sea, b’iontach an port of call a bhí i bPoll Shíle (gáire)

CYRIL: A’ mbídís a’ déanamh pirates meas tú an t-am sin, a’ mbídís, ar na báid sin a bhíodh ag gabhail aniar as Meiriceá?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, bhíodh ach ní, ní, ní chuimhním, a’ bhfuil ’fhios a’d ní bheadh aon eolas a’msa ar sin, an dtuigeann tú?

CYRIL: Ar aire tú aon chaint riamh ar aon duine a bhíodh á dhéanamh nó?

PÁDRAIC: Ó bhí, bhíodh, bhíodh.

CYRIL: A’ ngabhaidís go Gaillimh leis an mbád sin ansin nó?

PÁDRAIC: Ghabhadh. Bhí fear amháin ann, b’fhéidir a shean mhuintir as an gceann thiar b’fhéidir nach, b’fhéidir nach aige san a bhí neart air ach bhí sí a’ gabháil isteach go Gaillimh ansin ach bhuail sí

CYRIL: Bhuail sí carraig.

PÁDRAIC: Bhuail sí carraig. Ní raibh aon neart ag an bhfear air.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Ní, ní raibh.

CYRIL: Yeah, a’ bhfuil ’fhios a’d na daoine ansin a d’imigh, eh ar imigh duine amháin go minic as an gclann nó, in aon áit, go dtí áit amháin, an dtuigeann tú nó, nó mb’fhéidir go ngabhadh triúr nó ceathrar san áit céanna?

PÁDRAIC: Á bhuel is iondúil go ngabhadh, an dtuigeann tú, b’fhéidirBoston anois agus New York agus na háiteachaí sin, eh New York agus Boston agus Chicago agus na háiteachaí [sin] d’airigh mé caint air ach ….

CYRIL: …. Sin iad na háiteachaí is mo a théidís?....

PÁDRAIC: …. Boston is mó a ghabhadh na daoine, tá mé a’ ceapadh thart anseo, yeah.

CYRIL: Céard (--) Nuair a chuaigh tusa sall, cén chaoi a ndeachaigh tú sall, cén chaoi a ndeachaigh tú go Meiriceá?

PÁDRAIC: Eh, bhuel Ar ndóigh ar phlane an t-am sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, ach ansin mo dhreabharachaí agus mo dheartháireachaí ar bháid a chuadar sin, an t-am sin, sea.

CYRIL: Agus ar thóg sé i bhfad orthub sin a dhul sall?

PÁDRAIC: A is dóigh b’fhéidir chúig lá.

CYRIL: A’ gcuimhníonn tú ar aon cheann, ainm a bhí ar aon cheann go na báid a bhíodh a’ gabháil ann an t-am sin nó, a’ gcuimhníonn tú ….

PÁDRAIC: Muise Ar ndóigh chuiridís na hainmneachaí aniar ach tá dearmad déanta a’m anois orthub, a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Cá mbíodh na báid sin ansin a’ fágáil as?

PÁDRAIC: As Corcaigh. Cuimhním ar, cuimhním ar a’ liner a d’fhág, ach bhí mé fíor bheag, tá a fhios a’m, chuaigh mé amach ansin, [ar an tsráid ag a theach] bhí sí a’ gabháil go, go, go, eh a’ gabháil siar go Meiriceá, liner agus eh cén t-ainm a ghlaofá ar an mbean a chuaigh an baistí liom, a chuaigh an baistí liom, Kate a bhí uirthi, Dillane as, as Eochaill agus bhí sí uirthi. Bhí sí a’ gabháil go Meiriceá.

CYRIL: A’ gabháil go Meiriceá.

PÁDRAIC: Sea ­­“___+” ….

CYRIL: …. Agus ar tháinig sí ar ais riamh?

PÁDRAIC: Ó tháinig , tháinig sí cúpla babhta ar ais, tháinig, sea. Sí a chuaigh an baistí liom.

CYRIL: Agus bhí tú, bhí tú ag breathnú ar an mbád a’ gabháil siar….

PÁDRAIC: …. Yeah, cuimhním ar na soilse ach níor tháinig, ansin níor tháinig aon liner eile aríst ansin ann is dóigh go raibh sé eh na seascaidí nuair a tháinig an, nuair a tháinig na liners, an liner aríst, nuair a thosaigh sí aríst, a’ dtuigeann tú?

CYRIL: Thosaigh sí aríst a’ gabháil anonn….

PÁDRAIC: …. Sea, níor tháinig aon, yeah.

CYRIL: Agus ansin a’ mbídís meas tú tinn ar na báid seo fadó, ar na báid, a’ mbídís?

PÁDRAIC: A bhuel is dóigh go mbeifeá tinn ….

CYRIL: …. Droch aimsir….

PÁDRAIC: …. A’ bhfuil ’fhios a’d go, go gcasfaí droch aimsir leob, yeah, yeah.

CYRIL: Agus bia ansin, cén chaoi a mbídís ar bhia, cén chaoi a raibh sibhse anois, a’ raibh bia agaibh ar a’ bplane nuair a bhí sibh a’ gabháil sall?....

PÁDRAIC: …. Ó aise ní raibh mé chomh fada ann ach, ach eh tá mé a’ ceapadh go ngheobhfá.

MARGARET: Sé uaire an chloig nó seacht?

PÁDRAIC: Chúig uaire a’ gabháil siar, eh cheapainn go bhfaighfeá, gheofá agus gheofá deoch ann freisin, an té a bheadh in ann é a ól, deoch meisciúil freisin.

CYRIL: Deoch meisciúil, yeah. Agus nuair a bhí siad ag imeacht anois le do lionsa agus mb’fhéidir roimhe….

PÁDRAIC: …. Sea.

CYRIL: Céard, cén fáth ar imigh siad?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh ní raibh aon cheo le, ní raibh aon slí mhaireachtála anseo acub, mar a déarfá, ní, ní raibh.

CYRIL: Tada.

PÁDRAIC: Bhídís a’ baint charraigín b’fhéidir a n-athaireachaí a’ plé le feamainn an dtuigeann tú, bhíodh an ceilp ann, bhuel ansin ní chuimhnímse ar ach, ach, ach an deireadh agus ansin ní raibh aon, ní raibh aon obair le déanamh ag lead óg an t-am sin, timpeall, chaithfeadh sé a dhul in áit eicínt.

CYRIL: Ní raibh factory ’s .…

PÁDRAIC: Ach Meiriceá, Meiriceá is mó a bhí an rud.

CYRIL: A chuaigh, a chuaigh daoine?

PÁDRAIC: Yeah, agus cuimhním nuair a bhídís a’ teacht isteach sa scoil ag craith láimh leis an múinteoir agus linn féin.

CYRIL: Agus a’ mbíodh party sa teach ansin, a’ mbíodh, a’ mbíodh sort cóisir ….?

PÁDRAIC: …. Bhíodh, amannaí bhíodh, cuimhním féin air, bhí party trip amháin anseo go chúpla duine, na Dillanes thoir anseo, ach eh bhí party anseo agus bhí ceol ann, cuimhním air, an fear bocht, tá sé básaithe anois, athair Barry Ronan, nó glaoimid air, Máirtín eh Pat Joe Jack. Bhí sé anseo, bhí sé go maith, Paitín Jack a ghlaodh siad air.

CYRIL: Bhíodh sé a’ casadh?

PÁDRAIC: Bhí sé, bhí sé anseo, bhí. Bhíodh agus bhíodh bairille pórtair ann, bairille a raibh pórtar ann agus muiginí. Bhí sé go deas. Sea.

CYRIL: Agus cén sort ceol a bheadh ansin ann, cén sort uirlisí ceoil mar a déarfá?

PÁDRAIC: Á bhuel melodeon, accordion, nach iontach an rud é, ní, ní fhaca mé an veidhl[ín] ag aon duine riamh as an áit ag casadh veidhl[ín], nach aisteach an rud é sin anois.

CYRIL: Hm, hm, yeah.

PÁDRAIC: D’airigh mé go raibh daoine. [Bhí] fear i gCill Mhuirbhigh - fear a ghlaodh [siad] Mike Wallace air ach sé an chaoi a bhfuair sé, caith, maraíodh é amuigh, amuigh sa bhFrainc.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Sé.

CYRIL: Sin é, ó sin é a bhí, a cuireadh an, an litir anall, an, an ….

PÁDRAIC: …. Sé, tá sí a’m i gcónaí, sea….

CYRIL: …. Agus tá sí a’d i gcónaí….

PÁDRAIC: Sea, sea, “___+” yeah.

CYRIL: Agus a’ mbíodh, a’ bhfuil ’fhios a’d eh ag an gcóisir seo ansin bhíodh an Jews Harp acub, a mbíodh?

PÁDRAIC: Á bhíodh trumpa.

CYRIL: Trumpa.

PÁDRAIC: Ó bhíodh sé sin a’inn, mouth organ, bhí sé (gáire) corr dhuine go maith

CYRIL: S’ a’ mbíodh an raca?....

PÁDRAIC: …. Mike Chéitín, bhí gaol aige le, Mike Chéitín a ghlaodh muid air, bhí sé, bhíodh muid thiar ansin sa shed agus by cripes bhíodh an-spóirt a’inn, bhíodh ach ansin fuaireadh na accordions ansin, yeah.

CYRIL: D’imigh go leor.

PÁDRAIC: Tá duine amháin acub anois an fear bocht, tá sé imithe anois, John Joe, bhí sé thar cionn.

CYRIL: Thar cionn ar an accordion.

PÁDRAIC: Yeah, ach ansin tá mé ag caint ar siar aimsir, bheadh bainis anois ann. Ní chloisfeá mórán ceoil an t-am sin mura mbeadh bainis ann, bhíodh eh mórán cúpla, chuile bhaile, bhíodh cúpla duine a bhíodh in ann ceol a chasadh.

CYRIL: Ceol a chasadh, yeah.

PÁDRAIC: Bhí, máthair Bhrian Powell, bhí sí in ann ceol a chasadh, bhí eh agus bhí thoir ansin i gCill Rónáin, Malachi Beatty agus PJ Mullen, bhíodar go maith, bhí agus cúpla duine eile. Bhíodar siar faoin gceann siar freisin, bhíodar in ann ceol a chasadh, a bhí, mórán, bhí.

CYRIL: Nuair a bhídís sin ag fágáil, cén chaoi a raibh a gcuid Béarla sin tar éis fágáil amach as an scoil sula ngabhaidís sall, an mbíodh Béarla maith acub nó an raibh sí sort briste?....

PÁDRAIC: …. A bhuel ní rabhadar in ann b’fhéidir, ní rabhadar in ann b’fhéidir a dteanga a chasadh air ach bheadh ’fhios acub dá ndéanadh tusa aon, aon rud, aon mhistake a’ dtuigeann tú. Á bhí, thuigeadar, ó bhí an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Ach ní raibh dar ag iarraidh ach an cleachta a fháil air. Ach an dtuigeann tú ní, ní raibh sé ina, ní raibh, ní fhéadfaidís a bheith mar, an taobh seo anois Béarla, Gaeilge a bhíodh á labhairt uilig. Muintir Chill Rónáin, bhíodh Béarla acub sin, acub féin, bhídís, bhí cleachta acub sin a’ labhairt an Béarla eatarthu féin, ach ní raibh an dream a bheadh anoir anseo, nó siar anois an chuid eile gon oileán, ní raibh.

CYRIL: Ní raibh.

PÁDRAIC: Ach ní h-é sin le rá nach raibh Béarla acub, bhí, bhí.

CYRIL: Bhí a ndóthain acub….

PÁDRAIC: …. Á bhí, á bhí, bhí, cheapainn go raibh anois, ní, ní.

CYRIL: Ach meas tú ansin an té a bheadh, nach mbeadh aon Ghaeilge [Bhéarla] maith aige, ar chur sé sin aon, as dhó nuair a chuaigh sé, é nó í, nuair a chuaigh siad sall go Meiriceá. Ar sort, ar bhain sé sin uathab, you know.

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: Mar, de réir jabanna a fháil, mura mbeadh an, na qualifications a’d?....

PÁDRAIC: …. Mara mbeadh béarla a’d ?

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Á bhuel cinnte é sin, cinnte é sin, chuireadh sé isteach ort mar, mura raibh, mara raibh an Béarla a’d.

CYRIL: An Béarla a’d

PÁDRAIC: Béarla maith, agus a’ déanamh suas freisin, sums, bhí sé sin, mar [cuimhním], tá ’fhios a’m féin é sin.

CYRIL: Tá sé sin tábhachtach, tá sé.

PÁDRAIC: Á, cinnte bhí.

CYRIL: Ar casadh ar ais meas tú mórán riamh, mórán daoine, mar a déarfá, ar airigh tú faoi aon duine a casadh ó Mheiriceá mar gheall ar rud ar bith nó an raibh cead acub diúltú duit a dhul isteach sa tír?

PÁDRAIC: Bhuel, a dhiabhail ní, ní, ní cheapfainn é.

CYRIL: Agus ar aire tú faoi aon duine riamh as Árainn anois a chuaigh sall agus a chuaigh ag an Gold Rush?

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: A bhí sa nGold Rush, níor airigh tú faoi aon duine a chuaigh amach ansin nó rudaí, nó rud ar bith ar bith difríocht mar a déarfá?

PÁDRAIC: Bhuel eh bhí duine go na Gillans a bhí[ taobh eile] ansin, bhuel mo fhamily féin a’ gabháil siar mar a déarfá, uncail go mo athair.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Chuaigh sé go, sall, chuadar sall ansin agus bhíodar ag iascach amach as Cape Ann.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Agus eh an George seo, chuaigh sé sall ach bhí sé amuigh an oíche mí-ámharach seo an dtuigeann tú agus eh chonaic siad, chonaic siad bileogaí a’ tíocht anuas agus bhíodar scaitheamh maith amach ag na banks ansin agus ansin thuig, thuigeadar go raibh gála in áit eicínt ach eh bhí sé a’ raibh leis an bhfear “bhuel anois nuair a fheiceas tú an fear sin ag ligeann anuas a chuid seolta, ligfidh muid anuas na seolta?. Ach shéid sé an oíche sin agus bádh go leor báid. Agus d’fheiceadh sé a’ gabháil thart ar maidin iad, na báid iompaigh agus “___+” mar sin ach scanraigh sé agus ní, chuaigh sé ag obair in áit eicínt eile agus ní, níor fhan sé i bhfad i Meiriceá. Is dóigh gur chuir, chuir an rud sin ….

CYRIL: …. Tháinig sé anall aríst ….

PÁDRAIC: …. Bhíodh go leor báid dhá mbádh ansin ag Cape Ann agus síos ansin.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Yeah, bhíodh.

CYRIL: Yeah, agus céard is mó a rinne na hÉireannaigh nuair a chuaigh siad go Meiriceá, cén obair is mó a dhéanaidís?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh chuile obair, na créatúir chuile obair, ag obair sna factories agus chuile obair a gheobhaidís, an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah, agus a' labhróidís aon Ghaeilge thall, thall ansin?

PÁDRAIC: Ó cinnte….

CYRIL: …. Labhródh, is dóigh.

PÁDRAIC: Stop, labhródh.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh áit ansin a ghlaoidís Tannery air, bhí go leor acub ag obair ann, bhíodh sea, ach bhídís ag obair 's chuile áit eile, a' dtuigeann tú, ag obair ….

CYRIL: …. Agus ar fhan aon duine acub ….

PÁDRAIC: …. Longshore Longshore, thíos ag na, thíos ag na báid freisin, bhíodar, bhíodar ag obair ansin freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d “___+”

CYRIL: Ar ndóigh bhí cleachta acub ar a’ bhfarraige….

PÁDRAIC: …. Bhuel bhí cleachta ar an obair chrua acub, a’ dtuigeann tú, bhí.

CYRIL: Agus ar, ar fhan siad leis an sóirt, na ceirdeannaí, dá mbeadh ceird acub sin a’ gabháil sall anois, bíodh sé ina fhíodóir nó ina, ag obair le, le rud a’ bith, ar fhan sé lena cheird féin, go leor acub a chuaigh sall nó ar athraigh dar ceird, nó a’ gcaithfidís ceird a athrú?

PÁDRAIC: Ghabhadh roinnt acub sall, b’fhéidir go mbíodh sort ceird acub, siúinéireacht nó handy mar sin ach níl ’fhios a’m a’ mbeadh aon mhaith thall an t-am sin ann. Bhuel is dóigh go mbeadh ach a’ dtuigeann tú, yeah.

CYRIL: Agus bhí muinn a’ caint ar ball ar sin, a’ bhfuil ’fhios a’d na héadaí a bhíodh orthub a’ gabháil sall anois, a’ gceannóidís éadaí nua you know meas tú san sean aimsir féin, an gceannóidís nó an mbeadh cibé céard a bhí orthub….

PÁDRAIC: …. Á bhuel bheadh siad ag iarraidh a bheith, níorbh iad a n-éadaí féin a bhíodh orthub tá mé a’ ceapadh, níorbh iad, níorbh iad a’ dtuigeann tú, bhídís ag iarraidh éadaí roinnt eh, sea.

CYRIL: Sóirt mb’fhéidir maith “___+” ….

PÁDRAIC: …. Sea, as Gaillimh nuair a bheidís a’ gabháil go Meiriceá, cinnte é sin, bhíodh.

CYRIL: A’ raibh, a’ gcoinneoidís lena gcuid féin thall, a’ gcoinneoidís lena muintir féin nó “ ___+?….?

PÁDRAIC: …. Á bhuel choinneodh, choinneodh, bhuel cuid acub ansin b’fhéidir a d’imeodh amach agus a dhéanadh a mbealach féin ach bhí, bhídís a’ dtuigeann tú a’ cruinneáil le chéile ’s áiteachaí a’ dtuigeann tú, you know damhnsaí a’ bhfuil ’fhios a’d, choinneodh.

CYRIL: Bhíodh go leor is dóigh séipéil ’s rudaí “___+” ….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh, bhuel an dtuigeann tú bhí, bhídís a’ gabháil ag séipéal áirid an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Mheetáilidís féin a chéile, a’ bhfuil ’fhios a’d, sin é an chaoi a chur siad aithne ar a chéile agus phós go leor acub mar sin. Yeah.

CYRIL: Agus is dóigh daoine as Árainn a chuaigh sall a phós freisin thall.

PÁDRAIC: Phós yeah, yeah.

CYRIL: Agus dearfaimid anois dá bpósfaí Iodálach nó dá bpósfaí Francach nó Rúiseach thall ansin cén sort breathnú a bhíodh ag na hÉireannaigh ar sin, cén sort dearcadh a bhí acub air, meas tú. Ar chuma leob dá bpósadh nó an gcaithfeá, mar a déarfá, an gcaithfeá do mhuintir féin, do chuid féin a phósadh mar a déarfá, na hÉireannaigh ag pósadh na hÉireannaigh, nó an mbídís a’ pósadh a’ bhfuil ’fhios a’d, Francaigh ’s …?

PÁDRAIC: Bhuel déarfainn nach mbíodh ach níl ’fhios a’m, b’fhéidir go bhfuil an dearcadh sin anois difríocht ach tá mé ag ceapadh go gcoinneoidís lena muintir féin, tá mé ag ceapadh yeah, le daoine as an chuid eile gon tír ar nós Conamara agus áiteachaí mar sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, even go dtí an lá atá inniu ann, tá sé mar sin.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Hm..

CYRIL: Ar tháinig meas tú mórán abhaile as, as Meiriceá?

PÁDRAIC: Tháinig roinnt agus phós siad, yeah, go leor….

CYRIL: …. Go leor, aríst, as Meiriceá.

PÁDRAIC: Go leor, tá ’fhios a’m anois go leor istigh san oileán seo a tháinig abhaile agus phós siad, socrú síos, shocraigh siad síos.

CYRIL: Litreacha as Meiriceá ansin a Phádraic cén chaoi a mbíodh….?

PÁDRAIC: …. M’anam gur bh’iontach an rud é an litir an t-am sin, b’iontach.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Yeah. (gáire)

CYRIL: Ní chuirfí aon telegrams ar chor ar bith an t-am sin, no

PÁDRAIC: Á ní raibh ach b’iontach an rud í an litir, an dtuigeann tú, litir as Meiriceá.

CYRIL: Nó parcels, a’ mbíodh parcel … an mbíodh sibh ag fáil parcelspackages?

PÁDRAIC: Bhuel, corr bhabhta, ní go minic é, a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d, sa litir ansin, a’ léifí amach an litir sin ansin ós comhair an teaghlaigh uilig?

PÁDRAIC: Sea, bhuel bhíodh sé sin ann, bhíodh.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh, tá ’fhios a’m féin nuair a bhínn anseo ag mo mháthair, bhínn a’ cur, is iontach an, d’fheicinn í, an fáilte a bheadh aici roimh theacht fear an phosta a’ dtuigeann tú, a’ bhfuil ’fhios a’d, litir as Meiriceá. A’ bhfuil ’fhios a’d anois, nach aisteach an rud é, ní raibh sí in ann scríobh ná léamh, scríobh ná léamh agus b’fhearr a bhí a fhios aici cé as an litir sin nó cé a chur uaidh í, an litir sin, ná mise, (gáire) b’fhearr.

CYRIL: Bheadh ’fhios aici.

PÁDRAIC: Bhuel d’aithneodh sí right away cé, cé, cén ….

CYRIL: …. Cé a scríobh é.

PÁDRAIC: Cé a scríobh an [litir] agus ní raibh sí in ann scríobh ná léamh ar bith a dhéanamh.

CYRIL: Cé nach raibh.

PÁDRAIC: Nach iontach an rud anois é sin.

CYRIL: Nach maith, nach maith …

PÁDRAIC: B’iontach é.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: D’aithneodh sí an láimh scríbhneoireacht ach ní, ní raibh sí in ann é a léamh, an dtuigeann tú anois?

CYRIL: Yeah, so cé a léadh an litir ansin.

PÁDRAIC: Ó léadh, léadh mo uncail nó léadh ….

CYRIL …. George ….

PÁDRAIC: …. duine eicínt eile, ní bheadh ? fhios céard a bhí sa litir.

CYRIL: Yeah. Sa bpackage ansin, a’ gcuirfí airgead actually anall sna litreachaí sin, a’ mbíodh airgead a’ teacht sna litreachaí sin?

PÁDRAIC: Ó bhí, bhí, bhíodh. Thagadh bronntanas airgead b’fhéidir faoi Nollaig anois ….

CYRIL: ….Hm ….

PÁDRAIC: …. nó rud mar sin, á thiocfadh, chuirfí.

CYRIL: Agus céard a dhéanfaí leis an airgead sin.

PÁDRAIC: Ó ar ndú, b’fhéidir riachtanaisí an tí nó mar sin, b’fhéidir go mbeadh fear a mbeadh “___” aige agus rud beag mar sin.

CYRIL: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: An dtuigeann tú céard atá mé a’ rá?

CYRIL: Yeah, agus eh an mbídís ag cur litreachaí anall go minic ansin nó ’a mbeifeá, uair sa gcéad, faoi Nollaig nó faoi Cháisc nó an bhfaighfeá sóirt mb’fhéidir faoi “___+” cúpla mí é nó….?

PÁDRAIC: …. Bhuel ba mhaith leob litir a chur anall, litir a chur anall eh faoi Nollaig, agus faoi Cháisc agus lá Pádraic agus rud mar sin, amannaí mar sin an dtuigeann tú, ba mhaith leob, ba mhaith leob litir a fháil, mar a déarfá, an dtuigeann tú céard atá mé a’ rá anois.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Yeah, ó bhíodh airgead go leor fadó á chur anall as Meiriceá, bhíodh múis.

CYRIL: A’ raibh sé i mBéarla, a’ mbeadh sé i mBéarla nó i nGaeilge?

PÁDRAIC: Ó, i mBéarla, nach iontach an rud anois é, nach iontach an rud anois é gur i mBéarla a scríobhadh, dá mbeinnse anois a’ gabháil a’ scríobh, i mBéarla, ní, ní raibh cuma ar bith orm le, ní, ní, ní …

CYRIL: …. Leis an nGaeilge?

PÁDRAIC: Nach iontach an rud é sin anois.

CYRIL: Yeah, is dóigh go raibh sé sin le go leor, a’ raibh?

PÁDRAIC: Bhí.

CYRIL: Bhí go leor daoine a scríobhadh i mBéarla.

PÁDRAIC: B’fhearr a chuadar chun cinn, an bhfuil ’fhios a’d ar an mBéarla.

CYRIL: Yeah. Cén sort rudaí a thiocfadh sna parcels, an dtiocfadh éadach, nó tobac, nó rísíní?

PÁDRAIC: Ní, ó rudaí beaga, is dóigh gur éadach is mó agus rudaí beaga mar sin, ní mórán go deimhin a’ bhfuil ’fhios a’d, ní mórán a’ bhfuil ’fhios a’d a bheifí a chur anall.

CYRIL: B’iontach an rud é parcel….

PÁDRAIC: Ba deacair, bhí sé deacair mar a déarfá, a bhí sé deacair a’ bhfuil ’fhios a’d mar a déarfá rudaí, yeah.

CYRIL: A’ bhfuil ’fhios a’d daoine ansin, ar aire tú faoi roinnt daoine a chuaigh amach as na h-oileáin seo nó amach as na ceantair seo agus a rinne go maith dóibh féin, a fuair postanna maith agus a rinne….

PÁDRAIC: Á d’airíos, mar a déarfá, bhíodar uilig ag déanamh go maith agus phós siad agus tá a gclann b’fhéidir a’ teacht ar ais aríst, rinneadar go maith, thar cionn ann, rinne.

CYRIL: Agus daoine ansin, is dóigh go rinne cuid acub sin an-dona, a Phádraic, gur tharla mí-ádh dóibh, gur tháinig mí-ádh ar chuid acub is dóigh.

PÁDRAIC: B’fhéidir go ngabhadh corr dhuine acub ar, b’fhéidir ar an ól.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Bhíodh, bhíodh sé sin ann, mar a déarfá, yeah, bhíodh.

CYRIL: Amhráin ansin, a’ mbíodh

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: Amhráin, an mbeifí ag cumadh amhráin thall ann mar a déarfá faoin mbaile, an mbíodh sort, dá mbeadh cumha orthub faoin mbaile, an mbeidís ag cumadh amhráin i Meiriceá?

PÁDRAIC: Bydad, níor airigh mé, níor airigh mé, níor airigh mé, bhuel a’ bhfuil ’fhios a’d na, na h-amhráin anois a aireos tú anois atá cumtha i gConamara, ach níor chum aon duine as an áit seo déarfainn.

CYRIL: Aon cheann.

PÁDRAIC: Sea, ach cinnte bhíodh cumha orthub.

CYRIL: Agus ar thugadar amhráin leob ansin, mar a déarfá, dá dtiocfadh duine eicínt anall mar a déarfá as Meiriceá, an dtabharfaidís amhrán nua leob dá, dá bhfoghlaimídís thall é, an mbíodh …?

PÁDRAIC: Sea, bhuel, roinnt acu thabharfaidís records anall a bhíodh ar ghramaphone, thugadh ach níl ’fhios a’m, yes.

CYRIL: An raibh mórán gramophones ansin acub an t-am sin, a’ mbeadh, corr theach mb’fhéidir?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, bhíodh.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m an chéad ghramaphone a chonaic mé féin, thuas anseo ag na Dirranes atá thuas anseo.

CYRIL: Sin é an áit a bhí an siopa?

PÁDRAIC: Sea, uncail eh, uncail go Joey Dirrane seo a bhíonns a’ teacht anall anois.

CYRIL: Oh right.

PÁDRAIC: Bhuel a uncail sin, George a bhí air, Georgy, agus bhí sé thuas ansin ach cuimhním bhí mé fíor bheag. Cailleadh a mháthair, b’fhéidir go gcuimhneoinn anois ar an tsochraide a bhí ann, a’ breathnú suas i mo lead beag, tá mé a’ ceapadh gur ceithre bliana a bhí mé, ach bhí George bocht seo an lá seo a gabháil dhá bhearradh féin ach chur sé uisce, uisce fiuchta síos, níl ’fhios a’msa ar crúca “__” ach phléasc an crúca (gáire), hold on now a deir sé (gáire) ach an fear bocht eh bhí sé roimhe sin i Meiriceá, an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Agus seod é aimsir an chogadh anois agus bhí, bhí campa ag na Mericans thíos sa taobh ó thuaidh agus chuaigh George amach ar bhád as Conamara agus chuaigh sé síos agus joineáil sé na Mericans a bhí sa taobh ó thuaidh agus sin é an chaoi a ndeachaigh sé go Meiriceá, an dtuigeann tú, mar bhí an cogadh ar siúl.

CYRIL: Yes, sin í an chéad chogadh domhanda, is dóigh?

PÁDRAIC: Ó dhiabhail, ní hé, an dara cogadh, d’éile….

CYRIL: …. An Dara Cogadh Domhanda, tús an Dara Cogadh.

PÁDRAIC: …. Sé, ní raibh mise a' bhfuil 'fhios a’d ach cheithre bliana, yeah agus ansin thug muid anuas an gramophone seo, agus eh, á bhí sé iontach, bhí, bhí.(gáire)

CYRIL: A' dtabharfaí ansin is dóigh rudaí eile anall, mar a déarfá, rudaí, déarfaimid anois radio, nuair a tháinig an radio go hÁrainn, ar tugadh anall an radio agus flash lamp agus rudaí mar sin, nó an raibh siad sin sa tír cheana féin?....

PÁDRAIC: Bhuel ní, níor aire mé anois go, gur tháinig rud mar sin as Meiriceá, i dtaobh radio anois ná rud, níor aire.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Yeah, is, is anseo a fuaireadh iad, 's nach gcuimhním féin nuair nach raibh mórán flash lamp ar bith thart ach bhíodh muid ag imeacht le crúca a' gabháil soir ag a' séipéal faoi Nollaig agus bheadh píosa go turnops, slice go turnop thíos ar a thóin mar a déarfá agus poll ann, scaoilfeá síos an choinneal mar sin agus chuirfeá cláirín a raibh, an cláirín seo, chuirteá poill ann….

CYRIL: …. Le go bhféadfadh an aer a dhul aige….

PÁDRAIC: …. An t-aer síos agus wire nó, agus sin é an solas.

CYRIL: Sórt laindéar, laindéar nó …

PÁDRAIC: …. Yeah, bhí sé thar cionn.

CYRIL: Tá sé sin suimiúil anois. Agus ansin is dóigh, a’ bhfuil fhios a’d daoiní a tháinig anall ansin, a’ raibh bealaí difríocht acub sin, daoiní a thiocadh abhaile, a’ mbídís ag tabhairt sórt buntáistí maith leob de réir rudaí nua nó bealaí nua le rudaí a dhéanamh agus

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh is dóigh ….

CYRIL: .… a bheadh foghlamtha thall acub.

PÁDRAIC: Ach ansin ní an oiread acub a tháinig anall an dtuigeann tú. Ní hea, ní, ní an oiread acub a tháinig anall agus i bhfad ó chéile a thiocfaidís anall. Bheidís i bhfad thall nuair a thiocfaidís anall, an dtuigeann tú, daoine retireáilte a thiocfadh anall, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhuel thiocfadh daoine, thiocfadh daoine anall ansin, mná, agus phósaidís anseo. Tá cúpla, bhí cúpla duine acub san oileán, phósaidís, phósadar agus thóg siad comhluadar, an dtuigeann tú, ó bhí sé sin freisin ann, san oileán uilig, bhí. Bheidís b’fhéidir dó nó trí bhlianta, nó ceathair nó cúig go bhlianta agus thiocfaidís anall ansin, yeah.

CYRIL: Agus bheidís, dhéanfaidís go maith….

PÁDRAIC: …. B’fhéidir go dtiocfaidís anall le, le bhuel le laethanta saoire nó b’fhéidir go, go, go ndéanfaí suas an match agus d’fhanfaidís ann. Tharla sé sin go leor daoine b’fhéidir. B’fhéidir “__? ar a n-intinn fanacht ach eh ….

CYRIL: .…d’fhan siad ansin?

PÁDRAIC: Ó d’fhan siad, tharla sé sin freisin.

CYRIL: Yeah. Agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d meas tú ar sheas an Ghaeilge ansin acub sin nó ar chailleadar an Ghaeilge nuair a chuaigh dar sall agus ní labhróidís í nuair a thiocfaidís anall?

PÁDRAIC: A b’fhéidir anois ach bydad ní fhaca mise iad, a chaill aon Ghaeilge, an méid a chonaic mé féin daoibh a tháinig anall, yeah, an dtuigeann tú.

CYRIL: Choinnigh siad an Ghaeilge i gcónaí.

PÁDRAIC: Bydad choinnigh, choinnigh anois.

CYRIL: Agus labhróidís thall í i measc a chéile?

PÁDRAIC: Bhuel cuid acub, b’fhéidir nach labhródh ach bhí, bhí, bhí, bhí an dtuigeann tú, bhí cuid acub a labhródh, bhí an-mheas acub ar an nGaeilge, bhí, choinnigh beo an Ghaeilge thall ansin, bhí.

CYRIL: Agus ansin a’ ndéanfaí fuss mór nuair a thiocfaidís sin abhaile, a’ mbeadh sórt …. ?

PÁDRAIC: …. Á bhuel bheadh, bheadh….

CYRIL: …. A’ mbeadh réiteach mór á dhéanamh?

PÁDRAIC: Duine mar a déarfá a bheadh i bhfad thall ann an dtuigeann tú, mar cuimhním féin ar cúpla duine a tháinig anall agus ó ba gheall le ar nós mar a thiocfadh president anall (gáire)

CYRIL: (Gáire) Yeah.

PÁDRAIC: Ach inseoidh mé duit faoi an eh, bhí mé ag an scoil ó thuaidh nuair a tháinig de Valera go hÁrainn. Bhí mé dhá bhliain déag agus eh, ó bhí caint ar an bhfear seo deValera an dtuigeann tú ach eh, chuaigh muid, bhí lá saoire an lá sin a’inn agus chuaigh muid uilig síos ar a’ gcéibh, bhí muid ag an gcéibh a’ dtuigeann tú agus tháinig an fear seo, tá ’fhios a’m, eh rinne clann hEithir, rinne siad, bhuel sé an chaoi a raibh siad dhá léamh amach as páipéar sílim ach….

CYRIL: …. Dán nó rud eicínt ?

PÁDRAIC: Bhuel eh, litir a’ cur, a’ cur fáilte roimhe.

CYRIL: Chonaic mé na pictiúir sin, ar an gcéibh….

PÁDRAIC: …. Ag cur fáilte roimhe.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Ach ansin bhí fear amháin ann as Eoghnacht, Maitiú Ó Maoláin.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Chuaigh sé sin suas, ní raibh aon ghá dhó sin páipéar, agus thug sé, thug sé speech, óráid thar cionn a’ moladh, a’ moladh Dev.

CYRIL: A’ moladh Dev.

PÁDRAIC: Cuimhním ar sin mar bhí mé cóngarach go maith ann, thart agus ansin bheadh ….

CYRIL: …. Tá pictiúr dhó sin ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m go raibh fear amháin siar anseo, bhí sé ins na saighdiúirí ach eh chroch sé a chaipín de agus Up Dev a deir sé (gáire). Á bhí an-, bhí an-value ar De Valera in Árainn.

CYRIL: In Árainn. Bhí meas mór air.

PÁDRAIC: By Cripes bhí anois, bhí, is mó a bhí air ná áiteachaí eile.

CYRIL: Ná áiteachaí eile, yeah.

PÁDRAIC: Bydad, feictear dom go raibh. Cuimhním anois ar, bhí mé, ní raibh mé mórán ach bhí mé dhá bhliain déag mar a déarfá ach eh ….

CYRIL: …. A’ raibh sé go maith go na hoileáin meas tú, a’ rinne sé go leor dóibh?....

PÁDRAIC: …. Bhí, tá mé ag ceapadh, bhí. Na rudaí seo uilig a bhíodh a’inn ag a’ scoil anois, builíní agus na rudaí sin a’ bhfuil ’fhios a’d, tá mé a’ ceapadh go b’é Dev a rinne é.

CYRIL: Murach é ní bheadh siad agaibh, yeah.

PÁDRAIC: Agus eh ag an aimsir an chogadh ansin, níor thug sé suas na portannaí sin go, go, go Shasana. Dá dtabharfadh an dtuigeann tú, bhí an German ….

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: “____+”

PÁDRAIC: Ach ansin bhí na h-Éireannaigh, bhí siad féin agus na Germans, bhíodar fábharach go na, go na Germans freisin….

CYRIL: …. Freisin yeah, tharraingíodar go maith leob.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Na Germans a’ dtuigeann tú, ní móide, dá dtabharfadh féin, ní cheapainn go mbombáileadh an German aon áit.

CYRIL: Anseo.

PÁDRAIC: Bhuel ceart go leor chaith siad bomannaí ar, ar ….

CYRIL: …. Ar Bhlá Cliath ….

PÁDRAIC: …. bomb ar Bhlá Cliath, ach ní, ní cheapainn é.

CYRIL: D’athair a Phádraic, bhíodh sé go maith, Sean Gillen, bhí sé go maith ag inseach scéalta.

PÁDRAIC: Á bhí, bhí sé iontach uilig.

CYRIL: An mbíodh tú féin ag éisteacht leis?

PÁDRAIC: Bhíodh.(gáire)

CYRIL: Bhíodh, is dócha go mbíodh an-scéalta aige.

PÁDRAIC: Bhíodh, bhíodh scéalta faoi amuigh ar an bhfarraige agus an chontúirt a chuaigh sé ann, bhí, chuaigh sé i gcontúirt mhór go minic, bhídís a' gabháil amach ansin, curachaí ceathrar acub, bhí.

CYRIL: Agus a' gabháil i bhfad ó bhaile, a’ mbídís?

PÁDRAIC: Ó bhuel, ní hea, ach amuigh sa gcuan ansin, droch laethantaÍ ach bhí sé ag inseach trip, bhí ceathrar acub sa gcurach agus bhíodar a? tarraingt líon ach bydad tháinig an bhrachlainn seo, ach bydad chuir sé síos í, bhí, bhí sí mórán líonta le uisce uilig ach bhí cupán “__? a bhíodh acub, adhmad a bhí ann, ar nós a bheadh mias adhmaid ann.

CYRIL: Hm.

MARGARET: Hm.

PÁDRAIC: Sé an chaoi a bhfaighidís líonta le, cheannaídís i nGaillimh í, líonta le im baile, an dtuigeann tú agus cheannóidís an dá rud. Bhí, bhí ….

CYRIL: …. Bhí tú a’ fáil two for one….

PÁDRAIC: …. Bhí, bhí, bhí.

CYRIL: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Agus bhí sé sin agus ach yeah, ach deir sé bhí sé féin ag caith amach an uisce agus, ach dúirt, bhí an fear, eh bhí sé a’ maireachtáil thuas ansin, Peaits Tom a bhí air.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Dirrane a bhí air, ach dúirt sé féin go b’é féin a shábháil í, go b’é féin a shábháil iad.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Choinnigh sé [ag] iomramh, choinnigh sé a chloigeann agus choinnigh sé [ag] iomramh.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Dá stopadh sé, ghabhadh sí síos.

CYRIL: Ghabhadh sí síos ach choinnigh sé ag imeacht ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. ar bharr uisce í….

PÁDRAIC: …. Ach tháinig siad ar ais a deir sé agus nuair a bhí sí folamh, tháinig siad ar ais agus tharraing siad an líon.

CYRIL: An líon.

PÁDRAIC: Bhí, ach bydad is beag nár, deir siad, nár imigh dar an lá sin.

CYRIL: Bhídís a’ gabháil i gcontúirt mhór.

PÁDRAIC: Bhíodh.

CYRIL: B’fhéidir tráthnóna eicínt eile a Phádraic go labhródh muid faoi, faoi Sean Gillen.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Agus a chuid scéalta agus ….

PÁDRAIC: …. Sea, yeah ….

CYRIL: …. ruainne iasc, faoin iascach agus rudaí mar sin.

PÁDRAIC: Sea, sea.

CYRIL: Pádraic Gillen, go raibh míle maith a’d as ucht do chuid ama….

PÁDRAIC: …. Sea, sea ….

CYRIL: ….Tá go leor ama caite a’d linn anocht ….

PÁDRAIC: …. Sea, á níl ….

CYRIL: …. agus go raibh maith agat as ucht do chuid ama.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.