Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00018

Taifeadadh
BBAF.00018
Formáid
MiniDisc
Fad
48:27
Dáta
2 Bealtaine 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Cyril Ó Flaithearta
Faisnéiseoir
Pádraic Ó Giolláin
Eolas cartlainne
MD 26 Pádraig Ó Giolláin. Ailleadóireacht; Bia; Ola; Micilín Sarah; Bailiú adhmad farraige; Báid Mhóna; Baile; Fearann an Choirce.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00018
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

CYRIL: Anois tá muinn anseo aríst inniu le Pádraic Gillen, tá mé a’ ceapadh go bé an dara lá go mhí Meitheamh é agus tá muinn ar dtús a’ gabháil a’ caint ar Ailleadóireacht nó Éanachaí Aille. Dia duit a Phádraic.

PÁDRAIC: Bhuel a Cyril.

CYRIL: A Phádraic, a’ raibh áiteachaí áirid nó ailltreacha áirid a bhídís a’ gabháil ann?

PÁDRAIC: Á bhíodh, Ar ndóigh suas bóthar an, aniar ó Ghort na gCapall ansin tá Binn an Iasc ann, bhuel soir uaidh sin agus bhídís a’ gabháil síos na hailltreachaí sin, bhí. Bhí mé féin in éineacht le fear a bhí thoir anseo, Paitín Pheaits, tháinig sé anoir a’ caint le m-athair, tá ’fhios a’m gur thíos ansin ó thuaidh gon teach é, chaithfeá am áirid, an mhí seo tá mé ag ceapadh, mí na Bealtaine, chaithfeadh gor, beagán gor a bheith ar na h-éanachaí a’ dtuigeann tú. Ní fhéadfadh an iomarca gor a bheith orthub agus dá mbeidís gan gor ar bith, d’imeoidís ró-sciopaí amach san aill a’ dtuigeann tú, ní bheadh seans acub agus bheadh líon, líon, líon, bheidís a ’ gabháil amach a’ plé leis an iasc, a’ ceansú ronnachaí, bheadh sé sin acub agus scaoilidís síos é a’ dtuigeann tú.

CYRIL: A’ mbeadh mórán le chéile ansin, a Phádraic, a’ mbeadh mórán daoine le chéile?

PÁDRAIC: Bhuel an lá seo bhí mise i mo leaidín an-óg, b’fhéidir dhá bhliain déag is dóigh a bhí mé, tá ’fhios a’m gur [naoi déag] ceathracha seacht é , forty seven, bhí Maidhc in éineacht liom, bhí Maidhc ann, bhí, bhí Paitín seo thoir, ó ba iontach an fear a bhí ann a’ plé le rudaí mar sin an dtuigeann tú agus m’athair agus, agus fear eile Tomás, Thomas Tom, a ghlaodh muid air, bhí sé taobh thoir go Paitín a’ maireachtáil, thoir anseo i gCorrúch, Fáthartach. Bhí sé go maith.

CYRIL: A’ plé le éanachaí?

PÁDRAIC: Sea, ach bhí dar thuas, Ar ndóigh ba jab uafásach contúirteach a bhí ann. Ní raibh muide (gáire) a’ dtuigeann tú, ní raibh mise ach i mo leaidín beag ag imeacht ar bharr na haille.(gáire)

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Ach scaoilidís síos é, go ngabhaidís os cionn an, an, an, an aragaint a’ dtuigeann tú, bhuel ansin scaoilidís síos b’ fhéidir rópa agus, agus mála ceanglaithe air, ceanglaithe ar mhála agus thosóidís ag scaradh na n-éanachaí amach go ngabhfaidís isteach.

CYRIL: Isteach ann.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Agus ansin a’ raibh aon duine cáiliúil, an mbíodh duine eicínt, a’ mbíodh daoine cáiliúil a bhí an-, ceapthaí a bheith an-mhaith?

PÁDRAIC: A ar ndóigh bhí dar roimhe sin ach seod é an rud deireanach, seod é an deireadh.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Seod é an deireadh….

CYRIL: …. Agus cé a bhí roimhe sin ansin?

PÁDRAIC: …. Bhuel bhíodh, bhíodh fear, d’airínn caint air, Micilín Mullen a bhí thoir ansin. Micilín ….

CYRIL: …. Micilín Sarah….

PÁDRAIC: …. Micilín Sarah a ghlaoidís air, bhuel théadh sé sin, théidís sin síos, síos agus bheidís ag imeacht ins na hargóideachaí a’ dtuigeann tú agus ….

CYRIL: …. Aragaint sin anois sórt bealach ….

PÁDRAIC: …. Sin é an áit, an, an, an scailp atá, tá sé ar fhad …

CYRIL: …. An aill, yeah ….

PÁDRAIC: …. na haille, an dtuigeann tú ….

CYRIL: …. Yeah, yeah ….

PÁDRAIC: …. bhíodh, bhídís ag imeacht ar a nglúine ann an dtuigeann tú….

CYRIL: …. “____+” ….

PÁDRAIC: …. Théidís amach i ngreim ins an rópa agus ghabhaidís ag imeacht ar a nglúine ansin b’fhéidir san oíche agus a’ casadh na gcloigne go na, go na agus á dtabhairt aníos mar sin. Fadó ach ba shin é, ba shin é i bhfad roimhe, ach seod é anois an trip dheireanach.

CYRIL: An trip dheireanach a bhí sibhse a’ plé leis mar a déarfá….

PÁDRAIC: …. Ó sea, ó bhí, bhí, bhí siadsan thuas ann, tá mé ag ceapadh gurbh shin é anois an trip (--) ní cheapainn go, go rinne aon duine eile ina dhiaidh é.

CYRIL: Agus cén chaoi a ndeachaigh sibh ina chionn ansin? Chuaigh sibh suas?

PÁDRAIC: Bhuel sea, tharraingeoidís ansin, bheidís, (gáire) tá ’fhios a’d, tá ’fhios a’m aon trip amháin, bhí claí beag a’ gabháil amach mar sin ar, go dtí, ar bharr na haille, thit cúpla cloch gon chlaí síos sa líon ach ní raibh siad trom. (gáire)

CYRIL: Ní rinne siad aon dochar. “____+”

PÁDRAIC: Ní rinne, agus tarraingíodh, tharraing siad aníos ansin an, an líon a’ dtuigeann tú. Bhíodh na h-éanachaí ceansaithe, a gcuid cosa agus a gcuid (--) ach dúirt mé féin le Paitín “bhuel anois, coinnigh ceann, coinnigh ceann domsa, domsa le peata anois, coinnigh, coinnigh (gáire) ceann” ach bhí sé ag beirt ar, ar ná h-éanachaí agus dhá, agus dhá, ag casadh na gcloigne díobh mar a déarfá….

CYRIL: …. Casadh na gcloigne díobh, yeah.

PÁDRAIC: Tugadh an, an, an t-éan domsa, éan, seod anois, tá dhá chineál acub ann, tá an crosán ann.

CYRIL: Crosán.

PÁDRAIC: Sin é anois a ghlaonn siad an razorbill i mBéarla air, an dtuigeann tú.

CYRIL: I mBéarla air.

PÁDRAIC: Sé an fáth a nglaonn siad an razorbill air, tá an gob atá air, is gearr leis an, na rásúir a bhídís, a bhíodh acub ….

CYRIL: …. A’ bearradh….

PÁDRAIC: …. A’ bearradh, sin é agus tá straidhp anuas mar sin. Sin é an fáth a ghlaonn, ní, ní, is dóigh gur col ceathracha gon éan aille é. Tá sé níos, dhath beag níos lú, ní, níl sé chomh mór leis an éan aille anois an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Níl, ach seod an éan “___+” ach thug mé liom é, chuir muid, cheangal muid a chosa i dtosach le fuig a bhíodh a’ainn le, deireadh an bhréidín, an bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Fuig a ghlaodh muid air. Bheadh sé b’fhéidir troigh go leith ar fad a’ dtuigeann tú. Sin é chomh fada agus is féidir leat a ghabháil nuair a bheifeá a’ fíochán an bhréidín, fuógaí a ghlaodh muid air….

CYRIL: …. Fuógaí ….

PÁDRAIC: …. Is dóigh go bharr a bheith, bheadh sé handy sa láimh chlé a’ fuath, a’ fuath rudaí mar a déarfá.

CYRIL: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Sea sin é an fáth, is dóigh gur tháinig an focal sin as fuig.

CYRIL: As fuig, fuig yeah.

PÁDRAIC: Bhuel, yeah agus ansin chuir muid, chuir siad glas ar, ar a chuid sciatháin, tá ’fhios a’d, chuirteá chastá an sciathán mar seo agus chuirteá glas, agus tá tú in ann glas dúbailte a chur air mar a déarfá faoi [dhó] aríst, a’ dtuigeann tú, níl, níl sé in ann a chuid sciatháin a’ dtuigeann tú agus thugadar dom féin é agus chuaigh mé síos sa ngleann agus luigh mé siar ann agus d’oscail mé mo shúile agus bhreathnaigh mé air, á ní raibh aon, ní raibh aon chorr aige. “Bhuel” a deirimse “ní bheidh ” ach thit mé i mo chodladh agus nuair a d’éirigh mé ní raibh aon tuairisc ar an éan (gáire)

CYRIL: Ní raibh, bhí sé imithe.

PÁDRAIC: Bhí sé imithe. Cá raibh sé, nuair a bhreathnaigh muid síos, cá raibh sé, ar chúl a chinn agus (gáire) a chosa in aer. Cé bí cé, is dóigh go bé an chaoi a bhfuair sé leis na, na sciatháin, gur bhain sé as glas iad nó rud eicínt.

CYRIL: Sea, ach bhí sé básaithe nuair a

PÁDRAIC: Yeah, bhuel ansin an dtuigeann tú thabharfadh muid linn iad anuas, thabharfadh muid linn iad agus ….

CYRIL: …. A’ mbeadh mórán agaibh ansin, éanachaí?

PÁDRAIC: Á bhuel b’fhéidir go mbeadh cúpla scór.

CYRIL: Agus cén chaoi a n-iomprófaí anuas ansin iad? Ar do dhroim, nó málaí?....

PÁDRAIC: …. I málaí ….

CYRIL: …. I málaí….

PÁDRAIC: …. Málaí, iad a chur síos i mála agus (--) tharraingeofá an chlúmhach ansin díobh. Bhíodh, teallach oscailte a bhíodh ansin ann, chuirteá “__” iarann trasna iontub agus chuirteá ar an tine, chuile bhlas agus sin é an chaoi, ní, ní bhainteá an craiceann ar chor ar bith díobh, bhainteá an chlúmhach díobh a’ dtuigeann tú.

CYRIL: An chlúmhach díobh, yeah.

PÁDRAIC: Ach, go dtí an chlúmhachín bheag a bheadh taobh istigh agus.

CYRIL: Sórt clúmh é sin dhób le teas.

PÁDRAIC: Á agus ansin bhainteá an cloigeann ’s na cosa agus bhainteá an cíle ansin as.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Tá cíle ann in íochtar, cíle mar a déarfá, an dtuigeann tú.

CYRIL: Céard é sin i mBéarla, meas tú?

PÁDRAIC: Keel, tá sé ar nós bád, cíle.

CYRIL: Ó right, cíle yeah, yeah….

PÁDRAIC: …. Yeah, tá sé ins an éan aille an dtuigeann tú ….

CYRIL: …. Yes ….

PÁDRAIC: …. éan farraige le é a choinneáil ….

CYRIL: …. Ó le é a choinneáil ins an uisce.

PÁDRAIC: Yeah, tá sé ann. Thíos in íochtar, cíle mar a déarfá ….

CYRIL: …. Cíle ….

PÁDRAIC: …. Tá, agus ansin is minic eh shaillidís iad. Shaillidís iad.

CYRIL: Ó.

PÁDRAIC: Ó yeah, an chaoi chéanna a ndéanfá le ronnach nó, shaillteá iad, yeah.

CYRIL: Agus sheasaidís sin ansin píosa….

PÁDRAIC: …. Ó sheasadh yeah, yeah. Bheidís, bhíodar go hálainn le nithe, bhí.

CYRIL: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d anois de réir éanachachaí aille, sin iad an péire, a’ mbíodh siad a’ plé le gainéad ná tada mar sin? An raibh aon chuma ar an gainéad le n-ithe?

PÁDRAIC: A no no ní, ní, ní ….

CYRIL: …. Ní raibh.

PÁDRAIC: Ní fhaca mé, ach sin rud a bhídís a’ ithe, broigheall agus cailleachaí dubha ach chuiridís, nuair a bhfaighidís iad sin, chuiridís, chartá poll ins an ngarraí ina mbeadh loirg anois ann ach yeah agus chuirteá síos trí lá iad. Sa talamh. A’ bhfuil ’fhios a’d cé l’aghaidh é sin, bheadh an fheoil níos fearr a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Níos tenderáilte.

PÁDRAIC: Sea, go díreach anois, bhí an fheoil ró, ró-righin a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Ró-righin le n-ithe.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Ó so chuirteá sa talamh é.

PÁDRAIC: Trí lá, sula d-íosfá é. Ó ’s nach ndéanann siad le go leor é sin. Déanann siad le, le fia é sin, deer.

CYRIL: Hm, agus le muca .…

PÁDRAIC: …. Cuireann siad síos é ins an talamh le an oiread seo achair. Beidh sé, beidh sé níos fearr le n-ithe an dtuigeann tú.

CYRIL: A’ bhfuil ’fhios a’d, dearfaimid dá mbainfí an chlúmhach dhób ansin, a’ gcuirfí i bpiliúr é sin nó i gcushion? ….

PÁDRAIC: …. Á dhéanadh, Ar ndóigh ceart go leor dhéantá, á bhí sé go maith, dhéantá. Dhéantá, ó sea, cinnte yeah.

CYRIL: Bhí sé go maith le, bhí úsáid eile as mar a déarfá.

PÁDRAIC: Ó bhí, bhí.

CYRIL: An mbídís a’ baint aon ola le lampaí nó tada nó a’ raibh sé sin roimh do linn sa? Ar aire tú aon trácht air? ….

PÁDRAIC: …. Níor aire, ach d’aire mé, d’aire mé ceart go leor, caint, caint ar seo, m’athair ag cur síos air. Dá bhfaighfeá éan aille agus é a chur síos i saucepan nó rud agus an, bheadh ola bheag, ola ann, in íochtar, in íochtar ….

CYRIL: …. Hm ….

PÁDRAIC: …. agus deir siad dá gcuirfeá slat saille a bheadh ag fás úr

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Í sin a chur sa tine agus nuair a bheadh an rud, nuair a bheadh sé dóite ar nós toitín, cigarette ….

CYRIL: …. Yeah, ar nós charcoal, sea….

PÁDRAIC: .… agus ansin é sin a mheascadh leis an ola, go raibh sé uafásach uilig a’ fás, a’ fás gruaig….

CYRIL: …. Gruaig.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Go raibh sé go maith leis, leis an ngruaig a fhás.

PÁDRAIC: Cé bí cé as a dtáinig an rud sin….

CYRIL: …. Anois, hm ….

PÁDRAIC: …. Chuala mé é sin. Ach sin é a bhfaca mé (gáire) i dtaobh, i dtaobh ola mar a déarfá….

CYRIL: …. I dtaobh ola. Agus uibheachaí ansin a Phádraic, a’ mbídís a’ tógáil na n-uibheachaí ins an Earrach anois an t-am seo gon bhliain, a’ mbídís a’ cuartú uibheachaí?

PÁDRAIC: Bhuel an dtuigeann tú, ní fhaca mise mórán riamh é ach chonaic, chonaic mé mo dhearthár Joe agus bhíodh fear in éineacht leis, bhíodh sé a’ maireachtáil thoir anseo in Eochaill, Tom Madden a bhí air….

CYRIL: …. Hm, d’aire mé trácht ar sin….

PÁDRAIC: …. Bhídís, bhíodh sé a’ gabháil síos, ach chonaic mé, bheadh téad beo acub, téad, chuirteá an téad faoi na lár mar sin, bheadh na daoine á tharraingt sin.

CYRIL: Ceathrar nó cúigear thuas.

PÁDRAIC: Sea, agus ansin bheadh téad eile, ghlaoidís an téad mharú air, síos lena thaobh, sé an chaoi a mbeifeá i ngreim ansin so bhí mé féin i mo leaidín bheag bhídeach a’ breathnú síos mar sin ach má theann tú amach ar Bhinn Bhuí beidh ’fhios a’d anois céard tá mé a’ caint air (gáire) ….

CYRIL: …. Tá ’fhios a’m, tá sé ard go maith.

PÁDRAIC: Ó tá sé chomh díreach leis an mballa sin.

CYRIL: Tá “__” a’ gabháil síos agus aníos ann….

PÁDRAIC: …. Á a Thiarna nach uafásach an nerve a bhí acub, hea.

CYRIL: Bhí Johnny Túna go maith ag ailleadóireacht ….

PÁDRAIC: …. Á bhí, bhí ach a’ bhfuil ’fhios a’d sin é tá mé a’ ceapadh an t-aon trip amháin a bhí mise thuas ar bharr na haille a’ breathnú ar dhaoine ag ailleadóireacht nó mar sin.

CYRIL: Ag ailleadóireacht.

PÁDRAIC: An dtuigeann tú.

CYRIL: Ach bhí, caithfidh sé, bhí an-mhisneach acub a’ gabháil síos.

PÁDRAIC: Á bhí, á a Thiarna an domhain nuair a bhreathnófá inniu air agus breathnú síos air cé a bhí a’ gabháil síos ansin. An aill anois chomh, chomh díreach leis a’ mballa….

CYRIL: …. Leis a’ mballa, tá muis.

PÁDRAIC: Hea.

CYRIL: Tá múis, tá agus, agus a’ mbíodh mórán timpistí ann, meas tú? Ar aire tú mórán .…?

PÁDRAIC: …. Níor chuala, níor chuala mé by daid. Ach an, i dtaobh an, tá ’fhios a’d an leaid a bhí thoir ansin, a’ gcuimhníonn tú ar Mhaidhc Chéitín?

CYRIL: Cuimhním ar Mhaidhc Chéitín muis.

PÁDRAIC: Dearthár go Mhaidhc Chéitín agus chuaigh Tomás seo, Tom seo suas, bhí an triúr acub, Maidhc agus, ó, ó cuimhním air, bhí, bhít sé, bhí, bhí, bhí sé uafásach uilig a’ snámh. Bheadh sé is dóigh na déaga, b’fhéidir go mbeadh sé ocht mbliana déag nó mar sin. Ó cuimhním air. Agus an fear bocht chuaigh sé suas, chuaigh sé, bhí sé ag, ag a’ damhnsa an oíche chéanna. Bhí leaid a’ caint air, “leaid a bhí mé anoir in éineacht leis ón damhsa an oíche sin” a deir sé, “tá sé básaí inniu”. (gáire) Chuaigh sé, sciorr sé agus an fear bocht thar éis, nineteen forty six é sin. Thar éis an fear bocht, thar éis chomh maith agus a bhí sé a’ snámh, cé bí céard a tharla dhó. Bhíodar ag caitheamh na glionnda agus chuile rud aige agus ch[inn]….

CYRIL: …. Chinn sé air.

PÁDRAIC: Chinn. Daniel, Dan.

CYRIL: Daniel.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Right.

PÁDRAIC: Bhuel bheadh sé sin anois soir ón gcró, soir, tá mé a’ ceapadh an aill thoir nó mar, bhí sé sin soir, soir ansin.

CYRIL: Taobh thoir gon, gon chró mar a déarfá….

PÁDRAIC: …. Ó sea, ó sea, bhí.

CYRIL: Taobh thoir gon Bhuelpís mar a déarfá….

PÁDRAIC: …. Gabhaidís síos, bhídís, bhídís ag iascach thíos ar charraig ann….

CYRIL: …. Tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m é, ag an gCathaoirín, an áit a ghlaonn siad, taobh thoir gon Chathaoirín mar a déarfá. Tá áit a bhfuil an Cathaoirín air. Bíonn Tom Beag Dillane, bhíodh sé ag iascach ann.

PÁDRAIC: Bhuel shíl mise nach raibh an Cathaoirín ach ar Bhinn an Iasc.

CYRIL: Ó ab ea, shíl mé, nach bhfuil ….?

PÁDRAIC: ….Tá Cathaoirín ar Bhinn an Iasc.

CYRIL: A’ bhfuil, bhuel tá ceann eile taobh thoir gon Bhinn Bhuí….

PÁDRAIC: …. Ó b’fhéidir go bhfuil anois?

CYRIL: Tá, tá ceann eile taobh thoir gon Bhinn Bhuí.

PÁDRAIC: A’ bhfuil?

CYRIL: Tá, tá.

PÁDRAIC: A’ bhfuil?

CYRIL: Tá, tá, mar is minic a chonaic mé Tom, Tom Beag Dillane ag iascach go minic ann.

PÁDRAIC: Hm.

CYRIL: Agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d, de réir timpistí, a’ mbídís a’ gabháil síos a’ déanamh, d’aire mé trácht ar, ar Johnny Túna go rinne sé, go ndeachaigh sé síos, gur thug sé aníos daoine.

PÁDRAIC: Ó agus Ar ndóigh thug. Thug Johnny . Bhí daoine, b’fhearr leis a dhul síos leis féin. Nach iontach an rud é.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: B’fhearr leis.

CYRIL: Meas tú cén dáta a tharla sé sin nó a’ gcuimhníonn tú cén bhliain a tharla sé sin?

PÁDRAIC: Tá mé ag ceapadh gur forty seven é. Tá mé a’ ceapadh gurbh ea, gur in October nó deireadh na bliana forty seven, tá mé a’ ceapadh anois gur forty seven. Ní dhearfainn gur forty eight anois ach forty seven.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Mar tá, cuimhním go raibh mé sa scoil thiar ansin, leath taobh, ó thuaidh gon bhóthar ….

CYRIL: …. Ó thuaidh gon bhóthar.

PÁDRAIC: Ní hé, trasna ón scoil atá anois ann.

CYRIL: Anois ann.

PÁDRAIC: Ach chuaigh an leaid seo amach, an gasúr seo amach agus, bhí sean duine as, fear as an gceann thiar a‘ gabháil siar agus d’inis sé an, d’inis sé an scéal brónach dó agus tháinig sé, tháinig sé isteach agus d’inis sé ….

CYRIL: …. An scéal.

PÁDRAIC: …. sa scoil, an scéal, a’ bhfuil ’fhios a’d gur, gur bádh iad seo.

CYRIL: Cé a bádh go díreach ann nó cé, cé a bhí ann? Bhí athair Dara Tom Mhaileadh arbh ea?....

PÁDRAIC: …. Chonaic mé féin duine amháin acub, Stephen Conneely, Stephen anDuke a ghlaodh muid air. Sé an fáth ar glaodh Stephen, Dukeannaí orthub mar ….

CYRIL: …. Yeah….

PÁDRAIC: …. A’ bhfuil ’fhios a’d, an t-athair mar a déarfá ….

CYRIL: Yeah, ba shin é athair Pádraic Chóil Neain….

PÁDRAIC: …. Nuair a rugadh é, nuair a rugadh é, an lá a rugadh é d’éirigh leis gur tháinig fear mór le, bhuel b’fhéidir níl ’fhios a’m ar Duke a bheadh ann nó, ach tháinig sé, tháinig sé go hÁrainn agus chuala sé gur tháinig an leanbh ar an saol agus chuaigh sé soir agus thug sé airgead dó agus ansin uaidh sin amach ba Duke a glaodh air….

CYRIL: …. Agus sin iad, sin iad muintir Pádraic Chóil Neain? ….

PÁDRAIC: …. Bhíodar ó thuaidh, ansin ó thuaidh go na, go tigh Fitz ansin ….

CYRIL: …. Tigh Fitz….

PÁDRAIC: Tá an teach ann i gcónaí ach níl an ceann air.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí sé an bhliain céanna anseo, tá mé ag ceapadh gur ins an Samhradh é mar bhí eh, le bréidíní a’ bhfuil ’fhios a’d, ach tá ’fhios a’m go raibh seanchas mór idir, aige féin agus ag m’uncail anseo agus cuimhním anois nach iontach an rud é ach cuimhním ar an rud a bhí siad a’ caint air.

CYRIL: A’ caint air.

PÁDRAIC: Caint ar chlog a bhíodar(gáire), cén chaoi ar chuir sé, clog a deir sé a bhí aige agus cé bí céard, d’imigh an, d’imigh an, ceann go na snáthaideannaí a bhí sa gclog agus bhí sé a’ rá gur chur sé tairne crú capaill ann ach (gáire) cén chaoi a gcuirfidh sé é sin ann?

CYRIL: (Gáire) Sin ceist mhaith.

PÁDRAIC: (Gáire) Bhuel sin é anois, is dóigh gurb é ­­“__” thug sé an tairne crú capaill agus gur chur sé is dóigh rud eicínt mar sin é.

CYRIL: Rud eicínt mar sin, yeah.

PÁDRAIC: Agus dúirt sé gur oibre sé. (gáire) Sean chlog eicínt.

CYRIL: Sean chlog a eicínt a bhí aige.

PÁDRAIC: Sin é, tá mé a’ ceapadh gurbh shin é an bhliain céanna a bádh é.

CYRIL: A bádh iad sin.

PÁDRAIC: Sea, ach ní fhaca mé an bheirt eile.

CYRIL: An bheirt eile.

PÁDRAIC: Chuala mé caint orthub, Tom, Tom Mhaileadh agus a mhac.

CYRIL: Tom Mhaileadh.

PÁDRAIC: Ní fhacthas mar a déarfá. Dearthár go Dara Tom Mhaileadh anois agus, agus a athair.

CYRIL: Agus a athair yeah. Agus ansin nuair a tugadh aníos iad sin is dóigh go raibh, go raibh achrann mór, a’ raibh, a’ raibh jab mór ag Johnny Túna iad a thabhairt aníos.

PÁDRAIC: Á bhí, Ar ndóigh bhí air iad a cheangal thíos agus chuile rud. Bhí, bhí, bhí, ó d’oibrigh sé iontach an t-am sin, d’oibrigh. D’oibrigh sé ….

CYRIL: …. Bhí misneach aige.

PÁDRAIC: Bhí, á bhí.

CYRIL: Cén sórt rópaí a bhí acub, a Phádraic, cén sórt rópaí?

PÁDRAIC: Bhí, bhí, cuimh[ním], níl ’fhios a’m a’ gcuimhním ar an rópa ach, ach tá mé ag ceapadh go, go raibh an rópa an-trom.

CYRIL: Rópa mór, ar nós a bheadh ….

PÁDRAIC: “___+” Bhí sé, bhí sé ró-ramhar tá mé ag ceapadh.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ach bhí (--) sé an chaoi a ndeachaigh an oiread seo acub faoin gcábla a’ dtuigeann tú, nuair a cheannaigh siad é.

CYRIL: Ó in éineacht mar a déarfá ….

PÁDRAIC: …. Sea, sea….

CYRIL: … ghabhadh, chuirfinnse punt ann agus chuirfidh duine eicínt eile punt ann ….

PÁDRAIC: …. Sea, ach níl ’fhios a’m anois ar téad bheo nó téad mharbh a bhí, a bhí ag Johnny Túna, níl ’fhios a’m anois an dtuigeann tú. Ach bhíodh ….

CYRIL: …. Mínigh an téad bheo agus an téad, téad mharbh, cén, cén chaoi é sin? Cén, cén ….

PÁDRAIC: …. Bheadh an téad, téad bheo, bheadh sé timpeall i do lár.

CYRIL: (Snaofairt) Hm.

PÁDRAIC: Bheadh téadachaí eile mar sin [Pádraic ag smaoineamh ar bhealach le é a mhíniú].

CYRIL: Aníos, yeah tuigim agus ceanglaí faoi do bhásta, yeah ….

PÁDRAIC: Bhuel bhíodh sé sin an dtuigeann tú coinneáil gan an, gan an, gan an rópa a theacht aníos mar sin, sea ….

CYRIL: …. Aníos, yeah.

PÁDRAIC: Bhuel ansin bheadh na daoine á tharraingt sin an dtuigeann tú.

CYRIL: So bhí sé sin beo….

PÁDRAIC: …. Bhuel an téad mharbh ansin an dtuigeann tú, sé an chaoi a raibh sí sin ceanglaí agus tusa á tharraingt.

CYRIL: Á tharraingt right.

PÁDRAIC: Bheadh an dá théad ag teacht mar sin.

CYRIL: Bheadh péire a’d.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Right, right. Bhí ceann ar fhaitíos na bhfaitíos go n-imeodh an ceann eile, bhí sé sin freisin ….

PÁDRAIC: …. Ní hea ach bheadh ní, bheadh sé níos fearr an dtuigeann tú, bheadh sé níos fearr. Bheadh, bheadh, bheadh an téad a bheadh timpeall faoi do bhásta, bhí na daoine á tharraingt mar a déarfá.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Agus ansin bhí tusa i ngreim sa rópa eile agus bhí tú féin a’ tarraingt.

CYRIL: A’ tarraingt, tuigim.

PÁDRAIC: So .

CYRIL: Tuigim, so bhí tú féin in ann go leor cúnamh, á tuigim….

PÁDRAIC: …. Ó bhí, bhí….

CYRIL: …. Tuigim anois cén yeah. A’ mbídís a’ cuartú hemp nó ag úsáid hemp ná tada mar sin?

PÁDRAIC: Eh?

CYRIL: Le, le rópaí? A’ mbíodh hemp ins na rópaí, meas tú nó?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh gheobhaidís na rópaí, níl ’fhios a’m cén sórt stuif a bhí, a bhí iontub a’ dtuigeann tú, yeah, ach dháiríre ní, ní raibh an oiread sin eolas a’msa. Bhí Peter,[ go ndéana Dia] grásta air, bhí sé go maith. Dúirt sé liom gur tharraing sé fear, tharraing sé fear a bhí thoir ansin thoir, tharraing sé aníos Aill na mBairneach é. Chuala tú ar Maidhcilín Phádraic.

CYRIL: Hm

PÁDRAIC: Tharraing sé, bhuel nárbh iontach an, nárbh iontach an t-action é duine mar sin a tharraingt aníos.

CYRIL: Aníos, yeah.

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: Bhí Tom Mhaidhc Mhóir a’ raibh go maith freisin, d’aire mé?

PÁDRAIC: Ó bhí dar sin, bhí dar sin go, bhí dar sin, bhí, bhí dar sin go maith a’ dtuigeann tú, bhí, a’ gabháil síos.

CYRIL: Cloigeann, Ar ndóigh is dóigh nár mhór cloigeann maith a bheith ort le n-aghaidh sin….

PÁDRAIC: …. Sea, ní raibh aon chuma ormsa, ní, ar bharr na haille féin ní, ní, ní raibh aon mhisneach mhór a’msa a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Dá mbeidís thíos i lár na hoíche anois ann a Phádraic, cén sórt soilse, a’ mbíodh solas acub?

PÁDRAIC: A ní bheidís san oíche ann, ní bhíodh.

CYRIL: No.

PÁDRAIC: B’fhéidir go mbeidís ag iascach siar anois ag Poll, ag Poll na bPéist ansin, ag Carraig na bPiseog.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Bhídís ag iascach ansin san oíche ceart go leor amannaí, oícheantaí breá ….

CYRIL: …. Oícheantaí breá ….

PÁDRAIC: …. bhídís ag marú breams ann ach ní, ní ag ailleadóireacht é ….

CYRIL: …. Ailleadóireacht ….

PÁDRAIC: …. ach bhíodh fadó a’ bhfuil ’fhios a’d blianta ….

CYRIL: …. Sin é atá, yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Siar, siar.

PÁDRAIC: Ligidís, ligidís daoine síos. D’airínn m’athair anois ag cur síos ar fear eicínt, scaoileadh síos é a’ dtuigeann tú, Tomás Powell a bhí air, ach scaoileadh síos é agus ansin, oíche, oíche a’ bhfuil ’fhios a’d, d’fhágfaí thíos é agus ansin bheadh sé, bheadh sé a’ bailiú na n-éanachaí ach tháinig an oíche go dona agus ní raibh, ní raibh aon áit, ní, ní, ní, ní raibh aon chaoi aige a bhfeadfadh sé a theacht as, bhíodar a’ déanamh amach go raibh sé (--) bhí tórramh, bhí cineál tórramh acub air agus cén diabhal a shiúladh isteach ach Tomás Powell.

CYRIL: I lár an tórramh.

PÁDRAIC: Ach níor inis sé riamh cén chaoi ar tháinig sé as agus Poll Thomás Powell (gáire) atá riamh, a tugadh ar an áit sin riamh ó shin.

CYRIL: Ó cuireadh, ó bhí sé thíos ann.

PÁDRAIC: Níor inis, deir siad nár inis sé riamh cé, cé, cé ….

CYRIL: …. Cén chaoi ar tháinig sé aníos as.

PÁDRAIC: Hm.

CYRIL: By God, nach maith an ceann é.

PÁDRAIC: Chuala mé é sin anois.

CYRIL: Nach raibh sé, nach raibh fhios acub (--) is dóigh gurb é an chaoi ar tháinig sé aníos de réir a láimh.

PÁDRAIC: Níl ’fhios ag aon duine, níl ’fhios ag aon duine….

CYRIL: …. Níl ’fhios ag aon duine beo.

PÁDRAIC: Cineál míorúilt a bhí ann.

CYRIL: Na hailleadóirí eile sin fadó anois, an bhfánóidís thíos i gcaitheamh na hoíche ann? Is dóigh go bhfánódh go dtí ar maidin aríst.

PÁDRAIC: Is dóigh go bhfánódh yeah, is dóigh go, go bhfánódh ach is dóigh go gcaithfidh an oíche a bheith go breá an dtuigeann tú. Ach nárbh uafásach an rud é ag imeacht ansin san arragaint agus .…

CYRIL: …. Agus nuair a bhí sibhse ag cur síos an líon ansin arbh é an chaoi ar scaoileadh, a’ raibh meáchan ar an líon? An mbíodh cloch air?....

PÁDRAIC: …. Á bhuel bheadh rópaí, rópaí a’ dtuigeann tú, rópaí. Rópaí, á ní bheadh aon mheáchan ach scaoilteá ansin, tá mé ag ceapadh go mbíodh rópaí as íochtar “____+”. Sin é.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ach ní raibh ’fhios a’msa ar bhealach, mar bhí mé óg, aon bhliain déag nó dhá bhliain déag go aois, an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah, nuair a bhí sé seo a’ gabháil ar bun.

PÁDRAIC: Ach ba shin é an rud deireanach, an trip dheireanach, ba shin é an rud deireanach a déanadh.

CYRIL: Yeah, an uair deireanach a déanadh é.

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: An uair deireanach a déanadh é.

PÁDRAIC: Ach bhídís ceart go leor b’fhéidir ag a’ gabháil síos b’fhéidir ag ceansú b’fhéidir ina dhiaidh. Níl ’fhios a’m, tharlódh sé go mb’fhéidir go mbeadh ach ní cheapainn gur, gur, gur, go raibh Paitín seo a’ plé le aon líon ina dhiaidh.

CYRIL: Ina dhiaidh sin, agus ….

PÁDRAIC: …. Mar ba jab uafásach, ba jab uafásach contúirteach é.

CYRIL: Chaithfeá a bheith ar do shláinte go maith a’d go háirid agus ….

PÁDRAIC: …. Ó Christ agus bhí tú ar bharr, ar bharr na haille.

CYRIL: Bhí, (gáire) bhí. Agus ar aire tú aon scéalta anois faoi Mhicilín Sarah ó t-athair nó tada mar sin, ó Sheáin Gillen? Ar aire tú tada, a’ déanamh trácht air é?

PÁDRAIC: Sea bhíodh sé ag imeacht a’ cartadh faoi (gáire) leacrachaí a’ tóraíocht, (gáire) tóraíocht cupáin, tóraíocht rudaí an dtuigeann tú a bheadh curtha ....

CYRIL: …. Curtha….

PÁDRAIC: .… síos le daoine.

CYRIL: Meas tú an bhfuair sé tada riamh?

PÁDRAIC: Bhí (sos), bhí sé trip amháin, thug sé leis m’athair agus bhí buidéal uisce coisric aige agus bhí slat eicínt, slat níl ’fhios a’m caora nó, bhí slat, bhí [siad] a’ déanamh amach go raibh sí, go raibh draíocht eicínt ag baint leis ach chuaigh sé ag cartadh faoi leac, siar ó Teampall an Cheathrar Álainn.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Bhí leac ann, á leac mór fada ach bhí m’athair a’ breathnú air de réir mar a bhí sé a’ tarraingt amach na [gcnámha], “ó dhiabhac” a deir m’athair leis “cuir ar ais iad sin go sciopaí aríst, sagart atá curtha ansin” a deir sé, “de réir mar atá tú a’ tarraingt anois amach na gcnámha ” thoir atá a chloigeann.

CYRIL: Ó right.

PÁDRAIC: Thoir atá cloigeann an tsagairt….

CYRIL: …. Bhí sé curtha thoir yes.

PÁDRAIC: “Cuir ar ais aríst chuile shórt”.

CYRIL: Right.

PÁDRAIC: Taobh thiar go Theampall an Cheathrar Álainn a bhí sé sin….

CYRIL: …. An Ceathrar Álainn, tá na leacrachaí ann múis, tá siad ann i gcónaí na leacrachaí céanna….

PÁDRAIC: …. Scaith siar.

CYRIL: Cúpla buaile siar ann, tá, ón. teampall, tá múis.

PÁDRAIC: Bhíodh sé a’ déanamh (gáire) rudaí mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Bhíodh, a’ cartadh leis.

PÁDRAIC: (Gáire)

CYRIL: Sórt archaeologist .

PÁDRAIC: Ba ea.

CYRIL: A’ mbídís a’ gabháil síos a’ fáil raic, meas tú, ar rópaí? Bhíodh píosaí móra raic isteach ….

PÁDRAIC: …. Á bhíodh, á ach b’uafásach contúirteach é sin an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: A’ bhfuil ’fhios a’d, a’ dtuigeann tú anois a’ tarraingt aníos, ach buíochas le Dia anois níor tharla aon timpiste. Bhí fear thoir anseo Joeín a bhí air, bhíodh sé a’ déanamh, agus bhíodh m’athair in éineacht leis agus, ní raibh mise, ní fhaca mise riamh a’ bhfuil ’fhios a’d ….

CYRIL: …. Hm ….

PÁDRAIC: …. ní raibh mé thuas ann ach ba uafásach contúirteach an jab é sin mar inseoidh mé duit dá gcuirfeá an iomarca sa mbeart a’ dtuigeann tú, ach bhídís a’ tarraingt adhmaid aníos ann.

CYRIL: Aníos agus adhmaid ó i líon, líon an chogadh.

PÁDRAIC: Bhí sé sin contúirteach.

CYRIL: Bhí, bhí.

PÁDRAIC: Á dhiabhail, bhí.

CYRIL: Agus a’ gcuimhníonn tú ar aon eachtraí móra eile, nó ar aire tú aon scéalta eile faoi na hailleadóirí seo? Rud mór a tharla, nó báid, a’ gabháil amach ag báid ná tada mar sin? An mbídís, na daoine a bheadh, aon duine eile a bheith báite nó, i líon an chogadh ná tada mar sin?

PÁDRAIC: Eh, fan nóiméad anois go bhfeicfidh mé. Chuala mé an bhfuil ’fhios a’d bhuail steamer fadó thiar ó dheas go, ins an gceann thiar ansin, bhuel sí agus bhí gual agus rudaí inti agus bhíodar, bhuail sí ansin, ach bhíodar a’ tarraingt aníos ach chuaigh an fear seo suas maidin amháin agus chonaic sé crainnte agus soitheadh mar sin, chuaigh sé suas ach bhí fear ag imeacht ar deck agus cheap sé gurbh é an chaoi ar bhuail, go raibh sí buailte, go, gur tháinig siad isteach “ó tá mé aníos díreach anois ar aghaidh Gort na Muice” a deir sé (gáire) bhí fhios aige, bhí fhios aige cá raibh sé chomh maith le, sé an chaoi ar tháinig an bád isteach ann. Sé an chaoi ar tháinig sí isteach ann, ar fáscadh ann.

CYRIL: Ar fáscadh.

PÁDRAIC: Cheap seisean an dtuigeann tú go ….

CYRIL: …. Gur isteach i dtír a tháinig sí ann.

PÁDRAIC: Gurbh é an chaoi ar cuireadh i dtír ann í.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Captaein as Gaillimh a bhí uirthi.

CYRIL: As Gaillimh, agus bhí fhios aige cá raibh sé agus chuile short….

PÁDRAIC: …. Ó bhí fhios. Sé an áit a bhfuil Gort na Muice, siar ó, siar ó Bhun Ghabhla atá sé.

CYRIL: Ó dheas.

PÁDRAIC: Siar ón mbaile atá sé, Gort na Muice. Tá tobar ann, dhaigh beag siar ansin ón, ó Bhun Gabhla, so soir ansin a bhí sé.

CYRIL: Gort na Muice agus bhí, tháinig bád ansin. Nach maith an ceann é. ’Speánann sé duit go raibh siad in ann seoltóireacht a dhéanamh.

PÁDRAIC: Ó bhí.

CYRIL: Ós a’ caint ar bháid atá muid anois a Phádraic b’fhéidir go ndéanfadh muid beagáinín faoi na báid seoil, na báid mhóna.

PÁDRAIC: Ó sea.

CYRIL: Céard iad na blianta a stop siad meas tú a’ teacht isteach?

PÁDRAIC: Tá mé a’ ceapadh caoga ’s a hocht. Na báid, an bád deireanach a bhí a’ teacht isteach ansin, déarfainn go b’é na Jimmys anois iad, ag, ag aon fhear amháin ansin Boggs, bhí, bhí sé, bhí sé thiar ansin

CYRIL: I gCill Mhuirbhigh yeah, ar an gcéibh.

PÁDRAIC: An teach sin anois ….

CYRIL: …. Billy Boggs atá tú a’ rá.

PÁDRAIC: Sea, sea. Bhí siad sin a’ teacht isteach a’ tabhairt móin go speisialta dhó sin.

CYRIL: Dhó sin.

PÁDRAIC: Sin é an uair, chuir siad sin deireadh leis sin ach tá ’fhios a’m féin go raibh fear ann, gur tháinig sé, Dudley a bhí air, ó chonaic mé trip é a’ teacht isteach anseo, ba uncail é sin anois go Nain Ghrealish, Dudley Grealish, á fear breá, fear breá a bhí ann, fear deas, fear breá agus thug sé sin locht móna isteach ansin. Cuimhním ar an lá, tá mé a’ ceapadh anois gur fifty eight é ach dhíol sé le Conneely thiar anseo é. Maidhcilín Twenty.

CYRIL: Maidhcilín Twenty, sea.

PÁDRAIC: Sea, sea, sea.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Agus tháinig, cuimhním gur tháinig dar aniar, bicycles acub agus gur, ag ól deoch Tigh Chreig. Bhí Tigh Chreig osclaí an t-am sin.

CYRIL: So bhí na bicycles tugthaí isteach acub?

PÁDRAIC: Á ní ….

CYRIL: …. Ar a’ mbád?

PÁDRAIC: Ó ní hea an dtuigeann tú ach fuair, fuair Dudley bicycles ….

CYRIL: …. Ó ar iasacht.

PÁDRAIC: Ar iasacht, mar a déarfá ….

CYRIL: …. Hm, hm.

PÁDRAIC: Fuair, fuair ach déarfainn anois m’fhéidir gurbh shin í an ceann deireanach, níl ’fhios a’m.

CYRIL: A tháinig isteach. An gcuimhníonn tú cén t-ainm a bhí uirthi, ní ?

PÁDRAIC: Ní chuimhním, ní, ní, níor chuala mise anois aon ainm ar aon bhád ach ar aon cheann amháin ach ansin cheap mise an dtuigeann tú gur leas ainm é mar bhíodh leas ainm ar go leor daoine anseo, gur leas ainm é a bhí ar an bhfear féin, Fancy.

CYRIL: Yeah, bhí sí ann . Bhí Fancy ann….

PÁDRAIC: …. Yeah Fancy, bhuel d’aire mé go bhfuil sí sin i mBaile Átha Cliath i gcónaí….

CYRIL: …. Tá sí i mBaile Átha Cliath, coinnithe. Déanadh suas í sin, tá sí i mBaile Átha Cliath i gcónaí….

PÁDRAIC: …. Ach tá ’fhios a’m, bhíodh m’athair, Pádraic Ó Máille, Máilleach, Paddy Mhaidhc a bhí air.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: As an gCeathrú Rua ach bhíodh m’athair i gcónaí ag céannacht móin snáthaíodh a bhíodh aige an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm, hm.

PÁDRAIC: Ach bhíodh m’athair ag ceannacht an mhóin i gcónaí ach tá ’fhios a’m an lá seo bhí mé, mé féin agus bhuel ag cur amach an mhóin in éineacht leis ach tá fhios a’m gur naoi gcéad caoga agus a trí é, bhí, bhí (--) á bhuel bhí ‘An Capall’ ann ní, ní aireofá na hainmneachaí, ní raibh ainm ar bith mar sin ann.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Agus báid eile a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Bhí ceathair nó cúig go bháid ann ach ní, ní raibh aon ainm, ach seod í anois an t-aon, feictear domsa an t-aon bhád ….

CYRIL: …. Bhád a bhí ….

PÁDRAIC: …. ar aire mé, ach cheap mise gur ar an bhfear féin é, cheap muide gur ar an bhfear féin….

CYRIL: …. Gur ar an bhfear a bhí sé, yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Yeah, ‘An Fancy, ach d’airigh mé go bhfuil sí sin …

CYRIL: Tá sí sin ag imeacht i gcónaí, tá . Tá go leor acub sin a- thógthaí anois le tamall anuas. Agus ansin a Phádraic cén t-am gon bhliain a thosóidís a’ tíocht? A’ beod é an t-am gon bhliain ….

PÁDRAIC: …. Á ar ndóigh i dtús, tús, bhuel uaidh seo amach anois a bhídís a’ teacht….

CYRIL: ….Yeah….

PÁDRAIC: .… isteach sa samhradh, á bhíodh, bhíodh. Sea.

CYRIL: Agus céard eile, bhí tú a’ caint ar mhóin chruaidh nó móin ?

PÁDRAIC: Snáthaoidh.

CYRIL: Snáthaoidh?

PÁDRAIC: Bhuel bhíodh snáthchaí inti.

CYRIL: Ó tuigim, tuigim, tuigim.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Tuigim. An mbeadh aon mhaith lei sin? An raibh sí sin níos fearr a’ dó nó arbh í, arbh í

PÁDRAIC: A bhuel ní, ní ….

CYRIL: .… a’ raibh meas uirthi?

PÁDRAIC: Bhí, bhí sí go maith a’ lasadh.

CYRIL: A’ lasadh.

PÁDRAIC: Bhí ach b’fhéidir nach mbeadh an, an, an eh, an buanadas inti a bheadh san móin, móin, cloch mhóin.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh móin uicht ansin ann.

CYRIL: Móin uicht?

PÁDRAIC: Sé an fáth a nglaonn siad an móin uicht air, sé an chaoi a mbeidh tú i do sheasamh agus beidh tú ag cur t-ucht mar sin in aghaidh an ….

CYRIL: …. In aghaidh ….

PÁDRAIC: …. Sleán ….

CYRIL: .… so beidh tú níos faide síos sa talamh.

PÁDRAIC: Ó beidh, sé an chaoi a mbeidh tú i do sheasamh thíos …

CYRIL: Thíos sa talamh.

PÁDRAIC: Bhuel sea, sé an chaoi a mbeidh tú, sleán in aghaidh an, in aghaidh an bhank a’ d in áit a bheith á chur síos, sea. Bhuel ansin tá, tá sí sin go maith.

CYRIL: Agus dá mbeadh tusa ag cuartú lucht móin ansin a’ bé an chaoi a gcuirfeá scéala amach a’ cuartú lucht móin nó, nó ?

PÁDRAIC: Á ní hé, Ar ndóigh ghabhfá, ghabhfá siar ansin agus déarfá “bhuel tabharfaidh tú an chéad lucht eile a’msa”

CYRIL: Ó tuigim anois….

PÁDRAIC: …. Sea an dtuigeann tú agus ….

CYRIL: …. Ghabhadh sé sin amach aríst agus ….

PÁDRAIC: .… bheadh sé geallta ansin. Bheadh go leor daoine ansin agus bhíodar “ó” bheadh an, a’ bhfuil ’fhios a’d, bheadh, bheadh custaiméirí ag an bhfear, thugadh sé isteach an dtuigeann tú agus b’fhéidir nach mbeadh. Is minic b’fhéidir a bheadh sé a’ gabháil, a’ gabháil thart a’ tóraíocht, a’ tóraíocht custaiméirí le, le, le móin an bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: B’fhéidir nach bhféadfadh sé é a dhíol amannaí. Amannaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah, eh cé méad ansin a bheadh lucht móna mar a déarfá? Cé méad a d’íocfá air?

PÁDRAIC: Bhuel, bhuel anois by cripes ach bhíodh, bhíodh cheithre charr go leith agus bhuel anois bheadh an cheithre charr sin, bheadh, bheadh maológ agus ansin b’fhéidir an carr deireanach ní bheadh ach taoscán.

CYRIL: Taoscán.

PÁDRAIC: Ó ba lá fada é, á tharraingt anoir as Cill Rónáin anois go dtí seo.

CYRIL: Agus an mbíodh sibh á tharraingt aniar as Cill Mhuirbhigh ar chor ar bith nó ?

PÁDRAIC: Ó bhíodh.

CYRIL: Bhíodh.

PÁDRAIC: Bhíodh, tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’d Tom Beag sin atá thoir anseo?

CYRIL: Tom Dillane.

PÁDRAIC: Sea, bhíodh sé á tharraingt anoir anseo a’inne. Anoir as Cill Rónáin, cuimhním air, ó blianta fada ó shin, agus ag go ndéana Dia grásta air, Maidhc. Yeah bhíodh, bhíodh.

CYRIL: Agus cé mhéad a bhíodh uirthi ansin dá, déarfaimid ar an méid sin?

PÁDRAIC: Bhuel ar ndóigh is deacair a “__”

CYRIL: Is deacair é sin a dhéanamh amach, an ea?

PÁDRAIC: An dtuigeann tú an t-am sin ní chuimhneofá céard, cén, cén praghas, ach Ar ndóigh ba deacair ….

CYRIL: …. Yeah.

PÁDRAIC: Airgead, bhí an

CYRIL: Bhí airgead gann freisin.

PÁDRAIC: Gann, an dtuigeann tú ach ins an am céanna, ina dhiaidh sin bhíodh, bheadh lucht móna, dhéanfadh sé i gcaith an, i gcaith an ….

CYRIL: …. A’ mbídís ag tabhairt daoiní isteach agus amach ansin, an mbeadh daoiní, dá mbeadh daoine ag iarraidh ….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh, dá mbeadh, dá mbeadh aon duine a’ gabháil isteach ná amach an dtuigeann tú ach ní, nach iontach an rud é ní, ní fhaca mé mórán daoine, mórán daoine riamh ag teacht sna báid a’ dtuigeann tú ach nuair a bheadh duine as Árainn anois a bheadh ag iarraidh a dhul amach le, an dtuigeann tú.

CYRIL: Le seachtain a chaith amuigh ag duine eicínt nó …

PÁDRAIC ; Bhuel le dhul amach, bheadh, bheadh….

CYRIL: …. “____+” ….

PÁDRAIC: …. Ó bhí, bhí anois an t-am sin dá mbeifeá ag iarraidh a theacht isteach anois go hÁrainn agus a dhul siar ansin bhí sé, bhíodh báid a’ teacht isteach, bhí.

CYRIL: Isteach.

PÁDRAIC: Bhí.

CYRIL: Agus ar, go leor go na fir seo anois a tháinig isteach, a’ dtabharfaidís mná mar a déarfá, an ngabhaidís ag cuartú bean in Árainn le pósadh? Ar minic a tharla sé nó ar oibre sé an bealach eile thimpeall? An bhfuil a fhios a’d de réir a bheidís ag caitheamh píosaí istigh, dá gcaithfeadh siad oíche istigh nó dhó, a’ mbídís ?

PÁDRAIC: Bhuel níl ’fhios a’m, ach a’ bhfeiceann tú an bhean atá thoir ansin, bhuel tháinig sí isteach, máthair ….

CYRIL: …. Máthair Mhaidhc Chéitín ab ea?

PÁDRAIC: Ní hea ach Pat Joe Jack.

CYRIL: Ó sea.

PÁDRAIC: A bhuel sé an chaoi ar tháinig sí sin isteach ag obair ach bhí, bhíodh [a] deartháireachaí a’ tarraingt móin isteach an dtuigeann tú.

CYRIL: Isteach, yeah.

PÁDRAIC: Agus phós sí, sea.

CYRIL: Eh a’ bhfuil ’fhios a’d anois de réir bháid, céard iad na báid meas tú is mó a bhíodh a’ tabhairt isteach an móin? An bhfuil ’fhios a’d déarfaimid luchtannaí móra, an mbídís a’ tabhairt luchtannaí móra isteach? Luchtannaí móra troma nó, nó, an mbídís a’ gabháil i gcontúirt déarfaidh muid le, le luchtannaí móna?

PÁDRAIC: A bhuel ní [bhíodh], a’ bhfuil ’fhios a’d ní cheapaim go mbíodh, a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhídís ag imeacht le droch aimsir a’ bhfuil ’fhios a’d. Ó m’anam nuair a thiocfadh an bád isteach go bhfeicfeá, bhí, bhí cúpla troigh suas mar sin, bheadh, bheadh, bheadh sí líonta uilig.

CYRIL: Líonta.

PÁDRAIC: Agus tá mé a’ rá leat freisin, bhíodh. Bhí dís.

CYRIL: Meas tú ar bádh aon cheann acub sin a’ teacht isteach?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh b’fhéidir go ngabhaidís i gcontúirt ach ní, níor chuala mé gúr

CYRIL: Gur tharla aon timpiste dóibh.

PÁDRAIC: Níor chuala by dad anois.

CYRIL: Ar ndóigh bhí cleachta acub ar a’ bhfarraige freisin, an dtuigeann tú….

PÁDRAIC: …. Bhí, á bhí dar go maith ag plé leis an bhfarraige an dtuigeann tú, bhí.

CYRIL: Yeah . A’ mbíodh leath bháid isteach ansin le, le móin agus púcáin? ….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh leath bháid, leath bháid ach nach iontach an rud é ní fhaca mé féin aon, ní fhaca mé aon, aon phúcán.

CYRIL: Ariamh a’ tíocht.

PÁDRAIC: Riamh, mar tá seol difríocht ar an bpúcán.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: I gCinn Mhara anois a chonaic mé seol an Phúcán an chéad, nuair a chuaigh mé ansin, is dóigh go bhfuil sé cheithre bliana ó shin. Tá, tá seol difríocht ar an bpúcán an dtuigeann tú….

CYRIL: …. Ar an bpúcán uilig, tá …

PÁDRAIC: …. Níl ar an bpúcán ach dhá …

CYRIL: …. Dhá sheol….

PÁDRAIC: …. Jib agus seol eile ….

CYRIL: …. Seol eile….

PÁDRAIC: .… ach sé an chaoi a bhfuil sé a’ gabháil an tosaigh, níl ar a íochtar ach rópa.

CYRIL: Rópa yeah.

PÁDRAIC: Adhmad ar bith, níl, níl ….

CYRIL: Níl, no. “__+” ar bith ann, yeah.

PÁDRAIC: Ach ansin tá siad in ann é a athrú, tá siad in ann, tá siad in ann seolta gleoiteog a chur aríst uirthi, an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah. Agus ansin a Phádraic mar a déarfá nuair a thiocfaidís seo isteach ansin an bhfánóidís istigh thar oíche, nó an mbeidís ag iarraidh a bheith amuigh ansin an oíche sin aríst?....

PÁDRAIC: …. Bhuel mar a deiridís bhíodh fuireach caladh orthub b’fhéidir go bhfanaidís, go gcaithfidís b’fhéidir ag scaoileadh an oíche thartab, a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Go mbeadh an mhaidin aríst ann agus ….

PÁDRAIC: ….Sea.

CYRIL: Agus a bheith imithe amach ar maidin go luath aríst.

PÁDRAIC: Sea, bhí an fear seo, fear bocht (gáire) bhí sé i gCill Rónáin ach chuaigh sé soir bhí an, Tigh Fitz [teach ósta] thoir i gCill Éinne ach chuaigh sé soir agus b’fhéidir gur, gur fhan sé scaitheamh ann ach bhí sé a’ gabháil anoir bhí sé an-, an-tuirseach go deo an dtuigeann tú ach dúirt sé leis féin go ngabhadh sé thar an gclaí agus go ligfeadh sé a scíth ach fuair sé claí ard mar a déarfá ach ar maidin nuair a dhúisigh sé suas céard a bhí amach ar a aghaidh ach tarbh agus (gáire) é a’ breathnú isteach sa dá shúil air (gáire).

CYRIL: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhreathnaigh mo dhuine, bhreathnaigh mo dhuine ar a chúla agus, ach ní raibh aon áit aige le éalú agus is dóigh go ndúirt sé leis féin gurbh fhearr dó, thosaigh sé féin a’ breathnú ar an tarbh agus thosaigh, bhí an tarbh agus é féin a’ breathnú ar a chéile ach fuair an tarbh fed up ar deireadh agus bhailigh sé leis (gáire)

CYRIL: Bhailigh sé leis (gáire) Agus ansin an bhfuil a fhios a’d mura mbeadh aon airgead ag a’ duine ansin, an ndéantaí sórt bhuel glaoimid an barter nó, i mBéarla air mar a déarfá, an mbídís, le iasc, déarfaimid dá mbeadh an oiread seo iasc a’msa ….

PÁDRAIC: …. Á bhíodh sé sin ann, á bhíodh sé sin ann, b’fhéidir go mbeadh leath an airgead a’d nó, agus bíodh iasc ansin, á bhí, bhí, bhíodh sé sin, bhíodh ronnachaí acub agus b’fhéidir go dtabharfaidís leath iasc an dtuigeann tú. Ó bhí sé sin ann….

CYRIL: …. Agus leath in airgead….

PÁDRAIC: …. Nó b’fhéidir fataí, duine a mbeadh fataí acub, ó bhíodh, bhíodh sé sin.

CYRIL: Rudaí mar sin, yeah.

PÁDRAIC: Ó dhiabhac bhíodh, chomh maith céanna, fataí.

CYRIL: Fataí, mar níor aire mé aon trácht ar fhataí anois….

PÁDRAIC: …. Ó bhíodh fataí freisin, ó bhíodh mar theastaigh na fataí ó mhuintir Chonamara iad féin. B’fhéidir go leor acub nach mbíodh am acu a bheith ag cur fhataí ná rud. Ó bhíodh, ó bhíodh, yeah.

CYRIL: Bheadh fataí maith in Árainn freisin le hais fataí Chonamara.

PÁDRAIC: A bhíodh.

CYRIL: Bheadh siad níos tirime, fataí níos fearr ann….

PÁDRAIC: …. Bhí.

CYRIL: Agus ansin de réir slóchtaí agus rudaí mar sin agus beithígh, a’ mbídís a’ tabhairt isteach slóchtaí?

PÁDRAIC: Ó bhíodh.

CYRIL: Cén t-am gon bhliain a thosódh sé sin?

PÁDRAIC: Bhuel níl ’fhios a’m, ah is dóigh b’fhéidir gur i dtús an t-samhraidh é, ach thabharfaidís isteach, bhídís a’ tabhairt isteach na slochtaí….

CYRIL: …. B’fhéidir an mhí seo anois.

PÁDRAIC: Sea, chaithidís i bhfarraige iad agus bheidís, ghabhaidís i dtír.

CYRIL: Agus a’ dtabharfaidís isteach ar bord na slóchtaí nó na caiple, a’ dtabharfaí ar bord an, an bháid iad nó an dtarraingeoidís ina ndiaidh iad isteach as Conamara?....

PÁDRAIC: …. Ó ní hea, sa, sa, san, sa mbád.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: An chaoi cheart, a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi cheart, bhí clár ann, níl ’fhios a’msa anois cén t-ainm a bhí air ach bhí clár ar nós a bheadh, ar nós taobh an staighre ansin, clár.

CYRIL: Hm, clár leathan yeah.

PÁDRAIC: An chaoi cheart, chuiridís é sin faoi bholg an bheithíoch agus sé an gcaoi a gcaithidís amach ar a dhroim é, amach as, amach as an ….

CYRIL: …. Amach as an mbád.

PÁDRAIC: Amach as an mbád.

CYRIL: Ar nós a bheadh see saw ann.

PÁDRAIC: Shea.

CYRIL: Arbh shin é an sort idea é?

PÁDRAIC: Clár mar a déarfá.

CYRIL: Tuigim yeah, yeah.

PÁDRAIC: Chaithidís amach é.

CYRIL: Ar nós see saw go díreach.

PÁDRAIC: Sea an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Amanntaí eile tharraingeoidís suas é leis na ….

CYRIL: …. Ar, ar an block freisin.

PÁDRAIC: Nó chaithidís amach iad an dtuigeann tú, chuiridís a gcosa sa, amach agus, ach tá mé ag ceapadh an chaoi cheart gur, an sean chaoi a bhí acub gurb siúd é, mar a déarfá.

CYRIL: An clár.

PÁDRAIC: An, an eh, gurb shiúd é an chaoi a gcaithidís amach é. Ach sé an chaoi a gcaithidís amach é an dtuigeann tú, ní, ní fhaca mise an clár sin riamh ach sé an gcaoi a gcaithidís an bhfuil ’fhios a’d, chaithidís amach an, na fir a bhíodh ann.

CYRIL: An dtabharfaí isteach mórán slóchtaí in aon iarraidh amháin ansin? An mbeadh péire nó trí cinn b’fhéidir ann?

PÁDRAIC: Ó bheadh, bheadh, ó bheadh mar a déarfá. Ach ní raibh slóchtaí, ní, ní, beithigh bheaga a bhí iontub.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: B’fhurasta iad sin a chaith amach, beithigh bheaga.

CYRIL: Ar nós, nós na Aberdeen Angus anois, beithíoch bheag….

PÁDRAIC: …. Ach ba, ba, b’iontach an jab capall anois mar a déarfá.

CYRIL:` Bheadh capall alright bheadh ….

PÁDRAIC: ….Hea.

CYRIL: Bheadh sé i bhfad níos láidre freisin, an dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Ó bheadh.

CYRIL: Agus an bhfágtaí, a’ bhfágtaí ansin i bhfad istigh na, na, na hainmhithe seo? Meas tú a‘ mbeidís istigh go dtí ….

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh tá sé chomh fada anois, ní chuimhnímse air ach d’fhágfaí scaitheamh, scaitheamh maith iad, cúpla mí, ó d’fhágfaí. Na slóchtaí, bhídís ag imeacht ar an mbóthar mar a déarfá, bhíodh.

CYRIL: Bhíodh.

PÁDRAIC: Beithigh, beithigh dhubh a bhí iontub, ní bheadh adhairce, maol.

CYRIL: Angus is dóigh, gurbh iad na Angus iad, an breed sin. Tá siad sin a’inne fós anois coinnithe ….

PÁDRAIC: …. Sea mar ní bhíodh adhairce ar bith orthub an dtuigeann tú, sea.

CYRIL: Agus cá dtiocfaidís isteach, na báid seo ansin? An mbíodh aon áiteachaí áirid thíos ins na cladaigh anseo síos mar a déarfá?

PÁDRAIC: Á ní bheadh, ach san áit a raibh siad ag cur amach, Port Mhuirbhigh agus Cill Rónáin.

CYRIL: Cill Rónáin ….

PÁDRAIC: ….Sea ….

CYRIL: …. mar tá, tá áit in Eochaill anois a bhfuil, a bhfuil Aill na Móna uirthi. Tá sí thíos i bPort Eochla.

PÁDRAIC: Ar ndóigh ….

CYRIL: …. Aill na Móna.

PÁDRAIC: Ar ndóigh a’ bhfuil ’fhios a’d cén fáth é sin, nuair nach raibh na carrannaí acub an t-am sin a’ dtuigeann tú, thugaidís isteach sa Samhradh ….

CYRIL: …. Agus ….

PÁDRAIC: …. d’aire mise go mbídís thíos i bpoll Mhaoile agus ní thabharfaidís, a’ bhfuil ’fhios a’d púcáin.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: B’éigean dóibh slam, agus ansin, bheadh sé éasca ansin a’ gabháil síos le caiple agus cléibh an dtuigeann tú, an t-am sin. Ó bhí sé níos éasca ná, ná a bheith a’ gabháil siar go dtí Port Mhuirbhigh nó soir Cill Rónáin.

CYRIL: Soir Cill Rónáin.

PÁDRAIC: A’ dtuigeann tú, a’ dtuigeann tú céard atá mé a ’ rá. An t-am sin, bhí sé sin a’ gabháil siar eh, sea.

CYRIL: A’ mbeadh mórán criú ar na báid seoil ansin a‘ teacht isteach?

PÁDRAIC: Bhuel beirt.

CYRIL: Beirt, ab shin é an méid?

PÁDRAIC: Bhuel sin é, ní fhaca, beirt.

CYRIL: “____”….

PÁDRAIC: …. An bádóir agus an leath bhádóir. Sea.

CYRIL: Ceist eile, le slóchtaí anois, nuair a thabharfaí slóchtaí isteach, dá gcoinneofaí slóchtaí as seo go dtí September dearfaimid, ó mí, mí na Meitheamh go, go September a’ bhféadfaí móin ansin a fháil orthub sin, le bheith á mbeathú meas tú?

PÁDRAIC: Ar ndóigh b’fhéidir, b’fhéidir, an dtuigeann tú. Níl ’fhios a’m é sin anois ach tharlódh sé, a’ bhfuil ’fhios a’d, tharlódh sé, ach b’fhéidir ansin na, na daoine sin a bheadh ag cur isteach na slóchtaí nach mbeadh baint ar bith acub leis an, leis an bádóireacht an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah go raibh rud eicínt eile ansin.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Anois níor aire tú aon scéalta eile faoi bhádóirí cáiliúla a bhíodh a’ teacht isteach go hÁrainn nó daoine a bhíodh ….

PÁDRAIC: …. Bhíodh, bhíodh, bhí, bhí, bhí, bhí, fan anois cén t-ainm a bhí air, bhí spéacláirí air, bhíodh sé a’ tarraingt fataí as Port Mhuirbhigh. Maitias Tom a ghlaoidís air. Tá mé, tá mé ag ceapadh go, gur Máilleach é. Bhíodh sé sin ag, ag tarraingt fataí as Cill Mhuirbhigh go Gaillimh ag, ag fear a raibh McGivern air. Master James thiar anseo, bhíodh an stór sin anois a bhfuil an ceann curtha ansin air.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Bhíodh na fataí ansin, cheannaíodh ….

CYRIL: …. Stóráilte….

PÁDRAIC: …. Bhíodh siad stóráilte ansin, bhídís ag céannacht, bhíodh sé ag tarraingt, ag ceannacht na bhfataí mar a déarfá ón áit agus ansin bhíodh an fear seo, bhí an fear seo employáilte aige, ag tarraingt dhó. Ó chonaic mé féin é, bhí mé thiar ansin, bád, bhíodh sí decáilte, a níl ’fhios a’m, is dóigh go raibh ainm uirthi an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm, hm.

PÁDRAIC: Ach níl ’fhios a’m, sea.

CYRIL: By God.

PÁDRAIC: Bhí sé ag tarraingt fataí speisialta ansin.

CYRIL: Ar aire tú aon trácht riamh ar an Máilleach a bhí ins an Mainistir? Captaen Ó Máille. Bhí sé, bhí sé ina chónaí i Mainistir. Bhí an oiread seo soitheach aige. Ar chuala tú aon trácht air? Bhí sé anois ins an áit ar caitheamh Laurence McDonagh. Bhí sé ina chónaí taobh thuas dhó sin, ins an teach sin.

PÁDRAIC: A níor airíos by dad, an dtuigeann tú.

CYRIL: Bhuel anois a Phádraic déanfaimid beagán eile faoin ngabha thall go raibh muinn ….

PÁDRAIC: …. Sea….

CYRIL: …. Mb’fhéidir beagán faoi, faoi bhaile Fhearann an Choirce freisin nuair a bhí tusa a’ fás suas. A’ raibh, a’ raibh mórán comhluadar ar an mbaile seo nuair a bhí tú a’ fás suas?

PÁDRAIC: Bhí Tom Bheachla anois, bhí, bhí comhluadar ansin. Bhuel an teach seo thiar anois a bhfuil Cóilín ann ní raibh duine ar bith ansin, cuimhneamh. Bhí, bhí Joeín thoir anseo, d’fhág sé an teach sin, bhí sé sin folamh mar a déarfá.

CYRIL: Agus as sin a tháinig Joeín, an áit atá “___+” .…

PÁDRAIC: …. Ba dhea. Sin é an áit, sin é an áit a rugadh é.

CYRIL: Agus soir go hEochaill a chuaigh Joeín ansin.

PÁDRAIC: Phós sé ansin Peige as Inis Meáin agus chuaigh sé, thóg sé teach nua thoir anseo thoir.

CYRIL: Bhuel i mBaile na Creige atá sé ó cheart, a deireann siad .

PÁDRAIC: An teach mór fada atá thoir ansin thoir, cuimhním air, bhí bean ansin, ní raibh an tsláinte go maith aici an dtuigeann tú, Bidín a bhí uirthi. Ní raibh ansin ach í sin agus ó dheas ansin bhí an fear seo, ní raibh aon fhamily orthub, phós siad. Bhuel ní chuimhním ar a bhean anois ach cuimhním nuair a fuair sí bás. Peaits a bhí air. Peaits Neide a ghlaodh muid air.

CYRIL: Peaits Neide.

PÁDRAIC: Agus eh ansin Mary McDonagh, phós sí, bhí, bhí, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí gaol, gaol aici lena bhean a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Agus phós sí Tom Phaidí agus sin é. Agus eh, siar ansin bhí tigh John Thomas anois agus a chuid dreabharachaí a bhí, bhí ansin.

CYRIL: Hm

PÁDRAIC: Agus eh bhí bean thuas anseo Maggie, bean ann Maggie Bheachlín, aint go Beachlín Pheait Bheachlín.

CYRIL: Díreach ar an gcoirnéal ansin thuas ….

PÁDRAIC: …. ar a’ gcoirnéal ….

CYRIL: Sea, sea ….

PÁDRAIC: …. Bhí, taobh thiar ansin, bhí Joe Delia agus bhí bean aige, ba as, Máire Powell a ghlaodh, as Inis Oírr. Ní raibh family ar bith orthub. Bhí Peait Ghiolla ansin, Peait Ghiolla.

CYRIL: Taobh thíos anseo?

PÁDRAIC: An áit a bhfuil Tigh Ghilbert ansin.

CYRIL: Tigh Ghilbert. Ó bhí teach beag ansin, yes.

PÁDRAIC: Bhí, bhí, seomra agus cistineach.

CYRIL: Cistineach yeah, teachín beag, yeah.

PÁDRAIC: Agus

CYRIL: A’ raibh siopa ar a’ mbaile?

PÁDRAIC: Á bhí, thiar tigh Fleming.

CYRIL: Tigh Fleming, agus céard faoi, a’ raibh siopa thuas anseo thuas.

PÁDRAIC: A bhuel “___+”….

CYRIL: …. Roimhe sin?

PÁDRAIC: Sea, sea, bhí sé sin fadó, bhí siopa ansin.

CYRIL: Agus eh, agus céard eile? Bhí an scoil agaibh agus bhí an gabha agaibh.

PÁDRAIC: Bhí.

CYRIL: Bhí an gabha ar a’ mbaile. Cén chaoi a raibh an gabha, cén sórt áit a bhí i dteach an ghabha?

PÁDRAIC: Bhuel eh cuimhním air, sé, nuair a bhí, bhí an tuí air, ansin ag tigh Ghilbert ansin an ait a raibh sé, an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Yeah. Ach ar éigean a [chuimhním], b’fhéidir anois go, go gcuimhním nuair a, nuair, nuair a, ach d’aistrigh siad suas.

CYRIL: Ó so bhí, bhí muintir Mhaidhcilín a’ Ghabha ina gcónaí an áit atá Gilbert anois agus sé an chaoi a ndeachaigh dar suas ….

PÁDRAIC: …. Á ní raibh, ach bhí, bhí, ba shin é an cearta, an áit [a raibh] an cearta acub, a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Ó an áit atá tigh Ghilbert anois?

PÁDRAIC: Sin é an áit ansin a raibh siad ina, ina gcónaí fadó a’ bhfuil ’fhios a’d, sa teach sin anois atá taobh an bhóthair ansin an dtuigeann tú.

CYRIL: Ó right.

PÁDRAIC: Tá sé sin years ago, ní, ní chuimhním, ach, ach, ach ansin thóg siad an teach thiar a’ dtuigeann tú. Sin é.

CYRIL: Sea, agus bhí an cearta ansin.

PÁDRAIC: D’fhan, bhí sé sin ina chearta go dtí, go dtí blianta gairid ó shin a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Meas tú cén uair a dhún an cearta ansin anuas nó cén bhliain? An gcuimhnínn tú cén uair a stop siad a’ déanamh .…?

PÁDRAIC: …. Bhuel cén ceárta acub, an ceárta .…?

CYRIL: …. Bhuel so tá tú a’ rá liom go raibh dhá cheárta ann, bhí ceann ag tigh Ghilbert agus ….

PÁDRAIC: …. Bhí ….

CYRIL: …. bhí ceann eile taobh thuas san áit atá an teach anois inniu ar a’ gcoirnéal?

PÁDRAIC: Bhí, ach eh a’ bhfuil ’fhios a’d, ba shin é an áit a raibh an ceárta i dtosach, ag tigh Ghilbert ansin.

CYRIL: Ag tigh Ghilbert.

PÁDRAIC: Agus mhováil, d’aistrigh siad suas.

CYRIL: Nuair a thógadar an teach thiar.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Á tuigim, tuigim anois, tuigim anois. Cén t-ainm a bhí ar, ar an ngabha a bhí ann, nó cén?

PÁDRAIC: Cóil.

CYRIL: Cóil, Cóil a’ Ghabha.

PÁDRAIC: Cóil, fear, fear láidir, a deir siad.

CYRIL: Meas tú cé as a tháinig na, na, na Kings?

PÁDRAIC: Isteach, isteach as Conamara, níl ’fhios a’m, cén áit ar chor ar bith anois? Eh, murar Baile na hAbhann é. Isteach as an áit sin a tháinig dar.

CYRIL: A’ bhfuil dar, meas tú ar tháinig dar, is dóigh go bhfuil dar píosa mór ar an oileán, a’ bhfuil? Tá dar ann le blianta fada….

PÁDRAIC: …. Ó tá, tá.

CYRIL: Tá.

PÁDRAIC: Gréagóir a bhí ar an chéad fhear.

CYRIL: Gréagóir.

PÁDRAIC: Hm.

CYRIL: A’ gcaithfidh meas tú an gabha a bheith láidir?

PÁDRAIC: Bhí sé láidir mar chonaic, dúirt m’athair go bhfaca sé féin é, ancaire aige, bhí an t-ancaire acub istigh ar an teallach á théamh, an dtuigeann tú agus ní fhéadfadh aon duine a bheith i ngreim ann ach aon duine amháin a’ dtuigeann tú, dhá chur amach sa doras agus dhá thabhairt isteach, ní raibh aon áit ann agus bhí sé in ann é sin a thabhairt isteach agus amach. An t-ancaire mór sin.

CYRIL: Agus é a’ coinneáil greim ar a dheireadh.

PÁDRAIC: Sin é a d’fhág go raibh, go raibh, go raibh láimh uafásach láidir aige.

CYRIL: Láidir.

PÁDRAIC: Bhí, bhí, bhí, bhí, bhí iarann, tá sé thiar ag a’ teach i gcónaí, gró mór millteach trom, a’ dtuigeann tú, ach bhíodh sé, cé bí cé as a tháinig sé, b’fhéidir gur i soitheach a bhí sé nó rud eicínt ach bhí fear eile thiar ansin, Máirtín Breathnach, Martin, an áit a bhfuil Seoirse [Gillen] anois

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ach bhí an bheirt acub in ann é a chaith thar an gclaí (gáire) mar sin.

CYRIL: Rud mór, píosa mór iarann.

PÁDRAIC: Sea (gáire) Bhí Maidhcil sin in ann é a dhéanamh lena leath láimh, Maidhcil a’ Ghabha, bhí. Dúirt sé liom go raibh sé in ann é a dhéanamh lena leath láimh.

CYRIL: Le leath láimh.

PÁDRAIC: Ach by Christ tá sé trom.

CYRIL: Tá sé, is, is mór an rud é le, le crochadh. Agus chaithfeadh is dóigh an Cearta anois a bheith i ngarr go thobar.

PÁDRAIC: Bhídís a’ cur, a’ cur tireannaí ar róití [rothaí]agus rudaí mar sin. Bhuel bhíodh, níor mhór dóibh an tobar a bheith cóngarach.

CYRIL: Cóngarach go maith dóibh. Agus cén áit eile ansin a bhíodh, a bhíodh gabha in Árainn? Meas tú ar aire tú aon seanchas ar aon áiteachaí eile a bhí, a bhí cearta ann? Mar a déarfá ….

PÁDRAIC: …. Ó bhuel arnú bhí ceann i gCill Rónáin, Joe Neid Gabha, bhí, gabha a bhí ansin. Bhí, a’ bhfuil ’fhios a’d tá sé sin ó dheas ansin go, gon Fisherman ansin, sin é an áit a raibh an gabha.

CYRIL: Ó arbh ea?

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: An Fisherman, ó dheas dhó sin.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Ó.

PÁDRAIC: Sea, tá sé ann i gcónaí. [Tá an fothrach fós ann]

CYRIL: Agus a’ raibh aon cheann eile in áit ar bith eile ar aire tú aon trácht air? Tá ’fhios a’m go bhfuil Tobar na Cearta thoir faoi tigh, faoi tigh eh, tigh Johnny Túna, go bhfuil, go nglaonn dar Tobar na Cearta uirthi.

PÁDRAIC: Deir siad go raibh gabha i gCill Éinne, Flaitheartach a bhí air, sea. Deir siad go raibh sé uafásach láidir, go raibh sé in ann maide, maide báid, go raibh sé in ann naonúr a tharraingt, a tharraingt leis ach ní, ní “___+” (gáire)

PÁDRAIC: “___+” b’iontach an rud é sin. Agus a’ mbíodh mórán bailithe thart ar teach an ghabha? Ar sórt áit é a bheadh go leor daoine timpeall ann?....

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh bhíodh nuair a bhíodh, nuair a bhíodh, a’ bhfuil ’fhios a’d anois, nuair a bheidís ag cur croí, bheadh go leor cainte a’ dtuigeann tú agus rí rá agus ag inseach scéalta agus rudaí mar sin a’ dtuigeann tú. Bheadh an dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Bheadh.

CYRIL: Is dóigh go leor seanchas a’ gabháil ar bun ann?

PÁDRAIC: Bhí, bhí, eh bhuel tá mé ag ceapadh anois an, an croí deireanach a chuaigh mé féin le capall ag an ngabha, thiar ag a’ teach ansin a bhí sé, ach tá ’fhios a’m go raibh, tá ’fhios a’m go, gur thar éis a theacht as Meiriceá a bhí mé ach by dad ní raibh sé i bhfad á gcur suas. Chaithfeá an bhfuil ’fhios a’d nuair a bheifeá, na boilgne á tharraingt anuas a’ dhá séideadh, séideadh an tine an dtuigeann tú, chaithfeá a bheith a’ watcháil an tine an dtuigeann tú, mar á dtarraingeofá ró sciopaí é a’ bhfuil ’fhios a’d bhlowáileá suas ró-mhór .…

CYRIL: …. Suas ró-mhór.

PÁDRAIC: An dtuigeann tú ach by cripes chuir sé suas an-sciopaí iad, feictear dom.

CYRIL: Cá bhfaigheadh ….?

PÁDRAIC: …. Á bhí sé go maith.

CYRIL: An bé an chaoi ansin nuair a ghabhadh tusa aige ansin, sé an chaoi a ndéarfá “tá mé ag iarraidh croí a chur ar an gcapall seo” ach an bé an chaoi a mbeadh a fhios ag ….

PÁDRAIC: …. D’athródh sé croí freisin an dtuigeann tú.

CYRIL: Yeah.

PÁDRAIC: D’athródh sé ….

CYRIL: …. Chuirfeadh sé croí nua suas duit, mar a déarfá.

PÁDRAIC: Bhuel d’athródh sé na croí, an dtuigeann tú. D’athródh sé iad agus shocródh sé iad freisin.

CYRIL: Agus ansin is dóigh go mbeadh ’fhios aige cén sórt set croí a bheadh a’ teastáil uait, a’ mbeadh ’fhios?

PÁDRAIC: Ó is dóigh….

CYRIL: …. Tar éis tamall nó, nó a’ bé, a’ gcaithfidh sé iad a thomhais chuile bhabhta? An dtosóidh sé as an nua le píosa iarann, dá ngabhadh tusa aige amárach ….

PÁDRAIC: …. Ó sea, go díreach. Bheadh, bheadh rule aige agus thomhaiseadh sé, thomhaiseadh sé an crú an dtuigeann tú, ó yeah. Bheadh sé.

CYRIL: Agus ansin thosódh sé as an nua….

PÁDRAIC: …. Agus, agus eh bhlastáileadh sé freisin a’ bhfuil ’fhios a’d, ó bheadh, bheadh. Ó bheadh sé.

CYRIL: So bhí sé go maith dhá ndéanamh.

PÁDRAIC: Ó dhiabhail bhí. Caithfidh mé é sin a rá.

CYRIL: Céard eile a bhí sé in ann a dhéanamh, a Phádraic? An mbíodh sé a’ déanamh rudaí eile nó ag deilbh geataí .…

PÁDRAIC: …. Ó bhuel Ar ndóigh ….

CYRIL: …. agus rudaí mar sin?

PÁDRAIC: Bhíodh sé a’ déanamh graiféad b’fhéidir.

CYRIL: Céard é graiféad?

PÁDRAIC: Graiféad, ancaire beag, graiféad, níl sé chomh mór leis an ancaire.

CYRIL: Sea.

PÁDRAIC: Ach déanamh an ancaire atá air, bhuel tá trí ladhar air. Is beagnach, gheofá ar, ar dhuán é, tá ’fhios a’d.

CYRIL ; Hm.

PÁDRAIC: Tá graiféad ar sin.

CYRIL: Tuigim céard atá tú a’ rá. Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: A’ mbídís a’ déanamh a’ bhfuil ‘fhios a’d tin cans agus rudaí mar sin? Nó buicéid nó tada mar sin?

PÁDRAIC: Nach iontach an rud é anois, níor, ní, ní fhaca mé é a’ déanamh mórán de sin anois mar a déarfá ach bhí dar in ann iad a dhéanamh. Bhuel déarfainn go raibh, go raibh an, go raibh an, na, Cóil seo anois, a athair, go raibh sé níos fearr a’ déanamh rudaí mar sin ná, ná, ná Maidhcil ach ….

CYRIL: …. Yeah.

PÁDRAIC: Yeah, ach bhí sé in ann iad a dhéanamh, an dtuigeann tú, bhí.

CYRIL: Go leor gon, gon rud sin, yeah.

PÁDRAIC: Sea agus ní, ní mórán de sin a rinne siad, nach iontach an rud anois é.

CYRIL: Agus ansin cá bhfaighidís an t-iarann a Phádraic? Arbh é an chaoi a bhfuaireadar isteach é?....

PÁDRAIC: …. As, as, sea, as Gaillimh agus yeah. Thiocfadh sé aige speisialta. Agus bhíodh gual áirid acub freisin.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ní hé an gnáth ghual é.

CYRIL: Cheannófaí isteach é sin ansin.

PÁDRAIC: Cheannófaí, ní hé an, ní hé an gnáth ghual é anois a, a chuirfeá sa tine.

CYRIL: Sa tine.

PÁDRAIC: Bhí gual speisialta le, le cearta mar a déarfá.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Bhí. “___+” ….

CYRIL: …. Agus is dóigh gur isteach as Gaillimh?

PÁDRAIC: Hm?

CYRIL: Thiocfadh sé sin isteach speisialta as Gaillimh?

PÁDRAIC: Ó thiocfadh, yeah. Gheofá isteach speisialta é sin, an gual sin mar d’fheicfinn, bhínn, d’fheicfinn é.

CYRIL: An gcaithfidh tú ansin sórt appointment a bheith déanta a’d leis an ngabha? Ní fhéadfá a dhul siar i lár, i lár an lae agus a rá “seo, dean é seo dom”?

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh ba é a b’fhearr a’ dtuigeann tú an, dá ndéarfá “beidh mé a’ teacht amárach a’d” bheadh sé “_”

CYRIL: Agus bheadh sé ag fáil faoi réir le t-aghaidh ansin….

PÁDRAIC: ….Yeah, yeah.

CYRIL: An mbeadh mórán daoine anois in aon lá amháin aige, meas tú?

PÁDRAIC: Á muise b’fhéidir, b’fhéidir go ndéanfadh sé dhá chapall ach tá mé a’ rá leat

CYRIL: Is maith an píosa obair é sin nuair a bheadh an croí ….

PÁDRAIC: …. Sea, sea….

CYRIL: … agus chuile shórt déanta a’d agus an t-iarann, that’s for sure .

PÁDRAIC: Sea, sea, cheapainn é.

CYRIL:` D’airigh mé trácht ansin go mbíodh leigheas sa, san uisce a bhíodh ag an ngabha.

PÁDRAIC: D’airigh ….

CYRIL: …. Ar airigh tú aon chaint ná aon trácht ar sin?

PÁDRAIC: Bhuel d’airigh, d’airigh go, go raibh, go raibh, go bharr, go bharr an iarann, go raibh, go raibh.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ach ní, ní, ní raibh, cé go bhfaca, níl ’fhios a’msa ab é m’athair a bhí a’ gabháil suas, suas an bóithrín agus céard a d’fheicfeadh sé ach bean tincéara agus í a’ níochán an leaidín beag, gasúr, dhá níochán san uisce. Is dóigh gur mb’fhéidir gur rud eicínt mar sin é.

CYRIL: Go raibh rud eicínt ann, sea.

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Bhí ’fhios aicise go raibh rud eicínt ann.

PÁDRAIC: Yeah.

CYRIL: Ach mb’fhéidir ….

PÁDRAIC: …. Ach is dóigh go, go mbeadh an dtuigeann tú, go bhfágfadh an t-iarann ….

CYRIL: …. Go bhfágfadh sé minerals ….

PÁDRAIC: …. Is dóigh go bhfágadh [sé] rud eicínt….

CYRIL: …. Na minerals….

PÁDRAIC: …. San uisce.

CYRIL: Yeah, san uisce. Nach maith an ceann é. Agus chonaic seisean an, an bhean seo a‘ níochán an pháiste.

PÁDRAIC: Á sean bhean tincéara agus í a’ níochán an ghasúrín san eh, san iomar, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: A’ mbíodh mórán tincéirí a‘ teacht fadó, meas tú a Phádraic?

PÁDRAIC: Á bhíodh, bhíodh muis. Bhíodh ….

CYRIL: …. Nárbh iontach an rud é sin ….

PÁDRAIC: …. agus iad a’ díol na tin cans yeah.

CYRIL: Sea, sea.

PÁDRAIC: Á yeah agus, agus campaí acub.

CYRIL: A’ raibh aon duine in Árainn in ann aon tin can a dhéanamh?

PÁDRAIC: Bhí, bhí fear thoir ansin, Johnny Túna, bhí sé in ann, chonaic mé é a’ déanamh saucepan, bhíodh se a’ bruith fataí ann.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Ar a’ range anois.

CYRIL: Tá buicéad a’msa a rinne sé.

PÁDRAIC: Hea?

CYRIL: Tá buicéad coinnithe a’m….

PÁDRAIC: …. Á bhí sé ….

CYRIL: …. Coinnithe thoir ag a’ teach….

PÁDRAIC: …. Bhí sé iontach stuama.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Iontach stuama agus bhí sé in ann plé le solder freisin, tá lampa thiar ansin thiar anois agus chonaic mé ansin é agus gan aige ach fód móna a chur faoi, ach níl aon lucht air ach go bhfuil rúinín eh.

CYRIL: Go slaint air.

PÁDRAIC: Slaint beag air ach chuir sé an dá rud le chéile le, le solder.

CYRIL: Le solder.

PÁDRAIC: Solder.

CYRIL: So bhí sé in ann aige sin é féin….

PÁDRAIC: …. Bhí an solder aige, yeah.

CYRIL: Bhí an-chloigeann air.

PÁDRAIC: By Christ bhí.

CYRIL: An gabha anois aríst, a’ gabháil ar ais aige sin, an bhfuil ’fhios a’d, is dóigh, is dóigh gur áit é a Phádraic a bhíodh, a bhíodh go leor seanchas agus caint.

PÁDRAIC: Ó chaithfeadh sé a bheith a’ bhfuil ’fhios a’d, a’ dtuigeann tú, yeah.

CYRIL: Daoine a’ tíocht ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

CYRIL: …. agus ag imeacht. A’ mbíodh daoine a’ stopadh déarfaimid a’ teacht as Cill Rónáin, a’ stopadh isteach?

PÁDRAIC: A is dóigh go mbeadh, bheadh, bheadh a’ dtuigeann tú, is dóigh mar sin é an t-aon rud a bhí acub an dtuigeann tú, an bhfuil ’fhios a’d, yeah.

CYRIL: Agus ansin a’ mbíodh, ar áit é teach an ghabha ansin dá mbeadh, a’ mbíodh aon mheetings ann mar a déarfá? Dá mbeadh rud eicínt a’ tarlú ….

PÁDRAIC: …. Cé nach, cé nach, nuair a bhíodh an gabha ann, shílfeá nach dtaitneodh sé leis, bheadh muide a’ gabháil isteach a’ breathnú thart ach ní, ní (gáire) fear é feictear dom a thaitneodh leis, shílfeá gasúir a bheith a’ gabháil isteach aige.

CYRIL: An iomarca daoine, yeah.

PÁDRAIC: Níl ’fhios a’m.

CYRIL: B’fhéidir gurbh é an chontúirt é freisin leis an tine agus an t-iarann….

PÁDRAIC: …. B’fhéidir sin é é an dtuigeann tú, ar fhaitíos

CYRIL: Go dtarlódh ….

PÁDRAIC: Sin é thar, thar rud a’ bith eile, a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: “__+” . Yeah.

CYRIL: A’ raibh aon phisreogaí a’ baint leis an ngabha? A’ ndéarfaidís nach raibh sé ceart tada a dhéanamh ar a’ ngabha nó (gáire) rud ar bith mar sin, mar gheall go raibh, go raibh cumhacht áirid aige?

PÁDRAIC: Bydad ní, ní, bydad níor airíos.

CYRIL: Ná tada mar sin.

PÁDRAIC: Ní raibh mar, mar an dream sin ní raibh aon phisreog acub. Ag na gaibhne.

CYRIL: Hm.

PÁDRAIC: Anseo ar chuma ar bith, ní raibh aon phisreog acub, ní raibh, rud ar bith mar sin acub.

CYRIL: Agus dá mbeadh tusa ansin an t-am sin a’ piocadh suas seit croí, a’ raibh mórán ansin le, le n-íoc ar do, ar do seit croí?

PÁDRAIC: Ó muise Ar ndóigh ba deacair a’ bhfuil ’fhios a’d fáil amach agus tá sé scaitheamh a’ dtuigeann tú.

CYRIL: Scaitheamh yeah, ní chuimhneofá.

PÁDRAIC: Ní chuimhneofá, a’ bhfuil ’fhios a’d ní fhéadfá a theacht amach air ach eh.

CYRIL: Sin é anois é a Phádraic. Breathnaigh go raibh míle maith a’d as ucht do chuid ama. Pádraic Gillen go raibh míle maith agat.

PÁDRAIC: Sea, yeah.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.