Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00033

Taifeadadh
BBAF.00033
Formáid
MiniDisc
Fad
21:35
Dáta
2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Éinne
Bailitheoir
Máirín Uí Chonghaile
Faisnéiseoir
Peaitín William Seoighe
Eolas cartlainne
MD 4 Peaitín William Seoighe. Baile; Iaráirne; Iascaireacht; Glanadh agus díol éisc; Piseoga; Nobbies; Sióga; Tobar Éinne; Ceilp; Caitheamh aimsire; Damhsa sna tithe agus Amhráin; Scoil; Siopa; Alcól; Deoch.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00033
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MÁIRÍN: Now tá muid anseo i gCill Éinne inniu, i dteach Peaitín agusBríd Seoighe nó Peaitín William. Mise Máirín Uí Chonghaola agus tá ÁinePheaits Bheairtlín in éineacht liom, now Dia dhuit a Pheaitín.

PEAITÍN: Dia ’s Muire dhuit.

MÁIRÍN: Ar rugadh thusa in Iaráirne, nár rugadh a Pheaitín?

PEAITÍN: Rugadh mé sa mbliain nineteen hundred annine.

MÁIRÍN: Fair play dhuit, bail ó Dhia ort.

PEAITÍN: Bhí mé seacht mbliana fichid déarfainn in Iaráirne ar fad. Rinne muinn anteach seo i nineteen thirty-five.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus chuaigh muinn inár gcónaí ann i nineteen thirty-six agus támuid ann ó shin.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh, arbh as Iaráirne t-athair agusdo mháthair?

PEAITÍN: Ní shea, as Iaráirne mo athair agus as Cill Rónáin mo mháthair. Sea.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh mórán deartháireacha agus dreabhrachaí agat?

PEAITÍN: Bhí, bhí Peadar, Cóilí agus Maney, ceathrar mac agus iníon.

MÁIRÍN: M hm, an bhfeiceann tusa mórán athrú ar Iaráirne ó d’fhág tusa é?

PEAITÍN: Tá athrú mór, ní fhaca mé a leithead go athrú riamh. Nuair a bhí miseann, ní raibh bóthar ar bith ann, ach ag imeacht thríd bhuailteachaí soirgo Iaráirne, gaineamh séidtí ar fad. Bhí mútaí móra, bhí na, dhá troighdhéag gaineamh a d’fhán ina mheall amháin ann. ’Á mbeadh muid a’ gabháilsuas ann le cineáil dréimire. Síos uaidh teach s’againne ansin, na tithesin ar fad, gaineamh séidtí. Ní fhéadfá siúl ann le gaineamh séidtí, tá séina mhuirbheachaí anois. D’imigh an múta. Chonaic mise gaineamh thuas faoian teach a’inn.

MÁIRÍN: Agus cá raibh teach s’agaibhse a Pheaitín?

PEAITÍN: Bhí sé, bhí, bhí tí Johnny Sheáinín, bhí na trí theach buailte, le taobha chéile.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Buailte, greamaithe dá chéile.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Ní raibh binn ar bith ar sin a’inne, sé an chaoi a bhí sé istigh leis anteach thoir agus leis an teach thiar.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Mar William mo sheanathair agus Nóirín Mhaolra a bhí sa teach eile,dreabhar agus deartháir.

MÁIRÍN: Á sea.

PEAITÍN: Agus tháinig fear as Inis, as Inis Oírr anoir, Micil Bhrian agus chuaighsé isteach ag Nóirín agus phós siad.

MÁIRÍN: Á sea.

PEAITÍN: Ag, ag William a bhí an teach, a bhí an talamh ar fad.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ach rinneadh dhá leath gon talamh

MÁIRÍN: Á sea.

PEAITÍN: An talamh thoir a thóg William ansin “_____” agus an sunda.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus thóg Micil Bhrian an áit eile timpeall, timpeall ansin. Níorchoinnigh mo sheanathair aon, aon bhlas ach garraí beag bídeach, ní fhéadfáaon teach a déanamh ann.

MÁIRÍN: Á sea.

PEAITÍN: Is iontach nár choinnigh sé buaile, buaile. Marach sin ní thiocfadh muidCill Éinne go brách.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: No.

MÁIRÍN: A’ raibh go leor tithe in Iaráirne an t-am sin?

PEAITÍN: Deich dteach, bhí, bhí talamh ag chuile theach, iascairí ar fad, ariascach a bhíodar ag maireachtáil uilig mar ní raibh mórán pricear bheithígh, bhí an t-iascach an-fhairsing, langaí agus chuile shóirt. A’plé le spiléid.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: A’ plé le breams, á muise cheannaíodar é. Ghabhadh siad amach ar maidinroimh an lá, gan tada ach, mb’fhéidir go dtabharfaidís buidéal bainne leob,nó buidéal uisce, amuigh i gcaith an lae go mbeadh sé ina oíche.

MÁIRÍN: In sna curachaí?

PEAITÍN: Sea, as Port Ae [Daibhche] Ghabhadh siad an oiread seo amach, b’fhéidirdhá míle dhéag amach ar an taobh sin amach ó dheas. Cuimhním go maith air,mar nuair a thiocfadh muinn aniar ón scoil ghabhadh, thabharfainn soirasail, agus bhí an lead eile in éineacht liom, agus thabharfadh muid ant-iasc siar ag Peaitsín Gill i gCill Rónáin, Peaistín Gill a bhí ágcoinneáil.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Agus Peaitsín Gill á chur síos Gaillimh ag Johnny "___" a bhí air.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Tá mé a’ ceapadh gur as, as Inis Oírr é agus go raibh bean as Conamara,chodail mé sa teach céanna.

MÁIRÍN: M hm.

PEAITÍN: An chéad lá riamh a chuaigh mé Gaillimh in éineacht le mo athair i moleaidín, chodail mé sa teach sin.

MÁIRÍN: So nuair a, nuair a mharódh sibhse an t-iasc ansin leis naspiléid, cé a ghlanadh an iasc daoibh ansin agus ?

PEAITÍN: Ní, chuireadh muinn siar, ghlanadh Peaitsín….

MÁIRÍN: …. Ni raibh gá iad a shailleadh ná tada mar sin?

PEAITÍN: Ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Iasc úr a bhíodh agaibh?

PEAITÍN: Sea ach ghlan, ghlanadh Peaitsín Gill thiar iad. Bhí an t-iasc chomhfairsing an t-am sin, d’fhág siad na roic ina ndiaidh caite, caite inandiaidh, tá, tá praghas anois ar roic.

MÁIRÍN: Tá agus ar rinne tú aon iascach ó, ón aill, a Pheaitín?

PEAITÍN: Rinneas, rinne mé, Aill, Aill na nGlasóg an t-am a thosaigh siad sin,meall [daoine] a’ gabháil soir ann chuile Dhomhnach.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bhí me ann na chéad Dhomhnach, na chéad Domhnachaí sin, ach ní raibh méann ó shin, ach bhínn, bhínn fhéin ag iascach liom fhéin ann.

MÁIRÍN: Sea ach nuair a bhí tú i do, i do ghasúr mar a déarfá in Iaráirne?

PEAITÍN: Sea, sea.

MÁIRÍN: Bhíodh tú, bhíodh sibh ag iascach as Iaráirne?

PEAITÍN: Ó bhíodh, ó bhíodh ar na carraigeacha, áit eile thoir an Colbha a ghlaodhsiad air.

MÁIRÍN: Sea. An sibh fhéin a ghlanadh an t-iasc nó a bhfágadh sibh ag na mná é aghlanadh nuair a thiocfadh sibh abhaile?

PEAITÍN: Ó muinn fhéin.

MÁIRÍN: An mbíodh sibh ag sailleadh an iasc an t-am sin?

PEAITÍN: Ó bhíodh, ó bhíodh.

MÁIRÍN: Ar sibh fhéin a dhéanadh é?

PEAITÍN: muinn fhéin, muinn fhéin, muinn fhéin.

MÁIRÍN: Sibh fhéin a dhéanadh é.

PEAITÍN: Bhí, bhí, an sean teach a bhí a’inne, bhí pionnaí suas na binneannaí[beanna] uilig ann.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bhí breac saillte, crua, tirim ar feadh na bliana ann.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Ba mhór an spóirt an t-iasc le nithe é.

MÁIRÍN: Cén t-am gon bhliain a bhíodh sibh ag iascach gon aill, nó an mbíodhsibh?

PEAITÍN: Ó amach, amach ó, ó Aibreáin amach, sin é an t-am.

MÁIRÍN: Agus a’ b’ é an bréam is mó a bhíodh agaibh nó an raibh aon iasc eile amharaíodh sibh?

PEAITÍN: Bhuel bhí bréams ann ceart go leor á marú ar, ar Aill na nGlasóg go leorach ní raibh mórán ar deireadh ann.

MÁIRÍN: M hm.

PEAITÍN: Bhí ar deireadh, bhí mé ann tamall, ach bhí neart le fáil aon bhliainamháin a’ainn, amuigh ’sna curachaí. Bheinn amuigh ’sna curachaí.

MÁIRÍN: Sea agus a’ raibh aon phisreogaí agaibh faoia’ gabháil ag iascach, dá gcasfaí bean rua oraibh nó rud ar bith?

PEAITÍN: Bhí caint, bhí caint air.

MÁIRÍN: Yeah. (gáire)

PEAITÍN: Bhí caint air, (gáire) dá gcasfaí bean rua, bhuel ní rinne mise riamh éach chuala mé go rinne daoine é, á gcasfaí bean rua dóibh, chasadh siadagus ní ghabhadh siad amach a’ chor a’ bith.

MÁIRÍN: Sea agus a’ raibh aon phisreogaí eile agaibh a’ gabháil amach snacurachaí faoi rud ar bith eile, an mbíodh tada agaibh sa gcurach nó rud arbith a thabharfadh sibh libh?

PEAITÍN: Bhuel bhíodh buidéilín uisce coisricthe.

MÁIRÍN: Sea yeah.

PEAITÍN: Bheadh sé sin sa gcurach i gcónaí greamaigh.

MÁIRÍN: Sea. Now tá rud eile a Pheaitín faoin iascach thall muid a’ caint air, cuimhníonn tú ar na nobbies, nach nobbies a thug siad ar na báid sin?

PEAITÍN: Á cuimhním, bhí nobby ag mac Giolla Phadraig sin thíos,agus ceann eile ag Peaitín Gill. Á muise chiap siad é, nuair a bhualadhcalm iad bheadh siad amuigh i gcaitheamh an lae ag iarraidh theachtisteach, ní raibh, calm, nuair nach mbeadh aon gaoth ann?

MÁIRÍN: Ní, seolta a bhí orthub seo ar fad?

PEAITÍN: Seolta ar fad, ní raibh engine a’ bith

MÁIRÍN: Iontub, sea. A’ mbídís amuigh san oíche nó just amuigh sa lá nó?

PEAITÍN: Théadh siad amach san oíche. A’ cuir amach, amach na, na líonta.

MÁIRÍN: Cén sóirt iasc a bhíodh acub sin ansin?

PEAITÍN: Ronnachaí, cuimhním go maith air, bheadh na ronnachaí thiar ag a’ slip i gCill Rónáin.

MÁIRÍN: Ó sin é a bhíodh ag na báid sin?

PEAITÍN: Sé, sé, bhíodh na, bhíodh go leor mná as Cill Rónáin ag obair ann igcaitheamh na hoíche.

MÁIRÍN: Ar an gcéibh a’ b’ea?

PEAITÍN: Ní shea thuas ar an slip. Tá ’fhios a’m go raibh Cóilín MacDonagh ós, ós a chionn.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ba cúipéara é, bhí sé in ann bairille a dhéanamh agus bhíodh ó an oireadseo mná as Cill Rónáin agus fir freisin i gcaitheamh na hoíche. Bhí Willieanseo, mo dhearthár, bhí sé óg an t-am sin, chuaigh sé amach aguschuireadar ag obair é ar feadh, chuaigh mise siar le tae aige, chuireadarag obair é ar feadh cúpla uair.

MÁIRÍN: M hm. Siad na mná a bhíodh a’ plé leis …..

PEAITÍN: …. A’ plé leis an “__” agus na ronnachaí

MÁIRÍN: Sea ar an gcéibh an t-am sin, agus bhídís á gcur síos Gaillimh arb ea nó,cá, ní chuimhníonn tú cá ndeachaigh siad? ….

PEAITÍN: …. Is dóigh gur síos Gaillimh, nó na háiteachaí sin “__”

Ó cuimhním go maith ar sin.

MÁIRÍN: So a Pheait a’ gcuimhníonn tú ar an, ar an L odge, ó do chuimhne sa cé a bhí ann?

PEAITÍN: Cuimhním go maith air, ó muise bhí mé óg an t-am sin go háirid. Nil’fhios a’m cé é seo a’ chor a’ bith a bhí ann,ní chuimhním anois air a ainm ….

MÁIRÍN: …. Sea ach ….

PEAITÍN: …. Ach chonaic mé uair amháin ann, bhí sé, bhí damhnsaí ann. Bhí máistir,múinteoirí a tháinig anseo a’ foghlaim Gaeilge nó rud eicínt, is ann, isann, is ann thuas a bhíodar.

MÁIRÍN: Hm thuas sa Lodge?

PEAITÍN: Sea, ó tá sé sin blianta fada ó shin anois….

MÁIRÍN: …. Sea, cé aige a bhí sé roimh a cheannaigh Katie Joe Mac é?

PEAITÍN: Cheannaigh sí ar deireadh é.

MÁIRÍN: Ó cheannaigh, cé a cheannaigh sí é sin uaidh meas tú, nó cé a bhí séroimhe sin, ní chuimhníonn tú?

PEAITÍN: Ó níl ’fhios a’m anois cé uaidh a cheannaigh sí a’ chor a’ bith é sinanois, ní chuimhním, nach iontach an rud é….

MÁIRÍN: …. Yeah, fadó bhí sé ráite gur ag an Máilleach….

PEAITÍN: …. Á sea, that’s right.

MÁIRÍN: Gur aige a bhí an Lodge fadó?

PEAITÍN: Is aige, is aige an Máilleach, Máilleach.

MÁIRÍN: Sea agus gur smuggler a bhíodh, a bhí ann

PEAITÍN: Sea, shea.

MÁIRÍN: Agus go mbíodh sé a’ tabhairt stuif isteach ’s amach.

PEAITÍN: Sea bhíodh an oiread seo turnips curtha aige, ní raibh turnip, ní raibh ’s céard é turnip in Árainn an t-am sin.Bhíodh turnips ’s chuile shóirt aige.

MÁIRÍN: Aige sin.

PEAITÍN: Sea agus úllaí agus chuile shóirt ann.

MÁIRÍN: Ó sea.

PEAITÍN: Tá na crainnte i gcónaí ann.

MÁIRÍN: Agus bhí go leor úllaí ann, a’ raibh?

PEAITÍN: Ó bhí sé lán. Bhí siad socraithe, ó ba mhór a’ spóirt a bhí sé, chonaicme fhéin i mo lead é. Bhí sé chomh socraithe le flagannaí isteachann agus chuile shóirt, chuile shóirt timpeall air, ba iontach an áit é.

MÁIRÍN: Yeah agus meas tú a’ mbídís a’ díol na húllaí nó justdhá n-úsáid dóibh fhéin, ní ?

PEAITÍN: Bhíodh sé a’ díol na turnops agus [thagadh] daoine as Iaráirneanoir go háirid ag iarraidh turnops ann.

MÁIRÍN: Níor chuala tusa riamh a Pheaitín go raibh siógaí ann, ar chuala?

PEAITÍN: Níor chuala mé é.

MÁIRÍN: (Gáire) Mar chuala mise é sin, sin é an fáth a bhfuil me a’ déanamhiontas.

PEAITÍN: Bhuel d’fheadadh sé a bheith ach tá áit eile thoir, thoir an áit atá, anáit atá Kevin Gill anois.

MÁIRÍN: Hm?

PEAITÍN: Thuas ansin, go raibh siad ann.

MÁIRÍN: Neart siógaí ansin?

PEAITÍN: Sea go raibh siógaí, má bhí.

MÁIRÍN: Má bhí.

PEAITÍN: Mar a raibh….

MÁIRÍN: …. Bhíodh sé ráite linne fadó go raibh siogaí sa Lodge….

PEAITÍN: …. Ar ndóigh bhí siógaí, bhí siógaí a’ siúl an bóthair fadó, chuile dhuine árá, ach anois níl duine ar bith á bhfeiceáil anois.

MÁIRÍN: Bhuel chreid siad go leor i siógaí fadó ach ní chreideann siad anois ann.Ar chreid tusa go raibh siogaí timpeall, a Pheaitín?

PEAITÍN: By dad, an teach a bhí a’inne go háirid in Iaráirne bheadh sé, bheadhceathrar nó cúigear ar cuairt chuile oíche ann go mbeadh sé, go mbeadh séan dó dhéag agus ’bhfuil ’fhios a’d a’ caint ar siogaí a bhí dar uilig. Bhífear amháin ann, bhí sé a’ rá go raibh, go raibh siogaí a’ siúl in éineachtleis, soir ’s anoir. Ní chreidfinn é sin a’ chor a’ bith.

MÁIRÍN: Ní chreidfinn féin ach an oiread….

PEAITÍN: …. Ní chreideann. Feicfidh tú tithe taobh amuigh go bhfuil sé a’ tarlú gominic.

MÁIRÍN: Yeah ach sure, ehm agus a’ bhfuil ’fhios a’d cá bhfuilTobar Éinne, Naomh Éinne?

PEAITÍN: Á sea, thoir ansin thoir.

MÁIRÍN: A’ bhfuil sé sin a’ gabháil suas ag a’ lodge?

PEAITÍN: Níl, níl, suas ag a’ Meannán. Gabh tú suas tamaillín, tá bóithrín annagus tá tobar ansin, ach bhí tobar thuas anseo, bhíodh daoine, bhíodh goleor a’ gabháil aige, go raibh leigheas ann.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus chonaic mise mé fhéin é, mná as Iaráirne a’ gabháil anoir san oíche,thugadh siad pluideannaí leob agus chodlódh siad ann ar feadh dhá oíche.

MÁIRÍN: Sa tobar Éinne?

PEAITÍN: Ní shea ach thuas, taobh thuas aríst, tá crois ann, an bhfaca tú é?

MÁIRÍN: Bhí mé ann fadó ach bhí muid a’ caint faoi sin an lá cheana agus ní raibhmuid cinnte cá raibh tobar….

PEAITÍN: …. Sea, mar a bhí fear….

MÁIRÍN: …. Suas ag an Meannán ata sé?

PEAITÍN: A’ gabháil, a gabháil suas ag a’ Meannán.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: A’ bhfaca tú an Round Tower?

MÁIRÍN: Chonaic yeah.

PEAITÍN: Tá sé anuas uaidh sin, tamaillín beag siar.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Tá crois ann. Bhíodh siad a’ coladh ann i gcaitheamh na hoíche.

MÁIRÍN: Sea, á bhíodh, bhíodh sé….

PEAITÍN: …. Bhíodh múis, cuimhním go maith ar sin, go maith, tá sé sin, tá sé sinceithre scór blianta ó shin.

MÁIRÍN: Anois agus an gcuimhníonn tú a’ rinne sibh ceilp ar bith i gCill Éinne,in Iaráirne? ….

PEAITÍN: …. Ó rinne, ó rinne mé ceilp go leor, rinne mé ceilp go leor, á dó agus átabhairt siar ag, ag eh Kate Ned Bháin.

MÁIRÍN: Ó sea ag na Ned Báins.

PEAITÍN: Sí a bhíodh á coinneáil.

MÁIRÍN: Sea ….

PEAITÍN: …. Agus ar deiridh bheifí a’ déanamh luaidhe di. Is minic a chuaigh muid siar, ní uair amháin agus chaithfí teist a chur uirthi. Mara teisteáileadh sí chuirfí amach Conamara í. Chonaic me uair amháin chuir muid siar í agus cuireadh isteach i stór í, san áit atá stór an lifeboat anois.

MÁIRÍN: Sea, ansin.

PEAITÍN: Agus thosaigh an ­­“___+” an t-am sin a’ coinneáil ceilp.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus thóg siad í.

MÁIRÍN: Cén chaoi a rinne sibh í, mar a déarfá a Pheaitín, a’ mbaileodh sibh anfeamainn, a’ b’ea agus….?

PEAITÍN: …. Bhaileodh muid isteach agus dhéanadhmuid coca mór millteach, feamainn dearg crua, bheadh sé, is dóigh cúplacoca mór millteach fada, bhíodh sé chomh crua, chomh dearg, chomh tirim.Dhéanadh muid tornóg ansin le clocha, agus chuireadh muid driseachaí iníochtar agus thabharfadh muid match go, go na driseachaí.

MÁIRÍN: M hm.

PEAITÍN: Thosódh muid a’ dó, a’ caitheamh uirthi i gcaitheamh na hoíche.

MÁIRÍN: Sea, á sea agus bhíodh sibh thíos, san oíche i gcónaí a bhíodh sibh a’déanamh….?

PEAITÍN: …. San oíche, san oíche, d’fhéadfá tosaigh sa ló ceart go leor airfreisin chomh maith céanna….

MÁIRÍN: …. Sea, sea….

PEAITÍN: …. Ach ó lasas tú í, caithfidh tú coinneáil ort. Agus ásá ansin le píosaí iarann a bhí déanta le na aghaidh. Dhéanfaí clocha móra millteach di.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Ó chuir muid, b’éigin dhúinn í a chur anoir go dtí an bóthar sin thoir agna cottages, anoir ar asail. Bhí anró ann.

MÁIRÍN: A’ mbíodh mórán le fáil uirthi an t-am sin?

PEAITÍN: Ní raibh tada, timpeall trí phunt nó cheithre phunt an tonna.

Nuair a thosaigh an Government ansin bhí siad a’ coinneáil slatamara. Thriomófá iad agus dhéanfá bundles dóibh, timpeall dó nó tríclocha i chuile bhundle, bhí praghas maith go leor orthub sin,siad na slata mara an rud is daoire amuigh.

MÁIRÍN: Sea so nuair a bhíodh sibh thíos sa, ag baint feamainnle cur ar gharraí agus rudaí?

PEAITÍN: Ó bhíodh ag baint fheamainn dubh ach thagadh feamainn dearg i dtír. Bhísí sin níos fearr aríst.

MÁIRÍN: A’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi a bhíonn sé roinnte, an raibh roinntáirithe ….

PEAITÍN: …. Bhí sí roinnte, bhí píosa ag chuile dhuine.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh siad a’ troid faoi, mara mbeadh duine a’ roinnt?

PEAITÍN: Bhuel dá bhfeiceadh aon duine ann, chaithfeá, chuirfeá as é, b’fhéidir gombeadh an badráil thart. Bhí daoine ag fáil píosaí níosfearr ná chéile?

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Bhí an-píosa feamainn dubh againne.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Bhí.

MÁIRÍN: Agus sé an capall, nó an asal agus an cléibh arb ea….?

PEAITÍN: …. Capall agus asal.

MÁIRÍN: Agus asal? ….

PEAITÍN: …. Sea, bhíodh capall ann freisin.

MÁIRÍN: Sea agus bhí cléibh áirid i gcóir an feamainn agaibh, a’ raibh?

PEAITÍN: Cléibh fheamainne, cléibh fheamainne ….

MÁIRÍN: …. Cléibh fheamainne, yeah.

PEAITÍN: Cléibh fheamainne sea.

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m a’ raibh tusa a Pheaitín riamh ag obair ar, ar a’ mbóthar,a’ bhfuil ’fhios a’d a’ déanamh na bóithrí in Árainn?

PEAITÍN: Bhíos, óra bhí mé ag obair le, bhí mé ag briseadh clocha ag a h-ocht achlog ar maidin, le, le sioc.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Mála, mála féar fúinn le, le suí air, Tomaisín Kelly a bhí ós a chionn.

MÁIRÍN: Bhí sé ina ghanger an t-am sin agaibh? ….

PEAITÍN: …. Bhí mé.

MÁIRÍN: Agus ….

PEAITÍN: …. Bhí mé ag obair thiar chomh fada le Corrúch.

MÁIRÍN: Ni h-é an Comhairle Contae a bhí a’ déanamh na bóithrí an t-am sin?

PEAITÍN: Ó ní h-é, an Board of Works tá mé a’ ceapadh.

MÁIRÍN: An Board of Works, á sea agus eh agus bhí mé a’ cuimhneamh ar a Pheaitín, cé, cén chaoi a dtabharfadh sibh libh lón? Ní raibh aon flasks agaibh? ….

PEAITÍN: Inseoidh mé dhuit é, thabharfadh muid linn tincainín tae,bhaileodh cúpla duine raithneach, bheadh sé ar a turn tine adhéanamh, agus é, é, bheadh an tae chomh, ní fhaca mé aon iontas ann nárcailleadh chuile dhuine a bhí ann.

MÁIRÍN: An áit a théadh sibh é ar a’, ar a’ tine, an tincainín?

PEAITÍN: An tincainín, sea.

MÁIRÍN: Cé, cén sóirt caitheamh aimsire a bhí agaibh fadó a Pheaitín, ní bhíodhdamhnsaí nó?

PEAITÍN: Bhíodh damhnsaí a’inn ansin thoir, bheadh damhsa thoir tí ChoilíFlaherty, tá ’fhios a’d Coilí Flaherty a bhíanseo thoir?

MÁIRÍN: Ó sea?

PEAITÍN: Bhíodh damhsaí ansin agus óra an, an-damhsa, thoir, thoir, anuas faoi tíTommy, Tommy Beag ansin, tí Tommy, Tommy a’ tSeoighe ansin thoir?

MÁIRÍN: Sea, yeah.

PEAITÍN: Bhíodh áit eile, tí Chualáin a ghlaodh muinn air, bhíodh damhnsa ann. Bhímé thiar tí bhean, ar chuala tú caint riamh ar bhean Donoghue?

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bhí mé thiar dhá, trí oíche ann, shúil mise, mé fhéin agus Dairín Neideagus bhí Micheál Tom Pháidín, by dad, coinneal a bhí ann, cuireadh as anchoinneal agus bhí se ina action ann.

(Máirín agus Áine ag gáire)

PEAITÍN: Á bhí mé óg an t-am sin. Bhí dhá chailín as, as, as Cill Mhuirbhigh,iníon le, le, le, tá mé a’ ceapadh gur iníon le Pat Beag, chuaigh sí goMeiriceá, cailín breá agus bhí iníon eile le, le, cailleadh déarfainn í,cailín breá freisin, níl ’fhios a’m, ní cuimhním anois air, á sin é an “__”ach ní cuimhním ar an duine.

MÁIRÍN: Yeah, a’ mbíodh sibh a’ damhnsa ar an alley ball agus áiteachaí mar .…?

PEAITÍN: …. Á bhí, Father Cillín a bhí ann an t-am sin.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bhíodh sé a’ ritheadh ina ndiaidh chuile oíche, chuile oíche. Bhí muid,bheadh damhnsa thíos ar an slip freisin san oíche.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bheinn ann.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ar ndóigh maidir le St. Hobers, chuala tú caint air?

MÁIRÍN: St. Hobers, no níor chuala.

PEAITÍN: Stop ag tí Veronica Mc Donagh.

MÁIRÍN: Ó sea an áit a bhí an store ag tí Mc Donagh?....

PEAITÍN: …. Sea ….

MÁIRÍN: …. An áit atá Veronica?....

PEAITÍN: …. Tá, tá hall thall i Meiriceá bhí St. Hobers air.

MÁIRÍN: Sea?

PEAITÍN: Agus tháinig Peige, bhí Peige anall. [Peige McDonagh]

MÁIRÍN: Sea?

PEAITÍN: Agus baisteadh St. Hobers air.

MÁIRÍN: Ó baisteadh mar ní ....

PEAITÍN: …. Chaith mé, chaith mé mo….

MÁIRÍN: …. Bhí tú a’ damhsa i do chosa “___+” ….

PEAITÍN: …. Ó bhí mé ag damhnsa chuile oíche sa mbliain thiar ann.

ÁINE: Agus cé a bhíodh ag casadh ceol ann?

PEAITÍN: Ní cuimhním cé anois, ó bhí ceoltóirí go h-áirid ann, níl ’fhios a’m.

MÁIRÍN: An mbíodh aon duine ag casadh amhráin ann?

PEAITÍN: Bhíodh amhráin.

MÁIRÍN: Cé a bhí glór maith acub an uair sin, an raibh glór maith a’d fhéin?

PEAITÍN: Bhí cuid acub, cuid acub go maith, bhí mé fhéin maith go leor an t-amsin.

MÁIRÍN: Anois!

PEAITÍN: Chasainn corr amhráin maith Béarla agus Gaeilge.

MÁIRÍN: Yeah?

PEAITÍN: Níl mé in ann amhráin a’ bith a chasadh anois, ní chuimhním ar thada.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú nuair a chuaigh tú ar scoil ar dtús?

PEAITÍN: Cuimhním an chéad lá a bhí ann, sé an máistir a bhí ann, Charlie Waters,ach ní raibh mise aige sin.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Sé an múinteoir eile a bhí ann, Pansy Sullivan, bhí gaol a’m fhéin lei.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: As Iaráirne a máthair. A’ raibh eolas a’d ar tí Tierney i nGaillimh?

MÁIRÍN: Sea, Mrs Tierney ab ea?

PEAITÍN: Mrs Tierney.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Bhuel sin é an teach a bhí ann, chodail mé go minic ann, inseodh mé cé angaol a bhí ann, Maidhcilín Mhicil Bhriain, iníon le Maidhcilín MhicilBhriain í, as Iaráirne, as Iaráirne.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: As Inis Oírr a tháinig, a tháinig, a tháinig Micil Bhriain, isteach agNóirín Mhaolra. Mo sheanmháthair, dreabhar go mo sheanathair.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Agus phós sí, phós an iníon garda.

MÁIRIN: Hm.

PEAITÍN: Peeler a bhí anseo, sean pheelers.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus sin é an chaoi a bhí sé sin.

MÁIRÍN: Céard a bhíodh sibh a’ foghlaim, an gcuimhníonn sibh ar scoil, an imBéarla nó i nGaeilge a bhíodh sibh a’ foghlaim?

PEAITÍN: Bhíodh Béarla agus Gaeilge a’inn.

MÁIRÍN: Ach bhíodh na h-ábhair is mó ab ea trí Ghaeilge, cén chaoi a ndéanfadhsibh na sums, mar a thug muid orthub?

PEAITÍN: I mBéarla.

MÁIRÍN: Yeah.

PEAITÍN: Bhí Béarla go leor an t-am sin ann, Béarla sa scoil, bhuel bhí máistireile ansin ann eh, eh Dennis McCarthy. Níor chuala tú caint ar sin?

MÁIRÍN: D’airigh mé caint ar McCarthy.

PEAITÍN: Á bhí a athair, bhí a athair i gCill Rónáin. As Carrigaholt as Contae anChláir iad.

MÁIRÍN: Sea, sea.

PEAITÍN: Agus á fear deas. Is, is uaidh a d’fhoghlaim mé an bicycle anchéad lá [riamh], thabharfadh sé amach muin, nuair a bheadh an dinnéar[ite] a’inn, taobh amuigh, bhí bicycle aige, bheadh sé muid afhoghlaim ar an mbicycle.

MÁIRÍN: Bhíodh sé a’ tabhairt ….

PEAITÍN: …. Á bhí sé thar cionn, bhí an-ghrá a’m féin air. Chuir sé isteach ansinar Carrigaholt, bhí scoil folamh ann.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Agus bhí fear ann leis as Co. an Chláir, istigh freisin air.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ach bhí an-trioblóid ann.

MÁIRÍN: Á sea.

PEAITÍN: Ach an fear bocht cailleadh go h-óg é, chuaigh sé ar an ól.

MÁIRÍN: Á yeah.

PEAITÍN: Á fear, fear breá mór, breá láidir. Á ba, bhí an scoil, bhí na scoileannago maith an t-am sin. Bhí mé a’ gabháil na scoile go raibh mé seachtmbliana déag.

MÁIRÍN: Ó ag an scoil náisiúnta, bhuel ní raibh aon scoil ann ach an scoilnáisiúnta.

PEAITÍN: Ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh an t-am sin, ní bhíodh aon, ní bhíodh na builíní sa scoilan t-am sin?

PEAITÍN: Bhí.

MÁIRÍN: A’ raibh?

PEAITÍN: Ar deireadh.

MÁIRÍN: Tháinig siad ann roimh a d’imigh tusa? ….

PEAITÍN: …. Donnellan a bhí ann an t-am sin, bhí ’fhios a’d Donnellan? A’ bhfuil’fhios a’d Donnellan? ….

MÁIRÍN: …. Sea Donnellan, chuala mé caint air….

PEAITÍN: …. Á máistir maith a bhí ann dá ndéanfá a chomhairle, eh chuaigh me fhéin agus Mackey Fitz, beannacht Dé le na anam, cailleadh Mackey, ach in aon chlass amháin a bhí an bheirt a’inn, sa seachtú rang, agus chuaighmuid siar Cill Rónáin ag Willie Gorham, bhí sé a’ déanamh builíní.

MÁIRÍN: Ó is fíor dhuit é.

PEAITÍN: Thug muid aniar dhá mhála.

MÁIRÍN: Sea?

PEAITÍN: Agus bhí, bhí, théis a dhéanamh, bhí a gcuid droimeachaí te, ach nuair abhí muinn soir ag an aille, dúirt Mackey liom fhéin, beannacht Dé lena anam,“tabharfaimid amach builín, íosfaimid píosa go bhuilín go háirid”, ach “__”a chuaigh muid soir, bhreathnaigh Donnnellan, chonaic sé iad, thug sé dháslap an duine dhúinn. Sin é anois.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRÍN: Bhuel so bhí, bhí na builíní déanta i gCill Rónáin Tí Ghoram ant-am sin?

PEAITÍN: Bhí.

MÁIRÍN: Bhí that’s true….

PEAITÍN: …. Builiní breá.

MÁIRÍN: Sea bhí, bhí nuair a cuimhníonns tú air….

PEAITÍN: …. Ó builíní breá….

MÁIRÍN: …. Sea.

PEAITÍN: Á bhí athrú mór i gCill Rónáin, in Árainn an t-am sin.

MÁIRÍN: Yeah .

PEAITÍN: Ach ar bhealach eile ba, bhí dar níos nádúrthaí.

MÁIRÍN: Na daoine?

PEAITÍN: Á, faoi, saol maith a bhí ann. Níl mé a’ rá go raibh aon ocras ann,mb’fhéidir go raibh daoiní nach raibh aon talamh acub ná tada, ach duine a’bith a bhí talamh aige, neart fataí aige, bhí, bhí sé ceart, ach fír nachraibh aon fhataí, nach raibh, nach raibh aon talamh aige, b’fhéidir goraibh siad beagán gann amanntaí, ach bhíodar nádúrtha. B’fhearr liomsa ansaol a bhí ann ná an saol atá inniu ann. Tá saol maith anseo. Tá ant-airgead. Ach ní hé an t-airgead an rud is fearr ar bith, tá ’fhios a’m mábhíonn do dhóthain airgid a’d tá tú ceart, ach tá sé ró-fhairsing, tá séfairsing anois gó háirid. Is maith an scéal é go bhfuil sé fairsing.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Tá ’fhios a’m gur saol maith é, ach bhí saol maith an t-am sin freisin,bhíodar [na daoine] faoi dhó níos deise, níos deise. Ní raibh, ní raibh ésin, an television, soccer ná rud a’ bith mar sin ann.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ach a’ comhrá dóib féin, nádúrtha, a’ gabháil isteach ag a chéile.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Agus rud eile á mbeifeá gann, bhí trí theach thoir a’inne in Iaráirneanois, Johnny Sheáinín agus Tí Mhaidhcilín Mhicil Bhrian taobh eile dhúinne, i lár báire, á dtiocfadh muinn gann i bplúr, thabharfadh muid linn tincan plúr dóib, go bhfaighidh siad céad mine.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Níl sé sin a’ chor a’ bith anois ann.

MÁIRÍN: Á muise níl ’fhios a’m a Pheaitín, tá go leor daoine ....

PEAITÍN: …. Á bhíodar faoi dhó níos nádúrtha.

MÁIRÍN: Bhuel….

PEAITÍN: …. Saol níos fearr a bhí ann, á mbeadh beagán airgid acub.

MÁIRÍN: Sea, sea yeah.

PEAITÍN: Tá ’fhios a’m go raibh sé bocht agus obair. Ma, ma tá na seandaoine ar,tá siad sna flaitheas, chuile dhuine beo acub. Tá saol dona anois annfreisin.

MÁIRÍN: Á ní, ó tá ’fhios a’m.

PEAITÍN: Is sé is measa a tháinig ariamh.

MÁIRÍN: Yeah. (gáire)

PEAITÍN: Shiúlfá Gaillimh cheana, ar feadh na hoíche leat fhéin, fear ná bean. Níshiúladh tú anois.

ÁINE: Ní shiúlfá, sin í an fhirinne.

PEAITÍN: An bhfeiceann tú na drugaí, ní raibh siad sin a chor a’ bith fadó ann.

MÁIRÍN: Ní raibh.

PEAITÍN: Ní raibh duine a’ bith a’ gabháil ag ospical [ospidéal] an t-am sin.

MÁIRÍN: Ní raibh, so, ní raibh ....

PEAITÍN: …. Le mo linn sa, ní raibh.

MÁIRÍN: Bhuel níor, ní, níor cheannaigh sibh tada sa siopa ansin ach an tae agusa’ siúcra?

PEAITÍN: Tae agus ….

MÁIRÍN: …. Bhí chuile rud eile agaibh fhéin, bhí na h-uibheachaí, bhí….

PEAITÍN: …. Bhí na h-uibheachaí ….

MÁIRÍN: …an bainne, bhí an t-im ….

PEAITÍN: …. Bhí agus im.

MÁIRÍN: Agus an arán?

PEAITÍN: Is iomaí maistreadh a rinne mé.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Rinne mé maistreadh….

MÁIRÍN: …. Ní raibh, ní raibh aon duine a’ gabháil ag a’ siopa ag iarraidh, céarda cheannódh sibh sa siopa mar déarfá?

PEAITÍN: Plúr.

MÁIRÍN: Agus ….

PEAITÍN: …. Is iomaí céad mine a thug mé aniar as Ti Qhuinn i gCill Rónáin, bhísiopa mór ag Quinn, thíos.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Bhí ól aige.

MÁIRÍN: Ó bhí ól ag Quinn.

PEAITÍN: Bhí ól ag Quinn le fail, ól agus….

MÁIRÍN: …. Ó ní raibh ’fhios a’m é sin.

PEAITÍN: D’fhan Eddie Costello a bhí a’ tabhairt “__”dhó agus chuile shóirt, d’fhan Eddie ag tabhairt cúnamh go leor dó bhí siadbuailte ar a chéile, d’fhan Eddie.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Sé a bhí, sé a bhí a’ freastail air.

MÁIRÍN: Agus cá raibh Quinn an t-am sin?

PEAITÍN: Quinn?

MÁIRÍN: Cá raibh sé ina chónaí an t-am sin?

PEAITÍN: Sa teach céanna.

MÁIRÍN: In éineacht le Eddie Costello?

PEAITÍN: Ní shea, i dteach, sa teach an áit a bhí an t-ól tá mé a’ ceapadh a bhísé a’ fanacht, b’fhéidir go raibh sé in éineacht, níl mé in ann a rá faoisin.

MÁIRÍN: Ach in san áit…?

PEAITÍN: …. Bhí siopa aige agus, agus ól.

MÁIRÍN: An áit atá tí Eddie Costello?

PEAITÍN: An áit atá, an áit sin, ar an taobh seo is gaire dhuit?

MÁIRÍN: Sea, tá ’fhios a’m.

PEAITÍN: Store Michael Mullen anois.

MÁIRÍN: Sea sin é atá mé a’ rá, ó sin é an áit a bhí Quinn ina chónaí?

PEAITÍN: Sin é an áit, sin é an áit.

MÁIRÍN: Agus bhí ól aige ansin chomh maith leis an siopa?

PEAITÍN: Bhíodh plúr, is iomaí céad mine a thug mé aniar.

MÁIRÍN: Yeah.

PEAITÍN: Céad mine, aon scilling déag.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Anois.

MÁIRÍN: Á ….

PEAITÍN: …. Gheofá, dhá mbeadh punt nó chúig phunt an t-am sin a’d, nó deich bpuntníl ’fhios céard a gheofá air.

MÁIRÍN: Hm.

PEAITÍN: Ach céard atá sa bpunt anois, níl tada ann.

MÁIRÍN: Níl.

PEAITÍN: Ach go bhfuil an punt fairsing.

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Buíochas le Dé go bhfuil sé sin ann.

MÁIRÍN: Sea. A’ rinne sibh aon phoitín fadó?

PEAITÍN: Bhí poitín i ngar dhomsa sa teach a bhí muid in Iaráirne, JohnnySheáinín, bhí sé á dhíol.

MÁIRÍN: Bhí sé, ach ní raibh sé á dhéanamh, a’ raibh?

PEAITÍN: Á no, no.

MÁIRÍN: Bhí sé dhá, ní dhéantaí in Árainn poitín?

PEAITÍN: Poitín in Árainn?

MÁIRÍN: Sea.

PEAITÍN: Ní rinneadh ach an méid a rinne Pat Mullen.

MÁIRÍN: Ó sea.(gáire)

PEAITÍN: Rinne sé droch phoitín.

MÁIRÍN: Ach, ach bhíodh poitín, bhíodh sibh ag ól poitín?

PEAITÍN: Níor ól mise mórán poitín, ach tháinig poitín i dtír, ar chuala tú faoian fuisce a tháinig i dtíor, i dtír?

MÁIRÍN: No, níor chuala.

PEAITÍN: Bairillí.

MÁIRÍN: Sea, níor airigh mé é sin riamh.

PEAITÍN: Óóó ! Bhí siad amach ó dheas anois, chuaigh mé fhéin amach i mo lead,ghlaoigh siad, “go anall a stór go dtabharfaidh mé braoinín duit”, thugsiad, [is] beag nár, beag nár, beag nár phlúch sé mé, bhí sé chomh láidirsin. Bhí sé láidir ach chaithfí é a teisteáil aríst le é a dhéanamh ceart?

MÁIRÍN: Arbh shin é anois fuisce a tháinig i dtír arb ea?

PEAITÍN: Sé.

MÁIRÍN: Agus cá ar tháinig sé sin i dtír as?

PEAITÍN: Ó dheas.

MÁIRÍN: Bairillí arb ea?

PEAITÍN: Bairillí, meall bairillí.

MÁIRÍN: As báid eicínt?

PEAITÍN: Sea bhí sé, bhí sé in Iaráirne, bhí sé chuile áit i gCill Éinne, bhí sé ibhfolach acub. Bhí cuid acub, is beag nach rabhadar, bhíodar ar meisce,dálta leis.

MÁIRÍN: Agus cén aois a bhí tusa an t-am sin a Pheaitín?

PEAITÍN: Hea?

MÁIRÍN: Cén aois a bhí tusa an t-am sin?

PEAITÍN: Má bhí mé seacht nó ocht, nó naoi go bhlianta.

ÁINE: (Gáire).

PEAITÍN: Ó!

ÁINE: (Gáire)

MÁIRÍN: Ach a Pheaitín a’ mbíodh na mná ag ól an poitín freisin fadó?

PEAITÍN: Bhíodh chonaic mé, chonaic mé bean tití.

MÁIRÍN: Bhídís….

PEAITÍN: …. Ar bhainis.

MÁIRÍN: Ach .…

PEAITÍN: …. Bean as Cill Éinne, ní chuirfidh mé aon ainm uirthi.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRÍN: Ach ….

PEAITÍN: …. Agus iad, agus iad a’ cuir im ina béal ag iarraidh….

ÁINE: (Gáire)

MÁIRÍN: …. Ach nuair a bhí na nobbies ann, an gcuimhníonn tú nuair a bhína báid sin ann, nach mbíodh na mná ag ól an t-am sin nuair a bhíodh na fíramuigh ag, ag iascach?

PEAITÍN: Ní bhíodh, ní i gCill Éinne, ná in Iaráirne é go h-áirid.

MÁIRÍN: Á ó tá ’fhios a’m nach bea, (gáire) tá ’fhios a’m.

PEAITÍN: Anois bhíodar, bhíodar ag ól, bhíodar, bhí cuid acub ag ól go h-áirid.

MÁIRÍN: Sea, sea bhí.

PEAITÍN: Agus ag ól go maith freisin.

MÁIRÍN: Bhíodh.

PEAITÍN: Bhí me fhéin óg a’ t-am sin ach tá ’fhios a’m, cuimhním go maith air.

MÁIRÍN: Sea, sea.

ÁINE: Nach raibh sé chomh maith go na mná bolgam a bheith acub fhéin….

BRÍD: …. Sea go deimhin

MÁIRÍN: (Gáire) Anois go raibh mile maith agat a Pheaitín, agus tá súil a’m gobhfeicfidh muid thú aríst le cúnamh Dé.

PEAITÍN: Le cúnamh Dé.

MÁIRÍN: Am eicínt eile.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.