Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00043

Taifeadadh
BBAF.00043
Formáid
MiniDisc
Fad
18:03
Dáta
12 Márta 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Sruthán
Bailitheoir
Margaret Mhac Johnny Uí Chonghaile
Faisnéiseoir
Vailín Aindí Ó Maoláin
Eolas cartlainne
MD 49 Vailín Aindí Ó Maoláin. Cleamhnas agus Pósadh; Ag seinm ar bhosca ceoil; Bosca ceoil; 14:46: "An Staicín Eorna"; 16:25 Port dúbailte "The Mug of Brown Ale".
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00043
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MAIRÉAD: Inniu an dóú lá déag go Mhárta an bhliain 2002. Is mise Mairéad Ó [Uí] Conghaola. Tá mé anseo sa Sruthán i dteach Veailín Ó Maoláin, nó Veailín Aindí mar is fearr ainm [aithne]air. Dia duit a Veailín.

VEAILÍN: Dia ’s Muire duit.

MAIRÉAD: Cén chaoi a bhfuil tú?

VEAILÍN: Go maith a mh’anam. Cén chaoi a bhfuil tú fhéin?

MAIRÉAD: Ó níl mé go dona ar chor ar bith go raibh maith a’d.

VEAILÍN: Ó yeah.

MAIRÉAD: Anois a Val, ar rugadh agus ar tógadh ar an mbaile seo thú?

VEAILÍN: Rugadh, rugadh.

MAIRÉAD: Agus do mhuintir, an dtáinig said as an mbaile seo freisin?

VEAILÍN: Bhuel, tháinig, tháinig, ach gur as Cill Rónáin mó mháthair.

MAIRÉAD: A’ b’ea

VAILÍN: Sea.

MAIRÉAD: A’ bhfuil tú fhéin pósta?

VEAILÍN: Bhuel bhíos, ach cailleadh mó bhean, ’s tá mé anois ….

MAIRÉAD: …. Go ndéana Dia Trócaire ar a h-anam.

VEAILÍN: …. liom péin. Amen.

MAIRÉAD: An raibh mórán clainne sa teaghlach?

VEAILÍN: Triúr.

MAIRÉAD: Bhuel ba mhaith liom anois a Veailín beagán eolas a fháil uait faoi chleamhnas agus pósadh fadó. A’ raibh mórán cleamhnas ann le do lion?

VEAILÍN: By dad bhí, bhí mé fhéin ar, ar chúpla ceann acub.

MAIRÉAD: Hm.

VEAILÍN: Bhíos, bhí.

MAIRÉAD: A’ raibh daoiní áirid le h-aghaidh an cleamhnas a dhéanamh?

VEAILÍN: Bhuel ní raibh, ní raibh, b’fhéidir eh bhuel fear a bheadh a’ gabháil, a’ gabháil ag iarraidh bean mar a déarfá, gheobhaidh sé fear eicínt eile in éineacht leis, a mbeadh aithne aige air. Bhuaileadh an bheirt ansin isteach sa teach, ach ehm is dóigh go raibh fios ag an, ag an athair ’s ag an mháthair mar a déarfá go raibh dar le thíocht.

MAIRÉAD: Ní raibh ’fhios ag an gcailín tada faoi.

VEAILÍN: Bhuel eh b’fhéidir go raibh ’fhios ach, ó théidís isteach agus bhídís scaitheamh a’ caint ach is gearr go bhfiafróidh eh an (gáire) fear gon eh gon fhear….

MAIRÉAD: …. Gon t-athair.

VEAILÍN: Sea.

MAIRÉAD: Gon athair, hm.

VEAILÍN: Go raibh said ag iarraidh an iníon.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Gach a bhfaca mise díobh, sin é an chaoi a raibh said.

MAIRÉAD: Agus a’ mbídís sásta i gcónaí mar a déarfá, an mbeadh an cailín sásta nó….

VEAILÍN: …. Bhuel eh ….

MAIRÉAD: …. A’ mbeadh a muintir sásta?

VEAILÍN: Bhuel eh, ó dhiabhac bhíodh.

MAIRÉAD: I gcónaí?

VEAILÍN: Bhuel ní móide go mbíodh amannaí.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Ní, (gáire) ní, b’fhéidir gur iomaí áit a chuaighú isteach dhá h-iarraidh agus thángadar amach folamh.

MAIRÉAD: Ó go deimhin.

VEAILÍN: An dtuigeann tú, ach eh bydad ehm théidís isteach agus ehm bhíodh, bhíodh barúil ag an athair ’s ag an máthair, is dóigh go mb’fhéidir go raibh sé insí gon iníon.

MAIRÉAD: Sea. Agus bhí sí a’ súil leis, súil [leis].

VEAILÍN: Bhuel bhí ach, bhíodh.

MAIRÉAD: Yeah.

VEAILÍN: Ach eh.

MAIRÉAD: Agus ansin a’ ngabhfaí i bhfad ar siúl uaireantaí le cleamhnas a dhéanamh?

VEAILÍN: Ó bhuel b’fhéidir nó, m’anam gur iomaí uair a chuaighú, d’fhágadh an t-oileán, go ndeachú go dtí na h-oileáin eile.

MAIRÉAD: An ndeachaigh?

VEAILÍN: Théadh, fadó, ag iarraidh bean.

MAIRÉAD: Bean. Cén fáth é sin, an bé an chaoi a raibh said gann ar an oileán seo?

VEAILÍN: Bhuel Ar ndóigh ní h-é, nach ina dhiaidh sin. Ní h-é, ní h-é ach théidís, ó théidís píosaí móra, théadh.

MAIRÉAD: Agus i gcónaí ansin an raibh spré i gceist?

VEAILÍN: Bhuel bhíodh an uair sin, bhíodh.

MAIRÉAD: M hm, agus a’ raibh níos mó meas ar fear a bheadh neart talamh aige even á mbeadh sé, fiú dá ba sean fhear a bheadh ann agus neart talamh aige, a’ raibh níos mó meas ar sin ná fear óg?

VEAILÍN: Bhuel eh, tá mé ag ceapadh go raibh an uair sin, an dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Talamh ’s spré, spré, théidís, gheobhaidís, gheobhaidís ….

MAIRÉAD: …. Gheobhadh an bhean an spré ….?

VEAILÍN: …. Gheobhadh, gheobhadh spré.

MAIRÉAD: Ach cén sort spré ansin a gheobhadh sí, talamh nó airgead nó?

VEAILÍN: Ceann eicínt acub.

MAIRÉAD: Hm.

VEAILÍN: Ceann eicínt acub.

MAIRÉAD: Nó leaba?

VEAILÍN: Leaba, dhiabhac, ní mórán pré le leaba le spré (gáire) ach eh á ceann eicínt acub a gheobhadh sí.

MAIRÉAD: An gheobhadh, yeah?

VEAILÍN: Hm.

MAIRÉAD: Ansin, nuair, nuair a bheadh an, an cleamhnas, chuile rud socraithe suas mar a déarfá.

VEAILÍN: Hm.

MAIRÉAD: Agus iad sásta, a’ mbíodh ceiliúradh mór acub ansin?

VEAILÍN: Ó bhíodh, bhíodh….

MAIRÉAD: …. Damhsa agus ceol?

VEAILÍN: Bhíodh.

MAIRÉAD: Agus ól?

VEAILÍN: Bhí, oíche go maidin, sin é an rud a dtugaidís an cleamhnas air. Bhíodh muis, chomh maith le bainis a’ bith.

MAIRÉAD: Poitín, a’ mbídís ag ól?

VEAILÍN: Á ní bhíodh, ní bhíodh, Guinness, Guinness a bhídís a’ ól.

MAIRÉAD: Agus cén cineál ceol, mileoidean a b’ea?

VEAILÍN: Siad, siad na mileoidins a bhíodh ann le mó linnsa go háirid….

MAIRÉAD: …. A b’ea?

VEAILÍN: Bhí mise mé fhéin ag casadh ar chupla cleamhnas.

MAIRÉAD: A’ raibhir?

VEAILÍN: Bhíos, bydad b’fhearr liom iad ná an bhainis a bhíodh acub ar deireadh. B’fhearr, mar ní raibh, ní thagadh mórán daoine mar a déarfá.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Ach b’fhéidir scór nó mar sin.

MAIRÉAD: M hm.

VEAILÍN: Ach b’iontach an oíche a bhíodh ann.

MAIRÉAD: Agus amhráin ar an sean nós ….?

VEAILÍN: …. Amhráin, sea muis, sea, agus chuile shean nduine á mbíodh ann a’ shtep dancáil

MAIRÉAD: An mbíodh?

VEAILÍN: Bhíodh muis, cinnte.

MAIRÉAD: Sean agus óg ann, meascthaí le chéile….

VEAILÍN: …. Sean agus óg, bhí muis, bhíodh agus diabhal a stopadh go maidin.

MAIRÉAD: Cén t-achar ansin a bhí idir an cleamhnas agus a’ pósadh?

VEAILÍN: Bhuel níl ’fhios a’m anois é sin, b’fhéidir go mbeadh coicís ann nó trí seachtainí. Mb’fhéidir, ’s b’fhéidir nach mbeadh ach an t-seachtain.

MAIRÉAD: Agus eh Veailín ansin, a’ raibh sé deacair, an gceapann tú, ar an bhean a dhul isteach i dteach eile, b’fhéidir bean a bheith sa teach sin cheana?

VEAILÍN: Bhuel Ar ndóigh is dóigh nach raibh an uair sin, is dóigh, ní, ní, ní cheapainn go raibh.

MAIRÉAD: Cén fáth é sin?

VEAILÍN: Bhuel ar ndú, b’fhéidir go raibh an dream a bhí istigh rompu, go raibh siad roinnt sean, ’s mar seo ’s mar siúd ach

MAIRÉAD: Agus ceapann tú gur bhain siad ceart maith dhá chéile?

VEAILÍN: Bydad, cheapainn gur bhain.

MAIRÉAD: Agus cén sort bean a d’fheileadh go na fir an uair sin?

VEAILÍN: Ó bhí said a’ tóraíocht bean mhaith, bean a bheadh in ann obair. M’anam go mbíodh sé le déanamh acub an uair sin.

MAIRÉAD: So, a’ raibh orthub obair sa gcladach ’s chuile rud mar sin?

VEAILÍN: Á bhuel níl mé a’ rá go raibh dar sa, sa gcl [adach], cé is moite go mbíodh cuid acub sa gcladach ach ehm bhídís a’ bleáin beithígh agus eh chuile rud eile, ag iarraidh a bheith istigh ’s amuigh.

MAIRÉAD: Sea, sea.

VEAILÍN: B’fhéidir go mbíodh an fear sa gcladach nó áit eicínt eile ach bhí a ndóthain le déanamh acub.

MAIRÉAD: Is dóigh go raibh.

VEAILÍN: Bhí, tá me a’ raibh leat.

MAIRÉAD: Agus an ndéantaí cleamhnas leis an dara pósadh, a’ bhfuil ’fhios a’d?

VEAILÍN: Bhuel, is dócha go ndéantaí, nár mhaith dhóibh acub an second hand. (gáire).

MAIRÉAD: (Gáire).

VEAILÍN: (Gáire) Hea, nach bhfuil mé a’ rá leat.

MAIRÉAD: Bhuel anois a Veailín tá said, tá an cleamhnas déanta so tá mé a’ gabháil cupla ceist a chuir ort freisin anois faoi phósadh. A’ raibh laethantaí áirid nach bpósaidís?

VEAILÍN: Bhuel chomh fada le mó bharúil sa, ní phósaidís go h-áirid sa gCarghas.

MAIRÉAD: An gcreidtí an uair sin nár cheart gon bhean an fear a fheiceáil sula gcasfaí ar a chéile sa séipéal iad?

VEAILÍN: B’fhéidir go gcreidtí an uair sin é ach ní chreidtear anois é. Nach bydad ní, ní, ní, ní cheapaim é, b’fhéidir go raibh sé ann ….

MAIRÉAD: …. Sea….

VEAILÍN: …. roimhe an rud atá mise ag caint air ach níl sé anois ann.

MAIRÉAD: Ó tá a fhios a’m sea.

VEAILÍN: Ná le scaitheamh maith.

MAIRÉAD: M hm.

VEAILÍN: Nach bhfeiceann siad an dara h-oíche anois í théis, théis an chleamhnas.

MAIRÉAD: Anois fadó a’ mbíodh Aifreann ann nuair a phósadh daoine.

VEAILÍN: Ó bhíodh, bhíodh muis agus théadh an fear agus an bhean a bhí a’ gabháil a’ pósadh ag comaoineach.

MAIRÉAD: Sea, bhí said diaganta go maith an uair sin ….

VEAILÍN: …. Ó bhí, óse bhí muis bhí, ó is dóigh go dteann, ó teann siad i gcónaí ann ach

MAIRÉAD: Cén bealach a ghabhaidís go dtí an séipéal?

VEAILÍN: Bhuel, is dócha gur capall ’s trap nó jaunt.

MAIRÉAD: Agus an cuimhin leat anois ehm cén sort éadach a bhíodh orthub?

VEAILÍN: Bhuel, diabhal ’fhios a’m anois cén sort éadach é, bhuel bhíodh culaith éadaigh nua ar na fir ach diabhal mórán breathnú a bhínn a thabhairt ar na mná go mbeadh (gáire) ’fhios a’m cén sóirt éadach a bhí orthub ach

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Ó bhídís deisigh go maith, bhíodh.

MAIRÉAD: ’S an mbíodh daoiní a’ seasamh leob, gaolta nó .…

VEAILÍN: …. Ó bhíodh.

MAIRÉAD: Gaolta nó cairde?

VEAILÍN: Ó níl mé in ann, cheapainn gur, ní, ní cheapainn, níl ’fhios a’m baraineach ar gaolta nó cairde iad.

MAIRÉAD: Sea, sea.

VEAILÍN: Bhídís ann, ó bhíodh.

MAIRÉAD: Hm agus cén saghas fáinne a bhíodh orthub?

VEAILÍN: Ó bhíodh fáinní breá orthub.

MAIRÉAD: An mbíodh ….?

VEAILÍN: …. Fáinní breá leathan, mar a déarfá bhí leithead iontub.

MAIRÉAD: Sea, agus cá bhfuair siad iad, meas tú?

VEAILÍN: Is dóigh gur i nGaillimh. tá said i nGaillimh anois, níl ’fhios a’msa a’ mbeidís an uair sin ann….

MAIRÉAD: …. Sea, sea.

VEAILÍN: Ó dhiabhac bhíodh fáinní breá orthub.

MAIRÉAD: Cé a thugadh cuireadh go na daoiní ar a’ mbainis?

VEAILÍN: Bhuel an té a phósadh mar a déarfá.

MAIRÉAD: Ó sea, a muintir nó….

VEAILÍN: …. Sea, a muintir freisin mar ….

MAIRÉAD: …. Sea, sea.

VEAILÍN: Duine a’ bith a raibh aithne acub orthub nó gaol acub leob, bhídís ar a’ mbainis.

MAIRÉAD: Sa lá inniu tabharfaidh duine eicínt an bhean, an t-athair an iníon uaidh nó rud eicínt mar sin, a’ dtabharfadh aon dhuine uathab an bhean an uair sin?

VEAILÍN: Chomh fada le mó bharúil ní thugadh. Cheapainn go bí an bhean agus an té a bheadh a’ gabháil a’ seasamh le.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Agus an fear agus an té a bheadh a’ gabháil a’ seasamh leis.

MAIRÉAD: Ó sin a raibh ann.

VEAILÍN: Sin a raibh ann, chomh fada liomsa, le mó bharúil, b’fhéidir go bhfuil sé athruithe ó shin.

MAIRÉAD: Cá mbíodh an bhainis, teach an fhear nó teach an bhean?

VEAILÍN: Ó teach, teach an fhear.

MAIRÉAD: A’ b’ea?

VEAILÍN: Ach eh, sea ach bhíodh an cleamhnas ansin i dteach an bhean.

MAIRÉAD: Cá mbíodh an béilí “__+”

VEAILÍN: Teach an fhear.

MAIRÉAD: Teach an fhear….

VEAILÍN: …. Is ann a théadh siad isteach théis an t-séipéil….

MAIRÉAD: Ó sea, sea.

VEAILÍN: Sé.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh cáca “__+”?

VEAILÍN: Ó bhíodh muis.

MAIRÉAD: Hm.

VEAILÍN: Greada arán ann, bhíodh.

MAIRÉAD: Bhíodh ehm sé ráite go raibh pisreogaí go leor acub fadó, a’ mbrisidís cáca ar chloigeann an bhean nuair a ghabhadh, nó rud ar bith mar sin?

VEAILÍN: Bhí said á rá, eh go mbriseadh ach ní fhaca mise iad á mbriseadh, ach d-airigh mé go mbíodh.

MAIRÉAD: Sea. Cén t-achar a sheasadh an bhainis?

VEAILÍN: Ó, ó thosódh sí, go mbeadh sé breacadh an lae lá arna mháireach, maidin lá arna mháireach.

MAIRÉAD: Oíche go maidin?

VEAILÍN: Sea.

MAIRÉAD: Agus eh, a’ mbíodh ól agus?

VEAILÍN: Bhíodh, bhíodh ól ’s ceol ’s ithe….

MAIRÉAD: …. Pórtar a’ b’ea, pórtar?

VEAILÍN: Sea.

MAIRÉAD: Agus ceol.

VEAILÍN: Ceol.

MAIRÉAD: An chaoi chéanna….

VEAILÍN: …. Sea go díreach agus rud le n-ithe.

MAIRÉAD: Bosca ceoil ….

VEAILÍN: …. Bhíodh sé , sea….

MAIRÉAD: …. nó mileoidin….

VEAILÍN: “___+”

MAIRÉAD: .…agus ag damhnsa agus

VEAILÍN: Bhíodh.

MAIRÉAD: ag gabhail fhoinn.

VEAILÍN: Bhíodh, sean amhráin ansin ag an sean dream.

MAIRÉAD: …. Ó go deas.

VEAILÍN: …. Nuair a bhíodh cúpla pionta ólta acub.

MAIRÉAD: ’S a’ mbíodh daoiní ina seasamh taobh amuigh freisin?

VEAILÍN: Ó bhíodh.

MAIRÉAD: Cé bhíodh ina seasamh taobh amuigh?

VEAILÍN: Ó dhiabhail ar ndú….

MAIRÉAD: …. Daoine, a’ raibh cuireadh faighte ag na daoine a bhí ina seasamh taobh amuigh ….?

VEAILÍN: …. Ó muise ar ndú, ní móide go raibh ag cuid acub, ach mara raibh fhéin á dtéighdís isteach bheadh fáilte rompub ….

MAIRÉAD: …. Bheadh fáilte rompub ….

VEAILÍN: Bheadh, bheadh.

MAIRÉAD: Bhí an bhainis thart déarfaimid agus a’ raibh seomra ansin, seomra ag an gcúpla dhóib fhéin?

VEAILÍN: Ó (gáire) dhiabhail….

MAIRÉAD: …. Mar a déarfá.

VEAILÍN: Ó a dhiabhail, teach, cripes (gáire)

MAIRÉAD: Leaba tuí nó clúmhach?

VEAILÍN: Ó leaba tuí? Ó a dhreabhar ní hea.(Gáire) Bhuel tá mé a’ ceapadh gur leaba chlúmhach a bhíodh an uair sin ann.

MAIRÉAD: Arb ea?

VEAILÍN: Sea, mattress mór , bhíodh eh, ehm, tick a bhíodh air.

MAIRÉAD: Arb ea?

VEAILÍN: Sea, mar a déarfá, an bhfaca tú éadach mar siúd, a dtugaidís tick air?

MAIRÉAD: Á chonaiceas.

VEAILÍN: Sin é do dhóthain, leaba chlúmhach a bhíodh an uair sin ann.

MAIRÉAD: Is dóigh go mbíodh an leaba is fearr sa teach acub?

VEAILÍN: Ó bhíodh, bhíodh.

MAIRÉAD: Céard a déarfaí faoi, faoi bhaintreach a phós aríst?

VEAILÍN: Céard a déarfaí fúthu?

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Och, ní dhéarfaí tada fúthu ach gur maith ann í mar a deir mé cheana an second hand. Ní dhéarfaí a dhreabhar.

MAIRÉAD: Sea, agus a’, a’ raibh daoiní sásta faoi pósadh idir col ceathrar nó gaolta eile?

VEAILÍN: Bhuel, níl ’fhios a’m anois faoi sin bydad, níl, níl mé in ann inseacht duit mar feictear dom nach mórán de, gon dream sin a chonaic mé nó, a’ chor ’a bith.

MAIRÉAD: Sea, sea, sea.

VEAILÍN: Bhuel b’fhéidir go mbídís ina aghaidh, níl ’fhios a’m ach

MAIRÉAD: A’ gceapann tú to raibh said, na daoiní ina aghaidh, ina aghaidh sin faoi pósadh col ceathrar nó daoine gar i ngaol?

VEAILÍN: Á muise ní cheapainn go raibh.

MAIRÉAD: Ní cheapfá go raibh ….?

VEAILÍN: …. Ní cheapainn.

MAIRÉAD ; An fíor a Veailín go raibh ar a’ mbean fanacht sé seachtainí sula fhéadfadh sí a dhul ar ais ag teach a muintir?

VEAILÍN: Bhuel níl ’fhios a’msa cén t-achar a bhí, a bhíodh ceapthaí di ach bhí sé, [an nós] bhí sé ann.

MAIRÉAD: Bhí sé ann.

VEAILÍN: Bhí, ní fhéadfadh sí, bhí sé, bhuel chonaic mé fhéin é a’ tarlú.

MAIRÉAD: Sea, an bhfacair?

VEAILÍN: Chonaic, ní eh, ní fhéadfaidís, ní fhéadfadh sí a dhul ag teach s’acub fhéin, mar a déarfá an áit, an teach ar rugadh agus a tógadh í go ceann scaitheamh, níl ’fhios a’msa cén t-achar, cé bí cén sóirt, ach nach bhfuil siad (gáire) a’ gabháil ó sráid go sráid anois nuair atá said pósta.

MAIRÉAD: Ó tá saol an-difriúil inniu.

VEAILÍN: Ó.

MAIRÉAD: A Veailín.

VEAILÍN: Ar ndóigh tá sé athruithe.

MAIRÉAD: Tá, tá sé athruithe go mór.

VEAILÍN: Ó tá.

MAIRÉAD: Yes, agus eh, cé mar thaitin, ar fearr leat an saol atá ann inniu ná, ná ….

VEAILÍN: …. Bydad, b’fhearr liom, b’fhearr liom an saol a bhí an uair siúd ann….

MAIRÉAD: …. Fadó, a’ mb’fhearr?

VEAILÍN: Ara b’fhearr, b’fhearr ar ndú, ara b’fhearr, b’fhearr an spraoi a bhí ann.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Mar a déarfá, ach nach bhfuil an oiread ceoil agus jingle jans a’ gabháil thart anois, (gáire) go raibh sé chomh maith duit, nár nár bhfearr duit an uair sin bainis nó cleamhnas b’fhéidir go mbeadh

MAIRÉAD: Agus bhí níos mó daoiní sna bailte chaoi ….

VEAILÍN: …. Ara bhí.

MAIRÉAD: A’ conaí sna bailteachaí….

VEAILÍN: …. Bhí, bhí agus rud eile dhe bhí said in ann go leor spraoi a dhéanamh.

MAIRÉAD: Sea, agus scéalta, bhí said….

VEAILÍN: …. Go díreach, go díreach….

MAIRÉAD: …. ag inseacht scéalta freisin.

VEAILÍN: Go díreach.

MAIRÉAD: Yeah.

VEAILÍN: Óra bhíodh ach eh níl mé a’ fail lucht ar bith ar an dream atá anois ann ach tá sé beagáinín ró-mhaith.

MAIRÉAD: Yeah, sea.

VEAILÍN: Tá.

MAIRÉAD: Agus níl an oiread daoiní thart ar an mbaile seo….

VEAILÍN: …. Ó níl….

MAIRÉAD: …. ná ar aon bhaile eile ….

VEAILÍN: …. Níl, níl ….

MAIRÉAD: …agus a bhí….

VEAILÍN: …. Níl ….

MAIRÉAD: …le do linn sa, ag éirí suas duit….

VEAILÍN: Níl, níl.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: D’fhéadfá a dhul ag cuartaíocht i dteach fadó.

MAIRÉAD: Sea.

VEAILÍN: Á, á ngabhfá amach [ar cuairt]ag duine a’ bith, nach é an diabhal go television sin anois atá ó oíche go maidin ann agus níl aon duine ag iarraidh a dhul amach. A’ breathnú ar sin, fiú amháin nach bhfuil na gasúir ó tá said in ann súil as an gcliabhán, nach bhfuil siad imithe ina dhiaidh.

MAIRÉAD: Tá go deimhin, yeah.

VEAILÍN: Tá, ag aithris ar na rudaí ansin atá said sin a’ dhéanamh. ’Bhfuil ’fhios a’d cén chaoi a bhfuil sé, tá an saol, saol ina chirrthuafaill acub, tá, tá.

MAIRÉAD: Bhuel a Veailín anois ehm, deir tú gur, go dtabharfaidh tú port dom ar an mileoidin.

VEAILÍN: Bhuel diabhal ar miste liom.

MAIRÉAD: Más miste leat, tá mé fíor bhuíoch duit anois.

VEAILÍN: Tabharfaidh mé, tabharfaidh mé.

MAIRÉAD: Faoi an méid eolas a thug tú dom.

VEAILÍN: Go díreach, bhuel diabhal mórán eolais é sin, mar más ceart nó contráilte é cuiridís cosa faoi.

MAIRÉAD: (Gáire)

VEAILÍN: Casadh mé dhá phort anois.

MAIRÉAD: Sea cas yeah. Céard atá tú gabháil a’ chasadh?

VEAILÍN: Bhuel, casadh mé anois Shtack o’ Barley’ ar dtús.

MAIRÉAD: Oh by gob.

[Seinneann Veailín ar an mileoidin agus tá Mairéad ag bualadh bos leis an gceol]

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.