Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00052

Taifeadadh
BBAF.00052
Formáid
MiniDisc
Fad
40:12
Dáta
20 Aibreán 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Rónáin
Bailitheoirí
Catherine Uí Iarnáin
Síle Seoighe
Faisnéiseoir
Paddy Mullen
Eolas cartlainne
MD 57 Pádraig Ó Maoláin. Trá na bhFrancach; Iascaireacht; Báid: MFV Westward, MFV Muir Ára, MFV Sea Wife, MFV Spes Nova; Iascairí; Piseoga; Bád Tarrthála; 36:58 Amhrán: "The Greenland Whale Fishery".
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00052
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

CATHERINE: Inniu an fichiú lá go Aibreán 2002. Tá mé féin, Catherine Tom Mhileadh agus Síle Dillane le agallamh a chur ar Padraig Ó Maoláin nó Paddy Mullen mar b’fhearr ainm [aithne] air. Dia duit a Phaddy.

PADDY: Cén chaoi a bhfuil tú a dhreabharín?

CATHERINE: Cár rugadh thú a Phaddy?

PADDY: Rugadh i gCill Rónáin mé, in Árainn 1948, píosa maith ó shin.

CATHERINE: ’S cé as do mhuintir?

PADDY: As Cill Rónáin m’athair agus as Cill Mhuirbhigh mo mháthair, agus tá muid a’ cónaí i dTrá na bhFrancach le, ó rugadh mise, nó roimhe sin, glac blianta roimhe sin.

CATHERINE: Agus nuair a phós t’ athair ’s do mháthair, ar thíos ag Trá na

bhFrancach atá sibh ó shin.

PADDY: Sea, phós siad i 1946 chomh fada le mo bharúil agus rugadh mise i ’48. Mise an chéad duine acub, tá, tá ceathrar a’inn sa gclann. Ceathrar lads….

CATHERINE: …. Agus a’ bhfuil sibh uilig ar an oileán nó?

PADDY: Tá, bhí muinn ar an oileán ar feadh píosaí móra ach tá, tá triúr a’inn ar ais aríst anois ann.

CATHERINE: Agus tá duine agaibh i Meiriceá, nach bhfuil?

PADDY: Duine i Meiriceá, sin é.

CATHERINE: Agus cén bhliain anois a d’fhág tú an scoil?

PADDY: Chomh fada le mo bharúil i 1965. Ta sé sin píosa maith ó shin freisin.(gáire) Chuaigh me ag bunscoil i gCill Rónáin agus bhí me ann go dtí is dóigh, ní chuimhním anois ach chuaigh mé ag a’ Tech, chuaigh mé ag a’ Tech ina dhiaidh sin agus bhí mé ann go raibh mé seacht mbliana déag, is dóigh.

CATHERINE: Cé bhí sa rang sa Tech leat, a’ bhfuil tú in ann cuimhneamh?

PADDY: Bhí Bríd Tom Pheadí ann. Cé eile a bhí ann, Jeez ní chuimhním anois orthub, le bheith faireáilte.

CATHERINE: Agus cén ardmháistir a bhí agaibh sa Tech an t-am sin?

PADDY: Fear darbh ainm Scanlon. Sé an ardmháistir a bhí ann an t-am sin. Agus, fear deas, chuaigh sé Gaillimh ina dhiaidh sin agus tá sé, tá mé a’ cheapadh go bhfuil sé a’ múnadh i gcónaí mura bhfuil sé ró-shean, níl mé cinnte anois ach casadh orm ansin glac blianta ó shin é. Fear é a bhí an-mheas a’m air, le bheith faireáilte.

CATHERINE: Agus nuair a bhí tú ré leis an Tech ansin a’ ndeachaigh tú ag iascach díreach ina dhiaidh nó?

PADDY: Bhuel idir an am, idir am a’ plé leis a’ Tech bhí mé ag iascach leis an, m’athair, bhí báidín beag aige agus mar sin, a’ plé le gliomachaí agus a’ plé le mangachaí agus dorruntaí agus a’ ritheadh daoine siar ’s aniar idir na hoileáin agus go Ros a’ Mhíl agus bhí muinn oibriú, a’ tógáil daoiní tinn go Ros a’ Mhíl, as na hoileáin freisin, mar chomh fada le mo bharúil ní bhíodh an bád tarrthála dhá dhéanamh an t-am sin. So bhíodh sé [a athair] a’ déanamh go leor dhó sin, a’ dtuigeann tú, mar ní raibh aon bháid eile ann, ach amháin an sean Naomh Éanna agus bhíodh, ní bhíodh sí sin a’ teacht ach b’fhéidir dhá bhabhta sa tseachtain, is iondúil.

CATHERINE: Agus cén t-ainm a bhí ar bád t-athair?

PADDY: Bhuel an t-ainm a bhí ar an mbáidín beag ná, ghlaodh siad thoir sna hoileáin thoir air, ná, an báidín bán, ach an ‘Westward’ an t-ainm a bhí uirthi. Bhí sí, ní raibh sí ach chuig throigh fichid ar faid.

CATHERINE: Agus a’ bhfuil aon duine eile agaibh ag iascach ach ’ú féin?

PADDY: Eh tá, bhíodh Peter, an dearthár, Peadar, tá sé ina chónaí i Meiriceá anois, chaith se a shaol ag iascach freisin. Tá sé i dtír anois, a’ díol iasc atá sé ach tá cúpla bád aige i Rhode Island agus bíonn siad a’, bíonn sé a’ plé le scadáin agus mar sin.

CATHERINE: Agus bhí bád aige féin anseo freisin, na’ raibh?

PADDY: Bhí, bhí an bád aige féin, an ‘Julie M’ ar feadh glac blianta.

CATHERINE: Ar aire tú go raibh aon phisreogaí faoin iascach? Faoi na mná seo a bhíodh cloigeann rua orthub?

PADDY: Bhí sé sin ráite. Le bheith faireáilte thóg go leor daoiní suas ar an mbealach sin é. Crúba coiníní ceann eile, cois, dá mbeadh, dá bhfeicfeadh siad cois coinín nó coinín a’ gabháil, agus iad a’ gabháil ag iascach ar maidin, ní bheadh, ní thaitneoidh sé ró-mhaith leob. Ach tá muid imithe síos an bóthar agus níl ’fhios a’m a’ gcuireann sé mórán ….

CATHERINE: …. Ní chreideann .…

PADDY: .… as dhomsa (gáire). Cheapainn go leor go na daoiní óga a’ dtuigeann tú, déarfainn gur faisean a bhí i go leor go na rudaí seo a’ dtuigeann tú, [ar] nós, [ar] nós a bhíodh daoiní a’ feiceáil taibhsí. Tá go leor píosaí mar sin ann ach níl ’fhios a’m.

CATHERINE: ’S ar chreid tú féin ann, dá gcasfaí bean rua ort ar maidin agus dhá mbeadh lá dona amuigh ag iascach a’d? (gáire)

PADDY: Ní dhearfainn é, ní, ní, ní, níor ghoill sé riamh orm ar an mbealach sin ach is dóigh dá bhfeicfeá duine deas rua bheifeá, bheifeá a’ rá leat féin b’fhéidir nár cheart dhuit a’ ghabháil ag iascach a’ chor a’ bith an lá sin.

CATHERINE: (Gáire) Agus nuair a bhí tú féin amuigh ag iascach in éineacht le t athair, a’ raibh aon duine eile sa mbád in éindí libh nó?

PADDY: Is iondúil nach mbíodh ann ach an bheirt a’inn, yeah. Ach bhí, sular anois a thosaigh mise ag iascach, an chéad bád a fuair m’athair ansin (--) bhíodh m’athair ag iascach ar na sean steam trawlers fadó mar ghlaodh siad orthub as Sasana agus bhíodh siad ag oibriú thuas timpeall an Muir Thuaidh agus, agus eh Bering Straits agus áiteachaí mar sin agus chaith sé na blianta thrid a’ gcogadh, aimsir an chogadh timpeall 1940 go dtí, glac blianta isteach sa, fhaid is a bhí an cogadh, an dara cogadh domhanda ar bun agus ansin tháinig sé abhaile agus cheannaigh sé báidín beag a rinne, a déanadh thíos, i Sasana, thíos i Cornwall agus fuair sé déanta speisialta í le gliomachaí. Sí an chéad báidín gliomachaí a déanadh speisialta le iascach gliomachaí, agus thiomáin sé timpeall í uaidh, as Sasana go dtí Árainn. Chomh fada le mo bharúil, tá mé a’ ceapadh gur i 1952.

CATHERINE: Agus cén t-ainm a bhí ar a’ mbád?

PADDY: An ‘Westward’.

CATHERINE: Tá ’fhios a’m gur dheir duine eicínt píosa ó shin faoi na basking sharks

PADDY: Bhuel bhíodh mise a’ plé leob sin, bhuel bhí sé níos déarnaí. Bhí bád eile ansin an t-ainm An Muir Ára a’inn, bhí sí timpeall tríocha ceathair troigh.

CATHERINE: Ag t-athair anois a bhí sí sin, a’ bea?

PADDY: Sea, agus, mé féin agus m’athair. Bhuel cheannaigh, thríd m’athair a ceannaíodh í ach timpeall naoi déag seasca, seasca sé, agus as, uaidh seasca sé ansin bhí muinn ag iascach gliomachaí agus crá fisheachaí agus stuif mar sin. Agus timpeall 1972 thosaigh mé féin agus Enda, deartháir eile, chaith muinn séasúr amháin a’ plé leis na, na, na basking sharks seo agus bhí eh, liamháin a ghlaodh siad orthub.

CATHERINE: M hm.

PADDY: Ghlaodh go leor daoiní na liamháin gréine orthub ach bhíodh, bhíodh mise, bhíodh, chomh fada le mo bharúil bhí siad a’ meascadh suas na liamháin gréine agus na liamháin mar ’tá fhios a’inne iad, mar gheall ar na sun fish. Sin é an liamhán, sin é an liamhán mar a fheiceanns muine iad. Feicfidh tú iad ar bharr uisce, níl aon triopall a’ chor a’ bith orthub. Feicfidh tú sa samhradh iad. Ach bhí (--) chaith muinn séasúr amháin a’ plé leis na liamháin seo agus bhíodh muinn a’ tógáil, bhí muinn a’ plé leob ar feadh is dóigh cúpla mí. D’oibrigh sé amach sách maith. Bhíodh muinn a’ díol cuid acub ansin le fear thuas i gContae Mhaigh Eo, thuas in Acaill, Sweenys a bhí orthub. Ach ní raibh muinn a’ plé leob ach an séasúr amháin.

CATHERINE: Agus céard a dhéanfadh dar, meas tú, leis an shark ansin?

PADDY: Bhíodh siad a’ tabhairt na finneannaí sin, ghearradh siad dhób na triopaill agus na sciatháin agus mar sin agus bheadh siad a’ déanamh, mar ghlaonn siad na shark fin soup sin, an, níl ’fhios a’m an cén t-ainm [Gaeilge] a ghlaonns tú air, liver a bhíodh istigh iontub.

CATHERINE: M Hm.

PADDY: Bheadh siad dhá dhíol sin agus sin é an rud is mó a bhí uathab. Bheadh boladh uait ’s bheadh boladh uaidh an bád ’s bheadh boladh ar chuile rud. Ach bhíodh sé ráite go raibh an-ola iontub.(gáire)

CATHERINE: Yeah.

PADDY: Ach ní dheachaigh muinn a’ plé leob ach aon bhliain amháin. Is dóigh gur muinn na daoiní deireanach a bhí a’ plé leob anseo.

CATHERINE: Hm, ach

PADDY: Bhíodh Paddy Quinn freisin i gCill Rónáin, a’ plé leob an t-am céanna, ar feadh bliain nó dhó.

CATHERINE: ’S cén chaoi a maródh sibh iad ansin?

PADDY: Bhíodh gunna mór thuas ar, ar ceann an bháid a’inn agus bhíodh ceann go na harpoons mhóra seo a’inn agus chuirfeadh tú isteach sa mbairille é agus scaoileadh tú bóthar leis agus ghabhadh sé trasna thríd agus mharófá an bealach sin é ’s é a tharraingt aníos le taobh an bháid. Bhíodh siad seo anois, tá tú a’ cuimhneamh go raibh siad seo timpeall, idir deich dtonna agus cúig thonna dhéag ar meáchan. Iasc breá mór iad le bheith faireáilte.

CATHERINE: So a’ maródh sibh mórán sa ló ansin acub?

PADDY: Eh, no, ní bheadh, b’fhéidir dó nó trí go cheanna is mó. Sin é an méid. Bhí go leor obair a’ baint leob, a’ dtuigeann tú.

CATHERINE: So a’ bhfuil dar ann i gcónaí?

PADDY: Níl siad chomh fairsing ’s a bhíodh siad. Ní fhaca mé ach corr cheann anois le glac blianta ach chomh fada le mo bharúil d’fhéadfadh siad cúrsa difríocht a thógáil a’ gabháil ó thuaidh, tagann siad ó thuaidh sa, an t-am seo go bhliain nó b’fhéidir san Aibreán is iondúil agus téann siad ó thuaidh ach go minic téann siad ó thuaidh agus ní fheicfidh tú a’ choir a’ bith iad mar bíonn siad faoin uisce a’ dtuigeann tú. Ní fheicfidh tú an, an sciatháin ar bharr an uisce.

CATHERINE: ’S a’ mbeadh ceannacht orthub i gcónaí dá mbeadh dar le fáil?

PADDY: Eh, an ola a bhíodh a’ teacht astub blianta ó shin, mar gheall nach féidir é a reo a dtuigeann tú nó é a freezáil a’ dtuigeann tú, bheadh siad dhá chuir sna sciatháin go na hydraulics go na aeroplanes a’ dtuigeann tú agus mar sin. Ansin blianta ina dhiaidh sin ansin thosaigh siad a’ déanamh stuif as ola a bhí chomh maith céanna agus mar sin so ní raibh aon cheannacht orthub ansin.

CATHERINE: A’ gcuimhníonn leat aon scéal a bhíodh ag t-athair faoi am eicínt a bhí dar amuigh go raibh droch aimsir ann nó?

PADDY: Bheadh, bheadh na daoiní, seandaoiní anois as na hoileáin thoir, nuair a bhíodh muinn a’ tabhairt daoiní a bheadh tinn go Ros a’ Mhíl agus áiteachaí mar sin, bheadh go leor scéalta acub san faoi droch laethanntaí ach nuair a bhí tú a’ déanamh an oiread dhó ní thógfá, bhuel lá eile agus jab eile a’ dtuigeann tú.

CATHERINE: Sea.

PADDY: Ach bheadh eh, bheadh sé deacair lá amháin a phiocadh amach, a tharla rud eicínt aisteach nó mar sin. Cuimhnigh go bhfuil sé píosa maith ó shin anois.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh tú féin agus t-athair ansin amuigh ag iascach i gcaith na bliana nó sa samhradh nó ….

PADDY: …. Bhuel go minic sa samhradh a’ plé le potaí, ní bheadh muinn a’, an t-am sin ní bheifeá ag iascach ach sa samhradh is iondúil ach bheadh muinn ag imeacht i gcaith na bliana a’ plé leis na paisinéaraí agus stuif mar sin.

CATHERINE: Cén bhliain ansin a thosaigh tú féin ag iascach, nó?

PADDY: Bhuel nuair a thosaigh mé féin ag iascach, deiridh seasca sé, seasca seacht, is dóigh. Deiridh seasca sé, 1966.

CATHERINE: Agus cén ainm a bhí ar an mbád sin?

PADDY: An Muir Ára, sin é an bád a bhí a’inn nuair a bhí eh, an bád a bhí ag m’athair agus d’éirigh sé as [iascach] agus chuaigh mise i mo chaptaen uirthi ansin agus bhí sí sin sa gcomhluadar a’inn ansin ar feadh blianta fada, go dtí chomh fada le mo bharúil, naoi déag seasca, seachtó cúig, agus cheannaigh an dearthár eile uaim í, Enda ansin, nó Éinne, cheannaigh seisean an bád sin agus cheannaigh mise bád nua.

CATHERINE: Bád níos mó ab ea a fuair tú no?

PADDY: Dhath beag níos mó yeah. An ainm a bhí uirthi sin ná an ‘ Sea Wife’.

CATHERINE: Agus cén sóirt iascach a bhí tú a’ dhéanamh nó?

PADDY: Á bhí muinn a’ plé le bradáin agus stuif mar sin. Thosaigh muinn a’ plé le bradáin i naoi déag, an chéad babhta i 1970, agus bhí muinn a’ plé le bradáin chuile bhliain ina dhiaidh sin go dtí tuairim ’s 1980 nó mar sin. D’athraigh mé aríst isteach as eh, as an Sea Wife an ceann sin a bhí, an ceann, fibreglass a bhí inti. D’athraigh muinn uaidh sin go dtí, cheannaigh mé tráiléar ansin, bhí sí, An ‘Space Nova’, bhí sí tuairim ’s ochtó troigh nó mar sin.

CATHERINE: Lads as an áit seo a bhíodh in éindí leat ag iascach?

PADDY: Ó lads as an áit seo a bhí i gcónaí ag iascach linn, yeah. Bhí beirt lads Tomás Ó Ceallaigh ag iascach liom le bradáin. Bhí Eoin Flaherty, nó Flaithearta as Cill Rónáin agus bhí Paudy Joyce - dearthár le Michael Joyce - bhí sé ag iascach in éineacht liom le blianta agus sin é, tá sé i Nua Eabhrach déarfainn faoi láthair.

CATHERINE: Sea.

PADDY: Gabh mé ar ais go dtí an chéad bád, roimhe sin bhí in éineacht le m’athair sa mbáidín beag mar ghlaonn siad air nó an báidín bán an Westward bhíodh, bhí Seán Quinn, bhí Martin Seoighe, tá sé beo i gcónaí, as Cill Éinne, eh Malachy Beag, Malachy Beatty agus bhí Máirtín Joe as Cill Éinne agus cé eile, bhí Padraig O’ Donnell nó Padraig Ó Domhnaill, sin é dearthár le Máirtín O Donnell.

CATHERINE: Ó tá sé sin i Meiriceá, nach bhfuil?

PADDY: Tá yeah, bhí sé sin ag iascach in éineacht leob agus eh níl ’fhios a’m mórán eile anois le bheith faireáilte ach cuimhním ar an méid sin. Ach in éineacht liomsa ansin bhíodh, i 1970 bhíodh Éinne, bhíodh sé ag iascach, thosaigh sé in éineacht liomsa agus thosaigh Peadar in éineacht liom agus as sin ansin d’imigh siadsan a bhealach féin agus bhí tuileadh lads ar nós Paudy Joyce agus Eoin Flaherty agus Tomás Ó’ Ceallaigh ach is iondúil go mbíodh na lads a bhíodh in éineacht liom, bheadh siad in éineacht liom le glac blianta a’ dtuigeann tú.

CATHERINE: Bhuel is dóigh go raibh sé i bhfad níos éasca criú a fháil an t-am sin ná atá sé anois?

PADDY: Bhuel bhí an airgead go maith le bheith faireáilte. Ní fhéadfadh muinn clamhsán faoin airgead. Bhí muinn a’ déanamh ceart go leor a’ dtuigeann tú…..

CATHERINE: …. Agus bhí neart iasc ann.

PADDY: Bhí, bhí sé, is dóigh go raibh sé dhath beag níos fairsinge ná tá sé anois.

CATHERINE: So cén ainm a bhí ar an mbád ansin a fuair tú tar éis an ….

PADDY: …. An ‘Sea Wife’. Bhí an Space Nova. Fuair mé í sin i naoi déag, i lár, i lár na bliana1980 agus bhí sí sin a’m ar feadh trí bliana. Sin í an ceann, bhí siad, a fuair isteach i dtrioblóid thíos ar an gcósta ó dheas, í féin agus bád eile darb ainm an ‘Joan Patricia’. Cailleadh “___+” Stags, Stags Rocks, thíos eh, amach ó Baltimore an bealach sin. So níor cheannaigh me aon bhád eile ina dhiaidh sin ach bhí mé ag obair i báid a’ dtuigeann tú.

CATHERINE: Sea.

PADDY: Bhí mé ag oibriú ar go leor báid ina dhiaidh sin, i mbealach amháin agus i mbealach eile.

CATHERINE: ’S cén sóirt iascach a bhí sibh a’ dhéanamh san ‘Space Nova’?

PADDY: Á a plé le, is iondúil gur scadáin sa ngeimhridh agus ronnachaí agus sa samhradh ansin bheifeá a’ plé le prawns. San Earrach bheifeá a’ plé le iasc geal, sin faoitíní agus troisc agus mangachaí agus plásannaí agus stuif mar sin agus amach sa samhradh ansin bheifeá a’ plé leis na, na prawns.

CATHERINE: So bhíodh orthaí mar sin a bheith ag iascach amach a’ mbíodh as eh Ceallaigh Beaga agus as áiteachaí eile?....

PADDY: …. Bhuel ar scadáin agus ronnachaí bhíodh muinn ag oibriú amach as na Ceallaigh Beaga go minic, amach sa ngeimhridh ansin ghabhfá ó dheas síos go dtí Cobh agus Corcaigh agus soir aríst píosa eile go dtí Dún Mór nó Dunmore East agus bheifeá ag oibriú timpeall na háitreachaí sin ar feadh cúpla mí agus ansin thiocfá ar ais aníos an bealach seo aríst agus bheifeá a’ plé le slamannaí beaga ronnachaí ar an mbealach amach an t-am seo gon bhliain - ins an Aibreán bheifeá a’ plé ar an domhan le sláimín ronnachaí, scadáin agus ina dhiaidh sin ansin ghabhfá a’ plé leis na prawns ar feadh tamall agus thosódh an rud as a’ nua aríst amach i Mean Fómhar nó mar sin.

CATHERINE: Céard é an t-iasc is aistí a chonaic tú ariamh? (gáire)

PADDY: Bhuel níl ’fhios a’m a’ bhfaca mé, le bheith faireáilte bhíodh go leor daoiní a’ caint go bhfaca siad iasc ar nós na, a bhreathnódh an-chosúil le, le bean a’ dtuigeann tú ach go raibh ….

CATHERINE: …. Á sin é… ní fhaca tú aon mermaid!(gáire) ….

PADDY: …. Ach sin iad na mermaids a’ dtuigeann tú ach le bheith faireáilte b’fhéidir go mbeadh beagáinín deochannaí acub, go mbeadh leath dhó sa gcloigeann, a’ dtuigeann tú. Níl a leithéid go rud ann cheapainn. Is mór a’ trua ar bhealach (gáire)

CATHERINE: (Gáire) Nó ní thiocfadh sibh i dtír a’ choir a’ bith (gáire)

PADDY: Ó diabhal i dtír. (gáire)

CATHERINE: (Gáire)

[Leanann Síle Seoighe leis an agallamh ag an bpointe seo.]

SÍLE: All right tá muid a’ gabháil a’ caint anois ar an bád tarrthála a Phaddy.

PADDY: Sea.

SÍLE: Cén bhliain a thosaigh tú féin leis an mbád tarrthála?

PADDY: Thosaigh mise mar an dara captaen a stór. Chuaigh mise isteach deich mbliana ó shin, is dóigh go bhfuil sé deich mbliana ó shin. Níl mé baileach cinnte anois. agus bhí mé ann mar an tríú captaen ar dtús agus ansin d’athrú aríst ansin mé go dtí an dara captaen ach, agus ansin tuairim ’s dhá bhliain ó shin, em tháinig, tarraingíodh isteach mé mar an chéad chaptaen agus tá mé ann ó shin. Agus tá mé leob anois lán-aimsireach go dtí an chéad bhliain eile agus caithfidh mé imeacht as ansin. Beidh siad a’ rá liom go bhfuil mé ró-shean.

SÍLE: A’ mbíodh aon ’uine go do mhuintir ar a’ mbád tarrthála a’ bhfuil ’fhios a’d ag obair?

PADDY: Bhíodh chuile dhuine, baint acub díreach an-deonach agus ní an-mhinic a’ dtuigeann tú. Ach bhíodh siad ann dá dteastódh siad. Chuaigh mise isteach ann agus rugadh orm a bheith ann. Agus bhíodh mé a’ plé le iascaireacht i mbáid bheaga agus mar sin ach ansin tháinig an, an jab aníos timpeall bliain, bhuel is dóigh go bhfuil sé bliain go leith ó shin agus d’ofráladh post lán-aimsireach [dom]. Bhí mé idir dhá intinn a’ dtógfainn é nó nach dtógfainn ach ó tharla go raibh sé ann, thóg mé é agus tá mé ann anois faoi láthair. Sé an plean atá ann (--) Tá chuile rud ag athrú anois i dtaobh báid, báid tarrthála, tá siad imithe síos a’ bóthar i bhfad tharais mar bhíodh siad scór blianta ó shin.

SÍLE: Sea.

PADDY: Tá na báid athruithe, tá tuileadh power iontab, tá siad an-sciopaí agus tá siad lán le píosaí anseo ’s ansiúd atá….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… a’ baint le, le, le duine eicínt a shábháil.

SÍLE: Sea.

PADDY: A’ dtuigeann tú?

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: So de réir mar atá rudaí a’ gabháil sa lá ata inniu ann tá go leor traenáil a’ baint leis, fiú na daoiní atá ann go deonach, go leor traenáil agus caithfear é a dhéanamh mar cosnaíonn sí, an ceann nua atá a’inn faoi láthair, dhá mhilliúin punt. Sin dhá mhilliúin punt sterling anois.

SÍLE: Sea.

PADDY: So tuairim ’s dhá mhilliúin go leith Éireannach nó trí mhilliúin go leith euros. Agus tá sí an-scíopaí, tá sí in ann tuairim ’s fiche sé míle san uair a dhéanamh.

SÍLE: A’ bhfuil?

PADDY: Agus ní thógann sé i bhfad a’ gabháil uaidh seo go dtí siúd.

SÍLE: Agus cén, cén t-ainm atá uirthi?

PADDY: Níl mé cinnte anois.

SÍLE: Sea.

SÍLE: Agus a’ bhfuil eolas a’d faoi turas a rinne an bád tarrthála i droch aimsir, faoi aon b’fhéidir báid ar charraig, báid a bádh kinda nó céard a…?

PADDY: Bhuel….

SÍLE: .… aon scéal a’d.

PADDY: Síos thríd na blianta a’ dtuigeann tú, abair le chúig bliana fichid, tá an bád tarrthála ata a’inn i gCill Rónáin anois, nó in Árainn, sí an ceann is fairsinge a bhíonns amuigh tharais aon bhád tarrthála eile sa, ar a’ gcósta.

SÍLE: Sea.

PADDY: Tá níos mó tripeannaí déanta aici agus chomh fada le mo bharúil bíonn timpeall, cinnte le suas le chúig mbliana déag anuas, tá ós cionn dhá scór trip déanta acub chuile bhliain. Agus ansin chuaigh sé suas bliain amháin go dtí seasca naoi [trip] agus breathnaíonn sé, sin go leor, a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Sea.

PADDY: Ach ní i gcónaí a bhíonns tú a’ plé le, a bhíonns tú a’ plé le daoiní a bhéas i gcontúirt sa bhfarraige ná na báid a’ gabhail síos ná .…

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… ar charraigeachaí nó mar sin, go leor, go leor baint a’inn leis na hoileáin thoir, a’ tabhairt daoiní a bhíonns tinn, a’ gabháil go dtí an ospidéal agus mar sin. Breathnaíonn sé go bhfuil go leor dhó sin ar bun. Blianta fada ó shin, chomh fada le mo bharúil, mura mbeadh siad an-dona uilig ní dhéanfaí é sin ach tá mé a’ ceapadh go bhfuil rudaí athruithe anois, nuair a dhéarfas an dochtúir, má ghlaoinn sí orainne le go dteastaíonn an bád uatha, bhuel téann muinn ar focal an dochtúir agus más féidir an jab a dhéanamh déanamh muinn é. Sin é an chaoi a théann sé. Níl ’fhios a’m a’ b’shin é an chaoi a bhíodh sé blianta fada ó shin agus fiú anois tá go leor baint a’inn le na planeannaí a’ teacht trasna an Atlantach a’ gabháil isteach go Shannon agus chuile áit eile agus bíonn muinn a’ seasamh linn go minic mar bíonn deacrachtaí beaga acub sin anois ’s arist. Tá muinn díreach fúb anseo, nach mbíonn siad a’ gabháil siar ’s aniar tharainn anseo….

SÍLE: …. Sea, sea.

PADDY: Agus rudaí mar sin. An chaoi atá rudaí a’ gabháil faoi láthair anois tá níos mó traenáil ar bun ná bhíodh agus tá muinn a’ triail anois faoi láthair, a’ triail níos mó lads óga a tharraingt isteach ann.

SÍLE: Sea.

PADDY: Agus iad a thabhairt aníos thríd an system ….

SÍLE: ….Yeah ….

PADDY: …. le go mbeidh siadsan a’ plé leis. B’fhéidir, ní inniu ná amáireach ach sé nó seacht go bhlianta ó inniu.

SÍLE: Sea.

PADDY: Sin iad na daoiní a bhéas dhá chlúdú agus beidh muinne a’ breathnú amach orthub an t-am sin. (gáire)

SÍLE: A’ ndeachaigh sibh amach a’ sábháil nó, chuaigh sibh amach, nach ndeachaigh, ar bád Spáinneach, fuair sibh em …

PADDY: Ó fuair muinn valour as, yeah.

SÍLE: Fuair.

PADDY: Bhí eh, chuaigh muinn amach ansin ag bád Spáinneach Deireadh Fómhar 2000 agus glaodh amach ansin ar maidin amháin, cén t-am a’ choir a’ bith anois é, timpeall an tríú lá go Meán Fómhar nó Deireadh Fómhar, Deireadh Fómhar, glaodh orainn ar maidin agus chuaigh muinn amach aici sin alright. Ach [osna] bhí sí istigh ar na carraigeachaí agus bádh beagnach chuile….

SÍLE: …. Sea.

PADDY: Bádh chuile dhuine ach duine amháin tá sé chomh maith dhuit a rá….

SÍLE: …. Sea, sea.

PADDY: Déarfainn go b’é an chaoi a maraíodh iad níos mó ná bádh.

SÍLE: Muise, yeah.

PADDY: Agus phioc muinn suas cuid go na coirp an lá sin ceart go leor agus droch lá a bhí ann le bheith faireáilte.

SÍLE: Sea, arbh ea?

PADDY: Ach bhí, eh ní raibh muinn in ann tada a dhéanamh dhób a’ dtuigeann tú, bhí muinn buille ró-dheireanach agus…

SÍLE: Sea.

PADDY: Bhí an helicopter buille ró-dheireanach. Phioc siad suas duine amháin ar a’ gcarraig, beirt, ach cailleadh duine amháin acub.

SÍLE: Muise?

PADDY: Ach bhí muinn ann ag an am céanna, a’ dtuigeann tú..

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: Bhí sé dorcha an t-am céanna. Droch mhaidin a bhí ann. So chaith muinn cúpla lá ansin a’ plé leis agus tugadh aitheantas go na lads ina dhiaidh sin. An bhliain ina dhiaidh, le bheith faireáilte.

SÍLE: Sea.

PADDY: Sheas, bhí sé go maith dhób ar an mbealach sin agus ná bac liomsa (gáire) mar chaptaen ach go gcaithfidh mise, ní mise ach ar duine go na lads freisin a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Rinne tusa thú féin do chuid ’s neart obair ann. Agus cén fáth a bhíonns an bád tarrthála amuigh ar ancaire?

PADDY: Sé an chaoi atá leis an mbád tarrthála faoi láthair, b’fhearr linne dá mbeadh sí istigh ag a’ gcéibh ach tá sí amuigh ar ancaire anois mar gheall go bhfuil sí ré le n-imeacht am a’ bith gon lá.

SÍLE: Hm.

PADDY: Fiche ceathair uair a’ chloig, trí chéad seasca cúig lá gon bhliain.

SÍLE: M hm.

PADDY: Agus go bhfuil sí ann. Bheadh sé i bhfad níos fearr dhuinne dá mbeadh sí istigh ag a’ gcéibh ach níl, níl a dhóthain taoile ann.

SÍLE: Á sea.

PADDY: Bheadh ag ceann na céibhe ach bheadh sí sa mbealach ar na báid eile ….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: …. agus go minic nuair a bheadh an aimsir go dona d’fhéadfá scribeannaí a chur uirthi agus rópaí a phléascadh agus rudaí mar sin so go dtógfar an caladh nua ní bheidh sé sin, ní tharlóidh sé sin. Ní fhéadfadh sé tarlú ach tá sóirt áit piocthaí amach le í a thabhairt isteach chomh fada sin nuair

a thiocfas an t-am, nuair a bhéas an caladh tógthaí. Mar tá sí faoi láthair ní chlúdódh an árachas í ag ceann na céibhe agus rudaí mar sin, go mbeadh sí a’ snámh agus caithfidh sí a bheith doimhneacht áirid agus sin iad na rialachaí. Ach tharais sin tá sé ag oibriú sách maith mar téann muinn amach i mbáidín beag aici….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… agus tá, tá criú maith a’m le bheith faireáilte.

SÍLE: Sea.

PADDY: Tá sóirt panel, panel is dóigh, níl mé baileach cinnte cé atá ann faoi láthair anois ach tá suas le chúig dhuine fichid ann. Agus bíonn tuairim ’s dó dhéag nó trí déag acub sin a bhíonns, is beagnach gceapfá go raibh siad lán-aimsireach….

SÍLE: …. Sea, yeah….

PADDY: …. a’ plé leis, am ar bith a glaodh fós í ní raibh aon deacracht a’m le criú le bheith faireáilte a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Go maith. A’ n-úsáidtear flares níos mó Paddy?

PADDY: Ó úsáideann, úsáidtear. San plean nua atá ag Roinn na Mara anois agus ag an tír mar sheasann sé, caithfidh daoiní a bheith an-chúramach nuair a bhéas siad a’ gabháil amach ar a’ bhfarraige níos mó. Bád a’ bith, agus tá rialachaí a’ baint leis agus ó cheart sé an rial atá ann ná, a’ dtuigeann tú, go mbeadh an jaicéad sábháilte ort nó lifejacket ort, agus go mbeadh méid áirid flares a’d agus go mbeadh VHF a’d nó, ach tá na mobile phones beagnach chomh maith céanna le bheith faireáilte.

SÍLE: Tá siad ag chuile dhuine anois.

PADDY: Tá siad ag chuile dhuine. Ach tharais sin, rudaí beaga mar sin go mbeadh an sábháilteacht ar do thaobh sa i leaba an taobh eile, agus tá mé a’ ceapadh go bhfuil chuile dhuine a’ feabhsú. Agus sé an chaoi a fheiceanns muine é, mara gcaithfidh muine a bheith a’ gabháil amach tá rudaí ag obair réasúnta, a’ dtuigeann tú. Má tá rudaí, má fhaigheann tú an iomarca tripeannaí le déanamh a’inne amach níl rudaí a’ gabháil ró mhaith (gáire) a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Sea, sin é.

PADDY: Oibríonn sé an bealach eile.

SÍLE: Sea.

PADDY: Agus sé an chaoi atá rudaí a’ gabháil ná, cheapainn, amach anseo beidh flares ann, tá méid áirid a cheapas a bheith a’d i mbáidín beag agus méid áirid le bád mór agus tá siad sin ann, ach caithfear ‘speáint duit cén chaoi le iad a oibriú agus iad a úsáid mar ’nós rud a’ bith eile má chaitheann tú mí-cheart iad d’fhéadfá damáiste a dhéanamh dhuit féin nó gon bád agus tá beagáinín traenáil a’ baint leis.

SÍLE: Tá, is dóigh.

PADDY: Ach tharais sin oibríonn sé, tá siad ann ’s beidh siad ann.

SÍLE: A’ gcuimhníonn tú ar aon droch aimsir a’ gabhail go na hoileáin eile?

PADDY: Bhuel is iomaí droch lá a chuaigh muinn soir ag an, leis, sna báidíní beaga. Nuair a chuimhním, a chuimhníónns tusa anois, ní raibh mise mórán dhó seo, a’ gabháil soir le daoiní agus dochtúirí agus mar sin ó 1967, roimhe sin bhíodh muinn a’ plé leis an-mhinic. Bhíodh muinn a’ tabhairt fear na bhfataí soir….

SÍLE: …. Sea, sea ….

PADDY: .… mar a ghlaodh siad fadó orthub agus an dochtúir agus fear a’ phinsin agus chuile dhuine eile….

SÍLE: …. A’ mbíodh?....

PADDY: .… na gardaí, soir ann, bhíodh na gardaí….

SÍLE: …. Ar báidín iascach a bhíodh an t-am sin agaibh, ab ea?....

PADDY: …. Sea, an báidín beag….

SÍLE: Sea.

PADDY: Agus bhíodh miuin dhá thabhairt [dtabhairt] soir agus bhíodh go leor laethantaí a bhíodh sách dona go mór mór leis an dochtúir. Mar ní raibh aon bhealach eile ann.

SÍLE: Agus a’ mbíodh sibh in ann a dhul isteach le céibh leis an báidín beag, an t-am sin?....

PADDY: …. Eh, go minic ní bheadh, chaithfidh siad a dhul isteach i gcurrachaí.

SÍLE: Muise? Chaithfidh currach a theacht amach?....

PADDY: …. Chaithfidh currach a theacht amach agus go minic le bheith faireáilte bhí siad an-mhaith a’ plé leis. Déarfainn go bhfuil go leor dhó sin sóirt imithe anois….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… mar tá ….

SÍLE: …. Sea, tá….

PADDY: .… chuile bhád anois in ann a dhul ag a’ gcéibh so tá an faisean sin imithe ach sin é an chaoi a bhí acub le glasraí agus ól agus chuile dhiabhal go rud a ghabhadh i dtír ná isteach sna currachaí a ghabhadh sé. Ach bhí go leor laethantaí a chaithfeá a dhul soir leis an dochtúir mar go minic chaillfí an duine mara ngabhadh an dochtúir soir agus ní raibh aon dochtúir ann….

SÍLE: …. Ní raibh, ar an oileán.

PADDY: Chomh fada le mo bharúil anois tá mé a’ ceapadh go bhfuil dochtúr lán aimsireach in Inis Oírr agus clúdaíonn….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… sí sin Inis Meáin.

SÍLE: Muise?

PADDY: Beidh beirt [dochtúirí] anseo de réir mar tá ráite linn anois.

SÍLE: Ó

PADDY: Lán aimsireach. Fágann sé sin a’ dtuigeann tú go mbeidh, nuair atá an méid sin dochtúirí a’d go mbeidh tú in ann bhuel súil a choinneal ar na daoiní a dhath beag ….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… níos fearr agus má tá siad tinn beidh tú in ann barúil a thabhairt níos luaichte ….

SÍLE: …. Sea, sea ….

PADDY: .… agus ní bheidh an oiread deacrachtaí ann agus má tá tú a’ cuir duine amach, duine amach ag an ospidéal tá go leor choice anois a’d.

SÍLE: Sea.

PADDY: Ferry a’ gabháil isteach ’s amach. Tá eitleán thíos ansin. Tá an helicopter a’d má thagann ort agus muine [an bád tarrthála] ansin ar deiridh thiar thall má thagann ort aríst.(gáire)

SÍLE: M’anam go bhfuil sibhse iontach.

PADDY: Tá sé sin ann a’ dtuigeann tú ach sin é an l’aghaidh, nach bád í, bád í go na daoiní.

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: Ach í [a] oibriú.

SÍLE: Agus ar rugadh aon phaiste a’ bhfuil ’fhios a’d ar an mbád tarrthála, meas tú, aon uair?

PADDY: Níor rugadh anois ó, ó chuaigh mise inti ach bhí cúpla, bhí sé garr go maith. Cuimhním trip amháin a’ gabhail amach as Inis Meáin.

SÍLE: Sea.

PADDY: Níl mé ’gabháil a’ rá ainm ….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… an bhean le bheith faireáilte ach dúradh liom gur 1967 mar casadh an cailín céanna orm blianta, blianta ina dhiaidh sin ….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… (gáire) agus ní fhaca mé riamh í go, ach bhí sé chomh garr sin. Sa Muir Ára a bhí sé, bhí muin, bhí mé thoir ann le fear a bhí a’ plé leis na, na línte teileafón, Matty Maloney a ghlaodh siad air.

SÍLE: Yeah.

PADDY: Bhí muinn istigh in Inis Meáin agus bhí muinn díreach a’ gabháil a’ fágáil a’ teacht ar ais anseo go Cill Rónáin nuair a tháinig duine eicínt anuas agus cumhach orthub a’ rá go raibh sí seo….

SÍLE: …. Sea.

PADDY: .… a’ gabháil páiste a bheith aici agus go gcaithfidh sí a dhul amach agus mar sin, so d’fhan muin. Ach bhí an tráthnóna gránna anois, bhí sé an-salach, níorbh fhéidir a dhul suas Ros a’ Mhíl chomh éasca agus is féidir a dhul anois mar ní raibh aon soilse ann.

SÍLE: Sea.

PADDY: An, áit an-dorcha. So b’éigean dúinn a dhéanamh suas a n-intinn go ngabhadh muinn Ros a’ Mhíl agus an bhean in éineacht linn, níl ’fhios a’m a’ raibh aon duine eile in éineacht lei anois nó nach raibh. Chuaigh muinn Ros a’ Mhíl agus bhí muinn a’ fanacht leis an ambulance agus diabhal níor

tháinig an ambulance ar feadh fada, fada, fada….

SÍLE: …. Muise?....

PADDY: …. Ní raibh súil [amharc] a’ bith uirthi agus dúirt muinn “ní fhéadfadh muinn fánach níos faide”. Isteach sa veain in éineacht le Matty Maloney (gáire) a cuireadh í.

[Déanann Síle agus Catherine gáire freisin]

PADDY: Ní raibh aon choice ann.

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: Agus isteach Gaillimh agus b’éigean dhó é a thógáil go ré mar gheall ar ní raibh na bóithrí (gáire) chomh maith agus atá siad anois.

SÍLE: Is dóigh gurbh fhada le Matty go mbeadh sé i nGaillimh.

PADDY: Bhuel ní raibh sí ach istigh an doras [san ospidéal] le bheith faireáilte

SÍLE: Sea.

PADDY: Nuair a bhí an páiste aici.

SÍLE: Sea, an bhean bhocht.

PADDY: Ach d’oibrigh sé amach go maith.

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: Agus níor casadh an cailín céanna orm ó go dtí cúpla bliain ó shin agus níor, níor aithin mé í ach go dúradh liom cé a bhí ann, a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Sea, sea.

PADDY: Bhí an-áthas orm í fheiceáil as a dheiridh (gáire) mar d’oibrigh sé amach go maith. Ach tarlaíonn na rudaí seo. Ach i dtaobh, le bheith faireáilte tá sibh [mná le páistí] dhath beag níos fearr anois a’ plé leis na gasúir anois a’ dtuigeann tú, mar ….

SÍLE: …. Yeah tá tú? (gáire) ….

PADDY: .… inseofar, inseofar chuile rud díbh agus tá ’fhios agaibh cén t-am atá sé a’ gabháil a bheith agaibh agus chuile rud eile. An t-am sin níl ’fhios a’m a’ raibh siad baileach chomh maith a’ dtuigeann tú. Dá gcaithfí é a dhéanamh, [sa lá atá

inniu ann] tá muinn traenáilte le é a dhéanamh.

SÍLE: Yeah.

PADDY: Sin é é.

SÍLE: A’ bhfuil mórán athrú anois ar an bád tarrthála anois le hais mar a bhí sí ar dtús?

PADDY: Bhuel an chéad bád a tháinig anseo, tháinig sí i 1927 a’ dtuigeann tú.

SÍLE: Sea.

PADDY: Agus tá rudaí athruithe go mór ó shin. Ní raibh siad in ann ach, níl mé cinnte a’ raibh seoilín beag ar a’ mbád - an chéad ceann a tháinig agus an, is dóigh go raibh inneall inti ach ins na caogaidí

SÍLE: Sea.

PADDY: Tháinig an bád darbh ainm an ‘Mabel Marian Thompson’ chomh fada le mo bharúil, ceannín beag, ní raibh sí ach ceathracha seacht troigh agus bhí dhá inneall dhá scór horse power inti agus bhí sí in ann seacht míle san uair a dhéanamh. Sin é an speed a bhí aici.

SÍLE: Muise.

PADDY: Agus is iomaí obair a rinne sí sin. Bhí sí ann ar feadh deich mbliana fichid nó rud eicínt. Níor imigh sí as ach go dtí deiridh na seascaidí. D’athrú ansin go báid dhath beag níos mó. Ach bhí siad seo uilig osclaí a’ dtuigeann tú.

SÍLE: A’ raibh.

PADDY: Bhí tú a’ seasamh leis. Bhí do chuid gear ort agus bhí tú fliuch agus bheifeá fuar agus chuile rud eile a d’fhéadfadh a bheith a’ tarlú bhí sé ann agus sin é an chaoi a bhí rudaí. Agus d’athraigh rudaí ansin, fuair na báid dhath beag níos mó agus dúnadh isteach níos mó iad ach ní raibh siad de réir ceachtar acub sin ach in ann tuairim ’s naoi míle san uair a dhéanamh nó mar sin go dtí lár na hochtóidí, tháinig an ceann nua seo an ‘ Aran Class’ , bhí sí sin in ann hocht míle dhéag san uair a dhéanamh. Agus ba iontach, bhí sí dúnta isteach….

SÍLE: …. Sea ….

PADDY: .… agus chuile rud istigh ann, bhí an teas inti agus chuile rud. Ó ba iontach an rud é sin.

SÍLE: Sure.

PADDY: So bhí sí sin ann go dtí tuairms cheithre bliana ó shin agus tá an ceann nua seo anois an ‘Severn Class’ agus tá sí sin in ann fiche sé míle san uair a dhéanamh nó suas leis.. Tá tú in ann a dhul Ros a’ Mhíl i tuairims fiche dó nóiméad no fiche trí nóiméad má osclaíonn muinn amach í, má tá deifir orainn.

SÍLE: Muise? A’ bhfuil tada eile anois a’d féin a Phaddy faoin lifeboat nó b’fhéidir faoin t-iascach nár… [inis tú dúinn]

PADDY: …. Ó is deacair a rá ….

CATHERINE: Aon scéilín a’d le n-inseacht dhuinn.

PADDY: Díreach i dtaobh an bád tarrthála an chaoi atá rudaí a’ gabháil, tá mé a’ ceapadh go bhfuil, tá criúannaí a’ tíocht aníos agus tá muinn dhá traenáil níos fearr agus beidh an bád seo anseo ar feadh blianta fada déarfainn….

SÍLE: …. Hm, le cúnamh Dé ….

PADDY: …. an chaoi atá rudaí a’ gabhail agus beidh lads maith le í oibriú. An chaoi atá rudaí a’ breathnú.

SÍLE: Sea.

PADDY: Tá siad a’ gabháil a’ tógáil eh stáisiún nua dhúinn. An áit atá an stáisiún faoi láthair, tá sé siúd ann ó, níl ’fhios a’m cé chomh fada ach tá sé ós cionn céad bliain ann anyway go maith.

SÍLE: Muise?

PADDY: Agus tá siad chomh fada le mo bharúil tá, tá airgead leagthaí síos acub le an stáisiún seo a thógáil. Breathnaíonn sé go mbeidh sé déanta idir é seo agus dhá bhliain nó tuileadh.

SÍLE: Go maith.

PADDY: Agus má bhíonn sé sin a’inn sure, ní bheadh ’fhios a’d, ní bheidh duine [é féin] a’ plé leis an t-am sin ach b’fhéidir go mbeadh muinn in ann dhath beag ceol a chasadh, mé féin agus Tom [fear céile Síle] b’fhéidir.

SÍLE: Sin é anois é. (gáire)

PADDY: A’ dtuigeann tú (gáire)

SÍLE: Sin é anois é.

CATHERINE: Abair anois a Phaddy, dá gcaithfeadh, dá gcaithfeadh bád flares ó dheas agus mara mbeadh an radio ag obair sa mbád le glaoch a chuir oraibhse, cén chaoi a bheadh ’fhios agaibhse go bhfuil bád i dtrioblóid ó dheas?

PADDY: Má fheiceann duine a’ bith ceann go na flareannaí seo glaofar isteach ar an stáisiún radio thíos i Valencia, sin é an garda costála nó coast guard. Go minic téann sé thríd ó nuair a ghlaonns tú naoi naoi naoi nó nine nine nine a’ dtuigeann tú ar nós a ghlaofá gardaí nó rud a’ bith mar sin. Teann sé sin thríd agus téann sé thríd go dtí an garda costála. Breathnóidh siadsan air ceard a cheapann siad dhó agus ansin glaofar orainne. Ar nós an lá cheana ansin anois bhí tine thíos agus chonaic duine eicínt as Inverin é agus bhí siad a’ ceapadh gur bád a bhí trí thine amuigh ó dheas a’ dtuigeann tú agus ghlaoigh duine eicínt eile as Ciarraígh leis an rud céanna agus cuireadh amach an helicopter as, as an Sionainn agus bhreathnaigh siad air agus séard a bhí [a] tarlú ná duine eicínt a’ dó, a’ dó tireannaí thíos i Kilkee, thíos i gContae a’ Chláir. Anois tá sé sin ceart go leor ach

SÍLE: Sea.

PADDY: ghlaoigh duine eicínt isteach a’ dtuigeann tú. Dá mba, is féidir, go minic feicfear flares agus caithfear, caithfidh muinn a dhul amach agus breathnú céard a tharla nó a’ bhfuil a leithéid go rud ann agus amanntaí ní bhíonn tada ann. Ach ní féidir an seans sin a thógáil, mar ma fheiceann tú flare agus ma tá tú beagnach cinnte dhó, sé an chaoi atá sé, ma ghlaonn tú isteach bhuel triáileann muinn rud eicínt a dhéanamh faoi, ma cheapann muinn nach bhfuil aon mhaith ann, gur ar a’ talamh atá sé nó rud eicínt mar sin ní dhéanfar tada faoi ach ma cheapfar, is bocht an rud é ma chuireann tusa suas flare agus duine eicínt é a fheiceáil agus má chuirfear isteach é agus ní dhéanfar tada faoi agus go gcaillfí, go mbáfaí an duine. Tá sé sin ann freisin, a’ dtuigeann tú. So ní féidir linn, triáilfidh tú é a ghearradh síos chomh garr is féidir leat go mbeidh tú ceart agus ansin oibreoidh tú é, agus sin, sin é an chaoi a theann sé.

CATHERINE: A’ gcaitheann lifesaving a bheith déanta acub?

PADDY: Bhuel ó cheart, caith. Yeah bhuel tá sé sin déanta ag chuile dhuine.

CATHERINE: Hm.

PADDY: Agus bíonn, sin é an Sea Survival Course, tá sé sin déanta ag chuile dhuine go na lads agus de réir mar atá rudaí a’ gabháil, na rialachaí nua atá a’ teacht amach, aon duine a bhéas baint aige leis a’ bhfarraige níos mó, caithfidh siad an cúrsa seo a dhéanamh. Bhuel inseoidh sé sin, an cúrsa sin, faoi cén chaoi a oibreos tú na flares, cén chaoi a oibreos tú na, na, na lifejackets a chur ort agus rudaí mar sin agus a’ chaoi leis na, na life rafts freisin a chur amach agus iad a oscailt agus cén chaoi a fhanas tú beo istigh iontub agus thú féin a choinneal te agus rudaí mar sin, rudaí simplí iad.

CATHERINE: Sea.

PADDY: Ach nuair a thagas ort agus go mór mór agus ma thiteann tú sa bhfarraige agus jaicéad ort ma chaitheann tú fanacht sa bhfarraige ar feadh uair a’ chloig nó dhá uair a’ chloig, cén chaoi a fhanas tú te. Sin é an pointe a’ dtuigeann tú. Ma fhanann tusa te le gan a bheith ag obair ma thosaínn tusa a’ snámh, cén mhaith dhuit snámh dhá mhíle amach ón talamh mara bhfuil tú in ann snámh ach céad slat. Ach ma fhanann tú san áit ata tú agus thú féin a choinneal te, do chosa a choinneal aníos fút agus an teas a choinneal sa gcolainn, seasamh tú píosa maith. Tá an-seans ansin go bpiocfar suas thú.

CATHERINE: Air an trí oileán amháin ab ea a bhíonn sibh a’ freastal nó a’ bhfuil oraibh a dhul níos faide as baile nó …?

PADDY: No, tá, tá, tá píosa mór le clúdú a’inne. Clúdaíonn muinn síos go dtí Béal a’ Sionainn agus uaidh sin suas go dtí Inis Bó Finne, thuas sa taobh ó thuaidh, sin é, agus amach, amach tuairim ’s cheithre scór míle ma chaitheann muinn é. Sin é an sórt achar atá le déanamh a’inn. Go minic, is iondúil nach gcaitheann muinn a dhul níos mó ná deich míle fichid, tríocha míle a’ dtuigeann tú, le bád eicínt a tharraingt isteach nó duine a phiocadh dhó nó rudaí mar sin ach is iondúil go ndéanamh helicopter é sin ma bhíonn sé níos faide amach ach go minic má bhíonn sí an-fhada amach bíonn muinn amuigh píosa gon bhealach a’ clúdach gon helicopter ar an mbealach isteach ar fhaitíos dá mbeadh tada mí cheart leis an helicopter freisin.

CATHERINE: Ach faoi láthair is beavers a bhíonns agaibh nach bea? A’ n-iompraíonn chuile dhuine agaibh na

PADDY: Bleepers, Pagers.

CATHERINE: Pagers a’ bea?

PADDY: Oibríonn, ach eh, tá siad go maith le bheith faireáilte ach an chaoi atá rudaí a’ gabháil faoi láthair anois déarfainn go bhfuil, tá mobile phone beagnach chomh maith céanna.

CATHERINE: (Gáire) Ar ndóigh tá dar an-

PADDY: (Gáire) Ach glaofar orainn agus ansin tosú (--) is iondúil (--) dúradh linn ansin le deich mbliana anuas an achar a thógfaidh sé orainn le go mbeidh muinn ar an mbóthar ag imeacht ná tuairim ’s naoi nó deich go nóiméadaí, ó chuirfear air na pagers go mbeidh muinn amuigh sa mbád ag imeacht. Sin a dheartar linn as Poole [Ard-Oifig an bhád tarrthála i Sasana] nó as an áit atá na…

CATHERINE: So cén t-achar ansin, abair dá gcuirfeadh an dochtúir glaoch oraibhse idir, a bhfuil ’fhios a’d, le glaoch oraibh agus an báidín beag a chur amach agus an lifeboat a thabhairt Ros a’ Mhíl, cén t-achar a, a cheapanns tú féin a thógfadh sé oraibh an…?

PADDY: Bhuel braitheann sé, is iondúil go mbíonn muinn a’ fanacht leis an duine atá tinn. Nuair a ghlaofar orainne má ta deacrachtaí a’inn inseoidh an dochtúir dúinn é ma tá deifir uirthi, mara bhfuil tá muinn in ann é a thógáil go ré ach ma tá deacrachtaí aici agus brú a chur air beidh muine a’ cur an brú. Agus beidh muinn ag a’ gcéibh i deich nóiméad is dóigh. Beidh muinn ré le n-imeacht ansin ach braitheann sé cé chomh sciopaí agus a thiocfas an duine atá tinn anuas, cé chomh sciopaí agus a bhéas muinn i Ros a’ Mhíl. Ach tá, breathnaíonn sé anois go bhfuil, tá system maith i Ros a’ Mhíl acub, tá ceann go na ambulance seo amuigh sa gCeathrú Rua acub agus breathnaíonn sé, is iondúil, go mbíonn siad ann ar an am, an t-am a dhéarfas muinn leob a bhéas muinn ann. Beidh siad ann romhainn. Le bheith faireáilte tá siad an-scíopaí mar sin. Ach ma tharraingíonn muinn isteach an helicopter le duine eicínt a thabhairt amach is iondúil go dtógann sé naoi nóiméad as seo nó rud eicínt go dtí an ospidéal i nGaillimh.

CATHERINE: Agus cén t-achar a thóganns an lifeboat a dhul Ros a’ Mhíl?

PADDY: Tuairim ’s fiche dó nóiméad, má osclaíonn muinn amach í.

CATHERINE: M hm, yeah. Anois a Phaddy is minic a bhí á thíos tí Joe Mac agus ó bhí mé a’ caint ar na sharks seo cheana b’fhéidir go gcasfá an t-amhrán dhuinn a bhíonns tú a’ chasadh tí Joe Mac. (gáire)

PADDY: Mise (gáire)

CATHERINE: Mar tá glór breá a’d a Phaddy.

PADDY: Tá muis!!

In eighteen hundred and sixty four

On March the eighteenth day

We hoisted our colours to the top of the mast

And for Greenland bore away brave boys

And for Greenland bore away.

Now the captain he stood on the quarter deck

The ice was in his eyes

There’s a whale, there’s a whale

There’s a whale bloody fine

And go put your boats to sea brave boys

And go put your boats to sea

Now the boys got up and the boats were lowered

The whale was in full view

Resolve, resolve where the whale fishes flow

And steer where the whale fishes blow brave boys

And steer where the whale fishes blow.

Now the harpoon struck and the line paid out

And with a single flourish of his tail

He capsized our boat an’ we lost five men

But we did not catch that whale brave boys,

For we did not catch that whale

Now the losing of those five jolly men

It grieved our captain sore

But the losing of that fine sperm whale

For it grieved him ten times more brave boys

For it grieved him ten times more.

Now up the anchor our captain he cried

For a storm it started to appear

And it’s time we left this cold country

And for homeland bore away brave boys

And for homeland bore away

Now Greenland is a barren land

It’s a land that bears no green

Where the ice and the snow and the whale fishes flow

But daylight is seldom seen brave boys

For daylight is seldom seen.

(Bualadh bos ó Catherine agus Síle)

CATHERINE: Bhuel fair play duit a Phaddy. Go raibh míle maith agat.

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.