Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00066

Taifeadadh
BBAF.00066
Formáid
MiniDisc
Fad
36:11
Dáta
Lúnasa 2005
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Clára Ní Ghiolla
Eolas cartlainne
MD 73 Clára Ní Ghiolla. Altranais ar an Oileán; Carr ar an oileán; Otharcharr; Drámaí: Cinderella, Codladh Céad Bliain; Caitheamh Aimsire; Saol Sóisialta; Féilte; Comhar Creidmheasa; Obair; Éirí as Obair; Liam Ó Flaithearta.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00066
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Anseo sa sean scoil i bhFearann a’ Choirce agus mé a’ caint le Clara, Clara Ní Ghiolla. A Chlara, míle fáilte romhat.

CLÁRA: Go raibh maith agat, go maire tú do chéad (gáire)

ÁINE: Agus is deas an rud thú a fheiceáil ar ais aríst anseo i mbliana ar saoire.

CLÁRA: Sea.

ÁINE: Bliain i ndiaidh bliain. Agus cén bhliain a tháinig tusa go hÁrainn ar dtús?

CLÁRA: Ehm, míle naoi gcéad seachtó sé, seacht, tháinig mé le haghaidh bliain amháin ach agus d’fhan mé seacht bliain déag (gáire) go dtí go raibh mé ró-aosta chun banaltracht a dhéanamh. Ehm míle naoi gcéad nócha cúig a d’fhág mé an oileán.

ÁINE: Agus cén dochtúr a bhí anseo an bhliain a tháinig tú?

CLÁRA: An dochtúr Lee ag an am, ar feadh trí bliana agus ansin bhí dochtúr eile ar feadh bliain agus ansin tháinig Marian [Broderick]

ÁINE: Agus a’b’shin é Doctor Boyce meas tú?

CLÁRA: Sea, hm.

ÁINE: Agus céard iad na deacrachtaí a bhí ag baint le maireachtáil ar an oileán ag an t-am sin thairis do áit cónaí fhéin ar an mórthír?

CLÁRA: Bhuel ehm (gáire) sé ceann de na deacrachtaí is mó ag an am nach raibh am saor ceart ag na banaltraí. I gcónaí bhíodh mí saor acu, againn ach ehm níor cheap siad gur ceart go mbeadh mórán am breise agus dá mbeadh suim agat mar a bhí agamsa College of Surgeons i mBlá Cliath nó cruinnithe, bheadh ort banaltra eile d’fháil chun teacht isteach so bhí comharchumann láidir agam (gáire) agus tréis tamall bhí mé ábalta a bheith ag obair ar feadh timpeall deich seachtainí agus trí seachtainí do thógaint so bhí mé ábalta freastal ar na rudaí i mBlá Cliath chomh maith.

ÁINE: Ar bhain tú taitneamh as do chuid blianta ag obair ar an oileán?

CLÁRA: Ó thaitin, go mór mór ag éisteacht leis na scéalta agus, á bhí, thug siad an-aire, caithfidh mé a rá do na daoiní a bhí go dona agus ag fáil bháis agus bhí ana-rud agam ar Kate Pheter Pheaits agus Peter, bhíodh siad ag canadh dom agus ag déanamh an trumpa agus Maggie Tom, bhí ana-meas agam ar Maggie Tom agus bhíodh sí ag inseacht na scéalta mar gheall ar an scannán [Man of Aran] agus í féin agus deireadh mé lei “conas atá na pianta” “ná bac leis na pianta” a dúirt sí “beidh mise ag ceol” agus ar fud na hoileáin, bhíodh na seandaoiní ag insint scéalta dom agus thaitnigh sé sin thar barr liom mar bhí mo mhuintir ó Longfoirt agus Contae an Chláir agus i gcónaí nuair a bhíomar sa gcliabhán bhíodh siad ag insint scéalta agus stair agus béaloideas dúinn so seo áit go bhfuil suim ag na daoiní ins na rudaí sin agus áthas an domhain orm go raibh mé páirteach san oileán agus ehm ag éisteacht leo. (Gáire) Tá mo chairde go léir beagnach ar bealach na fírinne anois, ach sin é.

ÁINE: A’ raibh carr a’d nuair a tháinig tú go dtí an t-oileán ar dtús?

CLÁRA: Sea, bhí mo charr fhéin agam agus sin deacracht a bhí ann, bhí sé ana-deacair iad a dheisiú agus rinne an salann ana-dochar don carr ach tar éis go leor troid agus gach rud roinnt bliana fuair mé othar carr an bhanaltra agus bhí an teach álainn agam agus bhí sé taobh leis an farraige agus bhí sé sin go deas.

ÁINE: A’ bhféadfá inseacht dom anois faoi an oíche cheoil a chuireadh tú ar siúl go na sean daoiní.

CLÁRA: (Gáire) Bhuel na dramaí leis na páistí agus na seandaoiní nuair a bhí ganntanas airgead le haghaidh rud, rinneamar drama agus ehm, ó bhí na páistí anseo go hiontach, na glóranna láidir acu agus na actions, bhí siad go hiontach. Rinneamar Cinderella (gáire) timpeall trí uaire measaim agus rinneamar Codladh Céad Bliain agus rinneamar ceann mar gheall ar naoi déag sé déag agus is cuimhin liom, bhí Dara mar séiplíneach agus bhí na Óglaigh go léir ag dul go dtí an faoistin chuige agus bhí sé ana-naofa ag tabhairt (gáire) agus chuala mé é a’ rá, ag rá “ that’ll be 10p, buzz off” (gáire) ag an faoistin.

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: Agus do bhí buachaill eile, do theastaigh uainn The ehm, The Wedding Feast of Cane a dhéanamh agus chuir mé ceist ar buachaill “an mbeidh tú sásta a bheith i do fear”, you know, the married man agus dúirt sé “yes, if I can wear me cowboy hat”. You know (gáire)

ÁINE: Á

CLÁRA: So bhí an cowboy hat air ag an Marriage Feast of Cane agus bhí sé sin íontach. Thaitnigh sé sin go mór liom agus bhíomar ábalta airgead a dhéanamh le haghaidh, thugamar céad punt do na Rúisí nuair a bhí crith talún ann agus fuaireamar litir an-deas ón Ambassador i mBlá Cliath, great donators, the Irish people, you know agus rudaí gon tsóirt sin, bhí airgead i gcónaí againn

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Mar má thaitnigh an rud, agus thaitnigh dramaí leis na seandaoiní, cheannaigh siad go leor ticéidí raifil so bhí airgead i gcónaí againn le haghaidh, fiú percussion instruments do cheannacht agus an dealbh do Naomh Bríd agus rudaí mar sin, you know.

ÁINE: Nuair a bhí tú a’ gabháil thimpeall ag na seandaoiní, a’ gcuimhníonn tú iad ag inseacht aon scéal duit faoi an Dochtúr O’Brien?

CLÁRA: Do chuala mé, go leor agus rud aisteach bhí dhá dochtúr O’Brien ann. Bhí ceann amháin ó Kilshanny i Contae an Cláir agus Doctor O’Brien eile, an duine go raibh go leor scéalta mar gheall air agus ehm, á bhí daoiní cosúil leis an banaltra Eileen Gill, bhíodh go leor scéalta agam lei mar gheall ar Doctor O’Brien agus, agus thaitnigh sean scéalta mar gheall ar Ellen Tower (gáire) agus iad sin agus ehm, Smyth and Nephew, a’ bhfuil ’fhios agat an pharmaceutical, d’iarr siad orm píosa do scríobh mar gheall ar island nursing agus scríobh mé (gáire) mar gheall ar, píosa mar gheall ar Ellen Tower agus an editor i London, dúirt sé “in ainm Dé?, ghlaoigh sé orm sa fón “what in the name of God are you talking about? “__+” agus dúirt mé cosúil le Padre Pio, “who?, “ did you never hear of Padre Pio? so bhí sé sin ana-ghreannmhar agus fuair mé seic maith uathu agus cheannaigh mérocking chair agus tá sé agam fós, tá sé agam i mBlá Cliath, an rocking chair a fuair mé ón scéal mar gheall ar banaltracht san oileán. Agus bhí áthas orm ag an am sin gur tháinig na daoiní ó na hoileáin go léir go dtí Árainn agus chas mé leis na Turkians agus Inis Biglians agus dúirt mé le ceann amháin “níor chuala mé riamh mar gheall ar Inis Bhigil? (gáire) agus dúirt sí “níor chuala an Rialtas (gáire) mar gheall orainn? agus bhí sé sin íontach suimiúil domsa, ag caitheamh le, ag casadh le daoiní agus bhí mé i gcónaí ag troid ar son na banaltraí go bhfaigheadh siad téarmaí níos fearr ó thaobh am saor acu, you know.

ÁINE: Yeah.

CLÁRA: Ach anois buíochas le Dia tá foireann (gáire) banaltraí agaibh agus Aras Rónán agus chuile rud, níl aon comparáid anois.

ÁINE: An gceapann tú go bhfuil feabhas mór tagthaí ar saol na n-oileáin?

CLÁRA: Ó tá, tá, tá agus le cuidiú Dé beidh na rudaí maithe ann i gcónaí. Tá áthas orm you know éisteacht leis na daoiní óga ag caint Gaeilge, tá Gaeltacht againn i mBéal Feirste agus seo an chéad Gaeltacht cathrach agus is rud mór é agus tá mé ana-bródúil as Árainn agus éisteacht leis na páistí dea-mhéasach agus go bhfuil sé éasca caint leo agus éisteacht leo agus an sean nós agus an feadaíl, an lilting agus an ehm, na uirlisí ceoil atá acu, is iontach é. Bím i gcónaí a’ rá gur trua nach bhfuil rud don tríú rudaí leibhéal ar, rudaí cosúil le lámh ehm, embroidery. Do bhí Bantracht na Tuaithe againn gus thug mé isteach múinteoir ag múnadh lace making agus do cheap sí go raibh na daoiní anseo, Pauline [MacDonagh] agus iad sin ana-oilte. Now ní mise, bhí mise go dona le mo lámha

ÁINE: M hm.

CLÁRA: Ach bhí siad go hiontach ag déanamh an obair sin agus an aisteoireacht, ba mhaith liom dá mbeadh Academy nó rud éigin anseo ionas go mbeadh na daoiní óga ag déanamh, now tá áthas orm go raibh an scoil seo go mór mhór go hiontach ag an drama agus bhí, tháinig mé i gcónaí chun éisteacht leis na páistí, bhí siad thar barr ag aisteoireacht agus bheith ag breathnú orthu i gcomparáid le páistí in áiteanna eile nach raibh na glóranna chomh maith agus na béasanna you know, chomh maith acu.

ÁINE: A’ raibh tú fhéin mar sin ar duine go baill choiste Bantracht na Tuaithe?

CLÁRA: Sea

ÁINE: Agus a’ raibh tú ar aon choiste eile ar an oileán?

CLÁRA: Bhuel do bhunaíomar an eh (gáire) Aras Rónán ón tús, tús ama agus an Comhar Creidmheasa agus ní cuimhin liom ….

ÁINE: …. Gabh muid ar ais go dtí Aras Rónán ar dtús.

CLÁRA: Yeah.

ÁINE: Cé bhí ar an gcoiste an t-am sin nó cé a bhí ag obair air chun Aras Rónán a chuir ar bun an t-am sin?

CLÁRA: Sea, ehm an banaltra anois ehm

ÁINE: Barbara [O’Donnell]

CLÁRA: Barbara, bhí sise air agus á ní, ní cuimhin liom i gcónaí na hainmneacha ach agus ach ehm i slí amháin bhí mé in aghaidh an rud mar do cheap mé ar eagla go gcuirfeadh siad daoiní isteach mar bhí siad ag tabhairt ana-aire dóibh sa bhaile ach anois tá áthas orm go mór mór le haghaidh an respite care agus rudaí mar sin agus is rud maith é don oileán agus tá sé go hiontach nach mbíonn, is cuimhin liom i gcónaí daoiní cosúil le Maggie Tom in ospidéal i nGaillimh agus bhí trua agam di ag dul isteach go dtí agus gan an Gaeilge ná aon rud timpeall uirthi agus na scéalta you know agus tharla rud greannmhar mar gheall ar Kate Pheter Pheaits, bhí stroke uirthi agus thug mé isteach í agus dúirt fear an ambulanceNow you’re in the big city Kate” agus dúirt, thug sí amach “___+” madraí dó agus dúirt sí “ Agus sibhse go léir i nGaillimh ag caint Béarla” agus dúirt (gáire) sé “cén chaoi a bhfuil tú a chailín deas” agus do bhí athrú ar fad uirthi agus bhí sí ag gáire agus ag canadh agus chuaigh sí go dtí an oispidéal go sona sásta ar deireadh. So bhí sé sin go deas, you know.

ÁINE: M hm

CLÁRA: Agus bhí na emergency services ana-mhaith againn, Coly Hernon, bail ó Dhia air, bhí sé go hiontach a bheith ag obair leis, you know.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú ar aon, aon tragóid dona a tharla an fhaid a bhí tú fhéin ag banaltracht anseo?

CLÁRA: Mmm, little Gerry, an buachaill ar an motorbikeyou know agus na daoiní a bádh, bhí sé sin uafásach. You know i gcónaí sin é an rud brónach go mór mór na hiascairí a cailleadh.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Sin é an rud an, ana-brónach ar fad.

ÁINE: Mar cuireann sé as gon, gon community ar fad.

CLÁRA: Ó an oileán ar fad.

ÁINE: Yeah.

CLÁRA: Cinnte, cuireann, cuireann. Sin é an t-aon rud ach bhí áthas orm na báid móra do fheiscint eh an Beannú na mBáid, bhí sé sin go hálainn agus do bhí brón orm nuair a chuala mé nach raibh sé ann i mbliana toisc árachas.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Agus tá súil agam go dtiocfaidh sé ar ais bliain éigin ach bhí sé sin iontach deas agus thaitnigh na féilte go léir liom (gáire) . Nuair a tháinig mé ar dtús níor thaitnigh Oíche Samhna liom (gáire)

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: Cheapas go raibh sé an-aisteach na fir ag teacht isteach i do thig gan

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: caint ná aon rud ach tar éis (gáire) roinnt blianta chuaigh mé amach leo (gáire)

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: (Gáire) Agus bhí mé ag insint do na daoiní mar gheall air, bhí sé sin, ach ehm, oíche na dtinnte cnámha, do cheapas go raibh sé sin, agus oíche na gcoinneal am Nollaig, thaitnigh siad sin thar barr liom….

ÁINE: …. Bhí siad go hálainn, yeah, tá traidisiúin dheasa ann.

CLÁRA: Tá, tá agus tá siad ana-tábhachtach mar a dúirt duine nuair a imíonn na turasóirí ansin tagann an oileán (gáire) na fíor, na fíor saol an oileáin, you know.

ÁINE: Agus tagann tú fhéin anseo ar saoire chuile bhliain ?

CLÁRA: Tagaim, buíochas le Dia agus téim i gcónaí chuig an Merriman i Contae an Cláir, an scoil Merriman agus ansin tagaim anseo. Bhí an tAthair Ó Dúláine ann anuraidh ach bhí sé in ospidéal ach tá sé ar ais buíochas le Dia, san oileán.

ÁINE: Á.

CLÁRA: Bhí mé ag caint leis agus ehm, a bhí, bhí, thaitnigh, bhí am againn i gcónaí ag, an rud céanna i gcontae an Cláir ag éisteacht leis na scéalta agus bhí siad ag déanamh i mbliana Michael Cusack agus an, bhunaigh sé an GAA agus tá siad chun caoi do chur ar a theach agus áit traenáil do na páistí óga agus rudaí mar sin.

ÁINE: Go deas. Cén bhliain a thosaigh tú an Comhar Creidmheas?

CLÁRA: Bhuel, ní raibh sé ró-fhada, you see, bhí mé sa Comhar Creidmheas i mBlá Cliath. Chónaí mé in áit go raibh ana-chuid bochtanas ann agus flats agus na rudaí sin agus bhí mé sa stáit seirbhíseach i mBlá Cliath nuair a d’fhág mé an scoil agus chuaigh mé go dtí an ollscoil chun diploma oíche do dhéanamh agus do bhí Nora Herlihy i ceann eile cosúil linne agus cuid de na buachaillí a bhunaigh an rud ní raibh fhios acu cad ba Credit Union ann agus scríobh siad chuig America agus tháinig an scéal ar ais, so bhunaíomar ceann i mo áit dúiche, sin North William street agus do bhí fhios agam go raibh ana-cúis go mbeidh sé sin ar an saol mar bhí daoiní ehmcrucified mar a déarfá leis na fiacha, na money lenders, bhí sé go dona agus bhíodh na daoiní seo a’ dul ó theach go teach chuig na daoiní bochta ag ofráil caoga punt dóibh agus ní raibh siad riamh as debt agus measaim go bhfuil na daoiní faoin dtuaithe níos ciallmhara i gcónaí ach daoine bochta i mBlá Cliath, ní raibh, agus bhí siad i gcónaí uafásach bocht toisc na money lenders. So bhunaíomar ceann agus bhí áthas an domhain, mise uimhir a naoi san ceann sin (gáire) agus nuair a tháinig mé anseo do chuala mé go raibh suim sa rud ach na daoiní a cheap mé a bheadh ana-cabhrach, bhí siad (gáire) glan ina aghaidh, níor thuigeas é sin (gáire).

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Ach an cuid muintir anseo agus Áine [Uí Iarnáin]agus daoiní eile, bhí siad thar barr, na daoiní a bhí ag obair san factory, thug siad ana-cabhair dom agus Barbara Quinn, beannacht Dé lena hanam agus d’oibrigh sé go h-ana-mhaith ó thús agus bhí áthas an domhain orm gur tháinig sé. So labhair mé le Nora Herlihy, sin an múinteoir as Corcaigh a bhunaigh an rud in Éireann agus dúirt mé “ba mhaith liom é do bhunú in Árainn” agus bhí áthas an domhain uirthi, ana-republican (gáire) a bhí inti agus dúirt sí go raibh áthas aithne, agus ar bhféidir lei aon cabhair do thabhairt dúinn agus dúirt sí “ It’s spread like Sinn Féin” i naoi déag ocht déag, Sinn Féin agus chuaigh sé ar fud na tíre agus ansin do bhíodh rialacha ag teastáil agus rudaí, ord agus eagar air ach tá trí cinn lán Gaeilge, sin, an céad ceann Gaoth Dobhair, Gaeltacht Tír Chonaill agus an darna ceann Árainn agus an tríú ceann Naomh Colmcille, ón Spidéal siar i gConnamara. So, bhí, an fáth gur chuaigh mé go Béal Feirste nuair a d’éirigh mé as obair chun ceann do bhunú trí Ghaeilge i mBéal Feirste ach an rud a thárla i mBéal Feirste, bhunaigh siad ceann Gaeilge ach tháinig an Internment agus sciobadh na fir óga go léir agus chuir sé sin deireadh leis an rud Gaeilge agus nuair a tháinig mise bhí sé ró-déanach mar bhí gach duine cheana féin i ceann áitiúil paróiste agus ehm, now tá mé ag cabhrú beagán leo.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Téim ann gach seachtain agus, níl siad leath chomh maith measaim is atá siad anseo mar níl an dlí céanna ansin

ÁINE: M hm

CLÁRA: Agus tá an dlí níos fearr ins na fiche sé contae ó thaobh na Comhar Creidmheasa, you know.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú cén bhliain a bhunaigh sibh é [Comhar Creidmheasa Árainn] ?

CLÁRA: Bhuel measaim timpeall [naoi déag] seachtó naoi, measaim.

ÁINE: Sea.

CLÁRA: Ní raibh sé ró-fhada ón ….

ÁINE: …. Agus thosaigh tú istigh sa monarchan, [in Eoghanacht] sin iad na baill a bhí a’d ar dtús.

CLÁRA: Sea.

ÁINE: Agus cén chaoi ar lean sé amach ansin ? ….

CLÁRA: …. Tháinig siad chuig mo theach, chuig teach an banaltra ar feadh an am, you see bíonn ort staidéar a dhéanamh ar feadh bliain sura bhfaigheann tú cead a bheith, a bheith ehm sa rud i gceart agus do scríobh duine, bráthair éigin, scríobh sé leabhar mar gheall ar Nora Herlihy agus scríobh (gáire) sé leathanach mar gheall ar an Comhar Creidmheasa in Árainn agus tá sé sin agam i mBéal Feirste, an leabhairín sin ach ó thús do bhí, do thuig na daoiní é go h-ana mhaith agus fuaireamar cabhair ó mac Coly Hernon, ehm

ÁINE: Michael.

CLÁRA: Michael, thug sé an oifig dúinn agus bhí na, i Kilmurvey, Johnston Hernons ansin, Treasa, thug sí cead dúinn na cruinnithe míosúil a bheith againn, so bhí ana-deathoil ann nuair a bhí sé tosnaithe, buíochas le Dia, agus tá áthas an domhain, sin a deirim, sin mo leanbh agus tá sé fásta suas anois

ÁINE: Tá (gáire)

CLÁRA: agus na milliúin ann agus buíochas mór le Dia go bhfacamar an lá.

ÁINE: D’éirigh thar cionn leis.

CLÁRA: D’éirigh

ÁINE: Ba iontach, ba iontach an rud é a thosaigh, mar theastaigh sé.

CLÁRA: Sea, hm, hm.

ÁINE: Agus is dóigh gur éirigh níos fearr leis ná a cheap aon duine ag an am

CLÁRA: Ó sea.

ÁINE: Ní raibh cleachta ag muintir Árainn a bheith ….

CLÁRA: …. Hm, agus ….

ÁINE: …. ag tógáil amach airgead ….

CLÁRA: …. an rud iontach ar fud na tíre, is féidir leat dul go aon Comhar Creidmheasa agus siúl isteach agus a raibh leo, cé mhéad baill atá agaibh, cé mhéad airgead atá agaibh (gáire) cé mhéad a thugann sibh amach agus is rud éigin ar fud an domhan a chabhraíonn le daoiní agus ehm an bhliain seo, i mbliana, do bhí an World Council of Credit Unions i mBlá Cliath agus do theastaigh uaim dul ach bhí sé ana-daor chun freastal air, míle euro (gáire) agus theastaigh uaim dul saor in aisce, so do chuaigh mé, hard neck mar a deirinn siad agus dúirt mé ba mhaith liom an rud a chlúdach ar son Radio Fáilte so chuir siad fáilte romham agus thug siad rud mór dom agus ribín Radio Fáilte so bhí mé ann saor in aisce agus bhí timpeall caoga seacht náisiúin ann agus ba iontach an rud gach duine ansin ó Nigeria agus South America agus na tíortha nua ag cabhrú le chéile chun airgead a roinnt eadrainn go léir, so bhí mé ana-bhuíoch a bheith páirteach sa rud.

ÁINE: A’ bhfuil tada eile anois ar mhaith leat labhairt faoi a tharla an t-achar a bhí tú ag maireachtáil ar an oileán?

CLÁRA: Bhuel, bhuel, sin, sin an rud a thaitin liom is mó, go raibh (gáire), nach raibh orm éirigh ró-luath (gáire) sa mhaidin ach ansin bhí tú uaireanta, bhí orm dul amach ar an mbád ach ehm, tharla, thaitneamh na páistí liom agus na drámaí agus na rudaí greannmhara a deir siad agus tá áthas orm you know go bhfacamar go leor rudaí deasa, athraíonn siad, ní athraíonn na sean daoiní agus uaireanta ní aithním iad nuair a fheicim iad ar an mbóthar ach ehm (gáire) bhí cúpla rangannaballet againn ionas go mbeidh a fhios acu classical ballet, beagán de ach sin an t-saol agus na daoiní a thaitin liom go mór cosúil le Maggie Tom agus go leor i Killeany, bhíodh ana-cuid scéalta acu, Josephine agus a máthair, bhí a máthair go hálainn chun dul isteach agus caint lei agus Mary Tim, bhí ana-rud agam ar Nonie Tim, bhí sí cosúil le deirfiúr liomsa i gcónaí, labhair sí Gaeilge liom i gcónaí, bhí mé buíoch di sin, so ehm, a bhí go leor rudaí, is mó na daoiní. Tháinig mé anseo nuair a bhí mé an-óg, timpeall seacht déag bliain d’aois agus tháinig mé liom fhéin agus d’fhan mé i Kilmurvey agus (gáire) na blianta fada ina dhiaidh tháinig mé ag tabhairt aire do na daoiní sin gur fhan mé leo nuair a tháinig mé i dtosach ach see bíonn tú, mo chara Kay, chuaigh sí go oileán Tory, banaltra eile agus ó bhí am ana-deacair aici in oileán Tory, is beag nár bádh í cúpla uair mar ní raibh an farantóireacht go maith go Oileán Tory

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Tá sé níos fearr anois agus bhí ana-droch am aici ansin, bhí sé i bhfad níos deacra ná Árainn. Bhí, bhí na emergency services go hiontach maith i gcónaí

ÁINE: M hm.

CLÁRA: In Árainn agus bhí na banaltraí go maith. Bhí Sister Ronan an-mhaith agus tháinig sí gach bliain ar feadh seachtain nuair a bhí mé ag obair ann agus bhí sí anseo an tseachtain seo.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: So bhí ana-craic againn you know. So buíochas le Dia.

ÁINE: A’ raibh ort a dhul go dtí an dá oileán eile aon am?

CLÁRA: Bhuel uair amháin bhí orm dul go Inis Meáin, bhí an banaltra tinn agus d’fhan mé trí lá nó rud éigin mar sin ann nuair a bhí sise, ní cuimhin liom cad é agus bhí na daoiní an-deas, chuir siad fáilte romham agus (gáire) an sagart Ó Standúin,(gáire) duine ana-suimiúil é sin, scríobh sé rud agus cheapas go raibh sé iontach greannmhar, that he was a reincarnation seagull agus dúirt mé le daoiní Inis Meáin cad a cheapann tú, cad é an saghas sagart atá agaibhse, a dúirt siad ná bí ag déanamh aon fuss mar gheall ar, bíonn siad aisteach “___+” an sagart, (gáire)

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: So ehm sin, bhí mé in Inis Oírr cúpla uair agus thug siad ana-cabhar dom nuair a bhí mé ag cuir comórtaisí ar bun, you know scéalta le haghaidh na páistí agus painting agus gach rud you know. Nuair a bhí mé ag iarraidh brú ar aghaidh an Comhar Creidmheas you know bhí go leor medals againn le tabhairt amach so bhí muintir Inis Oírr go hiontach maith ag cabhrú you know.

ÁINE: M hm.

CLÁRA: Páirteach sa rud.

ÁINE: Sin go deas. Bhíodh oíche ceoil a’d chuile mhí go na daoiní.

CLÁRA: Sea.

ÁINE: Sa Dun Aengus [Bialann]

CLÁRA: Hm

ÁINE: Ar mhaith leat cuir síos ar sin nó cén chaoi ar chuimhneamh tú ar an smaoineamh sin?

CLÁRA: Bhuel ní cuimhin liom cén fáth ach measaim go bhfuil sé ana-tábhachtach gon social, an social rud agus bhí siad iontach deas liom i gcónaí i Dún Aengus, you see thabharfadh siad an áit dom agus tá an méid sin daoiní atá chomh maith ag amhránaíocht agus scéalaíocht agus ehm, gur fiú éisteacht leo i gcónaí, gur deas an rud dá mbeadh níos mó parties againn mar sin agus thaitin siad le chuile dhuine. Sin an rud agus mar a dúirt mé dá mbeadh airgead ag teastáil, aon rud fiú carthanacht you know charity nó rud éigin, bhíomar ábalta i gcónaí beagán do bhailiú agus iad a chur ar aghaidh chuig grúpa éigin.

ÁINE: M hm.

CLÁRA: Agus, a bhí, bhí mé ana-shásta a bheith anseo agus bhí na údarásaí i bhfad uaim, bhí mé ábalta a bheith ar Radio na Gaeltachta nó aon rud, ní chuireadh sé isteach ná amach. I mBlá Cliath bhí go leor rialacha ar eagla go déarfadh mé aon rud as bealach (gáire)

ÁINE: (Gáire) Sea.

CLÁRA: Tá ’fhios agat, so bhí saoirse chun bheith ag obair anseo agus bhí sé an-éasca obair le Marian [Broderick, an dochtúr] agus ní chuireadh sí isteach ar aon rud. Is cuimhin liom go raibh ceann go na seanlads dúirt mé “ Á is trua go bhfuil tú chomh dona” agus dúirt sé “ ah sure caithfimís spás d’fhágáil do na teenagers (gáire)

ÁINE: Yeah.

CLÁRA: You know agus Kate Pheter Pheaits, deireadh sí “ Look, dá mbeadh “__” i do dhiaidh tógfaidh tú na daoiní maith, fágfaidh tú na driseoga ar an talamh” (gáire)

ÁINE: Yeah

CLÁRA: You know, so bhí ana-tuiscint acu ar an saol eile agus an spioradáltacht, fíor spioradáltacht. Ehm, an bhean a, Bríd Gillen Dirrane, now sin duine as an gnáth (gáire) you know “__” Cumann na mBan agus bhí ana-suim aici, agam éisteacht lei agus bhíodh mé ag scríobh litreacha di, bhí ana-cuid daoiní ag scríobh litreacha ag iarraidh eolas mar gheall ar eh, is cuimhin liom i gcónaí chuir siad ceist cé hiad na múinteoirí Gaeilge a bhí i “__” i naoi déag seacht déag agus bhí na hainmneacha aici, bhí meabhair iontach aici agus dúirt mé lei “an scríobhfaidh mé they were fluent Gaelic teachers” agus dúirt sí “ná scríobh sin, they were enthusiastic”, they weren’t fluent”, you know (gáire)

ÁINE: (Gáire)

CLÁRA: Bhí sí chomh definite.

ÁINE: Sea.

CLÁRA: Agus an gairdín álainn a bhí aici agus na scéalta mar gheall ar na “__” agus i Meiriceá agus an Maighdean Muire agus gach rud. Tá scéal ach níl a fhios agam ar ceart dom é sin a rá ach measaim go bhfuil sé go hálainn, Maggie Tom, do bhí mystic, now go leor daoiní níl aon suim acu i rudaí mar sin ach do bhí Father McGrath san Isle of Man agus, Blá Cliathach é, ach deir siad go raibh sé ag caint leis an Maighdean Muire agus bhí Dia ag caint leis agus gach rud agus chuaigh mé ann ar feadh seachtain. Bhíodh go leor de na Blá Cliathach ag cabhrú leis agus ag dul ar feadh seachtain go dtí an Isle of Man so nuair a tháinig mé ar ais go hÁrainn bhí mé lán den rud, “Maggie” a dúirt mé “bhfuil fhios agat go bhfuil an Maighdean Muire ag caint leis agus chuir se a dhá láimh tharam agus dúirt sé A Chlare ná bí ag déanamh aon iontais bíonn sí ag caint le go leor againn”. So dúirt mé sin é é now tá gach rud againn in Árainn.

ÁINE: Hm, (gáire)

CLÁRA: So buíochas mór le Dia agus tá áthas orm an áit seo d’fheiscint agus tá súil agam, beidh nasc idir sibhse agus Radio Fáilte i mBéal Feirste agus go mbeidh siadsan ag teacht chugaibh agus go mbeidh sibhse ag teacht go Béal Feirste go bhfeicfidh sibh rud nua ar fad, seo an Gaeltacht Cathrach agus go bhfuil céad agus a haon daoiní ag obair anois ar na nuachtáin dhá theangach atá ar siúl againn agus tá ceann amháin lán Gaeilge, Lá, glaonn siad La air i mBéal Feirste, Lá agus céad agus a haon daoiní, is iontach an misneach anois agus bím ag obair leis na Preispitéirigh agus tá gluaiseacht Gaeilge acu, paidreacha Preispitéirigh, An Toradh ar Lasadh, The Burning Bush ón Bíobla agus téimis ann uair sa mhí, chuig an Prespytarian Church agus tá caighdeán ard Gaeilge acu agus tá siad tar éis leabhar nua hymns i nGaeilge do chuir amach agus tagann siad chuig Bóthar “__+” chuig an cultúrlann agus i gcónaí am Nollaig tagann siad go dtí an Aifreann agus am na Cásca téann muidne chuig an Prespytarian seirbhís agus tá, siad na radical Prespytarians, níor chuala mé riamh mar gheall orthu nuair a bhí mé, go dtí gur chuaigh mé go Béal Feirste ach bhí siad ann ar feadh na céadta bliana. Na daoine cosúil le Henry Joy agus iad sin a bhí ana-tugtha don Gaeilge agus ag coimeád an Gaeilge beo i mBéal Feirste. Bhí saghas Gaelscoileanna de shaghas éigin acu agus is Prespytarian eh d’athraigh sé go dtí Church of England, ehm Church of Ireland nó rud, Bedell an t-aon, an chéad duine a chuir Gaeilge ar an Sean Tiomna sa Bhíobla so sin rud nua a, bíonn (gáire) tú ag foghlaim rud nua gach bliain, yeah.

ÁINE: Hm. A’ gcasann tú le John Davitt?

CLÁRA: Sea ….

ÁINE: …. Bhí sé anseo an tseachtain seo caite.

CLÁRA: Ó an raibh, yeah?

ÁINE: In Árainn, yeah.

CLÁRA: Chas mé leis agus nuair a bhí an oscailt oifigiúil san Comhar Creidmheasa, bhí sé ann, nach raibh.

ÁINE: Bhí, yeah, bhí.

CLÁRA: Yeah agus thug sé cabhair dúinn ar dtús le trealamh éigin you know.

ÁINE: M hm.

CLÁRA: Agus iontach an cairdeas a bhíonn sa Comhar Creidmheasa go léir, you know, is maith é an rud.

ÁINE: M hm. Cén chaoi gur chuir tú an oiread suim sa nGaeilge, a’ raibh Gaeilge a’d a’ fás suas?

CLÁRA: Ní raibh, bhuel ehm mo sheanmháthair i gContae an Chláir, Gaeilgeoir ón dúchais a bhí inti, “__” agus tá Gaelscoil anois sa talamh a bhí againn ansin ach ehm bhí siad bocht, bhí deichniúr páistí, do cheap siad go mbeadh orthu go léir dul go Meiriceá, sin mo sheanmháthair agus do bhí scéalta ag teacht ar ais ó Meiriceá go raibh daoiní ag magadh faoi an droch Béarla a bhí acu so ní thabharfadh sí (gáire) cead dóibh Gaeilge a labhairt ach labhair sí Gaeilge lena fear chéile nuair nár theastaigh uatha go mbeadh siad ag tuiscint cad a bhí ar siúl acu ach bhí aithne agam uirthi, bean iontach deas í agus nuair a tháinig naoi déag fiche dó agus an Gaeilge éigeantach, bhí ar na múinteoirí dul chuici

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Agus an Gaeilge do chleachta lei agus ní, níor chuaigh siad go Meiriceá, bhí sé ag obair i mBlá Cliath ach mo mháthair agus mo athair ní raibh aon Gaeilge acu ach chuir siad sinn gach bliain go Carrigaholt ag coláiste Gaeilge taobh amuigh de Kilkee i Contae an Cláir agus bhí mé ag Scoil Caitriona, sin Gaelscoil. Bhí, bhí duine ó Árainn, measaim máthair Treasa mar prioress ann. Bhí Eilís Ní Fhlanagáin

ÁINE: Ó yeah.

CLÁRA: Na Flannagans

ÁINE: Yeah.

CLÁRA: Bhí siadsan ann, bhí sí ag suí taobh liom agus bhí, bhíomar, (gáire) cheapamar go raibh sé ana-ait go raibh seachtain beagnach “__” aici le haghaidh na laetha saoire chun bheith ábalta dul ar an mbád

ÁINE: Á (gáire)

CLÁRA: Go dtí an oileán.

ÁINE: Sea.

CLÁRA: Sin fadó, fado i rith an cogadh, you know.

ÁINE: Yeah.

CLÁRA: Ach bhí ana-suim agam agus ansin chuaigh mé thar lear ag banaltracht you know agus idir dhá jobs chuaigh mé go dtí an Gaeltacht Ciarraí ar feadh trí mhí chun cabhrú i BandB chun an Gaeilge do chleachtadh

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Agus ehm, sin é.

ÁINE: Cén ról atá a’d i Radio Fáilte?

CLÁRA: Bhuel ehm bím ag craoladh uair sa seachtain, beo, just ag insint scéalta agus ag déanamh ceol agus uaireanta bíonn daoine ag glaoch isteach ach ní mórán de sin mar bíonn saghas eagla (gáire) orm go mbeidh siad ag cuir ceisteanna orm nach bhfuil fhios agam you know, ach eh daoiní eile bíonn siad ag glaoigh isteach ach cuireann sé ionadh orm go mbíonn an méid sin daoiní ag éisteacht agus deireann siad liom “ó chualamar do chlár ar an radio, is tusa a bhíonn ag craoladh” so ta sé ana-suimiúil go mbíonn daoiní ag éisteacht leis an radio

ÁINE: Agus cén sóirt scéalta a bhíonn sibh a’ chlúdú?

CLÁRA: Bhuel, nuacht an lae nó ehm, bím i gcónaí ag bailiú píosaí as an páipéar a cheapaim a bheadh suimiúil. Tá ana-suim agam ins na nuachtáin go léir. Bhí scéal iontach deas ag Gabriel Rosenstock an tseachtain seo san Irish Times, is dócha (gáire) go bhfuil cead agam é sin go léir do léamh agus uaireanta bíonn comhrá agam le daoiní a thagann isteach you know.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Nó cuairteoirí b’fhéidir, nó daoiní a thagann ar feadh tamall go Béal Feiriste ach sin do stopadh (gáire) deirtear ní, ní chun daoiní do chuir ag caint ach eh bíonn go leor mar gheall ar mo mhuintir i Longford agus seacht déag naocha hocht agus gach rud mar sin agus na scéalta go léir i Contae an Cláir

ÁINE: M hm.

CLÁRA: Agus scéalta anseo, tá go leor (gáire)

ÁINE: Tá go leor a’d.

CLÁRA: Sea.

ÁINE: Bhí tú anseo ag an oscailt Gairdín Liam Ó Flaithearta

CLÁRA: Bhí, bhí áthas orm go raibh mé sa seachtain seo inár tharla go leor rudaí. Bhí sé sin iontach suimiúil, is cuimhin liom an chéad uair a bhí mé in Árainn, bhí mé seacht bliain déag agus bhí Liam O’Flaherty anseo ar cuairt, níl fhios agam ar lena bhean nó agus ó duine dathúil fós é agus is dócha go raibh sé ana-sean ag an am agus ó bhí mé ana-puritanical (gáire) ag an am. Bhí, bhí cuid de na leabhair banned you know ag an am agus dúirt mé (gáire) le bean an tí “an mbíonn sé ag dul chuig an Aifreann fiú ” agus dúirt sí “ A corr uair” agus bhí fhios agam ansin gur cuma lei an raibh sé nó nach raibh sé ag dul go dtí an Aifreann ach rud greannmhar, bhí mé ag obair in America, ag banaltracht ansin ar feadh cúpla bliana fadó i rith an cearta sibhialta you know am ansin agus bhí cara liom, léachtóir as Hawaii, agus bhí sí ag múnadh English Literature agus chuir sí, brú uirthi na scríbhneoirí Éireannach do léamh, cosúil le Liam O’Flaherty, gearrscéalta agus of course James Joyce agus Brendan Behan agus iad sin go léir, Seán O’Casey agus ag an am sin bhí Eire bocht go leor ach do bhí an ollscoil seo ana-galánta ar fad, women’s university, you know, agus chuir sí sa leabharlann mé agus dúirt mé liom fhéin “A’ mbeidh airgead go brách againn chun áit mar seo a bheith againn” agus ansin chonaic (gáire) mé na leabhair agus daoiní cosúil le Brendan Behan nach raibh mórán oideachas aige agus bhí dhá dramaí, scríobh ….

ÁINE: …. Hm ….

CLÁRA: …. sé an dialann seo ‘The Hostage’ in Árainn ach ehm cuireadh Béarla air ina dhiaidh ach eh dúirt mé “bhuel muna bhfuil aon airgead againn tá an talent againn anseo” so is cuma (gáire) mar gheall ar an airgead.

ÁINE: Ar léigh tú mórán go leabhra Liam Ó Flaithearta ?

CLÁRA: Bhuel do léigh agus na scéalta ‘The Informer’ agus iad sin. Cheapas, now an ceann, an é ‘The Black Soul’ nó rud éigin, níor thaitin sé sin liom ach níor léigh mé ar feadh na blianta é ach na scéalta, na gearr scéalta agus chonaic mé an scannán ‘The Informer’ agus cheapas go raibh sé sin ana-tuisceanach, you know, human.

ÁINE: Hm.

CLÁRA: Ehm daonda

ÁINE: Hm, go raibh maith a’d anois ….

CLÁRA: …. Now, go raibh míle (gáire) Sin do stopadh, a deirim.(gáire)

ÁINE: Tá súil a’m go bhfeicfidh muid ar ais aríst thú ….

CLÁRA: …. Le cuidiú Dé, le cuidiú Dé le gach bliain an fhaid is atá mé beo le cuidiú Dé

ÁINE: Go raibh míle maith a’d ….

CLÁRA: …. Go raibh míle maith agaibh.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.