Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00070

Taifeadadh
BBAF.00070
Formáid
MiniDisc
Fad
30:37
Dáta
27 Iúil 2007
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Máire Pheaits Bheairtlín Brett
Eolas cartlainne
MD 78 Máire Pheaits Bheairtlín Brett. Baile; Bun Gabhla; Clann; Scoil; Damhsa agus Ceol; Teachtaireacht sa bhuidéal c.1962; Imirce; Athruithe ar Árainn.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00070
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Inniu an fiche seachtú le de Iúil, an bhliain dhá mhíle agus a seacht. Mise Áine Pheaits Bheachlín agus tá mé anseo inniu i sean scoil Fhearann a' Choirce agus mé a' gabháil a' caint le mo dhreabhar Máire Pheaits Bheachlín Ní Iarnáin Brett. A Mháire, tá mé gabháil a' cuir cúpla ceist ort faoi an buidéal siúd a fuairú [fritheadh] fadó i naoi déag b’fhéidir seasca dó agus an chaoi ar thug sé thú go Meiriceá. Now cén chaoi a bhfuil tú inniu a Mháire?

MÁIRE: Tá mé thar cionn now Áine, tá mé thar cionn.

ÁINE: Ach ar dtús b’fhéidir go labhródh muid ar cén aois a bhí tú nuair a chuaigh tú ann nó céard iad na rudaí a bhí a' tarlú in Árainn roimh a d’imigh tú. Tá fhios a’m gur rugadh thusa i naoi déag ceathracha naoi agus rugadh mé fhéin i naoi déag seasca haon agus is dóigh go bhfuil dhá bhliain déag idir muid agus is dóigh go raibh difríocht mór idir an saol nuair a bhí tusa a' fás suas agus nuair a bhí mise a' fás suas agus tá fhios a’m gur tú an tríú duine sa gclann agus is mise an deichiú duine, so nuair a bhí tusa a' fás suas i mBungabhla fadó, a'raibh rudaí go maith a' gceapann tú?

MÁIRE: Bhuel bhí siad sách maith because ní raibh fhios a'inn cén chaoi a raibh rud a' bith eile but bhí muid, ní raibh mórán a'inn.

ÁINE: Sea, agus nuair a chuaigh tú ag a' scoil anois, a' raibh bróga agaibh agus mála scoile agus rudaí mar seo, agus éadaí deasa agaibh nó cén chaoi a raibh rudaí?

MÁIRE: Bhuel, ní raibh, bhí is dóigh sciorta amháin a’inn agus jumper amháin agus bróga, bhíodh dada a' déanamh na mbróga an t-am sin, níl fhios a'm a' gcuimhníonn tú fhéin air.

ÁINE: Ní chuimhním.

MÁIRE: Yeah, pampooties nó bróga úrleathar ach ehm ní raibh mórán, dhá jumper b'fhéidir agus sciorta, sin é an méid.

ÁINE: Agus ab shin jumpers a bhíodh criotáilte sa mbaile, ab ea?

MÁIRE: Ag mama, sea.

ÁINE: Agus a' raibh tú fhéin in ann criotáil?

MÁIRE: Bhíodh muid uilig a’ criotáil go mhama. Shuíodh muid síos ar a’ stól agus bhíodh muid a' criotáil, i gcónaí go mhama.

ÁINE: Ó go deas. Agus céard faoi na héadaí a bhí orthaí ansin?

MÁIRE: Muise ní chuimhním chomh maith ar na héadaí. Ní raibh mórán éadaí a’inn, cuimhním fanacht le Céitín a’ Chorruch go ndéanfadh sí dress dhom nuair a bhí mé a’ gabháil faoi Láimh Easpaig. Ní mórán éadach a bhí a’inn, sciorta nó, ceann, dhéanadh mama as éadach eicínt a fuair sí é.

ÁINE: Agus bhí aintín i Meiriceá a’d agus meas tú ar chuir sí sin boscaí anall agaibh?

MÁIRE: Bhuel tá mé ag ceapadh, chuir sí cúpla bosca ach ní raibh sí sin pósta so ní dhéarfainn gur chuir sí mórán boscaí éadach abhaile an t-am sin. Cuimhním Mary Tom Mhóir fadó, fuair sí boscaí éadach as Meiriceá, bhí siad go hálainn. Níl fhios a’m a’ gcuimhníonn tusa air, Áine.

ÁINE: Ní chuimhním, ní chuimhním.

MÁIRE: Fuair sí cúpla bosca ’s fuair aintín Mary cúpla bosca éadach. Ach ní mórán éadach a bhíodh a’inn.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú ehm cé a bhíodh a’ siúl soir ag a’ scoil in éineacht leat?

MÁIRE: Bhuel is dóigh go raibh Pádraic agus Pete [a cuid deartháireacha] ach cuimhním an chéad lá, an chéad sheachtain a chuaigh mé ag a’ scoil, thug dada soir mé ar a’ mbicycle, ar a’ crossbar. Ghabhadh dada soir in éineacht liom fhéin.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Is mé é an chéad chailín, is dóigh go raibh

ÁINE: Bhí tú cineál millte b’fhéidir.

MÁIRE: Is dóigh go raibh, is dóigh go raibh. Ach ehm cuimhním go ndeachaigh dada soir liom agus soir i mo iarraidh.

ÁINE: Agus is dóigh ….

MÁIRE: Naíonáin is dóigh.

ÁINE: Agus cén múinteoir a bhí a’d an t-am sin ag a’ scoil, nó[ar] máistir a bhí ann?

MÁIRE: Tá mé a’ ceapadh, níl ’fhios a’m, Baba Pheige, bhí sí ann. Ní hí Baba Pheige, Baba eh ….

ÁINE: …. Mullen.

MÁIRE: Baba Mullen as Cill Rónáin, sea a mh’anam. Ach yeah bhí Pádraic ’s Stiofán Stephen ’s Pádraic [Stephen]. Bhí crowd mór i mBungabhla an t-am sin, bhíodh go leor a’inn a’ gabháil soir ’s anoir, na Beagachaí ’s chuile dhuine le chéile.

ÁINE: Ehm, nuair a bhí tusa a’ fágáil nó ré leis an scoil náisiúnta a fhágáil ansin a Mháire, a’ raibh oraibh scrúdú a dhéanamh ná tada, le dhul go dtí coláiste?

MÁIRE: Bhuel chuaigh muid ag a’ Tech, níl ’fhios a’m a’ rinne, rinne muid scrúdú eicínt is dóigh.

ÁINE: Ach chuaigh sibh ag a’ Tech.

MÁIRE: Ag a’ Tech a chuaigh muid uilig. Ní bhíodh muid a’ gabháil ag

ÁINE: Ag coláiste, no.

MÁIRE: An t-am sin ní raibh mórán daoine, bhuel bhíodh daoine, chuaigh Pádraic [a deartháir] ag coláiste.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ach ní dheachaigh mise, chuaigh mé ag a’ Tech.

ÁINE: Agus ansin, cén chaoi a ndeachaigh tú go dtí an Tech, mar ní raibh aon bus ann an t-am sin, a’ raibh?

MÁIRE: Bhuel bhíodh, bhíodh bus ag Micheál Twenty [Ó Conghaile]

ÁINE: Ó a’ raibh?

MÁIRE: Bhíodh. Níl ’fhios a’m an chéad bhliain ach bhíodh, although bhíodh muide a’ gabháil soir ar bicycle, mé fhéin agus Áine Pheaidí [Ní Dhioráin]cuimhním air. Bhíodh muinn a’ gabháil soir ar bicycle ach an dara bliain tá mé a’ ceapadh go raibh Micheál Twenty.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Bus, bhí.

ÁINE: Agus cén aois a bhí tú thart ar nuair a chuaigh tú ag a ’ Tech, meas tú?

MÁIRE: Cheithre bliana déag, trí déag, nó ceathair déag.

ÁINE: Agus ag an am sin ansin a’ mbíodh sibh a’ gabháil ag na damhnsaí i gCill Rónáin?

MÁIRE: Ó bhíodh, bhíodh muinn a’ gabháil soir ag na damhnsaí, ehm is dóigh Dé Sathairn, ní raibh aon movies or film ann an t-am sin.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ach bhíodh damhnsaí a’inn, bhíodh muid ag gabháil soir, bhíodh muid ag damhnsaí ag na halleys [ball alley]agus rudaí mar sin.

ÁINE: Agus ehm a’ siúladh sibh soir ag an damhnsa?

MÁIRE: Bhuel shiúl[adh], bhíodh muinn a’ siúl soir ag a’ damhnsa agus ehm ní raibh mórán carranaí in Árainn.

ÁINE: Ag an am.

MÁIRE: Sin é é, bhíodh carr ag Bertie [Delia Toole Ó hIarnáin] agus cé eile, Thomas Mhaidhc Tom [Ó Fátharta] sin é, bhíodh muid a’ faire orthub go dtiocfaidís siar.

ÁINE: Cén chaoi ….

MÁIRE: …. Ach shiúladh muid go leor i gcónaí.

ÁINE: Céard a rinne sibh le na gcuid sála arda nó a’ mbídís orthaí, a gcuid high heels ?

MÁIRE: Ó ní raibh siad orainn, ní raibh aon high heels a’inn go deimhin. Níl ’fhios a’m cén sórt bróga, bróga, sandals eicínt a bhíodh orainn. A’ gcuimhníonn iad siúd ….

ÁINE: …. Sea, a gcuid plastics.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Rubber sandals is dóigh.

ÁINE: (Gáire) Agus eh cé a bhíodh a’ casadh ceol ag a’ damhnsa an t-am sin?

MÁIRE: John Joe Joeín [Ó Fátharta] agus is dóigh go mbíodh Vailín [Aindí Ó Maoláin]. John Joe Joeín, cuimhním i gcónaí air. Vailín agus cúpla duine mar sin.

ÁINE: Hm. Agus bhíodh na Réalta a’ teacht ag an am sin, sa samhradh.

MÁIRE: Ó bhíodh, sea, cuimhním go raibh. Bhíodh damhnsaí a ’inn ag a’ scoil, ag ehm, agus tithe, thuas tí Josie agus níl ’fhios a’m cén áit eile.

ÁINE: Tí Bhid Bhille.

MÁIRE: Tí Bhid Bhille, bhíodh, bhíodh. Á bhíodh sé sin go deas.

ÁINE: Yeah, agus tí Bheagach.

MÁIRE: Sea, bhíodh sé go deas agus ag an alley ag ehm Cill Mhuirbhigh.

ÁINE: A’ mbíodh?

MÁIRE: Damhnsa agus Fearann a’ Choirce is dóigh, a’ raibh, bhíodh muid, chuile dhamnsa bhíodh muinn ann.

ÁINE: Bhíodh sibh ann.

MÁIRE: Bhíodh.

ÁINE: Agus a’ mbíodh mná a’ gabháil sa bpub an t-am sin?

MÁIRE: Ní bhíodh an oiread ann.

ÁINE: Ní bhíodh.

MÁIRE: Ní bhíodh mé fhéin.

ÁINE: Ní raibh cead a’d ab ea?

MÁIRE: Ní bhíódh muinn dhá dhéanamh. Ní bhíodh muid. Ní raibh mise tí Chreig ná aon áit ariamh.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Sula ndeachaigh, sula ndeachaigh mé go Meiriceá.

ÁINE: Agus bhí tú thart ar naoi mbliana déag ab ea nuair a chuaigh tú go Meiriceá?

MÁIRE: Bhí mé hocht mbliana déag go leith nuair a chuaigh mé go Meiriceá ….

ÁINE: …. Agus ní raibh tú istigh in aon bhar in Árainn roimhe sin?

MÁIRE: Ní bhíodh, ní bhíodh.

ÁINE: A’ raibh tú taobh amuigh díobh.

MÁIRE: Bhuel b’fhéidir go mbeadh mé taobh amuigh díobh ach ní raibh mé ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MÁIRE: …. Ach ní raibh mé taobh istigh.

ÁINE: Agus tuige nach ndeachaigh tú isteach?

MÁIRE: Ach ní raibh mé ag ól, Áine. Ní raibh mé ag ól ach ní bhíodh na mná, b’fhéidir go mbíodh cuide but ní raibh mise.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Mé fhéin ’s Ann Éamonn ’s Catherine Bhid Bhile ’s iad sin, ní bhíodh muid

ÁINE: Ní bhíodh agus ní ….

MÁIRE: …. Ní bhíodh.

ÁINE: Is dóigh nach mbeadh cead agaibh ach an oiread ón baile.

MÁIRE: Bhuel níl ’fhios a’m, bhuel bhíodh faitíos orainn faoi mhama agus dada agus….

ÁINE: …. Yeah.

MÁIRE: ’S you know.

ÁINE: Ní bheadh cead.

MÁIRE: Ní bheadh.

ÁINE: Agus níl baol a’ bith go dtiocfadh duine, cailín abhaile agus cúpla deoch tógthaí aici an t-am sin.

MÁIRE: Ní, ní bheadh sé go maith, ní bheadh sé go maith. Agus nós chuile rud eile is dóigh go mbíodh daoine a’ teacht abhaile ’s iad óltach.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: But ní raibh mise, ní raibh mé chomh ciúin sin ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MÁIRE: …. Bhí boyfriends a’m but ní raibh mé chomh ciúin sin.

ÁINE: A’ bhfuil tú ag iarraidh inseacht dúinn cé iad fhéin? (Gáire)

MÁIRE: Á níl, níl, níl. Ní dhéarfaidh mé tada fúthub ach bhí siad ann ….

ÁINE: …. (Gáire) Yeah, I bet go raibh (gáire).

MÁIRE: Ach bhí mé ag obair a’ bhfuil ’fhios a’d, tí Twenty an t-am sin.

ÁINE: A’ raibh, sin ag obair sa samhradh?

MÁIRE: Bhíodh mé ag obair sa samhradh agus tréis an scoil ….

ÁINE: …. ’A mbíodh ….

MÁIRE: …. tí Twenty.

ÁINE: Agus a’ bhfánaíodh tú tí Twenty nó a bhfánaíodh tú sa mbaile ?

MÁIRE: Cúpla oíche, oícheanntaí d’fhanadh mé tí Twenty but ehm ghabhadh mé abhaile ar a’ mbicycle. Yeah.

ÁINE: Agus bhíodh go leor strainséaraí an t-am sin tí Twenty, nach mbíodh? ….

MÁIRE: …. Ó bhíodh, ó bhí tí Twenty go hálainn an t-am sin, bhí. An lounge ann, a’ gcuimhníonn tú, an piano agus chuile rud.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhí sé go hálainn, yeah.

MÁIRE: Á no nuair a bhí mé dó dhéag ’s trí déag bhí mé tí Twenty agus bhí mé amuigh i gConamara nuair a bhí mé ag a’ Tech sa samhradh.

ÁINE: Sea, ag obair?

MÁIRE: Ag obair amuigh i gConamara, sea.

ÁINE: Sea. D’fhan tú ag a’ Tech go rinne tú cé méad ?….

MÁIRE: Group cert ….

ÁINE: …. Yeah ….

MÁIRE: …. A bhíodh an t-am sin ann, group cert. Is dóigh dhá bhliain, dhá bhliain déarfainn

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhíodar ag iarraidh orm a dhul go Blá Cliath, a’ gabháil a’ déanamh cócaireacht ach ní ghabhadh mé ann.

ÁINE: Agus céard a rinne tú ansin nuair a d’fhág tú an Tech, bhí tú fós óg, ní raibh tú ach sé bliana déag, ab ea nó seacht mbliana déag ?

MÁIRE: Sé bliana déag is dóigh. A’ bhfuil ’fhios a’d nach gcuimhním chomh mór céard a rinne mé nuair a bhí (gáire) mé seacht déag

ÁINE: Yeah

MÁIRE: Tá ’fhios a’m gur bhris mé mo láimh nuair a bhí mé ag obair ag Bertie Delia Toole, a’ gcuimhníonn tú?

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Ní raibh mé ach lá amháin ann agus ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MÁIRE: …. Bhris mé mo láimh agus ehm bhí mé i nGaillimh ar feadh sé mhí is dóigh ag obair ag Professor Ó hEochaidh.

ÁINE: Ab shin dochtúr, ab ea nó just ?

MÁIRE: No, an Professor sa University i nGaillimh

ÁINE: Á ….

MÁIRE: …. Sé an President ar a’ University….

ÁINE: …. Cén chaoi ar éirigh leat a’ ghabháil ag obair aige sin nó?

MÁIRE: Bhuel bhí Bríd a’ Bheagach ag obair ag duine eicínt i nGaillimh agus fuair sí an jab dhom fhéin agus jab go Kate sula ndeachaigh muid go Meiriceá.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Chuaigh muid Gaillimh agus bhí muid, fuair muid passports agus rudaí mar sin agus bhí muid ag obair ann ar feadh is dóigh sé mhí nó seacht mí.

ÁINE: Ó bhí ’fhios a’d ag an am seo go raibh tú a’ gabháil Gaillimh, a’ gabháil go Meiriceá ….

MÁIRE: …. Bhí ’fhios, bhí, bhí.

ÁINE: Hm.

MÁIRE: Bhí na litreachaí faighte ag mama.

ÁINE: Ach bhí tú ag obair amuigh ag Paddy King, nach raibh?

MÁIRE: Á bhí ar [feadh]dhá samhradh anyways.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Tar éis an Tech, bhí mé amuigh.

ÁINE: Ach nach fada amach a chuaigh tú nó meas tú ….

MÁIRE: …. Bhuel is dóigh go raibh aithne ag múinteoir, tá mé ag ceapadh gur Burke ab ea, Joe Burke, a bhí sa Tech an t-am sin, go raibh aithne aige ar Phaddy

ÁINE: Á

MÁIRE: Agus ehm, chuaigh mé amach ann. Bhí sé go hálainn, bhí guest house acub.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus bhí siopa ag Paddy. So bhí mé ansin, thaitnigh sé sin liom, yeah. Thaitnigh, go maith.

ÁINE: Agus a’ raibh cumha ort nuair a d’imigh tú as baile?

MÁIRE: Bhuel ní raibh an oiread sin cumha orm.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ní raibh an oiread sin cumha orm.

ÁINE: Yeah. A’ bhfuil ’fhios a’dsa ach ní chuimhnímse ortsa a’ maireachtáil sa mbaile.

MÁIRE: Ní chuimhníonn?

ÁINE: Ní chuimhníonn, cuimhním, bhuel tá dhá bhliain déag idir muid.

MÁIRE: So ní chuimhneofá mar sin.

ÁINE: Ni chuimhneoinn mar bhí tusa imithe agus cuimhním ort a’ teacht abhaile. Sóirt, an chéad chuimhne atá a’msa ortsa ceart ná nuair a tháinig tú abhaile as Meiriceá.

MÁIRE: Ab ea? [Le iontas]

ÁINE: Sea, sin é mo chéad chuimhne ort.

MÁIRE: Nuair a bhí mé scór blianta an t-am sin

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Nach iontach é sin.

ÁINE: Yeah, céard a bheadh mise ach hocht mbliana an t-am sin abair.

MÁIRE: Sin é é, that’s, sin é é, bhuel no bhí sibh óg. Mé fhéin agus Pete a bhí thar cionn le chéile, mé fhéin agus Pete agus Pádraic. Bhíodh mé fhéin agus Pádraic a’ troid i gcónaí.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Ach mé fhéin agus Pete so an créatúr nuair a bádh é is beag nár bhris mo chroí.

ÁINE: Hm.

MÁIRE: Hm.

ÁINE: Bhuel anois tosóidh muid ar ais aríst ag an fáth a bhfuil tú anseo mar gheall ar an mbuidéal. Agus nach shin thart ar naoi déag seasca dó a chaith Mister Gillis, nach ea, chaith sé an buidéal amach?

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus istigh sa mbuidéal bhí páipéar beag plastic agus litir istigh inti.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: So tháinig sí sin i dtír i mBungabhla is dóigh naoi mí ina dhiaidh sin.

MÁIRE: Deich mí ina dhiaidh sin.

ÁINE: Deich mí ina dhiaidh sin.

MÁIRE: Fuair Beachlín an buidéal, bhí sé fhéin agus, b’fhéidir go raibh tú fhéin ag a’ gcladach, bhí triúr nó ceathrar agaibh ag a’ gcladach ….

ÁINE: …. Cuimhníonn mé ar sin.

MÁIRE: A’ gcuimhníonn tú ar sin?

ÁINE: Cineál.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Cuimhním ar sin sóirt, yeah

MÁIRE: Agus fuair sé, fuair sé an buidéal ’s dóigh gur bhris sé an buidéal agus thug sé an cárta ag mama agus ar an gcárta ansin, deir sé ar a’ gcárta pé bí cén áit a thiocfadh an cárta, an buidéal, é scríobh aige agus é inseacht dó.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: So.

ÁINE: Yeah. Nuair a deirinn mé go gcuimhním ar sin, ní chuimhníonn mé nuair a fuaireadh an buidéal ach cuimhníonn mé ar an caint uilig.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Ar ndóigh bhí sé, bhí mama a’ scríobh ag Gillis ar feadh cúpla bliain nach raibh?

MÁIRE: Ó bhí, nuair a scríobh sí aige ar dtús agus ansin chuir sépackage a’inn, sweets, chiklets agus lifesavers, chewing gum agus rudaí, bhí sé go hálainn agus ansin fuair sé amach is dóigh go mbíodh mama a’ déanamh criotáil faoi Árainn agus chuir sé airgead ag mama ’s rinne sí geansachai dhó agus chuir sé sweets a’inn ar feadh trí bliana.

ÁINE: M hm.

MÁIRE: Tá mé a’ ceapadh.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Agus ansin

ÁINE: Yeah, feicear dhomsa go gcuimhním mé nuair a tháinig sé fhéin ar cuairt.

MÁIRE: Bhuel sin é, bhí sé, bhuel an chéad rud a tharla is i naoi déag seasca, naoi déag seasca seacht, bhí sé, bhí teach aige seo i Cape Cod.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: As New York é, teach aige i Cape Cod agus bhí sé, chuaigh sé síos ag a’ trá ar cuairt ag ehm neighbours agus ehm cocktail party agus d’oscail an bhean seo an doras agus cé í fhéin ach Bridie Hernon agus dúirt sé “Bridie Hernon? agus dúirt sé “bíonn mé a’ scríobh ag bean eicínt by the name of Mary Hernon?

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus dúirt Bridie, “Mary Hernon, that’s my sister-in-law?. So bhí sé chomh ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRE: …. Small world, mar a deir an ceann eile, seod é anois sé bliana ó, tar éis an buidéal a fháil.

ÁINE: Sea, yeah, yeah. Mar bhí dar stopaí a’ scríobh ag a chéile.

MÁIRE: Bhí dar stopaí a’ scríobh an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: So ansin is dóigh go dhúirt sé leis fhéin go dtaitneoidh cailín leis as Árainn a ghabháil ag obair aige.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: I New York agus i Cape Cod agus scríobh sé ag mama agus sin e an chaoi ar tharla sé, [a] thosaigh sé, agus ansin chuir sé páipéir ag mama agus ansin tháinig sé anall ar cuairt go bhfeicfeadh sé muid sul a ndeachaigh muid sall.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Mé fhéin agus Kate a’ Bheagach, bhí sé ag iarraidh beirt.

ÁINE: Yeah. Agus ar tusa a phioc Kate a’ Bheagach, ab ea?

MÁIRE: Sea, sea.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Mé fhéin agus Kate agus ní, ní raibh sí ag a’ scoil an t-am sin agus mé fhéin agus Kate dúirt muinn go ngabhadh muid sall.

ÁINE: Yeah, agus ansin chuaigh sibhse ansin go Meiriceá nó go Gaillimh is dóigh le beagán airgead a dhéanamh, ab ea?

MÁIRE: Sea, d’íoc sé fhéin a mbealach, bhí sé a’ gabháil ag íoc a mbealach, bhí contract a’inn agus rinne muid a dhaithín airgead plus fuair muid passport agus rudaí mar sin, fuair muid éadach le dhul go Meiriceá.

ÁINE: Hm.

MÁIRE: Cheannaigh an bheirt a’inn suit agus ehm bróga deas agus rudaí mar sin.

ÁINE: Agus anois a’ gcuimhníonn tú an lá a bhí sibh ag imeacht nó roimh an lá a bhí sibh ag imeacht, a’ raibh aon party ná tada sa teach ná tada?

MÁIRE: Ní raibh ….

ÁINE: …. Nó ar tháinig daoiní isteach a’ fágáil slán agaibh….

MÁIRE: …. Bhuel bhí daoine, ó tháinig, tháinig chuile dhuine because an t-am sin naoi déag seasca hocht, bhuel ní mórán daoine a bhí ag imeacht, you know.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: So ó tháinig chuile dhuine isteach agus ansin an lá a d’imigh muid bhí chuile dhuine thoir ag a’ gcéibh agus eh a gcuid naipcíní bána acub agus ó bhí muid a’ caoineadh ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

MÁIRE: …. ’s chuile dhuine a’ caoineadh. Ó bhí sé, bhí muid, an-chrua orainn a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Hm. Agus ní chuimhníonn tú cé chaoi a ndeachaigh sibh soir?

MÁIRE: A’ bhfuil ’fhios a’d ní chuimhním ar chor a’ bith, mara b’é Thomas Mhaidhc Tom a thug soir muid. Ní dhearfainn gur shiúl muid soir leis an mbag.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Agus bhí mama agus bhí na gasúir bheaga thoir uilig but b’fhéidir i jaunt nó rud eicínt.

ÁINE: Nó rud eicínt. Agus ehm, so a’ ndeachaigh tú fhéin timpeall anois abair ag na tithe b’fhéidir ag aunty Mary agus daoiní mar sin a’ raibh ….

MÁIRE: …. Ó chuaigh….

ÁINE: …. slán leob?

MÁIRE: Ó chuaigh, ó chuaigh an t-am sin sura n-imeodh tú ghabhadh tú ar cuairt ag daoine agus nuair a thiocfadh tú abhaile ghabhadh tú ar cuairt ag chuile dhuine, na neighbours uilig.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Anois ní dhéanann siad é déarfainn.

ÁINE: So ní raibh, is dóigh ní raibh John agus Máirtín beirthe an t-am sin, Ar ndóigh ní raibh?

MÁIRE: Ó bhí John

ÁINE: A’ raibh John?

MÁIRE: Ó bhí dar uilig, bhí John ach ní raibh Máirtín

ÁINE: Ní raibh Máirtín.

MÁIRE: Rugadh John mí sur ar imigh mise agus bhí sé ar a’ mbád in éineacht le Gillis, Mr Gillis. Nuair a tháinig Gillis, bhí sé fhéin ar a’ mbád in éineacht le mama agus baby John a’ gabháil go hÁrainn ….

ÁINE: …. A’ teacht abhaile?

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Á sea.

MÁIRE: So bhí John just mí nuair a, nuair a d’imigh mé.

ÁINE: Hm. Anois d’imigh dada in éineacht leatsa go dtí Shannon.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus cé a d’imigh le Kate?

MÁIRE: Méiní ….

ÁINE: …. A máthair ….

MÁIRE: …. Go ndéana Dia grásta uirthi, a máthair Méiní agus chuaigh Bríd in éineacht linn freisin, Bríd a’ Bheagach.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Agus Pádraic s’ainne.

ÁINE: Ó a’ ndeachaigh Pádraic freisin?

MÁIRE: Bhí Pádraic freisin.

ÁINE: Agus chuaigh sibh síos ar a’ mbus?

MÁIRE: Chuaigh muid síos ar, taxi a fuair muid.

ÁINE: Ó

MÁIRE: Bhí muid uilig istigh, is dóigh gur taxi mór é, taxi a fuair muid síos.

ÁINE: By dad.

MAIRE: Bhí muid a’ brú le chéile, sea cuimhním air

ÁINE: Ach is dóigh go raibh airgead agaibh as Meiriceá (gáire) le íoc ar a’ taxi.

MÁIRE: Bhuel no ní raibh. Bhí sé ag dada déarfainn.

ÁINE: A’ raibh?

MÁIRE: Bhí cúpla punt ag dada i gcónaí, an créatúr, yeah.

ÁINE: Agus ansin ba bhin é an chéad uair a bhí sibh ar plane mór?

MÁIRE: Ó sé, sé, an chéad uair a bhí muinn in aon áit.

ÁINE: Ab ea?

MÁIRE: Chuaigh muid Blá Cliath, mé fhéin agus Kate go bhfuair muinn passport.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Chaithfeadh tú a dhul Blá Cliath an t-am sin.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus medical agus eh ní raibh muinn in aon áit eile.

ÁINE: No.

MÁIRE: Sin é an méid, go ndeachaigh muinn go Meiriceá.

ÁINE: Yeah. Agus céard a cheap sin gon plane ansin, a’ bhfuair sibh aisteach é?

MÁIRE: Ní bhfuair, ní bhfuair. Bhí muid chomh hóg is dóigh ní raibh ’fhios a’inn cá raibh muid a’ gabháil.

ÁINE: M hm. Agus nuair a tháinig sibh amach as a’ bplane i Meiriceá a’ raibh duine eicínt le sibh a mheetáil?

MÁIRE: Yeah, landáil muid i Boston agus bhí Mister and Misses Gillis ansin agus bhí ehm Ellie Bheachlín freisin, mo shean aint ann because bhí m’aintín fhéin, Bridie, imithe ar laethanta saoire in éineacht le na daoine a bhí sí ag obair aige.

ÁINE: Oh yeah.

MÁIRE: Bhí muid a’ caint le Ellie Bheachlín ar feadh scaithimhín beag agus ansin chuaigh muid ehm go dtí Cape Cod.

ÁINE: Ar saoire ….?

MÁIRE: …. Driveáil siad

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Yeah because bhí teach ansin acub.

ÁINE: So céard a cheap sibh nuair a chonaic sibh, nuair a tháinig sibh amach i Boston. Céard a cheap sibh go chuile rud? Bhí difríocht mór idir é fhéin agus Bungabhla ….

MÁIRE: …. Bhuel bhí chuile, chuile rud different, chuaigh muid isteach i restaurant agus d’fhiafraigh siad céard a bhéas a’inn agus dúirt muinn fhéin níl ’fhios a’inn.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Bhí cleachta a’inn cáca ’s im, sin é an méid.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: So cuimhním go maith ar BLT, bacon lettuce and tomato sandwich a fuair muin.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Agus ansin, bhí sé go deas, Howard Johnson a bhí ann agus ansin driveáil siad síos i Mercedes a bhí acub go Cape Cod agus teach mór.

ÁINE: Áit deas é Cape Cod.

MÁIRE: Á tá sé go hálainn, le taobh an fharraige, bhí sé go deas….

ÁINE: …. Sea.

MÁIRE: Ach bhí teach acub, bhí dó dhéag, dó dhéag bedrooms agus naoibathrooms so, d’imigh muide as Árainn, ní raibh bathroom ar bith ann a’ bhfuil ’fhios a’d ná ….

ÁINE: …. Ná uisce ….

MÁIRE: …. Ná electricity ná uisce ná tada.

ÁINE: Agus bhí sé sin an-difríocht

MÁIRE: Ó bhí, bhí.

ÁINE: Bhí.

MÁIRE: Yeah.

ÁINE: Ach bhí sibh sásta libh fhéin, a’ raibh?

MÁIRE: Bhuel bhí muid an-sásta really. Bhí, bhí.

ÁINE: Ní raibh cumha oraibh?

MÁIRE: Bhuel bhí cumha orainn, ó bhí cumha orainn agus nuair a dúirt sí féadfaidh sibh fanacht ina luí, ina gcodladh ar maidin a dúirt sí ach féadfaidh sibh a dhul ag an Aifreann ag a naoi a chlog so

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Caithfidh muid éirigh agus ansin b’éigean dúinn bricfeasta a dhéanamh dóibh agus dinnéar a dhéanamh dóibh agus sin é an chaoi ar thosaigh an obair a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah agus seod thíos i Cape Cod?

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Ach bhí sé sin, bhí obair crua ann má bhí naoi gcinn go bhathrooms ….

MÁIRE: …. Bhuel bhí sé sách ….

ÁINE: …. Le glanadh ….

MÁIRE: ….Sea agus yeah agus bhí mac agus iníon acub, bhíodar dhath beag sean, ní raibh aon ghasúr bheaga acub a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ach bhí go leor daoine isteach agus amach ag dinnéar acub agus rudaí mar sin.

ÁINE: Agus ní raibh cleachta ar bith agaibhse ar an obair sin.

MÁIRE: Bhuel ní raibh an oiread sin cleachta a’inn ach d’inis siad dhúinn céard a dhéanfadh muin.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: So rinne muinn é.

ÁINE: Agus a’ raibh aonduine eile ag obair acub?

MÁIRE: Ní raibh, ach an bheirt a’inn, yeah.

ÁINE: Yeah, nuair a bhíonns, agus a’ bhfaca tú aintín ansin nuair a bhí tú thíos i Cape Cod?

MÁIRE: Bhuel bhí, ní raibh, an samhradh sin bhí sé deireanach sa samhradh nuair a tháinig sí, chonaic mé

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ar deireadh you know, bhí sí imithe ar world tour in éineacht le na daoine. Chonaic mé í, fuair muid coicís off at the end.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Chuaigh muid go Boston, mé fhéin agus Kate, nuair a d’imigh muid as Cape Cod.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Chuaigh muid go Boston ar feadh coicís sura ndeachaigh muinn go New York. Fuair muid bus ansin go New York.

ÁINE: Hm, agus an teach mór a bhí siad a’ fanacht ann i New York, cén áit a bhí sé sin?

MÁIRE: Bhuel landáil muid ag Port Authority i New York agus fuair muid taxi, an chéad uair a chonaic mé fear dubh.

ÁINE: (Gáire) Céard a cheap tú dhe?

MÁIRE: (Gáire) Bhí sé okay agus chuaigh muid, landáil muid ag Madison Avenue, fifty second street agus chuaigh muinn suas elevator to twenty fourth and twenty fifth urlár agus, penthouse a bhí acub.

ÁINE: Ó.

MÁIRE: So, le taobh Saint Patrick’s Cathedral.

ÁINE: Yeah agus a’ raibh mórán seomraí ansin?

MÁIRE: Bhuel ní raibh an oiread sin seomraí ansin a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí ceathair nó cúig go bedrooms.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhí bedroom a’m fhéin agus ag Kate.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus bhí sé go deas, bhí sé go hálainn.

ÁINE: Agus daoiní an-posh a bhí iontub seo ab ea?

MÁIRE: Bhuel bhí go leor airgead acub agus business people a bhí iontub a’ bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Yeah.

MÁIRE: Bhí go leor airgead acub, bhí dar go deas. Bhí dar sách deas.

ÁINE: Hm.

MÁIRE: Bhuel bhí muid ag obair acub, chaithfeadh muid na jabannaí a dhéanamh agus you know.

ÁINE: Agus a’ bhfuair sibh mórán íocaíocht nó?

MÁIRE: Bhuel an t-am sin ní raibh, tá mé a’ ceapadh ceathracha seacht dollar every two, dhá seachtain.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Sa gcoicís.

ÁINE: Agus ansin is dóigh gur cheap sibh go raibh New York thar a bheith mór go deo agus na tithe ar fad chomh hard is dóigh….

MÁIRE: …. Bhuel bhí because a’ bhfuil ’fhios a’d nuair atá tú sa city of Manhattan a’ bhfuil ’fhios a’d tá “_” ard but chuaigh muid isteach go dtí Saint Patrick’s Cathedral, trasna an tsráid agus thosaigh muid a’ gabháil ag paidrín chuile oíche so nuair a chonaic an sagart muin, is dóigh dhá chailín óg a’ gabháil ag paidrín chuile oíche eh dúirt sé, thosaigh sé a’ caint linn, so thug sé isteach sa rectory muid, bhí beirt nó triúr as Éirinn ag obair sa rectory agus ehm bhí muid a’ caint leob agus chuaigh muid ar cuairt acub agus ansin thug siad ag a’ damhnsa muid Dé Satharn ar a’ subway i Meiriceá agus that was the start (gáire)

ÁINE: By dad, níor thóg sé i bhfad oraibh.

MÁIRE: (Gáire) Níor thóg, níor thóg.

ÁINE: Sin é an chéad seachtain a bhí sibh i New York?

MÁIRE: Sé muis, sé agus ní raibh family a’ bith a’msa ná ag Kate i New York ….

ÁINE: …. Yeah ….

MÁIRE: …. Ní raibh fhios a’inn aonduine, cheap mise nach raibh aon duine as Éirinn ann.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: But nuair a chuaigh muid ag a’ damhnsa ehm sa Jaeger House, bhí go leor daoine as Éirinn ann.

ÁINE: Agus a’ mbíodh na damhnsaí go maith an t-am sin ….

MÁIRE: …. Á bhí siad go hálainn, bhí dar, Dickie Rock, bhíodh sé thall agus Larry Cunningham agus daoine mar sin.

ÁINE: Agus ar mheasc sibhse ansin le daoiní as Éirinn?

MÁIRE: As Éirinn is mó.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Yeah, as Éirinn i gcónaí.

ÁINE: Agus ar, b’fhéidir gur mheasc sibh le daoiní as Conamara freisin, go bhfaca sibh ….

MÁIRE: Ó Conamara yeah. Sin é an áit a mheetáil mé Máirín Welsh as Ros a’ Mhíl ….

ÁINE: …. Yeah ….

MÁIRE: …., an chéad lá a chuaigh mé ag a’ damhnsa agus eh daoiní as Éirinn i gcónaí.

ÁINE: Ab ea?

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Anois a’ raibh trioblóid agaibh leis an mBéarla nuair a chuaigh sibh go Meiriceá, a’ bhfuair sibh deacair é?

MÁIRE: Bhuel bhí dhaithín trioblóid a’inn.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Because ní raibh an oiread sin Béarla in Árainn.

ÁINE: Ní raibh.

MÁIRE: Gaeilge uilig a bhí a’inn ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRE: …. Agus nuair a bhí me i gConnamara, Gaeilge. Agus eh, bhí cúpla focal nach raibh fhios a’m.

ÁINE: Yeah, ach ar cheap tú gur stop sé sin sibh a ’ déanamh rudaí b’fhéidir i Meiriceá?

MÁIRE: Bhuel tá mé a’ ceapadh an t-am sin nuair a chuaigh mé fhéin ’s Kate sall, dá mbeadh aint nó uncle a’inn thall i New York go mb’fhéidir go ngabhadh muid ag a’ scoil nó you know

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Dhéanfadh muinn níos mó ná rinne muid.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: But ní raibh aonduine ann ach muinn fhéin so chaithfeadh muinn a bheith ag obair acub seo.

ÁINE: M hm.

MÁIRE: A’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus ar fhan sibh i bhfad in éineacht leob sin?

MÁIRE: D’fhan Kate dhá bhliain nó bliain go leith déarfainn. D’fhán mé fhéin ós cionn dhá bhliain.

ÁINE: Ar fhan, yeah.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus ar chuma leob ansin nuair a d’imigh sibh uathab?

MÁIRE: Ó níor chuma, níor chuma. Bhí siad go maith. Bhí contract a’inn ar feadh dhá bhliain.

ÁINE: Á sea.

MÁIRE: Agus ba, bhí siad yeah but d’imigh muid, bhí muid mór leob but bhí a ndóthain a’inn dhiob.

ÁINE: Yeah, bhí sé crua go maith cheapainn.

MÁIRE: Bhí siad sách crua.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhí siad sách crua.

ÁINE: Agus cá ndeachaigh tusa ansin ag obair?

MÁIRE: Chuaigh mise ansin ag obair ag, ag ehm family eile, cúpla block away, bhí siad go hálainn.

ÁINE: A’ raibh ….

MÁIRE: …. Á bhí siad go hálainn ….

ÁINE: …. Cén t-ainm a bhí orthub sin?

MÁIRE: Moselys, Mister and Misses Mosely.

ÁINE: Á

MÁIRE: Bhí siad go hálainn, bhí trí mhada beag acub.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus bhí siad sin go hálainn.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus d’fhan mé acub sin gur phós mé. Na pictiúir atá a’m as a’ teach álainn

ÁINE: Yeah

MÁIRE: Amach as sin, yeah.

ÁINE: As sin. A’ raibh tú i bhfad i Meiriceá nuair a tháinig tú abhaile an chéad uair?

MÁIRE: Bhí mé dhá bhliain go leith. Naoi déag seachtó, tháinig mé le na Nollaig, naoi déag seachtó.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus eh ar cheap tú go raibh athrú tagthaí ar an oileán sa dá bhliain a bhí tú imithe?

MÁIRE: Bhuel cheap mé go raibh níos mó ann a’ bhfuil ’fhios a’d. Níl ’fhios a’m a’ raibh electricity an t-am sin tagthaí isteach. Meas tú a’ raibh, ní raibh is dóigh but eh

ÁINE: Ní raibh.

MÁIRE: But bhí athrú, bhí athrú air, cúpla cár eile ann, tá mé a’ ceapadh.

ÁINE: Yeah. A’ mbíodh tú a’ cuir anall parcels a’inn? (gáire)

MÁIRE: Bhíodh, bhíodh, tá mé a’ ceapadh. A’ gcuimhníonn tú orthub Áine?

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Cúpla sciorta ’s rúdaí, jumpers agaibh, nach raibh.

ÁINE: Bhíodh

MÁIRE: Cuimhním gur chuir, yeah

ÁINE: Agus chewing gums.

MÁIRE: Sea chewing gum agus rudaí mar sin, cuimhním air, yeah.

ÁINE: Bhíodh sé sin go deas agus bhíodh muid uilig a’ fanacht go dtiocfadh an litir agus ….

MÁIRE: …. A’ mbíodh ….

ÁINE: …. Agus an parcel, you know.

MÁIRE: Bhíodh sé go deas a bheith a’ scríobh an t-am sin ….

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: …. Mama an créatúr, thaitníodh liom na litreachaí a chuireadh sí a’m. Ach Béarla a scríobhadh sí, meas tú cén fáth ?

ÁINE: Bhuel bhí sé níos éasca is dóigh scríobh i mBéarla ….

MÁIRE: …. Sea Béarla yeah.

ÁINE: Yeah. Sure Béarla a scríobhadh go leor daoiní ….

MÁIRE: …. An t-am sin sea.

ÁINE: Ansin nuair a chuaigh tu ag obair i do jab nua, choinnigh tú na cairde céanna agus bhíodh sibh a’ gabháil ag na damhnsachaí.

MÁIRE: Ó bhíodh muid a’ gabháil ag na damhnsachaí agus ehm yeah bhíodh muid a’ gabháil ag na damhnsachaí i gcónaí a’ bhfuil ’fhios a’d

ÁINE: Yeah, agus cén t-am ansin a casadh Mike ort, do fhear céile?

MÁIRE: Mo fhear céile, casadh orm é, as Sligeach é, is dóigh naoi déag seachtó haon agus bhí mé a’ gabháil a’ pósadh in Árainn, a’ gcuimhníonn tú?

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhí mé a’ gabháil a’ pósadh in Árainn agus ansin casadh Mike orm i naoi déag seachtó haon agus ehm, Meán Fhómhair naoi déag seachtó haon agus phós muid i naoi déag seachtó dó.

ÁINE: By dad rinne sibh jab sciopthaí dhó (gáire)

MÁIRE: Rinne muid, rinne muid, yeah. As Sligeach é fhéin

ÁINE: Ní raibh sé a’ gabháil thú a scaoileadh uaidh déarfainn.

MÁIRE: Is dóigh nach raibh.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Yeah.

ÁINE: Ach ehm tháinig sibh ansin i naoi déag seachtó haon ab ea, i Meán Fhómhar a phós sibh, seachtó dó ….

MÁIRE: …. Naoi déag seachtó dó, sea.

ÁINE: Meán Fhómhair agus ansin cailleadh Pete, nó bádh Pete.

MÁIRE: An créatúr, sea.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Phós muide i Meán Fhómhar naoi déag seachtó dó ….

ÁINE: …. Yeah ….

MÁIRE: …. Agus bhí muinn anseo ar feadh trí seachtainí agus bhí Pete i mBlá Cliath, cuimhním chuaigh muid aige, na pictiúir in éineacht leis is ag dinnéar agus ansin chuaigh muid ar ais agus fuair mé an telephonecall ag a’ seacht a’ chlog ar maidin November twenty seventh go raibh Pete báite. Sea an créatúr.

ÁINE: Agus tháinig sibh aríst ansin

MÁIRE: Father Moran a ghlaoigh orainn.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Yeah. Agus tháinig mise ansin, tháinig mise eh

ÁINE: Anall.

MÁIRE: Á bhí sé go dona agus d’fhan me ansin go dtí January is dóigh.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Yeah.

ÁINE: Cuimhním gur fhan tú leis an Nollaig sin.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Bhí an Nollaig sin go dona.

MÁIRE: Ó bhí sé go dona.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Cuimhním ar ina suí, my God.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Bhí sé go dona, bhí sé uafásach, bhí creideamh maith ag mama agus ag dada.

ÁINE: Bhí ….

MÁIRE: …. A’ gcuimhníonn tú, bhí creideamh maith acub.

ÁINE: Yeah, bhí acub, yeah.

MÁIRE: Bhí sé uafásach.

ÁINE: So d’imigh tú leat aríst ansin agus

MÁIRE: D’imigh mé liom ansin agus bhí mé, páiste le bheith a’m.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Agus ansin April fuair mé litir ó mhama an créatúr go raibh Nóirín [a deirfiúr] go dona.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Nóirín s’ainne, an créatúr agus ehm, tumour uirthi, ar a brain agus ansin cailleadh í sin i June agus bhí mo chéad iníon a’m fhéin in August.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus ansin tá triúr iníonachaí anois a’d.

MÁIRE: Tá triúr a’m anois, triúr iníónachaí agus ehm gar-iníon agus gar-mhac.

ÁINE: Atá a’d.

MÁIRE: Sea. Tá siad go hálainn.

ÁINE: Hm. Ach bhíodh tusa a’ teacht abhaile beagnach chuile shamhradh nach mbíodh?

MÁIRE: Ó nuair a bhí na gasúir, mo chuid gasúir óg bhíodh mé a’ teacht abhaile ar feadh dhá, dhá mhí chuile shamhradh, no, chuile trí shamhradh.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Chuile tri shamhradh, mé fhéin agus na gasúir. Le mama agus bhí sé go deas. Ghabhadh mama go Shannon muid a iarraidh. A’ gcuimhníonn tú, an créatúr?

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Agus anois tá tú sa mbaile agus tú a’ tabhairt aire go dada ar feadh mí.

MÁIRE: Tá mé a’ tabhairt aire go dada ar feadh mí, tá sé, beidh sé naocha hocht go gairid agus tá sé thar cionn.

ÁINE: Tá sé thar cionn mar cailleadh mama ansin anuraidh.

MÁIRE: Cailleadh mama go, an-tobann anuraidh agus eh bhris sé a gcroí agus sin é an saol.

ÁINE: A’ bhfuil tú a’ baint taitneamh as an mhí seo sa mbaile anois?

MÁIRE: Tá, ó tá because tá mé, tá mé ehm, tá dada thar cionn ag inseacht scéalta dhom

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Agus a’ troid liom amanntaí.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Bhí sé ag iarraidh orm a dhul ar ais inné.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRE: Ach ehm tá sé thar cionn, isteach ’s amach ….

ÁINE: …. Hm ….

MÁIRE: …. ’s a’ caint ’s chuile rud.

ÁINE: A’ bhfeiceann tusa athrú mór anois tagthaí ar Árainn?

MÁIRE: Ó tá, tá sé, tá sé completely different ….

ÁINE: ….Yeah ….

MÁIRE: …. [seachas] mar a bhíodh sé fadó, a’ bhfuil ’fhios a’d, you know. Tá chuile dhuine chomh, ag imeacht, s ’ag imeacht, s’ ag imeacht. Níl aon am ag aonduine le, ar nós thú fhéin Áine,…

ÁINE: ….Sea (Gáire) ….

MÁIRE: …. níl aon am a’d le dhul siar Bungabhla mar gheall ar na strainséaraí ’s rudaí mar sin but tá sé go deas is dóigh but

ÁINE: Tá mise a’ tógáil mí off anois mar gheall go bhfuil tú fhéin sa mbaile (gáire)

MÁIRE: Ó a’ bhfuil, sea, sea.

ÁINE: Ach ag an am céanna a’ gceapann tú go bhfuil athrú mór tagthaí ar an oileán agus b’fhéidir ar rud maith é nó rud dona?

MÁIRE: Ó tá mé ag ceapadh gur rud maith é. Tá saol maith ag chuile dhuine anois. Tá teachannaí breá agus busannaí agus chuile rud agus tá, tá daoine still a’ gabhail siar ag a’ gcladach agus ag iascach agus rudaí a’ bhfuil ’fhios a’d so tá mé a’ ceapadh go bhfuil sé go maith.

ÁINE: Ach a’ gceapann tú go bhfuil athrú tagthaí ar na daoiní, nach bhfuil siad b’fhéidir chomh nádúrach agus a bhí siad?

MÁIRE: Bhuel b’fhéidir nach bhfuil, níl aon am acub, sin é é.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Ní théann siad isteach ar cuairt ag daoine ná rudaí mar sin.

ÁINE: Hm.

MÁIRE: Agus níl ’fhios a’m a’ bhfuil an oiread sin a’ gabháil ag a’ séipéal.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Ag an Aifreann but sin é an chaoi a bhfuil sé sa saol uilig

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Níl an oiread daoine a’ gabháil ag an Aifreann.

ÁINE: Ach a’ gceapann tusa mb’fhéidir go bhfuil an creideamh níos laidre i Meiriceá?

MÁIRE: Tá mé a‘ ceapadh go bhfuil, especially na hÉireannachaí atá i Meiriceá tá dar níos mó tradition acub tá mé a’ ceapadh. Irish tradition like

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: A’ damhnsa, bíonn mé fhéin a’ gabháil ag damhnsaí agus Mike agus accordion playing ’s rudaí mar sin i gcónaí i Meiriceá.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: A‘ bhfuil‚ fhios a’d step, set dancing ’s rudaí mar sin thall ann anois.

ÁINE: Yeah. Agus a’ gcuireann se as duit b’fhéidir nach bhfuil na rudaí sin a’ tarlú anseo níos mó

MÁIRE: Bheadh yeah, chuireadh sé as dhom. Tá mé a’ gabháil tí Chreig oíche Dé Satharn. Beidh damhnsa le, nó rud eicínt ann le John Beag Johnny ….

ÁINE: Yeah

MÁIRE: So tá mé, tá mé an-happy go bhfuil mé a’ gabháil ann. But nuair a ghabhas tú soir ag a’ hotel agus rudaí níl mórán ceol in aon áit in Árainn anois, shílfeá nach bhfuil.

ÁINE: Yeah, bhuel ní fheicfidh tú b’fhéidir na hoileánaigh.

MÁIRE: Sea.

ÁINE: Feicfidh tú na cuairteoirí.

MÁIRE: Sea. Sin é é. Bhuel sin é é.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: B’fhearr liom fhéin na hoileánaigh a fheiceáil.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Daoine ar nós Vailín agus chonaic mé inniu i gCill Rónáin é.

ÁINE: A’ bhfaca? (Gáire)

MÁIRE: Chonaic, yeah agus eh na seandaoine, tá muid a’ fáil sean, sin é é.

ÁINE: Tá agus tá na seandaoiní ag imeacht.

MÁIRE: Tá, Bungabhla anois, níl aonduine i Bungabhla ach thank God go bhfuil Marcus agus Maggie ann, ach dada, sin é an méid, níl seanduine a’ bith aniar a’ chor a’ bith so tá an saol ag imeacht, tá daoine a’ fáil sean but tá daoiní óga a’ teacht.

ÁINE: M hm.

MÁIRE: Buíochas le Dia.

ÁINE: Agus a’ bhfuil tusa breá sásta anois a bheith a’ maireachtáil i Meiriceá nó a’ raibh am a’ bith i do shaol go dhúirt tú bhuel faraor gan mé a’ maireachtáil sa mbaile in Árainn?

MÁIRE: Thaitnigh Meiriceá ariamh liom.

ÁINE: M hm.

MÁIRE: Mar gheall ar mhissáil mé dada agus mama b’fhéidir go ndéarfainn liom péin cén fáth ar imigh mé but thaitnigh Meiriceá riamh liom.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: You know, so sin é.

ÁINE: A’ gceapann tú anois like i gceann cúpla bliain nach, mb’fhéidir nach mbeadh an oiread fonn ort a theacht abhaile níos mó nó a’ gcoinneoidh tú a’ teacht abhaile i gcónaí?

MÁIRE: Tá mama imithe, nuair a bhéas dada imithe, deireann chuile dhuine ní bheidh tú ag iarraidh a’ dhul abhaile níos mó.

ÁINE: Sea.

MÁIRE: Daoine atá i Meiriceá deireann siad [é sin] but tá an oiread agaibhse ann agus ní ghabh Maggie sall is dóigh agus beidh mé a’ teacht i gcónaí. Beidh mé a’ teacht i gcónaí.

ÁINE: Is breá an rud é sin a chloisteáil.

MÁIRE: Isteach in éineacht le Beachlín anseo. Bhuel taitníonn Árainn liom agus cén fáth nach dtiocfainn ann.

ÁINE: M hm.

MÁIRE: Yeah.

ÁINE: Yeah le cúnamh Dé.

MÁIRE: Yeah.

ÁINE: Bhuel a’ bhfuil tada eile a thaitneoidh leat faoi anois?

MÁIRE: Níl, ní dhéarfainn go bhfuil anois.

ÁINE: Yeah.

MÁIRE: Tá mé a’ gabháil ag a’ gcladach anois, sin é an méid.

ÁINE: Go raibh maith a’d anois a Mháire, bhí sé sin thar cionn agus go raibh míle, míle maith a’d.

MÁIRE: Go raibh maith agat ….

ÁINE: …. An-suimiúil.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.