Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00069

Taifeadadh
BBAF.00069
Formáid
MiniDisc
Fad
33:26
Dáta
8 Márta 2007
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoirí
Peaitsín Sheáin Neilín Ó Cuacach
Wattie Sheáin Neilín Ó Cuacach
Eolas cartlainne
MD 76 Peaitsín agus Wattie Sheáin Neilín Ó Cuacach. Tógáil Séipéal Eoghanachta.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00069
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: [Inniu] an t-ochtú lá go Mhárta dhá mhíle agus seacht. Mise Áine Pheaits Bheachlín anseo i sean scoil an Cheathrar Álainn agus tá mé ag comhrá inniu le Peaitsín Sheáin Neilín agus Wattie Sheáin Neilín Cooke faoi thógáil agus oscailt séipéal Eoghanachta. Dia dhaoibh.

WATTIE: Dia is Muire dhuit, a dhreabhar.

ÁINE: Cén chaoi a bhfuil sibh?

WATTIE: Maith go leor.

PEAITSÍN: Maith go leor ar ndú, níl aon mhaith a' casaoid (gáire)

ÁINE: Níl muis, ní éistfidh aon duine leat, a Pheaitsín.

PEAITSÍN: (Gáire)

ÁINE: Tá an aimsir go gránna, nach bhfuil.

PEAITSÍN: Ó thar a bheith, chomh dona agus a chonaic mise le tamall maith blianta í.

ÁINE: Anois an gcuimhníonn sibh nuair a tosaíodh a' bailiú airgead le go dtógfaí séipéal in Eoghanacht?

WATTY: Bhuel bhíodar á bhailiú le blianta, blianta, cúpla, deich mbliana nach raibh sula tógadh é, a' raibh?

PEAITSÍN: Bhí agus scór blianta.

WATTY: B’fhéidir go raibh, á ní chuimhním….

PEAITSÍN: …. Tuilleadh, ó tugadh fear a bhí thoir, Toole a bhí air, Neidín Toole, ní fhaca mise riamh é cé gur col ceathrar go m’athair é ach ní fhaca mé é, mar is i Meiriceá a bhí sé, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: M hm.

PEAITSÍN: Chuir sé sin scór or eh míle punt ann an uair sin.

ÁINE: Ar chuir?

PEAITSÍN: Is dóigh go mbeadh sé sin, Father Killeen a bhí anseo ag an am, bhí sé sin ann i naoi déag tríocha sé déarfainn.

ÁINE: A' raibh?

PEAITSÍN: Bhí sé ann i naoi déag tríocha sé go háirid, tá mé cinnte de sin.

ÁINE: A' raibh, an sagart Father Killeen?

PEAITSÍN: Bhí mar bhí sé sa, sa, a' gabháil ag na scoileannaí, a' bhfuil a 'fhios a'd. Bhí sé ann suas go dtí, bhuel ní raibh mé anseo nuair a, nuair a d’imigh sé as an oileán ach eh tá mé a' ceapadh gur naoi déag ceathracha sé nó ceathracha seacht a d’imigh sé.

ÁINE: A d’imigh sé. Agus a' raibh mórán meetings ann, an gcuimhníonn sibh go raibh go leor daoiní a' teacht le chéile a' caint faoi séipéal a thosaigh?

PEAITSÍN: bhítheadh a' caint air agus a' caint ar na háiteachaí a dtógfaí é a' bhfuil 'fhios a'd. Ach shilfeá gur rud é a bhí caite i dtraipisí mar deir siad.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ní raibh an oiread sin aird ag Father Killeen ar an obair chaoi eicínt.

ÁINE: Agus ar, ar fíor é gur chuir Neidín Toole scéala ag an sagart agus a’ rá “céard atá tú a' gabháil a’ dhéanamh”?

PEAITSÍN: Bhuel ní raibh mise san oileán ag an am ach is dóigh gur chuir duine eicínt dlús leis marach gur chuir ní bheadh ehm

ÁINE: Ní bheadh tada déanta faoi….

PEAITSÍN: …. Ní bheadh tada déanta faoi.

ÁINE: An gcuimhneodh tusa a Wattie cén chaoi ar shocraigh siad ar an site sin nó cén chaoi ar piocadh amach an buaile sin?

WATTIE: Cén

ÁINE: An buaile ar tógadh ann é.

WATTIE: Nach le, ba le Seán Nappa an bhuaile, nárbh ea?

PEAITSÍN: Ní hea.

WATTIE: Cé ba leis í?

ÁINE: Tim Andy Goill.

PEAITSÍN: Le Tim Andy Goill.

WATTIE: Ó Tim, ab ea.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: Ach cén fáth gur phioc siad an ceann sin meas tú, nó?

PEAITSÍN: Bhuel ní bheadh ’fhios a’d, bhí gach uile, is beag nach rabhadar ….

WATTIE: …. Bhí siad ag iarraidh é a fháil i ngar gon scoil nó rud eicínteacht, nach raibh.

PEAITSÍN: Bhuel bhí siad ag iarraidh é a bheith lárnach a’ bhfuil ’fhios a’d.

WATTIE: Sea.

PEAITSÍN: Central, go mbeadh, nach mbeadh sé i bhfad ó ….

ÁINE: …. Dhéanfadh sé ciall, agus is dóigh …

PEAITSÍN: Bhí said ag iarraidh é a dhéanamh i gCill Mhuirbhigh, bhí caint ar dtús air a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhí siad ag caint ansin ar é a dhéanamh san áit a bhfuil tí Bheachlín Aindí nó thiar ar an gcreig sin.

ÁINE: An raibh?

PEAITSÍN: Ní raibh tí Mháirín déanta an t-am sin.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ach ar aon chaoi, Father Varley shocraigh sé é mar bhí sé an-tuisceanach ar na bealaí sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Siar a rinneadh é.

ÁINE: Agus ....

PEAITSÍN: …. Mar a déarfá thug, bhí an chreig sin, fuair sé an chreig sin ar thada.

ÁINE: A’ bhfuair?

WATTIE: Tá ’fhios a’m go bhfuair, yeah.

ÁINE: Agus céard a bhí ar an site sin roimh an séipéal?

WATTIE: Creig a bhí ann, nach ea.

PEAITSÍN: Ó ba ea ach go raibh ….

WATTIE: …. Buaile, bhí garraí beag ann nach raibh….

PEAITSÍN: …. gnás áirid a’ baint le. Bhí leachtaí uirthi, clocha, bhuel chuile chorp a thiocfadh aniar, a’ bhfuil ’fhios a’d chuirtí suas leacht.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Cuid acub leachtaí móra agus cuid eile acu nach gcuireadh ach cúpla cloch. Bhí an gnás céanna ansin, corp a thiocfadh anoir, a chailltí, duine a chaillfí i nGaillimh a’ gabháil go reilig Eoghanachta a’ bhfuil ’fhios a’d

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Tá siad sin i gcónaí le feiceáil.

WATTIE: Tá thoir ag eh ….

PEAITSÍN: …. Taobh thoir go….

WATTIE: …. tí Phaite Bhlack nach ea?

PEAITSÍN: Róidín thoir Phort Anla.

ÁINE: A’ bhfuil?

PEAITSÍN: Tá, feicfidh tú ….

ÁINE: …. Á ar an gcreig sin

WATTIE: Sea.

ÁINE: Taobh thoir go tí Mháirtín Pheat Mhaidhcilín ab ea, ní hea?

WATTIE: Taobh thoir dhó sin.

ÁINE: Taobh thoir.

PEAITSÍN: An ród is faide soir acub.

ÁINE: Ó.

PEAITSÍN: Tá said ar thaobh na láimhe deise, eh clé a’ gabháil soir duit, feicfidh tú ann iad.

ÁINE: Ó an bhfuil?

PEAITSÍN: Ó tá.

ÁINE: So ….

PEAITSÍN: …. ach bhí said lán ceart leis, leis an ehm, leacrachaí, bhuel ní bheadh ann ach an méid a thiocfadh aniar as Bungabhla agus Creig a’ Chéirín.

ÁINE: Sea, sea.

PEAITSÍN: Níl ’fhios a’m cén chaoi a raibh sé i dtaobh Eoghanacht. Ní raibh aon duine a’ gabháil ag a’ séipéal an uair sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus ar chuir said na clocha sin isteach sa foundation?

PEAITSÍN: Ó siad a chuaigh ann agus go, na céadta tonna in éineacht leob.

ÁINE: Agus cén áit a Wattie meas tú a bhfuair siad na clocha?

WATTIE: Siar ar na creaga, thiar ar an áit a bhfuil na tithe déanta ag Joe ’s ag Michael agus ag

ÁINE: Ag John agus ag Joe, Creig Bherry.

PEAITSÍN: Sea.

WATTIE: Creig Bherry, an chuid is mó acub, chuile áit ar ndú.

PEAITSÍN: Is as sin a cuireadh aniar ar dtús, a thosaigh said á gcur aniar ar dtús a’ bhfuil ’fhios a’d.

WATTIE: Bhíodh t-athair leis an gcapall agus an carr aige.

ÁINE Bhí.

PEAITSÍN: Clocha, clocha a líonadh nó le, aniar as sin a cuireadh iad. Carrannaí, carrannaí capaill a bhí á gcur aniar ar dtús.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Ní raibh an tractor tagthaí go ….

ÁINE: …. Go ceann scaitheamh.

PEAITSÍN: Ó bhí réamh obair go leor lé déanamh ann, b’éigean tanc mór uisce a bheith ann le uisce a choinneáil, as Cill Rónáin a bhí an t-uisce a’ gabháil siar.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: Agus ar tugadh aon chlocha siar as an taobh seo gon oileán?

PEAITSÍN: Níl mé in ann a rá, bhuel tá na clocha atá ins na geataí anois ….

WATTIE: …. Na clocha maith mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

WATTIE: Vailín nach ea a bhíodh á bhfáil sin, nach é?

PEAITSÍN: Hm?

WATTIE: Vailín nach é a ghearr iad sin?

PEAITSÍN: Ní hé.

WATTIE: Joeín. [Ó Fátharta, Eochaill]

PEAITSÍN: Joeín

ÁINE: Joeín. Thug sé, thug Joeín mar sin na clocha le píreannaí an gheata ab ea?

PEAITSÍN: Sea agus an chrois atá ar a uachtar sé a rinne iad, sé a rinne í sin agus

ÁINE Á sea, ach chuaigh clocha siar as an sean scoil an Cheathrar Álainn freisin a bhí trasna an bhóthair?

PEAITSÍN: Ó chuaigh, agus as, bhí trí shean teach thiar in Eoghanacht ansin, ó ní chuimhneofá orthub, ní fhéadfá cuimhneamh orthub (gáire) an dtuigeann tú, ní raibh tú ….

ÁINE: …. Ní chuimhneoinn, ní raibh táisc ná tuairisc orm an t-am sin.

PEAITSÍN: (Gáire).

WATTIE: Tí Bhánach.

PEAITSÍN: Hea?

WATTIE: Tí Bhánach nach ea.

PEAITSÍN: Ní hea, tí eh, tí Pheige Sheáin Phádraig Bhriain agus tí, tí Pheaits Phól. Bhí teach síos agus teach eile siar.

ÁINE: Cá raibh na tithe sin?

PEAITSÍN: A’ bhfuil ’fhios a’d an áit a bhfuil, a bhfuil an mobile home mór sin anois ag, taobh thoir go tí Cháiteach, an áit sin a bhfuil an mobile home

ÁINE: Ó sea, sea, tá fhios a’m, síos ag an reilig ansin.

PEAITSÍN: Sea, soir ag an Leic Mhóir.

ÁINE: Sea, yeah.

PEAITSÍN: Bhí dar, Cóilí Connolly gur leis an bhuaile, níl ann ach písín beag a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ní mórán go bhuaile a bheadh ar áit teach, cheapfá go mbeadh nó go, mura mbeadh áit mhór isteach leis.

ÁINE: Sea. A Wattie a’ gcuimhníonn tú cé iad na chéad daoiní a chuaigh ag obair ar an séipéal?

WATTIE: Cuimhním, bhí mé fhéin agus John Tim go ndéana Dia trócaire air agus Stiofán Phaidí, an dream óga sin.

ÁINE: Ab ea?

WATTIE: Sonny Bheachlín Bhaba go ndéana Dia trócaire air, iad sin.

ÁINE: Agus ansin a’ raibh Tommy Denny agus a chuid deartháireachaí ag obair ann nuair a bhí ….

WATTIE: Bhí Tommy, Tom agus Máirtín, siad a thóg é.

PEAITSÍN: Agus Pádraig.

ÁINE: A’ raibh Pádraig é fhéin ann?

WATTIE: Ní mórán a bhíodh Pádraig ann.

PEAITSÍN: Ó tháinig se as Meiriceá, bhí sé uilig ar deireadh ann.

WATTIE: B’fhéidir ar deireadh ach ní raibh sé mórán roimhe sin ann….

PEAITSÍN: …. Ní raibh mise ar chor ar bith ar dtús ann, sé Wattie anseo a bhí ann.

ÁINE: Yeah.

WATTIE: Nach mé a thóg a leath dhó.

ÁINE: Bhuel fair play duit, (gáire). Rinne tú job maith dhó (gáire).

PEAITSÍN: Chomh fada le mo bharúil tá mé ag ceapadh gur Lá Muire na gCoinneal

ÁINE: Ab ea, a thosaíobh ag obair air?

PEAITSÍN: A thosaigh siad a’ cartadh ann.

ÁINE: Sin é an chéad lá go, go Feabhra, nach ea?

PEAITSÍN: Sea go díreach, déarfainn gurb ea. Father Varley, ag an gcineál lá a bhí ann, ní raibh mé ag an Aifreann nó níl ’fhios a’m a mbíodh aon Aifreann ann ag an am….

WATTIE: …. A’ raibh tusa i Sasana nuair a thosaigh sé?

PEAITSÍN: Bhí, bhíodh mo mháthair an uair sin “__” na caoire agus chuile rud.

ÁINE: An mbíodh?

PEAITSÍN: Ach déarfainn gurbh shin é an lá ar thosaigh siad.

ÁINE: A’ raibh gá go dhuine amháin as chuile theach a ghabháil ag obair air?

PEAITSÍN: Bhí, bhí.

WATTIE: Dhá lá, nach ea?

ÁINE: Ach tá mé siúráilte go raibh corr theach ann nach raibh aon duine ag obair astub a’ raibh?

PEAITSÍN: Bhuel bheadh is dóigh….

WATTIE: …. Má bhíodar in ann a dhul ag obair, á mbeadh duine a bheadh sean ann ….

PEAITSÍN: …. Á mbeadh sean daoine a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus a’ raibh an sagart, a’ dtéadh sé thimpeall ag na tithe a’ tabhairt ordú dhób?

PEAITSÍN: Á bhuel sé an chaoi a raibh, sé ….

WATTIE: …. Is amach ón Aifreann nach ea?

PEAITSÍN: Agus Neidín Toole a bhí a’ breathnú i ndiaidh an obair sin a’ dtuigeann tú, i ndiaidh na ndaoine an dtuigeann tú.

ÁINE: A' raibh sé sin ina mháistir anseo ag an am nó?

WATTIE: Ní raibh.

PEAITSÍN: Bhí, nach é a bhí ann, é fhéin agus Máirín Lenane.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: San scoil [ag] an am sin.

ÁINE: Yeah. Anois a’ raibh ar chuile theach méid áirid airgead a thabhairt?

PEAITSÍN: Bhí, tá mé, níl mé in ann a raibh ar chúig phunt, á is dóigh gur chúig, ar a laghad chúig phunt nó deich bpunt. Bhuel chuile theach sa gceantar sin ach is dóigh gur bailíodh go leor de soir. Go leor daoine ansin a thug síntiúisí an dtuigeann tú.

ÁINE: Sea, bailíodh go leor airgead i Meiriceá, nár bailíodh?

PEAITSÍN: Bhí sé ráite gur bailíodh. Óra fuair siad pingineachaí go leor isteach as, lads a bhíodh i Sasana, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Nuair a thagaidís, thugaidís, cuimhním Máirtín anois lá amháin a’ teacht ó mo dhearthár agus déarfainn go raibh ós cionn leath chéad, is mór leath chéad punt an uair sin.

ÁINE: An t-am sin.

PEAITSÍN: Thug sé fhéin ann agus Micheál Bhaba, chuir sé anall airgead leis agus lad eicínt eile.

ÁINE: Yeah, is dóigh go raibh na daoiní chomh sásta séipéal a bheith tógthaí.

PEAITSÍN: Bhí sé thar a bheith, bhuel ní raibh mise ann go dtí amach, go dtí August.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Wattie a bhíodh ann ach ….

ÁINE: …. Sea Wattie, yeah.

PEAITSÍN: Ach cuimhním air eh

ÁINE: Anois a Wattie a’ raibh obair chrua oraibh, a’ raibh?

WATTIE: Ó d’fhéadfá a raibh go raibh. Is beag nár mharaigh siad mé.

ÁINE: (Gáire) A’ dtosaíodh sibh go luath ar maidin?

WATTIE: Tuairim is a hocht a chlog is dóigh.

ÁINE: Agus bhíodh sibh ag obair ansin an fhaid a bhí sé geal is dóigh.

WATTIE: Ní bhíodh muinn i bhfad ina gcodladh an uair sin ag imeacht ag bóthaireacht.

ÁINE: (Gáire) Cén aois a bhí tú an t-am sin, a Wattie?

WATTIE: Ocht mbliana déag.

ÁINE: Ó má sea bhí tú, bhí go leor rantáil ag imeacht ort an t-am sin.

WATTIE: Nach shin é an uair a goideadh an bicycle uaim fadó.

ÁINE: Ar goideadh (gáire). Agus eh a’ mbíodh sibh ag cur suas gaineamh?

WATTIE: Bhuel bhíodh ….

PEAITSÍN: …. Gasúir na scoile is mó a bhíodh ….

WATTIE: …. Gasúir na scoile, bhíodh Tom Sheáin Tom agus Máirtín Nappa agus Tomáisín Tom Mhóir agus iad sin.

PEAITSÍN: Is beag nach é an crowd amháin a bhí á dhéanamh sin uilig ….

WATTIE: …. Bhí siad naoi nó deich go bhlianta an uair sin is dóigh.

ÁINE: Sea

WATTIE: Sin iad a bhíodh ag líonadh an ghaineamh. Bhíodh muidne a’ plé leis na clocha sa gcoiléar agus ….

ÁINE: …. Sa trá ab ea a fuair siad an gaineamh, trá Chill Mhuirbhigh?

WATTIE: Ní hea, thíos ag an nGleannachán.

PEAITSÍN: Bhuel as, as Cill Rónáin a tháinig an chuid is mó gon ghaineamh a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: As na mBuailte.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Ó ba ea, gaineamh mín, gaineamh le ….

WATTIE: …. Ó yeah ach an gaineamh leis an gcoincréit as an nGleannachán a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: An gaineamh garbh ansin sa nGleannachán?

WATTIE: Sea.

PEAITSÍN: Le, le eh concrete an bhfuil ’fhios a’d.

WATTIE: Tom Sheáin Tom agus Tomáisín Tom Mhóir, Máirtín Nappa agus iad sin uilig, Máirtín Éamonn.

ÁINE: Sea.

WATTIE: Sin iad na lads óga.

PEAITSÍN: Bhí siad sin a gabháil ag a’ scoil, bhuel ní raibh, bhí John fanta ón scoil is dóigh go maith ach bhíodh Máirtín

WATTIE: Cé hé?

PEAITSÍN: John Sheáin Tom, chaithfeadh sé go raibh.

WATTIE: Ó bhí John ag obair ann nuair a bhí muidne ann agus John Tim.

PEAITSÍN: Á bhíodh John go minic ann ….

WATTIE: …. Stiofán Phaidí, cé eile a bhíodh ann, bhí Dara imithe go Sasana.

ÁINE: Agus nuair a bhí an foundation líonta a Wattie, cén obair eile ansin a bhí sibhse a’ dhéanamh, nuair a bhí Tommy Denny a’ tógáil na clocha agus Máirtín Denny .…

WATTIE: …. Ó chaithfeá na clocha a fháil, bhí muinn ag obair an, bhí an rud céanna le déanamh chuile lá ann.

ÁINE: Ab ea?

WATTIE: Bhíodh Father Varley ag imeacht leis an tractor an uair sin aige.

PEAITSÍN: Fuair siad an tractor nuair a thosaigh an t-adhmad agus eh, tháinig roinnt suimint ar dtús is dóigh nuair a bhí siad ag cur síos an foundation de, b’fhéidir a’ fáil roinnt uisce timpeall ach b’éigean dóibh tanc a dhéanamh ansin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Nuair a thosaigh an obair cheart air agus bhí stór, cineál stór a’ dtuigeann tú, tá an tanc i gcónaí ann.

ÁINE: A’ bhfuil?

PEAITSÍN: Tá ’fhios a’d an bhuaile sin taobh thoir gon séipéal anois.

ÁINE: Ó tá a mh’anam, yeah.

PEAITSÍN: Agus eh, agus tá ballaí an stór ann mar bhíodh beithígh istigh ann, (gáire) is ann, nuair a thosaigh na vetannaí, (gáire) is ann a bhíodh na beithígh, istigh ní raibh aon chaint orthub an uair….

ÁINE: …. Sea ní raibh aon cattle crush ann.

PEAITSÍN: Agus ehm ára bhíodh obair go leor, sé an chaoi a raibh tanc mhór, ba deacair ceann acub a fháil an uair sin eh choinneoidís is dóigh cúpla céad galún uisce, b’fhéidir go mbeadh sí thuas ar an tractor.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Líontaí thoir i gCill Rónáin í agus, ceann go na pumpannaí, sé an t-aon áit é a raibh aon uisce. Ní raibh aon uisce anoir, ní raibh an t-uisce (Wattie ag casacht) fiú amháin i mBaile na Creige an bealach sin an uair sin.

ÁINE: Ní raibh is dóigh..

PEAITSÍN: Ná áit ar bith.

ÁINE: Agus ar thug sé aon spin daoibh ar an tractor, a Wattie?

WATTIE: Á chaithfeá a dhul, bheifeá an deire ar an tractor leis na clocha.

ÁINE: Bhí sibh sásta go maith leis sin is dóigh….

WATTIE: …. Chuirfeá air iad agus chaithfeá iad a bhaint dhó aríst.

ÁINE: Sea.(gáire)

PEAITSÍN: Bhuel ansin thosaigh siad a’ fáil clocha tógáil suas an ród Scailp an Réithe an bealach sin.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Cuid Sheáin Nappa.

WATTIE: Sea, sin é an áit a bhain mé fhéin agus Cóilín Tom, sin é an áit ar baineadh an lindéar atá air.

PEAITSÍN: Hm?

WATTIE: Mé fhéin agus Cóilín Tom a bhain é sin. An lindéar atá air taobh istigh.

PEAITSÍN: Ó an ceann ar eh, by dad chaithfeadh sé gur lindéar cloch é ab ea?

WATTIE: Sea, mé fhéin agus Cóilín Tom a bhain é sin.

ÁINE: (Gáire). Ehm

WATTIE: Ba cheart dúinn a n-ainm a chur ar sin.

ÁINE: Ba cheart duit, (gáire). Rinne tusa an-obair ann a Wattie déarfainn.

WATTIE: Bhí mé óg an uair sin.

PEAITSÍN: Cá bhfuair sibh é, thuas ansin ab ea?

WATTIE: Thuas ar Chreig Thomáisín.

PEAITSÍN: Hea?

WATTIE: A’ bhfuil ’fhios a’d teachín bheag Thomáisín, Tomáisín Séirín.

PEAITSÍN: Ó thuas ag eh, “___+”?

WATTIE: Sliabh mór ab ea, níl ’fhios a’m cén t-ainm atá ar an áit sin.

PEAITSÍN: Sin é an doras mór atá a' gabháil isteach sa séipéal.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhí doras eile cheana air ach tá sé dúnta anois.

ÁINE: Hm.

PEAITSÍN: Ba cheart go gcuimhníonn tú fhéin nuair a bhí an doras sin air. Sé Waters a dhúin é. [An tAthair Pádraic Ó Tuairisg]

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Doras a bhí a’ gabháil amach as an hall, bhí dhá dhoras ar an hall.

ÁINE: Ó bhí sea, that’s right yeah, bhí.

PEAITSÍN: Ach theastaigh sé le rud eicínteacht ansin ach níl a fhios a’m.

ÁINE: Dhún sé é.

PEAITSÍN: Bhídís a’ rá go mbíodh draughts a’ tíocht isteach ann nuair a bhí an dá dhoras.

ÁINE: M hm. Anois a Wattie, nuair a bhíodh sibh ag obair uaireantaí fada, bhíodh ocras orthaí is dóigh.

WATTIE: Bhíodh.

ÁINE: Cá dtéadh sibh ag ithe.

WATTIE: Théinnse agus John isteach ag do Mhamó go ndéana Dia trócaire uirthi, Maggie ….

ÁINE: Ab ea?

WATTIE: Maggie Nappa.

ÁINE: Yeah, agus a’ mbíodh, thabharfaidís bia daoibh.

WATTIE: Á yeah.

ÁINE: Ab shin cuid dhó, go gcaithfeadh na mná a dhul agus, agus neart arán a dhéanamh?

WATTIE: Ní hé ach ….

ÁINE: …. Ní hea….

WATTIE: …. thugadh cuid acub, thugaidís fleasc leob ach

ÁINE: A’ dtugadh?

WATTIE: … ní thugainnse, théinn fhéin agus John théadh muinn isteach ag

ÁINE: Mamó, sea.

WATTIE: Mamó.

ÁINE: A’ mbíodh cuid a’ gabháil siar go dtí eh Mamie Bheachlín, tá mé a’ ceapadh. B’fhéidir Tommy Denny agus iad sin?

WATTIE: Is dóigh go mbeidís sin mar a déarfá.

ÁINE: Yeah, go dtéidís siar ag fáil bia ansin.

WATTIE: Sea.

PEAITSÍN: Cén áit?

ÁINE: Tí Mhamie Bheachlín. [Uí Chonghaile, Creig a’ Chéirín]

PEAITSÍN: Ó thiocfadh, ó a’ bhfuil ’fhios a’d bheifeá siar amanntaí ann.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Bhíodh an-chraic amanntaí, cuimhním lá amháin a raibh muid ann agus chuir Pádraig Denny amach Stephen le check “cén t-am” a deir sé, ní raibh aon watch ag duine ar bith an uair sin agus

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: ní raibh sé ag a’ dream a bhí ag obair

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: ach clog, chuaigh Stephen isteach, thug sé léamh amháin “tá sé fhoisceacht cúig ’óiméad go leath uair théis a dó dhéag” nó (gáire), bhí sé caoi eicínt ach ar aon chaoi is beag nach raibh sé ….

WATTIE: …. Ní raibh sé i bhfad amuigh ….

PEAITSÍN: .…“___+”.

ÁINE: (Gáire) Nach críonna é. A' mbíodh na mná agus na gasúir ag obair ann?

WATTIE: Ní fhaca mise iad.

PEAITSÍN: Ó bhíodh dhá ghlanadh ar deireadh a’ bhfuil fhios a’d.

ÁINE: Dhá ghlanadh.

WATTIE: B’fhéidir nuair a bhí sé tógthaí is dóigh.

PEAITSÍN: Dhá ghlanadh suas. A’ bhfuil ’fhios a’d, bhí an-deifir ar deireadh leis mar, ní hí an bhliain ab fhearr í agus bhíodar ag iarraidh an t-Easpag a bheith ann. Bhí daoiní thiar as Cill Rónáin, bhí Jackie Gill anois ag pláistéireacht thiar ann ....

ÁINE: …. A’ raibh?....

PEAITSÍN: …. tamall agus Marc Gill ’s

WATTIE: Yeah. Cén t-am ar oscail sé?

PEAITSÍN: Bhuel siad muintir Chill Rónáin a, agus John a rinne chuile obair. Ní raibh duine ar bith a’ gabháil aniar, bhíodh stuif a’ teacht ar a’ mbád ...

WATTIE: Nach iad a rinne riamh é.

ÁINE: Sea. (Gáire)

PEAITSÍN: Nuair a bhíodh stuif a’ teacht ar a’ mbád …

ÁINE: Sea, thabharfaidís siar é.

PEAITSÍN: Ó siad a bheadh dhá lochtú a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea. Bhí muintir Chill Rónáin go maith riamh. Meas tú cén lá a d’oscail sé?....

PEAITSÍN: …. (Gáire) Bhí cuid as an taobh thiar acub ann freisin (gáire). Bhíodh Antoine Joyce ….

WATTIE: …. Faoi Nollaig nach ea a d’oscail sé, timpeall na Nollag ab ea?

PEAITSÍN: Hea?

WATTIE: Cén t-am ar oscail sé, faoi Nollaig ab ea?

PEAITSÍN: Ó ní hea ach Deireadh, Deireadh Fómhair, deireadh October.

ÁINE: October am eicínt, sea.

PEAITSÍN: Hm.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Oirníodh Pápa an lá céanna.

ÁINE: Sea. Tá an ceart uilig a’d ansin.

WATTIE: 1958 nach ea a d’oscail sé.

ÁINE: Sea agus bhí Pápa nua, an lá a d’oscail sé eh ….

PEAITSÍN: …. Ní fhéadaim cuimhneamh, níor mhair an Pápa céanna ….

ÁINE: …. Nuair a ordaineáilú an Pápa nua, yeah.

PEAITSÍN: Níor mhair sé ….

ÁINE: …. Níor mhair sé i bhfad, an Pápa sin….

PEAITSÍN: …. Bliain, ní raibh sé bliain.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Tá ’fhios a’m gurbh (Wattie ag casacht) é Thornton a d’inis dúinn ar, ar ehm, thoir tí Chreig. As Port Mhuirbhigh a d’imigh an Lifeboat ansin leis an Easpag ….

ÁINE: …. Sea ….

PEAITSÍN: Thuas tí Chonneely nó tí Twenty a bhí an dinnéar acub an bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, sea.

PEAITSÍN: Bhí daoine áirid, daoine anois a chur airgead ann a’ bhfuil ’fhios a’d agus

ÁINE: Ag an dinnéar, an raibh?

PEAITSÍN: Ag an dinnéar, na daoine a chur airgead mór go háirid ann, bhí, bhí Thomas Sheáinín ann, sé a dhearthár an fear a chuir an fhuinneog ann.

ÁINE: Sea, an fuinneog ar chúla an altóir.

PEAITSÍN: Sea.

ÁINE: Ab shin iad Sean a’ Creigs ab iad?

PEAITSÍN: Sé, Peat Shean a’ Creige, ní fhaca mé riamh é.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Tá mé a’ ceapadh nach bhfacthas, bhuel chonaic, bhuel chonaic mé, bhí sé trip amháin in Árainn blianta roimhe sin, ní raibh aon eolas a’m air, ach ní fhaca mé Toole ariamh, chonaic mé a dheartháir.

ÁINE: Sin é a chuir an altóir ann nach é?

PEAITSÍN: Sé.

ÁINE: Edward O’Toole.

PEAITSÍN: Sin é an chéad duine a chur airgead ann, bhí sé tamall gur chur an fear eile

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: airgead ann, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus ehm, cé a chuir na boscaí faoistiní ann meas tú?

PEAITSÍN: Bhuel nach iontach an rud é, Tommy Denny a rinne iad go háirid.

ÁINE: Ab é?

PEAITSÍN: Agus b’fhéidir gur thug sé donation nó cé bí céard a thabhartas tú air freisin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Sé Tommy a rinne an bosca faoistin agus i nGaillimh, as Gaillimh a tháinig na suíocháin ….

WATTIE: …. Cheapfá nach mórán a theanns isteach anois ann.

ÁINE: (Gáire) Ní bhíonn déarfainn.

PEAITSÍN: Thugaidís Piggotts …

ÁINE: Ab ea, a tháinig na suíocháin. Agus meas tú ar thug daoiní, ó sea donateáil daoiní iad sin freisin, mar tá ainmneachaí orthub, nach bhfuil?

PEAITSÍN: Tá ach níl ’fhios a’m ….

WATTIE: …. Ar na seatannaí, nach bhfuil ainmneachaí ar na seatannaí nach bhfuil?

ÁINE: Tá, sea.

PEAITSÍN: Hm?

WATTIE: Na seatannaí, chuile seat, nach bhfuil ainm orthub, nach bhfuil?

PEAITSÍN: A níl.

ÁINE: Tá sé ar chuid acub go háirid….

WATTIE: …. Tá s e ar chuid acub ….

ÁINE: …. Tá sé thíos ar an rud orthub.

PEAITSÍN: Ó b’fhéidir, ach tá sé ar chuile cheann go (Wattie ag casacht) na Turas na gCros anois.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Na pictiúir sin uilig agus air eh, tá siad sin uilig agus na fuinneogaí.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Na fuinneogaí uilig tá ainm orthub, sé an chaoi a raibh siad sin uilig anois íocthaí ag daoiní.

ÁINE: Sea. Agus a’ raibh lá mór ann anois an lá a d’oscail sé?

WATTIE: Á bhí mise i Sasana.

ÁINE: Bhí tusa i Sasana, Wattie.

PEAITSÍN: Ó bhí, níl ’fhios a’m, tháinig an Lifeboat anoir as Cill Rónáin ansin go dtí Port Mhuirbhigh.

ÁINE: Le é a thabhairt abhaile, an t-Easpag?

PEAITSÍN: Amach as Ros a’ Mhíl a chuaigh an sagart. Sé Thornton a d’inis dúinn go raibh an Pápa ….

ÁINE: ….Sea….

PEAITSÍN: .… caillte, tá mé a’ ceapadh gur thart ar trí seachtainí ag iarraidh Pápa a thoghadh an uair sin.

ÁINE: Cén sagart a deir an tAifreann?

PEAITSÍN: Fan anois, a is dóigh gurbh é, gurbh é, bhuel sé an t-athair Stiofán, sagart Twenty, an t-athair Stiofán a bheannaigh é go háirid.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Timpeall an, a chuaigh timpeall an tséipéil á bheannú, níl mé in ann a raibh anois ab é, mar bhí go leor sagairt ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhí siad as

ÁINE: Agus cén séiplíneach a bhí anseo ag an am?

PEAITSÍN: Ó eh ….

WATTIE: …. Delaney ab é?

PEAITSÍN: A ní hé.

ÁINE: Greeley.

PEAITSÍN: Greeley an séiplíneach.

ÁINE: Sea. Dominick Greeley is dóigh.

PEAITSÍN: An fear a bhí i Tuam ar deireadh nó eh Knock ar deireadh mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Sé.

ÁINE: Agus a' raibh muintir an taobh thoir gon oileán ag an Aifreann freisin, a’ raibh?

PEAITSÍN: Ó bhí agus Inis Meáin agus Inis Oírr uilig ann nó go leor acub.

ÁINE: A’ raibh?

PEAITSÍN: Ach rud eile ansin a’ bhfuil fhios a’d ní, raibh aon, bhí na side cars goite soir, duine a’ bith a raibh side car aige thart anseo, ní mórán a raibh sé aige ach (Wattie ag casacht) bhí corr cheann ann, corr cheann, níl ’fhios a’m a’ raibh ceann ag t-athair an t-am sin, déarfainn go raibh.

WATTIE: Céard a bhí?

PEAITSÍN: Side car ag Maidhcilín.

ÁINE: Side car.

WATTIE: Ó bhí.

PEAITSÍN: Bhí carr aige go háirid.

WATTIE: Bhí sé aige sula a d’fhág mise an baile.

PEAITSÍN: Agus eh, ní mórán carr a’ bith a bhí ann ach an ambulance níl mé in ann a raibh an raibh carr an ghas ann nó nach raibh ag Stiofán nó ag Paddy Gill….

WATTIE: …. Ag Cóilín Tom, bhí side car aige.

ÁINE: So ar tháinig an t-Easpag anoir san ambulance?

PEAITSÍN: Ó ins an ambulance a tháinig sé anoir.

ÁINE: Ab ea agus cé a bhíodh a’ tiomáint an ambulance ag an am?

PEAITSÍN: Father Varley.

ÁINE: Ab é, b’iontach an fear é Father Varley. A’ raibh faitíos agaibh roimhe a Wattie?

WATTIE: Bhí chuile dhuine, hea bhí …

ÁINE: A’ raibh faitíos a’d roimh Father Varley ….?

WATTIE: …. Ní raibh aon fhaitíos orm fhéin, níor thaitnigh mé riamh leis.

ÁINE: (Gáire) Cé nár thaitnigh?

WATTIE: Mar gheall ar goid na bicycles.

ÁINE: Shílfeá gur duine deas tusa a Wattie, nach raibh ….

WATTIE: …. Ar ndóigh cheapfá ach sin é an fáth mar gheall ar na bicycles

ÁINE: Ab ea, ghoid tú bicycle air?

WATTIE: Thug sé amach lá eicínt, níor dhúirt sé tada liom fhéin ach putachán beag as Bungabhla ag imeacht i ndiaidh cailíní óga.

ÁINE: (Gáire).

WATTIE: Chuir sé cloch isteach sa tractor ansin, ní dhúirt sé tada liomsa, bhínn ag breathnú air, chuile uair a chuireadh sé cloch isteach chuirfinnse ceann níos mó isteach ann.

ÁINE: Ar chuir (gáire).

WATTIE: Bhí mé i mo lead óg an uair sin.

ÁINE: Bhí tú cineál dána is dóigh, a Wattie. Ach bhíodh faitíos ag daoiní roimh an sagart ag an am sin?

WATTIE: Ó bhí, bhí sé olc anyway.

PEAITSÍN: Ó Ar ndóigh bhíodh an uair sin, deir siad go raibh sé sách brúidiúil ins na scoileannaí go háirid.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Nó i scoil Chill Rónáin, bhí Seán Pheige Chuaic an uair sin mar thug sé ….

WATTIE: …. A’ gcuimhníonn tú air, a ní chuimhneofá air.

ÁINE: Ar thug sé clip go Seán bocht.

PEAITSÍN: Thug ach (--) Bhí siad a’ gabháil é a chur as an áit an uair sin a’ bhfuil ’fhios a’d mar

ÁINE: A’ raibh.

PEAITSÍN: “___+” bhuel níl ’fhios a’m cén fáth, bhíodh sé ag iarraidh an sagart, á chuartú leis an ola a chur ar Stephen Ó Ruairc

ÁINE: Cé é Stephen Ó Ruairc anois?

PEAITSÍN: Fear a bhí i gCill Rónáin, a ní chuimhníonn tusa air ach chuala tú caint air. (Gáire)]

WATTIE: Ó Ruairc, ní chuimhnímse air.

PEAITSÍN: Sé an áit a raibh an teach aige siar ar chúla anois an áit a bhfuil an teach ag eh Gerard Mhac Tom. Siar ansin bhíodh teachín, teach ceann tuí a bhí ann.

ÁINE: Á sea. Agus bhíodh Seán ag iarraidh air an ola a chur air, ab ea?

PEAITSÍN: Á ní hea. Bhí rud eicínt, chuaigh Seán ann agus ní raibh sé a’ tíocht agus bhí sé fhéin agus nurse Cadden istigh sa eh ….

ÁINE: …. Ó a dhiabhail.

PEAITSÍN: Bhít sí, bhít sí sin freisin a’ driveáil a’ bhfuil ’fhios a’d.

WATTIE: Sin í a bhíodh ….

ÁINE: …. Meas tú a’ raibh tada ann?

WATTIE: … sin í a bhíodh a’ driveáil, bhít sí in éineacht le ….

PEAITSÍN: …. Hea bhíodh sí a’ driveáil an ambulance freisin.

WATTIE: Bhíodh.

ÁINE: Meas tú a Wattie a’ raibh tada idir é fhéin agus nurse Cadden?

WATTIE: Bhíodh cén t-ainm a bhíodh uirthi.

PEAITSÍN: Hm, hm tá sí sin beo i gcónaí déarfainn.

ÁINE: Tá, tá.

PEAITSÍN: Dúirt duine eicínt go bhfuil.

WATTIE: Á cén t-ainm ar chor a’ bith a bhíodh a’ gabháil in éineacht lei.

PEAITSÍN: Agus eh ….

WATTIE: …. Coyne, Mickey Coyne. Bhíodh sí a’ gabháil in éineacht le Mickey Coyne nuair a bhí muidne….

ÁINE: …. Nurse Cadden ab ea. Ní, ní cheapfá go raibh tada (gáire) idir í fhéin agus Father Varley ….?

WATTIE: …. “___+?, bhíodh muid ag coinneal súil orthub an uair sin.

ÁINE: (Gáire) Sin é an fáth a raibh an bicycle a' teastáil uait b’fhéidir.

WATTIE: Ní bheadh mórán news nach mbeadh 'fhios a'inne.

ÁINE: (Gáire) So an gcuimhníonn sibh ar an cóir a bhí ann an lá sin?

PEAITSÍN: Hm?

ÁINE: A’ raibh choir maith ann, a’ raibh?

PEAITSÍN: Ó bhí.

WATTIE: Bhí cáil maith orthub an t-am sin, nach raibh.

PEAITSÍN: Bhí, an uair sin, bhí. Á bhí an-cháil ar Máirín Lenane sin, an dtuigeann tú, bhí sí (--) Níor tháinig sí go hÁrainn ariamh ó d’imigh sí déarfainn.

ÁINE: Cé nár tháinig, yeah.

PEAITSÍN: By Dad déarfainn nár tháinig.

WATTIE: A' raibh sí i bhfad in Árainn, ní raibh sí ach tar éis a thíocht sula d’fhág mise, cailín beag óg nach ea, cailín beag.

PEAITSÍN: Hm?

WATTIE: Ní raibh inti ach stumpa beag nach ea, Máirín Lenane.

PEAITSÍN: Cailín, bhí sí sách mór ach cailín tanaí a bhí inti a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Ab ea? Ní chuimhníonn sibh cé bhí a' freastal an lá sin?

PEAITSÍN: Á, ní chuimhníonn.

ÁINE: Ní chuimhneofá.

PEAITSÍN: Aithne a’inn orthub, is dóigh gur cuid eicínt go scoil, as scoil Eoghanacht….

WATTIE: Bheadh Padraig, bhí sé an uair sin ….

ÁINE: …. Yeah….

WATTIE: …. sách sean, nach mbeadh.

PEAITSÍN: Bheadh 'fhios ag Pádraig s’agaibhse is dóigh agus acub sin.

ÁINE: Déarfainn go raibh Maidhcí Pheait Mhaidhcilín tá mé a’ ceapadh.

PEAITSÍN: D’fhéadfadh sé….

WATTIE: …. Bhí sé sin an aois chéanna le Pádraig.

ÁINE: Tá pictiúr eicínt de in áit eicínt de, yeah. Ar chuir daoiní go leor bratachaí suas nuair a bhí an t-Easpag ag teacht ….?

PEAITSÍN: …. Ó bhí siad is dóigh ceannaithe, le fáil le ceannacht go háirid. Bhí dar thart ag chuile theach is dóigh píosa.

ÁINE: Ní raibh cead agaibhse a dhul ag an party mar sin, a Pheaitsín?

PEAITSÍN: Hea?

ÁINE: Ní raibh cead agaibh a dhul ag an party.

PEAITSÍN: Ó ní raibh, ní raibh ann ach daoine, ní bheadh an áit ann leis an méid daoine a bhí …

WATTIE: Cá raibh an party acub?

ÁINE: Tí Twenty.

PEAITSÍN: Tí Twenty, dinnéar a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Níor glaodh ort, a Wattie tar éis an méid clocha a chur tú ….

WATTIE: …. Nár cheart dóibh glaoch orm tar éis an t-alas a chur mé.

ÁINE: (Gáire)

PEAITSÍN: Bhíodh lad as Inis Oírr ag obair cúpla lá ann ach bhíodh sé, tá sé i gcónaí thoir in Inis Oírr. Bhí mé fhéin agus é fhéin ann an lá a raibh siad ag cuir isteach an foundation len altóir, lá é freisin nár éirigh leis an oiread daoine a bheith ann cébí cén fáth é. Bhí do dhadó go ndéana Dia grásta air in éindí linn ag socrú an suimint, Tim, Maidhcí, Maidhcí, Maidhcí Joe Donohue….

ÁINE: …. Sea, ó as Inis Oírr, sea.

PEAITSÍN: Fear an phosta, yeah.

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Dearthár …

ÁINE: Uncail le Áine nach ea.

PEAITSÍN: Bhí sé abhus a’ bhfuil ’fhios a’d, le na dhreabhar i gCill Mhuirbhigh.

WATTIE: “___+”

ÁINE: Sea, sea. So cá mbíodh an tAifreann agaibh roimh a tógadh an séipéal?

WATTIE: Sa scoil.

ÁINE: Ó sea.

PEAITSÍN: Sea ach ansin is fada go raibh sé ansin fhéin.

WATTIE: Agus an faoistin ins an scoil.

PEAITSÍN: Cuimhním féin nuair a tháinig an tAifreann, chaiteá a dhul go hEochaill.

ÁINE: An gcaiteá a Pheaitsín, bhíodh turas fada orthaí.

PEAITSÍN: Agus Father Egan, sé a bhí roimh Father Varley, sé, sé a chuir an tAifreann sa scoil. Uair sa mí a thosaigh sé ar dtús.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ansin théis scaitheamh (--) Bhíodh go leor sagairt a’ teacht, in Árainn, go hÁrainn a’ cuartaíocht an uair sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Bhídís a’ fanacht tí Mháire Tom Thomáis thoir ansin anois i gCorrúch, an áit a bhfuil tí Val, tá ’fhios a’d an teach sin.

ÁINE Sea, sea. Ó m’anam bhí, guest house a bhí ansin, nach ea?

PEAITSÍN: Ba dhea agus bhíodh, bhídís a’ fanacht, bhíodh go leor sagairt a’ fanacht i gCill Mhuirbhigh nuair a bhí sé osclaí a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Ó nach mbíodh seacht déag nó hocht go shagairt laethantaí ann.

ÁINE: Agus cén t-am a chaitheadh sibh Bungabhla a fhágáil le dhul ag an Aifreann in Eochaill, a Pheaitsín?

PEAITSÍN: Muise chaiteá a mh’anam fágáil cúpla uair a’ chloig go háirid.

ÁINE: Agus ní bhíodh tada ite agaibh?

PEAITSÍN: Hm?

ÁINE: Ní bhíodh tada ite agaibh?

PEAITSÍN: Ní raibh.

WATTIE: Ní raibh tada le n-ithe.

PEAITSÍN: Bhuel Ar ndóigh bheifeá a’ gabháil ag Comaoineach agus ní raibh cead a’d aon bhlas a ithe….

ÁINE: …. Ní raibh cead. So bhíodh cúpla uair a’ chloig maith agaibh go mbíodh sibh sa mbaile aríst.

PEAITSÍN: Bhíodh, droch laethantaí amanntaí.

WATTIE: Théidís tí Chreig ar an mbealach anoir dhób.

ÁINE: Á ní cheapainn é anois. A’ mbíodh ocras ort a Pheaitsín?

PEAITSÍN: Hm?

ÁINE: A’ mbíodh ocras ort nuair a bhíteá sa mbaile?

PEAITSÍN: Ó Ar ndóigh bhíodh (gáire), nuair a bheifeá sa mbaile.

WATTIE: Nach mbíodh Aifreann i scoil Eoghanacht chuile Dhomhnach, a’ mbíodh?

PEAITSÍN: Bhíodh ar deireadh.

WATTIE: Bhíodh ó chuimhníonn mise air ar aon chaoi.

PEAITSÍN: Ó bhíodh Aifreann ann ar deireadh, thosóidís, ach an chéad chúpla bliain ní raibh ach uair sa mí.

ÁINE: Sea. Cé t-ainm a tugadh ar an séipéal?

PEAITSÍN: Ó a Thiarna Dia théis chomh garr agus atá sé dúinn níl ’fhios a’m cén t-ainm atá air.(gáire)

WATTIE: A’ bhfuil ainm air, meas tú? Tá is dóigh.

ÁINE: (Gáire) Is dóigh go bhfuil.

WATTIE: Cén t-ainm atá ar séipéal Chill Rónáin?

PEAITSÍN: Naomh Oilibhéar, ab ea?

ÁINE: Oilibhéar, Naomh Bríd agus Naomh Oilibhéar.

WATTIE: Céard faoi cheann Eochaill?

ÁINE: Níl ’fhios a’m cén t-ainm atá ar cheann Eochaill.

PEAITSÍN: A’ bhfuil Naomh Bríd ar shéipéal eicínteacht, a’ bhfuil?

ÁINE: Ar Chill Rónáin.

PEAITSÍN: Ó bhí mé ag ceapadh.

ÁINE: Naomh Bríd agus Naomh Oilibhéar. Ehm dúirt an páipéar gur St Endas a tugadh air ach is ….

PEAITSÍN: …. bhítheadh ag iarraidh é a thabhairt air ….

ÁINE: …. Naomh Pádraig a thugtar air le gairid.

PEAITSÍN: Hm?

ÁINE: Séipéal Naomh Pádraig.

PEAITSÍN: Is dóigh gurbh shin é

ÁINE: Mar Naomh Pádraig atá ar a' scoil freisin.

PEAITSÍN: Tá na h-ainmneacha athruithe acub ar chuile rud Ar ndóigh ar bhealach.

ÁINE: Sea. Anois meas tú cén chéad pháiste a baisteadh ann?

PEAITSÍN: Tá ’fhios a’m gur baistíodh triúr aon lá amháin ann.

ÁINE: Meas tú Máire, Máire Mhamie Bheachlín, iníon le Mamie Bheachlín?

PEAITSÍN: D’fhéadfadh gurbh í anois, í sin.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Agus eh Peaitsín a’Bheagach an chéad chorp a chuaigh ann go háirid.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Tá ’fhios a’m é sin.

ÁINE: Now céard faoi Peaits Rua, meas tú ar cailleadh é sin thimpeall an ama sin freisin?

PEAITSÍN: Peaits Rua?

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Á níor cailleadh Peaits Rua, cuimhním Peaits Rua a bheith a’ gabháil ag an Aifreann ann.

ÁINE: A’ gcuimhníonn (gáire), muise má chuimhníonn

PEAITSÍN: Go ndéana Dia grásta ar Pheaits, bhíodh an eh, an cruib ann a’ bhfuil ’fhios a’d, is beag nach mbeadh a chloigeann istigh uilig aige ins an gcruib.

ÁINE: Ó má chuimhníonn.

PEAITSÍN: Ó bhí Peaits Rua

ÁINE: Céard faoi Peat a’Bhlack?

WATTIE: Cuimhním nuair a cailleadh Peat a’Bhlack, timpeall an uair sin nuair a cailleadh Peat a’Bhlack.

ÁINE: Sea, yeah. Dúirt duine eicínt gurbh shin é an dara corp.

WATTIE: Cuimhním go maith air mar …

PEAITSÍN: D’fhéadfadh gurbh é, b’fhéidir freisin anois, cailleadh Peat a’Bhlack, tá ’fhios a’m gur chur sé fuinneogaí ann go háirid.

ÁINE: Sea. Agus ansin an chéad phósadh, Peaitsín Phetair ab ea, meas tú agus

PEAITSÍN: D’fhéadfadh gurbh é, bhí John Bhaba, phós sé luath go maith, níl ’fhios a’m, níl ’fhios a’m an raibh Pádraig Mhaggie agus John is ann a phósadar.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Cuid go na chéad phóstaí a bhí ann iad.

ÁINE: Ab ea?

PEAITSÍN: Ba ea. Bhuel bhí Fr. Varley imithe nuair a phós ….

WATTIE: …. Ara bhí siad pósta .…

PEAITSÍN: …. Is gearr ina dhiaidh gur imigh Fr. Varley.

ÁINE: Ar gearr?

PEAITSÍN: Bhuel níl ’fhios a’m a’ raibh sé cúpla bliain ar chor ar bith gur imigh sé.

ÁINE: Meas tú ar imigh sé le, le beagán gon airgead?

WATTIE: Cé hé, Father Varley?

ÁINE: Sea.

WATTIE: Cheapainn go n-imeoidh.

ÁINE: (Gáire)

WATTIE: Bhí sé an-greedy .

ÁINE: An raibh?

WATTIE: Bhíodh talamh aige sin, nach mbíodh. Bhíodh talamh aige, nach mbíodh beithígh aige?

PEAITSÍN: Greeley?

WATTIE: Greedy.

ÁINE: Bhí sé greedy a dúirt sé.

PEAITSÍN: Ó greedy, (gáire).

WATTIE: Ach bhíodh talamh aige, nach mbíodh?

PEAITSÍN: Ó muise bhíodh ach bhíodh siad a’ rá “___+” áit a thabhairt dhó. Bhí sean fhear thoir i gCill Éinne, Cóil Nain a thugaidís air. Bhí sé ag ceannacht beithíoch uaidh. “Á níl sciolltar air, a Chóil” a deir sé. “Bhuel ní bheidh sé mar sin a Athair” a deir Cóil “má chuireann tusa ins an, nuair a ghabhas sé ar do chuid talamh sa. Chuala mise riamh ó bhí mé i mo ghasúr á ngabhadh gabhar isteach ar thalamh an mhinistir, go dtiocfadh sí amach ina caora, bheadh sí chomh ramhar. ” (gáire).

ÁINE: (Gáire) .

PEAITSÍN: (Gáire) Á níor thaitnigh sé ar chor ar bith leis, mar sé an chaoi ar tugadh suas an teach sin a’ bhfuil ’fhios a’. An ministéir a bhí ann ar dtús, ministéir Protastúnach thug sé gon eaglais Chaitliceach é.

ÁINE: Ab shin é an teach a bhfuil an sagart paróiste ann?

PEAITSÍN: Teach, ní hé an teach, ní hé teach an tsagairt paróiste anois é ach an teach thuas.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN: Leagadh ó shin é.

ÁINE: Ó, cá raibh sé sin, cá raibh an teach sin?

PEAITSÍN: Tá sé a’ gabháil síos, amach ar aghaidh doras tí Mhicheál Gill go díreach, tá geata a’ gabháil isteach ann.

ÁINE: Ó yeah.

WATTIE: Ag tí Phete Gill?

PEAITSÍN: Sea ach tá bealach, bealach a' gabháil ag an teach nua a rinneadh ansin gon séiplíneach, go Greeley, síos Bóthar an Leachta a ghabhas tú anois ann.

ÁINE: Sea, tá 'fhios a’m an ceann sin. So bhí, bhí chuile dhuine an-sásta mar sin go raibh séipéal tógthaí.

PEAITSÍN: Ó bhítheadh sásta agus go deimhin bhí daoiní a' gabháil aige freisin ar dtús (gáire).

ÁINE: A' raibh, níl mórán a' gabháil anois ann.?

PEAITSÍN: Ach nuair a tosaíodh, mar a déarfá a' déanamh Turas na gCros agus chuile rud ann

WATTIE: Bhí crowd deas Dé Domhnaigh seo caite ann.

ÁINE: A' raibh?

WATTIE: Ach go Robert Twenty a bhí an tAifreann, bhí go leor as Cill Rónáin ann a' bhfuil 'fhios a'd.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Bhuel níl na daoine ann anois ar bhealach le

ÁINE: Níl mórán.

PEAITSÍN: Ach amháin nuair a bhíonns an Samhradh ann agus na daoine tagthaí mar nach bhfuil leath an oileáin seo imithe, ní ar an áit atá dar a' maireachtáil ar chor ar bith. Agus eh ní

raibh an Tech an uair sin ná tada ann a' bhfuil 'fhios a'd agus ní raibh na daoiní, bhídís, d’imeoidís ag obair in áit eicínt.

ÁINE: Sea. A' mbeadh tada ar bith eile anois a thaitneodh libh a inseacht dom faoin séipéal?

PEAITSÍN: Muise diabhal is a’m tada mórán faoi anois ach an méid sin.

ÁINE: Ach an mhí deireanach bhí tusa ag obair air a Pheaitsín, ab ea?

PEAITSÍN: Bhuel ba ea an chuid deireanach de.

WATTIE: Nuair a bhí sé tógtha a’inn.

PEAITSÍN: Mar chuaigh Josie (--) Is dóigh go raibh, bhuel nuair a bhí an cloigeann á chur air bhí mé, slates agus rudaí go, bhí Tommy Denny agus Máirtín, bhí Máirtín ….

WATTIE: …. Ní raibh tada eile le déanamh leis ansin….

PEAITSÍN: …. ann píosa, ní raibh ar deireadh. Bhí Pádraic

ÁINE: Cá ndeachaigh tusa a Wattie, go Sasana, ab ea?

PEAITSÍN: Pait ….

WATTIE: …. Go Sasana, mé fhéin agus Máirtín a’Bheagach….

PEAITSÍN: …. Paitín Pheaits

ÁINE: Sin é athair Mharcus ab ea?

WATTIE: Athair Mharcus.

ÁINE: Ó so meas tú ….

WATTIE: …. Chaithfeadh sé go bhfuil mise a’ fáil sean freisin.

ÁINE: Chaithfeadh sé go bhfuil tusa …

WATTIE: (Gáire).

ÁINE: So mar sin nach shin é an fear a cheap muid an chéad chorp a chuaigh ann, ab é?

WATTIE: Sé ach ní raibh sé i Sasana an uair sin ach, chuaigh sé go Sasana in August tá mé a’ ceapadh, chuaigh sé abhaile faoi Nollaig, le na Nollag ….

PEAITSÍN: …. Bhí sé gortaithe, bhí a chois gortaithe….

WATTIE: …. Fritheadh básaí sa leaba nollag, lá Nollaig nó rud eicínt.

ÁINE: Á agus cailleadh é.

WATTIE: Cailleadh.

ÁINE: Á.

PEAITSÍN : Sé an chaoi a fuarthas básaithe é, bhí sé thuas a’inne ag imirt chártaí an oíche roimhe agus

WATTIE: An croí ab ea?

PEAITSÍN: Bhí sé ceapthaí a dhul suas aríst an oíche lá arna mháireach ach b’fhada leob go raibh sé a’ teacht, go bhfaca aon duine é, agus nuair a tháinig Peterín anoir Ar ndóigh nach é an chaoi a raibh sé básaithe ar a’ leaba.

ÁINE: Ó by dad, yeah. Bhuel sin é anois.

WATTIE: Sin é anois é.

ÁINE: Go raibh mile maith agaibh faoi theacht isteach agus fuair muid go leor eolas….

WATTIE: …. Ach a’ bhfuil 'fhios a’d céard a bhí mé ag cuimhneamh anois air faoi cheann leath, leath chéad bliain eile nuair a bhéas sibh ag caint ar sin aríst, ní bheidh sibhse ann ach an oiread linne.

ÁINE: Ó bhuel Ar ndóigh tá súil a’msa go mb’fhéidir go mbeinn fhéin ann.

WATTIE: Á ní bheidh nó beidh tú an-sean.

ÁINE: (Gáire) Á anois a Wattie ní bheidh mé chomh sean sin ach beidh sé fágthaí agus nach breá an rud a leithéid a bheith ann.

WATTIE: Is deas, céard, cén aois é séipéal Eochaill, an bhfuil sé níos sine ná séipéal Chill Rónáin?

ÁINE: Ó tá.

PEAITSÍN: Ó sin é an séipéal is sine in Árainn.

ÁINE: Tá sé sin céad go leith nó rud eicínt nach bhfuil meas tú?

PEAITSÍN: Níl ’fhios a’m a’ raibh sé déanta roimh shéipéal Chill Rónáin, séipéal Eochla.

ÁINE: Á bhí, bhí. Tá séipéal, tá séipéal Eochla níos sine ná séipéal Chill Rónáin, tá.

PEAITSÍN: Ó bhí mé ag ceapadh go raibh….

WATTIE: …. Séipéal Chill Rónáin, an anniversary, nach céad bliain ab ea?

ÁINE: Céad bliain a bhí Cill Rónáin ….

PEAITSÍN: …. Bhí séipéal, bhí séipéal ansin in Eochaill roimhe sin.

ÁINE: Bhí.

PEAITSÍN: Bhí siad a’ rá teach tuí síos, bhí an áit sin lán le tithe tuí. Níl ’fhios a’m a’ raibh aon séipéal i gCill Rónáin nó nach raibh roimh an séipéal sin. Is dóigh go raibh.

ÁINE: Níl ’fhios a’m.

WATTIE: Is dóigh go mbeadh tithe beaga is dóigh b’fhéidir

PEAITSÍN: Hm?

WATTIE: Ach i dtaobh Aifrinn, is dóigh go mbeidís a’ léamh Aifrinn ins na tithe an uair sin b’fhéidir.

ÁINE: B’fhéidir go mbíodh nó b’fhéidir nach raibh aon Aifreann ann. Ní raibh aon sagart ann b’fhéidir nó, anois agus aríst.

PEAITSÍN: Ach eh ní raibh na séipéil an uair sin

ÁINE: Agus bhí na séipéil ansin, abair séipéal Eochla, bhí sé beag. Ní séipéal mór é.

PEAITSÍN: Ó níorbh ea.

ÁINE: Má bhí an t-oileán ar fad a’ braith air.

WATTIE: Tá an-time ag na sagairt anseo nach bhfuil.

ÁINE: Hm?

WATTIE: Tá an-time acub anois nach bhfuil.

ÁINE: Tá, tá, tá, níl, níl an iomarca obair orthub anyways.

PEAITSÍN: Séipéal Chill Rónáin é fhéin, bhíodh gallery ann. Níl ’fhios a’m, ba cheart go ….

WATTIE: …. Tá sé i gcónaí ann.

ÁINE: Bhí.

PEAITSÍN: An gcuimhníonn tú air?

ÁINE: Yeah.

WATTIE: Nach bhfuil sé i gcónaí ann.

ÁINE: Níl.

PEAITSÍN: Níl.

WATTIE: Cé nach bhfuil

BAIRBRE: Nuair a tháinig Father Moran déarfainn “__+ ?.

PEAITSÍN: Sé Fr. Moran nach é a thóg as é.

ÁINE: Yeah, sé. Tá sé in Eochaill alright a Wattie.

WATTIE: Ó in Eochaill, sea.

ÁINE: Tá sé in Eochaill yeah.

WATTIE: Cuimhním nuair a bhí sé i gCill Rónáin, níl sé chomh fada sin imithe as Cill Rónáin mar sin.

ÁINE: Naoi déag ochtó b’fhéidir.

PEAITSÍN: Ó tá sé píosa deas.

WATTIE: Scór blianta ….?

PEAITSÍN: …. Father Moran a rinne an obair ar, ar shéipéal Eochla….

WATTIE: …. Cuimhním nuair a théadh an dream óg ar fad suas an staighre.(Peaitsín agus Wattie ag caint ag an am céanna)

ÁINE: Yeah.

PEAITSÍN: Sé Father Mac [MacNamara] Fr. Walsh ansin a chur an ceann air.

ÁINE: Á sea.

PEAITSÍN: Mar bhí droch chloigeann air.

ÁINE: Bhí, tá an ceart ansin a’d.

PEAITSÍN: Baineadh na crainnte a bhí thimpeall air.

ÁINE: That’s right, tá sé go breá anois….

PEAITSÍN: …. Bhí siad sin timpeall ar chuile shéipéal, amuigh i gConamara freisin anois, i gCamus bhí crann a’ gabháil, bhí sé a’ fás chomh h-ard go raibh sé a’ gabháil ós cionn an tséipéil amuigh i Rosmuc. Bhí sagart eicínt tháinig sé agus ghearr sé uilig iad a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PEAITSÍN: Cuireadh caoi bhreá ar shéipéal Chill Rónáin ar bhealach thimpeall air. Cuireadh caoi dheas ar an tsráid. Bhíodh an tsráid go gránna.

ÁINE: Sin é anois é. Go raibh míle maith agaibh agus thanks faoi theacht isteach. Fad saol agaibh. (Peaitsín agus Wattie ag caint ag an am céanna)

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.