Bailiúchán Béaloidis Árann

Bailiúchán Béaloidis Árann

Béaloideas an oileáin arna bhailiú ag muintir an oileáin

Is ar Árainn, an t-oileán is mó de thrí Oileáin Árann, atá an stór seo dírithe. Is é Bailiúchán Béaloidis Árann an t-aon mhór-bhailiúchán de bhéaloideas an oileáin dar chruinnigh na hoileánaigh féin ariamh. Tá bailiúcháin éagsúla de bhéaloideas Árann cruthaithe ón naoú céad déag i leith, ach is rud ar leith é bailiúchán arna chruthú ag muintir na háite iad féin agus dóibh féin. Sa bhailiúchán seo, maireann saibhreas cainte, nathanna, agus traidisiúin nach bhfuil i mbéal na ndaoine a thuilleadh.

Le blianta anuas, is ar bhonn ad hoc a bhí teacht ag úsáideoirí ar Bhailiúchán Béaloidis Árann, agus é sin le cabhair dheonach na n-oileánach; cuir i gcás, eolas agus grianghraif a soláthraíodh do thaispeántas Ollscoil na Gaillimhe faoi Mháirtín Ó Direáin. Cuireann an tionscadal úr seo Bailiúchán Béaloidis Árann ar bhonn níos buaine, níos inmharthana. Mar fhoshuíomh ar mhórshuíomh dúchas.ie, tá teacht ag daoine ar áis saindeartha Bhailiúchán Béaloidis Árann. Ceadaíonn an t-ardán nua seo don bhailiúchán freastal ní amháin ar mhuintir Árann i gcéin is i gcóngar ach freisin ar dhaoine ar suim leo béaloideas, stair, traidisiúin, agus an cultúr. Tá sé anois ag freastal go héasca agus go freagrach ar an léann, ar an ealaín, agus ar an bpobal trí chéile.

Anseo, faightear blaiseadh den bhailiúchán iomlán, rogha a rinneadh go speisialta don suíomh seo. Cuidíonn an tionscadal úr seo le Bailiúchán Béaloidis Árann ár n-oidhreacht a chaomhnú agus a chothú trína chur in oiriúint don saol digiteach ar a bhfuil an óige anois ag brath. Trí aird a tharraingt ar bhéaloideas nach maireann i gcartlanna eile, cuirimid freisin le cáil oidhreacht Árann.

Bairbre Uí Chonaill agus Mary Tim Uí Iarnáin ag breacadh logainmneacha i mBun Gabhla, Árainn

Mná ag obair: Bairbre Uí Chonaill agus Mary Tim Uí Iarnáin ag breacadh logainmneacha i mBun Gabhla, Árainn. Grianghrafadóir: Neil Warner. BBÁ.

Dóibh siúd a bhfuil teacht acu ar ghléas digiteach, ar ríomhaire nó ar ghuthán cliste, in aon áit ar fud an domhain mhóir, tá rochtain mhealltach dhátheangach inmharthana ar bhéaloideas Árann le fáil anseo. Agus oidhreacht Árann ar ardán taobh le taobh le saibhreas Chnuasach Bhéaloideas Éireann, gealltar infhionntacht dó agus aithnítear go sonrach luach oidhreachta na n-oileán beag i gcomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Stair an Bhailiúcháin

I 1994, thug scéim thraenála de chuid FÁS grúpa ban as Árainn le chéile, grúpa a ghlac an t-ainm Mná Fiontracha. B'fhacthas dúinn go raibh saibhreas mór béaloidis gan bailiú san oileán agus go mbeadh muid féin breá ábalta tabhairt faoina thiomsú. Bailiúchán Béaloidis Árann a thugamar ar an tionscnamh agus seoladh é ar an 23 Deireadh Fómhair 2000 i bhFearann an Choirce in Árainn.

Thugamar faoi agallaimh a chur ar oileánaigh éagsúla. Rinneamar ócáidí pobail a thaifeadadh. Ghlacamar grianghraif agus rinneamar scanadh ar shean-ghrianghraif ar mhaithe le híomhánna digiteacha a dhéanamh díobh. Chruthaíomar léarscáileanna ar a bhfuil logainmneacha áitiúla breactha. Chruinníomar ábhar ar pháipéar — foilseacháin agus eile — a bhain le dúchas Árann.

Ag tosnú amach dúinn ar bhóthar na foilsitheoireachta, i 2002 d'eisigh muid leabhrán beag dar teideal Paidreacha a bhailigh muid ó na seandaoine san oileán, chomh maith le leabhrán scéalta, An Nollaig Mar a Bhí, agus féilire 2003. Is i Meán Fómhair 2003 a d'eisigh muid an leabhar Árainn: Cosáin an tSaoil ina bhfuil léarscáileanna a ainmníonn bóithrí, toibreacha, carcaireacha, agus sealbhóirí tithe i ngach aon ceann den ceithre bhaile déag in Árainn. Go gairid ina dhiaidh sin, i 2004 d'fhoilsigh muid Ár nOileán: Tuile 's Trá, leabhar ina bhfuil lear mór grianghraif chomh maith le haltanna éagsúla ag cur síos ar stair agus ar bhéaloideas an oileáin. Fuair an foilseachán seo tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta faoi scéim deontais d'fhoilseacháin 2004, ó Údarás na Gaeltachta, ón Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, ón eagras pobail Cumas Teo., agus ó Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Tá gradaim éagsúla buaite ag na Mná Fiontracha agus ag Bailiúchán Béaloidis Árann. I 2003, bhronn Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe gradam a bhí urraithe ag Bord Gáis orthu, Gradam Oidhreachta Cheantar Chonamara. I 2005, le tacaíocht ón eagras Colmcille, thug na Mná Fiontracha cuairt ar oileáin na hAlban ag fiosrú tionscadail éagsúla a bhain le béaloideas agus le hoidhreacht na n-oileán ansiúd.

Máire agus Áine Pheaits Bheairtlín Ní Iarnáin ag taifeadadh agallaimh sa seomra ranga i Scoil an Cheathrar Álainn i bhFearann an Choirce, Árainn

Na deirfiúracha Máire agus Áine Pheaits Bheairtlín Ní Iarnáin ag taifeadadh agallaimh sa seomra ranga i Scoil an Cheathrar Álainn i bhFearann an Choirce, Árainn, scoil a dúnadh i 2005. BBÁ.

Saol Úr don Bhailiúchán

Bhí agus tá sé mar aidhm ag Bailiúchán Béaloidis Árann go mbeadh cartlann dá gcuid féin ag muintir an oileáin. As seo go sin, táimid ag dul i muinín na teicneolaíochta digití ar son beatha agus todhchaí an bhailiúcháin. Anseo, tairgímid áis ar líne don sainchnuasach oidhreachta seo i gcomhair le Fiontar & Scoil na Gaeilge ag DCU, áis atá ar fáil saor in aisce ar ardán a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach aige, dúchas.ie. Tá glactha ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann le cúram caomhnaithe an bhunábhair.

Ó thús agus sinn i mbun oibre, tá comhairle ghairmiúil i leith na modheolaíochta faighte againn ó chartlannaithe, agus ó scoláirí. D'aistríomar comhaid dhigiteacha ó shean-thiomántáin chrua agus caomhnaíodh an t-ábhar ar pháipéar, grianghraif, agus léarscáileanna. Rinneadh seo ar mhaithe leis an mbunábhar digiteach a dhaingniú agus a chur in oiriúint don obair. Tugadh faoi ionchur agus leasú mionsonraí; faoi innéacsú digiteach; faoi réiteach meiteashonraí; faoi chíoradh agus faoi ghlanadh na meiteashonraí; agus faoi eagarthóireacht agus faoi rangú ábhair don áis idirlín. Tugadh freisin faoi réiteach agus faoi dhearadh an tsuímh idirlín seo i gcomhpháirt le foireann Fiontar & Scoil na Gaeilge in DCU. Lean an taighde ar mhaithe le comhthéacs cruinn a thabhairt don bhailiúchán pobail seo.

Bunaíodh Bailiúchán Béaloidis Árann le dhá mhórsprioc: go gcaomhnófaí béaloideas an oileáin dóibhsean a thiocfaidh inár ndiaidh; agus go mbeadh teacht ar ábhar béaloidis an oileáin san oileán féin. Ceadaíonn cur chuige digiteach dúinn an dá mhórsprioc seo a chomhnascadh go sásúil spleodrach. Beidh pobal Árann ar fud na cruinne in ann teacht go héasca ar a n-oidhreacht fhéin agus rachaidh saíocht dá leithéid i gcion ar an líon ollmhór turasóirí a thagann go hÁrainn go bliantúil. Spreagfaidh an áis nua an pobal trína n-oidhreacht a chur ar ardán idirnáisiúnta agus daingneofar a n-iarrachtaí a gcultúr féin a chothú.