Buíochas
Tá Bailiúchán Béaloidis Árann faoi chomaoin ag na daoine ar fad agus na heagrais éagsúla a thacaigh linn i gcaitheamh na mblianta.
I dtosach, glacann muid buíochas ó chroí le muintir Árann a thug cúnamh agus tacaíocht dúinn an bailiúchán a chur le chéile, go mór mhór leis na daoine a rinne agallaimh linn agus a roinn eolas linn, nó a scríobh píosa, nó a roinn pictiúir linn, nó a chaith am ag dul thart leis na mná ag tabhairt cúnaimh dóibh toibreacha, bóithre, agus carcaireacha a mharcáil ar na léirscáileanna. Tá cuid den lucht tacaíochta sin anois ar shlí na fírinne. Is cúis áthais dúinn go mairfidh a saíocht agus a saothar sna blianta amach anseo.
Tá buíochas speisialta ag dul do Mhaeve Uí Fhlaithearta nach maireann, an bhean a thiomáin an tionscadal ó thús, a bhunaigh an cúrsa FÁS agus a spreag daoine chun gnímh; le Pádraigín Clancy, béaloideasóir agus staraí a d'oibrigh mar chomhordaitheoir ar an tionscadal agus a thug treoir ghairmiúil dúinn agus muid ag tosnú amach; le Treasa Ní Dhioráin, a chaith seal ina comhordaitheoir chomh maith; do bhaill uile na mBan Fiontrach ó thús aimsire; agus do Dheirdre Ní Chonghaile, a d'oibrigh mar choimeádaí digiteach ar an suíomh idirlín seo.
Lucht Maoinithe na hOibre Bailithe
- FÁS
- Comhdháil Oileán na hÉireann
- An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
- Comharchumann Forbartha Árann
- Comhar Creidmheasa Árann
- Aodh Ó Dochartaigh
- An Chomhairle Oidhreachta
- LEADER
- Cumas Teo.
- Údarás na Gaeltachta
Mná Fiontracha
- Mary Anne Connolly
- Ursula Murry
- Bairbre Ní Chuinn
- Pauline Ní Iarnáin
- Treasa Ní Mhiolláin
- Cyril Ó Flaithbheartaigh
- Eibhlín Seoighe
- Síle Seoighe
- Mandy Seoighe
- Bairbre Uí Chonaill
- Máire Uí Chonghaile
- Mairéad Uí Chonghaile
- Máirín Uí Chonghaile
- Maggie Uí Chonghaile
- Margaret Uí Dhioráin
- Bríd Uí Fhátharta
- Áine Uí Fhlaithearta
- Maeve Uí Fhlaithearta
- Mairéad Uí Ghiolláin
- Catherine Uí Iarnáin
- Sally Uí Iarnáin
- Catherine Uí Mhaoláin
- Máire Wolfe
Lucht Tacaíochta
- Ann Mallaghan
- Marie Mannion
- Coiste Forbartha Fhearann an Choirce (Comhar Aonghusa a bhíodh)
- Coiste Bainistíochta Bhailiúchán Béaloidis Árann
- Cnuasach Bhéaloideas Éireann
- Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
- Áras Shorcha Uí Ghuairim, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
- Bord Sláinte an Iarthair
- Muintearas
- Máire Feiritéar
- Fionnghuala Ní Choncheanainn
- Micheál Ó Conaill
- An tAthair Liam Ó Raghallaigh S.P.
- Pádraig Ó Tuairisg
- Tim Robinson
- Maggie Seoighe
- Olwen Uí Ghoill
- Máire Uí Iarnáin
- Na daoine ar fad a thug léachtaí dúinn i gcaitheamh na mblianta
- Grianghrafadóirí gairmiúla a thug pictiúirí dúinn