Bailiúchán Béaloidis Árann

Eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí bba.duchas.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid?

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair seirbhísí mar Plausible. Úsáidimid Plausible chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Plausible sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh. Úsáidtear fianán chun eolas a stóráil faoi rogha teanga an úsáideora. Ní bhíonn an fianán nasctha le sonraí pearsanta ar bith.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo?

Usáidimid na sonraí bailithe ag Plausible chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, agus ní chuireann na sonraí seo ar ár gcumas úsáideoirí aonair a shainaithint.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo?

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid go deo iad. Ligeann sé sin dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Toiliú

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach ar an leathanach seo.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag eolas@duchas.ie.