Bailiúchán Béaloidis Árann

An Bailiúchán a bhrabhsáil agus a chuardach

Foilsítear dhá fhobhailiúchán de Bhailiúchán Béaloidis Árann (BBÁ), ina bhfuil grianghraif agus taifeadtaí fuaime a bhailigh foireann an tionscadail, ar an suíomh gréasáin seo. Is féidir an dá fhobhailiúchán a bhrabhsáil agus na hiontrálacha iontu a scagadh de réir critéir áirithe. Foilsítear líon beag físeán a tugadh do BBÁ ar leathanach amháin de chuid an tsuímh freisin. Is féidir teacht ar ábhar iomlán an tsuímh ghréasáin trí inneall cuardaigh téacs agus tá bunachar daoine ainmnithe ann atá nasctha leis na hiontrálacha uilig. Déantar cur síos ar na háiseanna seo ar fad thíos.

Grianghraif

Tá roinnt céadta grianghraf san fhobhailiúchán seo a ghlac BBÁ nó a bhailigh foireann an tionscadail ó fhoinsí éagsúla. Bíonn uimhir tagartha uathúil dar tús na litreacha BBAG ag gach grianghraf. Léirítear ábhar an fhobhailiúcháin thar sraith leathanach. Úsáidtear dhá chnaipe, ar a bhfuil saighead dheas agus saighead chlé, chun gluaiseacht chun cinn nó chun gluaiseacht siar, faoi seach, tríd na hiontrálacha. Chun léim chuig leathanach faoi leith, scríobhtar uimhir an leathanaigh san fhearann atá idir an dá chnaipe agus brúitear an eochair iontrála (ENTER). Cliceáiltear ar ghrianghraf faoi leith chun an iontráil a ghabhann leis a léiriú ina iomlán.

Is féidir iontrálacha an fhobhailiúcháin a scagadh de réir critéir éagsúla ach na rialtáin atá ar thaobh na láimhe clé den leathanach (nó faoi roghchlár insínte ar ghléasanna móibíleacha) a úsáid. Ina measc, tá:

  • Tagairt chartlainne — Na hiontrálacha a scagadh de réir tagairt chartlainne. Ní gá uimhir iomlán a scríobh anseo. Mar shampla, clóscríobhtar 'BBAG.0002' agus brúitear an eochair iontrála chun torthaí lena n-áirítear 'BBAG.00020', 'BBAG.00021', 'BBAG.00028', etc. a fháil.
  • Duine — Na hiontrálacha a scagadh de réir an bhaint atá acu le duine áirithe. B'fhéidir gurbh é an grianghrafadóir, duine atá le feiceáil sa ghrianghraf, nó duine a bhfuil baint eile acu leis an ngrianghraf a bheadh i gceist. Brúitear 'Roghnaigh…' agus roghnaítear an duine cuí ón liosta; is féidir ainm duine a scríobh freisin chun liosta na roghanna a laghdú.
  • Áit (in Éirinn) — Na hiontrálacha a scagadh de réir suíomh geografach in Éirinn. Is as Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) na logainmneacha sa liosta.
  • Tír — Na hiontrálacha a scagadh de réir tír áirithe.
  • Áit (thar lear) — Na hiontrálacha a scagadh de réir suíomh geografach lasmuigh d'Éirinn. Is as bunachar GeoNames na logainmneacha sa liosta.

Is féidir freisin na hiontrálacha a shórtáil ach na roghanna faoi Ord liostála a cheadú:

  • Tagairt chartlainne — Mar réamhshocrú, taispeántar na hiontrálacha in ord ón tagairt chartlainne is ísle (e.g. 'BBAG.00001') go dtí an ceann is airde.
  • Dáta (is luaithe) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta gabhála is luaithe, más eol, ar dtús.
  • Dáta (is déanaí) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta gabhála is déanaí, más eol, ar dtús.

Leid: Clóscríobhtar an tagairt chartlainne a bhaineann le grianghraf áirithe sa bhosca cuardaigh ag barr an leathanaigh, is cuma cén rannóg den suíomh atá i gceist, agus brúitear an eochair iontrála chun léim go díreach chuig an ngrianghraf sin.

Aicearra méarchláir: Agus iontráil grianghraif faoi leith ar oscailt, brúitear na heochracha SHIFT agus O le chéile chun an grianghraf a thaispeáint in amharcóir speisialta.

Taifeadtaí fuaime

Tá breis agus 50 uair an chloig d'ábhar fuaime a thaifead foireann BBÁ san fhobhailiúchán seo. Bíonn uimhir tagartha uathúil dar tús na litreacha BBAF ag gach taifeadadh. Léirítear ábhar an fhobhailiúcháin thar sraith leathanach. Úsáidtear dhá chnaipe, ar a bhfuil saighead dheas agus saighead chlé, chun gluaiseacht chun cinn nó chun gluaiseacht siar, faoi seach, tríd na hiontrálacha. Chun léim chuig leathanach faoi leith, scríobhtar uimhir an leathanaigh san fhearann atá idir an dá chnaipe agus brúitear an eochair iontrála (ENTER). Brúitear an cnaipe 'Breis eolais' chun an iontráil a léiriú ina iomlán. Is féidir, chomh maith, an cnaipe SEINN a bhrú chun éisteacht leis an taifeadadh gan an iontráil a oscailt. Fágann sé seo gur féidir éisteacht le mír fuaime agus tú fós i mbun brabhsála.

Is féidir iontrálacha an fhobhailiúcháin a scagadh de réir critéir éagsúla ach na rialtáin atá ar thaobh na láimhe clé den leathanach (nó faoi roghchlár insínte ar ghléasanna móibíleacha) a úsáid. Ina measc, tá:

  • Tagairt chartlainne — Na hiontrálacha a scagadh de réir tagairt chartlainne. Ní gá uimhir iomlán a scríobh anseo. Mar shampla, clóscríobhtar 'BBAF.0002' agus brúitear an eochair iontrála chun torthaí lena n-áirítear 'BBAF.00020', 'BBAF.00021', 'BBAF.00028', etc. a fháil.
  • Duine — Na hiontrálacha a scagadh de réir an bhaint atá acu le duine áirithe. B'fhéidir gurbh iad na faisnéiseoirí, na bailitheoirí, nó daoine eile a bhfuil baint eile acu leis an taifeadadh a bheadh i gceist. Brúitear 'Roghnaigh…' agus roghnaítear an duine cuí ón liosta; is féidir ainm duine a scríobh freisin chun liosta na roghanna a laghdú.
  • Áit (in Éirinn) — Na hiontrálacha a scagadh de réir suíomh geografach in Éirinn. Is as Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie) na logainmneacha sa liosta.
  • Teanga — Na hiontrálacha a scagadh de réir teanga áirithe. D'fhéadfadh teanga amháin nó níos mó a bheith i gceist le taifeadadh ar bith.

Rinneadh cuid de na taifeadtaí fuaime a thras-scríobh ó thús deireadh. Cuireann an rialtán Stádas tras-scríofa ar do chumas gan ach iontrálacha tras-scríofa nó iontrálacha gan tras-scríbhinn a léiriú.

Is féidir freisin na hiontrálacha a shórtáil ach na roghanna faoi Ord liostála a cheadú:

  • Tagairt chartlainne — Mar réamhshocrú, taispeántar na hiontrálacha in ord ón tagairt chartlainne is ísle (e.g. 'BBAF.00001') go dtí an ceann is airde.
  • Dáta (is luaithe) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta taifeadta is luaithe, más eol, ar dtús.
  • Dáta (is déanaí) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta taifeadta is déanaí, más eol, ar dtús.

Leid: Clóscríobhtar an tagairt chartlainne a bhaineann le taifeadadh áirithe sa bhosca cuardaigh ag barr an leathanaigh, is cuma cén rannóg den suíomh atá i gceist, agus brúitear an eochair iontrála chun léim go díreach chuig an taifeadadh sin.

Aicearra méarchláir: Nuair atá an seinnteoir fuaime ar oscailt, brúitear an spásbharra chun an taifeadadh reatha a sheinm nó a chur ar sos.

Taifeadtaí físe

Tá roinnt taifeadtaí físe a tugadh do BBÁ ar an leathanach seo. Ní chuirtear roghanna scagtha agus sórtála ar fáil ós rud é nach bhfuil ach roinnt iontrálacha i gceist. Mar sin féin, is féidir teacht ar gach físeán tríd na háiseanna cuardaigh téacs agus daoine atá ar fáil ar an suíomh gréasáin (féach thíos).

Brúitear físeán chun é a sheinm. Is féidir físeáin a sheinm i mód lánscáileáin ach úsáid a bhaint as na rialtáin atá ar fáil ar do ghléas.

Leid: Clóscríobhtar an tagairt chartlainne a bhaineann le físeán áirithe sa bhosca cuardaigh ag barr an leathanaigh, is cuma cén rannóg den suíomh atá i gceist, agus brúitear an eochair iontrála (ENTER) chun léim go díreach chuig an bhfíseán sin.

Daoine

Is féidir daoine faoi leith a aimsiú i measc na bhfobhailiúchán uile leis an áis seo. Léirítear liosta iomlán na ndaoine thar sraith leathanach. Úsáidtear dhá chnaipe, ar a bhfuil saighead dheas agus saighead chlé, chun gluaiseacht chun cinn nó chun gluaiseacht siar, faoi seach, tríd na hiontrálacha. Chun léim chuig leathanach faoi leith, scríobhtar uimhir an leathanaigh san fhearann atá idir an dá chnaipe agus brúitear an eochair iontrála (ENTER).

Is féidir ainm faoi leith a chuardach sa bhosca cuardaigh ag barr an leathanaigh.

Taispeántar cnaipe amháin nó níos mó faoi bhun ainm an duine i ngach iontráil, ag tagairt do na fobhailiúcháin a bhfuil iontrálacha acu ag baint leis an duine sin. Léirítear líon na n-iontrálacha a bhaineann leis an duine mar uimhir taobh leis an gcnaipe. Brúitear cnaipe chun tú a thabhairt chuig liosta na n-iontrálacha san fhobhailiúchán atá i gceist. D'fhéadfadh cnaipe breise dar teideal dúchas.ie a bheith ann. Sa chás sin, tá sonraí ag baint leis an duine i seilbh Chnuasach Bhéaloidis Éireann (CBÉ) ina gcartlann dhigiteach siúd ar dúchas.ie. Is féidir an cnaipe a bhrú chun tú a thabhairt chuig sonraí CBÉ.

Is féidir liosta na n-iontrálacha a scagadh de réir Gairme. Brúitear 'Roghnaigh…' agus roghnaítear gairm ón liosta; is féidir teideal gairme a scríobh freisin chun liosta na roghanna a laghdú.

Is féidir freisin na hiontrálacha a shórtáil ach na roghanna faoi Ord liostála a cheadú:

  • Céadainm — Mar réamhshocrú, taispeántar na hiontrálacha in ord aibítreach de réir céadainm an duine.
  • Sloinne (gnáthfhoirm) — Taispeántar na hiontrálacha in ord aibítreach de réir sloinne an duine. Baineann 'gnáthfhoirm' le sloinnte Gaeilge. Sa chás seo, úsáidtear gnáthfhoirm an tsloinne sa tuiseal ainmneach don tsórtáil, san fhoirm don fhear, don bhean chéile nó don iníon, e.g. tugtar 'Ní Chonghaile' roimh 'Ó Conghaile'.
  • Sloinne (lomfhoirm) — Taispeántar na hiontrálacha in ord aibítreach de réir sloinne an duine. Baineann 'lomfhoirm' le sloinnte Gaeilge. Sa chás seo, úsáidtear foirm an tuisil ainmnigh den sloinne lúide gach réimír, alt agus athrú tosaigh, e.g. tugtar 'de Bhailís' (Bailís) roimh 'Breathnach' (Breathnach).
  • Dáta breite (is luaithe) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta breithe is luaithe, más eol, ar dtús.
  • Dáta breite (is déanaí) — Taispeántar na hiontrálacha leis an dáta breithe is déanaí, más eol, ar dtús.

Socraíonn Ord taispeána na n-ainmneacha cé acu an gcuirtear ainmneacha i láthair mar 'Ainm Sloinne' (e.g. 'Breandán Ó hEithir') nó 'Sloinne, Ainm' (e.g. 'Ó hEithir, Breandán'). Níl aon tionchar aige ar ord liostála na n-iontrálacha.

Cuardach téacs

Baintear úsáid as an mbosca cuardaigh, suite ag barr gach leathanaigh de chuid an tsuímh ghréasáin, chun iontrálacha nó daoine a aimsiú a fhreagraíonn do théarma cuardaigh amháin nó níos mó. Taispeántar líon na dtorthaí a aimsítear i ngach fobhailiúchán mar chuid de nascleanúint an tsuímh. Is féidir an bosca cuardaigh a ghlanadh, agus gníomh cuardaigh reatha ar bith a chur ar ceal, ach an 'X' taobh le deilbhín an ghloine formhéadúcháin a bhrú.

Má tá grianghraif nó taifeadtaí fuaime nó daoine á mbrabhsáil agat cheana agus tú i mbun cuardaigh, taispeánfar torthaí ón bhfobhailiúchán reatha ar dtús. Seachas sin, tabharfar tú chuig an rannóg den suíomh leis an líon torthaí is airde.

Má osclaítear grianghraf nó iontráil fuaime a aimsítear mar thoradh ar chuardach téacs, aibhsítear na téarmaí cuardaigh gach áit arb ann dóibh i dtéacs na hiontrála. Bíonn cúlra uaine ag téarmaí beachta; cúlra de dhath an ghainimh a bhíonn ag téarmaí infhillte nó malartacha.

Aicearra méarchláir: Tabharfar tú caol díreach chuig an mbosca cuardaigh ach na heochracha CTRL agus K (Cmd agus K ar ghléasanna Mac de chuid Apple) a bhrú le chéile.

Teanga chuardaigh

Feictear an rialtán Teanga chuardaigh nuair atá cuardach téacs idir lámha. Taispeántar é faoi bhun na scagairí ar thaobh na láimhe clé den leathanach (nó faoi roghchlár insínte ar ghléasanna móibíleacha). Cuireann sé seo ar do chumas sprioctheanga na dtéarmaí cuardaigh a shonrú agus bíonn tionchar dá réir ar thorthaí an chuardaigh. Mar shampla, má chuardaítear an focal 'light' agus an Ghaeilge mar theanga chuardaigh, ní aimseofar ach torthaí a bhfuil an téarma beacht 'light' iontu. Ar an láimh eile, má dhéantar an cuardach céanna agus an Béarla roghnaithe mar theanga chuardaigh, aimseofar torthaí ina bhfuil focail mar 'lights', 'lighting', etc.

Comhréir don chuardach casta

Is féidir cuardach téacs níos sainiúla nó níos sofaisticiúla a dhéanamh ach leas a bhaint as an gcomhréir sa tábla thíos.

Comhréir Míniú Iarratas samplach Samplaí de théacsanna a aimseofar
abc Aimsítear foirmeacha infhillte agus foirmeacha malartacha den téarma 'abc' teach an tsagairt 'i dteach an tsagairt', 'ó theach an tsagairt', 'teach a raibh sagart paróiste ina chónaí ann'
"abc" Aimsítear an téarma beacht 'abc' creatlach "an bháid" 'creatlach an bháid', 'chreatlach an bháid', 'i gcreatlach an bháid'
+abc Aimsítear an téarma beacht 'abc' bád +iascaigh 'bád iascaigh', 'báid iascaigh', 'a bhád iascaigh'
-abc def Aimsítear foirmeacha infhillte agus foirmeacha malartacha den téarma 'def' ach fágtar gach téacs ina bhfuil gach foirm den téarma 'abc' ar lár. bád -currach 'bád', 'báid', 'bád iascaigh', 'bád farantóireachta'
-"abc" def Aimsítear foirmeacha infhillte agus foirmeacha malartacha den téarma 'def' ach fágtar gach téacs ina bhfuil an téarma beacht 'abc' ar lár. light -"lights" 'light', 'lighting'
[abc | def] Aimsítear an téarma beacht 'abc' nó an téarma beacht 'def' ag féachaint [siar | amach | isteach] 'ag féachaint siar', 'ag féachaint amach', 'ag féachaint isteach'
abc* Aimsítear focail dar tús 'abc' comhar* 'comharchumann', 'comharsa', 'comharsana', 'comhartha'
{abc *1* def} Aimsítear an téarma 'abc' i ngiorracht aon fhocail den téarma 'def'. Ní mór do na téarmaí 'abc' agus 'def' a bheith ina bhfocail aonair. Is féidir an uimhir a leasú ar mhaithe le raon giorrachta níos mó. {Maggie *2* Dhioráin} 'Maggie Uí Dhioráin', 'Maggie Tom Uí Dhioráin'

Ord liostála na dtorthaí

Ní féidir na rialtáin a bhaineann le hord liostála na dtorthaí a úsáid agus cuardach téacs i gceist. Is amhlaidh atá toisc go ndéanann an cuardach iarracht na sleachta téacs is fearr a fhreagraíonn do na téarmaí cuardaigh a thaispeáint ar dtús i liosta na dtorthaí cuardaigh. Bíonn an tsórtáil a dhéantar ar thorthaí cuardaigh bunaithe ar chritéir éagsúla lena n-áirítear:

  • An chosúlacht idir na téarmaí cuardaigh agus na focail sa téacs — Bronntar luach níos airde ar théacsanna ina bhfuil na téarmaí cuardaigh le fáil gan athrú nó ina bhfuil an chuid is mó de na téarmaí cuardaigh le fáil.
  • Minicíocht na dtéarmaí cuardaigh sa téacs — Bronntar luach níos airde ar théacsanna má aimsítear na téarmaí cuardaigh, nó cuid díobh, roinnt áiteanna sa téacs.
  • Cóngaracht na dtéarmaí cuardaigh dá chéile sa téacs — Bronntar luach níos airde ar théacsanna má aimsítear na téarmaí cuardaigh, nó cuid díobh, cóngarach dá chéile sa téacs.