Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00081

Taifeadadh
BBAF.00081
Formáid
MiniDisc
Fad
49:21
Dáta
4 Feabhra 2011
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Pádraic Ó Tuairisg
Faisnéiseoir
Seosamh Ó Briain
Eolas cartlainne
R 87 Seosamh Ó Briain. Joe Tight Ó Briain. Clann; Scoil; Iascaireacht; Báid Mhóna; Féilte; Lá Fhéile Pheadair agud Póil; Ainmhithe; Amhrán; 46:24 Bád Ned Bháin, "Amhrán an Hero".
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00081
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

PÁDRAIC: Is, is mise Pádraic Ó Tuairisg agus tá mé a' cuir agallamh anseo ar Seosamh Ó Briain as Cill Éinne, Joe Tight mar a thugtar air, cuid go na Briana stairiúla a raibh ceannas na n-oileáin seo acub, ó a' gabháil siar, i bhfad siar go dtí na meánaoiseannaí agus bhí siad ann go dtí gur tháinig muintir Chonamara isteach sa mullach orthub, na Flatharta agus chuir sin deireadh leis sin. Ar aon chuma sé inniu an ceathrú lá go Feabhra dhá mhíle agus haon dhéag agus tá muid inár suí anseo i scoil Fhearann a' Choirce agus go deimhin fhein tá sé ina ghála taobh amuigh agus tá farraigí móra ann. Anois a Joe, déarfaigh muid i dtosach, cén aois thú anois?

JOE: Beidh mé aon bhliain déag agus trí fichid an cúigiú lá déag go Bhealtaine seo chugainn.

PÁDRAIG: Agus t-athair, ba é Antoine Ó Briain.

JOE: Ba é, ba é.

PÁDRAIG: Antoine Ó Briain t-athair, do mháthair?

JOE: Lee a bhí uirthi, sul má phós sí, Máire Lee.

PÁDRAIG: Máire Lee, as?

JOE: As, as a’ Máimín.

PÁDRAIG: Agus b’fhéidir go bhféadfá mar sin cuir síos ar t-óige, t-óige thoir i gCill Éinne. Cé mhéad duine agaibh a bhí ann mar shampla, cuir síos ar a’, ar a’ gclann agus mar sin.

JOE: Bhí ceathrar mac agus triúr iníon ann, Pádraic agus mé fhéin agus Antoine agus Mary agus Cáit agus Bridie agus Tomás.

PÁDRAIG: Tomás, sin é anois é. Cé agaibh ba shine ?

JOE: Pádraic an duine is sine.

PÁDRAIG: Agus cén áit ar tháinig tusa?

JOE: Tháinig mé sa darna háit.

PÁDRAIG: Ó bhí smacht maith a’dsa mar sin freisin.

JOE: Bhí, bhí (gáire)

PÁDRAIG: (Gáire)

JOE: Bhí.

PÁDRAIG: Bhí a mh’anam.

PÁDRAIG: Chuaigh tú ag a’ scoil ar ndú?

JOE: A muise chuas a Phádraig ach ní mórán é, níor thaitnigh scoil ariamh liom.

PÁDRAIG: Cén fáth, cén lucht a bhí a’d uirthi?

JOE: Níl ’fhios a’m beo ach níor thaitnigh sí liom, a Phádraig. Deimhin, muitseáil a chaith mé an chuid is mó, thuas bóthar a’ phump, taobh istigh go, go na claíochaí, go mbeadh sé ina thráthnóna.

PÁDRAIG: Ach nach ba mhí-chompóirdí go mór anois, nach ba mhí chompóirdí a bheith amuigh ansin faoi chlaí.

JOE: Á muise ….

PÁDRAIG: …. Faoin bhfuacht agus b’fhéidir báisteach agus chuile rud eile.

JOE: Tá tú a’ caint ar fhuacht ach bhí sé fuar a Phádraig ach bhíodh mé, bhíodh mé i gcónaí ag iarraidh a bheith ar aghaidh na gréine a’ dtuigeann tú, áit a mbeadh an ghréin a’ scairteadh.

PÁDRAIG: Sea (gáire)

JOE: Shea, agus sin é an chaoi a raibh mé ag oibriú a’ bhfuil ‘fhios a’d.

PÁDRAIG: Agus a’ mbíodh aon dhuine in éineacht leat? ….

JOE: …. Ach bhí mé, bhí mé a’ feiceáil daoine a’ gabháil suas le gabhail féir agus málaí féir ar a ndroim acub an chuid is, i gcaith an lae.

PÁDRAIG: A hea.

JOE: Suas ag na beithígh.

PÁDRAIG: Agus ní raibh 'fhios acub go raibh tú ann ….

JOE: …. Agus bhí mé sáite isteach faoi chrann mór, níorbh fhéidir mé a fheiceáil.

PÁDRAIG: (Gáire) Agus a’ mbíodh aon dhuine in éineacht leat?

JOE: Deimhin ní bhíodh muis a Phádraig, aon dhuine riamh ach mé fhéin.

PÁDRAIG: Ach leat fhéin.

JOE: Sea.

PÁDRAIG: Ó nach mo chaillte an saol é

JOE: Rinne mise, rinne mise neart dhó sin. Nach mbíodh siad a’ ceapadh sa mbaile gur ag a’ scoil a bhí mé.

PÁDRAIG: (Gáire)

JOE: Bhí, ach sin é a bhí mé a’ dhéanamh.

PÁDRAIG: Ach ag a’ scoil mar sin, cé, cé na múinteoirí a bhí a’d ag a’ scoil?

JOE: Paddy Joe Gill. Delia Mullen a bhí ar dtús a’inn a’ bhfuil ’fhios a’d ach ansin d’athraigh muid isteach a’ bhfuil ’fhios a’d thréis tamall de réir mar a bhí muinn ag ardú sna rangannaí, isteach ag Paddy Joe Gill, dearthár, dearthár go Mhicheál Gill.

PÁDRAIG: Sea, as Cill Rónáin.

JOE: Sea muis, sea, sea.

PÁDRAIG: Sea, agus a’ gcuimhníonn tú ar thada ón scoil, aon rudaí a tharla ann, ná?

JOE: Á muise tharla go leor ann, a Phádraig.

PÁDRAIG: (Gáire)

JOE: Tharla, cuimhním go raibh mé ag iarraidh a bheith copyáil ó chailín ann a bhí an taobh eile dhom agus nuair nach raibh sí a’ ligeann a chead dhom (gáire) é a scríobh síos, thosaigh mé fhéin agus í fhéin a’ cineál troid agus ….

PÁDRAIG: …. (Gáire) ….

JOE: …. Diabhal rug mé, sé an chaoi a rug mé taobh thiar ansin uirthi, mar sin agus shá mé, shá mé a srón síos sa mbuidéal dúch.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Nár tháinig sé isteach an doras agus chonaic sé an dúch a‘ silleadh anuas ….

PÁDRAIC: …. Dhá srón ….

JOE: …. Dhá cuid poll[áirí], amach as a cuid polláirí.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Agus go deimhin fuair mé é.

PÁDRAIC: Agus ….

JOE: …. Agus thug sé amach ag a’ mbinn mé, thug sé amach ag a’ mbinn mé a Phádraig agus thug sé seacht gcinn ar chaon, ar chaon láimh dhom.

PÁDRAIC: Muise, seacht gcinn.

JOE: Sea.

PÁDRAIC: Ó a Mhaighdean.

JOE: Thug sé a mh’anam anois, thug sé.

PÁDRAIC: M’anam anois.

JOE: Ó muise m’anam gur thug.

PÁDRAIC: Agus Ar ndóigh an ceart ar fad aige faoi dheireadh.(Gáire)

JOE: Is dóigh go raibh a Phádraig

PÁDRAIC: (Gáire) Ar deireadh.

JOE: Agus Ar ndóigh dhá ngeobhadh muid tuilleadh gon slat, ba é an chaoi a b’fhearr dhúinn é.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Hea?

PÁDRAIC: Bhuel ceart go leor ach bhí scéal, bhíodh scéal eicínt eile a’d freisin faoi duine eicínt, duine eicínt a, dúirt sé leis rud eicínt a rá, céard é, céard é an scéal siúd?

JOE: Á a’ bhfuil ’fhios a’d anois, tá ‘fhios a’m go maith, ní fhéadfaidh, ní chuirfidh mé aon ainm air.

PÁDRAIC: Ná cuir.

JOE: Bhí a leithéide ann.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Ach chuireadh sé na, chaithfeadh muinn seasamh suas a’ dtuigeann tú, nuair a bheadh muid, nuair a bheadh muid a’ léamh, léamh píosa amach as leabhar Béarla.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Ach bhí an lead seo le mo thaobh sa anyway nó amach an tosaigh dhom a dhath beag agus deir sé leis píosa a léamh amach as a’ leabhar a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhí sé, bhí sé a’ léamh amach ach ní raibh, ní raibh sé go maith a’ léamh mar ní raibh, ní raibh sé a’ gabháil ag a’ scoil ach an oiread liom fhéin.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Nuair nach raibh, ní raibh sé in ann, ní mórán léamh a bhí sé in ann a dhéanamh ach deir, d’fhógair sé air anyhow agus deir sé “ be seated you mug?, a deir sé ach bhí an lead seo anois a’ dtuigeann tú nós a bheadh an bileog sin agus bhí sé le na, le na mhéir, chaithfeadh sé an líne a leannacht ….

PÁDRAIC: ….. a leannacht lena mhéir, tá ’fhios a’m.

JOE: Leannacht a léamh ….

PÁDRAIC: …. Lena mhéir

JOE: “Be seated you mug? a deir an lead ina dhiaidh. Cheap sé gur scríobhta síos ar a’ leabhar a bhí sé.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m (gáire)

JOE: “Be seated you jug? a deir sé aríst, an darna líne taobh thíos

PÁDRAIC: Hea?

JOE: “Be seated you jug? a deir mo dhuine freisin.

PÁDRAIC: (Gáire) Ag aithris air ….

JOE: …. Agus, agus dhá gcoinneoidh sé air ….

PÁDRAIC: …. Choinneoidh ….

JOE: …. Choinneoidh sé air, choinneoidh sé air a’ rá céard a bhí Paddy….

PÁDRAIC: …. Á an fear bocht ….

JOE: …. An máistir a’ rá

PÁDRAIC: Shea (Gáire)

JOE: Sin é chomh foghlamtha agus a bhí muid, a Phádraig.

PÁDRAIC: ’S ó Ar ndóigh nach shin é an chaoi (gáire) ….

JOE: Ha?

PÁDRAIC: Nach shin é an rud.

JOE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ar cuimhin, céard, céard a d’fhoghlaim sibh ag a’ scoil, cé na hábhair a rinne sibh?

JOE: Teagasc Críostaí agus na rudaí sin agus an Bíobla ….

PÁDRAIC: …. A’ caint ar Theagasc Críostaí, a’ mbíodh an sagart a’ tíocht isteach?

JOE: Ó bhíodh Father Varley a’ teacht aniar a’inn a Phádraig, breathnaigh bhí sé mo chuir timpeall, bhí sé dhá gcuir timpeall ar an urlár.

PÁDRAIC: (Gáire) Le clabhtaí?

JOE: Sea.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Á bhí, níl aon bhréag ann, bhí.

PÁDRAIC: A ní mórán caoi a bhí ar an obair sin.

JOE: Ní raibh, ach bhí sé dhá dhéanamh.

PÁDRAIC: Shea, nuair nach ….

JOE: …. Ach ar dtús ceart go leor bhí cineál plean déanta suas a’inn, bhíodh an cheist a bhíodh muid a’ cheapadh a chuirfeadh sé orainn, bhí sí sin foghlamtha thar cionn a’inn, thar cionn go deo ach ba “___+” ach by dad nár athraigh sé, chuir sé, mar a déarfá d’athraigh sé na ceisteannaí, d’athraigh sé timpeall uilig a’ bhfuil ’fhios a’d agus

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: Agus nár rug sé ceart orainn, Ar ndóigh ní raibh fhios a’inn tada, ní raibh muid in ann iad a fhreagairt a’ chor a’ bith ansin

PÁDRAIC: Bhí sibhse cineál a’ gabháil roimhe

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Agus a’ déanamh amach cén cheist a bheadh a’d fhéin.

JOE: Sea, sea, a chuirfeadh sé orainn.

PÁDRAIC: Ach léim sé duine eicínt ansin

JOE: Léim, that’s, ceart go leor, á ….

PÁDRAIC: …. (Gáire) “___+”

JOE: Chuile dhuine amú ansin.

PÁDRAIC: Sea (gáire)

JOE: A’ breathnú ar a chéile.

PÁDRAIC: (Gáire) Sea.

JOE: Ach an chéad rud eile dhéanadh sé mar sin, a’ bhfeiceann tú, sin, droch sign é sin

PÁDRAIC: Lena mhéir.

JOE: Sea.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Droch sign ceart é sin.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Suas, amach ar an urlár agus

PÁDRAIC: Leadóig.

JOE: Ó thabharfadh.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna.

JOE: Ó chuir sé timpeall ar an urlár mise é fhéin, bhuel

PÁDRAIC: Anois, ó a Thiarna.

JOE: Ach bhí sé olc a Phádraic. A’ gcuimhníonn tú go raibh mé ag inseacht dhuit uair nuair a bhí mé a’ teacht, théadh muide fadó tigh an Seoige ag iarraidh bainne chuile thráthnóna.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Tráthnónachaí geimhridh freisin droch thráthnónachaí, bhíodh muinn a’ fáil bainne thoir tigh an tSeoigeach nuair a, nuair a, ’bhfuil ’fhios a’d i gcónaí, cébí cé chaoi é. Nuair a ritheadh na beithigh amach as bainne ansin gheobhadh muid cannaí, gheobhadh muid cannaí ag Maidhcí Joyce a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Ach nach raibh mé ag teacht aniar le braon sa tincan a’m oíche amháin, agus droch oíche le gála gaoth aniar aneas agus ní, bhí caipín leis an sean bhuachaill orm.

PÁDRAIC: Shea (gáire)

JOE: Caipín speic. Nach raibh sé fhéin agus Delia Mullen a’ teacht, a’ teacht anoir ón scoil agus bhí mé fhéin imithe amach thairis anois písín beag fhaid an boirdín ansin

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Nuair a d’airigh mé a’ glaoch back orm é. Ghlaoigh sé mar sin orm.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Chroch sé a mhéir. Dhóirt sé an chuid is mó gon tincan, bhuail sé ar pholl na cluaise mé agus chuir sé timpeall ar an mbóthar mé

PÁDRAIC: Ó a dhiabhail, shea.

JOE: Chuir, faoi nár chuir mé, faoi nár chuir mé láimh i mo chaipín.

PÁDRAIC: Faoi nár chuir tú láimh i do chaipín!....

JOE: …. Chaiteá do láimh a chuir i do chaipín an t-am sin mar sin.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna, sea.

JOE: Speic a’ chaipín ….

PÁDRAIC: …. Tá ‘fhios a’m ….

JOE: …. dhéantá mar sin, a’ dtuigeann tú. By dad a Phádraic, bhí sé olc go maith.

PÁDRAIC: Ó chuala mé, chuala mé é sin cheana faoi ceart go leor.

JOE: Á bhí sé olc.

PÁDRAIC: Chuala mé go raibh ceart go leor. D’fhoghlaim, sin Teagasc Críostaí ach d’fhoghlaim sibh ar ndú, d’fhoghlaim sibh go leor eile ag a’ scoil?

JOE: Ó sums agus rudaí mar sin a Phádraic agus an Bíobla agus

PÁDRAIC: Scéalta as a’ mBíobla?

JOE: Sea

PÁDRAIC: Bhí sé sin ann an t-am sin freisin agus is cuimhneach, is cuimhneach liomsa go maith iad agus go deimhin ba, ba bhreá na scéalta iad.

JOE: Ó ba bhreá, is fíor dhuit.

PÁDRAIC: Ó ba bhreá na scéalta iad sin.

JOE: Ó bhí siad go deas, an t-é a bheadh ….

PÁDRAIC: …. “____+”

JOE: An t-é a bheadh ’fhios aige tada fúthub ach nuair nach raibh tú a’ gabháil ag a’ scoil

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ní raibh ’fhios a’d tada fúthub.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m ar ndú. (gáire) Tá ’fhios a’m.

JOE: Hm.

PÁDRAIC: Ar ndú, agus Ar ndóigh bhí sibh a’ déanamh Matamaitic ?

JOE: Á bhíodh, ní raibh aon mhaith linn, ní raibh aon mhaith linn. Ní raibh muid in ann tada a dhéanamh fúthub sin, ní [raibh].

PÁDRAIC: Shea.

JOE: Ní raibh aon mhaith ar a’ domhan linn, ní raibh.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m. Agus Ar ndóigh Béarla agus Gaeilge?

JOE: Bhí muinn maith go leor leis an nGaeilge a’ dtuigeann tú ach ….

PÁDRAIC: …. Ní chuimhníonn tú cé na leabhra a bhí a’d, cén leabhar Gaeilge a bhí a’d, meas tú?

JOE: A muise a Phádraic, ní chuimhním.

PÁDRAIC: Meas tú a’ raibh ’Asal Beag Dubh nó?

JOE: Bhí, bhí caint uirthi sin alright.

PÁDRAIC: A’ raibh ?

JOE: Bhí sí sin a’inn ceart go leor, bhí.

PÁDRAIC: Sea, seans.

JOE: M’Asal Beag Dubh.

PÁDRAIC: Seans go raibh ceart go leor.

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Agus céard a, a’ mbeadh sibh ag imirt cluichí ag a’ scoil?

JOE: Bhíodh agus thosaigh muid le ball mór domhan, ’bhfuil ’fhios a’d liathróid mór domhan, bhí an domhan uilig uirthi.

PÁDRAIC: Ó sea.

JOE: Mapaí, mapaí.

PÁDRAIC: Ó sea, mapa an domhain uirthi.

JOE: Mapa an domhan uirthi.

PÁDRAIC: Sea

JOE: Nár thug sé amach í sin, sin í, sin é, sin í an chéad liathróid a bhí a’inn.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Peil mar a déarfá.

PÁDRAIC: Sin í an ceann a bhí sibh ag imirt peile lei [iontas ar Phádraic]….

JOE: …. A’ cineál, cineál cleachta

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE : Agus nár thit sí anuas ar an leic, Ar ndóigh bhí, bhí, leic uilig a bhí ar shráid scoil Chill Éinne…..

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh ba dhea ceart go leor.

JOE: Nár thit sí anuas ar an leic, déanadh smidiríní di. Fuair sé, fuair sé ball eile ansin, football eile a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhíodh muinn amuigh chuile lá. Bhíodh muinn go maith a’ plé lei.

PÁDRAIC: Bhíodh, shea.

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Bhí sé fhéin go maith, a’ raibh?

JOE: Bhí, bhí sé.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Ó bhí a mh’anam. Bhí, ach sin í an chéad, sin í an chéad, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí muin, chuir muinn droch bhaill uirthi. Ar ndóigh bhí an áit an-chrua a Phádraic. Bhí sé contúirteach.

PÁDRAIC: Á is Ar ndóigh ….

JOE: …. Bhíodh muinn fhéin gearradh freisin, bhíodh muinn a’ titim.

PÁDRAIC: Ó ’s Ar ndóigh bhíodh is dóigh.

JOE: Mulláin, mulláin agus

PÁDRAIC: Nach bhfuil ’fhios a’m é.

JOE: Clocha, clocha beaga.

PÁDRAIC: A’ mbíodh sibh a’ déanamh ceoil ag a’ scoil?

JOE: Bhíodh, bhíodh muinn eh doh ray me fah soh, iad seo.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Leis, leis a’ rud sin, bhuaileadh sé an rud sin síos ar corr a’ bhoird ….

PÁDRAIC: …. (Gáire) Tá ’fhios a’m, sea, an, an ghabhlóig.

JOE: (Gáire)

PÁDRAIC: (Gáire) A ha.

JOE: An ghabhlóig, is fíor dhuit

PÁDRAIC: Ar fhoghlaim tú amhráin ag a’ scoil nó ar múineadh amhráin ann? Tá ‘fhios a’m go maith go raibh neart amhráin a’d ceart go leor ach ar múineadh aon cheann acub ag a’ scoil, meas tú? Ar ndóigh is dóigh gur múineadh.

JOE: Níor, ní, níor, níor múineadh ….

PÁDRAIC: …. Níor múineadh ….

JOE: …. Nach iontach aisteach an rud é ach bhí muin, rinne muinn drama nuair a bhí mé ag a’ nGairmscoil agus sé an t-ainm a bhí ar a’ drama, cuimhním air, ?Micheál na gCleas’ Ba mise Micheál na gCleas a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ba mé, ba a’msa a bhí an pháirt is mó, ach eh bhí Sibéal Chill Éinne anois ….

PÁDRAIC: …. Sibéal Dara? ….

JOE: …. Bean Dara [Tom Mhileadh Seoighe]

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Bhí sí sa drama freisin ’s bhí Malachy ann, Malachy Beag [Beatty] agus bhí Malachy a’ caitheamh tobac.

PÁDRAIC: Shea (Gáire)

JOE: Agus is beag nár tharla an cleas céanna dhó agus a tharla dhom fhéin nuair a chaith mé neart gon phíopa, d’imigh an mheabhair as.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Agus chaith, bhí an oiread gon phíopa caite aige Ar ndóigh ní raibh ’fhios aige céard, nuair a bhí sé, “Ka, cén, cén chéad rud eile?

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: A déarfadh sé liom fhéin

PÁDRAIC : Shea (Gáire)

JOE : An áit a bhí sé, bhí an tobac dhá oibriú, an iomarca deatach.

PÁDRAIC: Agus ó, agus bhí sé a’ caitheamh tobac dháiríre?

JOE: Sa drama a’ dtuigeann tú, bhí, bhí, chaithfeadh a’ píopa a bheith aige, a’ dtuigeann tú ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m, sea. (Gáire)

JOE: Ach bhí sé dhá chaitheamh, bhí, bhí tobac aige le caitheamh freisin ach bhí sé a’ cuir isteach air.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Bhí sé a’ goilliúint air.

PÁDRAIC: Ach céard a bhí tú a’ rá ansin, lig tú rud eicínt as a’ mála ansin fút fhéin agus an tobac, an píopa?

JOE: A’ gcuimhníonn tú nuair a thug tú an píopa cam dhom?

PÁDRAIC: (Gáire) Abair leat.

JOE: Nuair, nuair a tháinig tú ar dtús a’ gcuimhníonn tú, bhí, bhí bosca píopaí a’d, thug tú dhom an ceann cam sin ar nós a bhíodh ag Johnny.

PÁDRAIC: Sea

JOE: A’ gcuimhníonn tú?

PÁDRAIC: Cuimhním, cuimhním.

JOE: Bhíodh sé a’ gabháil síos go dtí sin, go dtí íochtar do smig.

PÁDRAIC: (Gáire) Sea, bhí sé ann.

JOE: Bhí, agus bhí muinn thiar lá, bhí muinn théis a bheith a’ cuir cúpla iomaire a mhac taobh thoir gon bhinn.

PÁDRAIC: Shea

JOE: Teach a’ tsagairt.

PÁDRAIC: Sea, cuimhním air.

JOE: Ar ndóigh nuair a chuaigh muid isteach anyway ag ithe greim nach nuair a bhí an ghreim ite a’inn thosaigh tusa a’ tarraingt amach an píopa, bhí tú trom air.

PÁDRAIC: Bhí, bhí ….

JOE: …. Ach má bhí tú trom air chuile am a tharraingeoidh tusa amach an píopa tharraingeoidh mise amach an píopa freisin.

PÁDRAIC: Sea

JOE: Bhí mé ag iarraidh a bheith a’ coinneáil leat a’ caith.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ach anyhow nuair a bhí mé a’ gabháil soir abhaile tráthnóna go háirid nár raibh mé ag aireachtáil mo éadan lasta suas

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Mo chinnéig.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí mo chinnéig a’ lasadh suas.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Deir mé fhéin i mo intinn fhéin go háirid sé an tobac cinnte atá dhá dhéanamh orm a deir mise mar, nuair a chuaigh mé isteach abhaileanyhow, nuair a bhreathnaigh mé sa scáthán bhuel ba ghearr le rainbow mé a Phádraic.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí chuile chineál dath orm.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí chuile chineál dath orm ….

PÁDRAIC: …. Chineál dath ort, a’ raibh?(Gáire)

JOE: Mar gheall ar an méid tobac a bhí caite a’m. Ach ag iarraidh a bheith a’ coinneál leatsa a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m (gáire)

JOE: Muise a fhearacht sin ag Malachy é.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Ní raibh aon chleachta aige air a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: ’S á Ar ndóigh is dóigh. Chuaigh tú ag a’ ngairmscoil mar sin, tar éis na bunscoile, nuair a bhí, nuair a d’fhág tú an bhunscoil ?

JOE: Ó sea, chuas chuaigh mé ag a’ ngairmscoil, a Phádraic, ach breathnaigh, ní, níor, níl ’fhios a’m a’ rinne mé mí uilig ann, ag a’ ngairmscoil.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Ní raibh.

PÁDRAIC: Cé na múinteoirí a bhí ansin?

JOE: Bhuel Máirtín Ó Reilly a bhí ar an siúinéara agus bhí sé go maith freisin, a’ dtuigeann tú, bhí sé go maith.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: An-siúinéara a bhí ann.

PÁDRAIC: Cé bhí ina ard mháistir ann?

JOE: Níl mé in ann cuimhneamh air, ní raibh mé in ann cuimhneamh, strainséara nuair a bhí mise

PÁDRAIC: …. A’b’ea, á sea, a mhaisce.

JOE: Strainséara eile a bhí ann a Phádraic nuair a bhí mise ann.

PÁDRAIC: Ach níor fhan tú an-fhada ann mar sin?

JOE: Á ní raibh.

PÁDRAIC: Níor fhoghlaim tú mórán siúinéireachta mar sin?

JOE: Níor fhoghlaim mé muis. Níor fhoghlaim.

PÁDRAIC: Is cuimhneach liom thú ag inseacht dom, cén t-ainm a bhí ag Máirtín O’ Reilly ar an sábh?

JOE: Toireasc.

PÁDRAIC: Tá mé ag ceapadh go b’shin é an sean ainm ceart go leor.

JOE: Toireasc a thugadh sé ar an sábh.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Sin iad na sábhannaí beaga anois le obair éadrom, adhmad éadrom.

PÁDRAIC: A tá ’fhios a’m

JOE: Píosaí éadrom adhmaid.

PÁDRAIC: Hm. Ach céard a rinne tú mar sin nuair a bhí tú réidh leis a’ ngairmscoil?

JOE: Á muise a Phádraic ní rinne, ní raibh mé achar a’ bith go ndeachaigh mé ag iascach.

PÁDRAIC: Chuaigh tú ag iascach ar a’ bpointe?

JOE: Sea, bhí, bhí

PÁDRAIC: Cén bhliain é sin tuairim, cén aois a bhí tú?

JOE: Bhí mé chúig bhliana déag déarfainn nuair, naoi déag, tá mé a’ ceapadh go ndeachaigh mé ag iascach i naoi déag caoga cúig. An bhliain, an bhliain a tháinig an Ros Éinne ar a’, ar an oileán.

PÁDRAIC: M hm.

JOE: Naoi déag caoga cúig.

PÁDRAIC: Ar cén báid?

JOE: Bhí mé ag iascach ar a’ Ros Breasail in éineacht le, le Pat Joe.

PÁDRAIC: Pat Joe O’Donnell?

JOE: Athair, athair John anois.

PÁDRAIC: Sea, sea.

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Agus cén chaoi a raibh sé sin?

JOE: Bhí sé go maith.

PÁDRAIC: Cén sórt oibre a bhí ann, mar a déarfá céard a bhíodh le déanamh a’d?

JOE: Bhuel a Phádraic nach iontach aisteach an rud le rá é, sé an chéad jab a bhí mé, a bhí mé a’ cócaireacht, a’ bhfuil ’fhios a’d an t-ainm a ghlaodh, galley boy a ghlaoidís an t-am sin air.

PÁDRAIC: Sea a mh’anam.

JOE: Cócaireacht a bhíodh mé.

PÁDRAIC: Shea.

JOE: Shea.

PÁDRAIC: Ó sin é an áit ar fhoghlaim tú do chuid, do chuid scileannaí cócaireachta mar sin.

JOE: Sé, ó Gourmet Ireland, a Phádraic

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Gourmet Ireland, ha.

PÁDRAIC: (Gáire) Sea, sea.

JOE: Agus ansin inseoidh mé dhuit, tá sé aisteach é a rá, nuair a thiocfadh an gear aníos ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bhíodh muid a’ towáil, san chéad tow, nuair a thiocfadh an gear aníos, nuair a scaoilfí, nuair a thiocfadh an mála isteach, an chéad obair a bhfaighteá ná a ghabháil a’ caith amach gcudail a bhí, a gcaithfeá do dhá láimh a chuir timpeall orthub.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna.

JOE: As na faoitíní, ’bhfuil ’fhios a’d cén fáth.

PÁDRAIC: Hea?

JOE: Ní raibh, ní raibh ’fhios, ní raibh glaoch a’ bith an t-am sin orthub.

PÁDRAIC: Ar ndóigh ní raibh.

JOE: Tá sé ar cheann go na bric is fearr ar a’ margadh anois, bhí sé an chaoi chéanna leis na clocháin nó, nó rásúr a’ bhfuil ’fhios a’d

PÁDRAIC: Sea, ó ní raibh ….

JOE: …. Bhí ….

PÁDRAIC: …. Sea, Ar ndóigh ní raibh aon mheas orthub sin ach an oiread.

JOE: Ó ach dhá gcaith amach thar an ráille.

PÁDRAIC: Nach shin é an rud.

JOE: Agus bairneachaí orthub.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Bhíodh bairneachaí orthub.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna.

JOE: Thiar sa sunda ó thuaidh go jumbos, ó prawns breá.

PÁDRAIC: A nár bhreá iad.

JOE: Agus an láimhíneach, bhí sé a’ gabháil amach freisin….

PÁDRAIC: …. Ó ’s ar ndú.

JOE: An sunda Ghrioghóir amuigh ansin anois a’ dtuigeann tú, gheofá, gheofá ann iad a Phádraic agus bheidís chomh mór leis an mbord sin anois atá muid lena thaobh anseo. Chaithfeá cúnamh a fháil len é a chaith amach thar a’ ráille ….

PÁDRAIC: …. Bheadh sé chomh mór sin.

JOE: Mar ní raibh aon mhargadh dhó.

PÁDRAIC: Ó ….

JOE: …. Agus tá sé sin ar cheann go na bric freisin is fearr ar a’ margadh anois ….

PÁDRAIC: …. Tá sé ar ndú.

JOE: Sin iad a’ trí, sin iad na trí cinn is fearr ar a ’ margadh an lá inniu iad.

PÁDRAIC: Nach ea. Fan nóiméad anois go ngabhfadh, go dtostfadh muid ceart ar seo. Cén t-am a n-imeoidh ar maidin nó cén t-am a bhfágadh sibh an caladh?

JOE: Bhuel inseoidh mise dhuit faoi sin freisin anois a Phádraic. D’fhágtá an caladh b’fhéidir alright a’ dtuigeann tú roimh an lá sa gcaoi go mbeifeá ar an talamh iascach le maidneachan ach ní raibh tú in ann aon eangach ná aon rópa a chuir i bhfarraige go bhfeicfeá marc eicínt ar thalamh mar ní raibh, ní raibh a’d ach an sounder agus an compás, ní raibh radar an t-am sin ná tada a’d, ní raibh caint ar bith air a Phádraic so chaithfeá fanacht ansin agus bhí, bhíodh cuid go na báid ansin chuireadh siad, chuireadh siad lampa ar a’ dan a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí, ’bhfuil ’fhios a’d an cleith anois ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m é ….

JOE: …. A bhí a’d sa mbád, bhíodh baoi mhór ar sin i lár, aníos píosa, chaiteá amach é sin ’s cheanglófá an rópa taobh an “__”, chuirteá iad sin amach ar dtús agus thabharfá dhá choil ansin go, go scaradh go na rópaí agus chuirteá amach an eangach agus thabharfá dhá choil eile, bhí siad a’ rá go raibh tú in ann míle sa square a thógáil suas le hocht gcoil rópa.

PÁDRAIC: Míle!

JOE: Míle. Bhí siad a’ rá go raibh.

PÁDRAIC: Míle cearnach, is iomaí breac a bheadh istigh sa míle cearnach sin.

JOE: Bhí siad dhá rá sin muis. Ach ansin mara mbeadh, ní, ní bheifeá in ann an dan a phiocadh suas ansin a’ dtuigeann tú mara mbeadh, mara mbeadh solas lae ann a’ bhfuil ’fhios a’d, mara mbeadh flash lamp, mara mbeadh lampa air.

PÁDRAIC: Tá fhios a’m, ní bheifí, á ní ….

JOE: …. Ní bheadh mar ní raibh aon deis a’d ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m ….

JOE: …. Ní raibh na deis ceart a’d

PÁDRAIC: Tá ‘fhios a’m

JOE: Ag imeacht ar a’ gcompás a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: M hm. Agus cén sóirt iascach a bheadh sibh a’ dhéanamh?

JOE: Faoitíní is mó, an t-am seo bhliain anois.

PÁDRAIC: Faoitíní

JOE: Faoitíní, thoir ag Ceann Fada ’s, ní raibh fhios a’d cá ngabhfá ar maidin an t-am sin a Phádraic, ní raibh fhios a’d cá dtabharfá t-aghaidh mar bhí tú in ann mála a fháil amuigh sa Sunda ó Thuaidh, iasc sa Sunda ó Thuaidh, i mbéal na hAille Finne, soir ag, soir chomh fada le Bearna agus faoi Cheann Aighne. D’fhéadfadh an mála éirigh aniar i do dhiaidh agus an faoileáin mór ina sheasamh air.

PÁDRAIC: Á, a Thiarna.

JOE: Le faoitíní. Nach ann a bhí na faoitíní.

PÁDRAIC: Bhí sé lán leob ar ndú.

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Bhí.

JOE: Bhí iascach chuile áit a Phádraic, bhí iasc chuile áit.

PÁDRAIC: Agus cén fáth nach bhfuil iasc chuile áit anois mar sin?

JOE: Ar ndóigh na báid mhóra atá thiar sa bhfarraige anois a Phádraic, tá chuile, nach bhfuil claí déanta acub sin thiar sa bhfarraige.

PÁDRAIC: Tá, is dóigh, tá. Chuile shórt glanta suas acub.

JOE: Chuile rud glanta suas, beag ’s mór. Tá.

PÁDRAIC: Anois déarfaimid tharraingíodh sibh an líon isteach

JOE: Bhuel a Phádraic bhíodh, bhí sé, bhí contúirt a’ baint leis sin anois mar bhí, bhíodh na báid sin amuigh, na báid leath chéad troigh sin, bhídís amuigh le chuile aimsir an t-am sin mar ní dhéanaidís ach cheithre lá iascach, sin é an fáth a bhí an t-iascach go maith mar ní raibh siad a’ déanamh ach cheithre lá agus bhí deireadh seachtaine uilig a’d le scith.

PÁDRAIC: Ó bheidís amuigh Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin?

JOE: Sin é an méid agus bheadh siad a’ críochnú suas thoir sa mBáigh nó in áit a’ bith eile a bheidís ag a’, ag a’ trí a’ chlog, bheidís ag iarraidh breith ar na geataí isteach, i nGaillimh. Ghabhtá isteach sa duga.

PÁDRAIC: Isteach sa duga.

JOE: Agus thiocfá amach as a’ duga ansin aríst le dhul abhaile, tráthnóna Dé Satharn deireanach go minic freisin. Ar maidin ar a’ taoile sul má dhúnaidís, thiocfá amach taobh amuigh ar a’ mballa nua nó sin ghabhfá timpeall an bhalla nua ansin a’ bhfuil ’fhios a’d, an áit a bhfuil an stór. Sin é an balla nua mar a déarfá, hm. Tá tú in ann imeacht i gcónaí ansin abhaile, tá tú taobh amuigh go na geataí a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Ach feicear dhom anois, tá bearna mór millteach fágthaí a’d in áit eicínt

JOE: Nach dona atá mé ag inseacht mó scéal a Phádraic, hea.

PÁDRAIC: (Gáire) Tá tú a’ déanamh go breá. Dúirt tú gur stop an t-iascach tráthnóna Déardaoin a’ b’ea?

JOE: Á sea muis, bheifeá a’ críochnú suas, bheifeá a’ tarraingt siar na rópaí ón gcoillre agus bheifeá dhá ndéanadh suas go deas a’ dtuigeann tú le dhul isteach sa duga.

PÁDRAIC: Á right, coinnigh ort.

JOE: A’ cuir slacht orthub.

PÁDRAIC: Déardaoin?

JOE: Sea.

PÁDRAIC: Agus chuaigh tú abhaile Dé Satharn. Céard faoi Dé hAoine?

JOE: Á bhuel Dé hAoine a Phádraic bhíodh, a’ bhfuil ’fhios a’d bheadh an eangach tarraingthe amach ar a’ mballa agus eangach a bhí a’ plé le rópaí a’ bhfuil ’fhios a’d

PÁDRAIC: Deasú le déanamh?

JOE: Ní raibh mórán le déanamh ar chor ar bith ar eangach a bheadh a’ plé le rópaí.

PÁDRAIC: Ó nach raibh?

JOE: Mar sé an chaoi a bhí an gear sin ag obair, sé an chaoi, chuirfeá, chuirfeá an t-eangach amach i gcónaí ar a’ talamh glan a’ dtuigeann tú ach siad na rópaí a bheadh a’ bailiú suas an éisc agus ní, ní chorródh an eangach sin go ndúnfadh na rópaí isteach, bheidís dúnta isteach mórán mar sin anois nuair a thosódh an eangach a’ tarraingt ….

PÁDRAIC: …. Tuigim thú, sea.

JOE: Ar a’ talamh. Ansin ní, ní, ní bhíodh mórán le deasú a’ bith le déanamh. Ach an ceann atá a’ plé leis na cláir, tá tú dhá tarraingt sin ó chuirfeas tú amach ar maidin í

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m. Ach nuair a bheadh an t-iasc agaibh ansin, chaithfeadh sibh a dhul thríd is dóigh agus é a chuir i mboscaí ’s

JOE: Ó chaithfeadh, bheifeá coinnithe, tá mise a’ rá leat go, bheifeá coinnithe ag imeacht i gcaith an lae go maith an t-am sin.

PÁDRAIC: A’ mbeadh?

JOE: Ó yeah mar bhí cheithre ghear ar, ar a’ gcoiller, ar a’ wench, chuirfeá uimhir a dó ar dtús é agus ansin nuair a thabharfadh na rópaí isteach chuirteá isteach in uimhir a trí é. Bheidís a’ teacht níos sciopthaí ansin a’ bhfuil ’fhios a’d mar chuirfí uimhir a ceathair ansin é agus bheidís a’ teacht isteach

PÁDRAIC: Isteach i do mhullach.

JOE: Bheadh spliceannaí, bheadh siad a’ jumpáil amach as a’ gcoiller le speed.

PÁDRAIC: Ó, a Thiarna

JOE: Agus sin é an fáth a’ bhfuil ’fhios a’d a bhí na gearannaí mar nuair a dhúnadh na rópaí ní raibh an gear ag iascach níos mó agus bhaineadh cuid go na báid ansin an bád as gear agus bhí, bhí sé, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí cuid acub a bhí tú in ann an throttle a chuir orthub a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bheidís as gear agus bheadh sé sin dhá ghear eile is dóigh

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Mar bheadh, bheadh na rópaí a’ tarraingt siar an bháid.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, á sea.

JOE: Á ach bhí dar a’ teacht isteach ainniúchaí a’ teacht as a’ gcoiller, bhíodh.

PÁDRAIC: Ach nuair a bheadh an t-iasc agaibh ansin, chaithfeadh sibh a dhul thríd is dóigh agus é a chuir i mboscaí?

JOE: Ó chaithfeadh, bhuel fear amháin ansin a bheadh thuas ag a’ gcoiller a’ dtuigeann tú an fhaid a bheadh sí uimhir a’ dó mar ní raibh siad a’ teacht isteach ach roinnt mall. Bheadh a’ bád a’ towáil ahead agus bheadh an winch a’ tabhairt isteach na rópaí chomh maith céanna, ach bhíodh chuile dhuine ansin, ach bhíodh criú mór. Chonaic mise seachtar sa mBreasail [Ros Brasil] nuair a chuaigh mé fhéin ar dtús inti ….

PÁDRAIC: …. A’ mbíodh?

JOE: Bhí seachtar inti.

PÁDRAIC: Ó.

JOE: Bhí muis.

PÁDRAIC: Agus bhí obair acub sin ar fad ann.

JOE: Bhí seacht mbunc inti.

PÁDRAIC: A’ raibh?

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Ach ansin chaithfí, chaithfí an t-iasc a chuir i mboscaí?

JOE: Ó chaithfí a Phádraic, ach an t-am sin a’ dtuigeann tú, an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí siad, bhí siad, bhí siad a’ gutáil trí chineál faoitíní an t-am sin, bhí siad, na rudaí móra agus na leath shaghas agus na rudaí beaga. Chonaic mise é sin a’ tarlú bhíodh trí chineál faoitíní dhá ngutáil ….

PÁDRAIC: …. “___+” ….

JOE: Níl sé sin a’ chor a’ bith anois ann. Sé an chaoi a ndéantar, an rud is mó a dhéantar, rounds anois a ghlaonn siad ar na faoitíní beaga, déantar é sin go chuile fhaoitín, mór ’s beag.

PÁDRAIC: Ach nach gcuirtí go Blá Cliath iad?

JOE: Chuirtí go Blá Cliath ansin iad a Phádraic ar a’ traein ach a’ bhfuil ’fhios a’d ar dtús nuair a chuaigh mise amach traein a bhíodh i gcónaí ann, chaithfeá a bheith i nGaillimh siúráilte, cinnte ag a sé a’ chlog ….

PÁDRAIC: …. Sea ….

JOE: …. B’fhéidir le breith ar a’ traein mar, níl a’m anois hocht a théadh sí suas, d’fhágadh sí Gaillimh. Ó chaithfeá, chaithfeá a bheith i nGaillimh anyway le breith uirthi, a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, chaithfeá ….

JOE: …. Ach tháinig na lorries amach ansin.

PÁDRAIC: Á sea.

JOE: Agus Ar ndóigh chaithfeá iad a chuir chun bealaigh chuile lá an t-am sin ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m ….

JOE: …. Mar ní raibh leacoighre

PÁDRAIC: Á sea.

JOE: Ní raibh fhios céard é leacoighre

PÁDRAIC: Á

JOE: Agus ní raibh fhios céard é miotogaí ach an oiread, ní raibh a leithéidí ann.

PÁDRAIC: Is dóigh é. Ní raibh sibh i gcaith an ama anois a’ plé leis an iasc, bhí am saor i nGaillimh agaibh?

JOE: Á deimhin a Phádraic, bhí sé chomh maith dhuit a rá go raibh Dé hAoine freisin a’inn mar ní raibh tada le déanamh leis an eangach.

PÁDRAIC: Nach shin é, agus céard a rinne sibh an uair, céard a rinne sibh an lá sin?

JOE: Á muise bhíodh muid, bhíodh muid a’ gabháil suas, bhíodh muinn amuigh ar a’ Loch Coirib is mó, nach iontach an rud é, sna báid bheaga.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Sea, báid iomramh sin.

PÁDRAIC: Sea, sea.

JOE: A’ gabháil suas ’s anuas Loch Coirib steady.

PÁDRAIC:` Tá ’fhios a’m.

JOE: Bhíodh, á bhí, bhí neart am a’inn agus bhí neart am ag an iasc freisin, ach anois níl, mar tá dar amuigh i gcónaí.

PÁDRAIC: San oíche anois, cén sórt caitheamh aimsire a bhí agaibh ann?

JOE: Ó bhíodh na pictiúir a Phádraic sa Savoy thuas ansin, théadh muinn ag na pictiúir san oíche, ach m’anam nuair a bhí muinn a’ fáil sách láidir agus nuair a bhí muinn a’ gabháil suas na scórtha go raibh, go (gáire) “___+” tí Lydon i Quay street, tSráid na Céibhe

PÁDRAIC: Teach ósta a bhí ansin, a’ b’ ea?

JOE: Sea agus bhíodh ceol ann, bhíodh na Gríofa a’ casadh ceoil ann, Máirtín Beag Ó Gríofa.

PÁDRAIC: Sea

JOE: Agus Stiofáinín.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Go ndéana Dia grásta orthub. Ó bhíodh an-spraoi thíos ann. Bhíodh Johnny ann ….

PÁDRAIC: …. Muise?....

JOE: …. Beannacht Dé lena anam, bhíodh.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Is minic a bhíodh deoch a’inn ann.

PÁDRAIC: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag ól?

JOE: Muise m’anam go raibh an scór caite go maith a’msa a Phádraic.

PÁDRAIC: A’ raibh?

JOE: Agus even gur chaith mé aon fhag ach an oiread.

PÁDRAIC: Bhí tú ag obair ar an Ros Breasail, a’b’ea?

JOE: An chéad bhád a chuaigh mé amach uirthi

PÁDRAIC: Bád leath chéad troigh

JOE: Sea, naoi déag, tá mé ag ceapadh gur naoi déag caoga cúig anois a chuaigh mé amach inti, an bhliain a tháinig an Ros Éinne, tá mé beagnach cinnte dhó.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Tá.

PÁDRAIC: Ach ansin chuaigh tú fhéin a’ plé le, le iascach freisin, i do bhád fhéin atá mé a’ rá?

JOE: Á chuaigh, fuair mé báidín, báidín, tá ’fhios a’d An Bláth Bán.

PÁDRAIC: Sea, ach roimhe sin fiú amháin, bhí tú a’ plé le curachaí, a’ raibh?

JOE: Ora bhí, bhí mé, bhí mé a’ plé le breams.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Bhí, mharaigh mé breams sa gCró chuile áit siar, siar chomh fada le Scailp a’ Phúca, a Phádraic, mharaigh mé i Scailp a’ Phúca iad.

PÁDRAIC: Is beagnach gcuirfí ceist anois ort céard é bream.

JOE: A muise tá sé, tá sé chúig bhliana fichid is dóigh ó maraíodh aon cheann. Tá mé a’ ceapadh gur mé fhéin nó Pádraic an dream deireanach a mharaigh iad.

PÁDRAIC: A’ b’ea? Agus bhí siad fairsing? Cén tábhacht a bhí a’ baint leis na breams anseo?

JOE: Ó Ar ndóigh chuiridís, is orthub a chuiridís an mhóin isteach a Phádraic, chuile, len gheimhridh. Chuir, chuireadh chuile theach soir iad an bealach atá mise a’ cónaí iontub, chuiridís sin isteach dhá locht ….

PÁDRAIC: …. Agus d’íocaidís as an móin le breams?....

JOE: …. Breams, le breams uilig agus choinneoidís na ballachaí ansin agus na bolmáin a’ bhfuil ’fhios a’d, len gheimhridh

PÁDRAIC: Dhóibh fhéin

JOE: Leis na bhfataí ….

PÁDRAIC: …. Á sea ….

JOE: …. le bheith a’d leis na fataí a’ bhfuil ’fhios a’d

PÁDRAIC: Tuigim thú.

JOE: Bhuel íosadh salann an t-am sin a Phádraic

PÁDRAIC: A muise go deimhin itheadh

JOE: Níl tú ….

PÁDRAIC: …. Agus óladh uisce ….

JOE: …. Níl tú in ann an oiread a chuir síos i do ubh inniu, níl tú in ann é a chuir síos san ubh atá tú a’ ithe.

PÁDRAIC: (Gáire) Níl aon chead, níl aon chead breathnú anois air.

JOE: Níl cead breathnú air.

PÁDRAIC: (Gáire) Níl.

JOE: Agus nach mór a’ jab í a ithe gan ruainne salann.

PÁDRAIC: (Gáire) Bhuel ceart go leor, ceart go leor muis.

JOE: Agus tóg an ronnach a chuirfeas tú ar an bpan, mar a déarfá, nuair a chaitheas tú ar a’ bpláta, nach gcaithfidh tú ruainne salann, tá sé deacair é a ithe freisin

PÁDRAIC: Caithfidh tú Ar ndóigh agus bhí chuile rud saillte an uair sin. Chuala mé thú ag cur síos freisin ar, ar na buicéid uisce a bhíodh dhá n-ól.

JOE: Ó is minic a chaithfeadh muinn a dhul siar ag Tobar a’ Bhaile a Phádraic nuair a, go bharr an méid ballachaí a bhí ite a’ dtuigeann tú ag chuile dhuine agus Ar ndóigh bhí, bhí an teach sin atá mise anois ann, bhíodh daoine ar cuairt ann chuile oíche ann mórán.

PÁDRAIC: A hea.

JOE: A’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh, bhíodh John Beag, comharsa béal dorais ’s bhíodh Pádraicín Rider a’ teacht anoir an áit a bhfuil Mary Mheairtin Dharach anois.

PÁDRAIC: Shea.

JOE: Paitín Dillane agus bhíodh, bhí tart ar chuile dhuine.

PÁDRAIC: (Gáire) Go bharr ballachaí.

JOE: D’aireofá, d’aireofá an buicéad, tóin an bhuicéid ansin ag a, ag a deich a’ chlog.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Torann, nuair a aireofas tú torann tóin an bhuicéid ansin, bhuel déarfadh duine eicínt, caithfear a dhul ag a’ tobar le braon uisce le na maidine. Is minic a chaitheadh muid a dhul siar ag Tobar a’ Bhaile ag iarraidh buicéad uisce.

PÁDRAIC: Ag a deich chlog san oíche?

JOE: Sea muis a Phádraic mar bhíodh, ní bhíodh deoir le na maidine.

PÁDRAIC: Ní bheadh ach ólta, ólta ag lucht ballachaí.

JOE: Á [mui]se a mhac bhí salann

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí an salann ag éirigh, ’s Ar ndóigh mara n-íosfaí an bhallach, an ballach a’ dtuigeann tú, bheadh leiceann muice agus bheadh an salann, salann a’ titim anuas dhó sin.

PÁDRAIC: Bheadh, bheadh, bheadh.

JOE: Bheadh sé chomh saillte sin.

PÁDRAIC: Cinnte.

JOE: Chonaic tú fhéin é.

PÁDRAIC: (Gáire) Chonaic mé iad.

JOE: Hea!

PÁDRAIC: So bhí tú ag iascach mar sin i gcurach freisin? Cé leis?

JOE: Go deimhin bhí mé muise, bhíodh mé, nuair a, bhí mé sé bliana sa Ros Éinne ansin a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Ó a’ raibh?

JOE: Bhí sí nua an t-am sin, ní raibh sí ach trí bliana is dóigh nuair a chuaigh mé amach inti agus nuair a bheadh muid a’ coatáil ansin sa samhradh, a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bheadh muinn a’ coatáil na mbáid agus iad a ghlanadh suas aríst len gheimhridh, abair bheadh sé amach séasúr na mbreams, lár séasúr na mbreams ach chuaigh mé amach in éineacht, bhí Tommy ansin ag iarraidh a dhul amach, fear mór le breams a bhí ann a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Tommy Mhaidhcilín [Seoighe]?

JOE: Ó bhí an-tóir aige ar a’ mbream.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Ó théadh sé amach i gcónaí.

PÁDRAIC: A ha, a ha.

JOE: Sna blianta deirneacha a bhíodh Tommy a’ gabháil ar na carracháin

PÁDRAIC: Ó muise?

JOE: Bhíodh sé. Ach chuaigh mé amach in éineacht leis sin agus le Maidhlín agus bhí tramannaí air agus ní raibh, ní raibh aon, caint ar an ineall.

PÁDRAIC: Ó ’s Ar ndóigh ní raibh.

JOE: Ach an triúr a’inn ag iomramh siar ….

PÁDRAIC: …. Maidí, sea.

JOE: Maidí, a Phádraic agus chuaigh muin, chuaigh muinn trí mhaidin i ndiaidh a chéile sa gCró agus as sin go dtí Scailp a’ Phúca, tá fhios a’dsa go maith cá bhfuil Scailp a’ Phúca….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m ….

JOE: …. Níos fearr ná mé fhéin. Nach iontach an iomramh é as Port, as cladach Phort Ae [Dhaibhce] é agus soir aríst leis a’, soir le talamh aríst, ach bhí seol a’inn ceart go leor dhá ngeofá breezín lag gaoth aniar aduaidh, aniar leis an gcloch a Phádraic, bheadh sé thar cionn

PÁDRAIC: Á

JOE: Ó bheadh compoird a’ teacht aniar a’d mar théadh an ghaoth le aimsir bhreá, bheadh sí thoir aduaidh ar maidin.

PADRAIC: M hm.

JOE: Ach bheadh sí thiar aduaidh tráthnóna.

PÁDRAIC: A

JOE: Bheadh sí a’ leannacht na gréine, an ghaoth.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: Ach bheadh an breezín aniar a’d. Ni raibh flask a’ bith an t-am sin ansin ann, dhá mbeadh bhí, bheadh an compoird ceart a’d mar d’fhéadfá suí síos dhuit fhéin agus seoilín ….

PÁDRAIC: …. Seoilín tae te a bheith a’d ….

JOE: …. Seoilín a lán amach ….

PÁDRAIC: …. Is fíor dhuit.

JOE: Shea. Ach ní raibh a leithéide ann, ní raibh flask fhéin an t-am sin ann.

PÁDRAIC: Ó is Ar ndóigh ní raibh. Fuair tú fhéin do bháidín fhéin ansin.

JOE: Fuair mé báidín cheithre troigh fichid ansin a Phádraic, ó ní shea muis ach currach adhmaid.

PÁDRAIC: Ó currach adhmaid.

JOE: Fuair mé, bhí currach canbháis ar dtús a’m. Bhí mé ag iascach potaí i gcurrach canbháis ar dtús, d’athraigh mé ansin go dtí currach adhmaid agus cheannaigh mé í sin anois ó na Barretts i Leitir Mealláin, sílim agus sé Cóil, Cóil Beag agus Maidhle Chóil Pheaits, tá, tá siad caillte anois go ndéana Dia grásta orthub, tá.

PÁDRAIC: Cé mhéad a chuaigh sí? “___+” ….

JOE: …. Ní dheachaigh sí ach leath chéad a Phádraic.

PÁDRAIC: Leath chéad.

JOE: Agus currach maith, currach deas, currach maith, a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Bhí sí leathan.

PÁDRAIC: M hm.

JOE: Bhí sí an-staidéarach, currach breá, cloigeann maith ….

PÁDRAIC: …. Ach bhí inneall a’d uirthi sin?

JOE: Bhí inneall uirthi sin a’m, eh cumhacht sé, sé a bhí, cumhacht a sé

PÁDRAIC: Seagull is dóigh

JOE: Sea, ní hea muis ach Yamaha.

PÁDRAIC: Yamaha, muise?

JOE: Sea, sé chapall air.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Agus chuir mé hocht ansin uirthi, bhí hocht a’m ar deireadh uirthi.

PÁDRAIC: Bhí tú a’ baint siúil aisti an uair sin.

JOE: Ó bhí siúl maith anois ag hocht aici a Phádraic.

PÁDRAIC: Bhí.

JOE: Ó! Nach iontach anois a Phádraic fairsing a bhí gliomachaí an t-am sin. Ní dheachaigh mé thar Thalamh na Coise, bhí mé dhá shéasúr gan a dhul amach thar Thalamh, Talamh na Coise, ’bhfuil ’fhios a’d taobh amuigh gon Chois thoir ansin ag Port Ae?

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Tá ’fhios a’d talamh Phort Ae, síos ansin. Thimpeall an oileáin agus isteach ag Creig an Oigheann agus ag Barr an Oighinn bhí muin, chonaic mé, mé naoi ngliomach i dhá phota Creig an Oigheann

PÁDRAIC: M’anam

JOE: Agus inseoidh mé ceann maith dhuit agus d’inis mé cheana dhuit é, bhí bean ar a’ mbaile ansin, bhí sí, bhíodh sí ag iarraidh cúpla gliomach Dé Domhnaigh nó b’fhéidir Dé Sathairn ach dúirt mé le Peaitín bhuel tá an bhean sin thiar a deir mise, tá sí ag iarraidh cúpla gliomach agus tá sé chomh maith dhúinn a dhul amach go dtí barr an Oighinn, sin é an áit a bhfuil na potaí an-gharr dhúinn mar a déarfá ….

PÁDRAIC: …. Tá ’fhios a’m ….

JOE: ….. Buailte ar ….

PÁDRAIC: …. A ha ….

JOE: …. Buailte ar a’ gcéibh. Ach an chéad phota a tharraing muinn aníos, nach raibh gliomach ann agus by dad déarfainn go raibh sé ceathair nó cúig go phunta meáchain. Ní raibh sí ag iarraidh ach gliomachaí a bheadh punt.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Ba bh’iad ba deise le n-ithe, a’ dtuigeann tú, ach céard a rinne muin, pota Meiriceánach a bhí a’inn an t-am sin, ní raibh a’inn ach deich gcinn acub, dhá cheann déag is mó go photaí a d’oibrigh muinn an chéad dhá bhliain, chuaigh muid amach sa gcurrach ach potaí Meiriceánach a raibh an párlús iontub. Rinne muinn aon mhistake amháin, níor chuir muinn bannaí ar bith ar an ngliomach a’ dtuigeann tú,

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ní raibh, ní raibh bands a’ bith an t-am sin ann, sé an chaoi a gcaithfeá iad a ghearradh le sciain.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, cuimhním air, sea.

JOE: Agus chaithfeá cipín a bheith a’d láidir le gliomach mór go dtabharfá pléasca, phléascfá bhfuil ’fhios a’d, go n-aireofá an torann.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Nuair a bheadh, nuair a d’aireofá an torann bhí bannaí air go háirid.

PÁDRAIC: Bhí bannaí an uair sin air.

JOE: Bhí sé pléascthaí.

PÁDRAIC: Siúráilte go leor.

JOE: Bhí agus dhún muid an barrach le píosa go rópa, barrach nua anois agus togha snath. Tá ’fhios a’d an snáth atá sna potaí anois, tá sé an-láidir.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, tá.

JOE: Bhí an t-am sin, an rud céanna agus chaith muid amach an pota aríst mar ní raibh aon mhaith é a thabhairt isteach mar a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sé ró-mhór agus deimhin níor athraigh muid ach ceann nó péire acub, fuair muid dhá ghliomach ceart, a’ bhfuil fhios a’d b’fhéidir go raibh siad ós cionn punt meáchain, a’ bhfuil ’fhios a’d b’fhéidir go raibh siad punt go leith nó mar sin. Thug muinn isteach ansin an cúpla gliomach sin agus nuair a, nuair a bhí muinn a’ gabháil amach ar maidin Dé Luain deir mé fhéin le Peaitín “bhuel breathnaigh tá muid a’ gabháil a’ tarraingt aon phota amháin” a deir mise le Peaitín “tá gliomach ann mar tá fhios a’m é” “M’anam mb’fhéidir nach bhfuil” a deir Peaitín. M’anam péin gur dheir, “mb’fhéidir nach bhfuil” a deir sé. Sé an chéad phota a chuaigh mé suas go dtí é, nach raibh poll mór millteach gearradh faoi, faoin rópa aige, faoi íochtar an bharrach agus é imithe as.

PÁDRAIC: Anois!

JOE: Bhí. Cheapfá gur bréag a bheinn a’ inseacht anois ach breathnaigh ní, níl bréag a’ bith ansin.

PÁDRAIC: “__”

JOE: Nár mhaith an ceann é.

PÁDRAIC: Cén meáchan a bhí sé a deir tú, ceathair nó cúig go phunta?

JOE: Á bhí sé, bhí sé mór, bhí bairneachaí air, a Phádraic.

PÁDRAIC: Á nach shin é

JOE: A‘ bhfuil ’fhios a’d na rudaí móra an t-am sin

PÁDRAIC: “___+” mór láidir ar ndú

JOE: Ar ndóigh ní gheofá ceann acub sin anois a Phádraic.

PÁDRAIC: Níl mórán gliomachaí anois ann, a’ bhfuil?

JOE: Ó muise níl, a Phádraic. Níl aon, níl aon ghliomachaí ann.

PÁDRAIC: Ach Ar ndóigh is dóigh tá go leor a’ plé leob anois, a’ bhfuil?

JOE: Ar ndóigh a Phádraic a’ dtuigeann tú, séard atá a’ tarlú, tá an iomarca potaí a’ gabháil amach. Ar ndóigh an t-am sin nach raibh siad a’ fágáil cladach Phort Ae [Port Daibhche] an t-am sin, a’ bhfuil fhios a’d currachaí, bhí, níl fhios cé na currachaí a bhí a’ gabháil amach as Port Ae ach ní raibh a’ gabháil amach acub ach cheithre, chúig phota agus sé phota agus siad fhéin a dhéanadh na potaí, potaí coll.

PÁDRAIC: Potaí coll “___” ….

JOE: …. Agus dhá mbeadh aon chuma ar do láimh anois, ar do dhorna a’ bhfuil ’fhios a’d, ní chuirfeá, ní chuirfeá do láimh síos.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: Sa mbarrach, bhí se chomh beag sin.

PÁDRAIC: Bhí sé chomh beag, tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m.

JOE: Agus ní raibh caoi a’ bith eile ansin le an gliomach a thabhairt as ach ní théadh síos ann ach an gliomach punt meachain.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m.

JOE: Bhíodh na gliomachaí móra, is mó a bhéarfaidís ar, ar bharr an bharrach ar maidin ar ghliomachaí ná bhí siad as a’ bpota.

PÁDRAIC: I bhfostú taobh amuigh.

JOE: Ag iarraidh, ní raibh siad in ann a dhul síos, bhí siad ….

PÁDRAIC: …. Ag iarraidh a dhul isteach, tá ’fhios a’m ….

JOE: …. Bhí siad, bhí siad a’ breathnú síos ar a’ mbaoite a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m (gáire)

JOE: Ach ní raibh siad in ann a dhul síos. D’airigh mé dhá rá sin iad. Chonaic mé fhéin tarlaithe é.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Chonaic mé gliomach ar bhéal a’ bharrach, a Phádraic, chonaic.

PÁDRAIC: Hm. Fuair tú, fuair tú do bháidín fhéin ansin aríst, báidín innill, An Bláth Bán.

JOE: Bhuel fuair, currach can[bhas],sea thréis an currach adhmaid sea.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Is fíor dhuit. Thiar i Maoinis a fuair mé déanta í sin.

PÁDRAIC: Sea. Cé rinne í?

JOE: Colm Ó Maoilchiaráin ….

PÁDRAIC: …. Colm Ó Maoilchiaráin. Cén sóirt iascach a rinne tú inti sin?

JOE: Bhí mé a’ plé leis na bradáin inti a’ bhfuil ’fhios a’d ar dtús, nuair a thosaigh na bradáin ar dtús bhí tú in ann do rogha eangachaí a chuir amach a’ dtuigeann tú, ní, a’ bhfuil ’fhios a’d

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m. Agus Ar ndóigh bhí siad sin fairsing is dóigh?

JOE: Bhí dar fairsing an t-am sin.

PÁDRAIC: Ó bhí.

JOE: Ní mórán eangachaí a bhí amuigh a’msa, ní raibh amuigh riamh a’m, má bhí cúig nó sé go chéadta slat, a’ bhfuil ’fhios a’d ach bhíodh mé, bhíodh mé a’ fáil slamannaí acub siar ansin ag Sceolta cuimhním bhíodh muinn a’ fáil bosca i achar gearr, gheofá bosca acub ach ní rinne mise aon iascach mhór orthub anois mar rinne báid eile.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Go deimhin fhéin ní rinne.

PÁDRAIC: Ach Ar ndóigh bhí tú a’ plé le iascach eile, bhí tú le potaí Ar ndóigh sa mbád sin?

JOE: Ó bhí, bhí mé a’ plé le potaí ach ní raibh, ní raibh amuigh riamh a’m ach, ní raibh tada ós cionn dhá scór potaí amuigh riamh a’m déarfainn.

PÁDRAIC: Muise, sea. Agus ansin chuaigh tú a’ plé le, le, le mangach?

JOE: Sea, thosaigh mé a’ plé le mangach ansin le na bialann mar a déarfá. Tá mé a’ plé le mangach le píosa maith blianta ceart go leor ach ní, níor chuir mé aon phota i bhfarraige le chúig bhliana fichid. Níor chuir mé. Ach tá siad a’m ag a’ teach, potaí, tá. B’fhéidir go gcuireann amach scór acub i mbliana, a Phádraic le, le béilí. Iad a chaith síos le breac a fháil in áit eicínt.

PÁDRAIC: D’fhéadfá é sin a dhéanamh. Anois tá muid a’ caint faoi bháid agus chuile rud eile, cé na báid a bhí ann dhá mbeadh duine ag iarraidh imeacht as an oileán?

JOE: Bhuel muise ní raibh mórán bealaigh mar sin ann a Phádraic, ní raibh. Bhí, bhíodh na báid, na báid mhóna a ghlaodh muide orthub, bhídís a’ tabhairt amach paisinéaraí.

PÁDRAIC: Thabharfaidís sin amach daoine, sea.

JOE: Thabharfaidís sin amach daoine a Phádraic, thugadh go minic.

PÁDRAIC: Sea agus bhíodh na báid sin a’ teacht isteach Cill Éinne?

JOE: Ó bhíodh, bhíodh na báid mhóna sin, nuair a bhíodh fuireacht caladh orthub a Phádraic, bhídís a’ gabháil amach, amach sa Láib, luí síos sa Láib i gcaith na hoíche.

PÁDRAIC: Ceann taobh amuigh go cheann eile ….

JOE: …. Óra bhíodh. Á sea muis agus iad a luí síos ….

PÁDRAIC: …. Cé mhéad ceann a bheadh ann acub? ….

JOE: …. Ar nós na heallaí. Ó dhiabhail even na báid iascach a Phádraic, a thiocfadh an t-am sin a Phádraic, bhí cheithre, bhí trí déag nó ceathair déag go cheanna acub taobh amuigh dhá chéile ….

PÁDRAIC: …. Muise? ….

JOE: …. Mar ní raibh ann ach leath na céibhe atá anois ann.

PÁDRAIC: Ní raibh.

JOE: Ach bhí, bhí neart báid mhóna an t-am sin a’ gabháil. Bheadh, bheadh seacht nó hocht go bháid mhóna a’ luí taobh amuigh dhá chéile ann.

PÁDRAIC: A’ mbíodh?

JOE: Ó bhíodh muis amanntaí

PÁDRAIC: Ó a Thiarna.

JOE: Le fuireacht caladh a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Nuair a d’athródh an aimsir orthub.

PÁDRAIC: Agus le, le breams a d’íoctaí iad sin i gcónaí a’ b’ea, ní bheadh airgead i gceist is dóigh?

JOE: Bhuel Ar ndóigh mb’fhéidir amanntaí go gcaithfidh airgead a bheith a Phádraic acub le tabhairt dhóibh freisin mar a déarfá. Dhá mbeadh airgead acub thabharfaidís leath an airgid dhóibh déarfainn.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Shea.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m….

JOE: …. Leath agus leath. Breams i gcónaí a d’íocfaí an mhóin, le breams.

PÁDRAIC: A’ b’ea. Ní cuimhneach leat is dóigh cé mhéad, céard a ghabhadh locht móna ó thaobh airgid?

JOE: Bhí sí saor an t-am sin a Phádraic ….

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh bhí ….

JOE: …. An t-am atá mise a’ caint air.

PÁDRAIC: Ach sé ….

JOE: …. Níl aon chuimhne mór a’msa ach ní raibh sí daor ach na blianta deirneacha bhí sí ag ardú.

PÁDRAIC: A’ raibh ?

JOE: Bhí sí ag ardú.

PÁDRAIC: Shea.

JOE: Bhí….

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh éiríodh as ….

JOE: …. Ó d’íocfá daor ar leoraí móna go deireanach, na blianta deirneacha.

PÁDRAIC: Is beag nár imigh muid ón, ón gceist, báid le dhul Gaillimh mar shampla?

JOE: Á (gáire) sea a mh’anam. Ní mórán díobh a bhí ann. Ní raibh. Bhuel an Dun Aengus, Dun Aengus sin, bhí sí ann alright ar dtús agus ansin tháinig an Naomh Éanna. Ach na báid iascach, bhíodh daoine go leor aníos sna báid iascach a Phádraic, tráthnóna Dé Sathairn.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Ó bhí daoine go leor a’ teacht aníos iontub

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Thugaidís aníos daoine go leor.

PÁDRAIC: Is dóigh

JOE: A’ bhfuil ’fhios a’d a bheadh, a bheadh fanta i nGaillimh mar a déarfá. Ní raibh aon bhealach eile ann.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m. A’ mbainidís sin tada amach, ní bhaineadh?

JOE: Ní bhaineadh, ní bhaineadh agus droch oícheantaí a Phádraic.

PÁDRAIC: Ó muise, cheapainn é.

JOE: Bhíodh neart gaoth, óse bhíodh jumpáil anoir acub.

PÁDRAIC: D’fheicinnse mé fhéin iad i mo, nuair a bhí mise i mo ghasúr, d’fheicinn na báid a’ gabháil siar.

JOE: Ó d’fheicfeá go ré ón Spidéal iad siar ar a’ talamh Cois Fharraige siar….

PÁDRAIC: …. A’ gabháil siar agus go deimhin fhéin mar a deir tú bhíodh droch, droch, droch laethantaí ann freisin.

JOE: Ó bhí droch oícheantaí ceart ann.

PÁDRAIC: Bhí muis, bhí muis.

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Ach is dóigh bheadh fuireacht caladh i nGaillimh ort freisin?

JOE: Ó is minic a chaithfeadh muin, is minic a d’fhanaiodh muid i nGaillimh go dtí maidin Dé Domhnaigh.

PÁDRAIC: Muise? M hm.

JOE: Cuimhním air.

PÁDRAIC: Cá, cá bhfanfá i nGaillimh?

JOE: Ó sa, chodlaíodh muid sna báid i gcónaí, a Phádraic.

PÁDRAIC: Sea, ach tá, tá mé a’ rá, cuid daoine anois nach raibh ag obair ar na báid ar chor ar bith.

JOE: Ó sea, sure bhí an Castle Hotel sin, bhí sé ansin gar gon láir agus bhí, bhí áit eile ann, Tierneys a ghlaoidís air agus beainín Flynn, amach ar aghaidh an Augustine. Á bhí áiteachaí i nGaillimh, agus eh ….

PÁDRAIC: …. Ó agus Ar ndóigh bhí, is dóigh ….

JOE: …. Coleman.

PÁDRAIC: Mrs. Coleman.

JOE: Mrs. Coleman, a mh’anam.

PÁDRAIC: Bhí a leithéide ann.

JOE: Bhí sí sin níos gaire gon duga ná duine a’ bith.

PÁDRAIC: Muise, shea?

JOE: Agus bhí ceann eile ann a mh’anam, anuas ón gCastle, a bhfaca tú, cén t-ainm a bhí air, bhí dhá shiopaín beag ann ….

PÁDRAIC: …. Ach ….

JOE: …. d’fhan daoine ann anyway.

PÁDRAIC: Ó ’s Ar ndóigh d’fhan is dóigh agus Ar ndóigh is dóigh gur óladh braonachaí nuair a bheadh duine coinnithe i nGaillimh?

JOE: Ó m’anam gur óladh neart dhó sin a Phádraic. D’fheadfá a rá gur óladh. Óladh neart pórtair. Ach a’ dtuigeann tú a’ teacht aníos ansin tráthnóna Dé Sathairn (gáire), bheadh, bheadh an cábán lán a’ dtuigeann tú, bheadh daoine go leor amanntaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Nuair a bheadh an jump mór ann agus an aimsir go dona a’ dtuigeann tú, d’fheicteá corr dhuine agus d’fheicteá iad a fáil an-bháiníneach sa gcinnaghaidh.

PÁDRAIC: Dath ag athrú orthub (gáire)

JOE: Sa gcinnaghaidh, sa gcinnaghaidh a Phádraic

PÁDRAIC: (Gáire) Sea, sea a mh’anam.

JOE: Agus bhreathnaíteá i do thimpeall a’ dtuigeann tú ar fhear eile a’ dtuigeann tú agus bheadh neart cainte aige a’ dtuigeann tú a’ fágáil Ghaillimh.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ach nuair a bheadh sé siar ó Cheann Boirne ní fhanadh smid aige.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Tá ’fhios a’d fhéin an mórghalra.

PÁDRAIC: (Gáire) Bhí sé ann ….

JOE: …. Nuair thiocfadh an mórghalra timpeall a’ dtuigeann tú. Nuair a bhí an, nuair a bhíodh na báid i gCill Rónáin, tá mé a’ rá leat, nó i gCill Éinne nó phébí cá dtagaidís i dtír, bheadh neart glanadh le déanamh.

PÁDRAIC: Is dóigh go mbeadh

JOE: Mar ní, Ar ndóigh ní raibh aon chaint ar mhálaí plaistic ná tada an t-am sin. Dhá mbeidís sin ann bheadh tú, bheadh tú ceart.

PÁDRAIC: Á is Ar ndóigh bheadh, ach sibhse ansin a chaithfeadh a dhul a’ glanadh

JOE: Á is muid, a’ bhfuil ’fhios a’d

PÁDRAIC: Lucht a’ bháid?

JOE: Sea.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna is dóigh go raibh a ndóthain anró ….

JOE: .... Ar ndóigh mara, an dream a chuaigh amach ar a’ mballa a Phádraic a mhac nach raibh siad a gabháil ó chaon taobh, d’fheicfeá a’ gabháil ó chaon taobh a’ gabháil suas a’ balla iad shílfeá gur óltach a bhí siad go bharr ….

PÁDRAIC: …. (Gáire) ….

JOE: …. Go bharr a’ tinnis.

PÁDRAIC: (Gáire) Tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m.

JOE: Tá an, tá, tá an mórghalra in ann é sin a dhéanamh, beidh tú fuar freisin.

PÁDRAIC: Bíonn, sea.

JOE: Tá tú in ann a bheith fuar leis ….

PÁDRAIC: …. “___+”

JOE: Ach na créatúir, breathnaigh bheadh trua a’d dóibh, is minic a bhíodh mise a’ síneadh miasannaí acub.

PÁDRAIC: Is dóigh é ar ndú.

JOE: Ní chuireadh sé tada isteach orm. Bhíodh mé dhá, bhíodh mé a’ gabháil amach doras an ghalley agus dhá chaith i bhfarraige ansin agus a’ tabhairt isteach an mias ag duine eicínt eile aríst.

PÁDRAIC: Is dóigh, is dóigh.

JOE: Ní ceird deas a bhí inti ach chaithfeá é a dhéanamh.

PÁDRAIC: Ó bhuel, chaití é a dhéanamh ar ndú, chaití é a dhéanamh ach tá rudaí feabhsaithe in Árainn ó shin.

JOE: Ó muise tá sé go maith anois a Phádraic

PÁDRAIC: A’ bhfuil ’fhios a’d ó thaobh, ó thaobh a ghabháil Gaillimh atá mé a’ rá.

JOE: Ó tá sé go maith anois a Phádraic, tá.

PÁDRAIC: Ar ndóigh tá togha na mbáid ann agus tá eitleáin ann agus tá chuile rud eile.

JOE: Ó a Thiarna nach bhfuil tú in ann a dhul Gaillimh anois ar maidin ag leath uair théis a hocht agus nach bhfuil tú in ann a bheith istigh agus do chuid oibre a dhéanamh aríst i gcaith an lae, i lár a’ lae. Nach ngeobhaidh tú, an áit a bhfuil an bus a’ stopadh, nach bhfuil tú in ann a dhul isteach ansin agus chuile rud beo a cheannacht atá uait istigh ann.

PÁDRAIC: Tá tú, cinnte.

JOE: Ar ndóigh níl gá dhuit a dhul níos faide ná fhaid seo agus an bóthar, breathnaigh, ón mbus, nach shin é an méid.

PÁDRAIC: Ó tá sin fíor ar ndú.

JOE: Tá.

PÁDRAIC: Anois, bhíodh Pátrún ba mhór i gceist lá an Phátrúin i gConnamara, lá an Phátrúin in Árainn.

JOE: Lá Pheadar ’s Pól in Árainn mhór, hea.

PÁDRAIC: Sea. Thagaidís, thagaidís isteach ….

JOE: …. Cuimhním ar cuide dhó. Sé an fear is mó a bhíodh muide a’ faireadh fadó air agus bhíodh Cill Éinne a’ caint air, a’ bhfuil ’fhios a’d cé é fhéin, an ceoltóir, Peait Willie Ó Gríofa.

PÁDRAIC: Ó Peait Willie. Bhí, bhí aithne a’m air muis “___+”….

JOE: …. Bhíodh, sin é, ní raibh tada ar dhuine, caint ar dhuine a’ bith thoir i gCill Éinne ….

PÁDRAIC: …. Muise? ….

JOE: …. Ach Peait Willie, ceol

PÁDRAIC: Á sea, ó Ar ndóigh ….

JOE: …. Bhí sé go maith ….

PÁDRAIC: …. An-cheoltóir a bhí ann ….

JOE: …. Ar an accordion a dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Sea, bhíodh.

JOE: Agus sé an áit a mbíodh sé ina shuí, ar chlaí tí Eddy.

PÁDRAIC: Cén áit?

JOE: Claí tí Eddy, tí Mhack Eddy, a’ bhfuil ‘fhios a’d an claí ….

PÁDRAIC: …. Ó tí Mhack Eddy, thíos i gCill Rónáin?

JOE: Sea i gCill Rónáin, sin é an áit a mbíodh sé a’ casadh an cheoil.

PÁDRAIC: Agus bheadh sé a’ casadh ceoil ansin.

JOE: Bheadh agus i gcaith an lae. Ag éisteacht leis i gcaith an lae.

PÁDRAIC: Agus a’ mbíodh, a’ mbíodh mórán óil i gceist ansin, lá an Phátrúín?

JOE: Á muise bhíodh a Phádraic.

PÁDRAIC: Is dóigh go mbíodh.

JOE: Ó nach mbíodh, nach bhfuil agus i gcónaí. Nach mó a bhíonns sna pubannaí ná a bhíonns ag na rástaí. Tá ’fhios a’d fhéin é, a’ bhfaca tú anois le blianta anuas anois nach, nach, dhá ngabhtá, sna pubannaí is mó a bhíonn siad a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Ar ndú, bhuel sea anois ceart go leor.

JOE: Shea.

PÁDRAIC: Ach bhí tú, bhí tú a’ cuir síos freisin dhom ar rud eile ar fad, na gabhair, bhíodh gabhair agaibh?

JOE: Á sure bhíodh gabhair, bhíodh go leor gabhair a’inn a Phádraic, ar, ar thalamh fear eile a’ dtuigeann tú?

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Ní raibh talamh a’ bith a’inne ach bhí, agus bhí stór, bhí stórín beag ar a’ talamh agus ó deimhin bhíodh dosaena mionáin, diabhal fhios cé na mionáin, na gabhair a bhíodh a’inn, bhíodh, agus bhíodh muinn a’ dealú, bhíodh muinn dhá ndealú ansin a Phádraic nuair a bhídís roinnt óg, dhá ndealú go mbeadh an bainne a’inn ar maidin.

PÁDRAIC: Go díreach, sea.

JOE: Dhá gcuir isteach, á bhíodh jab a’inn iad a chuir isteach sa stór san oíche.

PÁDRAIC: Is dóigh, is dóigh é (gáire)

JOE: Ach nuair a théadh muinn siar ar maidin ansin a’ bleán, bhlíodh muin, bhlíodh muinn na gabhair ar dtús a’ bhfuil fhios a’d sul má scaoileadh muid amach aon mhionán.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Ó is dóigh go mbíodh sé nó seacht go ghabhair. Ó bhí meall gabhair a’inn.

PÁDRAIC: By dad.

JOE: Minseogaí agus gabhair

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Bhíodh.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Nach iontach, nach iontach an rud ansin é a Phádraic, bhí siad in ann beagán go bhainne a choinneál uait le, le go mbeadh sé ag na mionáin, acub le na mionáin.

PÁDRAIC: A’ raibh?

JOE: Bhí.

PÁDRAIC: Anois!

JOE: Choinneoidís roinnt, bhí siad in ann é a choinneáil uait.

PÁDRAIC: Ó a Thiarna.

JOE: Bhí ach nuair a thiocfadh, nuair a scaoilteá an doras ansin, bhuel bhí na mionáin ag imeacht ar nós scodannaí.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí. Tá ’fhios a’d, a’ tóraíocht bainne.

PÁDRAIC: Ag iarraidh bainne, á bhuel Ar ndóigh sin….

JOE: …. Ghabhaidís amach thar do, ghabhaidís amach thar do ghualainn ….

PÁDRAIC: …. Bhí ocras orthub ….

JOE: …. mar seo amach thar do ghualainn.

PÁDRAIC: Bhí ocras orthub is dóigh.

JOE: Bhí (gáire)

PÁDRAIC: Á na créatúír (gáire)

JOE: Agus is iontach, is iontach an nádúr, nádúrach an rud iad na gabhair sin mar an toiméad a bholaíodh sí go trioball an mhionán, bheadh ’fhios aici nach lei fhéin é.

PÁDRAIC: Muise?

JOE: Agus chuireadh sí na h-adharca síos agus chuireadh sí in aer é, as a’ mbealach.

PÁDRAIC: Ó, a Thiarna.

JOE: Bhí ’fhios aici nach lei fhéin é, just boladh gon trioball

PÁDRAIC: Bhí ’fhios aici is dóigh.

JOE: Bhí ’fhios.

PÁDRAIC: Ó nádúr Ar ndóigh “__+” ….

JOE: …. Agus thógadh sé píosa maith go mbeadh an gabhar, go mbeadh, go mbeidís a’ bhfuil ‘fhios a’d a’ “___” mar nó go mbeadh na mionáin ceart a’ gabháil isteach futhub

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: Bheadh ’fhios acub é, nach iontach an rud é.

PÁDRAIC: Á is Ar ndóigh is iontach é an nádúr.

JOE: Agus nuair a bhí an mionán ansin a’ fáil beagán aosta a Phádraic, nuair a bhí an aois, nuair a bhí sé, de réir mar a bhí sé a’ gabháil in aois, bhíodh pleanannaí a’inn ní bhíodh muinn dhá gcuir sa stór a’ chor a’ bith ach chuireadh muinn gobáin iontub, a’ bhfuil ’fhios a’d, chuireadh muinn píosa go chipín agus snáthchái ar chaon taobh air, suas timpeall ar na hadharca

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m.

JOE: Isteach ina mbéal trasna

PÁDRAIC: Á

JOE: “___+”

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: So nach mbeidís in ann a dhul i ngarr go, go na sine ar maidin.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, tuigim thú.

JOE: Agus rud eile a bhíodh muinn a’ dhéanamh freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d, mara mbeadh muid in ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, dhá mbeadh, bheadh tú amanntaí, ní bheadh aon ghobán a’d, bheadh sé caillte a’d, a’ bhfuil ’fhios a’d chailleadh, gheofá bualtrach agus thabharfá ceart go na sineachaí, blastannaí dhó.

PÁDRAIC: (Gáire) Dia dhá réiteach.

JOE: A’ bhfuil ‘fhios a’d.

PÁDRAIC: A ha (gáire)

JOE: Agus ní ghabhaidís i ngarr gon sine ….

PÁDRAIC: …. Nach ngabhadh? ….

JOE: …. ansin i gcaith na hoíche.

PÁDRAIC: Anois!

JOE : Ar maidin mar a déarfá, ní ghabhadh.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m, ó dhiabhail.

JOE: Sin a dhéanadh muid, sin na pleanannaí a bhíodh a’inn.

PÁDRAIC: A ha.

JOE: Knacannai, a Phádraic.

PÁDRAIC: Á na cré[atúir], na créatúir.

JOE: Knackannaí.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Bhí muinn dhá gcoinneáil ón mbainne a’ dtuigeann tú.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m

JOE: Chuns go mbeadh sé a’inn fhéin.

PÁDRAIC: Sea a mh’anam.

JOE: Shea, ach an-bhainne a bhí le tae ann.

PÁDRAIC: A’ b’ea ?

JOE: A bhí sé iontach ar tae, a Phádraic.

PÁDRAIC: Hm.

JOE: Thabharfadh sé dath, thabharfadh sé dath buí ar a’ tae.

PÁDRAIC: Muise, anois.

JOE: Á dath breá.

PÁDRAIC: Ar ndóigh deir siad go bhfuil sé an-fholláin ar fad.

JOE: Tá. Ach ní thaitneoidh sé liom le n-ól, nach iontach an rud é ….

PÁDRAIC: Tá daoiní ann nach maith leob é ….

JOE: …. Bheadh neart dhó a’inn ….

PÁDRAIC: …. Tá daoine, ní bheadh aon lucht a’msa air muis

JOE: Níl.

PÁDRAIC: Ar chor ar bith.

JOE: Agus m’anam mara mbeifeá aireach ar a’ ngabhar freisin mar thiar an deireadh bheifeá bleán.

PÁDRAIC: Shea.

JOE: Ní ghabh tú amach chun tosaigh gon chois, gon chois deireadh ar chor ar bith.

PÁDRAIC: Cén fáth?

JOE: Áise a mhac d’fhéadfadh sí dose a

PÁDRAIC: (Gáire) Cén sóirt dose?

JOE: D’fhéadfadh sí an tincan a líonadh.

PÁDRAIC: (Gáire) Agus ní le bainne é.

JOE: Ní le bainne é muis, a Phádraic

PÁDRAIC : (Gáire)

JOE: Ágh.

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Is minic a rinne sí é, go deimhin. D’fhéadfá a rá.

PÁDRAIC: (Gáire) Steall maith fual?

JOE: Ó muise ní hea ach an rud eile.

PÁDRAIC: Ó muise. (gáire)

JOE: Óoo breathnaigh agus tabhair blaist air.

PÁDRAIC: Sula gcríochnóidh muid anois, tá sé go, tá sé go cháil ort go mbíonn tú go maith ag amhránaíocht.

JOE: Ó muise nach iontach anois an rud atá mé a’ gabháil a rá, níor chas mé, níor chas mé aon amhrán ó, le cúpla, le cúpla bliain a Phádraic, chor a’ bith, chor a’ bith . Nuair nach bhfuil tú a’ tarraingt isteach sna tithe ósta ní ….

PÁDRAIC: Ar ndóigh ….

JOE: …. Ní chasadh tú aon amhrán.

PÁDRAIC: B’fhéidir é sin, is dóigh é sin ceart go leor.

JOE: Ach ceart go leor anois nuair a bhíodh mé a’ tarraingt isteach sna tithe ósta, is aisteach an rud é, by dad nuair a bheadh trí nó ceathair go phiontaí ólta a’m, bheadh shtart, bhí mé in ann shtart a dhéanamh.

PÁDRAIC: Bhí?

JOE: Ach go dtí sin, á ní

PÁDRAIC: (Gáire)

JOE: Ní chuirfeá a’ casadh amhráin le gelignite mé roimhe sin.

PÁDRAIC: (Gáire) Muise?

JOE: Go mbeadh mo dhóthain pórtar ólta a’m.

PÁDRAIC: A’ bhfuil maith ar bith anois a ghabháil ag iarraidh amhrán anois ort? Bhí tú a’ rá liom an lá cheana go raibh amhrán eicínt a’d faoi, faoi tí, tí, faoi Neid Bán.

JOE: Ó a dhiabhail, a Phádraic, is fíor dhuit, Bád Neid Bháin.

PÁDRAIC: Bád Neid Bháin.

JOE: Ní, ní

PÁDRAIC: Amhrán é nár chuala mé ariamh.

JOE: Níor chuala, Ar ndóigh níor chuala mise ag aon dhuine riamh í ach a’m fhéin.

PÁDRAIC: Agus cá bhfuair tú é?

JOE: Pádraigín alright, bhí sé ag Pádraigín “__+”.

PÁDRAIG: Pádraigín, d’uncail?

JOE: Mo uncail, an teach a bhfuil mé anois ann.

PÁDRAIC: Sea

JOE: Sin é a thug dhom an cúpla véarsa di sin a Phádraic agus nach iontach an rud é bhí sé sin, tá sé sin naoi déag caoga hocht, timpealls an t-am anois a, timpealls an t-am anois a thóg, tá mé a’ ceapadh go raibh mé, a’ bhfuil ’fhios a’d, iníon le Máirtín, Máirtín Twenty, Máirtín sin a bhfuil an bád aige.

PÁDRAIC: Sea.

JOE: Deirdre sin.

PÁDRAIC: Deirdre, sea.

JOE: Tá mé a’ ceapadh go raibh mé aici sin ar, ar cheann acub, a’ bhfuil ’fhios a’d maidin Dé Domhnaigh eicínt bhíodh sé aici

PÁDRAIC: Á bhíodh ….

JOE: …. Ag leath uair théis a deich.

PÁDRAIC: Bhíodh, bhíodh, is fíor dhuit.

JOE: Cúpla bliain ó shin a’ b’ea?

PÁDRAIC: Bhíodh, sea. Bhíodh sé ar radio “__+”….

JOE: Tá mé a’ ceapadh gur chas mé ….

PÁDRAIC: …. Muise? ….

JOE: …. Chas mé ar cheann acub sin é.

PÁDRAIC: B’fhéidir.

JOE: Ceann go na maidineachaí sin.

PÁDRAIC: A’ bhfuil tú in ann cuimhneamh ar chúpla ceathrú dhó? ….

JOE: …. Bhuel sin é anois, sin é anois an méid a’ bhfuil ’fhios a’d a chas mé dhó riamh.

PÁDRAIC: Muise ?

JOE: Sé

PÁDRAIC: A’ bhfuil tú in ann cuimhneamh ar aon cheathrú dhó anois ?

JOE: Ar ndóigh triailfidh mé cúpla véarsa dhó a Phádraic

PÁDRAIC: Féach leis go bhfeicfidh tú.

JOE: Fan go bhfeicfidh mé anois. Anois triailfidh mé anois é mar sin. [Glanann Joe a scornach ag fáil ré leis an amhrán a chanadh]

PÁDRAIC: Dia leat anois.

JOE: Is níl sé in Éirinn ná uilig sna réigiúin

Bád níos fearr ná bád Neid Bháin

Is gheofá do bhéilí inti chuile am dhá n-éileofá é

Do phíosa ime agus do bhuilín bán

Is an ronnach róstaith’ aníos gon róistín

Ba mhór an spóirt iad nuair a bhídís ann

Is bhí an foireann chomh múinte inti

Chuile oíche Dhomhnaigh

Ghabhfaidís ar a nglúine agus leabhar ina láimh

PÁDRAIC: Dia leat

JOE: Is bhí grásta Dé uilig ina dtimpeall

Is bhí an t-iasc a’ léimneacht isteach sa mbád

Is an fear a ghléas í molaimid go h-éag é

Is diúin lá go deo deo nach ngabhfaidh sé sa gcrann

Is dhá mbeadh sí gléasta mar dúirt gach aon fhear

Agus bheadh sí a’ réabadh ag tíocht isteach

Is gur uair is ceathrú a chaith sí seoladh

Gur chaith sí téad ag Micil Staic

Is bhí a cuid líonta ar bhuimbeal péine

Agus a cuid bumhaíontaí lena n-ais

Is go b’í Buaile Taime is an bharcáil Ghaelach

A d’fhág an Haró faoi dhroch mheas

PÁDRAIC: Maith an fear. Dia leat. Sin é anois ….

JOE: …. Bhuel tá tuilleadh ann a Phádraic ….

PÁDRAIC: …. Ó ’s Ar ndóigh is dóigh go bhfuil “__+”….

JOE: …. Ach tá ’fhios a’d, níl ’fhios a’m ach an cúpla véarsa sin.

PÁDRAIC: Bhuel tá sé sin go breá, amhrán nár chuala mé riamh.

JOE: Nach, m’anam nár chuala mé fhéin ach an oiread é a Phádraic.

PÁDRAIC: Níor chuala mé aon duine dhá chasadh ….

JOE: …. Aon dhuine dhá chasadh, níor chualas.

PÁDRAIC: Go dtí, go dtí sin.

JOE: Níor chuala mé muis.

PÁDRAIC : Sea. Tá sé chomh maith dhúinn mar sin an clár a dhúnadh. .

JOE: Ceart go leor.

PÁDRAIC: Go raibh míle maith a’d. Rinne tú go maith.

JOE: Go raibh míle maith a’d fhéin.

PÁDRAIC: Agus le cúnamh Dé cloisfidh muid aríst uait.

JOE: Go raibh maith a’d a Phádraic, go raibh maith a’d.

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.