Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00071

Taifeadadh
BBAF.00071
Formáid
MiniDisc
Fad
25:08
Dáta
22 Eanáir 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Éinne
Bailitheoir
Máirín Uí Chonghaile
Faisnéiseoir
Bríd Chóil Seoighe
Eolas cartlainne
MD 8 Bríd Chóil Seoighe. Inis Meáin; Saol na mban; Obair Thí; Ag triomú éisc; Ag déanamh bhréidín; Bréidín; Cniotáil; Ag déanamh éadaí; Breith Chlainne.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00071
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MÁIRÍN: Seod í Máirín Uí Chonghaile. Tá mé anseo i gCill Éinne inniu an dóú lá fichid go Eanáir an bhliain dhá mhíle agus a haon 's tá mé ag caint le Bríd Chóil atá pósta le Paitín William anseo i gCill Éinne. Dia dhuit a Bhríd.

BRÍD: Dé ’s Muire dhuit fhéin.

MÁIRÍN: Cén áit a rugadh thusa a Bhríd?

BRÍD: Rugadh agus tógadh mé in Inis Meáin, ar Bhaile an Teampaill in Inis Meáin.

MÁIRÍN: Sea, bhuel táimid a’ gabháil a’ caint inniu ar saol na mban fadó. So just tá cúpla ceist anseo agam. Ar thug an fear cúnamh sa teach ag breathnú i ndiaidh na gasúir nó a’ níochán éadaigh nó a’ bácáil nó rud ar bith, nuair a bhí tusa óg, an gcuimhníonn tú air?

BRÍD: Bhuel thug, thug m’anam go mbídís, bhíodh na fir, bhíodh. Is cuimhin liom fhéin m’athair go háirid nuair a rugadh an duine is deireanach a’inn, bhíodh sé chuile mhaidin a’ déanamh toast ar a’ tine, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Ar a’ tine oscailte.

MÁIRÍN: Yeah.

BRÍD: Agus, go mo mháthair, bhí sí ar a’ leaba a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Agus Ar ndóigh bhí an oiread a’inn ann, nuair a bheadh slice déanta aige bheadh sé sciopaí ag ceann eile a’inn (gáire).

MÁIRÍN: Ab é an fear nó an bhean a d’éireodh ar dtús ar maidin, cé acub a chuireadh síos an tine agus a d’ullmhódh na gasúir i gcóir na scoile?

BRÍD: Ó an fear a d’éireodh agus a shocródh an tine agus rudaí agus an mháthair a gheobhadh na gasúir réidh le dhul ag a’ scoil, sea, hm.

MÁIRÍN: Cé tharraingeoidh an t-uisce ón tobar nó cé a ghearradh na síol fataí?

BRÍD: Bhuel go hiondúil an t-am sin bhíodh na fir ag iascach ar an Earrach le spiléid.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Níl caint ar bith anois orthu agus bhíodh an fear imithe amach. Théidís amach ar maidin ag a trí a chlog, dó nó trí a chlog ar maidin, amach an taobh ó dheas gon oileán le spiléid agus ar an mbean ansin a bhíodh an obair ar fad. Théadh sí, ghearradh sí na síolta agus thabharfadh siad ar an ngarraí iad leis an asal, ar dhroim an asail agus ehm sháthadh siad na síolta ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d agus ba í an bhean a scaradh na síolta ar an iomaire agus sháthadh na gasúir iad nuair a thiocfadh siad abhaile ón scoil. Sea hm.

MÁIRÍN: Agus céard a tharla nuair nach mbíodh bainne ag an mbó. An mbíodh sibh ag úsáid min-choirce ar an tae nó?

BRÍD: Bhuel bhíodh, d’úsáididís min-choirce all right sea, ach an uair sin bhíodh boscaí bainne a’ gabháil thart, tí a mbíodh go leor gasúir ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Gheobhaidís é seo, a’ bhfaighidís saor é nó?

BRÍD: D’fhaighidís saor é, d’fhaigheadh an uair sin, sea, sea, hm.

MÁIRÍN: An eh, a’ ndíolfadh sibh uibheachaí na cearca nó lachain?

BRÍD: Dhíolfadh, bhuel bhíodh go leor cearca a’inn ’s lachain agus bhíodh cúpla gé freisin agus ehm, bhuel ní cheannaíodh na siopaí an oiread sin uibheacha an uair sin ach nuair a bhíodh m’athair a’ gabháil Gaillimh ar an aonach, thugadh sé leis ciseán uibheacha.

MÁIRÍN: Ach ní dhíoladh sibh le chéile in Inis Meáin iad?

BRÍD: Muise ní dhíoladh, mar bhídís a’ teastáil uathub fhéin ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

BRÍD: …. A’ bhfuil ’fhios a’d, sea….

MÁIRÍN: …. Agus dá mbeadh sibh a’ tabhairt uibheachaí, ní bhainfeadh sibh amach aon airgead just thabharfadh tú do do chomharsan iad?

BRÍD: Á thabharfá go do chomharsan iad, thabharfá, thabharfá.

MÁIRÍN: Sea, agus a’ gcuimhníonn tú a’ sábháladh sibh na h-uisce, na h-uibheachaí i gcroca le uisce, nó le?

BRÍD: Sea, shábháladh ach is fada gur tosaíodh dhá dhéanamh sin.

MÁIRÍN: Sea ní raibh sé ann…..

BRÍD: …. Is fada, ní raibh sé ann, ach tosaíodh air, sea.

MÁIRÍN: Eh, i gcóir an bainne géar, a’ mbíodh “life plant” agaibh nó rud eicínt nó a’ raibh sé sin níos déanaigh?

BRÍD: Séard a bhíodh a’inn, rud a ghlaodh muid yeast air.

MÁIRÍN: Ó agus cá bhfaigheadh sibh é sin ansin?

BRÍD: Ehm, dhéanadh siad fhéin é.

MÁIRÍN: Ach len é a thosaigh ….?

BRÍD: …. Le é a thosaigh, chuirteá i gcroca é, a’ bhfuil ’fhios a’d na crocaí buí sin a d’fheicfeá.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: D’fhaighidís cineál powder eicínt, is dóigh gurbh as Gaillimh é nó rud eicínt

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: agus chuirteá gráinne beag ar thóin an chroca le braon uisce bog agus mheasctá thart é agus ansin bheadh tú ag caith gráinne beag plúir síos ann go dtosódh sé ag tiúchan agus bhuel bheadh roinnt mhaith ar deireadh ann. Chuirteá ar chos na tine ansin é ach ní chuirteá ró-gharr gon tine é

MÁIRÍN: M hm.

BRÍD: a’ bhfuil ’fhios a’d le go n-éireoidh sé suas. Agus nuair a bheadh tú a’ gabháil a’ déanamh an cháca ansin, chuirfeá meall dó sin sa bplúr le uisce.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: So bhí sé sin ….

BRÍD: …. Á bhíodh sé sin thar cionn, bhíodh sé go h-álainn.

MÁIRÍN: Bhí sé sin ag chuile dhuine a’ raibh an t-am sin?

BRÍD: Ó bhíodh, go deimhin bhíodh an uair sin, sea.

MÁIRÍN: Agus cén sórt bácáil a rinne sibh, cáca bán nó donn nó cáca fataí nó mar a thug siad an ‘flatter’ air?

BRÍD: An chéad am a’ bhfuil ’fhios agat, an cáca bán, ní raibh caint ar bith ar plúr donn an uair sin, nuair a bhí mise óg.

MÁIRÍN: Sea sin an ….

BRÍD: …. Ba cáca bán ar fad sea, agus ehm, an rud ba mheasa a’inne, ní thagadh an bád le céibh. Is ann a théadh curachaí amach agus ní i gcónaí a bhíodh na curachaí in ann a dhul amach. Bhuel d’éireodh an plúr gann ansin agus chuile rud eile gann chomh maith.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus is minic a chaithfeadh tú dhul ag iarraidh tin can plúir ar do chomharsan agus thabharfá go do chomharsan é nuair a theastódh sé uathub, an chaoi sin, sea.

MÁIRÍN: So an gcuimhníonn tú ar an flatter a dhéanaidís ar an bpan nó a’ raibh sé sin .…?

BRÍD: …. Ó sea, cineál pancakes nach ea?

MÁIRÍN: Ab ea?

BRÍD: Sea, sea.

MÁIRÍN: Nó, nó

BRÍD: Sea, ach bhíodh rud eile freisin acub a ’bhfuil ’fhios a’d, nuair a bhíodh an plúr ag eirí gann, thugaidís boc air, cáca boic, scríobtá ar scraper é, a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhíodh sé sin go h-álainn thríd an bplúr.

MÁIRÍN: Agus céard a scríobtá?

BRÍD: An fata.

MÁIRÍN: Ó fata.

BRÍD: Bheadh an fata, ach an fata, an craiceann a bhaint gon fhata agus é a scríobadh.

ÁINE: An cáca bacstaí, ab ea?

BRÍD: Sea bacstaí, sé, sé….

MÁIRÍN: …. Agus chuireadh tú thríd an bplúr é.

BRÍD: Chuirteá thríd an bplúr é, ó d’éiríodh sé chomh breá. Bhíodh sé breá láidir freisin a deirim leat. Sea, bhíodh go leor de sin ann, sea.

MÁIRÍN: Agus cén chaoi ar nigh sibh éadaí, eh pluideannaí mar a déarfá agus na héadaí a bhíodh orthaí fhéin mar a déarfá freisin?

BRÍD: Bhuel éadaí, an gnáth seachtain a’ bhfuil ’fhios agat, bhíodh dabhach acub

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Agus wash board.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Eh níl ’fhios a’m cén, clár níocháin is dóigh, sea.

ÁINE: A’ dtéadh sibh siar ag a’ tobar nó a’ ndéanadh sibh sa mbaile é?

BRÍD: Bhuel, éadaí anois a mbíodh allas iontu, chaithfeadh tú iad a dhéanamh sa mbaile agus uisce te a bheith a’d, a’ bhfuil ’fhios a’d ach na héadaí a bhíodh ar na fir nuair a bhíodh siad a’ plé le ceilp nó feamainn nó, thabharfá ag a’ sáile iad sin agus ansin chaithfeadh tú iad a rinseáil in uisce fuar. Ach bhídís go h-álainn. Níodh, ghlanadh an sáile thar cionn iad, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Agus cén sórt gallaoireach a bhíodh agaibh?

BRÍD: Bhuel, Sunlight soap agus rudaí, bloc mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d, sea, bhíodh blocanna dearg freisin ann, hm.

MÁIRÍN: Agus a’ n-úsáideadh sibh an, an blue, máilín blue?

BRÍD: Á d’úsáideadh sea. Missáilim fhéin é sin i gcónaí.

MÁIRÍN: Sea bhíodh sé sin ….

BRÍD: …. Á dhéanadh sé na h-éadaí chomh geal, á bhíodh sé go h-álainn, sea, hm.

MÁIRÍN: Céard a bhí le n-ithe agaibh go h-iondúil a Bhríd, le an bricfeasta mar a déarfá, a’ mbíodh stir about agaibh?

BRÍD: Ó bhíodh i gcónaí, stir about ar maidin sea, ní bhíodh aon chaint ar na flakes ná tada mar sin, an uair sin.

MÁIRÍN: Ar stir about, ab shin é an porridge, nach é?

BRÍD: Ba bhé sea, sea porridge.

MÁIRÍN: Porridge.

BRÍD: Porridge, sea.

MÁIRÍN: Agus ansin eh a’ mbíodh mórán feoil agaibh nó a’ mbíodh coiníní, tá mé a’ ceapadh nach raibh aon choiníní in Inis Meáin, a’ raibh?

BRÍD: Ó bhíodh, ó bhíodh go leor coiníní, bhíodh, ba dheas iad.

MÁIRÍN: Agus muca agus caoirigh agaibh a mharódh sibh féin.

BRÍD: Sea mharaíodh muid caoirigh.

MÁIRÍN: Ní mharófaí beithíoch chomh minic sin?

BRÍD: Bhuel bhí fear amháin in Inis Meáin, choinníodh sé tarbh i gcónaí, a’ bhfuil ’fhios a’d, ar an oileán agus mharaíodh sé an tarbh agus thagadh sé a’ glaoch ar m’athair i gcónaí leis an tarbh a mharú agus nuair a thagadh m’athair abhaile bhíodh píosa breá mairteoil aige.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: A’ bhfuil ’fhios a’d faoi gur mharaigh sé an tarbh.

MÁIRÍN: Ach de ghnáth, ní, ní, ní bhfaighfí feoil as Gaillimh an t-am sin, sure ní bhfaighfí….

BRÍD: …. No, ní fhaightí ná tada, go deimhin ní fhaightí, no.

MÁIRÍN: Agus bhíodh iasc agaibh agus eh …

BRÍD: Ó bhíodh neart go iasc i gcónaí, iasc úr a’ bhfuil ’fhois a’d san Earrach agus eh ….

MÁIRÍN: ….Sea ….

BRÍD: …. ar feadh an samhraidh, ach sa ngeimhridh ansin, séard a bhíodh a’inn ná iasc goirt saillte

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: agus é crochta suas i ngar gon simléar agus bhíodh sé sin chomh crua, bhíodh sé coinnithe speisialta le na Nollag agus chaithfeadh tú é a chur ar bogadh ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh sé chomh crua, leis an salann a bhaint as, hm.

MÁIRÍN: Agus cé eh a ghlanadh an t-iasc go na mná, ab iad na mná nó na fir?

BRÍD: Bhuel ghlanadh na fir ag a’ slip é, an ait a dtagadh siad i dtír, sea sea. Seobh anois iasc, iasc Earraigh.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: San Earrach.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Ba iad na fir a ghlanadh é sin, ach nuair a bhíodh siad ag obair ansin le trams agus ballacha agus mangach agus rudaí mar sin, thabharfaidís abhaile é agus ghlanadh an bhean sa mbaile é.

MÁIRÍN: Agus cé, agus ab í a thabharfadh aire dóibh ansin nuair a bheidís, dá mbeidís, dá mbeidís tirim, mar a déarfá dhá gcur amach ar a’ gclaí ….?

BRÍD: Ó sí, sí agus ar thaobh an tí agus mar sin á dtriomú.

MÁIRÍN: Sí an bhean a dhéanadh é sin….

BRÍD: …. Ó sí, sí an bhean, sí.

MÁIRÍN: Ehm, nuair a dhéanadh sibh an eh, an maistrigh, an óladh sibh an bainne géar?

BRÍD: Á d’óladh leis an, mar a déarfadh muid fhéin leis an suipéar. (Gáire)

MÁIRÍN: Eh eh bainne …

BRÍD: Mug bainne géar sea, á bhíodh sé go deas.

MÁIRÍN: Agus a’ gcuimhníonn tú sibh ag déanamh an maistreadh, a Bhríd?

BRÍD: Ó is iomaí maistreadh a rinne mé, even anseo ó tháinig mé, sea.

MÁIRÍN: Agus choinneoidh sibh an bainne ab ea?

BRÍD: Choinneoidh muid an bainne sea, sea, barr an bhainne [Máirín ag caint ag an am céanna]

MÁIRÍN: Agus dá dtiocfadh aon duine isteach sa teach, an gcaithfeadh duine eicínt láimh a chur sa maistreadh?

BRÍD: Ó chaithfeadh, ní ligfí amach é go gcuirfeadh sé láimh ann, (gáire). Agus chuirfí cúpla splaincín faoi thóin an chuinneog freisin.

MÁIRÍN: Á sea.

BRÍD: Nil ’fhios a’m cén fáth é sin?

MÁIRÍN: Agus an t-am sin a’ mbíodh mórán im, mar a déarfá im siopa mar a thuganns muid air nó an bé an t-im baile is mó …?

BRÍD: Ó im baile, im baile sea ní bhíodh aon im siopa ann, sea.

MÁIRÍN: Ehm cé déarfadh an phaidrín san oíche a Bhríd, ab é an fear nó an bhean a déarfadh é?

BRÍD: Ó an fear i gcónaí, sea.

MÁIRÍN: Sea, an fear.

BRÍD: An fear, fear a’ tí a déarfadh é, ba bhea.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Agus bheadh sé ag iarraidh chuile dhuine gon chlann a bheith istigh le an phaidrín.

MÁIRÍN: Agus a’ mbeadh am áirid aige, áirid agaibh nó?

BRÍD: Muise naoi nó deich a chlog, sea deirtí an paidrín, sea.

MÁIRÍN: Agus ehm an, a’ gcuimhníonn tú fadó ní bhíodh aon, ní bhíodh bróga chomh minic sin ag daoine so cé a chuirfeadh caoi orthub, an é, ab é fear an tí nó a’ raibh fear áirid san mbaile a chuirfeadh caoi orthub? [Tá eitleán Aer Árann le cloisteáil sa chúlra]

BRÍD: Bhuel séard a bhíodh a’inne ar an oileán ná bróga úr leathair.

MÁIRÍN: Nuair a bhí tusa a’ fás suas?

BRÍD: Fás suas, sea

MÁIRÍN: A’ mbíodh bróga mar déarfá leathar ag aon duine an t-am sin, nó bróga úr leathar ar fad?

BRÍD: Corr dhuine, corr dhuine sea, bhuel nuair a bheadh siad a’ gabháil Gaillimh bheadh péire bróga orthub.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: Ach ….

BRÍD: …. Péire bróga arda mar a déarfadh siad.

MÁIRÍN: Sea, agus cé a chuirfeadh caoi orthub sin a’ gcuimhníonn tú, bhídís ag cuir

BRÍD: Ó muise ní bhídís orthub chomh minic go mbídís caite, inseoidh mé an fhirinne (gáire)

ÁINE: Cé a dhéanfadh na bróga úr leathair?

BRÍD: Ó fear a’ tí, sea m’athair, bhí sé thar cionn á ndéanamh.

ÁINE: Agus a’ raibh am speisialta sa mbliain a dhéanfaidís na bróga úr leathair?

BRÍD: No nuair a bheadh siad caite.

ÁINE: Hm.

BRÍD: Déarfainn, a’ bhfuil ’fhios a’d thagadh craiceann mór as Gaillimh, craiceann beithíoch agus ghearradh siad suas b’fhéidir straidhpeanna go, dhó sin.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: Uaireanta shaillfeadh siad é, chaitheadh siad salann isteach ann agus d’fhilleadh siad suas é go ceann tamaill agus ansin ghearradh siad suas ina sliseanna mar sin é.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: An oiread is a ghabhadh ar bhonn do choise.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Agus eh dhéanadh siad na bróga sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, sea, sea.

MÁIRÍN: Agus eh, a’ bhfuil ’fhios a’d faoi na h-éadaí, a’ b’iad na, a’ ndéanadh na mná a gcuid éadaí féin agus éadaí na fir agus na gasúir?

BRÍD: Bhuel ….

MÁIRÍN: …. A’ bhfuil ’fhios a’d, an bríste agus ….

BRÍD: …. Sea, oh no, thagadh táilliúir isteach a’inn, bhí táilliúir ar an oileán.

MÁIRÍN: Bhí táilliúir ar an oileán….?

BRÍD: …. Ó bhí táilliúir ar an oileán agus is ann a théadh sé ag chuile theach, seachtain, nuair a thagadh sé a’inne, (gáire) bhí comhluadar mór ann, chaitheadh sé seachtain a’inn, sea.

MÁIRÍN: Ach níorbh as an oileán é, ab ea?

BRÍD: Ó ba bhea.

MÁIRÍN: Ba bhea,

BRÍD: Ba as an oileán é, sea, sea as an oileán.

MÁIRÍN: Agus ansin thiocfadh sé ag chuile theach?

BRÍD: Thiocfadh sé ag chuile theach sea. Bhíodh an oiread fuss faoin táilliúir an lá a dtagadh sé, chaithfeadh béile maith a bheith dhó agus seo agus siúd.

MÁIRÍN: Agus an ndéanadh sé sin éadaí, na héadaí go na, go, go, go chuile dhuine a bhí sa teach?

BRÍD: Go chuile dhuine sea, sea, [Máirín ag caint ag an am céanna]bristí beaga go na lads bheaga, agus veisteanna, a’ bhfuil ’fhios a’d na veisteanna seo, na waistcoats. Sea, hm.

MÁIRÍN: Anois a Bhríd, cén chaoi a mbíodh an siopadóireacht agaibh, agus an dtéadh sibh Gaillimh go minic. Bhuel an dtéadh do mháthair Gaillimh mar a déarfá anois?

BRÍD: Ní théadh mo mháthair an oiread sin, m’athair, bhíodh m’athair thar cionn a’ gabháil Gaillimh agus a’ shopáil sea. Bhuel bheadh sé a’ gabháil síos le beithígh agus le muca, a’ bhfuil ’fhios a’d. Sea.

MÁIRÍN: Ach eh céard a bhíodh ins na siopaí le, le díol an t-am sin in Inis Meáin. A’ mbíodh ?

BRÍD: Ní raibh tada ach tae ’s siúcra

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus plúr

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus ola mhór.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: Sea, an lampa a bhíodh a’inn an uair sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Yeah, hm.

BRÍD: Agus nuair a bhíodh an ola caite ansin chaithfeadh tú cur suas leis an gcoinneal (gáire) sea. Agus mar a dúirt mé cheanna an rud ba mheasa dhúinne mara dtiocfadh an bad.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Nó mara dtiocfadh an stuif isteach ón mbád, bheadh muid sainithe, yeah, hm.

MÁIRÍN: Agus a’ dtéadh, ní théadh, ní théadh daoine, bhuel na mná Gaillimh chomh minic sin.

BRÍD: Muise ní théadh, ní théadh mura mbeadh gá dhób, ní bhíodh an ospidéal fhéin ann an uair sin go raibh sé i bhfad amach san, yeah sa saol, sea.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú a’ mbíodh na mná ag caitheamh tobac a Bhríd, píopa mar a déarfá?

BRÍD: Ní fhaca mise aon duine riamh á chaitheamh lé mo linn fhéin.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea

MÁIRÍN: Ní chaithidís ag tórramh é, na mná?

BRÍD: Á ní chaitheadh, ní chaitheadh, ach snaoisín, chaitheadh siad snaoisín, sea, snuff.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: Sea, sea.

MÁIRÍN: Agus bhíodh sé sin lé fáil sa siopa, ab ea?

BRÍD: Ó bhíodh sé lé fail, gheobhadh tú luach cúpla pingin, yeah.

MÁIRÍN: Anois an obair cladach, céard a bhíodh na mná a’ déanamh sa gcladach, a’ mbídís a’ baint feamainn?

BRÍD: Eh bhíodh am áirid gon bhliain, san Earrach, bhídís a’ baint coirleach, sea, le, l’aghaidh ceilp.

MÁIRÍN: Ó na mná?

BRÍD: Na mná sea, dhá gearradh a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea

BRÍD: Dhá gearradh agus chuireadh an taoile isteach ansin ar an trá í, sea.

MÁIRÍN: Agus ar bhain siad carraigín, nó?

BRÍD: Ó bhain agus piocadh faochain sea, sea.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh siad ag baint feamainn le cur ar an, ar a’ ngarraí?

BRÍD: Ó bhí, bhí agus ag obair go trom le capall, a’ bhfuil ’fhios a’d, ag cur aníos feamainn ón trá, sea.

MÁIRÍN: Siad na mná a bhíodh á dhéanamh sin?

BRÍD: Sea, siad, siad. In Inis Meáin tá tú i bhfad ón bhfarraige, hm sea.

MÁIRÍN: Ehm, anois a Bhríd, a’ mbíodh sibh a’ déanamh bréidín in Inis Meáin?

BRÍD: Ó bhíodh, bhíodh go deimhin, bhíodh agus bhí sé go h-iontach, go h-álainn, an bréidín.

MÁIRÍN: Agus cén chaoi a ndéanfaí é sin?

BRÍD: Bhuel, gheobhadh siad plúirín as Gaillimh.

MÁIRÍN: Agus céard a bhí sa bplúirín anois, mar tá go leor daoine nach mbeadh ’fhios acub céard é sin ….?

BRÍD: …. Sea, powder mín, rud eicínt ar nós bread-soda, ach gur dubh-ghorm a bhí sé.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Hm, bheadh sé i bpota mór cois na tine, an olann, dhá dhathú.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Agus séard a chuirfí ar an bplúirín ná urine, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Fual.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sin a bhíodh ann an uair sin.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus nuair a bheadh an plúirín leáite ansin, chuirteá isteach an olann ann agus d’fhágtá cois na tine é agus ní, ní, níor mhaith leob go bhfaigheadh sé ró-the, níor mhaith leo go bhfaigheadh sé ró-the. Sea.

MÁIRÍN: Agus ansin nuair a bheadh sé, nuair a bheadh sé réidh ansin, céard a dhéanadh sibh leis ansin?

BRÍD: Thabharfadh siad amach é agus thriomódh siad é. Bhuel, chaithfeadh tú an olann a bheith spíonta roimhe sin agat agus í nite.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: In uisce bog, sea, agus ansin chuirteá é seo sa bpota, sean phota mór cois na tine.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus an boladh a bhíodh uaidh sin, bhíodh sé uafásach.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Yeah, ach ehm

MÁIRÍN: Agus eh nuair a bheadh sé sin réidh ansin, céard a

BRÍD: Ehm, nuair a bheadh sé, chaithfeadh tú é a níochán ansin aríst, é a rinseáil agus é a thriomú agus chuirtí Gaillimh ansin é le roilléirí a dhéanamh dhó.

MÁIRÍN: Agus cá gcuireadh sibh i nGaillimh é, meas tú?

BRÍD: Bhí factory i nGaillimh, i Dominic Street, Lydons.

MÁIRÍN: Ó Lydons

BRÍD: Lydons Woollen Mills….

MÁIRÍN: …. Woollen Mills, sea.

BRÍD: Sea, bhí sé go h-iontach.

MÁIRÍN: Yeah.

BRÍD: Hm.

MÁIRÍN: Agus chuirtí síos ansin é?

BRÍD: Chuirtí síos ansin é agus dhéanadh siad roilléirí dhó.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: A’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus ansin nuair a thiocfadh sé sin aníos, chaithfeadh na mná ansin é sin a shníomh ar an tuirne.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: A’ bhfuil ’fhios a’d, sea, cineál inneach a dhéanamh dhó.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh sé réidh ansin le cur ag eh …? [Tá torann sa chúlra, Peaitín, fear chéile Bhríd ag cuir gual ar an tine]

BRÍD: Dhéanadh siad, dhéanadh siad eh, chaithfeadh, dhéanadh mo mháthair ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d, snáth dhó, na roilléirí seo.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus nuair a bheadh sé sin réidh ansin dhéantá ceirtlín mhór dó agus thagadh sé anoir ag Seán Gillan.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: Gon cheann siar, sea

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh sibh dhá dhathú, an gcuireadh sibh dath ar an mbréidín nó just an ?

BRÍD: An plúirín seo.

MÁIRÍN: Ó ba bhin é

BRÍD: Ba shin é, sé, ba bhin é a dhathú sea, sea.

MÁIRÍN: Ba bhin é an

BRÍD: Sea, ach bhí rud eile ansin a’ bhfuil ’fhios a’d an waistcoat seo a bhíodh ar na fir, chaithfeadh sé sin a bheith cineál donn nó greyish, an bhfuil ’fhios a’d le an front gon, gon veist. Is dóigh go bhfaca tú veist ….

MÁIRÍN: …. Sea, sea….

BRÍD: …. na veisteanna sin a bhíodh ann fadó….?

MÁIRÍN: …. Sea, sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: Ar úsáid sibh sméara dubha ná rud ar bith acu sin le dathú a dhéanamh?

BRÍD: D’úsáid, bhuel ní sméara dubha ach bhíodh luibheannaí eile a’ fás agus bhí ’fhios a’inn iad.

MÁIRÍN: Sea agus sin iad a d’úsáid sibh ....

BRÍD: …. Sea ….

MÁIRÍN: …. le dath eile a chur.

BRÍD: Le dath eile. Lá amháin thoir sa mbaile a’ bhfuil ’fhios a’d bhí mé fhéin ag cuir aol ar an sean teach, bhí muid ina gcónaí ins an sean teach ag an uair sin agus ba mhaith, bhíodh muid i gcónaí ag cuir aol ar an sean teach, ach a’ bhfuil ’fhios a’d timpeall na tine. An lá seo bhí sé déanta a’m fhéin agus chuile rud agus tháinig mo dhreabhar isteach agus an luibh seo aici agus fuair sí boiscín beag a bhíodh cócó fadó ann agus chur sí síos i lár na tine mhór mhóna é agus Ar ndóigh nuair a thosaigh sé ag fiuchadh, fiuchadh chuaigh dash gon luibh seo, bhí an áit millte.

MÁIRÍN: Ach bhí na luibheanna seo ar fad ag fás san áit ….?

BRÍD: …. Ó bhíodh, bhí.

MÁIRÍN: Agus sin iad a d’úsáideadh sibh?

BRÍD: Siad, siad, ba bh’iad, sea.

MÁIRÍN: Agus cé na dathannaí a bhíodh agaibh….?

BRÍD: …. Bhuel bheadh sé cineál donn nó green nó rud eicínt mar sin, sea.

MÁIRÍN: Agus nuair a nífí na héadaí arís, na geanasachaí aríst, níor imigh an dath astub, d’fhan sé .…?

BRÍD: …. Ó ní thréigeadh sé, no d’fhan sé iontu, d’fhán ’sea, ’sea. [Máirín ag caint ag an am céanna] Chuala mise freisin bean a bhí thiar in Eochaill, cailleadh í, bhí T.B. uirthi, agus cailleadh í agus deir siad go ndúirt an sagart pobal an lá sin, cé chás é a dúirt sé ach an leigheas ag, ag tóin an tí. Is dóigh go raibh luibh eicínt ann ….

MÁIRÍN: …. Luibh eicínt ann ….

BRÍD: …. is dóigh, sea.

MÁIRÍN: Ní raibh aon pisreogaí nó rudaí a’ bith a’ baint le dathú éadaigh, ní, níor ….?

BRÍD: …. Ó, ní raibh, níor airigh mé no ní raibh….

MÁIRÍN: …. Ná tada mar sin agaibh?

BRÍD: No níor aire mise aon cheo, no.

MÁIRÍN: Anois, agus an chaoi chéanna leis an criotáil a Bhríd, thógadh sibh an olann agus dhéanadh sibh an bealach céanna é, ab ea, an snáth i gcomhair

BRÍD: Ó sea, i gcomhair stocaí agus rudaí, sea.

MÁIRÍN: Sea, agus dhéanadh sibh ar an tuirne é agus rudaí …

BRÍD: Dhéanadh sea, sea.

MÁIRÍN: Sea agus dhéanadh sibh na geansachaí?

BRÍD: Chuirteá dhá shnáth le chéile, an bhfuil ’fhios a’d, dhá shnáth caol.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: Agus eh cén chaoi a mbíodh na geansachaí fadó, a’ raibh an pátrún iontub aníos ón básta nó aníos .…?

BRÍD: …. No aníos go h-ascaill sea, chuirtí beagán beag oibriú anseo, sea.

MÁIRÍN: Agus nach ndéanfaí ar, ar bhioráin ciorcail é, nó a ’ raibh an just, cé mhéad bioráin a bhíodh agaibh?

BRÍD: Muise séard a chonaic mise acub ná biorán stocaí.

MÁIRÍN: Sea ach ….

BRÍD: .… ar na geansachaí.

MÁIRÍN: Sea ach bhí sé déanta ina chiorcail?

BRÍD: Ó bhí eh ….

MÁIRÍN: Ní raibh aon, a’ raibh aon fuáil suas ag an taobh?

BRÍD: Ní raibh an uair sin.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: Ar dtús.

BRÍD: Sea, ach bhíodh ocht gcinn go bhioráin ann a’ bhfuil ’fhios a’d, bioráin stocaí, le bioráin stocaí a dhéanadh siad freisin é.

MÁIRÍN: Agus chriotáilfí amach an muinchille as ab ea? Ní fhúáileadh, an bhfuáileadh sibh isteach an muinchille ann?

BRÍD: No, is ann a chniotálaidís amach as é, an uair, sin.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh cúpla cnaipe anseo ar an ngualainn acu ….?

BRÍD: …. Bhíodh trí chnaipe ar a’ ngualainn.

MÁIRÍN: Sea, agus muinchillí tuairim ’s ….

BRÍD: Sea, mar sin

MÁIRÍN: Ar ….

BRÍD: Sea, sea.

MÁIRÍN: Agus tá rud eile a Bhríd faoin gcriotáil, cén uair a thosaigh sibh a’ criotáil agus a’ díol geansachaí? An mbíodh sibh á gcur ag an “ Country Shop” nó arbh é Pádraig Ó’ Síocháin ab ea,

BRÍD: Sea.

MÁIRÍN: a bhíodh ag eh .…?

BRÍD: …. Bhuel níor chuir mise aon cheann aige sin riamh.

MÁIRÍN: Bhuel

BRÍD: Is dóigh go raibh mé imithe a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a thosaigh sé sin.

MÁIRÍN: Sea, bhí sé sin níos deireanaí.

BRÍD: Bhí sé sin níos deireanaí, bhí….

MÁIRÍN: …. Agus bhí an Country Shop níos deireanaí.

BRÍD: Á bhí sea, sea….

MÁIRÍN: …. Tháinig sé sin (--) Ní bheadh do mháthair ag díol geansachaí?

BRÍD: Á ní bhíodh, ní bhíodh sé go am aici….

MÁIRÍN: …. No just, bhuel, ach a’ raibh an t-am sin in Inis Meáin, meas tú, a’ raibh aon duine ag díol geansachaí nó á gcur chun bealaigh.

BRÍD: Á muise, ní dhéarfainn go raibh, ní raibh….

MÁIRÍN: …. Ní raibh aon duine.

BRÍD: Ara ní raibh.

MÁIRÍN: Ní raibh aon suim iontub an t-am sin ….?

BRÍD: …. Ní raibh aon suim iontub, ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Níos deireanaí a thosaigh sé sin ar fad….

BRÍD: … Sea níos deireanaí, sea.

MÁIRÍN: Gur, gur eh (--) Ach, ba í an geansaí a chaitheadh chuile dhuine, na, na fir ar fad.

BRÍD: Sea, ach na fir nuair a bheadh siad mean aosta ansin, séard a chaitheadh siad ná léine ghorm.

MÁIRÍN: Ó sea.

BRÍD: Bré[dín], bréidín gorm, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus muinchille agus cuff air agus collar hm.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh, céard a bhíodh ar na mná?

BRÍD: An rud a dtugaidís beirgiún air, sin a bhíodh ar na, ar na mná fadó a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Agus céard a bhíodh .…?

BRÍD: Abair anois tar éis bhuel thar éis pósadh dhób, chaitheadh siad beirgiún, ehm píosa flainín a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: An droim mar a déarfá gearrtha amach agus ansin, an front freisin, ghabhadh dhá phíosa thar a chéile, sea.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Ní raibh pléata nó aon rud ann ach mar sin, beirgiún a thugaidís ar sin. Iad (--) Báinín bán a bhíodh ann.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Cuid gon bhréidín.

MÁIRÍN: Sea

BRÍD: Agus dhathódh siad fhéin dearg é, sea sin é a bhíodh ar chuile bhean in éineacht leis na cótaí dearga.

MÁIRÍN: Sea, leis na cótaí dearga.

BRÍD: Sea, sea.

MÁIRÍN: An mbíodh geansaí orthub nó an blouse a bhíodh orthub?

BRÍD: Rud a dtugaidís ‘seaicéad’ air, ba blouse é ach bhíodh líneáin leis.

MÁIRÍN: Ach céard a bhí sé sin déanta as ansin, a Bhríd?

BRÍD: Ó as cadás.

MÁIRÍN: As cadás

BRÍD: As cadás, sea, cadás….

MÁIRÍN: …. Agus a’ mbíodh sé an dath amháin nó a’ mbíodh sé daite….?

BRÍD: …. Ach bhí … bhí …

MÁIRÍN: …. nó a’ raibh flowers beaga ann?

BRÍD: Ó bhíodh flowers ann bhí, bhí ach plain lining a’ bhfuil ’fhios a’d leis.

MÁIRÍN: Ach bhí gearradh deas ar a dhroim, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí sé shapeáilte anuas chomh deas.

MÁIRÍN: Sea

BRÍD: Sin é an seaicéad anois agus bheadh píosa velvet ar a, ar a mhuinchille anseo.

MÁIRÍN: Sea

BRÍD: Agus píosa ar a collar, sea.

MÁIRÍN: So bhídís á chaitheamh sin faoi an, an briogadáin, ab ea?

BRÍD: An beirgiún, an beirgiún sea, beirgiún, sea.

MÁIRÍN: Agus eh, ó chaithidís é sin faoi sin.

BRÍD: Chaitheadh siad é, agus ansin sa samhradh, chaitheadh siad an blouse seo freisin

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Atá mé a’ caint air a raibh an lining leis

MÁIRÍN: Ó

BRÍD: Agus bheadh seáilín beag deas ós a chionn.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Bhreathnaíodh sé sin go h-álainn, sea.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh (--) Céard a thabharfaidís ar an seál, an cloud ab ea a thug siad air nó ?

BRÍD: No seáilín.

MÁIRÍN: Just seáilín a ghlaodh sibh air.

BRÍD: Seáilín a ghlaodh muid i gcónaí air.

MÁIRÍN: Bhí sé sin déanta, ar crochet é nó eh?

BRÍD: No gheobhadh tú ins na siopaí iad sin an uair sin.

MÁIRÍN: Dubh ab ea?

BRÍD: Oh no, eh chuile chineál dath.

MÁIRÍN: Ó.

BRÍD: Ó bhídís sin go h-álainn, sé an trua go [Máirín ag caint ag an am céanna] bhídís go h-álainn na seáilíní sin.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Bhí. Bhí fear as Baile Átha Cliath, phós sé cailín ón oileán agus an chéad am a bhfaca sé í, bhí sí gléasta le cóta dearg, a’ bhfuil ’fhios a’d, sciorta dearg agus an seáilín seo agus an blouse.

MÁIRÍN: Sea.

BRÍD: Agus cheap sé go raibh sí go h-álainn, cheap sé nach bhfaca sé a leithid riamh. Ach ansin chuaigh sí go Baile Áth Cliath agus phós sí i mBaile Átha Cliath é agus nuair a chonaic sé ansin gléasta in éadach Bhaile Áth Cliath bhuel breathnaigh, dúirt sé go raibh sé chomh different.

MÁIRÍN: Yeah, níorbh í an bhean céanna í?

BRÍD: Oh not at all, níorbh í, níorbh í.

MÁIRÍN: Ach nuair a bhfaighfí an t-éadach, a’ raibh siopa amháin i nGaillimh gheobhaidís mar a déarfá an cadás sin as?

BRÍD: Á bhí, nó muise níl ’fhios a’m anois cé na siopaí, bhí, ach bhí siopa amháin ann, Sweeney, mar a deireadh siad fhéin, bhí sé ar an gcoirnéal.

MÁIRÍN: Hm.

BRÍD: Is ann a cheannaíodh siad, dhá dtiocfadh siad gann ina mbréidín, cheannódh siad báinín bán, sea.

MÁIRÍN: Agus an t-am sin ní théadh daoine Gaillimh ag ceannacht na rudaí, is dóigh sa bposta a thiocfadh gach rud?

BRÍD: Ó ba bhea, sea ba bhea, ba bhea….

MÁIRÍN: …. Go na rudaí sin….

BRÍD: …. Sea, ba bhea, ba bhea, sea.

MÁIRÍN: Anois a Bhríd, nuair a bhíodh na mná ag súil le páistí, an dtéidís ag an dochtúir le fháil amach a’ raibh brú fola nó blood pressure orthub?

BRÍD: Muise ní théadh, ní dhéarfainn go dtéadh, ní airíodh muid aon chaint air.

MÁIRÍN: Ní raibh aon, a’ raibh dochtúr .…?

BRÍD: …. Ní raibh aon dochtúr ar an oileán.

MÁIRÍN: Ná banaltra?

BRÍD: Bhí banaltra ann ceart go leor.

MÁIRÍN: Yeah.

BRÍD: Hm, bhí.

MÁIRÍN: Agus eh, a’ bhfanadh, meas tú a’ bhfanadh na mná i bhfad ar an, ar a’ leaba théis an, an .…

BRÍD: …. Déarfainn cúpla lá nó trí, sea.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh aon bhean cabhrach ann, nó, ar nós a bhíodh a’inn anseo, Máirín an Chaptaen nó ?

BRÍD: Á bhí, bhí cúpla sean bhean thoir mar sin.

MAIRÍN: Hm.

BRÍD: Bhí agus nuair a, bhí, bhí sean bhean i ngar dhúinne, sa teach in aice linne agus nuair a d’iarradh sí orainn aon cheo a dhéanamh dhi mar a mbeadh fonn orainn a’ bhfuil ‘fhios a’d é a dhéanamh an bhfuil a fhios agat laethanta go ndéantá, agus laethanta nach ndéanadh, dá mbeadh sí dhá gcur ag an siopa. Agus déarfadh sí ansin, “ó nach maith a cheannaigh mé do thabhairt anuas as an Dún, déarfadh sí gur thuas sa Dún a d’fhaigheadh sí muid (gáire)

MÁIRÍN: Hm

[Chríochnaigh an agallamh seo go tobann]

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.