Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00056

Taifeadadh
BBAF.00056
Formáid
MiniDisc
Fad
10:17
Dáta
19 Samhain 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Marion Ní Shúilleabháin
Faisnéiseoir
Treasa Ní Mhiolláin
Eolas cartlainne
MD 61 Treasa Ni Mhiolláin. Cur síos ar Amhránaíocht; 08:49 Amhrán: "Póg Bhid Óg."
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00056
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MARIAN: Sé inniu an naoú lá déag go Shamhain an bhliain 2002 agus is mise Marian Ní Shúilleabháin agus tá mé amuigh anseo in Árainn ag caint le grúpa ban atá ag freastal ar chúrsa Bailiúchán Béaloidis Árann agus liom anois tá Treasa Ní Mhiolláin, amhránaí mór sean nóis. A Threasa, cén uair a chur tú féin suim sa sean nós an chéad lá riamh.

TREASA: Bhuel is dóigh gur thosaigh mé ag casadh amhránaíocht a bhí cineál sean nósach ó bhí mé i mo ghasúr, b’fhéidir cúig nó sé go bhlianta g’aois agus ansin nuair a d’éirigh mé suas thosaigh mé ag casadh is dóigh ins na tithe ósta agus coirmeacha ceoil beaga a bhíodh ar an oileán.

MARIAN: Agus cé uaidh a bhfuair tú cuid go do chuid amhráin nuair a thosaigh tú amach ins na blianta tosaigh?

TREASA: Bhuel is dóigh an chéad chuid go bhfuair mé uaidh mo mháthair agus mo mhuintir féin agus ansin thosaigh mé ag éisteacht le daoine b’fhéidir a bhí ar mo bhaile féin agus daoine as an oileán agus ní ba dearnaí ná sin ag éisteach le téipeannaí le amhránaí b’fhéidir as Conamara nó as áiteachaí eile.

MARIAN: Agus ar sean nós uilig a bhí anseo ag an am nó a’ raibh cineálachaí eile ceoil agus amhráin ann freisin ag an am céanna?

TREASA: Nuair a bhí mise i mo ghasúr sean nós ba mhó a bhíodh le cloisteáil ach ansin b’fhéidir nuair a d’fhás mé suas i mo dhéagóir bhíodh níos mó daoine ag éisteacht le, leis an radio agus ag éisteacht le pop cheol agus mar sin.

MARIAN: Agus cén difríocht a thuig sibh a bhí idir an sean nós agus na cineálachaí eile ceoil a bhí ann ag an am?

TREASA: Bhuel ar a’ gcéad dul síos bhí siad i nGaeilge agus ansin bhí siad chomh fada, b’fhéidir deich bhéarsa nó dhá bhéarsa dhéag nó níos mó agus bhí go leor corradh agus casadh iontub freisin agus b’fhéidir bhaineadh amhránaí áirid an-fhad go deo as focla agus mar sin deich seachas an pop cheol ansin, bhí sé, bhí beat maith leis agus i bhfad ní ba éasca b’fhéidir a chasadh.

MARIAN: Agus an sean nós ansin, ab é an chaoi a mbeadh daoine dhá mhúnadh nó an gcaithfeá féin é a phiocadh suas nó ar scil ann féin a bhí ann, cineál, an sean nós a bheith a’d. An bé an chaoi a raibh sé a’d nó ar rud é a d’fhéad tú a fhoghlaim?

TREASA: Bhuel i dtosach aimsire cinnte ní raibh ar an oileán ach an sean nós agus bhíodh amhránaithe á thógáil óna chéile agus b’fhéidir seasca bliain nó ós a chionn go dtagadh daoine as Conamara isteach le móin agus, nó le slóchtaí agus go bhfanaidís thar oíche agus go bhfoghlaimeoidh muintir an oileáin amhráin uatha sin freisin.

MARIAN: Agus cén chaoi go bhfuair tusa deis a dhul ag taisteal le do chuid sean nóis nó cén uair a d’imigh tú ón oileán agus nuair a chuaigh tú a’ casadh amhráin in áit eicínt eile seachas anseo in Árainn?

TREASA: Bhuel is dóigh gurbh é an tOireachtas a chur i mo chuimhne i ndáiríre a dhul i gcomórtaisí ar dtús. Bhínn ag éisteacht le daoine a bhíodh a’ buachtáil ag an oireachtas agus chloisinn faoi na, an spraoi mór a bhíodh thuas ann agus mar sin agus dúirt mé “bhuel níl dochar é seo a thriall” agus sin é an chaoi ar thosaigh mé.

MARIAN: Agus cén chéad Oireachtas a ndeachaigh tú aige?

TREASA: Deireadh na seascaidí, i mBlá Cliath. Bhíodh sé ins an RDS ag an am agus bhíodh chuile shóirt a’ tarlú istigh ins an RDS é féin agus ina dhiaidh ansin théadh muid go dtí an t-óstán agus bhíodh oíche go maidin ansin ar feadh na seachtaine.

MARIAN: Agus bhí, bhíodh seachtain i gceist san Oireachtas ag an am sin, nach mbíodh?

TREASA: Bhíodh seachtain i gceist agus duine ar bith ón nGaeltacht, gheobhaidh sé lóistín saor in aisce an t-am sin ach páirt a thógáil i gcomórtas eicínt.

MARIAN: Agus meas tú a‘ raibh sé deacair ag daoine ag an am sin imeacht ar feadh seachtaine, seachtain iomlán a chaitheamh i mBlá Cliath agus iad a imeacht óna gcuid oibre agus óna gclann agus ón dream a bhí fágthaí ina ndiaidh acub. A' raibh go leor daoine á dhéanamh ag an am?

TREASA: Ehm, bhuel ní raibh mórán as an oileán seo dhá dhéanamh cinnte ach ansin bhíodh go leor as Conamara ann. Ach ní raibh an oiread sin oibre is dóigh ag daoine ag an am ach oiread, ní hionann agus anois, tá jab ag chuile dhuine beagnach. Ach cheap muid gur sórt saoire a bhí ann ar aon chaoi dóibh féin agus choinneoidís an tseachtain sin i gcónaí le bheith cinnte a bheith ag an Oireachtas.

MARIAN: Anois tiocfaidh muid ar ais ag a’ sean nós anois aríst. Cloisim go mbíonn tusa a’ múnadh sean nóis anseo go na gasúir in Inis Mór, inis dhom faoi sin.

TREASA: Bhuel is duine go na múinteoirí as scoil Eoghanachta a d’fhiafraigh orm é a dhéanamh is dóigh garr go sé bliana déag ó shin agus ansin thosaigh na scoileannaí eile ag fiafraigh orm é a dhéanamh, ach b’fhéidir cúpla bliain roimhe sin thosaigh Gael Acadamh ar aon nós a‘ múineadh an tsean nóis ins na scoileannaí agus tá múinteoirí sean nóis acub anois ar fud Chonamara agus ar an oileán anseo.

MARIAN: Agus a' mbíonn tusa a' múnadh in Inis Oírr agus in Inis Meáin freisin, a' mbíonn?

TREASA: Bím a' múnadh in Inis Oírr, bhí mé in Inis Meáin ach ní raibh mórán gasúir fanta ag a' scoil ar deireadh so níor bhfiú i ndáiríre a bheith a' gabháil soir mar ar an eitleán a théim agus bhí sé costasach ar Ghael Acadamh so mar gheall nach raibh fágthaí ach ceathrar gasúir dúirt muid go stopfadh muid a' gabháil go hInis Meáin ach bím in Inis Oírr i gcónaí.

MARIAN: Agus inis dhom, a' bhfuil mórán spéis ag na gasúir anois sa sean nós nó ar fearr leob an pop agus an rock agus an rhythm and blues agus an, na cineálachaí éagsúla ceoil seo uilig atá a' teacht in cinn anois nó a' bhfuil spéis acub sa sean nós fós, a' bhfuil?

TREASA: Bhuel feictear dom féin gurb iad na gasúir bheaga is mó atá spéis acub ann agus fanann an spéis ann go mbíonn dar thart ar aon bhliain déag nó mar sin, nuair a bhéas dar ag cuimhneamh a ghabháil ag a' meánscoil. Ach ansin níl sé mar a deireann siad féin “cool” anois a bheith ag casadh sean nóis níos mó

MARIAN: Sea.

TREASA: Agus bheadh fhios a’d go mbíonn go leor acub ag éisteacht leis an pop cheol.

MARIAN: Agus inis dhom ehm, cé, cén chaoi a dtéann tusa anois isteach i rang. Abair go bhfuil tú a' gabháil isteach ag grúpa gon chéad uair riamh agus tá tú a’ gabháil isteach agus tá tú a’ gabháil a’ múineadh sean nóis dhób, cén chaoi a dtugann tú faoi?

TREASA: Bhuel bíonn cóipeannaí gon amhrán a bhíonns le déanamh a’m, déanta amach a’m agus tugaim cóip thart go na gasúir agus tosaíonn muid le líne amháin agus ansin an dá líne agus leanann muid ar aghaidh mar sin agus tar éis píosa nuair a bhíonns cleachta acub ar an, ar an nguth agus mar sin deirim le beirt acub b’fhéidir an t-amhrán a chasadh le chéile agus níos dearnaí aríst b’fhéidir duine a’ casadh leis féin.

MARIAN: Sea, agus go leith, an dtosaíonn sibh amach le amhráin atá cineál éasca nó cineál a bheadh níos simplí ná na ceanna móra, na hamhráin mhór sean nóis nó ?

TREASA: Go hiondúil leis na gasúir ar aon chaoi, is amhráin simplí a thosaíonns muid leis agus sin iad is mó a bhíonns siad a’ iarraidh i ndáiríre.

MARIAN: Sea.

TREASA: Ach ansin tar éis píosa téann muid isteach sa gcuid mhóra.

MARIAN: Agus céard, cén sórt amhráin a bheadh a’d anois i dtús aimsire leob?

TREASA: Rud eicínt cosúil le ‘An Rógaire Dubh’ nó ‘Sadhbh Ní Bhronnaile’ agus ‘Bríd Thomáis Mhurúcha’, ‘Sí do Mhamó í’ agus na rudaí beaga sin a bhfuil ....

MARIAN: …. Sea, sea ….

TREASA: …. rithim leob.

MARIAN: Agus go leith, inis dom i gcaitheamh an tsamhraidh ansin a’ mbíonn tada ar bun agaibh le haghaidh na turasóirí a choinneáil istigh, ó thaobh an tsean nóis de. An gcuireann sibh aon chineál taispeántas ar bun dóibh?

TREASA: Bhuel ní chuireann i ndáiríre. Tá mé a’ ceapadh gur tosaíodh oíche cheoil i gCill Rónáin, ins an halla b’fhéidir ós cionn deich mbliana ó shin ach, mhair sé ar feadh cúpla seachtain ach thit an tóin ansin as ach taobh amuigh de sin ní tharlaíonn tada faoi láthair ó thaobh sean nóis ar aon nós.

MARIAN: Sea, agus go leith a’ mbíonn seisiúin ar bun ins na tithe ósta i gcaith an tsamhraidh, an mbeadh daoine a’ casadh ar an sean nós agus a’ casadh amhráin eile freisin ar ndóigh ach ar an sean nós freisin?

TREASA: Ara bíonn, bíonn go hiondúil grúpa ceoil sna tithe ósta agus fiafraíonn siad sin suas ar amhránaí a dhul ag casadh agus ansin cúpla mí ó shin thosaigh muid féin seisiún amhránaíochta sa teach ósta siar an bóthar anseo, uair sa gcoicís agus bíonn slua beag ansin.

MARIAN: Sea, agus gabh muid ar ais anois ag na rangannaí sean nóis a bhíonns ins na scoileannaí féin, a’ dtéann na gasúir ag comórtais eile nó a’ dtéann siad amach ón oileán a’ freastal ar ócáideachaí eile gur féidir leob an sean nós a úsáid?

TREASA: Go hiondúil bíonn feis anseo uair sa mbliain nó in Inis Meáin nó in Inis Oírr agus téann na gasúir as na trí oileán le chéile agus tagann dar ag an bhfeis sin. Agus amanntaí téann siad go Gaillimh b’fhéidir nó amach ag an Spidéal ag Éigse an Spidéil ach ní tharlaíonn sé sin ach uair san mbliain freisin. So níl an oiread sin seans acub i ndáiríre comórtaisí a fheiceáil agus a bheith ag éisteacht le gasúir ó áiteachaí eile as Éirinn a’ bhfuil ’fhios a’d

MARIAN: Sea.

TREASA: A bheadh ag casadh sean nós.

MARIAN: Agus inis dhom cé chomh láidir agus atá an sean nós ar an oileán féin, nó an bhféadfá a raibh go bhfuil sé láidir?

TREASA: Bhuel tá sé láidir go maith ceapaim, á dtiocfadh na hamhránaithe uilig le chéile ach bíonn, bíonn dar an-chúlaitheach i ndáiríre agus aríst ceapaim gurb é an fáth is mó é mar níl an t-ardán acub le, le ghabháil ag casadh a gcuid amhráin. Ach anois tá mé a’ cuimhneamh ó thosaigh muid an oíche mhór seo tí Chreig go dtiocfaidh dar le chéile agus tagann, agus tá go leor amhránaithe ann cinnte.

MARIAN: Agus an gceapann tú go mairfidh an sean nós nó faoi cheann abair deich mbliana fichid eile cén chaoi a mbeidh Árainn agus cúrsaí sean nóis, cén chaoi a mbeidh an dá rud nó an mbeidh an dá rud ann. Beidh Árainn ann ar aon nós ach céard faoin sean nós?

TREASA: Bhuel cheapainn féin go mairfidh an sean nós an t-achar agus a mhairfeas an Ghaeilge agus go dtí sin you know cheapainn go mbeadh an sean nós linn i gcónaí.

MARIAN: Le cúnamh Dé. A Threasa go raibh míle maith a’d, tá mé an-bhuíoch dhuit.

TREASA: Go raibh maith a’d féin.

’S a Bhideach na gcarad, tuig feasta nach súgradh é.

Ó thug mo chroí gean dhuit, ar mhalairt ná diúltaigh mé.

Mar shíl tú mé mhealladh, le bladar deas ciúin do bhéil.

’S go dtug mo chroí gean dhuit, seachas cailíní deasa an tsaoil.

Is a Bhríd Thomáis Mhurchú, molaimse an barr leat féin.

Le gile, le finne, le áilleacht is deise méin.

Do chúilín deas triopallach fite ina thriilseáin óir.

Is an té bheadh gan amharc, go dtabharfadh sé soilse dhó.

Ó rachad go Gaillimh go gceannóidh mé gairdín úll.

Agus loingeas ar farraige le bheith a’ déanamh spóirt.

Ar fhilliúint ó Shligeach is leide beag fháil gon chóir.

Ní chónóinn faoi bhealach nó go mblaisfinn go phóg mo stór.

(Bualadh bos ó Mná Fiontracha)

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.