Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00055

Taifeadadh
BBAF.00055
Formáid
MiniDisc
Fad
28:59
Dáta
13 Bealtaine 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Creig an Chéirín
Bailitheoir
Treasa Ní Mhiolláin
Faisnéiseoir
Mary Mhaidhcil Bheairtlín Uí Chonghaola
Eolas cartlainne
MD 60 Mary Mhaidhcil Bheairtlín Uí Chonghaile. Clann; Scoil; Caitheamh Aimsire; Ag Obair; Árainn; Baile Átha Cliath; Ar ais sa bhaile; Pósadh; Ceoltóirí; Amhránaí; Cniotáil; Ag déanamh snátha; Snáth.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00055
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

TERESA: Sé inniu an tríú lá déag go Bhealtaine an bhliain dhá mhíle agus a dó. Mise Teresa Bhaba Pheige Ní Mhiolláin agus tá mé anseo i dteach Mhary Bheachlín Uí Chonghaile i gCreig a’ Chéirín. Dia dhuit a Mhary agus fáilte romhat.

MARY: Dia agus Muire dhuit, a Treasa.

TERESA: Nach deas an lá a bhí ann inniu nó [An bheirt ag caint ag an am céanna] suas go tráthnóna ar aon chaoi.

MARY: Bhí sé go dona ar maidin ach tá sé maith go leor anois.

TERESA: Anois b’fhéidir go n-inseofá dhom a Mhary, cé as dhuit fhéin, nó ar dtús cé as do mháthair agus t-athair?

MARY: Bhuel as Fearann a’ Choirce mo mháthair agus as Eoghanacht m’athair.

TERESA: Agus cén t-ainm a bhí ar do mháthair?

MARY: Fáthartach, Bairbre Ní Fhátharta.

TERESA: Agus t-athair ansin?

MARY: T-athair, Micheál Ó hIarnáin, Maidhcil Bheachlín.

TERESA: ’S ehm mara bhfuil mé a’ gabháil amú nach raibh gaol ag t-athair le Tiger King a bhí sa scannán [Man of Aran]

MARY: Ó bhí, ba é a uncail é.

TERESA: Uncail Tiger.

MARY: Mo athair a uncail.

TERESA: Agus a’ raibh mórán dreabharachaí agus dearthárachaí a’d fhéin a Mhary?

MARY: Bhuel dreabhar amháin, Bríd, cailleadh í ina gasúirín beag. Leis a’ triuch. Agus ansin bhí triúr dearthár a’m. Sin é an méid a bhí sa gcomhluadar.

TERESA: Hm, agus ar fhan do chuid dearthárachaí ar an oileán?

MARY: Ó níor fhan, d’fhan Cóilín ar an oileán. Cailleadh dearthár liom in aois, ní raibh sé seacht mbliana déag.

TERESA: Óg go maith.

MARY: Leis an eh TB.

TERESA: Sea.

MARY: Agus mo dhearthár chuaigh sé go Sasana, an dearthár is sine, Beachlín.

TERESA: So chuaigh tú fhéin go dtí scoil Eoghanachta.

MARY: Chuaigh mé fhéin ag scoil Eoghanachta in aois mo chúig bhliana.

TERESA: Chúig bhliana. Ní raibh i bhfad le dhul a’d i ndáiríre.

MARY: Ní raibh go deimhin (gáire)

TERESA: Siar an bóthar. Agus cé na múinteoirí a bhí i scoil Eoghanachta an t-am sin?

MARY: Ó an máistir, Seosamh Ó Flanagáin, múinteoir maith go deimhin.

TERESA: Agus a’ mbíodh a bhean freisin?

MARY: Agus bhí a bhean. Ryan a bhí uirthi sin, as, as Corcaigh.

TERESA: Agus tháinig an bheirt go hÁrainn. Ar in Arainn meas tú, a phós an bheirt acub sin, nó a’ rabhadar pósta sul a d’tháinigeadar?

MARY: No, nuair a tháinigeadar go hÁrainn ’sea phósadar.

TERESA: Ó sea. Agus an cuimhneach leat cén caitheamh aimsire a bhíodh agaibh an t-am sin?

MARY: Ó muise inseoidh mé dhuit anois cuide dhe. Bhíodh muid a’ déanamh púiríní beaga

TERESA: Sea.

MARY: Trí chloch ós cionn a chéile, a’ déanamh dreisiúr de. Bhuel bhíodh muid ag imirt screaga freisin, tá ’fhios ad screaga?

TERESA: Chúig chloichín ….

MARY: Chúig chloichín agus onesils, twosils, threesils (gáire)

TERESA: Agus chaitheadh sibh an tráthnóna is dóigh ….

MARY: …. Chaitheadh muid an tráthnóna agus bhíodh sáraíocht mhór ann, a’m péin agus ag Maggie Jamsie agus Kate thiar.

TERESA: Kate Dara

MARY: Sea.

TERESA: Agus tháinig an triúr agaibh Ar ndóigh as an mbaile céanna.

MARY: As an mbaile céanna, sea.

TERESA: Agus a’ mbíodh sibh a’ casadh aon amhráiníní beaga nó dánta ….

MARY: …. Á, á bhíodh muid a’ casadh amhráin.

TERESA: Ní cuimhneach leat cén t-ainm a bhí ar chuid go na h-amhráiníní sin?

MARY: Bhuel ‘Óró mo Bháidín’

TERESA: Sea, agus ….

MARY: Bhíodh muid a’ casadh Béarla freisin, chloiseadh muid corr phíosa ag m’athair, Brandy “__” a bhíodh air.(gáire)

TERESA: A’ mbíteá fhéin, fós fhéin a’ mbíonn tú fhéin a’ casadh corr stéibh, a’ mbíonn?

MARY: Ó muise, á níl, níl mé in ann anois, tá, tá an anáil go dona a’m.

TERESA: Tá ’fhios a’m.

MARY: Ach nuair a bhí an óige a’m bhí mé fairáilte go leor.

TERESA: ’S céard faoi dánta Mary, a’ mbíodh mórán dánta agaibh ag a’ scoil?

MARY: Bhíodh neart dánta ach ní chuimhním air, ní chuimhním.

TERESA: Ní chuimhníonn tú air. ’S a gcuimhneodh tú, a’ gcuimhníonn tú cé mhéad gasúr a bhí sa rang leat?

MARY: Eh déarfainn i rang a trí gur seachtar a bhí ann.

TERESA: Seachtar.

MARY: Nuair a chuaigh mise ann.

TERESA: Sea.

MARY: Déarfainn go b’ea anois.

TERESA: Agus Ar ndóigh ba i bhfad roimhe sin is dóigh a bhí Máirtín Ó Direáin [ann]?

MARY: Ó i bhfad roimhe, ó cuimhním air ag a’ scoil

TERESA: Cuimhníonn, yeah.

MARY: Ach i bhfad roimhe sin a bhí Máir[tín], bhí sé, mar a déarfá amach sna rangannaí

TERESA: Arda.

MARY: Arda, sea.

TERESA: ’S cén aois a d’fhág tú fhéin an scoil?

MARY: Is dóigh go raibh mé idir a’ cúig déag s a sé déag.

TERESA: “___+? d’fhágaidís i bhfad níos sine an t-am sin, nach bhfágfadh?

MARY: Ó d’fhágadh.

TERESA: Ansin nuair a thagadh sibh abhaile ón scoil Mary, a’ dtugadh sibh cúnamh sa mbaile “___+?

MARY: M’anam muise go dtugadh agus gur maith a chuimhnímse mise go mo chur suas ag na tuartha, a’ tarraingt uisce ag na beithígh mar ní raibh iomair a’ bith déanta an uair sin, tancannanaí.

TERESA: Sea.

MARY: Agus chuirtí le mo dhinnéar ag mo mhuintir mé. Thaitníodh sé sin liom mar thugadh m’athair cuide gon dinnéar dhom (gáire)

TERESA: Á sea. Bheadh sé sin blasta cheapainn.

MARY: Sea, sea. (gáire)

TERESA: Agus déarfainn go dhúirt tú ansin ar ball go mbíodh sibh a’ plé le púiríní.

MARY: Á bhíodh.

TERESA: Yeah.

MARY: Bhíodh agus a’ cuir soithigh a bhristí ansin, bhíodh muid dhá gcruinneál

TERESA: Hm.

MARY: Le cuir ar na clocha.

TERESA: Á sea.

MARY: Sin é.

TERESA: Ar ndóigh freisin an t-am sin bhíodh gabhair agus mionáin ag mórán chuile theach ….

MARY: …. Ó m’anam go mbíodh agus chuirtí a’ dealú na mionáin muid. (gáire) Chuirtí.

TERESA: Bhíodh a’ chraic agaibh an t-am sin is dóigh.

MARY: Ó bhíodh. [Is] maith a chuimhním ar mo dheartháir, Beaichlín bocht, go ndéana Dia trócaire air

TERESA: Amen.

MARY: Agus ar na mairbh uilig, chuaigh sé a’ marcaíocht ar gabhar (gáire) oíche amháin thiar sa, thíos, thíos faoin íochtar agus é i ngreim sna h-adharca (gáire).

TERESA: I ngreim ina cuid adharca

MARY: I ngreim ina cuid adharca (gáire)

TERESA: Agus í a ritheadh le ar fud na buailte

MARY: Sea

TERESA: Agus ansin d’fhág tú fhéin an scoil thart ar chúig déag.

MARY: Chúig déag, sea.

TERESA: Agus céard a rinne tú ina dhiaidh sin Mary?

MARY: Bhuel go deimhin ní mórán achair a bhí mé sa mbaile nuair a chuaigh mé soir ag Misses Ganley, an áit ata an ‘Dormer’ anois

TERESA: Oh yeah.

MARY: Ag obair agus gan a fhios a’m le tada a dhéanamh ach b’éigean dhom é a fhoghlaim.

TERESA: Sea.

MARY: Agus tá ’fhios a’m go raibh níochán beag le déanamh agus cuireadh mé dhá níochán agus ’speainn mé go Mhisses Ganley é

TERESA: Sea.

MARY: “Ó nuair a chuaigh mise” a deir sí “go do chuir a’ níochán, ní a’ níochán do lámha a chuir mé thú” (gáire) Ní le neamh thrua a bhí sí a’ dtuigeann tú ach go dhúirt sí é.

TERESA: Tá ’fhios a’m. Agus a’ mbíodh mórán cuairteoirí ar an oileán an t-am sin?

MARY: Á bhuel bhíodh, bhíodh cuide i gCill Mhuirbhigh, tí Mhac Johnny, hold on anois, tí Mháire Tom Thomáis, sagairt a bhíodh sí sin a choinneál. Saint Kevins ansin, tí Joyce fadó ….

TERESA: …. Sea ….

MARY: …. Ar ’a gcoirnéal agus tí Chóilín MacDonnagh, cén t-ainm atá air, Saint Brendans.

TERESA: Hm.

MARY: Agus tí, tí Neid Bháin, cén t-ainm atá uirthi sin?

TERESA: Bhuel, ehm, tá sé sin anois déarfainn dúnta suas.

MARY: Á is dóigh go bhfuil.

TERESA: Agus nuair a bhí tú fhéin ag obair tí Ghanley a’ raibh mórán cuairteoirí a’ fanacht ann?

MARY: Ó bhíodh.

TERESA: Bhíodh.

MARY: Bhíodh sé lán i gcónaí, bhíodh siad, mar bhí dhá theach acub.

TERESA: Sea.

MARY: Agus bhíodh daoine sa teach amuigh freisin.

TERESA: Agus ar thug tú cúpla bliain ag obair ansin, is dóigh?

MARY: A ní rabhas, ní rabhas ná baol ar bliain.

TERESA: Á.

MARY: Ní raibh.

TERESA: Agus a’ mbíodh páigh mhaith le fáil ar an oileán ….

MARY: Inseoidh mise anois dhuit cén pháigh (gáire) a bhí ann, leathchoróin.

TERESA: Leathchoróin

MARY: Leathchoróin, sin é a raibh go aon pháigh ann.

TERESA: D’imigh tú leat ansin agus ….

MARY: D’imigh mé ansin ’s chuaigh mé Blá Cliath.

TERESA: Á sea.

MARY: Agus, á bhí mé tamall maith tí Todd Andrews go ndéana Dé trócaire air.

TERESA: Agus cérbh é sin?

MARY: Tá ’fhios a’d, á sea bhí sé ina mhinister ós cionn an, ós cionn na móna, Bord ….

TERESA: Ó Bord na Móna?

MARY: Bord na Móna

TERESA: Ó.

MARY: Sea

TERESA: Agus bhí á ag obair leat sa, sa gcistineach agus a’ tabhairt aire go ghasúir.

MARY: Ó bhíodh, bhíodh, bhí na gasúir ann agus chaithfinn an dinnéar a fháil faoi réir.

TERESA: Á yeah.

MARY: Agus mar sin.

TERESA: Agus cén chaoi a mbíodh sé ansin san oíche a’d, a’ dtéifeá amach san oíche?

MARY: Á m’anam go dtéinn (gáire) go gcaithfinn mo leath lae a fháil (gáire) tá mise a’ rá leat

TERESA: Agus cén sórt craic a bhíodh i mBlá Cliath an t-am sin?

MARY: Á muise bhí mé fhéin agus Mary Greene, bhí sí amuigh i Blackrock ag obair.

TERESA: Hm.

MARY: Agus mheetáileadh muid ag a’ bPost Office, General Post Office

TERESA: Ó.

MARY: Cuimhním go maith air agus théadh muid ansin anonn ’s anall, theadh.

TERESA: Agus bhíodh greada damhnsaí is dóigh sna hallaí i mBlá Cliath an t-am sin ….

MARY: Oh God bhíodh, bhíodh.

TERESA: Agus cén chaoi a raibh sé a’d anois nuair a d’fhág tú an baile, a’ raibh cumha ort Mary?

MARY: A bhí cumha orm, bhí an-chumha a’m i ndiaidh m’athair.

TERESA: Sea.

MARY: Mar bhí, bhí mé i mo shórt peata aige mar ní raibh ann ach mé fhéin go chailín beag.

TERESA: Á tuigim.

MARY: Agus bhíodh sé i gcónaí an fear bocht, a’ bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanadh sé nuair a bhíodh sé a’ tarraingt fhataí, chuireadh sé síos sa gcléibh mé go dtabharfadh sé, go mbíodh sé a’ tarraingt na bhfataí aniar ó na páirce. Aise bhí sé go lách ….

TERESA: …. ­“___+”

MARY: Bhí cion aige ar ghasúir.

TERESA: Sea, yeah. ’S a’ gcuimhníonn tú ar, ar a’ mbád a bhí tú uirthi an t-am sin a’ fágáil Árainn?

MARY: Ó an Dun Angus.

TERESA: An Dun Angus.

MARY: Sea

TERESA: Agus cé chomh minic ansin ’s a gheobhadh tú laethantaí saoire nó?

MARY: Á gheobhadh muid coicís chuile bhliain, sin é an méid.

TERESA: Agus bhíodh áthas ort is dóigh a theacht ar ais go hÁrainn

MARY: Á muise a Thiarna bhíodh.

TERESA: Agus cén chaoi a gcaithfeá an choicís ansin?

MARY: Ag imeacht thart ar fud a’ bhaile ’s aníos tí Mhaggie Sheáinín bhocht

TERESA: Yeah.

MARY: Mar ba col cúigear m’athair agus Seán Neide.

TERESA: Tuigim

MARY: Agus bhíodh muid sóirt isteach ’s amach ag a’ mbean bhocht.

TERESA: Hm. Agus a’ mbíteá a’ fáil litreachaí as a’ mbaile agus?

MARY: Á bhínn, bhínn a’ fáil litreachaí as a’ mbaile

TERESA: Hm.

MARY: Scríobhadh m’athair i gcónaí, gcónaí a’m, sea, scríobhadh.

TERESA: Ní raibh caint ar a’ fón an t-am sin ar ndú.

MARY: Ó ní raibh caint ar bith ar fón an uair sin, ní raibh.

TERESA: Agus a’ raibh aonduine eile as Árainn in éineacht leat i mBlá Cliath, nó a’ raibh aon aithne a’d ar aon dhuine as Árainn? ….

MARY: …. Ar ndóigh ní raibh aon aithne a’m ar aon dhuine as Árainn mar bhínn fhéin ’s Mary i gcónaí in éineacht, Mary Greene bhocht.

TERESA: Á sea. Agus nuair a thagtá ar ais ansin ag an oileán ar do chuid laethantaí saoire, a’ mbíodh mórán athraithntí le feiceáil an t-am sin?

MARY: Muise ….

TERESA: …. Is dóigh nach mbíodh.

MARY: Ní bhíodh. A‘ plé leis a’ bhfeamainn i gcónaí a bhídís ’s leis a’ gceilp.

TERESA: Ní raibh sé tagthaí chun cinn mórán le scaitheamh blianta is dóigh….

MARY: …. Ní raibh, ní raibh.

TERESA: ’S nuair a thagtá abhaile a’ mbíodh daoine thoir romhat ar a’ gcéibh, do mhuintir nó do cháirde?

MARY: Ó bheadh duine eicínt acub romham i gcónaí (gáire)

TERESA: ’S cén bealach ansin anoir a bhíodh agaibh go dtí Eoghanacht?

MARY: M’anam go n-inseoidh mise an fhirinne dhuit, a’ siúl.

TERESA: A’ siúl?

MARY: A’ siúl anoir.

TERESA: Agus do chása mór i do láimh a’d a’ gabháil anoir.

MARY: Yeah agus á ní mórán a bhíodh ann (gáire) Ach a’ siúl anoir a bhínn.

TERESA: Cuirfidh mé geall go raibh páirtín bheag istigh sa gcása a mbíodh an t-airgead a’d?

MARY: A, dhá mbeadh ’fhios a’d (gáire) tá tu a’ gabháil amú ansin aríst (gáire)

TERESA: Á mhuise ní raibh an pháigh chomh maith is dóigh “___+”

MARY: Siúd é anois an pháigh a bhí muid a fháil (gáire)

TERESA: Leathchoróin freisin i mBlá Cliath?

MARY: Á bhí mé a’ fáil, bhí mé a’ fáil dúblaí i mBlá Cliath

TERESA: Á, ó bhí sé sin

MARY: Bhí. Ach Ar ndóigh ba bhfearr, ba bhfearr coróin an uair sin ná

TERESA: D’fhéadfá go leor a fháil ar choróin is dóigh ….

MARY: …. D’fhéadfá.

TERESA: Péire bróg agus

MARY: Ó d’fhéadfá.

TERESA: Rocketín [gúna] beag a cheannacht.

MARY: Rocketín (gáire) Ó a Thiarna.

TERESA: Agus mar sin. Agus ar fhan tú i bhfad i mBlá Cliath ansin a Mhary?

MARY: Bhí mé trí bliana ann

TERESA: Trí bliana, yeah.

MARY: Trí bliana ann.

TERESA: Agus tháinig tú ar ais ….

MARY: …. Nó gur, nó gur eh cailleadh créatúirín Pat.

TERESA: Á sea ….

MARY: …. Agus tháinig ….

TERESA: …. do dhearthár ….

MARY: …. sea agus tháinig mé abhaile ansin.

TERESA: So d’fhan tú sa mbaile ansin?

MARY: D’fhan mé sa mbaile ansin.

TERESA: Agus casadh fear breá ort.

MARY: Á deimhin ….

TERESA: …. Go ndéana Dia grásta ….

MARY: …. Sea, an créatúr ….

TERESA: …. Tomás ….

MARY: …. Sea, sea. Go dhuine mar é, bhí mé thíos ansin trip i mo shuí ar a’ stól an uair sin.

TERESA: Sea

MARY: Ní sofa a bhíodh an uair sin ann ach tháinig sé faoin doras agus bhí mé a’ caoineadh, seod nuair a d’imigh Máire [a hiníon] agus bhí na gasúir ag a’ scoil na créatúir, ach tá ’fhios a’m gur shuigh sé anois slán an tsamhail, an áit atá tusa i do shuí bail ó Dhia ort. “A’ caoineadh i gcónaí” a deir sé, “a bhuel tá tusa ceart go leor a Thomáis” a deirimse “tá tú amach, ach tá mise istigh i gcónaí agus tá mé a’ breathnú ar na rudaí beaga a dhéanadh sí” agus a’ bhfuil ’fhios a’d cén freagra a thug sé orm “cheapfá go raibh mise a’ rá níos mó paidreachaí” a deir sé, a’ dtuigeann tú

TERESA: Sea.

MARY: Ach bhí seisean an-dílis dhá chuid paidreachaí.

TERESA: M hm.

MARY: “Ar cheap tú” a deir sé “nuair a, nuair a chuaigh tú suas ag altóir, ar an altóir in Eochaill” [an lá a phós siad] a deir sé “nach bhfaighfeá crois a’ bith ó Dhia” “Ó” deir mé fhéin “níor chuimhnigh mé air” “bhuel” a deir sé “bíodh ’fhios a’d gur chuimhnigh mise air”. Sin é. Cuimhneoidh mé ar sin go deo.

TERESA: Yeah. Cuimhníonn tú ar a’ lá mar sin a chuaigh tú suas go dtí an altóir in Eochaill agus ….

MARY: …. Cuimhním agus cuimhním ar rud eile, ba duine an-chúthail a bhí i dTomás agus a’ bhfuil ’fhios a’d cá ndeachaigh sé isteach faoin staighre in Eochaill

TERESA: Hm.

MARY: Go ndeachaigh sé suas ag Com[aoineach], ag, ag faoistin, sin é, mar sé an chaoi á sea Father Delaney bocht a phós muid, ní hé an Delaney [An tAthair Connla Ó Dúláine] seo anois ach, tá sé curtha i gCárna.

TERESA: Ó sea. Chuala mé caint air ceart go leor.

MARY: Sea.

TERESA: Agus a’ gcuimhníonn tú cén sórt éadaigh a bhí dhá chaitheamh ag an mbeirt agaibh an lá sin, tú fhéin agus Tomás?

MARY: Ó m’anam go raibh treabhsar deas tweed arsan a fuair sé déanta i nGaillimh.

TERESA: M hm.

MARY: Agus bhí seaicéad navy air agus m’anam go raibh two piece tweed ormsa.

TERESA: Ort fhéin, á.

MARY: Agus péire bróga donna (gáire)

TERESA: Ó, an deas, tá mé cinnte go m’álainn an pictiúr an bheirt agaibh an mhaidin sin….

MARY: (Gáire)…. Ó a Thiarna.

TERESA: Anois. Cén chaoi a ndeachaigh sibh go dtí an séipéal an mhaidin sin?

MARY: Ó side car.

TERESA: Side car.

MARY: Mo mhuintir agus an capall.

TERESA: Á sea. Agus cén t-am gon bhliain a bhí ann?

MARY: Oh hold on now, September, September the seventh.

TERESA: Agus a’ raibh an bheirt agaibh soir le chéile sa side car?

MARY: Bhí, bhí.

TERESA: Mar bhídís a’ rá nár cheart go ….

MARY: …. Nár cheart, bhuel bhíodh chuile dhream an uair sin a’ gabháil soir in éineacht (gáire)

TERESA: Agus a’ raibh ceol agaibh sa side car?

MARY: Bhí, bhí ceol Peaitín Jeaic an créatúr.

TERESA: A’ casadh ar feadh an bhealaigh soir?

MARY: Sea, ar feadh an bhealaigh soir anois agus anoir aríst.

TERESA: Agus anoir aríst agus ansin tháinig sibh ag, cén áit a tháinig sibh leis an mbainis, go dtí an teach seo? ….

MARY: …. Go dtí an teach seo agus ba bhé an geis mór a bhíodh fadó ann, bhí mamó Juda, máthair Thomás,

TERESA: Sea.

MARY: Bhí sí ina seasamh anseo, a’ gcuimhníonn tú uirthi?

TERESA: Ó cuimhním uirthi ….

MARY: …. Yeah, bhí sí ina seasamh anseo agus d’airigh mé an sound seo á thabhairt anuas i mo mhullach, céard a bhí ann ach cáca a bhris ar mo mhullach. Sóirt, sóirt, meas tú céard é, nach pisreogaí é sin?

TERESA: Meas tú nach ea anois i ndáiríre.

MARY: Sea.

TERESA: Agus mara mbrisfeadh an cáca ansin a’ b’ea

MARY: Mara mbrisfeadh an cáca ní bheadh aon lucht air ….

TERESA: …. Ní bheadh aon ….

MARY: …. Níl ’fhios a’msa ar bhris nó nár bhris an cáca orm fhéin. (gáire)

TERESA: Ba chuma leat is dóigh ar aon chaoi.

MARY: (Gáire)

TERESA: Agus cén sóirt cáca a bhí ann, a Mhary, A’ bé an cáca pósta a bhí ann?

MARY: An cáca pósta.

TERESA: Yeah.

MARY: Fuair sí cáca déanta len aghaidh anoir ó Mháire Gill.

TERESA: An-deas

MARY: Chuir an créatúr, God love her, Juda bhocht.

TERESA: Agus ansin is dóigh go raibh oíche go maidin agaibh ag a’ mbainis ….

MARY: …. Á bhuel bhí an-damhnsa ann, siúráilte, cinnte.

TERESA: Agus cén sórt cineál bia a bhí ann, meas tú?

MARY: Á muise tá ’fhios a’d fhéin, im ’s jam ’s cácaí currants ’s dá réir sin.

TERESA: Agus is dóigh go raibh an bairille beag sa seomra, a’ raibh?

MARY: Ó m’anam go raibh dhá bhairillín beag aige.

TERESA: Dhá bhairillín beag.

MARY: Bhí a mh’anam, sa seomra thiar ….

TERESA: …. Ag ól agus a’ damhnsa ….

MARY: …. Damhnsa go maidin, step danceáil, Mary Mhicilín bhocht, go ndéana Dia trócaire uirthi ….

TERESA: …. Amen

MARY: A’ bhfaca tú riamh a’ damhnsa í?

TERESA: Ní fhacas.

MARY: B’iontach an damhnsóir í.

TERESA: Dreabhar Chóilín?

MARY: Dreabhar Chóilín, sí, níl aon uair dhá dtagadh sí nach dtagadh sí ar cuairt a’m agus eh a’ bhfaca tú Cóilín a’ damhnsa?

TERESA: Chonaiceas a mh’anam.

MARY: Sea an créatúr ….

TERESA: …. Chonaic mé a’ déanamh ríl é cúpla uair ….

MARY: …. Ríl, sea.

TERESA: Ba deas uaidh.

MARY: Ba dheas uaidh siúráilte, ba dhea.

TERESA: So is iomaí bliain anois ar a’ mbaile seo i gCreig a’ Chéirín thú a Mhary agus a’ mbeifeá in ann cur síos beag a dhéanamh dhom ar aon charachtar a cheap tú a bhí ar a’ mbaile, a’ bhfuil ’fhios a’d ….

MARY: …. Ó mhuise Ar ndóigh bhí a ndóthain go charachtars (gáire) Peaitsín Sheáin, uncail Thomás.

TERESA: Ó Peaitsín Sheáin.

MARY: Yeah. Sea, Peaitsín Sheáin a’ dochtúra

TERESA: Chuala mé caint air déarfainn go bhfaca mé é agus mé i mo ghasúr beag.

MARY: Yeah.

TERESA: Bhíodh hata air, a mbíodh?

MARY: Bhíodh hata air a mh’anam, is fíor dhuit go mbíodh.

TERESA: Yeah.

MARY: Á, bhuel tháinig sé isteach anseo lá agus é a’ béiceach agus é a’ cuirnavigation thrí na chéile, áit a chonaic sé bád nó steamer nó rud eicínt a’ gabháil soir.

TERESA: Sea.

MARY: Agus chuaigh sí soir thar an mBrachlainn. “Anois” a deireadh sé “ cá bhuil an navigation, fada go ndéanainnse é sin”

TERESA: Chaithfeadh go raibh an, cuide gon domhan siúlta aige fhéin agus fios a bheith aige….

MARY: …. Ar ndóigh ba fear é, á phós sé bean ar dtús as Rosmuc.

TERESA: Sea.

MARY: Bríd Evastine an t-ainm a bhí uirthi agus bhí sí ina bean thar a bheith breá a deir siad.

TERESA: Hm.

MARY: Ach cailleadh í nuair a rugadh an tríú duine clainne le agus bhí sé go dona mar gheall air.

TERESA: Á.

MARY: An créatúr.

TERESA: Agus a’ raibh aon charachtar eile ar a’ mbaile?

MARY: A mhuise go deimhin d’fhéadfá a rá agus a’ togha (gáire) Ach sé an trua anois nach, nár mhair corr dhuine.

TERESA: Bhuel nach ea, mar ….

MARY: …. Cóilín Mhicilín anois, bhí mise lá a’ gabháil Cill Rónáin ar a’ mbus ach eh “cuirfidh mé ceist ort a Chóilín” a deir mise “ach ní móide go bhfuil ‘fhios a’d í, cé an bhean” a deirmse “a bhí pósta ag dreabhar mo dheaidó Ní raibh go dhreabhar aige ach í, Bairbre a bhí uirthi. Ó tá ’fhios” a deir sé “dearthár go Pheaitín Mháirín”. Bhuel rinne mé an oiread íontais de.

TERESA: Sea.

MARY: A’ bhfuil ’fhios a’d a deir sé “cé as a tháinig do mhuintir ar dtús” “bhuel tá ’fhios ” a deirmse “as a’ Mainistir”, thíos

sa Mainistir a’ dtuigeann tú a bhíodar “ach sé an áit a thángadar ó thús, as Maoinis thiar”.

TERESA: Do mhuintir fhéin?

MARY: Muintir m’athair, muintir mo dheaidó.

TERESA: Hm

MARY: Na Clochartaigh.

TERESA: Carna, a’ b’ea?

MARY: As Carna, sea

TERESA: Ó so tá go leor gaolta mar sin amuigh i gCarna a’d

MARY: Ó dhiabhait tá, tá. God love them.

TERESA: Bhuel bhí tú a’ caint ar Pheaitín Jeaic a bheith a’ casadh ag do bhainis .

MARY: Ha?

TERESA: A’ raibh aon cheoltóir eile thart an t-am sin?

MARY: Ó bhí, bhí. Bhuel bhí Beachlín s’a’inne ina cheoltóir mhaith, mo dhearthár.

TERESA: M hm.

MARY: Cé eile anois, bhí Tom Jamsie, ní raibh Tom ach bhí Máire Bheag, Máire Jamsie agus bhí Maggie agus bhí Peaitsín

TERESA: “__+”

MARY: Bhí siad uilig a’ dtuigeann tú, ceolmhar

TERESA: Agus tá ’fhios a’m gur amhránaí breá a bhí i t-athair go ndéana Dia grásta air.

MARY: Ba dhea.

TERESA: Sea.

MARY: Ba dhea, bhí sé go breá, an créatúr.

TERESA: Agus is dóigh go raibh cúpla amhránaí eile thart freisin ag an am sin ….

MARY: …. Ó na Cáiteachaí.

TERESA: Cáiteachaí.

MARY: Bhí t-athair iontach ar ndú, bhí an créatúr. Cé eile?

TERESA: Bhíodh Meait

MARY: Meait bocht.

TERESA: Go ndéana Dia grásta air.

MARY: Sea. Bhí Tim Aindí Goill ina dhamnsóir bhreá.

TERESA: Ó sea ….

MARY: …. Ó bhí a mh’anam, bhí. Ba deas uaidh Mhaggie Neappa amhrán a ghabháil.

TERESA: Hm, a’ raibh, níor chuala mé í ….

MARY: …. Ó bhí, an créatúr, bhí.

TERESA: Agus bhí aithne mhaith a’m uirthi.

MARY: Bhí, ba mhór an seó a bheith ag éisteacht lei a’ cuir na ngasúir a’ chodladh, sa gcliabhán.

TERESA: Bhuel by dad. Bhíodh suantraí beaga aici dhóibh, a’ mbíodh ?

MARY: Bhíodh, bhíodh, an créatúr

TERESA: Bhuel tá ’fhios a’m go mbíonn tú a’ criotáil i gcónaí, a Mhary

MARY: (Gáire)

TERESA: Agus ba mhaith liom a’ bhfuil ’fhios a’d fiafraigh dhíot, cé mhúin dhuit le criotáil ar dtús?

MARY: Muise inseoidh mé dhuit cé mhúin dhom í, mo chol ceathrar i mBun Gabhla.

TERESA: Agus cérbh í sin?

MARY: Mary Pheaits Bheachlín, go ndéana Dia trócaire uirthi.

TERESA: Amen, Amen.

MARY: Shea.

TERESA: ’S bhí tú an-óg is dóigh nuair a thosaigh tú ag foghlaim?

MARY: Á bhíos mar ba dhá chleite a bhí a’m

TERESA: Dhá chleite

MARY: Agus ag a’ crowd go na gasúir ar a’ mbaile

TERESA: M hm. Bhailíodh sibh le chéile, a’ mbailíodh taobh amuigh in áit eicínt?

MARY: Taobh amuigh in áit eicínt a’ criotáil.

TERESA: Agus Ar ndóigh bhíodh go leor gasúir thart an t-am sin.

MARY: Ó bhíodh ar ndú, ó bhíodh.

TERESA: Bhíodh clúmhach a’ gabháil go gealach mar sin is dóigh.

MARY: (Gáire)

TERESA: As na cleiteachaí.

MARY: (Gáire)

TERESA: Agus céard a bhíodh sibh a’ chriotáil? Ar stocaí nó?

MARY: Bhuel, bhíodh stocaí agus geansachaí.

TERESA: Geansachaí, dhíobh fhéin a’ b’ea mar ghasúir nó?

MARY: Bhuel bhíodh muid dhá gcuir ag a’ gCountry Shop.

TERESA: Hm. Ach eh yeah, ach ba shin ní ba dearnaí a’ b’ea nuair a bhí sibh ….

MARY: …. Bhuel ní ba dearnaí é sin ceart go leor, sea.

TERESA: Ach nuair, cuir i gcás nuair a bhí tú fhéin i do chailín beag óg anois, a’ mbíteá a’ déanamh geansaí beag dhuit fhéin nó?

MARY: Bhíodh, bhíodh a dear, bhíodh.

TERESA: Sciorta beag, nó stocaí? ….

MARY: …. Á bhí, bhíodh sciorta.

TERESA: Hm.

MARY: Bhíodh a mh’anam agus jumperín ós a cionn.

TERESA: An-deas.

MARY: Ach ní bhíodh ansin ach críotáil phlaináilte.

TERESA: Á sea, sleamhain agus ionpaí.

MARY: Sleamhain agus iompaí.

TERESA: Agus a’ maireadh na cleiteachaí seo i bhfad? Cé mhéad geansaí? ….

MARY: …. Á ní mhaireadh, ní mhaireadh, lúbaidís.

TERESA: Á lúbaidís.

MARY: Lúbaidís.

TERESA: Cineál cosúil le plastic an lae inniu ….

MARY: …. Plastic, sea an lae inniu, siúráilte.

TERESA: Agus níos dearnaí ansin a thosaigh sibh a’ críotáil le díol?

MARY: Sea.

TERESA: Agus ehm, cé leis a bhíodh sibh a’ díol an t-am sin?

MARY: Bhuel bhíodh ehm leis an, bhí áit i mBlá Cliath, Mrs. Halloway a bhí uirthí, bhíodh sí dhá gcoinneál, choinnigh sí sin go leor geansachaí.

TERESA: Hm

MARY: Bhuel bhí Miss Rivers thoir i gCill Mhuirbhigh, bhíodh sí dhá gcoinneál, bhíodh agus bhíodh an Country Shop.

TERESA: ’S bhí an Country Shop é fhéin i mBlá Cliath?

MARY: Bhí, i mBlá Cliath, sea.

TERESA: Agus Miss Rivers seo, arb shin í an scríbhneoir freisin?

MARY: Sí, sí.

TERESA: Hm agus thógadh sí uirthi na geansachaí agus ….

MARY: …. Thógadh sí na geansachaí agus chuireadh sí chun bealaigh iad.

TERESA: Bhí sé sin thar cionn, nach raibh.

MARY: Yeah.

TERESA: A bheith in ann é a dhéanamh ar an oileán ….

MARY: …. Á bhí sí sin thar cionn, ní hé an creideamh s’ainne a bhí aici ach sul a d’fhág sí Árainn

TERESA: Hm

MARY: Bhí sí ….

TERESA: …. Á d’athraigh ….

MARY: …. Bhí sí ina Caitliceach ….

TERESA: …. sí isteach ina

MARY: D’athraigh sí, buíochas le Dia.

TERESA: Agus meas tú a’ mbíodh go leor parties aici sin freisin?

MARY: Á bhíodh, bhíodh.

TERESA: Hm, agus

MARY: Á bhíodh sé go hálainn.

TERESA: M hm.

MARY: Pat ….

TERESA: …. Bhíteá thoir ann ar ndú?

MARY: Bhíodh, á muise m’anam go mbíodh (gáire) Ó ní bhíodh lucht a’ bith muid a’ ligeann ag a’ damhnsa.

TERESA: Sea, agus mhairidís sin go maidin freisin is dóigh ….

MARY: …. Mhairidís sin go maidin, yeah.

TERESA: A’ caint faoi na geansachaí aríst, a’ mbíodh mórán airgid le fáil as geansaí Árainn? ….

MARY: …. A muise, ní bhíodh.

TERESA: Ní bhíodh.

MARY: Leath sovereign [fiche haon scilling]

TERESA: Leath sovereign

MARY: Agus mar sin de, ach ba bhfearr é sin Ar ndóigh ná a bhfuiliú a fháil anois orthub.

TERESA: Bhuel is dóigh go….

MARY: …. Ach gur maith ann é.

TERESA: Go dtiocfadh sé go dtí an méid céanna ar deireadh.

MARY: Sea, go díreach.

TERESA: Agus cá mbíodh sibh a’ fáil an snáth, a Mhary?

MARY: Ó bhuel inseoidh mise dhuit cén chaoi a mbítí a’ fáil an snáth go minic, bhearrtaí na caoire mar atá ’fhios a’d fhéin agus ní nightí, amannaí nightí agus amannaí eile nach nífí ach agus chuirfí Gaillimh í, síos, níl ’fhios a’msa anois, amannaí cuimhním air go minic, chuirtí mála olainne síos leis go bhfaighfí snáth déanta dhe. Nó roilléirí, snáth nó roilléirí.

TERESA: Sea, yeah.

MARY: Agus shníomhtaí ansin na roilléirí. Tá ’fhios a’d, a’ bhfaca tú roilléire riamh?

TERESA: Tá mé ag ceapadh nach bhfacas anois.

MARY: Nach bhfaca? Sé an chaoi a mbídís ins na ball roundáilte.

TERESA: Hm.

MARY: Agus “__” amach ansin iad agus chuirtí ar an tuirne iad, fearsaid

TERESA: Á sea

mary: Agus tharraingeofá an snáth a’ bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: M hm.

MARY: An olann agus dhéantá snáth de.

TERESA: Á sea.

MARY: Ach ba áilleacht an geansaí a dhéanfadh sé.

TERESA: Tá mé cinnte agus a’ dtógadh sé i bhfad geansaí a dhéanamh?

MARY: Bhuel an geansaí a bheifeá a dhíol, thógadh sé, bheadh sí déanta a’d i seachtain.

TERESA: I seachtain

MARY: Seachtain ….

TERESA: …. Ach tá mise ag ceapadh gur chuala mé go, go rinne tusa ceann, nó cúpla ceann i cheithre lá.

MARY: Rinne mé i cheithre lá iad, cinnte

TERESA: Ó a Mhaighdean.

MARY: Í cinnte, ach bhí mé maraigh, ní dhéanainn aríst é.

TERESA: Is obair an-chrua é, nach ea?

MARY: Ó is obair crua í criotáil.

TERESA: In achar gairid mar sin.

MARY: Sea, ó sea. Sea.

TERESA: Agus a’ mbíodh sibh dhá ndéanadh i ndathannaí difriúla nó?

MARY: Bhuel no ní bhítí [Déanann Teresa snaoifairt] Dia leat a stór, glas nó bán.

TERESA: M hm. ‘S cá, a’ mbíodh sibh a’ fáil aon snáth daite?

MARY: Bhuel mara mbeifeá a’ déanamh jumper beag dhuit féin nó rudaí eicínteach mar sin, gheobhfá daite é.

TERESA: Ar usáid tú fhéin an tuirne ariamh nó a mbíteá a’ cardáil nó sníomh?

MARY: Bhuel ní rinne mé aon chardáil ach rinne mé an sníomh. Rinne.

TERESA: Agus cén chaoi, a’ raibh sé sin éasca nó céard “___+”…..

MARY: Muise m’anam nach raibh sé éasca ar chor ar bith.

TERESA: Hm.

MARY: A’ bhfuil ’fhios a’d na roilléirí?

TERESA: Sea.

MARY: Bheadh, bheadh píosa olainne a’ bhfuil ’fhios a’d a mbeadh fuinneamh ann.

TERESA: Sea.

MARY: Agus chuirteá suas ar a’ bhfearsaid ar dtús é agus ansin bheifeá a’ baint fad de réir mar a bheifeá a’ cuir an roth timpeall, bheifeá a’ baint fad as an roilléire.

TERESA: Sea.

MARY: Sin é. Agus

TERESA: Ar obair chrua a bhí ansin?

MARY: Bhuel bhí nuair nach mbeifeá sách luite leis ar dtús

TERESA: Yeah, agus Ar ndóigh is dóigh chas tú snáth go minic ar tuirne?

MARY: Á chas mé an snáth go minic air, chas.

TERESA: A’ mbíodh pátrún agaibh le geansaí Árainn?

MARY: Ni raibh.

TERESA: Ní raibh.

MARY: Ní raibh agus an t-am sin bhítí a’ cuir, tá ’fhios a’m gur deich lúib a bhíodh inti.

TERESA: M hm.

MARY: Sna gualainneachaí má chuimhníonn tú air.

TERESA: Sea.

MARY: Agus bhíodh cúpla cnaipe suas sa ngualainn ….

TERESA: …. Á ….

MARY: …. Bhídís go deas, bhídís go rí-dheas.

TERESA: D’fheicfeá iad sin go minic fadó ….

MARY: ….D’fheic[feá]….

TERESA: …. Ar fir na háite.

MARY: Fir na háite.

TERESA: Hm.

MARY: Sea.

TERESA: Agus dath gorm go hiondúil orthub.

MARY: Dath gorm go hiondúil, sea.

TERESA: Hm, agus a’ mbíodh a gcuid déanúchái fhéin ag, ag chuile chlann meas tú, an t-am sin?

MARY: Muise ní bhíodh, bunáite mar a chéile a bhíodh sé uilig.

TERESA: Hm. Agus a’ gcuimhníonn tú ar ainmneachaí na ndéanúchaí, cuide go na déanúchaí a bhíodh agaibh an t-am sin?

MARY: Sea, bhuel ‘An Creeper’, sin ceann.

TERESA: Hm.

MARY: An eh, ó a Thiarna.[ag iarraidh cuimhneamh ar na hainmneacha]

TERESA: Bhíodh an b’fhéidir ‘an Corr Maoineach’ meas tú?

MARY: ‘Corr Maoineach’ sea.

TERESA: Ba deas an déanamh é sin feicear dhom fhéin.

MARY: Ba dhea, ba dheas, agus an Honeymoon, ar honeymoon, ní honeymoon, a tá mé réidh, honey

TERESA: Ehm, á tá mé ag ceapadh go bhfuil ’fhios a’m an ceann atá tú a’ caint air anois. Bíonn sé fós i ngeansachaí, nach mbíonn?

MARY: Aw that’s right….

TERESA: …. Go minic, yeah. Honey ehm comb, nach ea?

MARY: Comb.

TERESA: Honeycomb.

MARY: That’s right, Honeycomb.

TERESA: D’fheicfeá é sin fós i ngeansachaí ceart go leor. Ach bhí tú a’ rá ansin ar ball freisin go bí Miss Rivers

MARY: Ó sea

TERESA: An chéad duine in Árainn

MARY: Ó sí, sí a thosaigh ceart leob.

TERESA: Sea

MARY: Bhuel nuair a tháinig an ‘Man of Aran

TERESA: M hm.

MARY: A’ bhfuil ’fhios a’d, sin é an uair a thosaigh sí, a tosaíodh ceart leis na geansachaí ’s

TERESA: Bhuel ehm thosaigh tú fhéin amach i do ghasúr leis na cleiteachaí ar aon chaoi.

MARY: Cleiteachaí, sea. (gáire)

TERESA: Agus bíonn míniú le baint as cuide go na déanachaí seo, níl ’fhios a’d fhéin Mary cén miniú meas tú a bhí, a bhí ar chuid acub nó a’ raibh aon suim ag muintir Árainn sa míniú a bhí a’ baint leob?

MARY: Muise níl ’fhios a’m a’ raibh.

TERESA: Níor chuala tú fhéin is dóigh “___+” ….

MARY: …. Níor chuala mé aon am faoi.

TERESA: Yeah, bhuel breathnaigh, sin é anois a bhfuil go cheisteannai a’m ….

MARY: …. Agus bhíodh a’ Gearabach

TERESA: Á An Gearabach

MARY: Gearabach.

TERESA: Yeah, m hm. Bhuel go raibh míle, míle maith a’d faoi labhairt liom ….

MARY: …. Á muise grá mo chroí thú, nach aoibheann Dé dhomsa é a bheith déanta a’m, moladh go deo leat.

TERESA: I gcinn bhliana go raibh tú in ann é a dhéanamh aríst ….

MARY: …. Go mo hé dhuit, a Teresa, a stór agus ….

TERESA: …. Go raibh míle maith a’d ….

MARY: …. go n-éirí an t-ádh leat agus go ndéana Dé trócaire ar na mairbh.

TERESA: Amen, a Thiarna agus go raibh maith a’d.

MARY: Na créatúir bhochta, God love them.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.