Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00054

Taifeadadh
BBAF.00054
Formáid
MiniDisc
Fad
19:41
Dáta
19 Eanáir 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Eochaill
Bailitheoir
Sally Uí Iarnáin
Faisnéiseoir
Pádraic Stiofáinín Ó Flaithearta
Eolas cartlainne
MD 6 Pádraic Stiofáinín Ó Flaithearta. Obair Chladaigh; Ceilp; Feamainn; Claíochaí; Capaill; Ag cur agus ag díol fhataí; Fataí.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00054
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

SALLY: Mise Sally, Sally Ní [Uí] Iarnáin agus tá mé i dteach Phádraic Ó’ Flaithearta - Pádraic Stiofáinín agus chomh maith céanna, comharsa béal dorais agus inniu an naoú lá déag gon chéad mhí, an bhliain dhá chéad [mhíle] agus h-aon. [Tá Cyril, mac le Pádraic sa seomra freisin] A Phádraic ba mhaith liom cúpla ceist a chur ort ar dtús, eh a’ raibh mórán deartháireachaí agus dreabharachaí a’d?

PÁDRAIC: Bhí, bhí leaid beag a’inn ar dtús, cailleadh é, an chéad leaid, Stiofán a bhí air. Stephen, ní raibh sé nach bliain go leith nuair a cailleadh é. Tá sé curtha thíos sa reilig ansin thíos, an reilig na ngasúir thíos sa Mainistir.

SALLY: Ó, arb shin é an áit atá sé curtha?

PÁDRAIC: Sé, nach níl ’fhios a’msa cá ’l sé curtha ann, a’ bhfuil ’fhios a’d. Níl, níl cloch ar bith ar aon dhuine ansin ….

SALLY: …. Níl, níl ….

PÁDRAIC: … cé is moite go chúpla ceann, tá cúpla ceann ann.

SALLY: Bhuel tá ceart go leor. A’ raibh dreabhar, cé méid dreabharachaí a bhí a’d?

PÁDRAIC: Bhuel Annie, cailleadh ansin an lá cheanna í agus Mary ’gus eh Maggie, Mairéad agus Máire agus Áine agus Bríd, tá sí sin i Sasana. Agus ansin deartháireachaí, Stephen beag, cailleadh é sin agus mé fhéin, Pádraic atá ormsa agus Brian agus Beachla.

SALLY: Agus d’imíodar sin ar fad [ón oileán]?

PÁDRAIC: Tá siad sin imithe anois, chuile dhuine acub sin imithe. Tá, chuaigh, chuaigh Beachla go Sasana ach ní dheachaigh Brian, cailleadh Brian ag, scór blianta a bhí sé nuair a cailleadh é. Cailleadh an t-am sin é, bhí go leor daoine dhá chailleadh na blianta sin.

SALLY: Ar imigh tú fhéin in aon áit?

PÁDRAIC: Rinne mé tamaillín beag i Sasana, tamaillín beag é.

SALLY: Ó a’ raibh?

PÁDRAIC: Mí, trí mhí no rud eicínt ….

SALLY: …. Agus tháinig tú thar n-ais ansin agus d’fhan tú sa mbaile ?

PÁDRAIC: Tháinig mé eh, tháinig mé ansin agus d’fhan mé sa mbaile, tá mé sa mbaile riamh ó shin.

SALLY: Ar dtús a Phádraic ba mhaith liom labhairt leat faoin gceilp.

PÁDRAIC: Faoin gceilp.

SALLY: Sea, cén chaoi a bhfaigheadh sibh faoi réir le ’n cheilp?

PÁDRAIC: San Aibreán, san Aibreán a bheifí a’ faire ar, ar Feamainn Bhealtaine, is mara mbeadh sí isteach san Aibreán, mara mbeadh sí isteach roimh an cúigiú lá déag ní bheadh mórán maith inti, Feamainn Bhealtaine í, mar is feamainn mhaith í a’ bhfuil ’fhios a’d, ach mara mbeadh sí isteach roimhe sin, dhá dtiocfadh sí isteach mb’fhéidir seacht nó hocht go laethantaí ina dhiaidh, bheadh sí ite ag na faochain, na diúilicíní.

SALLY: Hm.

PÁDRAIC: Ach bhíodh muid dhá cur amach sin ansin agus dhá triomú ar an ionlach, ar ionlach, chaithfeá í a chur amach, más eh, más eh, bíodh, go bhfaigheadh sí an aimsir ceart le triomú, mara bhfaigheadh bhíodh anró an t-saoil, bhíodh go leor straoilleáil ag plé léi mara bhfaighfeá. Nuair a chuirfeá amach í, mara dtriomódh sí láithreach dhuit, mara bhfaigheadh sí mórán báistigh, agus dá bhfaigheadh sí mórán uisce ní bheadh mórán cuma uirthi. Bheifeá cúpla mí ansin a’ plé lei sin dhá cur amach as an gcladach agus mb’fhéidir go mbainfí beagán, bhífí a’ gearradh slam, slam coirleach. Bhí dóthain anró inti sin í fhéin. Sa gcladach a bhí a’inne go háirid, bhí an-anró ann mar chaithfeá an choirleach a chur ar do dhroim i gcliabh agus í sin a thabhairt isteach, áit, áit dhona thíos ansin a’ bhfuil ’fhios a’d. Cladach cúng a bhí ann, ach go raibh an fheamainn a bhíodh a’ tíocht ansin go maith. Bhí sí go maith tamall nuair a bhí teist a’ gabháil ar a’ gceilp, a’ bhfuil ’fhios a’d.

SALLY: An mbíodh aon dhuine in éineacht leat?

PÁDRAIC: Ó bhí m’athair agus Brian agus Beachla an t-am sin, ach ansin níor lean muid chomh fada sin de mar ní, Ar ndóigh chaithfí a bheith a’ plé le rud eicint ag an am mar bhí an saol go dona, ní raibh airgead fairsing, an t-am sin, agus ansin dhófaí í amach mb’fhéidir (sos) Bealtaine á eh, mí Iúil, ag a sé déag nó seacht déag go laethantaí gon mhí sin agus ansin dhófaí í sin le, dhéanfaí tornóg, bhí timpeall ’s cúig déag nó sé déag nó seacht déag go throigh ar fad, agus bheadh sí sin mb’fhéidir cheithre troigh taobh istigh go na ballaí agus ansin bhfaighfeá sceacha agus chuirteá na sceacha in íochtar le go mbeadh sí a’d le lasadh, mar is deacair feamainn a lasadh. Bhainfí sceacha agus chuirfí iad sin ar an urlár ann agus ansin chuirteá an fheamainn is triomaigh a bhí a’d, mb’fhéidir go mbeadh feamainn fhada a’d go bharr geimhridh agus eh lastá ar maidin í mb’fhéidir a h-ocht a chlog, mb’fhéidir ina dhiaidh nó mb’fhéidir roimhe. Choinneofaí ag obair í sin go dtí maidin lá arna mhárach b’fhéidir.

SALLY: A’ mbíodh sibh ag obair sa ló agus san oíche?

PÁDRAIC: Ceart.

SALLY: Agus cé a thabharfadh tae agaibh?

PÁDRAIC: Ó, thabharfadh, bhí mo mháthair beo an t-am sin.

SALLY: Théadh sí síos le tae?

PÁDRAIC: Ó chaithfeadh tú tae a bheith a’d.

SALLY: Go díreach. Nuair a thriomódh sibh í [an fheamainn] céard a ?

PÁDRAIC: Bhuel nuair a thriomaíteá an fheamainn, thógtá í, amach ar bhuailteachaí a bhí muidne á chur, siar ó, siar ón gcladach, bhí roinnt buailteachaí ansin a’inn, ionlach a thugann siad ar na h-áiteachaí sin len í thriomú. Choctá suas ansin, dhéantá cocaí di, ansin scartá aríst í agus ’á mbeadh triomach maith san aimsir, á bhíodh scaití an t-am sin, dhéantá cocaí maith móra di agus ansin bhailíteá as a’ mbealach í go ndéanfá coca mór millteach di. Bheadh coca mór déanta ansin a’d agus bheiteá dó nó trí go mhíonnaí ansin agus mb’fhéidir go mbeadh trí nó ceathair go thonnaí ceilpe sa gcoca sin, sin é an bealach a bhí muinn á dhéanamh.

SALLY: Yeah, a’ raibh mórán airgead as a’ gceilp?

PÁDRAIC: Ó muise ní raibh, Ar ndóigh ní raibh leath oiread in áit ar bith eile, a’inne ins na gaibhlí seo go h-áirid, b’fhéidir áit a mbeadh, muise ní raibh muid a’ braith ar an iascach fhéin an t-am sin. Bhí blianta roimhe sin, bhí an t-iascach go maith, ní chuimhníonn mise air, bhí an-airgead ar iascach, aimsir society a thugaidís air.

SALLY: Agus ansin nuair a bhíodh sibh a’ gabháil á cur chun bealaigh, a’ dtagadh bád?

PÁDRAIC: Bhuel dhófaí í agus bhrisfí suas í agus gruáin, dhéanfaí stumpaí gruáin di agus chuirteá sa mála í, líonfaí na málaí sin, mb’fhéidir go mbeadh scór malaí nó mb’fhéidir go mbeadh dhá scór málaí sa tornóg sin nó mb’fhéidir tuilleadh, is minic go mbíodh ceathair nó cúig go thonnaí a’inn, ach ní, ní in éineacht é. Chuirteá ar dhroim asal í aníos ón gcladach go dtí an bóthar atá thíos ansin agus uaidh sin amach chuirteá ar charr capaill í go Cill Rónáin agus mheáfaí thóir ansin dhuit í, í mheáchan, sin é an t-am a bheadh ’fhios a’d cé mhéad tonna a bheadh a’d.

SALLY: Agus cén chaoi a mbeadh ’fhios a’d mura mbeadh an cheilp go maith?

PÁDRAIC: Á, ní raibh badráil a’ bith orainne léis a’ gceilp a bheith go maith an t-am sin, sé an chaoi a raibh muinn a’ déanamh luath dhi a’ bhfuil ’fhios a’d, sin é. Ach roimhe sin, sé an chaoi a gcuirfí teist i gCill Rónáin uirthi agus i bhfad roimhe sin, na blianta blianta roimhe sin, sé an áit a gcuirfí an teist uirthi amuigh i gCill Chiaráin. Sé an chaoi a gcuirfí isteach i gcurach í agus amach go dtí, bheadh bád i mBéal Phort Eochla, thíos ansin agus í, í sin a chur isteach aríst sa mbád, ach ní bhít sí i mála a’ bith, ach mb’fhéidir céad ’s dhá chéad, ’s trí chéad ’s cheithre chéad go chlocha meáchain, mar bhí anró inti an t-am sin. Agus bhíodh siad dhá sútha, nuair a bheadh an tornóg a’ gabháil anuas a’ bhfuil ’fhios a’d, mb’fhéidir go mbeidís thíos lá, bheadh duine ar a’ taobh na deataigh di agus duine ar a’ taobh sin agus bheidís mar seo le racaí, racaí móra iarainn, rud mar seo ar a mbarr agus bheidís dhá sútha. Ní fhaca mise iad dhá dhéanamh ach bhíodh siad á dhéanamh lei.

CYRIL: Tá ceann de na deiseannaí sin amuigh ansin, nach bhfuil ….

PÁDRAIC: …. B’fhéidir go bhfuil….

CYRIL: …. Tá sé amuigh ansin i gcónaí ar a’ gclaí.

PÁDRAIC: Eh b’fhéidir go bhfuil aon raca fánaithe sa teach seo.

SALLY: Céard a chiallaíonns an chloch aoil a Phádraic nó ar airigh tú caint riamh ar an gcloch aoil?

PÁDRAIC: Aol?

SALLY: Níl ’fhios a’m ab shin í a bhíonns fanaí tar éis an cheilp a bheith dóite nó ceard é fhéin.

PÁDRAIC: Níor chualas, mb’fhéidir go raibh sé ann romhamsa a’ bhfuil ’fhios a’d, ach ní níor chuala mise é ag mo mhuintir nuair a bhídís dhá sútha isteach i gcurach i bPort Eochla agus amach go bád a’ gabháil go Cill Chiaráin lei.

CYRIL: Ach ab shin é an tornóg aoil meas tú?

PÁDRAIC: Á dhiabhail, sin é an tornóg aoil a bhífí, bhí ceann thíos sa Mainistir anseo thíos go dtí le gairid.

CYRIL: Tá sí ann i gcónaí le feiceáil ….

SALLY: …. Ó a’ bhfuil?

PÁDRAIC: Ag tí Phaidí Larry. Sé an chaoi ar dhóigh siad fhéin ….

SALLY: …. Agus ansin cé, céard a dhéanfaí as a’ gceilp nuair a bhí, nuair a bheadh sí curtha amach?

PÁDRAIC: Iodine.

SALLY: Ó iodine.

PÁDRAIC: Iodine, Sasanach a bhí ’á ceannacht anseo a’ bhfuil ’fhios a’d.

SALLY: Ó ab ea?

PÁDRAIC: Sea.

CYRIL: Na Scots.

PÁDRAIC: Bhí Kate Ned Bháin a’ coinneáil a’ cheilp ar dtús agus ansin Joe Mullin eh a bhí á coinneáil an t-am a bhí muidne [ag plé lei] Joe Ned Gabha thoir, athair Máirtín [Matt Mullin] seo thíos, dhá meáchan, ach bhí sí níos éasca an t-am sin mar ní raibh ort ach í, í thabhairt Cill Rónáin agus í a mheáchan ansin agus bhí tú réidh léi. Ach na créatúir roimhe sin a bhí á cur isteach i gcurach ….

SALLY: ….“_____+”….

PÁDRAIC: …. sa tsean aimsir agus ansin í sin a thabhairt, í chur isteach ar bhord báid agus a dhul Cill Chiaráin léi. B’fhéidir nach bhfaigheadh siad mórán uirthi mar a bhfaigheadh, bheidís curtha go leor siar san airgead.

SALLY: Anois a Phádraic faoi obair cladach, faoi feamainn, coirleach, roimh an gceilp nó tar éis an cheilp. Cé dhéanadh an obair cladach?

PÁDRAIC: Obair na ceilpe ab ea nó obair le leasú talamh nó ?

SALLY: Leasú talamh.

PÁDRAIC: Ó leasú talamh. Ó muise, ó d’éirigh mise suas is muinn fhéin a bhí á dhéanamh, na lads, bhí m’uncail á dhéanamh romham. Bhí uncail a’m a raibh Beachla air agus m’athair. Ach ansin ó d’éirigh mise suas a’ leasú, sean leasú, thosófaí ar sean leasú dhá bhféadfá é amach eh roimh an Nollaig. Chuirteá amach brat feamainn dearg ar a’ talamh, scartá ansin ar a’ talamh í sin le leasú, le leasú fataí amach sa Márta agus i mí na Márta ’á mbeifeá tosaigh a’ cuir [fataí] nó mí an Aibreáin bhfaighteá mb’fhéidir cúpla feamainn eile, ní feamainn dhearg í, feamainn dubh, feamainn dubh, bhfaighteá slam feamainn dubh ansin agus bheadh sí a’d le athleasú, athleasú. Sin é an darna leasú, a’ bhfuil ’fhios a’d. Ath-leasú a thugadh muinn air.

SALLY: A’ mbíodh mórán achrann sa gcladach?

PÁDRAIC: Hm?

SALLY: An t-am sin?

PÁDRAIC: Achrann, ó sábhála Dia sin ní raibh a, ní raibh aon achrann riamh ins an gcladach beag sin thíos agus bhí sé thar a bheith cúng agus tá sé cúng agus níor fhairsinge sé riamh ó shin.

SALLY: Ni bhíodh achrann ar bith ann ….

PÁDRAIC: …. Ni bhíodh, níor chuala mé go raibh.

SALLY: A’ mbíodh a phíosa féin ag chuile dhuine le ?

PÁDRAIC: Ó bhíodh ….

SALLY: ….le ….

PÁDRAIC: …. agus rocáin a bhí roimhe sin ann, a’ bailiú na feamainne i rocáin.

SALLY: Céard a chiallaíonn sé sin a Phádraic?

PÁDRAIC: Rocáin eh óra thabharfá go leor, thabharfá níos mó feamainn isteach, Ar ndóigh bhífí, bhídís ’á bailiú i mbéal tuine, bailiú an fheamainn i mbéal tuine, ní raibh siad a’ fanacht go dtriomódh sí ná tada, ach í bhailiú agus nuair a bheadh sí bailithe a’d ansin bheadh sí a’d duit fhéin, méid sin thú fhéin a’ fáil anró uathu, bheiteá amuigh leath bealaidh go dtí do bhásta, [ag] bailiú as an uisce, a’ déanamh carnán di. Bhíodh rocáin acub .

SALLY: Ach bhíodh obair an-chrua ann?....

PÁDRAIC: …. Crua, ó Ar ndóigh tabhair ….

SALLY: …. Ar thug na mná cúnamh sa gcladach san am sin?....

PÁDRAIC: …. Scaití, ní go, ní go leor go na mná a bhí thíos a’inne, an bealach sin, ní raibh, mar bhí cúnamh go leor sna tithe, i gcuid go na tithe agus cuid eile nach raibh.

SALLY: Hm, hm agus céard faoi stócáil a Phádraic

PÁDRAIC: Stócáil, diabhal mórán a rinne mé dhe, cé is moite go timpeall a’ tí anseo rinne mé beagáinín beag timpeall a’ tí ….

SALLY: …. Nuair a thóg sibh an teach nua?

PÁDRAIC: Ó muise blianta ina dhiaidh.

SALLY: Cén chaoi a dtosaíonntar ar a’ stócáil?

PÁDRAIC: Tosaigh, níl ach an talamh, sórt réiteach a thabhairt ar a’ talamh, na clocha a phioca as agus beagán réiteach a dhéanamh air agus ’á bhfaighfeá scraithchaí gon bhóthair, amach le taobh na gclaíochaí ar a’ mbóthar ansin agus ansin iad sin a thabhairt isteach le carr agus capall agus ….

SALLY: …. Agus a’ raibh airgead an t-am sin as stócáil?

PÁDRAIC: Bhí beagán.

SALLY: A’ raibh as claíochaí?

PÁDRAIC: Bhí airgead a’ gabháil as claíochaí. Chuir muidne claí amuigh ar na creaga fadó. Bhí sé cheithre chéad agus dhá fhichead coisméig ar fad. Is fada an claí é.

CYRIL: Cén aois a bhí sibh?

PÁDRAIC: Díreach tar éis stopadh ón scoil a bhí mise. Sin a raibh ann, mé fhéin agus bhí eh John Mháirt, bhí, idir, claí teorainne agus chuir seisean beirt eile ann, ní raibh sé fhéin ann ach chuir sé beirt nó triúr eile ann ach thóg muidne an claí sin. Ní raibh as an t-am sin ach cheithre phunt a dhéag, sé scileacha agus ocht bpingine go na pingineachaí, na sean phingneachaí. Is iomaí bliain ó shin é sin, ós cionn leath-chéad bliain ó shin, ó tá agus i bhfad, ní raibh mise ach thar éis a’ scoil. Tá ’fhios a’m gurb shin é an t-airgead a bhí as. Chuir muid claí eile teorainn thíos áit a thugann siad An Túr air, is iomaí áit ar fud an oileáin a bhfuil an t-ainm sin air agus mb’fhéidir thoir, mb’fhéidir sna h-oileáin thoir, níl ’fhios a’m ach tá An Túr, tá An Túr thiar sa gceann thiar go h-áirid, tá sé a’inne thíos ansin agus eh chuir muid claí eile ansin, céad, céad agus trí scór coisméigchaí a bhí sé sin. Fuair muinn níos mó airgead as sin ná fuair muinn as an gclaí a bhí amuigh, a chuir muinn amuigh le blianta, blianta, blianta fada roimhe sin. Ní bhfuair muinn ach cheithre phunt a dhéag, cheithre phunt a dhéag, céard a deir mé an t-am sin, cheithre phunt a dhéag.

CYRIL: Ocht scilleacha agus rud eicínt.

PÁDRAIC: Agus eh ocht bpingin nó rud eicínt nó sé pingine nó rud eicínt, fuair muid níos mó as an gclaí, as an gclaí thíos, fuair muid, fuair muid ós cionn seacht bpunt a dhéag rud eicínt as an gclaí sin, claí teorainn eile idir mé fhéin agus fear eile Stiofán Ó’ Flaithearta, col ceathrar liom é as Gort na gCapall.

SALLY: Ó sea, yeah, Stephennín Stoney.

PÁDRAIC: Sea.

SALLY: Hm, anois céard faoi caiple a Phádraic?

PÁDRAIC: Caiple?

SALLY: Chonaic mé fhéin thú cúpla bliain maith ó shin a’ ritheadh rása le capall thoir, thoir ar a’ trá. Cuimhním gur tháinig tú isteach ar a’ gcéad duine.

PÁDRAIC: Ó muise ….

SALLY: …. Ní raibh mé bhfad in Árainn an t-am sin, ní raibh mé i bhfad pósta nuair, nuair a chonaic mé é sin.

PÁDRAIC: Bhíodh muinn a’ ritheadh, bhíodh Stiofán Mac Donnchadha thoir ansin, thiocfaidís, athair Veronica agus Seán McDonagh, bhí capall maith aige sin agus bhí sé a’ ritheadh liomsa ann, m’anam má bhí fhéin gur tháinig sé isteach ar a’ gcéad duine ach bhí sé ag imeacht ar feadh coicíse thoir ann, síos agus aníos ar a’ trá, bhí sé cóngarach dhó a’ bhfuil ’fhios a’d agus ansin bhí sí [an capall] oilte go maith air, bhí sí an-oilte ansin ar an ritheadh a’ bhfuil ’fhios a’d, ní raibh aon dhuine a’ gabháil amach leis ach shilfeá go raibh roinnt mhaith capaill ann, ach ní dheachaigh amach leis ach mé fhéin. Bhí mise ar an darna ceann, chaithfeadh, ní raibh ann ach an péire (gáire) ach ansin chuaigh muid aríst a’ ritheadh agus eh bhí mé, diabhal ’fhios a’m nach raibh mé trí bhabhta uilig ann ach bhí mé fhéin agus Tomás a’ tSeoighe eh as Cill Rónáin, Tomás Joyce, bhí muidne, bhí capall, thug muinn capall anoir ó Fitzpatrick as Cill Éinne, muintir eh, sin é Pat, Pat Thomas Fitz.

SALLY: Hm, hm.

PÁDRAIC: Thug muinn capall anoir uaidh sin agus chuaigh Tomás uirthi sin agus bhí capall a’msa, an capall, ach tháinig mise isteach an tosaigh ansin agus bhí capall eicínt eile, diabhal ’fhios a’msa anois a’ raibh aon chapall eile ina ndiaidh, tá mé a’ ceapadh nach raibh, níorbh fhéidir a chur ann ach dhá chapall. (Gáire) bhí neart áit ann, ar an trá mhóir.

SALLY: A’ raibh capall a’d féin sa mbaile ?

PÁDRAIC: Ó bhí, an capall dubh, sin í a bhíodh a’msa ann.

SALLY: Ó sin í a bhíodh a’d?

PÁDRAIC: Sin í a dhíol mé ar deireadh, le Beaichlín.

SALLY: Dá mbeadh tusa a’ gabháil a’ ceannacht capall a Phádraic, an n-aithneofá capall maith thar capall dona?....

PÁDRAIC: …. Ó muise, ní mórán aithint atá ag aon dhuine ins na h-oileáin seo ar chapall, mb’fhéidir go bhfuil siad sách maith.

SALLY: A’ mbeadh ’fhios a’d cén aois a bheadh sí?

PÁDRAIC: Ó Ar ndóigh m’fhéidir go mbeadh barúil a’d dó, is mb’fhéidir, Is deacair aois capall, ó ghlanas capall deich nó h-aon dhéag go bhlianta, is deacair a h-aois a aithint, is deacair a h-aois an t-am sin a fháil.

SALLY: Ní aithneofá ar a cuid fiacla é, an n-aithneofá?

PÁDRAIC: Is deacair é a aithint an t-am sin nuair a ghabha sí suas an aois sin ach mb’fhéidir má bhíonn tú a’ plé le ó bhí sí ina bromach a’ bhfuil ’fhios a’d.

SALLY: An mbíodh tú a’ déanamh mórán obair le caiple ins an mbaile?....

PÁDRAIC: …. Bhíodh muid, mar capaill uilig a bhí a’ déanamh an obair san am sin.

SALLY: Tarraingt mhóna agus ….

PÁDRAIC: …. Ó tarraingt roinnt mhaith mhóna as Cill Rónáin dá bhfaighfeá lucht le tarraingt ag duine ….

SALLY: …. Go díreach, yeah.

PÁDRAIC: …. nó dhá lucht nó trí lucht, bhíodh mé ag cur corr lucht “____”, á muise ní raibh mórán as móin .

SALLY: San am sin.

PÁDRAIC: Naoi scilleacha as lucht agus ansin chuaigh sí suas, bhí sí a’ gabháil suas corr scilling go dtí cúig déag as a’ lucht, bheifeá i gcaith an lae leis sin, mb’fhéidir (gáire) dhá ngabhfá isteach sa teach ósta, mar a’ plé le móin mar sin a’ bhfuil ’fhios a’d bheadh an-tart ort, bhí sí salach. Is gearr a ghabhadh a luach.

SALLY: Nuair a bhíodh tú ag briseadh isteach capall

PÁDRAIC: Ní raibh sé éasca ….

SALLY: …. An raibh sé deacair?

PÁDRAIC: Bhí sé sách deacair amanntaí, braitheann sé de réir an aois a bheadh acub a’ bhfuil ’fhios a’d. Dá mbeifeá a’ briseadh capall isteach ag bliain go leith [d’aois] tá sé i bhfad níos éasca ná capall a bheadh suas sna blianta, tá siad láidir an t-am sin.

SALLY: Agus ansin nuair a bheadh tú a’ cuir croí uirthi, ar tú fhéin a chuireadh uirthi é nó an dtabharfá ag an ngabha í?

PÁDRAIC: Bhíodh muinn fhéin a’ cur sean chroí, bhíodh, dá mbeadh roinnt sean chroí a’d, chuirfeá ar an gcapall óg ar dtús iad agus bhainfeá tamall amach, mara mbeifeá ag déanamh aon obair carraeireacht, dhéanfadh na sean chroí sin a bheadh fágthaí a’d. Is iomaí teach a bhfuil neart díobh sin fágthaí fós, nach bhfuil sé thiar ansin a’msa, nach bhfuil lán dhá bhosca cruití a’m.

SALLY: An gcaithfeadh tú srónóg a chur inti nuair a bheadh ….

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh ní chaithir mura, dhá mbeadh sí socair agus mb’fhéidir dhá mbeadh sí, dhá mbeadh sí coilgneach go gcaithfeá srónóg a chur inti, b’fhéidir dhá mbeadh sí tarraingt na gcosa uait.

SALLY: Ó arbh shin é an chaoi?

PÁDRAIC: Sé.

SALLY: Hm, okay inis dom faoi fataí, garrantaí fataí, san am sin bhíodh cúpla garraí curtha a’d ….

PÁDRAIC: …. Ó cén sórt caint atá ar chúpla garraí a’d, nach raibh an oiread curtha ag aon teach amháin agus atá curtha ar fuid an oileáin uilig anois.

SALLY: Cinnte é sin.

PÁDRAIC: Chaithfí iad a bheith curtha. Ar ndóigh siad a bhí a’ teastáil an t-am sin, nach gcuimhním, bhí muca, agus bhí muca a’ faire orthub, chaithfeadh tríset muca sa mbliain mb’fhéidir, nó mb’fhéidir cheithre set muca, de réir mar bheadh fataí a’d. Ní raibh aon phraghas mór ar na muca ach mar deir mé leis an gceilp, chaithfeadh tú pingin a bhaint as rud eicínt. Chaithfeá, b’fhéidir dhá n-éireodh leat, nuair a dhíolfá na muca chaithfeá bainbh a chur isteach, na muca beaga óga, bainbh a thugadh muid orthub. An t-am sin mb’fhéidir go, chaithfeá iad sin a chur isteach ansin arís, chaithfeá iad a choinneáil, “snáth a choinneáil sa bhfiacail” i gcónaí.

SALLY: Agus ansin chaithfeadh sibh a dhul ag baint feamainn aríst, le cuir ar a’ ngarraí.

PÁDRAIC: Bhí an fheamainn baintí, d’inis mé dhuit ar ball gur bhain muid ….

SALLY: …. Ó sin í, sin í an fheamainn, an leasú a chuireadh sibh ar na fataí arbh í?

PÁDRAIC: Sí an leasú amach i mí, mí roimh, roimhe, roimhe an Nollaig, dhá mbeadh sí sin curtha amach a’d agus ansin amach sa Márta nó san Aibreán pé bí cén t-am a thosófá ag cuir, bhainteá slam eile, thugadh muid feamainn dubh orthu, tá sí thiar ar chorra, Port Chabhrach, feamainn dubh, sé an chaoi a ngearradh le scian í agus bhainteá beagán di sin agus chuirteá amach í sin mar athleasú. Chuirteá an garraí, d’fhásadh sé suas, lán, chuirteá lánú ansin orthub, ní shin é a thugann siad orthub i go leor áiteacha, tugann siad ainm eile ar an lánú, tugann siad trinseáil air ach lánú an t-ainm ceart atá air.

SALLY: Ab ea?

PÁDRAIC: Sea.

SALLY: Agus ansin bheadh trí nó ceathair, nó cúig nó sé go gharrantaí curtha agaibh.

PÁDRAIC: Bhuel braitheann sé méid an gharraí an bhfuil ’fhios a’d, dhá mbeadh cúpla garraí maith mór a’d. Dhá mbeadh aon fhairsinge iontub. An chaoi a bhfeicim fataí dhá chuir anois gur, go raibh níos mó curtha ag aon teach, ag aon teach amháin ná bhfuil san oileáin mórán.

SALLY: Anois.

PÁDRAIC: Mar níl siad dhá gcuir. Ach Ar ndóigh is beag fataí atá siad a’ iarraidh ach cúpla ceann a chuirfidh siad….

SALLY: …. Go díreach ….

PÁDRAIC: …. ina mbéal, theastaigh siad uaidh an gcearc an t-am sin, agus theastaigh siad uaidh an lacha agus theastaigh siad uaidh an ghé.

SALLY: Agus ón mhuic agus ón asal ….

PÁDRAIC: …. Bheadh chuile short beo a’ faire orthub.

SALLY: Yeah bhí go leor. Ach nuair a bhífí a’ piocadh fataí fadó, bhuel is cuimhneach liomsa nuair a bhínn fhéin thoir sa mbaile [in Inis Meáin] a’ piocadh, bhíodh trí phioca orthub, fataí móra, leath fhataí agus fataí beaga le na mbeithígh, níl ’fhios a’m anois ar airigh tusa é sin, a Phádraic?

PÁDRAIC: Deimhin ní, bhuel níl ’fhios a’m, ní mar a chéile ceart go leor, ní mar a chéile a oibríonns chuile dhuine. Ní thabharfadh muidne dhób ach dhá phioca. Phiocadh muidne idir leath fhata agus an fata mór in éineacht agus ansin d’fhágadh muid na fataí beaga ansin. Bhí siad go maith ag an mbeithíoch ach ní raibh maith ar bith ‘sna fataí beaga ag muca.

SALLY: Ó cé nach raibh?

PÁDRAIC: Óra ní raibh, sé an chaoi a mbeifeá a’ cuir an tine amú leob.

SALLY: A’b ea?

PÁDRAIC: Sea, fataí beaga, ní raibh, ní raibh tíocht aniar a’ bith iontub len mhuic.

SALLY: Agus céard a dhódh sibh an t-am sin nuair a bhíodh sibh a’ cur síos potaí fataí le muca? Céard a dhódh sibh ….

PÁDRAIC: …. Móin.

SALLY: Móin.

PÁDRAIC: Móin agus eh, ar ndú, chuile rud a bhruithfeadh é (gáire)

SALLY: Go díreach, eh go díreach.

CYRIL: An mbíodh sibh a’ cur fataí chun bealaigh?

PÁDRAIC: Ansin, dhá mbeadh ceannacht ar fhataí mb’fhéidir go ndíolfá beagán tonaí fataí, thar éis sin fhéin, le mo lionsa.

SALLY: Agus a’ mbíodh mórán airgead astu, le fáil?

PÁDRAIC: Bhuel, an bhliain deirneach a dhíol mise iad, garraí a bhí thíos ansin, thoir sa Mainistir curtha, bhí punt is fiche an tonna an t-am sin.

SALLY: Ab shin é?

PÁDRAIC: Bhí sé go maith, Stiofán Mac Donnchadha thoir ansin i gCill Rónáin a bhí dhá gceannach. Tá meáchan thíos ar an gcéibh.

SALLY: Agus an raibh tú a’ plé le iascach?

PÁDRAIC: Ni rabhas.

SALLY: Ach bhíodh tú a’ gabháil amach i gcuracha ag iarraidh ….

PÁDRAIC: …. Amantaí, amantaí in éineacht le, in éineacht le lads eile, a’ cuartú, a’ cuartú ronnach.

SALLY: Bhuel a Phádraic, go raibh míle, míle maith agat as ucht an méid sin a thabhairt agus guím rath Dé oraibh sa mbliain nua atá le theacht agus go raibh míle maith a’d arist.

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.