Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00044

Taifeadadh
BBAF.00044
Formáid
MiniDisc
Fad
30:40
Dáta
18 Eanáir 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Bun Gabhla
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Petairín a' Bheagach Ó Maoláin
Eolas cartlainne
MD 5 Peterín a' Bheagach Ó Maoláin. Clann; Baile; Bun Gabhla; Clocha agus Claíocha; Stócáil; Iascaireachta; Obair Chladaigh; Ag obair ar an mbóthar; An chéad charr agus an chéad rothar; Caitheamh Aimsire; An tOileán Iarthach; Lá Mhártáin; Amhrán; 25:01 "An Caiptín Seoirse Ó Máille".
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00044
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Mise Áine Pheaits Bheachlín agus tá mé anseo i dteach Peterín a’ Bheagach i mBun Gabhála ar an ochtú lá déag do Eanáir sa mbliain dhá mhíle agus a haon. Anois a Pheterín, nach deas an lá é.

PETERÍN: Tá sé go hálainn buíochas le Dia, a stór.

ÁINE: Tá an sioc imithe.

PETERÍN: Shílfeá go bhfuil, ní raibh mise amach ach is dóigh go bhfuil sé imithe.

ÁINE: Tá sé imithe.

PETERÍN: Ach níl sé chomh fuar, níl, níl a stór.

ÁINE: Anois a Pheterín, cén áit ar rugadh thú?

PETERÍN: Thiar an áit a bhfuil Marcus anois, sa teach sin an teach sin a bhfuil Marcus anois ann.[Marcus Ó Flaithearta i mBun Gabhla]

ÁINE: Agus cérbh as iad d’athair agus do mháthair?

PETERÍN: Bhuel ba as Eoghanacht é m’athair, a’ bhfuil ’fhios a’d agus ba as Bun Gabhla fhéin mo mháthair. Sea.

ÁINE: Agus an raibh deartháireacha ’s dreabharachaí a’d?

PETERÍN: A’msa bhí, ó bhí, bhí ceathrar dreabhar eile a’m, cúigear agus beirt lads, ach leis an gcéad fhear a bhí ag mó mháthair a bhí seisear acub, an dtuigeann tú.

ÁINE: Bail ó Dhia orthub.

PETERÍN: Ní raibh ann ach mé fhéin agus Neilín ag m’ath[air], le m’athair a’ bhfuil ’fhios a’d ar deireadh, h-ochtar a’inn uilig.

ÁINE: Ar imigh an chuid is mo go do chuid deartháireacha agus dreabharachaí, ar imigh siad as Árainn?

PETERÍN: Á d’imigh, bhuel tá Cóilín - cailleadh i gCeanada é an fear bocht, is ann a bhí sé. Bhuel bhí Peaitsín é fhéin i Meiriceá, tháinig sé sin ar ais. Bhí Máirín i Meiriceá freisin, is ann a cailleadh í an créatúr. Bhí dreabhar eile liom ansin i gConamara - Brídín, agus Peigín, bhí sí i bhFearann a’ Choirce, tá sí curtha i gCill Éinne agus Ceatín i gCill Mhuirbhigh pósta, tá sí sín curtha i gCnocán na mBan i gCill Mhuirbhigh.

ÁINE: Go ndéana Dia grásta orthub ….

PETERÍN: …. Amen a stór.

ÁINE: An ndeachaigh tú ag a’ scoil?

PETERÍN: Ó chuaigh (gáire) muid ag Scoil Eoghanachta ansin thíos, mé féin agus t-athair, deir siad gurbh é an bhliain chéanna a chuaigh an bheirt a’inn ag a’ scoil.

ÁINE: By dad

PETERÍN: Ní raibh ’fhios a’msa é sín mar tá cuimhne aige san [athair Áine] níos fearr, bail ó Dhia air, (gáire) sin é a dhreabhar.

ÁINE: Agus an gcuimhníonn tú, ar fhan tú mórán blianta ag a’ scoil?

PETERÍN: Á muise níl ’fhios a’m cé mhéad, níor fhánas mar ní raibh fonn a’ bith orm a dhul ann. “_____” bhí mo shean mháthair thoir i gCreig a’ Chéirín, is ann a bhí sí a’ fanacht, agus - máthair m’athair - is minic a d’fhan mé aici agus bhíodh sí ag gabháil dom ag iarraidh mé a chur ag a’ scoil, (gáire). Bhí an ghráin a’m ar a’ scoil, faraor.

ÁINE: Anois tá, tá athraítí mór ar Bhun Gabhla tharas an uair a bhí tusa a’ fás suas ann.

PETERÍN: Ó muise d’fheadfá a rá go bhfuil a stór, d’fhéadfá a rá go bhfuil, á níl, níl a’ maireachtáil anois ann ach an cheithre theach, níl daoine ach i cheithre theach, bhí dhá theach déag tamall gon tsaoil ann.

ÁINE: Agus bhí go leor gasúir ann, a’ raibh?

PETERÍN: Óra bhí go deimhin, family mór ins chuile theach an t-am sin. Tí Phetair tá ’fhios a’d, Josie Phetair, tá siad sin caillte, imithe uilig na créatúir, athair agus an mháthair imithe agus seisear mac agus dreabhar leob, Bidín. Tá siad imithe uilig, tí Pheaits Neilín agus tí Sheáinín Choilm, tá siad imithe as.

ÁINE: Tá.

PETERÍN: Tí Phetair agus tí Deainín, tí Mhary Tom Mhóir, tá siad imithe as tí Bhid Bhille anois.

ÁINE: Tí Stephen.

PETERÍN: Tí Stephen, ach go bhfuil sé sin anseo thoir, mar déarfá.

ÁINE: Bhuel tá, tá. A’ breathnú amach anseo anois an fhuinneog tá slacht mór le feiceáil ar na claíochaí breá atá tógthaí ….

PETERÍN: …. Á, bhuel Ar ndóigh tá ….

ÁINE: .… a’d amuigh anseo.

PETERÍN: … siad maith go leor, tá siad, taitníonn siad leis na turasóirí mar déarfá go mór mhór, taitníonn siad iontach leob, a’ tógáil a bpictiúr, [ag fiafraigh] cén t-achar a chaith mé á ndéanadh is chuile shórt (gáire) Níl ’fhios a’msa cén t-achar a chaith mé á ndéanamh mar ní aon bhliain amháin a bhí mé chuile áit díobh.

ÁINE: Cá bhfuair tú na clocha?

PETERÍN: Ó, thiar sa gcreig uilig ansin, mar tá ar an gcreig taobh thiar.

ÁINE: Nó an gcaithfeá cuid acub a bhaint?

PETERÍN: Diabhal baint ach iad a bhailiú ar a’ gcreig, clocha idir bheag is mór a chur sna claíocha uilig. Ní raibh muis.

ÁINE: A’ raibh ainm áirid ar bith ar na claíochaí?

PETERÍN: (Gáire) ní raibh, níor thug mise aon ainm orthub go h-áirid.

ÁINE: Níor thug.

PETERÍN: Níor thug, a stór.

ÁINE: Mar tá ’fhios a’d a’ chaoi a bhfuil an claí dúbailte agus claí singil ann.

PETERÍN: Á tá siad mar sin, tá siad, tá cuid acub dúblaí uilig, tá cuid eile acub, tá ceann taobh thoir ansin, níl ach an t-íochtar dúblaí agus singil suas ó na leath, an dtuigeann tú .

ÁINE: Agus cén fáth a rinne siad é sin, meas tú?

PETERÍN: (Gáire) Eh?

ÁINE: Cén fáth go raibh an t-íochtar díobh dúbailte agus an barr singil?....

PETERÍN: …. Á Ar ndóigh ghabhadh níos mó go na clocha beaga in obair duit san áit dúbailte an dtuigeann tú.

ÁINE: Á sea.

PETERÍN: Ha ghabhadh.

ÁINE: An claí teorann?

PETERÍN: Bhuel, sé an claí teorann atá taobh thiar, an dtuigeann tú san áit sin ….

ÁINE: …. Claí dúbailte é sin.

PETERÍN: Claí dúbailte é sin uilig freisin, sea muis.

ÁINE: Agus ar fud an talamh ar fad, ag na claíochaí teorainn, tá, tá ballaí dúbailte ann, a’ bhfuil?

PETERÍN: Á, tá, bhuel áiteachaí an chlaí teorann an dtuigeann tú ní bheadh gá dhuit a dhúbailt ach an t-íochtar, síos ó na leath, ach ansin bhí mise ag iarraidh na clocha a chur as an mbealach uilig, an dtuigeann tú, rinne mé dúblaí uilig é, claí teorainn, píosa maith síos de ach an chuid síos ó thuaidh anois gon stóirín arís, an áit a bhfuil tí na lads [deartháireacha Áine] thiar, sé an chaoi a bhfuil sé dúblaí in íochtar agus singil in uachtar.

ÁINE: Á sea.

PETERÍN: Sé a stór.

ÁINE: Agus thug sé foscadh maith go na beithígh?

PETERÍN: Ó thar cionn a stór, thar cionn….

ÁINE: …. Iontach.

PETERÍN: Áit fuar sceirdeach.

ÁINE: Hm, bhíodh tú a’ stócáil?

PETERÍN: Á bhínn, bhínn a mh’anam go minic, bhínn, tá píosaí mór stócáil thuas ansin ar an Sliabh Mór, taobh thuas go tí Mhichael Toole ansin, rinne mé claíochaí go leor ansin freisin. Rinne muis mar ní raibh aon chlaí eile ach droch chlaíochaí. Bhí carracháin ann agus bhí fód faoi na carracháin agus chuir mé na carracháin ’sna claíocha a’ dtuigeann tú agus bhí an fód le cuir amach ar an áit a bhí le déanamh amach ar an gcreig a’m.

ÁINE: Agus nuair a bhíodh sibh a’ stócáil a’ gcuireadh sibh gainimh agus feamainn ar dtús air nó a’ gcuireadh sibh créafóg ar dtús air?

PETERÍN: Ó créafóg ar dtús an dtuigeann tú, scraitheachaí beaga agus ansin....

ÁINE: …. Sea ….

PETERÍN: .… fód a chuir ansin aríst air nuair a chuirfeá é, fód a chur air arís ’á thrinseáil, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus nach mbíodh sé deacair fód a fháil i mBungabhla, ní raibh? ….

PETERÍN: …. Muise bhíodh sé deacair é a fháil ann muise, mar a bhfaighfeá in áit é a mbeadh carracháin a mbeadh fód fúthu b’fhéidir a’ bhfuil ’fhios a’d. B’fhéidir go bhfaighfeá corr scailp a mbainfeá aníos neart fóid aisti agus go líonfá le clocha ansin aríst faoi, fód ós a gcionn aríst.

ÁINE: Agus chuireadh sibh gaineamh agus feamainn air ansin le ….

PETERÍN: …. Ó chuireadh.

ÁINE: …. le cúnamh a thabhairt gon chréafóg? ….

PETERÍN: …. Ó chuireadh, chuireadh a mh’anam.

ÁINE: Agus a’ gcuireadh sibh garraí ansin?

PETERÍN: Ó chuirfí na fataí ós a gcionn ansin aríst.

ÁINE: A’ gcuirfí?

PETERÍN: Chuirfí a stór.

ÁINE: A’ bhfaigheadh sibh aon airgead leis an stócáil seo a dhéanamh?....

PETERÍN: …. Ó gheobhfá, gheobhfá an áit a stócálfá ach níl ’fhios a’m cé mhéad a bhíodh astub san am sin, gheobhfá, bhíodh t-athair, rinne sé stócáil go leor é fhéin, déarfainn.

ÁINE: Ó rinne.

PETERÍN: Rinne sé. (gáire)

ÁINE: Bhíodh tú fhéin ag iascach?

PETERÍN: Bhíodh, bhíodh a mh’anam, a’ plé le ronnachaí agus le breams, ag iascach ballachaí ar na carraigeacha agus … (gáire)

ÁINE: Agus bhíodh tú a’ plé le na tramannaí?

PETERÍN: Bhí, bhí ó bhíodh.

ÁINE: Cé leis a chuaigh tú ag iascach ar dtús?

PETERÍN: Á muise in éineacht le m’athair déarfainn agus Peaitsín Mháirín, théinn amach nuair a bhídís a’ tramáil in éineacht leob, thaitneodh liom a bheith ag imeacht i gcurach i gcónaí

ÁINE: Agus a’ raibh curach agaibh féin sa mbaile?

PETERÍN: Á bhí ar deireadh, bhí, bhí ar deireadh.

ÁINE: Agus a’ bhfánaíodh sibh amuigh ag iascach thar oíche?

PETERÍN: Ó muise m’anam go bhfánaíodh, san oíche go minic ag iarradh breams a’ bhfuil ’fhios a’d, d’fhánaíodh.

ÁINE: Ar ndóigh oícheantaí gealach, ab ea?

PETERÍN: Bhuel Ar ndóigh cuid acub, oícheantaí nach mbíodh an-gheal ach an oiread, bhíodh.

ÁINE: Na’ raibh sé sin cineál contúirteach?

PETERÍN: Bhuel bhí ach nuair a bheadh an t-eolas roinnt a’d ina dhiaidh sin a’ bhfuil ’fhios a’d ann, dhéanfá cúis.

ÁINE: Is dóigh go mbíodh marcannaí áirid agaibh a’ mbíodh le….

PETERÍN: …. Á bhíodh ….

ÁINE: … theacht isteach?

PETERÍN: Bhíodh, dhá mbeadh sé dorcha agus trá díthrá síos ann, bhíodh sórt marc a’inn ar a’ lighthouse a’ dtuigeann tú, thabharadh sé aniar muid ar a’ (sos) glan ar an gClochar, a’ bhfuil ’fhios a’d, isteach ar a’ leic, bhíodh, coillín beag istigh ar Oileán a’ dá Bhronóg, agus thugadh muid solas a’ Lighthouse garr dhó sin agus thabharadh sé aniar díreach le taobh an Chlochar thú, sin é, nuair a thiocfá aníos gon Bhrachlainn a’ dtuigeann tú, d’fheicfeá an solas, solas an lighthouse a stór.

ÁINE: Agus ansin, céard a dhéanadh sibh leis a’ t-iasc, nuair a thiocadh sibh isteach?

PETERÍN: Iad a ghlanadh agus iad a níochán agus iad a shailleadh agus ....

ÁINE: …. Arbh iad na mná? ....

PETERÍN: …. Bhíodh na mná agus na fir dhá dhéanamh.

ÁINE: A’ mbíodh?

PETERÍN: Bhíodh na mná dhá dhéanamh chomh maith céanna, níos fearr, ’á níochán agus ’á sailleadh, a’ díol le muintir Chonamara ansin ar mhóin, cuid acub.

ÁINE: Agus cá bhfaigheadh sibh a’ salann?

PETERÍN: Á bhí salann sna siopaí, bhí salann ’á dhíol sna siopaí sa Sruthán agus chuile áit, mála dhá chéad salainn a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus ansin chuireadh sibh soir Cill Rónáin iad, le iad a chuir amach Conamara ab ea nó sa trá?

PETERÍN: Ó soir go Port Mhuirbhigh go na báid Chonamara. Thabharaidís amach as sin iad, thabharadh a stór, b’fhéidir gur minic gur as Cill Rónáin a d’imídís.

ÁINE: Cén t-am gon bhliain a bhíodh sibh amuigh ag iascach?

PETERÍN: Ó amach sa samhradh is mó a bhítí amach ann, ní bhíodh, ní bhíodh aon iascach sa ngeimhridh ann.

ÁINE: Agus céard a dhéanadh sibh ansin i gcaitheamh an gheimhridh?

PETERÍN: A’ plé lé feamainn, agus le rudaí gon t-sórt sin, a’ déanamh ceilp.

ÁINE: A’ rinne sibh an cheilp sa ngeimhridh nó sa samhadh?

PETERÍN: Bhuel Ar ndóigh dhéantaí, chuirtí suas an fheamainn i gcaith na bliana, sa mBealtaine is mó a bhíodh feamainn, sa samhraidh, bhí an dó ansin tamall ina dhiaidh sín aríst, sin é a stór, dhá cuir soir, amach, aniar le asail soir go dtí an scoil ansin thíos, carrannaí dhá dtabhairt Cill Rónáin ansin, dhá meáchan i gCill Rónáin.

ÁINE: Bhí tú ag inseacht dom an lá cheanna faoi an oíche a chaith tú istigh ar oileán an Dá Bhronnóg .

PETERÍN: (Gáire) Ó sea, Ar ndóigh sé chaoi a raibh muid a’ dó ceilp istigh ann, a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhí sé deireanach nuair a bhí muid réidh agus bhí ceann [tine] eile le lasadh a’inn ar maidin agus thug muinn an curach aniar gon trá agus chuir muid an prop fúthu agus chuaigh muinn isteach a chodladh fúthu, (gáire) coirleach timpeall uirthi agus ar na taobhanna, [muid] istigh fúthu agus ina luigh siar, bhí muid a’ casadh amhráin nó gur thit muid ina gcodladh. Ní raibh fhios a’inn nach thíos san Imperial [óstán]i nGaillimh a bhí muinn a stór.

ÁINE: Nach shin é.

PETERÍN: Bhí muinn chomh happy sin ann.(gáire)

ÁINE: Agus céard a bhí le n-ithe agaibh?

PETERÍN: Ó bhíodh rud le n-ithe istigh a’inn i gcónaí ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: An raibh?

PETERÍN: Bhíodh agus ansin b’fhéidir ar maidin go ritheadh duine eicínt siar ag a’ gcladach le stuif a’inn le n-ithe agus ghabhadh duine eicínt amach, chuireadh sé maide rámha suas agus chuiridís bratach ar a’ maide agus ghabhadh duine eicínt amach á iarraidh ansin sa gcurach, sin é anois é .

ÁINE: Bhíodh sibh sásta go maith ansin nuair a bhíodh a gcuid tae agaibh….

PETERÍN: …. Óra bhíodh a mh’anam. Bhíodh neart cipíní a’inn istigh ansin, [iad] a’ teacht i dtír ar an oileán agus coirc, dhéanfadh sé tine bhreá dhúinn. Níl corc ar bith anois ann ach plastics.

ÁINE: Níl, níl.

PETERÍN: Níl (gáire)

ÁINE: Cén chaoi a lasadh sibh an tine faoin ceilp?

PETERÍN: Mar a deireadh muid fadó leis an mbualtrach, píosaí bualtrach agus móin, tinteachaí beaga a dhéanamh, tuairim is trí troigh ar leithead agus píosa mór fada agus iad sin a lasadh ansin le ola agus braon, maitsíní, bheith ag caitheamh soipín feamainne orthub agus bheidís féin a’ dó a chéile ansin go méadóidís suas go maith ar deireadh, a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Agus bhíodh sé sin ag imeacht i gcaitheamh na hoíche?

PETERÍN: Bhíodh, bhuel bhíodh sé chomh h-ard sin ar deireadh le feamainn amach ar an mbord, í dóite ina lár a bhfuil ’fhios a’d, fad an tornóg uilig, bhí a stór.

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh a’ cuir an ceilp soir go dtí Corrúch, tá ’fhios a’d a’ teach dóite i gCorrúch?

PETERÍN: Á ní bhíodh. Sé an chaoi a gcuireadh muid í soir go dtí scoil Eoghanacht ansin, agus ansin carrannaí [a thugadh] go dtí cill Rónáin í.`

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh a’ fáil mórán an tonna uirthi?

PETERÍN: Á muise níl ’fhios a’m céard a bhíodh uirthi, ní chuimhním céard a bhíodh sí a’ gabháil.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Ní chuimhním bydad céard a bhíodh sí a’ gabháil ach ní mórán a bhíodh uirthi Ar ndóigh an t-am sin. B’fhéidir mar a ndéanfadh sí an teist go maith dhuit nach bhfaighfeá an oiread uirthi agus á ndéanfadh sí teist maith a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea, agus bhíodh sibh í a chuir amach mar leasú ar a’ talamh?

PETERÍN: Á bhíodh - an cheilp?

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Á ní bhíodh.

ÁINE: Ní bhíodh. Tá ’fhios a’d an chaoi a mbíodh an cladach roinnte.

PETERÍN: Á bhíodh an fheamainn roinnte, istigh sa gclochar agus chuile áit agus nuair a thagadh sí ina h-adhairt sa gcladach ansin sé an chaoi a gcuiridís slat mhara agus ar a ceann síos ann ag cur teorannachaí idir na cuideannaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: A chuid fhéin ag chuile dhuine.

ÁINE: Is dóigh go mbíodh go leor troda ann, a’ mbíodh?

PETERÍN: (Gáire), Ní fhaca mise aon troid ann, go h-áirid.

ÁINE: Cé nach bhfaca?

PETERÍN: Ní fhacas by-dad. Bhí an duirling ansin taobh thuas ansin nuair a ghabhfá á triomú bhí sí sin roinnte chomh maith céanna

ÁINE: A’ raibh?

PETERÍN: Coilíní ann .

ÁINE: So ní fhéadfadh tusa do chuid slata mara a chur ach i do ait fhéin?

PETERÍN: Á ní fheadfá ach iad, chaithfeá i do chuid féin, mara mbeadh áit ag duine eicínt ann nach mbeadh a’ déanamh ceilp a’ bith, a bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Bheadh sé sin, thabharfadh sé go dhuine eicínt eile é.

ÁINE: Agus a’ mbíodh tú a’ díol slata mara?

PETERÍN: Á, bhítí á ndó a’ bhfuil ’fhios a’d. Sé an chaoi a mbítí á ndó an t-am sin.

ÁINE: Á ab ea ?

PETERÍN: Ach tá glaoch anois orthab as a’ gcladach, nuair a thriomóidís a’ bhfuil ’fhios a’d, tá.

ÁINE: Agus aríst chuireadh sibh soir go dtí Cill Rónáin iad .

PETERÍN: Á chuireadh, sé an áit a raibh an glaoch ar na slata mara go deireanach, bhuel bhí ceannacht in Árainn orthub agus bhídís a’ gabháil amach Cill Chiaráin a’ bhfuil ’fhios a’d, báid á dtabhairt amach ann. Chuaigh mé amach trip amháin ann agus thug mé bicycle amach, chaith mé an bicycle ar bharr, ar bharr an slata mara sa mbád ag Pat Joe O’Donnell, an fear bocht, go ndéana Dia grásta air. Amach go Cill Chiaráin, siar as sin ar mo bhicycle go Muighinis, aniar aríst.

ÁINE: By dad, bhí aistear fada ort.

PETERÍN: (Gáire) Bhí.

ÁINE: A’ mbíodh tú a’ bailiú carraigín?

PETERÍN: Ó bhíodh, bhíodh muid a’ baint charraigín, ar an Oileán Iartharach agus ar Oileán an Dá Bhruineog, ’s chuile áit a stór. Ba mhór a’ saothrú carraigín an t-am sin.

ÁINE: Bhí, bhí an praghas níos fearr uirthi ná an cheilp?

PETERÍN: Ó bhí, bheadh praghas maith, cothrom go maith air a’ bhfuil ’fhios a’d. Nach mbíodh na móiníní siar ag a’ gcladach agus Gleann a’ Ghrióra nach mbíodh dath geal orthub le carraigín nuair a ghealadh an bháisteach é, chaithfeá é a fhágáil ar an móinín amuigh nó go ngealadh sé, a’ dtuigeann tú. Nuair a bhfaigheadh sé roinnt báistí ar dtús chaithfeá é iontú [iompú] ansin agus ansin ghealadh an taobh eile dhe.

ÁINE: Agus dhíol sibh ansin é le muintir Chonamara.

PETERÍN: Á bhuel bhí ceannacht in Árainn ar a’ gcarraigín.

ÁINE: A’ raibh?

PETERÍN: Bhíodh.

ÁINE: Cé nach mbíodh chuile dhuine in Árainn a’ plé le carraigín.

PETERÍN: Ó muise Ar ndóigh bhíodh cuid mhaith acub.

ÁINE: Bhíodh corr dhuine a bhí leisce orthub.

PETERÍN: (Gáire) Á bhí, á bhí corr dhuine na’ raibh aon ghá dhóibh leis a dhreabhairín, bhí neart talamh is rud acub, sin é a stór.

ÁINE: A’ bhfuil aon scéal a’d faoin bpoitín anois.

PETERÍN: Ó muise (gáire) ní mórán é.

ÁINE: Cá bhfaigheadh sibh an poitín nuair a bhíodh bainis agaibh?

PETERÍN: Á sé an chaoi a dtéití amach á iarraidh Conamara, cuid mór, cuid dhe go h-áirid, bhuel nuair a thiocfadh daoine [fir] anoir b’fhéidir ag iarraidh mná [le cleamhnas] i mBun Gabhla nó in áit éicínt, cheannóidís, bhíodh sé á dhíol sna, ag corr dhuine soir, [ar an taobh thoir den oileán] a’ bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Á, a’ mbíodh?

PETERÍN: Ach ansin le an bhainis sé an chaoi a ngabhtaí Conamara dhá iarraidh.

ÁINE: Agus ní raibh aon duine in Árainn ag déanamh poitín, a’ raibh?

PETERÍN: Bhuel má bhí ní cuimhneach linne é go h-áirid. Ní cuimhneach liomsa é má bhí.

ÁINE: Agus a’ bhfuil fhios a’d nuair a bhíodh na timeannaí sna tithe, na damhnsaí?

PETERÍN: Sea.

ÁINE: Bhíodh sibh a’ gabháil orthub, a’ mbíodh?

PETERÍN: Ó bhíodh, ó m’anam go mbíodh.

ÁINE: Agus cé bhíodh a’ casadh ceoil?

PETERÍN: Á, bhí go leor, bhíodh go leor daoine a’ casadh - bhíodh Peaitsín Jaimsie go ndéana Dia grásta air, go leor acub a’ casadh mouth organ. Bhí sé sin, is deas an ceol atá aige.

ÁINE: Tá sé go hálainn.

PETERÍN: (Gáire) Bhíodh a mh’anam.

ÁINE: A’ mbíodh tú fhéin a’ casadh mouth organ?

PETERÍN: A muise ní raibh aon mhaith liom. Bhíodh Neilín [a dheirfiúr] a mh’anam go maith a’ plé leis. Bhí.

ÁINE: Agus a’ raibh aon duine i mBun Gabhla a bhíodh in ann casadh ar an gcairdín?

PETERÍN: By dad ní cuimhneach liom go raibh anois, feicear dhom.

ÁINE: So sé Tom Jaimsie a bhíodh an taobh seo gon oileán, a’ casadh.

PETERÍN: Bhí sé a’ casadh, agus Beachlín Andy, athair Vailín atá a’ casadh anois, bhít [bhíodh] sé a’ casadh cairdín, as an Sruthán. Bhíodh damhnsóirí maith freisin ann, bhíodh Cóilín Pheaits Rua go ndéana Dia grásta air. Tom Jaimsie, bhí sé go maith agus na Cáiteachaí. Peter a’ Cháiteach agus Martin, bhí siad iontach uilig a’ damhnsa, damhnsa ’s ag casadh amhráin. Chuile dhuine sa teach acub. Sin é, a stór.

ÁINE: Anois, bhíodh tú ag obair ar na bóithrí?

PETERÍN: Bhí a mh’anam, bhí mé ag obair ar Bhóthar a’ Rí ag Joe Chóil. Bhínn ag obair ar Bhóthar a’ Rí soir chomh fada le Cill Éinne. Bhínn a’ tógáil chlaíochaí soir ag carcair Chill Éinne agus ó thuaidh gon shlip i gCill Rónáin, síos ag Trá na bhFrancach, claíochaí a bhí leagthaí ag a’ bhfarraige. Bhí mé in éineacht le Joe Chóil á dtógáil. Chaith mé féin agus Josie Phetair go ndéana Dia grásta air, chaith muid trí seachtainí a’ gabháil soir ag a, ag Port Eochala ag obair nuair a thosaigh na waterworks in Eochaill ar dtús. Ach stop an obair ansin agus d’fhan mise as nuair a thosaigh sí aríst, bhí mé ró-chruachúiseach sa mbaile nó rud eicínt.

ÁINE: Hm.

PETERÍN: Chuaigh Josie ann, ag imeacht soir ar a’ mbicycle ar maidin, anoir aríst. Sin é a stór.

ÁINE: A’ raibh tú ag obair ar bóthar a’ Gharraí Nua?

PETERÍN: Á bhí, á bhí mé.

ÁINE: Tharraing sé sin cainte.

PETERÍN: (Gáire) Á tharraing, rinneadh amhrán faoi sin.

ÁINE: (Gáire)

PETERÍN: (Gáire) Tá mé a’ ceapadh go raibh mé fhéin ’s t-athair a’ tógáil claí aníos ann agus “___+” Pádraic Bhaba Pheige, fuair sé lucht eicínt ar an gclaí. (Gáire) Níor thit aon chlaí a thóg muidne ariamh, agus chuir fear, an ganger Matt Nainín, chuir sé fear eile in éineacht leis, Taimín Tom Mhóir in éineacht leis fhéin á thógáil - níor thit aon chlaí a rinne muidne ariamh. Sin é anois a stór, níor thit muis.

ÁINE: Cé scríobh an t-amhrán ansin faoin Bóthair an Gharraí Nua, ab é Neidín, [Eamon Ó Tuathail] ab é, nó…?

PETERÍN: Bhuel sé Neidín a scríobh ceann acub. Agus d’fhreagair Matt [Matt Neainín Ó Maoláin] ansin a bhí ina ghanger ann. Sea, bhí sé déanta go maith acub freisin.

ÁINE: Bhí, ní chuimhníonn tú ar chuide gon amhrán sin, a’ gcuimhníonn?

PETERÍN: Á muise diabhal ní chuimhním a mh’anam, níor thóg, ní bheinn ag iarraidh é a thógáil pébí cén fáth é.

ÁINE: (Gáire)

PETERÍN: (Gáire)

ÁINE: Is dóigh mar gheall bhí an iomarca cainte tarraingthe aige.

PETERÍN: (Gáire) Bhí, bhí.

ÁINE: Agus nuair a bhíodh sibh ag obair ar na bóithrí ab é an chaoi a mbíodh sibh ag briseadh clocha beaga orthub ar dtús, ab ea?

PETERÍN: Á sea agus áit a mbeadh líonadh le déanamh ann, á mbeadh uallán nó aill ann, é a líonadh le clocha móra ar dtús, iad a bhriseadh ansin aríst ar nós mar a rinneadh suas ag Ród a’ tSléibhe Mhóir thiar ansin. Sin é an chaoi, a stór.

ÁINE: Agus a’ raibh airgead maith anois as ag obair ar na bóithrí an t-am sin?

PETERÍN: Ó tá mé a’ ceapadh go raibh a mh’anam. Bhí sé cothrom go maith, mar ní raibh tada eile ann. Ní raibh a stór.

ÁINE: A’ raibh tú ag obair ar an mbóthar seo anseo?

PETERÍN: Nuair a bhí siad á dhéanamh as an nua?

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Á, ní rabhas, ach bhíodh muid a’ briseadh clocha len aghaidh, a’ dtuigeann tú, mé fhéin agus m’athair, bhíodh muid a’ briseadh clocha soir ag Eoghanacht ansin, soir ón séipéal ansin bhíodh carracháin “_____+” chuir muid amach iad ansin ar an mbóthar ”.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Cheannaíodh an fear a bhíodh ag cur caoi ar an mbóthar, cheannaíodh sé iad.

ÁINE: Bhí obair chrua a’ baint leis.

PETERÍN: Ó bhí.

ÁINE: Anois a’ gcuimhníonn tú cé aige a bhí an chéad charr, in Árainn?

PETERÍN: Ó ag Master Harry a bhí sé, fear, dearthár go mhac Johnston a bhí i gCill Mhuirbhigh, tá ’fhios a’d é, le Master James, bhí sé, tháinig sé anseo as Cavan, bhíodh daoine as Árainn anseo ag obair aige thíos ann, Cóilín Dainín agus Maggie Nappa, sílím go raibh sí ann, máthair, máthair do mháthair.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Peterín Nappa, agus sin é an chéad charr a tháinig go hÁrainn, bhí muid ann, [ins an gcarr] thug sé aniar ann, bhí sé fabhléaracht thiar agus thug sé aniar muid go dtí an baile agus shíl muid go raibh muid sna flaithis nuair a bhí muid istigh sa gcarr. (Gáire) Níl ’fhios a’m tada eile faoi, sin é an chéad charr a tháinig riamh ann. Tháinig carr eile ansin ann ag fear a bhí ina ghanger ar na bóithrí nó eh agus ní dheachaigh sé anoir thar an Aill Bhriste, stop sé agus carr capaill, capall a tharraing anoir as sin é. Ní dhearfainn go ndeachaigh sé ar an mbóthar riamh ní ba mhó.

ÁINE: Ní raibh aon mhaith sa gcarr sin.

PETERÍN: Ó bhí sé imithe, (gáire). Tá siad anois ann, gread acub, buíochas le Dia.

ÁINE: Tá gread ann buíochas le Dia. Fuair tú fhéin bicycle luath go maith.

PETERÍN: Fuaireas a mh’anam muis, mórán le, ar an gcéad chinn, daoine óga go háirid in Árainn. Ní raibh air ach sé phunt deich [scilling] nuair a bhí sé landáilte ar chéibh Chill Rónáin idir freight agus chuile shórt. Aníos as Tipperary.

ÁINE: Ó as Tipperary, nach fada ar siúl a tháinig sé….

PETERÍN: …. (Gáire) Níl fhios a’m cé a chur scéala ina gcoinne ar chor ar bith, bhí duine eicínt a raibh foghlaim air a chur scéala ina gcoinne dhúinn, bhí beirt nó triúr a’inn istigh air, mé fhéin agus Beachlín Júidín go ndéana Dia grásta air agus Peaitín Sheáinín Choilm ach bhí sé a’msa níos túisce ná iad. Bhí sé.

ÁINE: Agus ar cycláil tú anoir ansin air ón gcéibh?

PETERÍN: Á ní shea, sé an chaoi ar tháinig sé anoir, bhí m’athair i gCill Rónáin agus dúirt duine eicínt as Gort na gCapall leis go raibh bicycle liomsa ar a’ gcéibh, (gáire) Seáinín Bhille a thug anoir sa gcarr é. Carr capaill, (gáire) bhí sé thoir, bhíodh sé a’ tarraingt [stuif] ag an Oileán Iatharach agus ag rudaí a’ bhfuil ’fhios a’d. Chuaigh mé fhéin soir go hEoghanacht á iarraidh ansin tráthnóna. Nuair a bhí mé a’ gabháil anoir agus tháinig Flanagan [máistir scoile i nEoghanacht] anuas as a’ scoil go ndéana Dia grásta air ag inseach dom cén chaoi a gcasfainn é agus mar sin.

ÁINE: (Gáire).

PETERÍN: (Gáire) Go ndéana Dia grásta ar a’ bhfear bocht. Á sea ní raibh mé air anoir ar chor ar bith. Déarfainn go ndeachaigh mé tráthnóna air píosa maith, síos in áit eicínt, soir Fearann na Choirce nó áit eicínt.

ÁINE: So tú fhéin an chéad duine ar a’ mbaile a bhí bicycle acub?

PETERÍN: Á is me agus mórán mara raibh garda nó sagart nó duine …

ÁINE: Meastú ar scríobhadh aon amhrán faoin mbicycle?

PETERÍN: (Gaire) By dad níl ’fhios a’m, níor scríobhadh is dóigh, níor scríobhadh. Ba mhaith, ba iontach, chuaigh Marcus i bhfarraige leis [an mbicycle] thoir i gCill Rónáin trip.

ÁINE: Á muise (gáire).

PETERÍN: (Gáire) Nuair a chas sé síos ansiúd ag eh Stefenín a’ Bheairic ansin ….

ÁINE: …. Sea.

PETERÍN: …. (Gáire) chuaigh se amach. D’éirigh Dia leis nach raibh an taoile chomh domhain agus go raibh, chaith sé i bhfad, coicís thoir sa stór ansin ag Stefenín a’ Bheairic gur chuir mé Gaillimh é le caoi a chur air aríst, a’ bhfuil ’fhios a’d. Ach bhí siad ag chuile dhuine ansin tamall ina dhiaidh sin, á bhfáil. Bhí.

ÁINE: Ní raibh tú ag obair ar an Lighthouse [Oileán Iatharach] uair a’ bith, a’ raibh?

PETERÍN: Ní raibh mé ag obair riamh ann, ní rabhas.

ÁINE: Nó a’ mbíodh tú a’ tabhairt na light keepers isteach sna curachaí?

PETERÍN: Ní raibh, á ní raibh muis, ar churach amháin a tháinig dar sin isteach i gcónaí, mac Pheaits, [Peaits Sheáin Ó Conghaola] ach bhíodh muid isteach ann a’ baint an chairigín. B’fhéidir, daoine a’ gabháil isteach ann, bhíodh cailíní as Cill Rónáin anoir agus bhídís ag iarraidh a dhul isteach ann.

ÁINE: Isteach ag na light keepers, ab ea?

PETERÍN: Sea.

ÁINE: Á.

PETERÍN: Isteach ar an oileán, agus bhíodh damhnsaí chuile, bhíodh ceol acub. Bhíodh accordion acub, ag na light keepers agus bhíodh, thuas in uachtar, bhíodh muid a’ damhnsa thuas ansin.

ÁINE: A’ mbíodh?

PETERÍN: Roomáil mhór ann, tá dhá theach ann i ndiaidh a chéile, bhí múis.

ÁINE: Agus Dé Domhnaigh ab ea a bheadh ann nó Dé Satharn?

PETERÍN: Ó Dé Domhnaigh.

ÁINE: Agus a’ mbíodh poitín acub istigh ann?

PETERÍN: Á ní raibh, ní raibh, ní raibh aon phoitín riamh. D’fheicinn curachaí as Port Chorrúch anois fadó, cuid acub a “____+” tá siad caillte anois, thagaidís anoir as, ó thuaidh sa gcurach, thagaidís amach thiar ar a’ gcreig, gar go chladach agus bhídís a’ damhnsa thiar ann. Bhíodh múis, thiar ar chreig Pheaits Neilín, ar na leacrachaí. Ní raibh tada ar bith eile ann an t-am sin ach mar sin….

ÁINE: ….Sea ….

PETERÍN: …. ní raibh aon halla damhnsa ná (gáire), ní raibh a stór.

ÁINE: Agus ab é Tom em a bhíodh a’ casadh ar an accordion, Tom Jamesy?

PETERÍN: Sé Peaitsín Jamesy, Beachla Daught a bhí thoir i gCorrúch, bhí sé sin tréan a’ casadh ar an accordion. Níl ’fhios a’m cén sloinne anois a bhí air, as Corrúch. Agus Thomas Sheáin a’ Creige, bhíodh sé a’ casadh accordion fadó.

ÁINE: A’ mbíodh?

PETERÍN: Bhíodh, go leor acub a’ plé leis, bhíodh.

ÁINE: Tá ’fhios a’d an chaoi a mbídís a’ rá, an chaoi a mbíodh comhartha na haimsire acub, nuair atá talamh Chonamara garr dhuinn deiridís go mbíodh báisteach air.

PETERÍN: Bhuel bhíodh siad á rá freisin, an ghealach ar an gcaoi chéanna ag seasamh ar a ceann go mbeadh laethanta breá air.

ÁINE: Ó nuair a bheadh sí ina seasamh ar a ceann.

PETERÍN: Ach á mbeadh sí tití ar chúl a cinn, píosa di a dtuigeann tú ar chúl a cinn ….

ÁINE: … Sea ….

PETERÍN: .… nach mbeadh sé go maith. Bheadh athrú eicínt air. Bhuel bhídís a’ baint roinnt meabhair as cúr a bhíodh a’ teacht i dtír thiar sa gcladach freisin. Bhíodh, go raibh sórt glas “_____+” ina dhiaidh a’ bhfuil ’fhios a’d. Gálaí agus, bhíodh.

ÁINE: Agus tá ’fhios a’d nuair a bhíodh sibh a’ gabháil amach sna curachaí, a’ mbíodh aon ghaoth áirid a stopfadh sibh?

PETERÍN: Ó Ar ndóigh m’anam nach raibh, ní raibh ’fhios, agus Ar ndóigh ní raibh ’fhios an uair sin a dhreabhairín cén uair a neartódh sé ná ….

ÁINE: …. Seans go mbíodh ’fhios acub le breathnú ar an bhfarraige nó rud eicínt?

PETERÍN: Ó bheadh, ní ghabhaidís amach á mbeadh aon droch chosúlacht air a’ bhfuil ’fhios a’d, ar an aer ná tada, ná múrthaíl ag imeacht, ní bheidís in trust . Ní bheadh siad in trust a dhreabhairín.

ÁINE: Blianta fada ó shin nuair a tháinig an eh, nó chonaic tú raft agus tú a’ siúl ar na crága.

PETERÍN: Ó (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

PETERÍN: Ó yeah chonaic (gáire), ó chonaic mé go leor acub sin, bhí, bhí, nach raibh t-athair in éineacht liom, t-athair.

ÁINE: Bhí.

PETERÍN: Bhí, é fhéin agus Peterín Phetair agus chonaic mé, chuaigh muinn amach agus chuaigh siad eh, thug sé síos bealach an Oileáin Iarthaigh muid, bhí sé lán le giúrannachaí, bhí Petairín a’ déanamh amach go dtabharfadh muinn aníos taobh thoir é an dtuigeann tú. Ní thabharfadh an Naomh Éanna [an bád farantóireacht as Gailliimh] aníos é sin a raibh go ghiúrannachaí air ….

ÁINE: (Gáire).

PETERÍN: (Gáire) Bhí an bheirt acub a’ “____” air gur bhain dar as na sweets agus na rudaí a bhí ann, thug muid linn iad ach a dhreathairín níl ann ach go raibh muid, ní raibh muid, ní raibh muid ag an mbaile nuair níl ’fhios cá raibh an raft imithe soir ó thuaidh. Bhí sé ina stoirm, neartaigh sé ina stoirm orainn, níl ann ach go rinne muid siar go dtí Poilín “___+” Bhig an oileáin é agus (gáire) by dad gheobhaidh muid jab a theacht aníos ar an leac an áit a raibh an taoile suas an duirling agus bogadh mór tagthaí sa bhfarraige, agus an ghaoth [ina] stoirm, marach go raibh m’athair agus Meartainín Sheáinín go ndéana Dia grásta orthub, romhainn, nuair a chuaigh muid amach as a’ gcurach an dtuigeann tú, chroch muid suas eadrainn í, ní raibh gá dúinn í ….

ÁINE: …. Á sea ….

PETERÍN: …. marach sin b’fhéidir nach sábhálfadh muid an curach a’ chor a’ bith ach mb’fhéidir go sábhálfadh muid féin ach sé Petairín a bhí ciontach linn, bhí sé an-sáraithe an fear bocht, ní raibh aon neart aige air, ag ceapadh go dtabharfadh muid aníos taobh thoir é.

ÁINE: Bhí greada stuif agaibh.

PETERÍN: Ó bhí, bhí neart stuif ar na, ar na raftannaí sin.

ÁINE: Hm.

PETERÍN: Bhí, sweets ’s brioscaí agus chuile rud.

ÁINE: Agus go leor tinannaí is dóigh agus

PETERÍN: Ó bhíodh.

ÁINE: Agus gan ’fhios agaibh céard iad fhéin.

PETERÍN: Deimhin (gáire) ní raibh ’fhios múis, ní raibh ’fhios na créatúir.

ÁINE: Agus ar tháinig muintir a’ bhaile isteach ansin ag ithe na rudaí seo?

PETERÍN: Ó bhuel Ar ndóigh d’fhaighidís cuid acub, bhítí á roinnt orthub, má bhí siad ann, bhíodh a stór.

ÁINE: Anois lá Féile Mártan fadó.

PETERÍN: Sea?

ÁINE: A’ mbíodh sibh uilig ag marú beithígh nó ab ea, nó caora? [le n-ithe]

PETERÍN: Ó mharaítí caora nó uan nó an té nach raibh siad aige cearc nó coileach nó (gáire) rud eicínt le lá ‘l Mártan. Ó bhíodh múis.

ÁINE: Agus a’ maródh sibh lá Mártan é nó lá Domhnach na Mart?

PETERÍN: Bhuel níl ’fhios a’m anois cé acub, b’fhéidir laethantaí roimhe, nó lá roimhe nó rud eicínt a mharaítí ….

ÁINE: …. Sea ….

PETERÍN: .… lena aghaidh é, sin é a stór.

ÁINE: Ní rinne aon duine aon obair an lá sin?

PETERÍN: Á ní dhéarfainn go rinne, silim anois, chomh fada le mo bharúil, b’fhéidir go raibh daoine ann. Á ní bhídís ag obair lá ’l Mártan déarfainn, chomh fada le mo bharúil. Sin é a stór.

ÁINE: Ar ndóigh bíonn tú fhéin a’ casadh amhráin?

PETERÍN: Á corr uair (gáire) corr uair a stór.

ÁINE: Cé uaidh a thug tú do chuid amhráin? A’ raibh d’athair nó do mháthair go maith a’ casadh?

PETERÍN: Á muise ní h-ea ach diabhal ’fhios a’m. Bhínn in ann cuid acub a léamh tamall ach ní rabhas le fada an lá. Tá cuid mhaith acub imithe uaim anois. Thóg mé ó Seán Mhurchu iad ’s ó Mháirtín Phetair go ndéana Dia grásta air, bhíodh amhráin aige. Sin é a stór.

ÁINE: A’ dtaitneoidh leat amhrán a chasadh anois dhom?

PETERÍN: Á muise (gáire) Ar ndóigh níl ’fhios a’m cén t-amhrán a chasfainn duit a dhreabhairín.

ÁINE: Ó ceann ar bith, is cuma. Ceann ar bith, píbe cén ceann is fearr a chuimhneos tú air.

[Casann Peterín cúpla véarsa den amhrán Captaen Seoirse Ó Máille]

PETERÍN:

Á is an chéad lá go mhí Fhómhair sea chrocha muinn na seolta

Ag tarraingt ar na cóstaí go Tóin an Mhionnáin siar

Agus thart anseo le Cliara, agus Acaill Bheag taobh thiar de

Go Inis Airc dhá dtriall, beidh aoireacht orainn ann.

Agus thart le Rinn a’ Mhaoile agus síos go Cruach na Caoile

An Cloigeann le na thaobh sin ’s Trá Bhríde ina dhiaidh.

Nó gur dhruideamar le fána trí fharraige is í ag cáitheadh

Ó go ndeachaigh muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.


Is ag síneadh dúinn le hÁrainn óra mhéadaigh ar an ngála

Bhí cúrsaí istigh ar thrá a’inn is níorbh thrá faillí é

Mar gur ardaigh sé chun feothain is as sin chun gaoithe móra

’S gur chrochadh muinn na seolta ’s níor mhór dúinn é in am.

Mar an fharraige gur léim sí agus las na tonnta tréana

Ór chruinneadh ar na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo

Dhá mbeadh caint ag na cláir ó d’inseoidís scéal cráite

A ghaireacht is a chuaigh an bás dhúinn is gan eadrainn ach iad.


’S bhí criú na loinge ar aon chor ’s iad ag dearcadh ar chlár m’éadain

Ag siúl le cabhair a dhéanamh ’s gan aon mhaith dhóibh ann

Ach gur dhúirt mé leob ar aon chor á go ndéanainn dhóibh a bhféadfainn

Ag iompairt a gcuid éadaigh fad is a b’fhéidir lei snámh.

Agus tá mo lámha stróicthe go síoraí ag tarraingt rópaí

Tá an craiceann ’s an fheoil ’s iad tógthaí amach ón gcnámh

Ach más é an bás é a gheall Mac Dé dúinn cén mhaith a bheith dhá shéanadh

Ach a dhul go flaithis Dé dhúinn ar aon staid amháin.

PETERÍN:: Sin é anois é a dhreabhairín.

ÁINE: Fair plé dhuit.

PETERÍN:: (Gáire)

ÁINE: Cén t-ainm atá ar an amhrán sin?

PETERÍN: Captaen Seoirse Ó Máille silim. Sea, d’airfeá Darach Ó Catháin go minic dhá chasadh ar an radio fadó, an fear bocht, bhí sé thar cionn.

ÁINE: Is iontach atá tú in ann cuimhneamh ar na focla ag d’aois.

PETERÍN: (Gáire) Á is deacair é. Le gairid a’ dtuigeann tú mar ní bhím dhá gcasadh chomh minic ’s a bhíodh an t-am sin mar ní bhím anois ach a’ paidreoireacht taobh istigh (gáire).

ÁINE: Níl aon sean phaidir a’d a déarfá dhúinn.

PETERÍN: Á muise níl by dad. Níl aon sean phaidir. Sin é anois a stór.

ÁINE: Agus bhuaigh tú cúpla plaque agus trophy, nár bhuaigh. Feicim ansin iad.

PETERÍN: Ó fuair, fuair. Fuair mé trí nó ceathair de bhabhtaí na, an chéad áit a’ bhfuil ’fhios a’d le amhráin. Fuair mé.

ÁINE: Agus a’ bhfuil sé sin i bhfad ó shin?

PETERÍN: Bhuel naoi déag naocha cúig anois, naocha sé, naocha seacht agus naocha hocht sílim.

ÁINE: Ó.

PETERÍN: Bhí, bhuel fuair mé bliain eile roimhe sin ansin é, níl ’fhios a’m cé a fuair an chéad bhliain é mar ní raibh mé ann, mara b’é John Beag Johnny [Ó Dioráin] sílim nó Teresa [Ní Mhiolláin] nó duine eicínt. “__” bliana, bliain eile roimhe sin, ach is fadó anois nach raibh sé ar chor ar bith ann, le dhá bhliain, comórtas sean amhráin ar bith ann. Agus feictear dom gur dheas an rud é ag daoine óga é.

ÁINE: Ba dheas, ba dheas.

PETERÍN: .… é a choinneáil suas.

ÁINE: Caithfimid é a chur ann aríst i mbliana go ngabh tú soir aríst.

PETERÍN: (Gáire) Á muise ní dhéanfadh mise aon mhaith ann, thaitneoidh liom a bheith ag éisteacht le daoine óga á dhéanamh, an dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Agus tá cuid acub go maith dhá mbeadh sé go mhisneach acub a ghabháil dhá gcasadh.

ÁINE: Tá.

PETERÍN: Tá glór deas acub. Tá múis. M’anam go raibh go leor acub thíos tí Chreig [teach ósta] an oíche cheana - Paitsín Sheáin Neilín ann, ag casadh amhráin, Cóilín Sheáin Neilín ….

ÁINE: …. A’ raibh?....

PETERÍN: …. agus go leor acub sin. Bhí a mh’anam. Chas sé amhráin ann. Tá sé, tá sé thar cionn a’ damhnsa freisin silim .

ÁINE: Tá, tá.

PETERÍN: Ní fheicfinnse ceart a’ chor a’ bith ann é ach de réir mar a bhíodar a’ rá liom mar ní fheicim duine ar bith istigh ann. [Tá sé beagnach caoch]

ÁINE: Cé nach bhfeiceann?

PETERÍN: Ní fheicim, ach scáile beag a’ gabháil timpeall orm fhéin.

ÁINE: Sea.

PETERÍN: Ní fheicinn a stór.

ÁINE: Go raibh míle maith a’d anois a Pheteirín, agus go raibh maith a’d faoi chuile rud a d’inis tú dúinn inniu.

PETERÍN: Ó muise tá míle fáilte romhat. Tá tú socair. (gáire)

[ “Tá tú socair” – ráiteas a bhí ag na seandaoine nuair a ghlacadh duine buíochas leo as ucht rud éigean a dhéanamh dóibh]

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.