Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00046

Taifeadadh
BBAF.00046
Formáid
MiniDisc
Fad
52:27
Dáta
26 Márta 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Bun Gabhla
Bailitheoir
Treasa Ní Mhiolláin
Faisnéiseoir
Maggie Dainín Uí Fhlaithearta
Eolas cartlainne
MD 51 Maggie Dainín Uí Fhlaithearta. A hÓige; Caitheamh Aimsire; Puiteachaí (Sméara dubha); Crúibíní; Áirní; Cuartaíocht; Púiríní; Craic agus spraoi; Saol na mban.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00046
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

TERESA: Is mise Teresa Bhaba Pheige Ní Mhiolláin agus sé inniu an séú lá fichid go Mhárta 2002 agus tá mé anseo i dteach Mhaggie Dainín i mBun Gabhla le agallamh a chuir uirthi faoi na saol nuair a bhí sí óg agus na caitheamh aimsire a bhíodh ag na gasúir. Bhuel a Mhaggie céard iad na cluichí ba mhó a d’imrítí?

MAGGIE: Bhuel an chéad rud anois a chuimhním air ná ag imirt screaga. Sin iad na chéad, ansin bhíodh a’ déanamh bhfolach agus bhíodh ehm caitheamh aimsire beaga eile ann, a’ bhfuil ’fhios a’d ar nós a’ cuir ceisteannaí ar a chéile faoi cé méad daoiní a bhí i dtithe agus ehm a’ bhfuil ’fhios a’d ní mórán bailte a bhí ann anois a raibh mórán eolais a’inn orthub ach soir go dtí an Sruthán go háirid….

TERESA: …. Sea ….

MAGGIE: .… bhíodh muid a’ rá a’ bhfuil ’fhios a’d teach duine eicínt a mbíodh Tomás agus Seáinín agus Máirín, agus b’fhéidir Cóilín fágthaí amach agus b’iontach an rud é sin agus ansin Ar ndóigh bhíodh a n-aimsir féin ansin ann, bhíodh [ag] baint phuiteachaí [sméara dubha] ann amach sa bhfómhar agus sa samhradh bhíodh a’ piocadh crúibíní [sméara dearga a bhaintear ar an Domhnach deireanach de Iúil] agus sa bhfómhar freisin bhíodh airní le baint amach sa ngeimhridh. Caitheamh aimsire eile is dóigh, bhuel bhíodh muid ag imeacht ar cuairt ag a chéile freisin, ní bhíodh eh parties mhóra ná tada mar sin ná, ná lá breithe ná, ach mara mbíodh féin bhíodh, bhíodh muid a’ déanamh púiríní [tithe bheaga cloch a bhíodh déanta le mionáin a chur isteach iontu san oíche chun nach mbeadh bainne na ngabhair uile ólta acu] Sin é in aimsir bhreá anois, bhíodh sé sin go deas agus bhí sé an-simplí ach chaitheadh muid uaireanntaí móra fada. Bhuel thagadh na buachaillí beaga ansin agus ba mhaith leob a bheith a’ bhfuil ’fhios a’d ag áinmhealeacht scaití agus a’ spochadh asainn agus ní bhíodh a’inn dáiríre anois ach b’fhéidir claí deas i gcúinne deas a mbeadh a dhath féir ann agus gheobhadh muid, b’fhéidir dhá mbeadh sean chupáin, bheadh na cupáin, píosaí cupáin go hálainn a’ bhfuil ’fhios a’d a bhíodh briste, b’fhéidir gur china maith a bheadh ann agus, nó buidéal ‘ milk of magnesia’ agus nuair a scaladh an ghrian orthub sin bhíodh lóchrann astub agus bhíodh muid, ó dhá níochán agus dhá leagan thart ar na claíochaí agus dhéanadh muid boirdín agus b’fhéidir go ndéanadh muid bean a’ tí go chloch agus go gcuireadh muid písín éadach ar a lár agus, mar ní raibh aon bhréagáin a’inn dáiríre I mean ní bheadh na dollíní [dolls] ná tada mar sin ná tada mar é, b’fhéidir corr dhuine alright go mbíodh sóirt mar a thugann siad ar an rag doll .

TERESA: Sea, agus an (--) Bhíodh buachaillí agus cailíní Ar ndóigh a’, ag imirt?

MAGGIE: Á bhíodh, bhuel sin rud amháin go mbíodh anseo, thug mé faoi deara, ghabhadh an dá lot le chéile gan, gan, ní raibh, ní raibh a leithéide go rud ann agus cailíní in áit amháin agus buachaillí in áit eile, bhíodh na cailíní ag imirt ball aird agus bhíodh na buachaillí freisin ag imirt púiríní agus, bhíodh muid a’ baint airní in éineacht agus bhí muintir an bhaile (--) Tá ’fhios a’m féin go raibh cara a’m chomh, chomh mór agus a d’fhéadfadh aon chailín - Watty, a bhí bé, comharsa béal dorais, Watty Sheán Neilín. Bhídís a’ glaoch Dooley ’s a bhean orainn ansin, in áit a bhíodh an bheirt a’inn a’ briseadh clocha ar na bóithrí dhá gcasfaí aon chasúr linn ’s bhíodh muid a’ déanamh písín beag bóthar, dáiríre píre ….

TERESA: …. (Gáire) ….

MAGGIE: …. an píosa atá á dhéanamh suas ag tobar, tobar Bhun Gabhla anois, ó dheas go tí Sheán Neilín, níor leagadh láimh ar sin ó chuir mé féin agus Watty sláimín clocha air.

TERESA: Agus cé as a bhfuair sibh an t-ainm Dooley? Ar ganger é nó….?

MAGGIE: …. Is ganger é a bhíodh anseo, is dóigh gur fear an-slachtmhar a bhí ann, bhíodh na cailíní óga ina dhiaidh ach ghlaoigh siad Dooley ’s a bhean orainn féin ’s ní (--) bhíodh múisiam orainn mar gheall air.

TERESA: Tá ’fhios a’m. Agus cén aois a bhíodh na gasúir go hiondúil agus iad ag ehm, ag imirt ar an gcaoi seo?

MAGGIE: Á muise ó b’fhéidir hocht mbliana anois.

TERESA: Hm.

MAGGIE: B’fhéidir ceart go leor go mbeidís an-chóngarach dhá muintir, bhíodh, Ar ndóigh bhíodh go leor go na máthaireachaí ag obair amuigh ach dhá n-éireoidh leis an teach dadó agus mamó a beith ann, na sean, thabharfaidís sin an-aire go na gasúir agus bhí an-chion acub orthub. Bhuel ní hé chuile theach anois a bhí, bhí siad [mamó agus dadó] ann ach dhá, tá ’fhios a’msa anois a’inne, sa teach s’ainn féin anois, bhí sean athair ann you know dadó mar a ghlaoití air agus dár ghlan a’ leabhair bhíodh sé a’ fanacht istigh nuair a bhíodh daoine ag a’ gcladach ’s bhí, bhíodh an-chion aige orainn ach tithe eile ansin bhíodh sé thar barr uilig mar bhíodh an dá, an mamó agus an dadó ann agus rithidís sin an teach agus bhíodh an-suim acub sna gasúir agus thugaidís aire mhaith dhóib agus bhíos ag a muintir é sin.

TERESA: Luadh tú Screaga ansin ar ball, céard a d’úsáidtí nó céard a dhéantaí nuair a bhítí ag imirt Screaga?

MAGGIE: Á muise “_” go bhfuil dearmad déanta a’m air anois ar cúig nó sé nó seacht. Cúig déarfainn. Chúig chloch a bhíodh ann. Á cínníní [cinn, clocha] deasa anois rounáilte [round] Bhuel ní sóirt rounáilte, bheadh, is beag nach mbeidís rounáilte, phiocfaí stumpaí beaga deasa a’ bhfuil ’fhios a’d a, a bhí, a ghabhadh go deas i do, i do bhoise agus thosaíodh muid le rud mór fada, bhí sé, ó bhí onesils, twosils, threesils ….

TERESA: …. Coinnigh ort….

MAGGIE: .… turn hand, brú fút, went out of it, coinneoig, méirín, liopa, bolg na bó, greim láimhín, roistín, ailtín, cúr dorna, fearsa,­­­­­­­­­­­ token , light.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Bhí, bhí screaga béilín ann agus Máire Chasta ’s, ó bhí sé chomh fada Ar ndóigh ’s dhéanfá dearmad air.

TERESA: Nár laga Dia thú, níl aon dearmad déanta a’dsa air. ’S ansin bualadh ball ard, cén chaoi a ndéantaí é sin?

MAGGIE: Bhuel bhí sé sin chomh simplí freisin, ach chaith muid a saol á dhéanamh sin ansin. Leagfaí cloch ar thaobh an bhóthair agus ansin shiúlfá, b’fhéidir ó muise níl ’fhios a’m cén t-achar é, is dóigh, Ar ndóigh bhreathnaigh sé an-fhada dhúinne nuair a bhí muinn ina ngasúir.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Ach b’fhéidir as seo amach go dtí an claí beag ansin amuigh.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Agus leagfá cloch eile ansin, agus ansin déarfadh beirt eicínt a’ bhfuil ’fhios a’d, b’fhéidir duine a bheadh roinntín aois acub.

TERESA: Hm.

MAGGIE: .… Sheasadh an bheirt amach agus dearaidís ‘buailim ort, tuigim leat’ agus dearadh duine acub “beidh Maggie Dainín a’m” agus dearadh an ceann eile “beidh Watty Sheáin Neilín a’m” agus de réir mar sin go mbeadh foireann b’fhéidir seachtar a’ taobh nó phébí cé méad duine a bheadh, an méid gasúir a bheadh ann, sa, sa gcomhluadar.

TERESA: Tuigim.

MAGGIE: Agus ansin bheadh an foireann (--) Bhuel ansin chaitheadh duine amháin suas ball ’s tharraingeofá do láimh ’s (--) Bhíodh, bhíodh rud a’inn ansin i mbuailte áirid, cuimhním ar m’uncail Tom an créatúr, bhíodh sé sóirt cranky agus b’fhéidir go mbeadh buaile bhreá ghlais fhéar aige, ag a’ scoil go mór mór…

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus bhífí out a thugtaí ar sin. Tá mé a’ ceapadh ….

TERESA: …. Sea ….

MAGGIE: …. gur tháinig sé sin ón sean, nuair a bhí an béarla labhartha sa scoil….

TERESA: …. Sea ….

MAGGIE: .… agus níor athríobh ariamh é. Tháinig, d’imigh sé ó ghlúin go glúin. Chuirfí duine a’ coisint ansin.

TERESA: A’ coisint

MAGGIE: Agus chaitheadh an duine sin thar an gclaí é mar, dhá mbeadh out , níor chead agus bheifeá, dhéanfá do sheacht míle dícheall gan an, an, an liathróid a chuir isteach ansin nó an ball mar a dearadh muid.

TERESA: Agus an mbídís a’ rá rud eicínt faoi, nuair a bheadh duine a’ ritheadh agus a bheith leath bealadh dhá mbuailfeadh an liathróid é go ….

MAGGIE: …. Á sea, dóite….

TERESA: …. Dóite, á sea….

MAGGIE: …. Sea. Dhá mbéarfaí ar an liathróid ’s nuair a rithidís dhá n-éireoidh leis an liathróid teangáil leat sular shroichfeá do, do bháire, bheifeá dóite.

TERESA: Bheifeá dóite, yeah. ’S a’ gcuimhníonn tusa a Mhaggie nuair a bhítí a’ bualadh Cead, nó ceard chaoi .…?

MAGGIE: …A muise cuimhním….

TERESA: …. nó céard a d’úsáidís le n-aghaidh sin?

MAGGIE: Á písín deas adhmaid agus gheobhadh duine eicínt a bheadh a’ bhfuil ’fhios a’d scil aige anois i siúinéireacht nó bheadh go maith le adhmad, dhéanaidís ceannín beag deas a gcuiridís barr deas, top, mar a dearaidís.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus chuiridís stud ansin ina bharr, níl ’fhios a’m céard, is dóigh eh

TERESA: Nó ar tack meas tú?

MAGGIE: Tack, b’fhéidir, yeah bhídís á, chuiridís é sin ar a bharr a’ bhfuil ’fhios a’d agus, á bhíodh, b’álainn an písín é agus leagaidís anuas é sin agus bheadh mar a déarfadh siad féin leis anscutch acub, chuirfeá písín go shlat agus b’fhéidir písín deas twine géar nó rud eicínt níos láidre ná twine agus bheidís á bhualadh, bhuel bheadh sé sin a’ gabháil thart timpeall agus a’ gabháil thart timpeall.

TERESA: Sea, m hm, sin é an Top atá i gceist a’d silim. Agus an gcuimhníonn tú ar a bheith a’ bualadh Cead?

MAGGIE: Ó a’ bualadh an Cead, oh yes, cuimhním ar an gCead alright. Sé an chaoi, chuir mé an Top agus an Cead ansin thrí na chéile. Sí an Cead, rud beag fada a bhí inti sin. Bhí sí sóirt tiubh ina lár agus ar chaon taobh ansin bhí sí níos tanaíochta agus leagfaí anuas ar chloichín í go deas a’ bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Bhí sóirt scil a’ baint leis seo anois, chaithfeadh an chloch a bheith ceart sa gcaoi go mbeadh barr an Chead iompaigh suas.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus ansin gheofá do mhaide beag, is dóigh rud eicínt a bheadh sóirt a’ bhfuil ’fhios a’d a bheadh in ann tarraingt, go díreach anois mar chamán.

TERESA: Sea.

MAGGIE Is dóigh rud eicínt ’bhfuil ’fhios a’d mar sin agus bhuailfí agus nuair (--) D’éireodh sí sin Ar ndóigh mar a déarfá….

TERESA: …. Sea….

MAGGIE: …. D’éireodh sí san aer agus bhuailfeá í sín. Sin í an Cead. Bhuel bheadh foireann á bualadh sin freisin, agus phébí cé a ghnuadh, ansin

TERESA: Agus meas tú cén chaoi a gcomhairidís nó cén chaoi a bhfaighidh duine an cluiche mar a déarfá, ó thaobh an Chead di?

MAGGIE: Tá mé a’ ceapadh, chomh fada agus a bheifí in ann an Chead a chuir go b’shin é an….

TERESA: …. Ó sea ….

MAGGIE: …. go b’shin é an chaoi, chomh fada agus a chuimhním anois air….

TERESA: …. Sea.

MAGGIE Ach tá, bheadh dearmad déanta a’m air, Ar ndóigh ní (--) Dhá mbeadh gan l’aghaidh a’ bith Inis Meáin a’m le na Féile Pádraig [Imrítear an Cead fós in Inis Meáin ar lá Fhéile Phádraig] sula chaillfí mé, ba mhaith liom aon lá amháin go bhfeicinn ar ais arís a’ bualadh an Cead.

TERESA: Tá ’fhios a’m.

MAGGIE: Agus is dóigh go bhfuil corr dhuine nach mé, a dhéanfadh an rud céanna.

TERESA: Hm, bhuel cén lá gon tseachtain anois a mbítí ag imirt na gcluichí seo nó an mbíodh am áirid gon bhliain?

MAGGIE: Ní raibh aon am áirid ann, cé, bhuel tráthnóna samhradhchaí alright is dóigh gur bhain sé le nádúr you know a bheith amuigh a’ bhfuil ’fhios a’d trathnónaí an-fhada

TERESA: M hm.

MAGGIE: agus b’fhéidir thar éis na bhfataí [an dinnéar] nó nuair a bheadh gasúir óga, nuair a bheadh muinn tuirseach, Ar ndóigh is dóigh go mbeadh muinn ina gcodladh thart ar leath uair thar éis a hocht nó gur tháinig muid suas go dtí is dóigh trí déag nó ceathair déag go bhlianta, chaithfeadh muid a bheith istigh

TERESA: M hm.

MAGGIE: ach b’fhéidir ard tráthnóna ach bheadh Dé Domhnaigh go mór mhór

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’dsa go bhfeicfeá fir a’ bhfuil ’fhios a’d a raibh aois acub

TERESA: Sea.

MAGGIE: agus mná, phébí cé a chasfaí thart a’ déanamh an rud céanna agus a’ gabháil isteach leis na gasúir. A’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh tada eile ann a thógadh, ní raibh an radio ann ’s ní raibh an bosca television ’s ní raibh tada mar sin ann.

TERESA: Sea. An cuimhneach leat a bheith a’ caith croíte [crú capaill] anoir na bealaigh seo?

MAGGIE: Bhuel creidim go raibh sé sin soir i lár an oileáin agus cuimhním ar é a bheith déanta ach anois ní rud é a bhí déanta thart sna bealaí seo

TERESA: Hm.

MAGGIE: No ní raibh sé déanta, bhí, bhíodh rud eicín ann, níl ’fhios a’m nach rud eicín ar nós, rud eicín a bheadh curtha air ar nós b’fhéidir rud eicínt leagthaí agus chaithfí an croí a’ bhfuil ’fhios a’d go dtiocfadh sé chomh garr leis an rud sin nó thart timpeall air.

TERESA: Sea, ó sea.

MAGGIE: B’fhéidir gur cloch, b’fhéidir gur píosa adhmaid.

TERESA: ’S ní chuimhníonn tusa go raibh cáil ar aon duine ag caith na gcroite seo?

MAGGIE: By dad níor chuala. D’fhéadfadh sé go raibh sé ann anois ach ní, ní le mo linn sa ná ní anoir anseo é.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Bualadh ball aird thar cionn uilig anoir anseo creidim, yeah.

TERESA: Agus Ar ndóigh bhítí tóraíocht neadrachaí freisin?

MAGGIE: Ó bhífí.

TERESA: Agus

MAGGIE: Bhífí, bhífí a’ cuartú neadrachaí agus barr aille Ar ndóigh freisin. Bhífí, bhíodh an-imní ar, ar thuismitheoirí faoi na gcuid, go mór mhór na buachaillí anois, théidís síos go barr aille a’ cuartú neadrachaí faoileáin agus uibheachaí faoileáin agus thugaidís abhaile iad. Bhí sé sin contúirteach anois. Théidís síos Scailp na bPlátaí agus áiteachaí mar sin.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus, ach ní, ní, ní raibh mé riamh, ní, ní raibh an cloigeann orm riamh le dhul thart ar bharr aille ná ní ligfí ann muid. Bhíodh mo dhreabhar a’ gabháil ann agus a’ faire ar uibheachaí, ach bhíodh eh, bhíodh, bhuel bhíodh uibheachaí cearca ansin ar ndú, (Déanann Teresa snaofairt) bhuel bhíodh ehm a’ cuartú neadrachaí cearca ach maidir le neadrachaí lachain, ní bhíodh aon nead eile aici ach théadh sí isteach faoi thom, mar d’imíodh sí sin san oíche le dhul a’ breith amuigh.

TERESA: Tuigim. Agus céard a dhéantaí leis na huibheachaí? A’ n-ití iad nó a’ b’é chaoi a mbeadh na gasúir dhá mbualadh faoi na claíochaí nó céard?

MAGGIE: Ó muise ní hé, bhí an oiread value ar ubh an uair sin a dhreabhairín D’fhánófaí, bhítí a’ faire go mbéarfadh an chearc féachaint a’ dtabharfaí b’fhéidir go fhear a’ tí go mór mhór agus an uair sin b’fhéidir go mbeadh triúr sa teach, triúr fir.

TERESA: ’S bhíodh bealach acub Ar ndóigh le fáil amach a’ mbeadh ubh ag a’ gcearc, nach mbídís a’ fiachadh na gcearc?

MAGGIE: (Gáire) Ó muise by dad bhí. Sé an traidisiún a bhí ann go mbéarfaidís ar a’ gcearc agus leagfaidís a méar faoi na dtriopall taobh thiar nó dhá mhéar agus d’airídís an rud crua ….

TERESA: …. Á sea ….

MAGGIE: …. agus deireadh siad “bhuel bhí ubh aici sin mar bhí sí, d’fhiach mé aréir í”

TERESA: Hm.

MAGGIE: Agus chuirfí b’fhéidir isteach í sin ar fhaitíos a mbéarfadh sí amuigh roimh an mhaidin, sin é mar a mbeadh an doras dúnta orthub.

TERESA: Hm

MAGGIE: Chuirfí i bpúicín lei féin í. Ar ndóigh sa tsean aimsir bhíodh sé istigh sa gclúid, bhíodh clúidín bheag sna sean tithe

TERESA: Sea.

MAGGIE: a mbéarfadh an chearc, b’fhéidir. Dó nó trí chearca a’ breith istigh in éineacht.

TERESA: Hm.

MAGGIE Tá mise a’ rá leat go raibh ómós go na cearca sin.

TERESA: Agus nach (--) Creidim go mbíodh an coileach é féin istigh leis an am a fhógairt….

MAGGIE: …. Ó bhíodh….

TERESA: …. ar maidin.

MAGGIE: Bhídís a’ faire air mar ní raibh aon chlog ann

TERESA: Hm.

MAGGIE: cé gur iomaí duine go na sean dhaoine a bhí in ann an t-am a inseacht le solas na gréine.

TERESA: Ó sea, a mhaisce. Agus a’ gcuimhníonn tú nuair a bhítí a’ cuir cearca a chodladh, nach mbíodh rann beag eicínt ….?

MAGGIE: Ó muise bhíodh. Bhéarfaí ar a’ gcearc, go mór mhór dhá mbeadh sí, ach an oiread liom féin, liopastach, you know, mór ramhar (gáire). Bhéarfaí uirthi, mar bheadh sí a’ teacht romhat, ach bhí cearca government bhí an faisean sin acub anyway, ach na sean chearca anyway a bhíodh a’inne ach bhéarfadh muid orthub agus chuireadh muid an cloigeann isteach faoi na sciatháin, bhuel an sciatháin deas is dóigh a bhíodh a’ teacht i gcónaí, á bhí an-chleachta a’m féin air, á rá seo

TERESA: Hm.

MAGGIE: Agus thosaíodh muid, bhéarfadh muid uirthi agus “Sall ’s anall” a bhíodh muid a’ rá “Codladh, codladh púicín, Cuir do cheann faoin dúidín, Tá an sionnach ag a’ doras dúnta, Agus bainfidh sé an cloigeann díot anuas ón dúidín, Mara dtitfidh tú i do chodladh” Á leagfá uait í, bhuel bheadh chaon srannadh aici sin, ba chosúil le muic í.

TERESA: Chuirfeadh sé a chodladh í?

MAGGIE: Ó a’ srannadh lei go gcaithfeá í dhúiseacht. Á bhí.

TERESA: Á an créatúr bocht.

MAGGIE: Ach bhíodh na gasúiríní beaga a’ fáil an-sult ansin agus bhíodh sé a’ déanamh, bhídís a’ déanamh an-iontais de.

TERESA: Hm. ’S Ar ndóigh thíos ag na cladaí a chaith muid a [saol], ár saol ann

MAGGIE: Sea.

TERESA: agus a’ bailiú portáin ’s plubógaí

MAGGIE: Sea.

TERESA: A’ bhfuil tú in ann rud beag a rá faoi sin?

MAGGIE: Á sea, thiar ag na bulláin, ’bhfuil ’fhios a’d bheadh imní anois in aimsir, mara n-éireoidh leat a dhul siar nuair a bheadh rabharta ann bheidís a’ baint a’ charraigín agus théadh muid siar ’s bhíodh muid ag imeacht sna bulláin

TERESA: Sea.

MAGGIE: ceart go leor ach bhíodh, agus bhíodh ribe ribe ráibéis agus bhí, bhíodh, tá ’fhios a’m na buachaillí, bhí an-, bhídís thart ar na, na portáin mhóra. Bhuel bheadh faitíos ag na gasúir bheaga rompab sin anois.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Ach bhíodh plubóigíní a’inn, ááá, agus sa deiridh bhíodh, bhíodh muid dhá chuir i jar, jarannaí beaga b’fhéidir

TERESA: Sea.

MAGGIE: Cnuascáin jam nó ceann go na, agus á gcoinneal, yeah.

TERESA: Á gcoinneál.

MAGGIE: Ach níor thug muid abhaile riamh iad mar ní raibh ’fhios a’inn faoi na, na, an t-iasc a bheith coinnithe mar ….

TERESA: …. Sea ….

MAGGIE: …. tá anois, ’bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: San bpota óir.

MAGGIE: Sa, sa bpota óir.

TERESA: A’ mbítí a’ bualadh lata, a’ bhfuil ’fhios a’d nó cén sóirt rotha .…

MAGGIE: …. Bhífí sea, yeah….

TERESA: …. Cén sóirt rotha a d’úsáidtí?

MAGGIE: Ba, ba, séard a bhí ann, lata a bheadh déanta as, is dóigh gur galvanised a bheadh ann nó rud eicínt. An, an, ach is rud bog a bhíodh ann agus thiteadh sé anuas, a’ bhfuil ’fhios a’d fadó thagadh go leor go, gon cineál sin faoi thír agus dhéanfaí dhá leith gon dabhach.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Bhíodh go leor rudaí istigh iontab ’s tá mé a’ ceapadh gur aimsir raic é after, tar éis an Chéad, an Dara Cogadh Domhanda, is dóigh gur tháinig go leor acub i dtír.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus ghearrfaí ina dhá leith iad le, le iasc saillte a chuir iontab….

TERESA: …. Tuigim.

MAGGIE: Agus le uisce a choinneal, ach ansin nuair a thiocfadh an aois d’imíodh an lata, phléascadh sé agus d’imíodh sé ach m’anam go bhfeicinn go leor daoine á ndéanamh, bhídís á ndéanamh….

TERESA: …. Soir ’s anoir ar an mbóthar a’ b’ea?

MAGGIE: Sea yeah, go mór mhór nuair a bheadh a’ bhfuil ’fhios a’d síos carcair leath bealaigh agus bheadh slat acub le í a choinneal díreach ….

TERESA: …. Hm ….

MAGGIE: …. agus a’ déanamh ina ndiaidh, Ar ndóigh bhain sé ritheadh agus d’úsáid sé suas an, a’ bhfuil ’fhios a’d ….

TERESA: …. An fuinneamh.

MAGGIE: An fuinneamh a bhí sna gas[úir], a bhí sna daoine óga.

TERESA: Sea. Agus bhítí a’ fiach coiníní Ar ndóigh freisin?

MAGGIE: Bhíodh, san oíche. Bhí sé sin thar cionn uilig píosa alright, bhí daoiní áirid a d’íosfadh coiníní ach bhí go leor daoiní eile ar an oileán seo a raibh consaeit acub le coiníní.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Ní íosfaidís iad. Bhí go leor leor comhluadair, tá ’fhios a’m, ní dhéarfainn gur itheadh aon choinín sa teach a’inn féin ariamh. Bhí pisreogaí a’ baint le coiníní freisin ar ndú.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Ach níl ’fhios a’m a’ bhfuil ’fhios a’m ceart anois iad

TERESA: Hm.

MAGGIE: Ach ag na sean dhaoine, bhí. Agus bhídís ag imeacht agus solas acub agus bhainidís déarfainn a’ léargas as a súile agus bhéarfadh na madraí ansin orthub.

TERESA: Sea, agus ehm ….

MAGGIE: …. Tá mé a’ ceapadh go b’shin é….

TERESA: …. ar síos ar na Muirbhigh a bhídís a’ gabháil?

MAGGIE: Á soir amach sea, yeah, yeah. Ní dhearfainn go raibh an oiread anoir an t-am sin a’ bhfuil ’fhios a’d mar bhí daoine ag imeacht thart ’s ní, ní, ní thabharfaí aon suaimhneas….

TERESA: …. Sea ….

MAGGIE: …. go na coiníní. Ní bheadh an suaimhneas acub ach anois Ar ndóigh níl aon duine a’ gabháil in aon áit. [ag fiach coiníní]

TERESA: Níl. Agus ina dhiaidh sin freisin cuimhním féin bhítí a’ marú go leor acub le cuir ag an ollscoil i nGaillimh.

MAGGIE: Á bhíodh really le, bhí. Agus tháinig an, ’bhfuil ’fhios a’d galar orthub ansin sna blianta deireanach, nuair a bhí siad ar mhuirbhigh Chill Mhuirbhigh.

TERESA: Ó sea.

MAGGIE: Agus tá ’fhios a’m go, go, ach roimhe sin bhí pisreog eicínt ann faoi choiníní, nach marófaí iad.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Níl ’fhios a’m a’ mbeadh ’fhios ag aon duine eile é ach ní mórán ar an mbaile seo, ní mórán daoine a bhí i ndiaidh choiníní. Is túisce go mór a ghabhaidís amach agus a mharóidís meannán nó sean ghabhar nó, nó ’bhfuil ’fhios a’d mar a mbeadh aon acmhainnt acub rud a’ bith eile a bheith ann.

TERESA: Sea. Agus iascaireacht, an t-am sin go mór mhór is le glionda a bhíodh na fir ag iascach, nach ea ….?

MAGGIE: …. Sea.

TERESA: A’ bhfuil tú in ann cur síos cén sórt ….

MAGGIE: …. Bhuel ba sin anois iascach bharr aille, ballach.

TERESA: Sea, m hm.

MAGGIE: Sé ’n chaoi a dtéadh sé, bhí, bhíodh, bhíodh cipíní láidir, cheithre cinn acub agus dhéanaidís a’ bhfuil ’fhios a’d sort mar a déarfadh siad mar seo de, ghabhadh ceann sall díreach, péire anuas agus ceann thíos faoi agus chuiridís an dorú thart timpeall ar sin. Ní raibh aon phictiúr beo ach mar a bheadh, mar a bheadh fráma pictiúr.

TERESA: Á tuigim.

MAGGIE: Agus chuiridís thart an ehm….

TERESA: …. An dorú ….

MAGGIE: …. Chuiridís an dorú air agus, ach ba le barr aille é sin anois.

TERESA: Ba le barr aille….

MAGGIE: Is dóigh go raibh rud eicínt a’ baint leis go raibh sé éasca, mar dhá mbrisfeadh an ceann eile ar bharr aille ní bheadh in ann, ach bhí siad in ann é seo a ligeann síos. Chonaic mé féin go leor de sin anois déanta ’bhfuil ’fhios a’d mar is dóigh go mbíodh ballachaí móra am áirid gon bhliain ar spotaí áirid ar bharr aille.

TERESA: Sea gus Ar ndóigh tugadh taispeántas maith dhe dhuinn san scannán The Man of Aran.

MAGGIE: Sea a mh’anam, Maidhcilín Tady, ná’ raibh na lead, ’na stócach.

TERESA: A’ mbítí a’ caith pingineachaí le do linn a Mhaggie nó má bhítí cá n-imrití é sin, an cluiche sin?

MAGGIE: Bhuel dhá n-éireodh le ’bhfuil ’fhios a’d scata fir a bheith in éineacht agus, ba pastime a bhí ann.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Thosófaí air, agus dhá n-éireodh leob an sinseáil a bheith acub, na pingineachaí. Ar na bóithrí is mó….

TERESA: …. Ar na bóithrí.

MAGGIE: Sea, ar na bóithrí is mó thosaíodh sé sin nó amuigh, yeah.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Ní, ní dhearfainn go mbíodh tada ’bhfuil ’fhios a’d just chasfaí le chéile iad déarfainn tráthnóna Domhnaigh nó am eicínt.

TERESA: Agus aríst is dóigh an té ab fhaide a chuirfeadh an phingin go b’shin é a bhuadh an cluiche.

MAGGIE: Ó sin é an chaoi ar oibrigh an chuid is mó gon, eh na cluichí. Sin é ’bhíodh ann, sin é, agus le spreac a’ caith meáchan agus rudaí mar sin, bhídís a’ déanamh rudaí mar sin.

TERESA: Tá muinn a’ teacht gar gon Cháisc anois agus b’iontach an rud fadó an té a gheobhadh toirtín, ubh a fháil le na Cásca.

MAGGIE: Oh yes.

TERESA: Céard a chiallaigh an toirtín seo?

MAGGIE: An toirtín, bhuel ’bhfuil ’fhios a’d, bhí daoiní áirid bhídís a’ faire, dhá mbeadh bó le breith, ná gabhar le breith, ná caora le breith, bheidís a’ faire amach féachaint a gheobhaidís féin an toirtín agus tá mé a’ rá leat gurbh iontach an faire é mar d’fhéadfadh sé bheith am ar bith ar maidin ná am ar bith san oíche agus dhá bhfaighidís an toirtín, bheadh bean a’ tí a’ coinneal ubh nó dhó, lacha nó cearc you know

TERESA: Sea.

MAGGIE: gon duine sin. Agus thabharfaí dhóib é sin. Anois thugaidís, scaití dhá mbeadh na cearca a’ breith, thabharfaidís dóibh lá Pádraig é.

TERESA: Lá Pádraig, sea.

MAGGIE: Ach faoi Cháisc is iondúil a gheobhaidís é seo agus tá mé a’ rá leat…

TERESA: …. B’iontach an rud an t-am sin Ar ndóigh ubh a fháil ….

MAGGIE: …. Á bhí sé galánta. Bhí corr ghé thart, dhá bhfaighfeá ubh gé b’iontach é. Ach ní mórán, ní mórán daoine anoir a raibh geábha acub.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Ach bhí ubh lachan an t-am sin go hálainn, thaitnigh sí linn, agus bhí dath galánta uirthi ’bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: ’S í breá mór.

MAGGIE: Á breá mór.

TERESA: ’S Ar ndóigh cluiche eile a bhíodh an-choitianta ná a’ déanamh bhfolach’. Rinne tú féin do dhóthain dhe ….

MAGGIE: …. Áse rinne yeah, go mór mhór oícheanta gealaí ’bhfuil ’fhios a’d. Chuirfeadh sé uaigneas ort anois nuair a bhreathnófá amach agus (--) Aríst sé ‘n chaoi a ndéarfá “buailim ort” agus phiocfá foireann.

TERESA: ’S buachaillí ’s cailíní le chéile?

MAGGIE: Agus buachaillí (--) Ach nuair a chuaigh muinn in aois ansin bhíodh na buachaillí a’ breith orainn.

TERESA: Óóo!

MAGGIE: Sea, ach bhí sé sin nádúrach freisin.

TERESA: (Gáire) Agus púicín, an cuimhneach leat a bheith dhá imirt?

MAGGIE: Á sea, bhí. Bhíodh sé sin á dhéanamh sa teach freisin. Bhíodh, bhíodh, sin game a bhíodh sa teach oicheantaí fada. Bhíodh púicíní dhá chuir agus a’ gabháil i bhfolach ar a chéile.

TERESA: M hm, agus píosa go éadach mór dubh ab ea a bhíodh caite anuas….?

MAGGIE: …. Á sea, bhíodh, sea agus b’fhéidir thart ar a gcloigeann.

TERESA: Agus céard faoi rástaí? An mbítí ag ritheadh rástaí nó cén áit .…?

MAGGIE: …. Bhíodh, bhíodh. Níl baile a’ bith nach dtiocfadh oiread go na gasúir le chéile agus b’fhéidir go mbeadh duine eicínt fásta, ’bhfuil

’fhios a’d, a raibh aois acub, i gceannas beirt nó triúr agus thabharfaí moladh mór dhuit dhá mbuafá an rása, b’fhéidir nach aon rása mór a bheadh ann

TERESA: Agus anseo ar a’ mbaile cén áit? [a mbeadh an rása]

MAGGIE: Sea, síos an bóthar nua anois is iondúil.

TERESA: Hm.

MAGGIE: A, a bheadh sé nuair, bhí an bóthar nua nó an píosa sin de go maith an t-am sin.

TERESA: Ó sea.

MAGGIE: Dhá ngabhfá go dtí bun na carcrach cheapfá, ar an gcéad duine agus aníos aríst, [a] theacht isteach ar an gcéad dhuine, bhí tú thar cionn uilig agus phiocfaidís an uair sin de réir aois freisin é.

TERESA: Ó tuigim anois. An mbítí a’ déanamh léim ard nó a’ caith léim ard agus léim fhada an t-am sin?

MAGGIE: Bhí caint air ach ní fhaca mise déanta é.

TERESA: Yeah.

MAGGIE: Mar ní fhaca mise déanta é sin ach chuala mé caint air.

TERESA: B’fhéidir gur ag, uair sa mbliain ag….

MAGGIE: …. B’fhéidir go….

TERESA: …. Rásaí …

MAGGIE: …. Rásaí ….

TERESA: …. Thoir i gCill Rónáin ….

MAGGIE: …. Ach mar deir mé ní dheachaigh muide ag mórán rástaí.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Roimhe cheithre bliana déag ní ghabhfá.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Cuimhním cluiche amháin peil a bhí ar an Muirbheach i gCill Mhuirbhigh nuair a bhí muid thart ar trí déag nó ceathair déag agus bhí foireann mór ann as Cill Rónáin agus as an oileán uilig agus sin è, sin é an méid a chuimhním air

TERESA: Hm

MAGGIE: An t-am sin.

TERESA: A’ mbítí a’ tarraingt téide meas tú nó cé áit nó a ’ gcuimhníonn tú?

MAGGIE: Bhuel, bhuel ní bhíodh, sa tsean, an tarraingt téide is mó thosaigh sé ag, nuair a cuireadh an deiridh seachtaine Lá ’l Pheadair ’s Pól nuair a cuireadh an, na spóirt….

TERESA: …. Ó sea, an Pátrún….

MAGGIE: …. An Pátrún, ní, roimhe sin ní chuimhníonn mé ach mar deir mé is dóigh go mbíodh sé ann ach i aimsir gasúir, ní bhíodh.. Agus ní chuimhním iad á dhéanamh ag a’ scoil ach an oiread a’ bhfuil ’fhios a’d, á fhoghlaim ag a’ scoil.

TERESA: Hm, agus ní cuimhneach leat go raibh cáil speisialta ar aon dhuine a bhí go maith ag a’ tarraingt téide seo?

MAGGIE: By dad ní chuimhním anois cé, cé is moite, bail ó Dhia uirthi, sna blianta deireanacha go mbíodh de, bean, agus caithfidh muid aitheantas a thabhairt gon bhean ós, ós mná muid féin, Sibéal, bail ó Dhia uirthi, nuair a théadh sí ag ceann na rópa,. Sibéal Seoighe as Cill Éinne.

TERESA: Á as Cill Éinne.

MAGGIE: Yeah. Bail ó Dhia uirthi, bhíodh muid uilig a’ baint an-spraoi as í a fheiceáil ann.

TERESA: Sea, hm.

MAGGIE: Agus

TERESA: Agus an ball alley, an mbítí dhá imirt sin?

MAGGIE: Ó theifí, theifí soir ag Cill Mhuirbhigh ag

TERESA: Sea, soir go dtí an ball alley i gCill Mhuirbhigh…..

MAGGIE: …. I gCill Mhuirbhigh, sea, sea.

TERESA: Agus ar buachaillí is mó a d’imríodh é sin.

MAGGIE: Buachaillí is mó. Bhídís ann ach bhíodh cailíní freisin. D’imigh sé sin ansin agus thosaigh ceol agus damhnsa ann.[ag an ball alley]

TERESA: M hm.

MAGGIE: Bhfuil ’fhios a’d d’imigh an, nuair a d’imigh an liathróid, d’imigh an ….

TERESA: …. An liathróid yeah

MAGGIE: … Sea, tháinig an ceol agus….

TERESA: …. Ó sea….

MAGGIE: …. an damhnsa isteach.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Sin é an fáth gur chaill na gasúir, na gasúir óga an rud sin ar fad.

TERESA: Sea agus tá cupla ....

MAGGIE: …. Sé an trua é a bheith imithe, is mór a’ peaca, is mór an feall nach dtagann siad le chéile….

TERESA: …. Is mór ….

MAGGIE: …. aríst agus é, é a chuir ann.

TERESA: Is mór mar tá cúpla ceann go na ball alleys fós suas.

MAGGIE: Á tá agus go maith.

TERESA: Agus gan aon úsáid á bhaint astub.

MAGGIE: Tá agus ba dheas tuilleadh caoi a chuir ar an gceann atá thoir sa gceantar seo agus eh, agus tá buachaillí fós, tá buachaillí thart anois, cúpla duine in Eoghanacht agus sa Sruthan

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus soir amach a bheadh áthas orthub dhá dtarlódh a leithéide go rud.

TERESA: A’ mbíodh tithe áirid ann a bhíodh ag imirt chártaí nó cén sóirt cineál cluichí cártaí a bhídís a’ imirt le do linn féin?

MAGGIE: Eh, bhuel tá ’fhios a’msa a’inn féin anois b’fhéidir go marófaí a’ bhfuil ’fhios a’d caora sa tsean aimsir

TERESA: M hm.

MAGGIE: Nó b’fhéidir, bhuel ní go minic a mharófaí muic ach bhíodh a leithide go rud a’ tarlú anois ’s arist agus d’imreofaí iad sin. Thaitníodh sé leis na fir óga.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Is fir is mó a bhíodh á, á, á imirt san am sin agus bhíodh, agus ceathracha cúig déarfainn is mó a d’oibreoidís ar an, ar an gcluiche sin ach ba oíche mhór a bheadh ansin, a’ bhfuil ‘fhios a’d, oíche mhór.

TERESA: Sea, ’s bhíodh tae ’s siúcra freisin is dóigh ?

MAGGIE: Á bhíodh agus bhí chuile rud ann.

TERESA: Na crúibíní agus….

MAGGIE: …. Bhíodh crúibíní, á bhí na crúibíní thar cionn ar ndú, agus feed crúibíní a fháil, bhí sé go maith freisin, bhí.

TERESA: ’S sin cluiche beag eile a d’fheicfeá ag gasúir anois ar aon chaoi ach níl ’fhios a’m a’ mbíodh sé ann le do linn féin a Mhaggie, a bheith a’ léimeacht thar píosa elastic band? Ar chuala tú caint riamh air, nó a’ bhfaca tú riamh le do linn féin é?

MAGGIE: Ní fhaca, ní fhaca.

TERESA: Agus a’ raibh an skipping rope ann le do linn féin?

MAGGIE: Bhuel bhí sé ann romham, mar chloisinn Bid Bhille, beannacht Dé le na h-anam anois

TERESA: Amen.

MAGGIE: Agus bhíodh sí a’ rá, bhí, bhí, bhíodh sí ag inseacht go mbíodh sí féin agus Maggie Jamsie, mo aint, agus í féin go maith ag a’ skipáil agus bhí go dtí an lá, cúpla bliain sula cailleadh í, bhí Bid in ann an skipping rope a, a oibriú agus thugadh sí lei go deas é. Ní raibh sé ann le na linn muide agus ní mórán go mo aois sa a bhí in ann

TERESA: Aige.

MAGGIE: Aige a’ chor a’ bith ….

TERESA: ….Sea ….

MAGGIE: …. mar ní raibh sé ann. D’imigh sé, is aisteach an chaoi a n-imíonn….

TERESA: …. Nach aisteach….

MAGGIE: …. rudaí áirid agus….

TERESA: …. Bhí sé ann seachtú bliain roimhe sin ….

MAGGIE: …. Sea, seachtó bliain roimhe….

TERESA: …. agus d’imigh leis.

MAGGIE: Yeah.

TERESA: An mbítí a’ caith deosadáin le chéile nó feochadáin…?

MAGGIE: Ó muise bhíodh, bhíodh muid a’ piocadh deosadáin agus dhá ngreamú, b’iontach ansin é dhá bhfaighfeá trí nó ceathair ceanna caite le duine eicínt, ach dhá ngabhadh sé i do chúl [i do chuid gruaige] bheadh curls a’d!

TERESA: Bheadh curls agus bheadh sé an-deacair, cuimhním iad a bhaint as ….

MAGGIE: …. Á Mhaighdean ….

TERESA: …. as an ngruaig freisin….

MAGGIE: …. Mara mbeadh.

TERESA: Agus bhíodh daoine freisin a’ déanamh peataí go fhaoileáin. Meas tú a’ raibh sé sin éasca?

MAGGIE: Bhuel.

TERESA: A’ dtógadh sé i bhfad iad peata a dhéanamh?

MAGGIE: Bhuel tá, bhí, tháinig dhá fhaoileáin ar an mbaile seo, níl ’fhios a’m nach isteach as Oileán an Dá Bhranóg a thug siad iad, nuair a bhí siad amuigh i gcurrachaí. Bhí ceann thuas tí Dainín a’inn féin agus bhí ceann thiar tí Sheáinín. Bhuel cailleadh an ceann a bhí tí Dainín, thréis píosa fada

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus mhair faoileáin Sheáinín. Ach ansin rinneadh amhrán faoi sin sa deiridh, Colm P [Cóilín Mhicilín Ó hIarnáin as Eoghanacht a scríobh an t-amhrán] agus bhí an tSiúr Bennenn, bhíodh sí dhá ghabhail, beannacht Dé le na n-anam uilig.

TERESA: Amen.

MAGGIE: Tá siad caillte agus, ach bhí a cháil sin ar fud an oileáin agus ag, ag cuairteoirí freisin. Thugadh sé Paor [an faoileán] scaití soir an bóthar.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Á bhí sé an-….

TERESA: …. Bhí sé ina pheata ceart, is dóigh

MAGGIE: Á bhí sé ina pheata ceart, bhí.

TERESA: Is dóigh nach bhfuil seans a’ bith go bhfuil cúpla focal gon amhráinín a’d

MAGGIE: A muise faraor níl. A’se faraor níl, níl by dad.

TERESA: A’ mbíodh mórán daoine a’ snámh an t-am sin nó?

MAGGIE: Óra ní bhíodh, no. Ara ní bhíodh, ní, ní raibh a chead a’d a ghabháil ag a’ bhfarraige.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Mar tá mé a’ ceapadh, níl ’fhios a’m ar pisreogaí, ní h’ea is dóigh, is gnás é, níor thrust siad an fharraige agus bhíodh na seacht bhfainicí curta orainn gon a bheith i ngar gon fharraige. Nuair a fuair muinn níos sine anois agus ghabhadh muid soir ag a’ trá, ní fhaca duine ná deoraí aos óg Árainn ariamh thíos ag a’ trá. Théadh muid suas sa Vinegar [buaile gainimh, trasna ó thrá Chill Mhuirbhigh atá clúdaithe le féar anois] nó suas Cnocán na mBan, ’bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: Oh yeah.

MAGGIE: Agus sin é an áit a mbíodh muid, ina suí síos….

TERESA: …. Sin é an snámh a bhíodh agaibhse.

MAGGIE: Sin é an snámh a bhíodh a’inn.

TERESA: ’S Ar ndóigh mar ghasúr, ar nós chuile ghasúr, is dóigh go mbíteá a’ goid corr úlla nó bhíodh cúpla gairdín thart anseo ….?

MAGGIE: …. Bhuel a’ bhfuil ’fhios a’dsa bhíodh cúpla gairdín, dhá mbeadh duine thart ag an aois a mbeadh sé sách láidir, ach nuair a chuala mise faoin ngairdín, ní raibh ann ach gairdín Johnston an t-am sin, a raibh ullaí ann, bhuel cheap mé gur áit mhór mhillteach, mhillteach agus bhídís a’ caint ar na claíochaí móra, ach casadh orm daoine a bhí ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, mo chomh-aoiseachaí ach gur buachaillí a bhí iontab agus déarfainn go ngabhaidís isteach agus go mbíodh a leath caillte acub a’ bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: Tá ’fhios a’m.

MAGGIE: Nach mbíodh ag, níl ann ach go mbídís fásta [na h-úlla] na rudaí beaga.

TERESA: Ní thugtaí abhaile iad le n-úsáid?

MAGGIE: Ó tá mé a’ ceapadh go dtiocfaí. Dhá ngabhadh duine fásta ceart ann anois

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus fios acub nuair a bhí siad a’ fás, déarfainn gur iomaí teach a fuair corr mhála as ach ní chuimhním anois mé féin

TERESA: Sea.

MAGGIE: ariamh ar, ar á dhéanamh, ach bhí sé déanta go deimhin.

TERESA: Bhí sé déanta.

MAGGIE: Bhí se déanta.

TERESA: ’S a’ mbíodh sibh a’ léamh na comics agus leabhra beaga eile mar sin?

MAGGIE: Ní raibh, ní raibh.

TERESA: Ní raibh siad thart an t-am sin a’ choir a’ bith.

MAGGIE: Ní raibh, an t-aon rud a chuimhním ar a bheith a’ léamh ná b’fhéidir an Connacht Tribune. D’fheicfeá air, Madam Moran, Hair Stylist (gáire) agus ááá bhíodh mé i gcónaí a’ ceapadh curls, tuilleadh curls a bheith sa ngruaig, ó cheap mé, agus bhí, beannacht Dé le na hanam, sna blianta deireanach bhuail me lei agus bhí sí go hálainn uilig

TERESA: Ááá.

MAGGIE: Agus phós sí fear as an oileán, an bhean bhocht, ach sin é an méid agus i Seapoint, go mbeadh céilí ann agus ceol i ndiaidh Hanger, Hangers

TERESA: Istigh i nGaillimh, i Salthill….

MAGGIE: …. Istigh i nGaillimh.

TERESA: An cuimhneach leat daoine a bheith coraíocht, fir a bheith a’ coraíocht?

MAGGIE: Ó bhí, bhí agus, bhíodh fir ansin ann a’ saighdeadh dhá bhuachaill le ghabháil a’ coraíocht, you know, yeah

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus chuiridís cor coise agus rudaí le iad a thabhairt anuas go mbeadh ’fhios acub cé acub ba láidre, ’bhfuil ’fhios a’d. Ach ba bhocht ag, ag an ngasúr é a chailleadh ceapaim.

TERESA: A chailleadh yeah. Agus dhéantaí é sin ar chuile bhaile is dóigh?

MAGGIE: Óra dhéantaí yeah. Ní raibh ann ach a’ bhfuil ’fhios a’d, níor, níor

TERESA: Bhuel tá greadadh creigeannaí anseo i mBungabhla agaibh freisin agus ’s dóigh go mbíodh sibh a’ brú gasúir eile ar chloch mar a bhíodh muid féin thoir sa Sruthán fadó.

MAGGIE: Á sea, yeah. Thiar anois ar Chreig a’ Locha a’ bhfuil ’fhios a’d, b’fhéidir go bhfaighfeá léic amháin a bheadh, ó leithead an urláir inti, agus chuirteá cloch faoina gcosa, chuirteá, gasúr, chuireadh sé a dhá chois ar a’ gcloch.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus bhéaradh tusa faoi na chuid ascalachaí agus bhrúfá romhat é agus bheadh sé ag imeacht. Á bhíodh, bhíodh.

TERESA: Chaitheadh sé píosa gon lá.

MAGGIE: Chaitheadh sé píosa, dhá mbeadh gasúr, is iondúil go ndéanadh gasúr láidir é le gasúr níos óige, a’ bhfuil ’fhios a’d….

TERESA: …. Ó tuigim anois. A’ mbítí a’ caith bow an’ arrowscatapult?

MAGGIE: Bhuel cuimhním bhíodh rud eicínt ann alright cheapfá gur pisín go chrann é.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus bhíodh sóirt elastic ar a bharr ach anois déarfainn gur rud crua, chuiridís cloch ansin nó fataí beaga [ar an elastic] ach tá mé a’ ceapadh gur rud contúirteach a bhí ansin so níor mhaith leob ’bhfuil ’fhios a’d faoin gcloch

TERESA: M hm

MAGGIE: Níor mhaith leob an chontúirt a bheadh ann. Níor bhfoláir duit anois [a bheith] aosta agus é a bheith sórt éirimeach le é sin a úsáid.

TERESA: Á sea agus a’ mbíodh buachaillí agus cailíní ag imirt tip, tipeáil?

MAGGIE: Á an tip, yeah. Go mór mhór bheadh am áirid leis sin, a’ fágáil an scoil.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Muintir thoir agus an mhuintir thiar. Bheadh an tip ann. Bhuel chaithfí uair a’ chloig, cuimhním a’ gabháil anoir, chasfaí dhuit b’fhéidir iad sin, na gasúir a mbeadh ciall acub ’s bheadh ’fhios a’d ’s chasfaí dhuit iad a’ gabháil anuas an charcair nua arist a’ gabháil síos a’ gabháil a’ plé le slata, bheadh muid chomh fada sin a’ tarraingt.

TERESA: Mar gheall ar a’ tip.

MAGGIE: Mar gheall ar a’ tip.

TERESA: Agus a’ mbíodh sibhse mar ghasúir a’ caith rings?

MAGGIE: Rings! Ní bhíodh. B’fhéidir dhá bhfeicfeadh muid iad nó dhá gcloisfeadh muid [fúthu] go ndéanfadh muid féin sóirt rings

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus go mbeadh muid a’ caith le cloch. Thriáileadh muid amach rudaí

TERESA: M hm.

MAGGIE: ’Bhfuil ’fhios a’d, bheadh a n-intinn óg

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus bheadh suim a’d sa rud.

TERESA: ’S a’ mbíodh sibh ag imirt cluichí ar nós London Bridge, Queen Mary, Ring-a-Ring-a-Rosie, aon cheann acub sin?

MAGGIE: A muise ní h-iad na Queen Marys, ní bheadh muide isteach ansin chomh mór anois ach Ring-a-Ring-a-Rosie, bheadh.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Yeah, chuala muid faoi sin alright. Bheadh rudaí beaga eile a’inn ’bhfuil ’fhios a’d?

TERESA: Bhíodh bhéarsa beag a’ gabháil le Ring-a-Ring-a-Rosie, an cuimhneach leat é sin.

MAGGIE: Á muise bhíodh, a bottle full of posies, ab ea?

TERESA: Ó muise is dóigh go .…

MAGGIE: …. Atishoo, á muise ….

TERESA: …. go bhfuil dearmad déanta a’d air.

MAGGIE: Dearmad, tá, tá.

TERESA: ’S a’ mbíodh daoine a’ luascadh? A’ mbíodh clár acub le bheith a’ déanamh See Saw

MAGGIE: Bhíodh, bhíodh

TERESA: Cén áit a bhíodh sé agaibh anseo ….?

MAGGIE: …. Bhuel b’fhéidir go bhfaighidh muid píosa go chlár, b’fhéidir gur thart ar stól a chuireadh muid é, bhíodh stól corr uair, stóilíní taobh amuigh a bheifí ag obair air nó ar chlaí, píosa go chlaí íseal. Ní bheadh aon aois mhór a’d á dhéanamh seo agus ní bheifeá ar chlaí ard agus b’iontach an rud é sin, ach ansin is iomaí duine a fuair iarra mhaith nuair a d’éireodh duine agus (gáire) d’imeoidís leob agus d’fhágaidís an ceann eile ar chúl a gcinn taobh thiar. Is iomaí straois agus

TERESA: (Gáire) Yeah, bhuel silim gur luadh tú cheana go mbíodh sibh a’ déanamh siopaí agus…

MAGGIE: Á siopaí, bhíodh.

TERESA: A’ díol rudaí beaga iontab mar ó dhea.

MAGGIE: A’ díol agus a’ déanamh gasúir, múinteoirí scoile, ’s ….

TERESA: …. Hm….

MAGGIE: …. a’ déanamh rudaí mar sin, bhíodh.

TERESA: Yeah ’s dochtúirí agus banaltraí….

MAGGIE: …. A’ déanamh máthair, yeah sea.

TERESA: Cowboys an’ Indians, a’ mbíodh sibh dhá ndéanadh?

MAGGIE: Cowboys an’ Indians! Ní cheapainn go mbíodh. No ní bhíodh.

TERESA: Ní raibh sé

MAGGIE: Níor chuala muid mórán fúb sin.

TERESA: Agus ní cuimhneach leat aon uair a bheith a’ tabhairt dathannaí go dhiabhail agus go aingil i shelter na scoile?

MAGGIE: Níor chualas.

TERESA: Níor chuala tú tada faoi sin ….?

MAGGIE: …. Níor chuala….

TERESA: …. B’fhéidir nach raibh sé sin ach ag scoileannaí soir ….

MAGGIE: …. B’fhéidir ach bheadh gnásannaí áirid ag scoileannaí áirid.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Bhraith sé b’fhéidir ar, a’ bhfuil ’fhios a’d soir anois, tháinig gasúir ón taobh amuigh, [ón mórthír] cuid acub clann na nGardaí ’s mar sin de

TERESA: M hm.

MAGGIE: Bhuel bheadh sé foghlamtha acub ón a muintir

TERESA: Sea.

MAGGIE: a tháinig ón taobh amuigh. Bheadh rudaí níos difríocht ’s ní bheadh sé sin a’inne a’ chor a’ bith.

TERESA: ’S a’ mbíodh gasúir a’ piocadh olaínn go gheansaí agus dhá chuir isteach i leabhar?

MAGGIE: Ní bhíodh, no ní bhíodh sé sin a’inne. No.

TERESA: Ag imirt Donkey? An cuimhneach leat go mbítí dhá dhéanamh sin?

MAGGIE: Muise ní, ní, ní chuimh[ním], ní chuimhním anois faoi aon donkey , cuimhním a bheith a’ tabhairt ridings ar do dhroim a’ bhfuil ’fhios a’d, thíos ar do lámha agus ar do ghlúine agus ach maidir, sin é an méid. Tabhairt ridings a thugadh muid air.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Nó a’ tabhairt ridings.

TERESA: A’ nós rud eicínt cosúil le cleas na gcat ab ea? Bhíodh sé sin freisin ann.

MAGGIE: Sea, sea sin é é.

TERESA: Agus meas tú an mbeifeá in ann an ‘Eeny Meeny Miny Moe’ a rá dhom. B’iontach an rann a bhíodh ann agus muid féin ina ngasúir.

MAGGIE: Ní bheinn, a’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh an Béarla chomh maith sin a’inne nuair a bhí muide a’ gabháil ag a’ scoil. Ní raibh an oiread, bhí cupla rud ann alright a mbíodh.

TERESA: Tá ’fhios a’m, yeah. Bhuel anois bhíodh daoine a’ cuir tomhaiseannaí nach mbíodh? An cuimhneach leat aon chuid acub sin, go na tomhaiseannaí a bhíodh ann?

MAGGIE: Ó tí, ó sea a mh’anam.

TERESA: Labhair tú cheana silim ar a’ cuir tí mar a deireadh muid.

MAGGIE: A’ cuir tí, sea.

TERESA: Meas tú nach mbíodh cineál tomhaiseannaí beaga eile acub?

MAGGIE: Ar eh

TERESA: Cosúil le ehm, ’bhfuil ’fhios a’d ehm, cén fhaid ehm .…

MAGGIE: As seo go yeah

TERESA: Nó rudaí cosúil le chuaigh an fear suas an dréimire agus thug sé an dréimire ar a dhroim….

MAGGIE: …. Cén t-am, sea agus cén t-am a thóg sé ar a ghabháil ar ais aríst. Bhuel is iondúil gur as leabhar a thógfadh muide iad sin.

TERESA: Agus bhreathnaigh mé amach fuinneog mo Dhaideo….

MAGGIE: …. Mo Dhaideo, chonaic mé fear básaithe ag iompairt fear beo. Ó bhíodh na rudaí beaga sin.

TERESA: Sea.

MAGGIE: A bheadh léite i leabhar ag daoine a bheadh níos sine ná muid.

TERESA: Yeah.

MAGGIE: Yeah.

TERESA: Agus ’s dóigh go mbíodh gasúir a’ tabhairt cúnamh nuair a thagadh móin., a cuir isteach….

MAGGIE: …. Ó bhídís a’ cuir isteach mhóna agus b’fhéidir leis an mbualtrach freisin a’ bhfuil ’fhios a’d, tharraingeofaí an bualtrach anuas ó na craga ehm i Deireadh Fómhair a’ gabháil isteach, yeah Deireadh Fómhair agus thabharfaidís cúnamh leis sin freisin, á thabharfadh yeah agus b’fhéidir go líonfaidís na cléibh thuas in áit eicínt, ar an asal, is iondúil gur asal é.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Ó bheadh, bheifí a’ tabhairt cúnamh faoi rudaí mar sin, yeah.

TERESA: Agus meas tú a’ bhfaighidh na gasúr lá saor ón scoil an lá sin anois a mbeifí a’ cuir isteach na móna?

MAGGIE: Ar ndóigh dhá bhfaighidís a’ chead, ó is dóigh go gheobhadh ceart go leor. Is dóigh go mbeifí ag iarraidh cúnamh sa mbaile. Dhá mbeadh an buachaill sách láidir anois nó an cailín le cúnamh cheart a thabhairt, cheapainn go gcoinneofaí ón scoil iad le láimh a thabhairt.

TERESA: Agus Ar ndóigh bhíodh áthas orthub, ar na gasúir….

MAGGIE: …. Á muise mara mbíodh.

TERESA: Bhuel breathnaigh mar sin a Mhaggie imeoidh muid anois uaidh na caitheamh aimsire a bhí agaibh agus tú féin ina ngasúir, i do ghasúr.

MAGGIE: Sea.

TERESA: Agus gabh muid go dtí saol na mban. Meas tú ar thug an fear cúnamh sa teach an t-am sin, a’ breathnú i ndiaidh na ngasúir agus a’ níochán éadaí nó a’ bácáil?

MAGGIE: Bhuel ag an am sin tá mise a’ ceapadh nár thug. Sé an t-aon rud a bheadh ann you see, dhá mbeadh an dadó nó an mamó sa mbaile, is sin iad an dream, bhuel teach a’ bith nach mbeadh sé ann, nach mbeidís sin ann is dóigh go dtiocfadh fear a’ bhfuil ’fhios ad go mór mhór b’fhéidir nuair a bhéarfaí gasúr sa teach.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Bhí sé sin ceart go leor ansin go dtabharfadh an fear cúnamh, ceart go leor go dtabharfadh, ach ní raibh aon súil uaidh, ní raibh aon súil an oiread sin ó fhear sa teach.

TERESA: Yeah, an t-am sin.

MAGGIE: An t-am sin.

TERESA: Ar fear nó an bhean a d’éiríodh ar dtús ar maidin? ’Bhfuil ’fhios a’d cé acub a chuirfeadh síos an tine nó a d’fhaigheadh….?

MAGGIE: …. Braitheann sé .…

TERESA: .… na gasúir réidh ….

MAGGIE: …. Sea, braitheann sé cé bhí….

TERESA: …i gcóir, i gcóir na scoile a’ bhfuil ’fhios a’d, cé acub is iondúil a dhéanfadh é sin?

MAGGIE: Braitheann sé anois cé acub a bheadh ina mhochóir.

TERESA: M hm.

MAGGIE: ’Bhfuil ’fhios a’d, d’fhéadfadh sé gurb í an bhean, bhí cuide go na mná thar cionn ag éirigh ar maidin, tá tú a’ caint anois ag éirigh ag a sé

TERESA: Sea.

MAGGIE: Bhuel dhéanfaidís é freisin le cáil a chuir orthub féin ar ndú.

TERESA: Meas tú….

MAGGIE: …. Cáil na mocha. Óra dhéanfadh, leath de sin a bhí, gon, gon mhochaireacht sin, óra sea, yeah agus….

TERESA: …. Bhuel tá an sean fhocal ann faoi sin a Mhaggie “má tá cáil na mochaire ort is féidir leat fhanacht i do chodladh go tráthnóna”

MAGGIE: Bhuel is dóigh gur as sin a tháinig, ó dhiabhac bhí….

TERESA: …. B’fhéidir ….

MAGGIE: Agus go mbeadh ehm, go mbeadh sé le rá nach bhfaca Dia ná duine ina gcodladh iad thar éis a sé a chlog ar maidin….

TERESA: …. Á yeah. Phébí cé a d’éireodh bhí obair ghránna le déanamh.

MAGGIE: Bhí, a’ cuir amach an luaidhe.

TERESA: Cuir amach an luaidhe

MAGGIE: Yeah.

TERESA: Agus a’ déanamh….

MAGGIE: …. Ach is iondúil gur bualtrach a lasfaí ar dtús ar maidin le deifir a chur leis an gciotal ach nuair a chuimhneofá air, se an rud is gráinne a bhí riamh ann é, ciotal mór iarainn agus thú a’ fanacht le blogam tae ar maidin. Ach is dóigh nach mbíodh an dúil mhór a’inn ann mar tá anois.

TERESA: Sin é é, cheapainn. Agus cé a tharraingeoidh an t-uisce ón tobar nó a thug bia go na cearca, gon lao nó cé a ghearradh síolta meas tú?

MAGGIE: Á muise sí an mháthair, sí bean an tí anois a dhéanadh é sin.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Tá ’fhios a’m go ngabhadh na gasúir is dóigh le bainne ag a’ lao ceart go leor ach gheobhadh sise faoi réir é.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Agus maidir leis na cearca, sí an mháthair freisin.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus thug sí cúnamh mór le síolta na bhfataí, cinnte dearfa de. Bhí, bhíodh sé amach rompu sa gcistineach ansin i go leor tithe. D’fheicfeá iad agus na cléibhe istigh agus iad a’ gearradh rompab. Sin é teach a’ bith a mbíodh roinnt mhaith fataí curtha, chaithfeadh sí, chaithfeadh sí cur uatha.

TERESA: Sea. An t-am sin Ar ndóigh bhíodh na beithígh tirim sa ngeimhridh, na beithe bhainne, nach mbíodh.

MAGGIE: Bhíodh, bhíodh.

TERESA: ’S céard a d’úsáidís i leaba bainne nó cá bhfaighidís bainne?

MAGGIE: Ba ghránna an t-am go bhliain é sin anois mar sa ngeimhridh a bheadh ann freisin, agus tá mé a’ ceapadh gur theastaigh uait do chuid tae a bheith geal, ach, ó cuimhním ar sin, cuimhním ar Mhártaí a mbíodh an bhó amuigh agus bhíodh min choirce, seod é ar dtús, agus chuiridís é sin ar bogadh agus an sú a thagadh amach as sin, b’fhéidir go gcuirfí thrid an séalán é, agus chuirfí é sin [ar an tae] le dath geal a thabhairt ar an tae, sin é an méid. Chuirfeadh sé blas sóirt righin, a’ bhfuil ’fhios a’d bheadh an tae righin nó sóirt lán i do bhéal, ach ag an am céanna d’athródh sé an dath ar an tae.

TERESA: D’athródh sé.

MAGGIE: Ach ansin go leor, ina dhiaidh sin nuair a bhí mise a’ fás suas bhí go leor tinannaí bainne le fáil.

TERESA: Á sea. Agus bhí tú a’ caint ar an min choirce, nach bhfuil an bainne anois ann a dtugtar bainne rís air?

MAGGIE: Tá agus sin é é….

TERESA: …. So níl an oiread sin difríocht

MAGGIE: Ach go bhfuil sé goite thrid na, na machineannaí móra anois le bainne a dhéanamh de, yeah.

TERESA: Ar dhíol sibh uibheachaí nó a’ raibh life plant acub?

MAGGIE: Life, ní raibh ach bhí rud ann a dtugtaí sódar air.

TERESA: Sódar.

MAGGIE: Agus bheadh an sódar déanta b’fhéidir as cupán bainne agus as Cream of Tartar, as Cream of Tartar agus bheifí a’ doirteadh braonachaí go rud eicínt, ach tá ’fhios a’m go mbíodh sé sin cruinnithe ceart go leor, agus bhíodh Cream of Tartar agus Baking Tartar, nó rud eicínt eile a théadh isteach ann, tá ’fhios a’m go mbíodh sé thoir ag Nainín Mháirtín Bheachla, an stuif seo, mar chloisinn iad a’ caint air agus dhá bhfaighidh duine amháin bosca de dhéanfadh sé chuile dhuine eile….

TERESA: …. M hm.

MAGGIE: …. mar roinnidís thart é. Níor tháinig an Plant go dtí ar deiridh. Tá an Plant déarfainn, is fungus a thugann siad air, tá gaol aige leis an mushroom.

TERESA: Á tuigim. Cén sóirt bácáil a bhíodh dhá dhéanamh acub? A’ bhfuil ’fhios a’d ar cáca bán nó donn?

MAGGIE: Is cáca bán is iondúil a bheadh ann cé go gcuimhním go gcuirfí an bran mór agus bran beag ann. Bhí an bran beag le beithígh ach bhídís ag úsáid a’ bhran mór, bhíodh málaí móra a’ teacht le cuir sa gcáca cé go anois go ndeir siad gur le ainmhí é sin.

TERESA: Sea. ’S a’ mbídís a’ déanamh cáca fataí a Mhaggie nó flather.

MAGGIE: Bhídís a’ déanamh go leor flathers mar bhí sé éasca agus níor thóg sé an oiread teas.

TERESA: M hm.

MAGGIE: Agus, muise is beagnach mbeadh sé ite aníos gon phan a’inn an fhad is a bheadh sé a’ bruth. Rud eile de, yeah cácaí fataí you

know, ach thóg rudaí mar sin am agus ní bhíodh an t-am, ach mb’fhéidir go ndéanfaidís corr uair é. Tá mé cinnte na mná iad féin na créatúir, go mbíodh a’ bhfuil ’fhios a’d dúil acub i rudaí scaití agus go ndéanfaidís dhóib féin agus go na gasúir é.

TERESA: Cinnte ar ndú. Cé chomh minic ’s a níodh na mná éadaí, nó cén chaoi ar nigh siad pluideannaí cuir i gcás ….

MAGGIE: …. Bhuel sé an, bhuel is iondúil gur uair amháin sa mbliain a dhéanfaí [nífí] an rud mór ar nós na pluideannaí agus (--) Treabhsair fir anois dhá mbeidís a’ plé le feamainn, bhíodh ramallae síos ar cosa an treabhsar agus chaithfidís, chaithfidís an tslis a fháil le é sin a níochán agus

TERESA: Cén sóirt gallaoireach a bhíodh acub?

MAGGIE: Ó muise Sunlight Soap.

TERESA: Sunlight. yeah.

MAGGIE: Sé an chaoi a ngearrfaidís é sin síos ar pota mór millteach uisce a bhíodh crochta ós cionn na tine. A’ bhfuil ’fhios a’d, potaí móra móra millteacha, agus bhíodh sé sin líonta go scroig le uisce agus ghearrfaí síos, a’ bhfuil ’fhios a’d sé an chaoi a raibh an Sunlight, bhí sí chomh fada, bhí dhá pháirc mhór inti agus ghearrfaí í sin le scian agus bheadh sé sin bog agus dhoirtfí é sin agus bheidís ansin na créatúir agus iad, thabharfaí ag a’ tobar é alright….

TERESA: …. Le iad a shliseáil ab ea?

MAGGIE: Le iad a shliseáil, leis an, leis an sú gallaoireach a bhaint astub. Chuirfí ar an tuar ansin iad.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Yeah.

TERESA: Agus cén chaoi a ndéanfaidís an tsliseáil, a Mhaggie?

MAGGIE: Bhuel bheadh an tslis acub déanta as píosa adhmaid, agus leagfaidís fúb é sin ar b’fhéidir, bhuel ’bhfuil ’fhios a’d, ag go leor toibreachaí, bheadh tobar beag taobh amuigh a mbeadh sóirt fánán amach as.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus as sin a dhéanaidís a gcuid rinseáil déarfa muinn níos mó ná an, an níochán é féin agus bheidís a’ sliseáil b’fhéidir ar ardáinín a bheadh ansin, ardán, is dóigh léic a bheadh ann….

TERESA: …. Leic nó cloch….

MAGGIE: …. agus bheidís leis sin go mbainidís an, an salachar uilig as.

TERESA: Hm.

MAGGIE: [Agus] an ghallaoireach.

TERESA: Sea. In éadaí geala is dóigh a chuirfidís an blue ab ea?

MAGGIE: Á sea, ó sin iad na héadaí geala a chuirfidís an blue, ach le rudaí [éadaí] maith iad sin anois agus choinneofaí iad sin le lá an anó ’s le rudaí mar sin

TERESA: Sea. Céard a bhíodh go hiondúil acub le n-ithe, ’bhfuil ’fhios a’d a’ mbíodh stir about, fataí, bairnigh?

MAGGIE: Bhíodh, bhíodh, bhí stir about déanta. Bhíodh min bhuí, bhíodh a’ ghráin a’inn ar an min bhuí. Chuile uair anois a théim isteach sna háiteachaí sin a dtugann siad health shops orthub, an boladh a fhaighim ón “__” cuireann sé i gcuimhne dhom an sean aimsir nuair a bhíodh bácús min bhuí déanta ach is dóigh dhá mbeadh rud eicínt eile a’d in éineacht leis go raibh sí go hálainn ach sé an boladh céanna a thugann siad ó na corn, corn on the cob déarfainn.

TERESA: Ó tuigim thú.

MAGGIE: Agus an boladh céanna atá uathub sin, is dóigh gur col ceathrachaí iad.

TERESA: Agus Ar ndóigh bhíodh bairnigh agus sleabhcáin agaibh?

MAGGIE: Ó bhíodh yeah. Ó in a n-aimsir féin bhíodh an bairneach, ’bhfuil ’fhios a’d bhí séasúr ag chuile rud, agus bheadh an bairneach ansin, ó is iomaí duine a bhí cóngarach gon chladach a chuir síos cúpla fata, pota fataí agus a chuaigh síos leis an tincainín leathan, bhuel go mór mhór b’fhéidir Eoghanacht anois, áiteachaí a bhí cóngarach agus a bhain cúpla bairneach agus a bhí ar ais aríst le iad a chuir síos, mar níor theastaigh mórán bruith ó na bairnigh, iad a fhiuchadh.

TERESA: D’íosaidís go leor creathnaigh an t-am sin freisin?

MAGGIE: Ó d’íosadh yeah. Bhí iarann inti freisin….

TERESA: …. Sea .…

MAGGIE: …. Ar ndóigh ach ní raibh ’fhios acub é sin b’fhéidir.

TERESA: Agus meas tú nach mbídís dhá bruth amanntaí

MAGGIE: Á, bhuel bhí col ceathrar gon, gon eh gon chreathnach a dtugaidís Coiricín air agus bhainidís é sin. An-chosúil lena chéile, agus sín é a bhruithidís le anlaith na bhfataí.

TERESA: ’S Ar ndóigh bhíodh mionáin agus coiníní agus muca….

MAGGIE: …. Bhíodh ….

TERESA: …. Agus caoire agus….

MAGGIE: …. Bhíodh, bhíodh sé sin ar fad ann. (Treasa ag caint ag an am céann) Sin é an fáth go mbíodh corr, an té a raibh an rud sin aige you see, bhíodh corr ghamp feola acub anois is arist.

TERESA: M hm.

MAGGIE: Ar nós bhíodh b’fhéidir coin[ín], bhuel coiníní, mar a deir mé ní mórán coiníní a d’ithe daoine áirid ach bhí gabhair agus mionáin agus corr chaora agus rud mar sin.

TERESA: Hm. ’S bhítí ag ól go leor bainne géar mar dhéantaí go leor maistrigh is dóigh an t-am sin.

MAGGIE: Yeah bhuel nuair a bhíodh an bainne ann agus dhá mbeadh bó mhaith bhainne a’d, dhéanfaí go leor maistrigh mar theastaigh rúinne im, go mór mhór aimsir garrantaí agus obair chrua sa samhradh agus bainne géar, chomh luath ’s a bheadh sé déanta d’óladh chuile dhuine é, bhíodh tart ar chuile dhuine agus dúil acub ann.

TERESA: Bhíodh tine bhreá ins chuile theach ach céard a bhítí a dhó sa tine a Mhaggie?

MAGGIE: Yeah.

TERESA: Ar briogadáin nó?

MAGGIE: Bhuel bhíodh briogadáin á bhailiú agus bualtrach agus móin of course, bhíodh, bhíodh móin. Bhí, bhí, bhíodh, bhuel go mór mór tithe a bhíodh, is dóigh go mbíodh bád móna ach ní dhófaí mórán di sin anois sa samhradh.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Spárálfaí é, le aimsir, bruith go mhuca agus rudaí mar sin, sin é an uair is mó a bheadh an tine thíos.

TERESA: Agus ba jab mór ann féin Ar ndóigh a ghabháil a’ bailiú briogadáin

MAGGIE: Á sea go deimhin sea. Chaithfí, chuile dhuine a’ teacht abhaile agus baiscín aige…

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus písín go chlárachaí ón, ó na cladaigh agus rudaí mar sin.

TERESA: Cé a déarfadh an paidrín san oíche an t-am sin?

MAGGIE: Ó sé an t-athair is iondúil. Bhí sé sin ann, go ngabhadh na gasúir agus an t-athair ’s an mháthair ar a nglúine agus go ndéarfaí an paidrín, ach an té a bheadh roinnt gasúir ansin acub b’fhéidir go mbeifeá a priocadh sall duine eicínt a bheadh an tosaigh ort agus b’fhéidir go mbeadh sciotaíl agus a’ gáirí agus chailleadh na tuismitheoirí a’ bhfuil ’fhios a’d, ní thaitneoidh sé sin leob.

TERESA: Tá ’fhios a’m.

MAGGIE: Agus bheadh na gasúir a’ sciotaíl, amanntaí chríochnódh sé ina bhattle

TERESA: Sea. (gáire) Is dóigh go gcuimhníonn tú ar na bróga ur leathar ar ndú?

MAGGIE: Cuimhním.

TERESA: Bhídís ann le, is tú i do ghasúirín beag cheapainn.

MAGGIE: Bhíodh, bhíodh.

TERESA: Yeah, ach ansin tháinig na bróga eile isteach.

MAGGIE: Sea.

TERESA: Bróga arda agus slipéirí agus mar sin.

MAGGIE: Sea.

TERESA: Agus nuair a thagadh poll ar a mbun sin, cé a chuirfidh caoi orthub? Anseo nó ….

MAGGIE: …. Ó bhíodh, bhíodh duine eicínt i gcónaí, caibléara, ach bhí, bhíodh cap ins chuile theach an t-am sin. Sin é a théanns isteach sa mbróig. Bhuel sa siopa anois bheifí a díol a’ bhfuil ’fhios a’d an bun é féin, bheadh sé gearradh amach agus saghaiseannaí orthub.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Yeah, a chuirfeá orthub, déanta as rubber, bheadh sé dubh.

TERESA: Hm.

MAGGIE: Agus bheadh sáil freisin. Ar ndóigh sheasfadh péire bróga an oiread seo achair. Cuirim i gcás, bhí slipéirí sa bhfaisean an t-am sin mar deir siad.

TERESA: Sea, sea.

MAGGIE: Ach ní raibh an oiread sin bróga arda, bhíodh rudaí eile ann. An oiread sin bróga arda troma ann.

TERESA: Ar ghasúir b’fhéidir go mbeidís

MAGGIE: Bhuel ar ghasúir ach ní bhíodh ar dhaoine fásta.

TERESA: Ach cuimhním féin freisin feicear dhom, sna siopaí píosaí móra leathair a bheith a’ teacht, agus is dóigh go ngearrtaí suas é sin….

MAGGIE: …. Ghearrfaí suas iad sin anois agus bhogfaí iad agus chuirfí píosa orthub. Ó chuirfí píosa amach san áit a dtiocfadh an ordóg amach agus chuile rud.

TERESA: Sea. (gáire)

MAGGIE: Agus d’fhuáilfí iad sin. Bhuel bhíodh an céir agus bhíodh an, an meana acub ….

TERESA: …. An meana.

MAGGIE: Agus ….

TERESA: Snath láidir ….

MAGGIE: …. snáthaid agus iad, bheidís uilig, ’bhfuil ’fhios a’d thabharfaidís féin ó chéile freisin é.

TERESA: Agus cogar mé seo leat a’ ndéanfadh na mná a gcuid éadaí féin agus éadaí go na fir agus go na gasúir an t-am sin?

MAGGIE: Óra dhéanfadh siad, cé gur b’fhéidir go mbeadh duine eicínt speisialta anois a bheadh go maith a’ déanamh treabhsair dhá gcuid fir, mar phiocfaidís píosa maith flainín le é sin a dhéanamh ach dhá mbeadh corna, deireadh corna nó mar sin ann anois choinneoidís é le bhfuil ’fhios a’d rocketín (frock) a dhéanamh go na cailíní beaga agus sciortaí a dhéanamh dhóib féin. Bhuel chaithfeadh sciorta ceart go na mná. Sé an chaoi a mbíodh sé in aon phíosa amháin uilig a’ bhfuil ’fhios a’d thart timpeall mar déarfá round agus ansin ghearrfaidís amach píosa eile in aon “_” a dtabharfaidís a’ bhfuil ’fhios a’d sa mbásta isteach dhó agus d’fhuáilfaidís suas an dá thaobh. Ansin bheadh, bheadh an oiread leithead ansin agus pléataí a’ bhfuil ’fhios a’d ann.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Agus mar a deiridís féin leis an flare.

TERESA: Ó tuigim a mh’anam.

MAGGIE: Agus ansin nuair a bheadh súil ag an mbean le, le páiste, agus bhíodh neart acub ann an uair sin, bhíodh sóirt caint, a’ bhfuil ’fhios a’d leath chaint a’ rá “ó tá an pléata ag ardú”.

TERESA: Nár dheas an chaoi le é a chuir.(gáire)

MAGGIE: Ba dheas yeah, caoithiúil, ach bhí siad an-chaoithiúil a’ bhfuil ’fhios a’d.

TERESA: Agus cá mbídís a’ déanamh a gcuid siopadóireacht nó a’ dtéidís Gaillimh an t-am sin?

MAGGIE: Bhuel Ar ndóigh théidís Gaillimh le olann agus théidís Gaillimh, chaithfidís é, mar ba mhaith leob iad féin a bhrú ar na Bridge Mills i nGaillimh.

TERESA: M hm.

MAGGIE: Agus théidís síos tí Chummins. o’ Greanys agus tí Dug[gans] sna háiteachaí sin uilig. A’ bhfuil ’fhios a’d, bhí siad ag iarraidh eolas a bheith orthub agus gheobhaidís rudaí beaga len teach….

TERESA: …. Yeah….

MAGGIE: …. ’Bhfuil ’fhios a’d, dhá ba bé an choinnleoir nó rud a’ bith ’bhfuil ’fhios a’d….

TERESA: …. Pota ….

MAGGIE: …. Pota, phébí céard é féin….

TERESA: …. Potaí mór na muc ’s na rudaí sin….

MAGGIE: …. Potaí móra, go díreach.

TERESA: Agus breathnaigh….

MAGGIE: …. Agus tí Tommy Réamain Ar ndóigh bhí siad ann.

TERESA: A’ mbíodh na mná a’ caitheadh tobac an t-am sin?

MAGGIE: Ó muise bhíodh, ach má bhíodh, is in ionas é. Agus bean a’ bith, ní d’osclófá do bhéal leis an gclann ná le na gclann, bhíodh dúidíní acub.

TERESA: Dúidíní.

MAGGIE: Ach ní hé chuile bhean anois é [a] bhíodh dúidín beag, mar bhí na dúidíní beaga caoithiúil

TERESA: Á

MAGGIE: Agus bheidís acub, ach is in ionas é ach ní hé fearacht an lae inniu é a mbíonn, a mbeadh cigarette, fag amach faoi na, toitín amach idir do dhá mhéar ag chuile bhean. Á ní raibh, rinneadh ansin é, mar ní raibh sé go deas go bhean a bheith a’ caitheamh tobac....

TERESA: …. A’ caitheamh na dúidíní ar aon chaoi.

MAGGIE: Na dúidíní, yeah.

TERESA: Agus ní raibh mórán go na toitíní thart an t-am sin, is dóigh?

MAGGIE: A ní raibh, Ar ndóigh dhá mbeadh sin iad a bheadh acub.

TERESA: Á sea.

MAGGIE: A’ bhfuil ’fhios a’d, ach ní raibh sé ann.

TERESA: ’S Ar ndóigh bhíodh na mná bhochta a’ déanamh obair chladaigh freisin?

MAGGIE: Ó na créatúir na’ raibh siad maraigh, na’ raibh, bhídís a’ cuir suas fheamainn agus a’ baint a’ charraigín, rud a’ bith, rud a’ bith.

TERESA: Rud a’ bith, hm. A’ tarraingt uisce ag beithígh Ar ndóigh ina dhiaidh sin aríst freisin ….

MAGGIE: …. Agus a’ tarraingt ancairtí uisce le ghabháil a’ níochán ehm iasc.

TERESA: Sea.

MAGGIE: An rud, an rud nár bhféidir a choinneal tarraingthe agus gan an t-uisce ann, nuair a thiocfadh laethanta breá an tsamhraidh agus toibreachaí i bhfad uathub.

TERESA: M hm. Cuir i gcás anois a Mhaggie dhá mbeadh an mháthair i bhfad ar an leaba thar éis páiste a bheith aici, bhuel cé a dhéanfadh obair an tí an t-am sin?

MAGGIE: Bhuel dhá mbeadh a máthair féin nó duine eicínt a bhain lei nó a dreabhar b’fhéidir go dtiocfaidís sín isteach nó gaolta ach tá mé ag ceapadh go mbeadh an t-athair thart.

TERESA: M hm, agus….

MAGGIE: …. Tá mé a’ ceapadh….

TERESA: …. mother-in-law?

MAGGIE: Á bhuel bheadh, bhuel sin é atá mé a’ rá, mara mbeadh siad sin ann ach is iondúil go mbeadh duine eicínt a bhain lei go dtiocfadh isteach, yeah.

TERESA: Sea.

MAGGIE: Máthair a fir nó duine eicínt a ritheadh isteach.

TERESA: Agus Ar ndóigh bhí dar an-deas lena chéile, a’ tabhairt cúnamh dhá chéile an t-am sin….

MAGGIE: …. Ó bhíodh, bhíodh, bhíodh.

TERESA: Bhuel go raibh míle maith a’d, a Mhaggie anois, bhí sé sin an-suimiúil….

MAGGIE: …. Tá fáilte romhat….

TERESA: …. Agus i gcinn bhliana bheannaithe go raibh tú in ann é a dhéanamh.

MAGGIE: Mo hé dhuit a stór.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.