Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00050

Taifeadadh
BBAF.00050
Formáid
MiniDisc
Fad
52:34
Dáta
7 Aibreán 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Rónáin
Bailitheoir
Máirín Uí Chonghaile
Faisnéiseoir
John Mullen
Eolas cartlainne
MD 55 John Ó Maoláin. Scoil; A Óige; Friotháil an Aifrinn; An tAirm; 23:59 Tógail an chomhartha 'ÉIRE' i mBun Gabhla; Ag obair i Meiriceá; Bád farantóireachta; MV Queen of Aran (1979); Ag cur na nglúnta éagsúla i gcomparáid; Stair; Seanchas.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00050
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MÁIRÍN: Dé dhuit, a John.

JOHN: Dé ’s Muire dhuit Máirín.

MÁIRÍN: Tá mé anseo inniu a’ déanamh agallamh le John Mullen ar an seachtú lá go mí Aibreán 2002. Cár rugadh thú a John?

JOHN: I gCill Rónáin, Inis Mór.

MÁIRÍN: Agus cé as do athair agus do mháthair?

JOHN: As Cill Rónáin m’athair agus as Bungabhla mo mháthair.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh mórán agaibh sa gclann?

JOHN: Caithfidh mé iad sin a chomhaireamh anois mar (gáire). Bhí, sílim anois go raibh cheithre dhuine dhéag sa gcomhluadar uilig. Cailleadh beirt agus ansin cailleadh sílim dearthár liom nuair a bhí sé cúig bliana fichid, agus cailleadh dreabhar liom, do mháthair

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Beannacht Dé le anam na mairbh. Níl 'fhios a'm cén bhliain é sin ar chor ar bith, fifty ….

MÁIRÍN: …. Naoi déag caoga ’s a haon déarfainn.

JOHN: Sea, caoga haon ab ea?

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Eh, cailleadh ansin Mary Ann go deireanach agus tá ochtar a'inn beo i gconaí.

MÁIRÍN: Cén scoil a ndeachaigh tú aige?

JOHN: Bhuel bhí mé a’ gabháil ag a’ scoil i gCill Rónáin anseo go raibh mé a’ tarraingt ar cheithre bhliain déag go aois.

MÁIRÍN: Ba shin é an sean scoil nach b’é anois?

JOHN: Sé an sean scoil thíos, tá teach damhnsa anois ann.

MÁIRÍN: Agus, agus cé iad na múinteoirí a bhí sa scoil an t-am sin?

JOHN: Bhí Paddy Heithir ann, bhí a bhean ann, bhí Mrs McHale ann agus bhí bean Scanlon ann. Agus bhí, an t-am sin bhí céad agus tríocha sé gasúir a’ gabháil ag a’ scoil sin thíos, scoil Chill Rónáin agus sílim go raibh a’ tarraingt ar cheithre scór a’ gabháil ag scoil Cill Éinne. Bhí, ceart go leor bhí gasúir as Eochaill a’ teacht ag a’ scoil i gCill Rónáin. Dúradh liom, bhí muinn a’ caint, níl sé i bhfad ó shin agus dúradh liom go raibh níos mó ná céad tríocha sé a’ gabháil ann roimh mo linn sa.

MÁIRÍN: Agus a’ gcuimhníonn tú ar mórán a chuaigh ar scoil leat nó a’ bhfuil mórán acub beo inniu?

JOHN: Á tá, tá cuid mhór acub imithe ar shlí na fírinne, tá cuid acub, beirt nó triúr in Australia, New Zealand, beirt nó triúr no ceathair i Meiriceá.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Cúigear i Meiriceá sílim uilig, beirt nó triúr anseo ar an oileán fós agus go leor cailíní, tá cuid go na mná iad fhéin imithe ar slí na fírinne. Nuair a stop mé ag an scoil sin thíos ansin d’oscail Tech thuas an áit atá, thuas ag na cottageachaí.

MÁIRÍN: Ó an áit a bhí sean teach an nurse?

JOHN: Sea.

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Sin é an áit anois a chuaigh mo athair ag a’ scoil ann agus chuaigh sé ag a’ scoil freisin ag an áit atá, a bhí na Scanlons sin, thuas ag tí Thornton, eh bhí sé i ngarr go tí eh, tá sé ag Thornton anois.

MÁIRÍN: An Residence, ab ea? Scoil, ní hé?

JOHN: Sea, An Residence a ghlaotar air anois, sea.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bhí sé a’ gabháil ag a’ scoil ansin ach sílim gur ag Protastúnaigh a bhí sé a’ gabháil an t-am sin. Bhí sé tamall maith sílim a’ gabháil ag scoil Protastúnach mar bhí dreabhar leis an t-am sin, bhí sí fhéin sílim, mar mhú[inteoir], bhí sí a’ múnadh scoile thoir ansin eh, eh le taobh an bhóthair, botháinín beag ós cionn go tí mhac Antoinín ansin eh thabharfadh siad hedge schools orthub an t-am sin.

MÁIRÍN: Ó bhí dreabhar le dadó a’ ….

JOHN: …. Sea, le m’athair.

MÁIRÍN: Le t-athair, yeah.

JOHN: Sea, is iomaí uair a d’airigh mé é a rá go raibh naonúr Protastúnachaí a’ gabháil ag a’ scoil in éineach leis. Bhí aithne mhaith aige ar na Chards sin a bhí ansin thuas.

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Ó bhí, bhí, bhíodh sé, bhíodh sé, bhíodh siad a’ tabhairt go leor leabhra dhó agus rúdaí gon t-sóirt sin. Is iomaí uair a d’airigh mé dhá rá é.

MÁIRÍN: Agus nuair a bhí tú a’ gabháil ag a’ Tech sin, an áit a bhí teach an sean nurse, cé a bhí a’ múnadh ansin, cé eh a bhí a’ múnadh ?

JOHN: Bhuel bhí, bhí go leor mná ansin, bhí máthair an, do mháthair ann beannacht Dé lena h-anam agus bhí Ethna Flemming agus go leor acub, eh bean PJ Mullen, beannacht Dé lena n-anam agus bhí, ní chuimhním anois air

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach bhí tuairm ’s seacht dhuine dhéag ….

MÁIRÍN: …. A’ gabhail ….

JOHN: …. lads a’ gabháil ann.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Siúinéireacht a bhí mise [ag déanamh] ann. Coirrín an chéad múinteoir a bhí a’inn. By dad anois ní chuimhním ar an ainm “__+”….

MÁIRÍN: …. Á sea ….

JOHN: …. A bhí ar “___+”

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

JOHN: Chaithfeadh muinn an Angelus a raibh a’ bhfuil ’fhios a’d chuile mhaidin ’s chuile am dinnéir ’s rud gon t-sóirt sin agus eh (gáire) tá ’fhios a’m an lá seo thosaigh mé fhéin ag aithris air, ní raibh sé a’ teacht a’ bhfuil ’fhios a’d, chaithidís uair ag an dinnéar agus bhí muide istigh. Dúirt mise ansin “breathnaigh déarfaigh mise an Angelus, cén dochar déarfaigh mé an Angelus” ach nár shiúl sé isteach nuair (gáire) a bhí mé a’ rá an Angelus, bhí mé a’ rá an Angelus. Chuir sé taobh amuigh gon doras mé. Chuir sé, chuir sé taobh amuigh gon doras mé agus bhí mé ansin b’fhéidir uair, cheap sé go ngabhadh mé abhaile ach ní ghabhainnse abhaile, no way, ach chuaigh sé isteach ansin aríst ann agus dúirt sé “ná bí dhá rá sin níos mó”, a’ bhfuil ’fhios a’d “ná bí ag aithris ormsa níos mó”

MÁIRÍN: So eh a’ rinne tú aon obair in Árainn sul ma d’imigh tú, mar shampla an ceilp nó, ní raibh tú ag obair ar na bóithrí, a’ raibh John?

JOHN: Trí seachtainí, sílim.

MÁIRÍN: Ó a’ raibh? (gáire)

JOHN: Trí seachtainí (gáire). Bhuel seod é anois théis mé theacht amach as an arm, thréis me a theacht amach as an arm é sin mar fuair mé litir uaidh an t-arm mar bhí mé sna innealtóirí san arm agus thug siad litir dhom “seo anois litir dhuit, féadfaidh tú a dhul isteach agus boss a’ bith atá ar an oileán (gáire) a chaith amach as, (gáire) a chaith amach as a jab ach eh níor chríochnaigh mé faoi, faoin Tech sin, nuair a bhí muid a gabháil aige, thosaigh muid drama ann.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Drama agus drama thar cionn uilig a bhí ann ach nár tháinig Fr. Killeen thuas a’inn, an sagart agus dúirt sé “ní fhéadfaidh sibh an drama sin a bheith agaibh ach Ethna Flemming beannacht Dé lena h-anam, sí a bhí ehm, mise a bhí, bhí mise i mo dhochtúr a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus chaithfeadh mé Ethna a fhreagairt agus an t-am sin bhíodh geansachaí anseo, bhíodh bioráin anseo sna geansachaí a’ bhfuil ’fhios a’d agus nár thóg mé bioráin as geansaí Stevie Kilmartin agus bhí sé a’m agus nuair (--) Na focla a bhí a’msa, cuimhneoidh mé go brách air ha, ha, ha, ní, ní, ní hí an bhréag a tharraingeoidhs “__+” dúirt sé gur measa bean ná an diabhal fhéin, ansin chaithfeadh Ethna mé a fhreagairt a’ bhfuil ‘fhios a’d.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Agus nuair a d’fhreagair Ethna thug mé prod gon bhioráin di (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

JOHN: (Gáire) Ó is beag nach ndeachaigh an múinteoir as a chiall. Ach tháinig, nár tháinig Killeen isteach

MÁIRÍN: Hm. Níor thabharfadh sé cead dhíbh é a dhéanamh ….

JOHN: …. Ó stop sé, léigh sé an drama a’ bhfuil ’fhios a’d , stop sé right away é.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

JOHN: Bhí sé dána a deir sé.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus dá mbeadh sé ann inniu

MÁIRÍN: So, bhí tú a’ déanamh ceilp John?

JOHN: Bhuel, rinne, rinne. Ní mórán ceilp a rinne mé ach rinne mé é. Tá fhios a’m oíche amháin, cuimhneoidh mé go brách air, bhí muid thíos ag damhnsa ansin agus dúirt an sean lead “breathnaigh” a deir sé “beidh feamainn a’ gabháil i dtír anocht nó ar maidin ag a haon a chlog agus nuair atá sibh ré a’ damhnsa thíos ansin téighre síos le na gcuid pící”. Ach amach linn, thug mise síos na pící, chuir muinn i bhfolach iad sul chuaigh muinn ag a’ damhnsa agus nuair a bhí an damhnsa thart rinne muinn margadh le na Kilmartins a dhul síos a’ bhfuil ’fhios a’d freisin.

MÁIRIN: Hm.

JOHN: Bernie agus Stevie. Ach nuair a bhí an damhnsa thart chuaigh muid amach agus thóg muinn na pící, síos linn agus amach sa bhfarraige a' bailiú an fheamainn (gáire) go dtí an ceathair a' chlog ar maidin gur bhailigh muid an fheamainn uilig ón Leachta go ndeachaigh muid síos go, go dtí corr an bhóthair cuimhneoidh mé ar an méid sin anyways.

MÁIRÍN: A' gcuimhníonn tú a bheith dhá dhó le t-athair ná ?

JOHN: Hea?

MÁIRÍN: Nuair a bhídís a' dó an ceilp ná rud ar bith mar sin ….

JOHN: …. Á cuimhním go maith, cuimhním go maith. Eh ….

MÁIRÍN: …. Agus cén sort feamainn a bhíodh agaibh, a’ raibh ?

JOHN: Bhuel feamainn dearg .

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí feamainn dearg, bhí slat mara, feamainn Bhealtaine, tá sé, tá sí a’ teacht isteach anois an feamainn Bhealtaine, an t-am seo bhliain a thagann sí isteach i gconaí.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach eh, ansin bhí feamainn eile ann nár cheart a úsáid, ruánach a bhí ….

MÁIRÍN: …. Hm.

JOHN: Bhí siad a’ rá nach eh, ’bhfuil ’fhios a’d bhí sí trom nuair a dhófá í ….

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Ach bhí siad a’ rá nach dtógadh sí an teist mar a ghlaoidís air.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: ’Bhfuil ’fhios a’d, ní raibh an, ní raibh an stuif ceart inti ach by dad ghlaoinnse bréagadóir orthub sa lá atá inniu ann, mar d’fhás misepumpkin thíos ansin ar ruánach a bhí céad meáchan. That’s right, that’s right. Céad meáchan a bhí sí.

MÁIRÍN: Agus a’, ní bhíodh na mná a’ déanamh an ceilp, a’ mbíodh?

JOHN: Ah ní bhíodh, ní bhíodh ach bhídís a’ piocadh charraigín agus faochain.

MÁIRÍN: Sea. Ach ní bhídís a' déanamh aon cheilp?

JOHN: Bhuel b’fhéidir anois dhá mbeadh go leor feamainn le bailiú.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Le bailiú. Chonaic mé mo mháthair cúpla babhta thíos ann a’ bailiú airgead [feamainn a bhí i gceist aige] agus bhíodh Stiofán Cháit a’ bailiú airgead nó eh, nó eh ….

MÁIRÍN: …. Feamainn.

JOHN: A’ bailiú, a’ bailiú feamainn.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Eh, bhí go leor daoiní in Árainn an t-am sin a’ déanamh an cheilp, ní mórán nach raibh. Bhí Joe Watty é fhéin a’ déanamh ceilp.

MÁIRÍN: Agus a’ raibh mórán airgead as a' gceilp, a’ gcuimhníonn tú?

JOHN: Ní raibh….

MÁIRÍN: …. Ní gheobhaidís ….

JOHN: …. Ní raibh, an rud is mó a fritheadh ná trí phunt an tonna agus ba mhaith an, ba mhaith an tornóg a dhéanfadh trí phunt an tonna. Bhí argóint, ó bhuel ní argóint a bhí ann ach déarfa mé píosa cainte faoi na bróga a bhí tú a’ caith a’ déanamh an ceilp, dhá ngabhfa déarfa mé ag gréasaí agus a rá leis péire bróga maith a dhéanamh dhuit, péire bróga tairní, bhuel (gáire) d’íocfá suas le cúig déag, cúig scilling déag ar, air agus ní gheobhfá (gáire) ní gheobhfá ar ceilp, ar an ceilp ach b’fhéidir dhá phunt cúig déag nó b’fhéidir trí phunt, trí phunt tops mar a déarfá. Is maith an ceilp í a ghabhadh trí phunt an t-am sin.

MÁIRÍN: Agus cé a choinneoidh an cheilp an t-am sin, cé a bhíodh dhá coinneál nó cá stóráilidís é nó?

JOHN: Bhuel sílim an, a bhformhór na ceilpe a d’fhágadh an áit seo ghabhadh se díreach go Sasana.

MÁIRÍN: Ach cé na agents a bhí in Árainn acub mar a déarfa?

JOHN: Ó eh, ehm Kate Neid Bháin.

MÁIRÍN: A bhí i gCill Rónáin?

JOHN: Sea, Concannon eh, Rowland a bhíodh air.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bean Rowland.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh sé thíos ag a’ store sin an áit a bhí an Tourist Office ansin ….?

JOHN: …. Sea, an áit atá an (gáire) an áit atá an eh (gáire) faoin charcair ansin.

MÁIRÍN: Ansin a bhíodh sé.

JOHN: Ansin a bhí sé, sea. Sé an fáth atá mé a’ gáirí a’ bhfuil ’fhios a’d dhá mbeadh sí beo inniu agus an áit a fheiceáil a’ bhfuil ’fhios a’d (gáire)

MÁIRÍN: Ehm, a’ gcuimhníonn tú John ar na timeannaí agus ar na damhnsaí agus cé a bhíodh a’ casadh ceol an t-am sin?

JOHN: Á cuimhním, cuimhním, cuimhním go maith.

MÁIRÍN: A’ mbíodh siad ar an Alley agaibh nó a’ mbíodh siad sna tithe nó san?

JOHN: Níor iarr tú riamh dhíom cén bhliain a rugadh mé.

MÁIRÍN: Ach sure tá fhios a’m cén aois thú so (gáire) Cén bhliain a rugadh thú, a John?....

JOHN: …. Tá, ní shin é, mar ….

MÁIRÍN: …. Ba mhian liom é a fhiafraí díot ach rinne mé dearmad air.

JOHN: Bhuel inseoidh mise duit anois an scéal sin. Chuaigh mo mháthair síos a’ bleán bó, a’ bleán bó agus thug sí tin can lei agus casadh uirthi “___+? Kelly.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Díreach ag an bearna a’ gabháil isteach sa Sián, “Joe? a deir sí “a’ mbeidh tú i bhfad?, “ó ní bheidh? a deir Joe, “bligh mé an bó? “bhuel fánóidh tú liomsa? a deir sí “mar sílim tá mé théis an uisce a bhriseadh ach bligh mé an bhó anyways?

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhligh sí an bhó agus thug Joe cúnamh di le dhul abhaile, “anois? a deir sí “tá sé chomh maith dhuit ritheadh síos ag iarraidh an dochtúr?, dochtúr Ó Briain a bhí ann ach nuair a tháinig an dochtúr aníos bhí John ar an leaba.

MÁIRÍN: (Gáire)

JOHN: (Gáire) Sin é anois é.

MÁIRÍN: ’S mamó bocht, tar éis a bheith a’ bleán.

JOHN: That’s right.

MÁIRÍN: So cén bhliain é sin anois, a John?

JOHN: Naoi déag fiche ’s a haon.

MÁIRÍN: Naoi déag fiche ’s a haon….

JOHN: …. Sea ….

MÁIRÍN: Yeah, ach a’ gcuimhníonn tú a’ raibh sibh ag an Alley Ball nó sna tithe ….?

JOHN: Á bhíodh ansin, ansin thoir, ansin thoir, sin é, sin é an áit a bhíodh an damhnsa is mó uilig sa, lá, amanntaí an, lá an Pátrún mar a déarfá, an naoú lá fichid go June.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: I gcónaí, gcónaí, gcónaí thoir ansin ….

MÁIRÍN: …. Ag an Alley Ball?

JOHN: Ag an Alley Ball, sea.

MÁIRÍN: Á.

JOHN: Bhíodh triúr nó ceathrar a’ casadh an accordion. Bhíodh eh Matty Jack agus ….

MÁIRÍN: …. Hm ….

JOHN: …. a dhearthár, a dhearthár ….

MÁIRÍN: …. Peaitín.

JOHN: Sea, Peaitín, a’ casadh ann.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhíodh ehm Jaimsie thiar, a’ casadh ann, Peaitsín Jaimsie a’ casadh ann.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí lead eicínteacht eile anois, ní chuimhním air, as a’ gceann thiar agus bhí fear eicínteacht leis an veidhlín….

MÁIRÍN: …. ’a raibh ….?

JOHN: …. Bhí greada ceol ann anyway, bhí greada ceol ach b’fhéidir a’ bhfuil ’fhios a’d, cheap muide an t-am sin gur an-cheol uilig a bhí ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach a’ bhfuil ’fhios a’d mar gheall ar eh ní fhaca muinn tada eile an dtuigeann tú ach an cineál ceol a bhí anseo ach ina dhiaidh sin bhí muid in ann deatach a bhaint as an, as na, as na leacrachaí.

MÁIRÍN: Ach ba bhin é lá, mar a déarfá an Pátrún, lá Peadar ’s Pól ….

JOHN: …. Lá an Pátrún, sea….

MÁIRÍN: …. Ach céard faoi mar déarfá Dé Domhnaigh ….?

JOHN: …. Á sea, á tráthnóna ….

MÁIRÍN: …. Tráthnóna.

JOHN: Tráthnóna, á sea. Théis, á tráthnóna. Cailíní uilig ….

MÁIRÍN: …. Sa Samhradh mar a déarfá ….

JOHN: …. Bhuel ní raibh tada eile ann.

MÁIRÍN: Sa Samhradh mar a déarfá.

JOHN: Sa Samhradh, sa Samhradh.

MÁIRÍN: Bheadh sé ann freisin.

JOHN: Agus bhí, bhíodh ag iarraidh a bheith eh, Ar ndóigh bheadh an sagart ansin a’ siúl siar, scaipidís ansin, rithidís ansin ar nós, (gáire) á sea.

MÁIRÍN: Agus a’, agus a’ mbíodh aon amhránaí cáiliúla a’ casadh amhráin ann? A’ mbídís a’ casadh amhráin ann?

JOHN: Á bhíodh go leor, bhíodh go leor sean daoiní a’ casadh amhráin.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: O bhíodh go leor, leor sean daoiní bhíodh, tá Peter a’ Bheagach beo fós ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. agus bhíodh sé a’ casadh amhráin, bhí sé. Bhíodh na Tights [O Briens] sin, Antoine Tight.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus a dhearthár, bhuel bhíodh a dhearthár a’ déanamh amhráin.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Tyrell a ghlaoidís air.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: A’ déanamh amhráin agus amhráin maith agus bhíodh athair an cailín sin é fhéin, bhíodh (gáire) bhíodh corr scéal maith aige agus corr amhrán maith aige. Anthony. [Antoine Tonaí Ó Flaithearta]

MÁIRÍN: A’ mbíodh sé i mBéarla nó i nGaeilge a chasaidís meas tú? Nó chaon, Béarla agus Gaeilge?

JOHN: Bhuel, an baile seo tá sé chomh maith dhom a rá, bhí níos mó Béarla ann nuair a bhí mise i mo ghasúr ar an mbaile seo ná bhí Gaeilge.

MÁIRÍN: Ach na hamhráin, chasaidís i mBéarla iad, ab ea?

JOHN: Á ní hea, bhí, bhí go leor amhráin Gaeilge acub.

MÁIRÍN: Ó a’ raibh?

JOHN: Á bhí, bhíodh….

MÁIRÍN: …. Sin é an fáth atá mé ag iarraidh, yeah….

JOHN: …. Á bhí.

MÁIRÍN: Bhí, bhí go leor amhráin Gaeilge.

JOHN: Á bhí, bhí go leor amhráin Gaeilge acub, bhí.

MÁIRÍN: An t-am sin?

JOHN: Cuirim i gcás anois níor airigh mise m’athair cuirim i gcás, níor airigh mise m’athair ariamh a' casadh amhrán a' bith

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ariamh gur tháinig mé as Meiriceá.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Cheap mé nach raibh sé in ann, agus an chéad focla a tháinig amach as a bhéal ná amhráinín beag Gaeilge.

MÁIRÍN: Ó ab ea?

JOHN: Sea amhráinín beag Gaeilge.

MÁIRÍN: Yeah, mar feicear dhomsa go, Dara [dearthár do John] anois sa lá atá inniu ann

JOHN: Sea?

MÁIRÍN: Amhráin Béarla ar fad a d’airigh mise Dara a casadh….

JOHN: …. Bhí go leor amhráin Béarla ag Dara.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Bhí, bhí.

MÁIRÍN: Now so bhí tú a’ gabháil amach ag na steam trawlers agus a’ cuartú cognac John, a’ raibh?

JOHN: Bhí (gáire), bhíodh, á bhí, bhí, bhí, bhí mé fhéin agus t-athair beannacht Dé lena anam agus Cóil Flaherty, beannacht Dé lena anam, an fear bocht, thoir ansin anois le taoile ard. A’ bhfeiceann tú an áit sin a’ gabháil isteach ansin

MÁIRIN: Hm.

JOHN: Faoi an, faoi an Pump road ansin

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Chuir muinn sé mhála dhéag fataí isteach i gcurach ann agus (--) Nuair a bhí muid a’ gabháil amach níor choinnigh muinn an curach ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. Sách fada an taobh seo, nár chuir muinn suas ar an gcarraig í agus nár bh’éigean dhúinn na málaí a bhaint asti agus iad a iompar isteach ar a ndromannaí aríst gur chuir muinn ar a’ gclaí iad.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Gur chuir muid ar a’ gclaí iad, gur bhain muid an curach gon fheamainn, chuir muinn isteach aríst í, chuir muinn na fataí isteach inti agus b’éigean dúinn siúl amach leis a’ gcurach.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Chuaigh muid isteach ansin fear i ndiaidh fear isteach sa gcurach go ndeachaigh muinn amach agus fuair muid thirty, sé bhuidéal, bhuidéal déag agus fiche cognac ach d’oscail muinn thuas ag a’ teach é agus do mháthair beannacht Dé lena hanam “sílim” a deir sí “go mbeidh braoinín a’msa gon stuif seo” agus d’oscail sí an buidéal, chuir sí braoinín isteach, fuair muid uilig, a’ ceapadh i gcónaí gur fíon a bhí ann a’ bhfuil ‘fhios a’d.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Chuir sí braon agus d’ól, céard a bhí aici ach uisce sáile. Dummer ar an chéad cheann a fuair sí ná ….

MÁIRÍN: …. Uisce sáile ….

JOHN: …. Uisce sáile, á tá muid bánaithe, tá muid bánaithe, tá muid bánaithe ach ocht gcinn, ocht dummy, sea

MÁIRÍN: Agus bhí fíon sa gcuid eile, a’ raibh?

JOHN: Á bhí siad go maith. Á bhí an stuif eile go maith, ó fuair muinn margadh maith, margadh maith.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Chuaigh mé fhéin amach oíche amháin, beirt lads eile agus fuair mé seacht mbuidéal déag ar mála plúr a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Thug mé ceathracha sé buidéal síos Gaillimh agus, ag teach ósta i nGaillimh agus fuair mé deich scilleacha an buidéal.

MÁIRÍN: Orthub.

JOHN: Sea. Ba mhór an lán é sin ….

MÁIRÍN: …. Ba mhór an lear é a sin, an t-am sin….

JOHN: …. Ba mhór a’ lán airgead é an t-am sin.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Ach eh bhí mé i mo shuí ag a' tine oíche amháin agus bhí an sean lead agus é a' léamh (gáire) agus eh cé a shiúladh isteach ach, ach an garda, MacBride. Bhreathnaigh sé suas right away agus ní thabharfadh sé cead dhó labhairt. “Bhuel? a deir sé “tá beirt nach dtaitníonn liom ariamh a theacht isteach i mo theach? a deir sé “garda nó sagart, má thagann aon duine acu sin isteach i mo theach, tá rud eicínt suas agus mas é do thoil é? a deir sé “níl tada thuas sa teach seo, iompaigh ar do chois anois agus go amach an doras? (gáire) agus nár chas sé ar a chois, chas sé ar a chois agus chuaigh sé amach a' doras. Agus bhreathnaigh sé ormsa “bhfuil aon cheo gon diabhal go stuif sin a'd?, níor ól sé fhéin ariamh ach cúpla babhta, d’airigh mé.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: “A' bhfuil aon cheo?, “tá? a deirimise “Á as ucht Dé ort agus cuir i bhfolach iad?. Cuir i bhfolach, cuir i bhfolach. Ach sin é an chaoi a bhíodh an cognac ….

MÁIRÍN: …. An Cognac agaibh. Ehm a' mbíodh tú ag imirt peile agus cén áit, meas tú?

JOHN: Á bhíodh, bhíodh muid ag imirt thíos sa Moinéar, cuid Neid Bháin, talamh Neid Bháin ansin. Bhíodh muid corr uair thíos tí Joe Watty, go ritheadh sé, ó go deimhin ní go minic a ritheadh an fear ina ndiaidh ach

MÁIRÍN: Bíonn an Moinéar i Mainistir ab ea, cá raibh na Moinéar?

JOHN: Thíos eh, thíos faoi tí Maidhcí Joyce ansin ….

MÁIRÍN: …. Sea, sea thíos ansin yeah.

JOHN: Sea.

MÁIRÍN: Oh yeah, yeah.

JOHN: Ach bhíodh muid a’ tarraingt téide freisin agus chuile rud thíos tí Joe Watty, sin é an áit a bhíodh na spóirt, a’ bhfuil 'fhios a’d.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh go leor lads ag imirt an t-am sin thíos ar an Móinéar?

JOHN: Á bhíodh go leor, bhí go leor daoiní in Árainn an t-am sin.

MÁIRÍN: An t-am sin.

JOHN: Ó bhí go leor daoiní in Árainn. Bhí, bhí, (--) 'Speainn Pat Joe Gill dhomsa nuair a tháinig mé as Meiricea, ’speainn sé leabhar dhom.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “Breathnaigh a John” a deir sé, “sin é, seod é an liosta anois a fuair mé, a chuaigh Blá Cliath”. Bhí trí mhíle, seacht gcéad duine ar Inis Mór

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: In ocht déag, in ocht déag fiche ’s a haon.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: An bhliain a rugadh thusa a deir sé, i naoi déag fiche ’s a haon, bhí dhá mhíle trí chéad daoiní ar an oileán, i naoi déag fiche ’s a haon.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Agus i naoi déag naocha (gáire) haon ní raibh ach naoi gcéad daoiní air.

MÁIRÍN: Yeah. So bhíodh tú a’ friotháil Aifreann freisin, John.

JOHN: Á bhíodh (gáire), á bhíodh (gáire), bhíodh.

MÁIRÍN: Cén sagart a bhí ann an t-am sin?

JOHN: Bhuel, á go deimhin bhí duine uasal ceart, bhí Fr. Egan ann. Agus, ach eh chaithfeadh eh, ba shin é an sagart paróiste….

MÁIRÍN: …. Sea.

JOHN: Á duine uasal críochnaithe a bhí ann.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Á sea, mar deireanns an Béarla gentleman críochnaithe a bhí ann.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Ach bhí Ó Domhnaill, Fr. O’Donnell.

MÁIRÍN: Ó bhí sé, bhí tusa aige sin.

JOHN: Á bhí sé, bhí sé cat uilig, bhí.

MÁIRÍN: Sin é an séiplíneach a bhí ann mar sin?

JOHN: Sé, sé, sé. Bhí sé go dona, bhí sé, bhí sé thar a bheith go dona, an fear bocht. A’ bhfuil ’fhios a’d thiocfadh sé isteach sa scoil agus an chéad rud chaithfeá a bheith bhuel, an Angelus a’ bhfuil ’fhios a’d, chaithfeadh tú a bheith in ann é sin a rá agus ansin d’fhiafraidh sé dhiot faoi na (gáire) dheisceabail agus é seo (gáire) mara mbeadh fhios a’d ansin é thiocfadh sé anuas agus slab isteach san, bhuel b’fhéidir nach dtabharfadh sé ceann an-trom dhuit ach d’aireofá é a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: D’aireofá é, a’ bhfuil ’fhios a’d. Ba deacair an fear bocht, bhuel b’fhéidir nach raibh sé chomh dona agus atá cuid acub a’ rá ach bhí sé sách dona, sách dona.

MÁIRÍN: So bhíodh Laidin ag a’ scoil agaibh, a mbíodh, an t-am sin?

JOHN: Céard?

MÁIRÍN: Bhíodh Laidin agaibh sa scoil, a’ mbíodh agus ag an Aifreann ….?

JOHN: …. Ó bhíodh, ó bhíodh, bhíodh. Cuimhním chuaigh mé fhéin agus (--) Bhí misinéaraí a’inn, chuaigh mé fhéin agus Paddy Gill, beannacht Dé lena anam, bhí muid a’ friotháil Aifreann ach dúirt mé le Paddy “breathnaigh” a deirmse, “gabh muinn isteach tí Rowlands agus gheobhaidh muid cúpla ullaí go na crainnte, bhí go leor ullaís ann ach, treabhsar gearr a bhí orainn ach chuir mise trí, trí ulla síos i mo phóca sa agus péire sa bpóca eile, rinne Paddy an rud céanna ach mise a bhí chun tosaigh, bhí mé a’ ’speáint an, an eh le Paddy a’ bhfuil ’fhios a’d, an Aifreann a friotháil, d’iompaigh sé timpeall, O’ Donnell, agus dúirt sé orate fratris agus chuaigh mé fhéin ar mo ghlúin agus nár thit ceann go na hullaís amach agus thosaigh sé a’ ritheadh timpeall. Bhuel lig sé aon bhéic amháin (gáire), lig sé aon bhéic amháin (gáire) Ach by dad nuair a chuaigh muinn isteach ní dhúírt sé tada liom, ní dhúírt, ní dhúirt.

MÁIRÍN: Nuair a d’fhág tú oileán, an oileán ar san arm ar dtús ab ea a chuaigh tú?

JOHN: Á bhí, bhuel eh

MÁIRÍN: An arm ….

JOHN: …. Thóg, thóg mé teach Dara [a dhearthár] nuair a bhí mé seacht mbliana déag g’ aois.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus bhí mé ag obair ar teach Maidhc, Birdín Gill mar a ghlaoidís air.

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Bhí mé théis staighre agus partition agus rudaí gon t-sóirt sin.

MÁIRÍN: Sin é an teach nua mar a déarfá?

JOHN: Sé.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Nuair a tháinig Paddy Gill isteach ann

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “A dhiabhal, a John” a deir sé “liostálfadh muid, “cá ’l tú a’ gabháil?”, “san arm” a deir sé. “Is cuma liom” a deir mise chaith mé an saw agus amach liom agus bhí dochtur ansin sa station a’ tógáil ainmneachaí.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach bhí chúig, bhí chúig dhuine dhéag agus fiche idir an trí oileán ann. Ní dheachaigh siad uilig ann ach chuir siad síos a gcuid ainmneachaí ….

MÁIRÍN: …. Sea, a gcuid ainmneachaí.

JOHN: Beirt, níor tógadh iad mar gheall ar bhí eiteann orthub….

MÁIRÍN: …. Eiteann, á bhí eiteann ann an t-am sin.

JOHN: Á bhí sé go dona an t-am sin.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bhuel chuaigh muinn san arm anyways agus ach bhí, bhí mé chúig mhí nó sé mhí ar an Rinn Mhór agus bhí mé cineál a’ fáil fed up dhó nuair a bhí an traenáil thart.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Agus dúirt mé, chuaigh mé ag fear a bhí, bhíodh siad a’ cuir suas hutannaí timpeall a’ bhfuil fhios a’d, ’s chuaigh mé aige “Serg” a deirimse “meas tú a’ bhféadfadh mé a ghabháil isteach sna hinnealtóirí”

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “Bhuel, cuirfidh, ar rinne tú aon cheo?”, “ó rinne mé beagáinín” (gáire) a deirmise, “ bhuel a’ bhfuil tú in ann tairne” “bhuel níl mé ró-dhona”. Phébí é chuaigh mé isteach sna hinnealtóirí agus chuaigh mé suas go Athlone agus bhí sé difríocht, thosaigh siad a’ bhfuil ‘fhios a’d a’ speáint dhuinn le explosives a dhéanamh ….

MÁIRÍN: …. Hm….

JOHN: …. Agus le droicheadachaí a chur in aer agus rudaí gon t-sóirt sin agus bhí mé cineál sásta leis sin, bhí mé sásta leis ….

MÁIRÍN: …. Ó sea.

JOHN: Cuireadh ar cúrsa ansin mé suas go, go, go ehm Curragh agus casadh fear orm as Conamara, fear deas, ní chuirfidh mé aon ainm anois air a’ bhfear seo ….

MÁIRÍN: …. Hm ….

JOHN: …. agus Macintyre as Donegal agus lead eile as, Goithín as Ciarraí. “Cá ’l sibh a’ braith ar a dhul?” a deirimse. “Bhuel a’ bhfuil ’fhios a’d cá bhfuil muid a’ braith ar a dhul anois” a deir sé

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “Tá muinn a’ braith ar a dhul go, gon North go liostálfadh muid in arm Mheiriceá”.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: “A’ bhfuil aon (--) “By dad, is cuma liom” a deirimse. Suas linn, suas linn as Curragh, fuair muinn long weekend pass.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Suas linn agus an chéad rud a d’fhiafraigh sé dínn ar rugadh i Meiriceá sibh

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Rugadh fear Chonamara ann.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Rugadh, agus tógadh right away é, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Ach níor rugadh muide ann, níor rugadh muide ann.

MÁIRÍN: Ó so níor tógadh sibhse.

JOHN: Chuaigh muid ar ais aríst anyways, chuaigh muid ar ais aríst (gáire) agus b’éigean dúinn fanacht ansin go, go raibh an arm thart.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Fuair mise cineál straidhp nó phébí céard a ghlaos tú air.

MÁIRÍN: So nuair a bhí tú san arm John sea a tógadh na ehm ….

JOHN: …. Á sea.

MÁIRÍN: Éire sin atá ….

JOHN: …. Eire ….

MÁIRÍN: …. atá i mBungabhla.

JOHN: That’s right.

MÁIRÍN: Cén fáth ar tógadh iad sin?

JOHN: Go bhfeicfeadh na eitleán iad.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Sea, chaithfidís a bheith dhá scór troigh ar fad.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus chuig troigh dhéag ar leithead.

MÁIRÍN: Yeah, agus cé bhí leat dhá dtógáil ann, a’ raibh an arm aníos nó céard?

JOHN: Bhí eh deichniúr agus oifigeach agus sergeant.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Na hinnealtóirí mar a déarfá.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Sea. Agus chuaigh ceann thuas in Acaill, ceann in Árainn, ceann thíos i Contae an Chláir.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus ceann thíos i gContae Chiarraí.

MÁIRÍN: A’ raibh, ní raibh ceann a’ bith mar sin tógthaí ag a’ tower, a’ raibh?

JOHN: Ní raibh ach ….

MÁIRÍN: …. just i mBungabhla?

JOHN: Ní raibh ach ….

MÁIRÍN: …. Bhí tusa .

JOHN: LDF ab ea, LD bhí t-athair a’ baint leis an

MÁIRÍN: Ó sea, ní chuimhním cén t-ainm, yeah

JOHN: LDF ab ea?

MÁIRÍN: Sea, sin iad a thóg é sin.

JOHN: Tower watch é sin le, le súil a choinneál soithigh mhóra a’ gabháil trasna.

MÁIRÍN: Sea, ach ní raibh aon rud Éire tógthaí thuas ansin, a’ bhfuil?

JOHN: Ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Níor thóg an arm tada thuas ansin?

JOHN: A níor thóg, níor thóg.

MÁIRÍN: As cloch ab ea a thóg sibh é?

JOHN: Ba dhea.

MÁIRÍN: Ó ba as clocha é. Ní fhaca mé é sin ariamh

JOHN: Sílim gur cúig thonna, cúig thonna suimint a bhí ann agus sílim go raibh suas le céad go leith galún péint ach ní fhaca muinn leath an péint, goideadh an chuid

MÁIRÍN: I mBungabhla, muintir mBungabhla ?(gáire)

JOHN: Á ní hea, in Eochaill a bhí sé, in Eochaill a bhí sé. I mBungabhla a rinneadh é ach

MÁIRÍN: In Eochaill a bhí an péint agaibh, á sea.

JOHN: Sea.

MÁIRÍN: So nuair a chuaigh tú go Meiriceá John, ar bhád a chuaigh tú?

JOHN: Sea.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú cén t-ainm a bhí ar a’ mbád nó ….?

JOHN: …. Naoi déag, naoi déag ceathracha seacht. Marine Flasher, troop ship a bhí inti.

MÁIRÍN: Yeah. A’ raibh aon dhuine as Árainn leat?

JOHN: Ní raibh, bhuel bhí muid cheithre lá thíos, bhí, bhí bád le bheith a’inn amáireach déarfa muid.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Chuaigh muinn síos inniu agus cuimhneoidh mé bhí, bhí yank as Cill Éinne ann, dearthár go Peaitín Tom Gill, Tom, Tom ….

MÁIRÍN: …. Thomas Gill ….

JOHN: …. A bhí air, Thomas a bhí air.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Thomas a bhí air. Ach eh by dad tá mé, bhí siad a’ caint air ach caithfidh mé rud amháin a rá leis a’ bhfear

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Is iomaí chúig phunt a thug sé go na lads mar ní raibh pingin ná leathphighin a’inn ag a bhformhór ann, ní raibh, bhí sé chomh

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Bhí Éireann an t-am sin chomh bocht le, chomh bocht le aon áit a chonaic mé ariamh i mo shaol. Chuaigh muid suas Blá Cliath

MÁIRÍN: B’éigean díobh a dhul ag an Consul, nár bh’éigean?

JOHN: Á b’éigean, á b’éigean dhúinn, á chuaigh, b’éigean dhúinn a dhul ag an consul agus bhí, bhí ceathrar a’inn, chall go bhfuil tú a’ caint ar sin, bhí ceathrar a’inn agus chuaigh muid amach, bhí muid a’ caint Gaeilge, bhí go leor as Conamara a’ gabháil ag a’ consul an t-am sin. Bhí muinn a’ caint Gaeilge, bhí muid istigh i restaurant beag seo agus d’fhiafraigh duine go na lads “cé, céard a íosfaidhs tú” céard a íosfaidhs tú (gáire) “nach bhfuil sé scríobhta ansin, a bhitch”. Nach bhfuil sé scríobhta ansin a deir sé, nach bhfuil sé scríobhta ansin a deir sé (gáire) Ní raibh siad in ann ….

MÁIRÍN: …. Aon Béarla, sea.

JOHN: “__+” ní raibh siad in ann Béarla, bhí fhios aige ach leigh mé, leigh mé fhéin é anyways agus dúirt sé “bhuel bacon and rasher

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Rashers, sausages, Ba shin é an norm an t-am sin

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Sausages and chips, ba shin iad chuile shórt. Tháinig an cailín anuas agus dúirt sí, bhí muid cineál a’ caint Gaeilge, dúirt an cailín “What are you going to have” “céard a bhéas a’d” Rith sí suas agus dúirt sí “You better go down there, there’s four Spaniards down there” (gáire) “Spanish sailors down there

MÁIRÍN: Bhí tusa in ann a dhul ag an consul leat fhéin so ní raibh gá go aon duine a dhul suas leat.

JOHN: Á ní raibh ….

MÁIRÍN: …. Mar bhí tú thréis a bheith san arm.

JOHN: That’s right, that’s right, sea.

MÁIRÍN: Agus eh dúirt tú ní raibh aon dhuine as Árainn a’ gabháil ar a’ liner.

JOHN: Ní raibh.

MÁIRÍN: Agus cár fhág an liner sin as, as?

JOHN: Troop ship a bhí inti.

MÁIRÍN: Or an Troop ship sin.

JOHN: Sea, tháinig sí as Le Harve. Sé’n chaoi a dhúirt sé leob a theacht go Cobh.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Go raibh triúr nó ceathrar go chéadta daoine i gCobh a’ fanacht leob.

MÁIRÍN: Á.

JOHN: Ach tháinig sí agus chuaigh, chuaigh muid ar bord. Bhuel bhí fear amháin alright agus mhair siad ó dheas dhíbhse, na Coynes

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Bhuel bhí mac leob sin ann.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus ar éigean cuimhmímse nuair a d’fhág siad sin an oileán.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhuel bhí sé sin ar bord mar (--) Anyways inseoidh mé dhuit, nuair, nuair a chuaigh muid amach ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. chuaigh muid ar bord agus chuaigh muid amach agus dúirt sé liomsa “John” a deir sé “ a’ bhfuil mo chuid fiacla sa, a’ bhfuil siad buí” “tá” a deirimse, “tá” “meas tú a’ bhféadfadh mé iad a ghlanadh” “glanadh mise dhuit iad” a deirimse

MÁIRÍN: (Gáire)

JOHN: “Glanadh mé, gheobhaidh mé blade” a deirimse “agus scríobtha mé, scríobtha mé do chuid fiacla” agus bhí beirt dearthár, bhí beirt dearthár as Corcaigh ann, Maloneys a bhí orthub, lads deas, phós duine acub Babby Hernon as Cill Mhuirbhigh ach anyways “a’ bhfuil tú ré” a deirimse, “tá” a deir sé, “tá” “ceart go leor” dúirt mé le Danny deirimse “béarfaidh tusa ar dhá láimh anois air” a deirimse agus, agus chuaigh muid trasna air, shuigh mé ar a chliabhrach agus rug mé ar an mblade agus d’oscail mé a bhéal agus thosaigh mé ag scríobadh na fiacla ach nár éirigh an bád agus tháinig sí agus shá mé an blade isteach ina liopa anseo.

MÁIRÍN: Ó a Mhaighdean.

JOHN: Rug mé ar a liopa mar sin agus bhéic mé “get the ships doctor quick” a deirimse (gáire) “get the ships doctor” ach by dad ní raibh sé i bhfad gur tháinig sé.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: “Good man yourself” a deir sé “hold onto him” Bhuel bhí fuil anois a’ gabháil suas (gáire) a’ buaileadh an áiléar, ó ní hea, bhí sé lán le bráthair

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Mar hammocks a bhí ann a’ bhfuil ’fhios a’d

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Hammocks mar troop ship a bhí inti.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Hammocks, bhuel bhí siad a’ caith amach a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí tinneas farraige orthub. Bhuel bhí siad a’ cur chuile, chuile bhealach, nuair a chonaic siad an fuil a’ bhfuil ’fhios a’d freisin ach (gáire) chuaigh an dochtúir síos ar a dhá ghlúin anyways agus

MÁIRÍN: Shocraigh sé é.

JOHN: Á rinne sé an-jab dhó, rinne sé an-jab. Bhuel ní aithneofá go brách nuair, nuair a landáil muid ….

MÁIRÍN: Sea, go raibh ….

JOHN: …. Ní aithneofá go brách a’ raibh, a’ raibh a leithéide orthu a’ chor a’ bith, no.

MÁIRÍN: Agus ar thóg sé i bhfad díbh a dhul go Meiriceá?

JOHN: Aon lá dhéag.

MÁIRÍN: Agus cén chaoi a raibh an b’ea ar an mbád sin?

JOHN: Ó thar cionn.

MÁIRÍN: Bhí sé go maith.

JOHN: Á bhí an b’ea, bhí

MÁIRÍN: A’ raibh aon dhuine eile i Meiriceá an t-am sin leat? A’ raibh Delia i Meiriceá an t-am sin?

JOHN: Bhí sí an t-am sin, bhí, bhí.

MÁIRÍN: Bhí sise imithe sall an t-am sin.

JOHN: Bhí, bhí, á bhí, ní raibh, ní raibh aon bhadráil ormsa….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. Marach, chuaigh mé ag obair lá arna mháireach ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. A’ cuir, a’ cuir slinn ar tithe le m-aint a’ bhfuil ’fhios a’d, fear m’aint bhí sé ina, bhí sé ina chontractor beag a’ bhfuil ’fhios a’d agus ní raibh problem a’ bith a’m faoi sin. Ach ní shin é, an áit a bhí sé, bhí sé i bhfad ó chuile dhuine.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: A’ dtuigeann tú anois mé agus d’fhág mé é agus chuaigh mé suas, aiféal a bhí aríst orm ach however.

MÁIRÍN: So ….

JOHN: …. B’fhéidir go rinne mé níos fearr sa deiridh. Chuaigh mé suas Boston ansin ….

MAIRÍN: …. Á sea ….

JOHN: …. A’ bhfuil ’fhios a’d agus bhí an chraic [ag ól] seo i mBoston.

MÁIRÍN: Á sea (gáire)

JOHN: Chuile oíche, chuile oíche go, chuile oíche go maidin (gáire) a’ bhfuil ’fhios a’d agus dúirt mé caith mé é seo a thabhairt suas. Ansin tháinig an Korean war.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Cogadh agus thosaigh conscription a’ teacht

MÁIRÍN: Hm

JOHN: Thosaigh siad a’ tabhairt isteach, chuaigh Patsy, Michael Hernon agus iad sin isteach.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach bhí mise bliain ró-shean a’ bhfuil ’fhios a’d agus thabharfainn mo dhá shúil le dhul isteach ann agus bhí mé a’ caint le Norwegian, dúirt sé “Johnny” a deir sé “you can go in the construction end of it

MÁIRÍN: M hm.

JOHN: By dad chuaigh mé suas agus dúirt mé go raibh mé sásta a dhul isteach, bhuel má thagann cogadh anois a deir siad piocfar thú thréis an dream seo a bheith maraigh.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: A’ dtuigeann tú anois mé, nuair atá sé sin maraigh, piocfar thusa.

MÁIRÍN: Á sea

JOHN: Is cuma liom a deirimse, gabh mé isteach ann san construction end of it mar a déarfá, a’ déanamh bóithrí ….

MÁIRÍN: …. Hm ….

JOHN: …. A déanamh bóithrí agus droicheadachaí agus chuile shórt gon t-sort sin agus d’fhéadfadh tú cheithre uaire fichid obair a chuir isteach más maith leat é.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach gur am díreach uilig é agus beidh sé, dhéanfadh sé a’ bhfuil ’fhios a’d uaireanntaí do retirement.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: A’ dtuigeann tú anois mé?

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Bheadh retirement an-luath a’d ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. a’ bhfuil ’fhios a’d. Cuireadh go Ohio ansin mé agus an chéad jab a bhí mé air ná sound proof buildáil. Bhí sé naoi troigh déag faoi, naoi, naoi scóra déag faoi thalamh, re-enforced concrete, atomic proof agus chuile shórt gon t-sórt sin. Bhí mé seacht mbliana leis sin agus bhí, thug siad cead dúinn a dhul abhaile ansin ar feadh trí mhí.

MÁIRÍN: M hm.

JOHN: Agus thug siad trí mhí páigh dhuinn

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus chuile shóirt eile agus eh, bhuel bhí sé sin a’ gabháil dhuinn mar ní, ní, níor thóg muid aon páigh. Is iomaí uair, is iomaí uair, is iomaí seachtain a chuir mise isteach dhá sheachtain.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: A’ dtuigeann tú anois mé?

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Agus bhí seacht mbliana déag seirbhís déanta a’m in aon bhliain déag.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: A’ dtuigeann tú anois mé.

MÁIRÍN: So ansin nuair a tháinig tú ar ais go hÁrainn John, thosaigh tú ar an Queen of Aran, is tú an chéad duine a thosaigh ar sin.

JOHN: Bhuel ní shin, ní shin é an chaoi anois a tharla sé ar bhealach, bhuel thosaigh, ó thosaigh, thosaigh. Bhí mé thiar tí Eamonn Toole, ní raibh fhios a’m céard a dhéanfainn liom péin mar bhí mé a’ braith ar pub a bhí thíos i nGaillimh a cheannacht, O’ Flahertys a bhí air i Lower Salthill.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí sé a’ gabháil ar cheithre chéad, cheithre mhíle dhéag punt an t-am sin ach cheannaigh mé teachín beag ann, thug mé trí mhíle punt air agus tháinig mé abhaile.

MÁIRÍN: Hm

BAIRBRE: Cén bhliain é sin John?

JOHN: Sixty eight.

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Eh, chuaigh mé siar tí Eamonn Toole ansin agus bhí mé a’ caint le, bhí mé a’ caint le Eamonn, “cuirfidh mé píosa páipéir a’d” a deir Eamonn “as Bord Fáilte i mBlá Cliath” agus chuir sé a’m é agus chonaic mé go raibh siad ag iarraidh daoiní ehm, báid a fháil.

MÁIRÍN:` Hm.

JOHN: A’ bhfuil ‘fhios a’d le company beag a thosú.

MÁIRÍN: Ó sea, yeah.

JOHN: Agus báid a dhéanamh. Anyway dúirt mé le beirt nó triúr a’ dtiocfaidh tú, dúirt mé le Colm [a nia] (gáire) anyways

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “Ó tá mise a’ gabháil a’ fáil liner” a deir (gáire) Colm (gáire) ach dúirt mé le Coly Hernon é beannacht Dé lena anam, beirt nó triúr eile “bhuel ní oibreoidh sé,” “ó ceart go leor” a deirimse.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Chuaigh mé síos ag Bord Fáilte ansin i nGaillimh agus “bhuel” a deir siad “tabharfaidh mise ainm dhuit anois go fear b’fhéidir a thabharfadh cúnamh dhuit”. Chaithfeadh triúr a bheith a’d an t-am sin, ní chaithfeadh anois.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Beirt anois.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Fear agus bean anois

MÁIRÍN: Á dhéanfadh sé cúis.

JOHN: Sea. Chuaigh mé aige Jim Connor, Protastúnach a bhí ann, gentleman criochnaithe a bhí ann ach “ceart go leor” a deir sé, “gabh muin”, chuaigh muinn suas ag Bord Fáilte anyway agus dúirt Bord Fáilte “bhuel ach caithfidh sibh fear eile a fháil”, “have you anyone in mindwell I’ve tried the couple I had in mind”, a deirimse “ it didn’t work”. Ní, ní, ní oibreoidh sé a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhuel ní thabharfainn aon mhilleán dhób a’ bhfuil ‘fhios a’d mar ….

MÁIRÍN: ….Sea ….

JOHN: …. Mar ní raibh tada ag imeacht an t-am sin.

MÁIRÍN: An t-am sin, yeah.

JOHN: Ní raibh tada ag imeacht an t-am sin. Ach dúirt eh, dúirt sé tá fear in éindí liomsa a deir Jim, tá aithne a’m air a deir sé, tá sé inasurveyor agus b’fhéidir go dtiocfadh sé. Chuaigh muid aige anyways agus dúirt sé go dtiocfadh. Le scéal fada a dhéanamh gearr chuir muid an bád á dhéanamh.

MÁIRÍN: Fuair sibh an Queen déanta?

JOHN: Fuair muinn an Queen déanta, sea, Hicky Boats

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Chaithfeadh muid í a dhéanamh le Hicky Boats ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Mar thabharfadh sé sin an obair go Hicky Boats freisin ….

MÁIRÍN: …. Á sea, sea.

JOHN: Ach go raibh rud amháin ann a’ bhfuil ‘fhios a’d ní dhéanaidís tada níos mó í agus dúirt sé go dtabharfaidís fifty percent grant dhuinn.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bhuel ní bhfuair muide ariamh é mar bhí siad ró-fhada a’ déanamh an bád.However anyway, chuaigh muid ceathrú cuid, twenty five percent. Nuair a thosaigh an bád dhá dhéanamh phacáil mise agus mo bhean suas ar an oileán anseo agus chuaigh muid go Gaillimh.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Gaillimh, agus chuaigh muinn as sin gon Spáinn.

MÁIRÍN: Á sea, hm.

JOHN: Agus d’fhan muid naoi mí sa Spáinn.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhuel seacht mí ar fad sa Spáinn

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Agus chuaigh muinn ar ais agus casadh orm oifigeach as Sasana sa Spáinn agus Fuengirola a chuaigh muin, go Fuengirola agus casadh, dúirt sé gheobhaidh mise áit dhíb, a’ bhfuil sibh a’ fanacht i bhfad. Bhuel níl ’fhios a’inn fós a deir mise b’fhéidir ma thaitníonn an áit linn ….

MÁIRÍN: …. Sea.

JOHN: go bhfánódh muid dhá mhí ann nó trí mhí ann. Bhuel bhí, bhístation wagon a’msa an t-am sin a’ dtuigeann tú agus bhí, bhí eh mini bus ag mo dhuine agus bhí camping outfit aige a’ dtuigeann tú.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus, bhuel a deir sé “gheobhaidh mise áit díbh le fanacht” a deir sé.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “Má thaitníonn an áit seo libh, mar bhí sibh díreach ar a’ bhfarraige” [in Árainn] ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Ar nós é seo anois (gáire) [san áit a bhfuil sé ag cónaí in Árainn] ach bhí sé i bhfad níos fearr ná é, á bhí, ach however “__+” leis an ghrian a’inn ach anyways d’fhan muid ann, thosaigh, thosaigh muid a’ gabháil in éindí leob agus áiteachaí, mar bhí, bhí sé blianta ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Á yeah.

JOHN: Thosaigh muid a’ gabháil timpeall in éindí chuile shóirt, chuaigh muinn go, tá fhios a’m trip, seachtain amháin chuaigh muid trasna na Straits of Gibraltar….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Go áit Ceuta i North Africa

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Agus chuaigh muid síos go Marrakesh.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus dúirt sé liomsa, Don Ryan an t-ainm a bhí air chuaigh sé ag a’ scoil le, cén t-ainm atá air, an Archbishop Sasana, Hume

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Cardinal Hume.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: I Sasana, dúirt sé, “bhí mise thíos anseo blianta, blianta fadó ó shin” a deir sé “agus an chéad fear a tháinig a’m, bhí sé gléasta ar nós fear, fear as duine go na hoileáin sin agaibhse” a deir sé, “bhí sé, sé a bhí i gceannas na, na camels ansin” a deir sé

MÁIRIN: Your joking.

JOHN: Sea.

MÁIRÍN: Cé é féin?

JOHN: Fear as Inis Meáin (gáire)

MÁIRÍN: Oh my gosh. So cén bhliain a chuir tú an Queen sa bhfarraige ansin, a thosaigh tú?

JOHN: Bhuel launcháil, bhí mé ar ais aríst, tháinig muinn Gaillimh ansin agus chuir muinn an Queen ar a’ bhfarraige i naoi déag seachtó naoi.

MÁIRÍN: Seachtó naoi.

JOHN: Seachtó naoi.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Seachtó naoi.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Eh, August, seachtó naoi ….

MÁIRÍN: …. Seachtó naoi, yeah.

JOHN: Seachtó naoi, agus bhí sí a’inn gur (sos) bhuel dhíol mé le Aer Árainn í ar bhealach ach dúirt Locky [Kelly] go gceannódh sé ….

MÁIRÍN: …. Hm ….

JOHN: …. uaidh Aer Árainn í, eh however

MÁIRÍN: So ehm, ní théadh sibh go na hoileáin eile an t-am sin, ní raibh aon, just isteach ’s amach Ros a’ Mhíl, nach b’ea?

JOHN: Isteach ’s amach Ros, ó sea bhíodh ….

MÁIRÍN: …. Turas amháin, isteach ar maidin agus amach tráthnóna, ab ea?

JOHN: Bhuel sé an chaoi a thosaigh muid é, sé an chaoi a thosaigh mé ar dtús ná (sos) anglers

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Bhí (--) Iascairí uilig a bhí a’inn ach thabharfaidís a gcuid mná agus gasúir leob ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Daoiní, daoiní an-saibhir a bhí iontub.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Daoiní an-saibhir agus d’iarraidís dhíomsa “well will we go someplace with “__”, “I will take your wives” a deir mise “ to the islands

MÁIRÍN: Á yeah, ba as Ros a’ Mhíl a bhí tú a’ teacht leob?

JOHN: Ó sea.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Ó sea, sea.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus thabharfainn isteach anseo iad agus thiocfaidís, bheidís anseo i gcaith an lae ansin ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. A’ siúl timpeall ….

MÁIRÍN: …. Agus bhíodh an dream eile ag iascach?

JOHN: Thabharfadh mé ….

MÁIRÍN: …. Ag angláil?

JOHN: Ag angláil, ag angláil ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Sea, mara mbeadh a’ bhfuil ’fhios a’d charter ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. bhí go leor dhíob sin ann, thiocfadh ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. Plód acub agus hireáilidís an bád déarfaidh mé ar feadh cheithre uaire agus ansin thiocfadh an dream eile agus cheithre uaire eile ….

MÁIRÍN: …. Á sea ….

JOHN: …. a’ dtuigeann tú anois mé ?

MÁIRÍN: Sea, sea.

JOHN: Á bhídís ag iarraidh a dhul amach san oíche freisin a’ bhfuil ‘fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhíodh a gcuid cosa imithe

MÁIRÍN: Yeah

JOHN: An dream a bhí sa gcogadh a’ bhfuil ’fhios a’d

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: “__” críochnaithe a bhí ansin, óltach i gcónaí a’ plé le ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. A’ titim sa bhfarraige ’s chuile shóirt eile, (gáire). Oh yeah, yeah, yeah

MÁIRÍN: A’ raibh tú, a’ raibh tú a’ tabhairt na paisinéirí amach as Árainn ansin?

JOHN: Thug mé, bhí, bhí, bhí.

MÁIRÍN: Ar thosaigh tú an seirbhís a’ gabháil amach?

JOHN: That’s right.

MÁIRÍN: Go Ros a’ Mhíl ansin?

JOHN: Yeah, yeah

MÁIRÍN: Yeah, a’ raibh droch aimsir agaibh ansin? Deir siad go raibh ar aon nós.

JOHN: Bhí, (gáire) bhí. Bhí lá amháin ann “__+”, an rud is dainséaraí a bhíodh a’msa a’ bhfuil ’fhios a’d sa samhradh, bhí cuid go mo mhuintir fhéin ann, ní raibh aon báid eile ann ach an sean Galway Bay a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Nuair a bhí sí sin lán, rithidís sall agus thosaídís a’ jumpáil isteach sa gQueen.

MÁIRÍN: Á sin le dhul amach, yeah, yeah.

JOHN: Agus tharraing mé isteach í go Ros a’ Mhíl,(gáire) bhí sixty seven ar bord inti (gáire) Jesus Christ, Jesus Christ a deirimse. Och bhí mé, dhá mbeadh fhios a’m a’ bhfuil ’fhios a’d

MÁIRÍN: Yeah, go raibh an méid sin ann.

JOHN: Rith siad uilig isteach san tosaigh inti

MÁIRÍN: Yeah

JOHN: A’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: A’ bhfuil ‘fhios a’d, á bhí, bhí an tráthnóna chomh

MÁIRÍN: Yeah, agus cé bhí leat uirthi sin, John?

JOHN: Ruairí Beag as ….

MÁIRÍN: …. Á as

JOHN: As Ros a’ Mhíl.

MÁIRÍN: As Ros a’ Mhíl, yeah.

JOHN: Ruairí Beag, bhuel bhí a dhearthár ann ar dtús agus ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. ansin bhí Ruairí Beag. Ach eh is iomaí charactar a casadh orm nuair a bhí mé ag iascach.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Tá, cuimhním tháinig mé isteach tráthnóna amháin agus bhí bean ar a’ gcéibh agus bhí sí, á trí cinn go siorcanna a bhí ag na Germans, mheáigh siad ansin iad

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “__” sula mheáigh siad ach tháinig sí anuas agus dúirt sí “ I would like to buy a shark

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Á a duirt siad “take away” ach thug mé fhéin agus Ruairi, le scéal fada a dhéanamh gearr, thug mé fhéin agus Ruairí suas an shark agus chuir muinn sa boot an bád

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Chraith sí láimh liomsa, ó bhí sí an-happy, coicís ina dhiaidh nach raibh an bhean céanna ar a’ gcéibh agus muid a’ gabháil isteach tráthnóna.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus “a’ bhfeiceann tú thuas í” a deir Ruairí (gáire) ach chuaigh muinn amach anyways, siorc amháin a bhí a’inn agus bhearr siad í agus an rud ceannann céanna a dúirt siad “tabhair leat é” ….

MÁIRÍN: …. Yeah.

JOHN: agus d’iompar muinn suas é agus nuair a d’oscail sí an boot nach raibh an shark ….

MÁIRÍN: …. A tugadh ….

JOHN: …. coicís roimhe sa mboot ach diabhal a rinne sí ach chuir sí a láimh isteach agus rug sí le leath láimh air.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Stufáilte a bhí sé aici.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: Sea, (gáire) agus

MÁIRÍN: Ó sea.

JOHN: Tháinig sí amach é, bhain sí amach é agus chuir sí eh ….

MÁIRÍN: …. An ceann eile ann.

JOHN: Sea, ann. Agus d’fhiafraigh mé ansin di “__? ­­ a’ bhfuil fhios a’d “bhuel” a deir sí “tá trí hotel a’inne” a deir sí

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: “ag m’athair” a deir sí, tá ceann i Germany aici, tá ceann sa Spáinn agus tá ceann i Holland.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus caithfidh sé sin, scéalta a bhí aige faoi a gcuid iascaireacht a’ bhfuil ’fhios a’d

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: An chaoi a mharaigh siad na siorcannaí, bhuel tá sé a’msa anseo anois i leabhar, an lá a bhí sé amuigh, a bhí mé amuigh in éindí leatsa, (gáire) a deir sí, scríobh mé síos chuile shóirt, chuile shóirt ….

MÁIRÍN: …. Á sea.

JOHN: chuile shóirt, chuile shóirt a bhí a’ tarlú, léigh sé anois é sin agus beidh sé in ann ….

MÁIRÍN: …. é sin a inseacht ….

JOHN: …. É sin a inseacht dhób agus cár mharaigh sé na siorcannaí sin agus chuile shóirt eile ach eh ó go leor rudaí faoi, bhí dochtúir eile a bhí in éindí liom, bhí muid, bhí ag inseacht faoi Contae an Chláir, tharraing muid isteach siorc agus rug German air, cheap sé a’ bhfuil ’fhios a’d go mbeadh sé in ann é a choinneál, chuir sé a dhá láimh timpeall air, bhuail an siorc sa tóin lena thrioball é, chas sé sa mbád é a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Á

JOHN: Ach tharraing an dochtúir sall é agus d’oscail sé boiscín beag, tharraing sé amach syringe agus thug sé, chuir sé an syringe isteach sa mbreac.

MÁIRÍN: Hm

JOHN: ’S d’iarr mé dhe cén fáth a bhfuil tú dhá dhéanamh sin, a deirimse.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí fhios a’m gur cineál dochtúir a bhí ann ….

MÁIRÍN: …. Yeah ….

JOHN: …. Mar bhí an bosca, bhuel tá mé ag iarraidh a fháil amach cé mhéad injection a mharódh an fear [an siorc]

MÁIRÍN: Ó sea, á sea.

JOHN: Agus thóg sé ocht injection le é a mharú agus mharódh ceann acub duine, a deir sé.

MÁIRÍN: Á. Anois a John, céard a cheapanns tú faoin saol atá ag na daoine óga anois i gcomparáid leis an saol a bhí agat féin i d’óige?

JOHN: Bhuel, bhuel tá, Ar ndóigh tá saol maith acub.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Tá saol maith acub, ach ní hé an saol céanna ar chor ar bith é. By dad ní raibh mórán déarfaidh mé le n-ithe a’inne ach bhí neart le n-ithe a’inn.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bhí neart le n-ithe ann, bhí fataí ’s iasc, greada dhe sin a’inn. Chonaic mise daoiní thuas i mBlá Cliath nuair a bhí mé a’ gabháil ag a’ gConsul, ag ithe as bairillí.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: A’ piocadh suas builíní as bairillí agus dhá n-ithe ….

MÁIRÍN: …. Ní raibh aon ocras anseo.

JOHN: Hea?

MÁIRÍN: Ní raibh aon ocras in Árainn ….

JOHN: …. Ní raibh aon ocras anseo. B’fhéidir nach raibh aon airgead a’inn agus bhíodh a gcuid rowannaí beaga a’inn.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach ní rithfeá, ní rithfeá ag garda ná ní rithfeá ag, ní raibh aon rud gon t-sóirt sin ann a’ bhfuil ’fhios a’d. Ach eh an chaoi atá sé sa lá atá inniu ann bhuel (gáire) domhan eile uilig é a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: So a’ gceapann tú anois gur fearr an saol a bhí a’dsa nó an fearr an saol atá ag an dream óg atá a’ fás suas inniu?

JOHN: Bhuel ….

MÁIRÍN: …. Ar mhaith leat a bheith i do fhear óg inniu nó?

JOHN: Bhuel, á bhuel tá tú a’ fiafraigh ceist an-, eh (gáire) agus a bheith mar bhí mé a’ bhfuil ’fhios a’d?

MÁIRÍN: Bhuel.

JOHN: A bheith mar bhí mé?

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Bhuel ba mhaith.

MÁIRÍN: Yes (gáire)

JOHN: A bheith mar bhí mé nuair a bhí mé i mo fhear óg.

MÁIRÍN: Á bhuel ní shin é a bhí i gceist a’m ach ….

JOHN: …. “__” ….

MÁIRÍN: …. Ach tá ’fhios a’d an chaoi a éiríonns an, bhí tusa ….

JOHN: …. Ní, ní hé an breed céanna daoiní a’ chor a’ bith é a’ bhfuil ‘fhios a’d

MÁIRÍN: A’ gceapann tú?

JOHN: No, no, no, no, no.

MÁIRÍN: Ní mar a chéile.

JOHN: Ní mar a chéile a’ chor a’ bith iad, ní mar a’ chéile a’ chor a’ bith é. Ní mhaireadh duine gon aos óg ….

MÁIRÍN: Sa saol nuair “__+” ….

JOHN: …. Nuair a, sea. Ní mhairidís.

MÁIRÍN: A’ gceapann tú nach bhfuil saol crua ag an dream óg inniu?

JOHN: B’fhéidir go bhfuil sé anseo, á níl ’fhios a’m, níl ’fhios a’m.

MÁIRÍN: Ach nuair a bhí tusa a’ fás suas John ní raibh aon ní raibh aon, cén chaoi a ndéarfaidh mé é, ní raibh aon drugs, ní raibh television, ní raibh aon ól ann mar ní ….

JOHN: …. Ní raibh, ní raibh …

MÁIRÍN: …. ní raibh an t-airgead agaibh le ….

JOHN: …. Ní raibh ….

MÁIRÍN: ….é

JOHN: Ní raibh, sin rud eile a’ bhfuil ’fhios a’d. Tá daoiní ann nach dtéann i ngarr go na drugs.

MÁIRÍN: Á tá fhios a’m sin, ach ní raibh an cathú ann an t-am sin.

JOHN: Tá, tá free education anois acub.

MÁIRÍN: Tá.

JOHN: A’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ní chuirfí muide (gáire) síos le exam, ní áirím, bhí fear thiar ansin sa gceann thiar agus tá sé ann inniu fós Peaitsín Sheáin Neilín.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Bhí sé i bhfad níos fearr ná Eamonn Toole.

MÁIRÍN: Á tá ’fhios a’m, d’airigh muid caint ….

JOHN: …. Agus col ceathrar, nó, nó col seisear

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: That’s right, agus bhí Eamonn Toole smartáilte a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Bhí sé.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Bhí Peaitsín siúd níos fearr ná é.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Ach ní raibh aon Béarla aige.

MÁIRÍN: Dúirt sé é sin in agallamh….

JOHN: …. Sea ….

MÁIRÍN: …. Linn, nach raibh aon Bhéarla aige, yeah.

JOHN: That’s right, that’s right.

MÁIRÍN: Yeah. Ach nuair a tháinig tú ar ais go hÁrainn thréis a bheith i Meiriceá a’ bhfaca tú athrú mór ar Árainn mar déarfá?

JOHN: Ní, ní raibh an oiread sin air.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí, bhí beagáinín, ní raibh an oiread sin air ach tá athrú anois air.

MÁIRÍN: Ó, even ó tháinig tusa as Meiriceá ….

JOHN: …. Óóóó. Le deich mbliana anuas tá athrú, tá athrú mór tagthaí ….

MÁIRÍN: …. Agus a’ gceapann tú go bhfuil sé go maith nó go dona?

JOHN: Bhuel an chaoi atá sé a’ teacht, tá sé ró-sciopaí a’ bhfuil ‘fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Tá sé, bhuel hm.

MÁIRÍN: Ní hé an t-oileán céanna é, ab ea?

JOHN: Tháinig deich, tháinig deich dtonna fertilizer inniu, nach speáin[eann] (Gáire)

MÁIRÍN: Á sea ach an t-am sin feamainn a chuiridís amach.

JOHN: Feamainn.

MÁIRÍN: Sea, sea, yeah.

JOHN: Feamainn.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Chomhair mise seacht gcapall déag tráthnóna amháin thíos sa gCara.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Seacht gcinn déag agus bhí deich gcinn eile anseo. [Ag an gcladach faoi theach John]

MÁIRÍN: A‘ cuir suas feamainn?

JOHN: A’ cuir, a’ cuir suas feamainn.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Agus an oiread eile siar.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: That’s right, that’s right.

MÁIRÍN: Yeah.

JOHN: Bhíodh na buailte lán le feamainn.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Lán le feamainn. Ach i linn m’athair, nuair a bhí m’athair ina lead óg

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Nó ina fhear óg d’iarr an fear seo garraí ar duine eicínteacht agus sílim gur timpeall anseo anois [garr do theach John] a bhí an garraí agus b’éigean dó, bhuel ní raibh aon roinnt aige sa gcladach.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: B’éigean dó an, an, an leasú a chuir aníos le cliabh san oíche, san oíche agus bhí leath an garraí leasaithe, leath an buaile

MÁIRÍN: Hm

JOHN: Nuair a chonaic na daoiní a bhí seilbh acub ar, sa gcladach, nuair a chonaic siad an feamainn scaradh

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ar, ar, sa mbuaile d’fhiafraigh siad, b’éigean dó an feamainn a bhaint aníos as a’ ngarraí aríst agus ….

MÁIRÍN: …. Agus é a chuir síos aríst?

JOHN: A chuir síos aríst.

MÁIRÍN: So bhíodh sé ina action acub faoi an feamainn?

JOHN: That’s right.

MÁIRÍN: Agus an roinnt.

JOHN: That’s right, bhuel ní raibh siad chomh, ní raibh siad chomh crua i mo linn sa agus a bhí siad roimhe ….

MÁIRÍN: …. Ach roimhe sin.

JOHN: Sea, chuaigh m’athair síos, cailleadh a athair agus ní raibh sé ach trí bliana déag g’aois nuair a chuaigh sé síos leis a’ gcapall, síos sa gCara é seo anois agus tháinig triúr go na (gáire) landlords Chill Rónáin anuas

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus bhí an bord lán aige, “bhuel ní fhéadfaidh tú an fheamainn sin a thabhairt leat mar” deir sé “ní raibh sé bailithe a’d” agus “tá mé gabháil a’ tabhairt an bord seo”, “ní thabharfaidh tú an bord sin leat”. Leag siad an bord agus b’éigean dó imeacht as an, yeah. Cúig bliana (gáire) déag, nuair a bhí muide cúig bliana déag agus sé bliana déag

MÁIRIN: Hm

JOHN: Níor leag siad aon bord an t-am sin

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Eh.

MÁIRÍN: Á sea.

JOHN: No way, no way.

MÁIRÍN: Ach fadó John bhí a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí chuile rud ag muintir na háite, bhí na fataí, bhí an t-iasc, bhí na cearca ….

JOHN: …. Ó chuile shóirt, chuile, ó chuile shóirt ….

MÁIRÍN: Agus bhí, bhí chuile rud a’inn.

JOHN: Chuile rud, chuile rud.

MÁIRÍN: Ní raibh muid a’ fáil tada ó mar a déarfá, a fháil as Gaillimh.

JOHN: That’s it, that’s it

MÁIRÍN: Yeah, bhí na cearca ’s bhí táilliúir a’inn ’s bhí gabha a’inn…

JOHN: …. Bhí gabha ….

MÁIRÍN: …. Bhí chuile rud a’inn.

JOHN: Bhí céad family thuas ar a’ Suicín uair. Á níorbh shin iad na bailte ba mhó, ba shin é an baile ba mhó a bhí in Árainn.

MÁIRÍN: Cill Éinne ab ea?

JOHN: Cill Éinne, agus ansin Creig a' Chéirín.

MÁIRÍN: Ó Creig a' Chéirín?

JOHN: Creig a' Chéirín, Creig a' Chéirín.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Agus ansin Cill Rónáin, Cill Rónáin an rud deireanach agus bhí céad family thuas ar an Suicín. Digby an landlord a bhí thoir ansin, Digby.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhuel dúirt m’athair nach fear dona a bhí i Digby ach ní raibh sé ann i gcónaí a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Ach an fear a bhí, a bhíodh ann ná Thompson.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Bhí sé sin níos measa i bhfad aríst ná Digby. Eh dúirt sé go bhfaca sé schooner a gabháil isteach ag a’ gcéibh. Tógadh an céibh sin thoir i gCill Éinne, an céibh, ní hé an chéibh atá a’ gabháil amach anois ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

JOHN: …. Ach an balla síos ansin, tógadh é sin i bhfad, i bhfad, céad bliain roimh an céibh eile a chuaigh amach ansin.

MÁIRÍN: Sea

JOHN: Agus chonaic sé schooner ceanglaithe suas ann.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus chuir siad chúig, chúig thonna dhéag ullaís, ullaí isteach ón, ón áit sin anois atá Dara Molloy, thuas ansin.

MÁIRÍN: Sea, ó sa Lodge.

JOHN: Sa Lodge.

MÁIRÍN: Sea.

JOHN: Chúig thonna dhéag úll, cúig thonna dhéag.

MÁIRÍN: Úllaí?

JOHN: Ullaí.

MÁIRÍN: Amach?

JOHN: Amach as.

MÁIRÍN: Amach as.

JOHN: A’ gabháil go Sasana ….

MÁIRÍN: …. Sea, sin é ata mé a’ rá.

JOHN: Eh tháinig bád isteach ansin ag a' gcéibh sin, Céibh Ganley a ghlaoidís uirthi, an chéad chéibh a tógadh.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: Agus an créafóg a tháinig asti chuaigh sé suas ansin an áit atá an Tech.

MÁIRÍN: An Tech anois, á sea.

JOHN: An Tech, agus ó dheas aríst agus chuaigh cuid mhaith dhó soir ansin ag a’ Lodge.

MÁIRÍN: Ag a’ Lodge, á sea.

JOHN: Sea, as Portugal a tháinig sé.

MÁIRÍN: Hm.

JOHN: As Portugal, sea.

MÁIRÍN: So sin é anois, bhuel go raibh míle maith agat a John agus, as ucht an t-eolas a thabhairt dúinn….

JOHN: …. Ó tá fáilte romhat.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.