Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00038

Taifeadadh
BBAF.00038
Formáid
MiniDisc
Fad
55:49
Dáta
17 Feabhra 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Iaráirne
Bailitheoirí
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Micheál Seoighe
Faisnéiseoir
Aodh Ó Dochartaigh
Eolas cartlainne
MD 44 Aodh Ó Dochartaigh. An Clann; A Athair; Gairmscoil Éinne; Monarcha; Telectron; A óige in Árainn; Iascaireacht; Caitheamh aimsire; Ag obair go hidirnáisiúnta; Teanga; Oideachas; Na glúnta éagsúla á gcur i gcompáráid.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00038
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Inniu an seachtú lá déag de Feabhra bliain 2002. Tá mé anseo in Iaráirne i dteach Maidhcil agus Maggie Seoighe agus chomh maith leis sin freisin tá fear eile anseo, Aodh Ó Dochartaigh. Anois a Mhaidhcil, Dia duit.

MAIDHCIL: Dia 's Muire dhuit Áine.

ÁINE: Dia dhuit féin Aodh.

AODH: Dia 's Muire dhuit Áine, cén chaoi a bhfuil tú?

ÁINE: Go maith agus sibh féin?

MAIDHCIL: Ó thar cionn.

ÁINE: Tá an lá go deas, nach bhfuil.

MAIDHCIL: Tá sé, bhuel tá go maith Aodh, tá sé chomh maith dúinn tosaigh is dóigh.

AODH: Is dóigh go bhfuil.

MAIDHCIL: Aríst tá fáilte romhat.

AODH: Go raibh maith a’d, go raibh maith a’d.

MAIDHCIL: Agus is dóigh go dtosaigh muid ag bun chloch do shaol, is dóigh gurb é an áit ab fhearr é le tosaigh. Inseoidh tú a dhath beag dúinn faoi t-athair agus faoi do mháthair agus cé as iad.

AODH: Inseoidh, ehm rugadh, rugadh i nGaillimh mé, rugadh i Seamount mé, áit nach bhfuil ann níos mó agus is cuimhin liom blianta ó shin ag Merriman, bhí Merriman ar oileán Árann agus bhí Breandán Ó hEithir ann agus bhí Proinsias Mac Aonghusa ann agus bhíodar uilig a’ rá gur rugadh uilig iad istigh i Seamount i nGaillimh, cé go raibh duine amháin ag rá gur as Conamara é agus an fear eile ag rá gur as Árainn é ach rugadh mise i Seamount. Ba as Contae ….

MAIDHCIL: …. Agus rugadh Breandán Ó hEithir i Seamount?

AODH: Sea, sea ó sea. I Seamount, níl sé, tá sé ós comhair an Charraig Dubh, i nGaillimh. Ós comhair an ionad snámha ansin….

MAIDHCIL: …. Ó yeah.

AODH: Agus teach mór a bhí ann agus nursing home a bhí ann, ach níl ’fhios a’m cén uair a dúnadh é, b’fhéidir gur dúnadh ins na caogaidí é, is dóigh nó b’fhéidir na seascaidí, gur mhair sé an fhaid sin. Ach tá tithe eile tógtha ar an áit sin anois. B’as Contae Liatroma m’athair agus mo mháthair. B’as ehm in aice le Béal an Átha Mhór, an taobh ó dheas go Contae Liatroma, go mo mháthair. Fenagh, baile beag ansin taobh amuigh go Béal an Átha Mhór agus ba as in aice le Droim Caorthain sa taobh ó thuaidh gon contae, m’athair, in aice le Loch Allan, áit ar a dtugtar Cill Cormac. Tháinig sé ar bhealach gur tháinig an beirt acu Gaillimh, casadh thiar i gConamara ar a chéile iad silim agus ehm rugadh mise i nGaillimh agus tógadh muid i nGaillimh agus buíochas le Dia tá mé fós ag teacht ar ais go Gaillimh agus go hÁrainn.

MAIDHCIL: Anois le fanacht ag t-athair cúpla nóiméad, bhí t-tionchar mhór ag t-athair ar an oileán seo, rinne sé rud an-mhór ar an oileán seo, is dóigh ceann go na rudaí is tábhachtaí ar an oileán. An n-inseoidh tú a dhath beag dúinn.

AODH: Bhuel ar ndóigh bhí sé ina phríomh oifigeach feidhmeannach, feidhmiúchán ar Choiste Ghairmoideas Contae na Gaillimhe, agus bhí sé, bhí sé ina Phríomh Oifigeach ó 1936 go dtí 1966 agus mura bhfuil dul amú, dul amú orm, silim gur oscail sé tríocha scoil ins an tríocha bliain a raibh sé a’ feidhmiú i gContae na Gaillimhe. Agus ceann go na scoileanna sin ná Gairmscoil Éinne i gCill Rónáin agus is dóigh go, má tá, 1953 is dóigh a tharla, silim, silim a hosclaíodh é sin. Bhí bá ar leith aige le, le, leis an nGaeltacht agus le muintir na Gaeltachta agus nuair a thosaigh seisean ní raibh mórán ceardscoileanna ins an nGaeltacht. Bhí ceann ar an gCeathrú Rua, áit a raibh Piaras Ó Conaire ina ard mháistir agus bhí ceann i Rosmuc. Tá ceann an-deas, le cloch an-deas ar An gCnoc, scoil Cholmcille anois. Tógadh é sin linn m’athair a bheith

MAIDHCIL: A bheith, a bheith ós a chionn.

AODH: A bheith ag feidhmiú, sea agus ar ndóigh tá go leor eile. M’athair agus mo mháthair, chomh fada agus a bhain sé leob siúd, an t-aon bhealach amháin a bhféadfadh daoine a dhul chun cinn na oideachas mhaith a bheith orthu agus bhí m’athair, bhí sé ós cionn cuid gon chóras oideachas agus thug sé roimhe scoileannaí a thógáil agus a bheith cinnte go ngabhadh daltaí ar scoil iontu agus bhí suim ag mo mháthair, ba mhúinteoir í, ba mhúinteoir gairmiúil í, Fraincis agus Gearmáinis na hábhair a bhí aici siúd agus bhí an-suim aicise i mic léinn a ghríosaigh agus cúnamh agus cuideachta a thabhairt dóibh a dhul chun cinn.

MAIDHCIL: Tá ’fhios a’m tá go leor gon saol mhór siúlta a’d agus taisteal agus tú ag obair i go leor acub, dá ndéarfá an tionchar is mó a bhí ag t-athair, rud amháin ó t-athair agus ó do mháthair ort a thug cúnamh duit ins an saol mór?

AODH: Bhuel is dóigh an rud a thug m’athair dhom, ehm, chríochnaigh m’athair ar scoil nuair a bhí sé ceithre bliana déag d’aois. Muintir feilmeoirí iad as Contae Liatroma. Bhíodar ag maireachtáil ar taobh sléibhe a bhí fliuch. Talamh an-dona, mb’fhéidir go raibh, níl ’fhios a’m, fiche cúig acra acu, ní fhéadfá, ní fhéadfadh mórán fás air ach bhí sé, bhí sé ceathair bliana déag d’aois, an t-am sin chríochnaigh daoine ar an meánscoil agus b’shin sin. Chuaigh sé ag obair ar an bhfeilim beag seo lena athair. Nuair a bhí sé seacht déag dúirt an múinteoir scoile “tá tusa go maith, tabharfaidh mise cúnamh duit scoláireacht a fháil” Agus fuair sé scoláireacht le bheith ina mhúinteoir bunscoile agus chuaigh sé Bla Cliath i 1916 agus chríochnaigh sé i 1918. Agus ó sin go dtí 1926 nó ’27 bhí sé ina mhúinteoir bunscoile agus ansin shocraigh sé a dhul ar ais ar an Ollscoil nó gabháil ar an Ollscoil gon chéad uair agus rinne sé, rinne sé an chéim bunúsach B.Sc. Rinne sé Eolaíocht, Luibheolaíocht agus eh, Zoology agus Botany, Luibheolaíocht agus, níl an focal a’m faoi láthair.

MAIDHCIL: Nach iontach an fear a bhí ann an t-am sin sa saol….

AODH: …. Sea agus chuaigh sé agus rinne sé máistreacht agus bhí sé ag déanamh PhD nuair a thosaigh an córas nua Gairmoideachas agus i 1932 fuair sé post mar Phríomh Oifigeach Feidhmeannach i gContae Liatroma agus bhí sé ansin go dtí [naoi déag] ’34 agus ansin tháinig sé Gaillimh. Ach an rud a d’fhoghlaim mise ó m’athair go gcaithfidh tú coinneal leis cé nach bhfuair sé an, an, an tosach is fearr sa saol

MAIDHCIL: Choinnigh sé leis.

AODH: Choinnigh sé leis. Agus eh ….

MAIDHCIL: …. 'speáin sé gur féidir é a dhéanamh.

AODH: Agus 'speáin sé agus sin rud amháin a thuig, agus fiú amháin nuair a theipeadh orm nó nuair nach n-éireoidh chomh maith liom i scrúdaithe nó aon rud, sin rud amháin a d’fhoghlaim mé uaidh….

MAIDHCIL: …. Chuimhneofá siar air.

AODH: Yeah, caithfidh tú coinneal ort.

MAIDHCIL: Yeah.

AODH: Yeah, níl, níl a’ bhfuil ’fhios a’d, níl aon rud ariamh caillte.

MAIDHCIL: Má choinníonn tú ….

AODH: …. Mar níl an cluiche seo thart go bhfuil muid sa, sa gcréafóg.

MAIDHCIL: Go bhfuil an rása rite.

AODH: Sin é, sin é díreach é. Sin é díreach é.

MAIDHCIL: Agus do mháthair ansin Aodh, an raibh sí difríocht? ….

AODH: …. Mo mháthair ar an taobh eile bhí, bhí sise, bhí, bhí teangachaí aici, bhí sí, chuaigh sí, chuaigh sí go hAlbain nuair a bhí sí dó dhéag. Tógadh go hAlbain í mar bhí clann an-mhór ins an bhaile acu i Fenagh i gContae Liatroma agus thóg aintín lei go hAlbain í agus chuaigh sí ar an meánscoil i nGlasgow agus ansin ar ollscoil Ghlasgow agus bhí sí go maith ag teangachaí agus rinne sí Fraincis agus Gearmáinis agus tháinig sí ar ais ach shocraigh sí ansin gur mhaith lei a bheith ina hÉireannach, gur mhaith lei, gur mhaith lei a bheith ag obair in Éirinn agus tá muid ag caint anois faoi tús na tríochaidí ….

MAIDHCIL: …. Sea ní mórán daoine a thiocfadh ar ais ….

AODH: .… agus tháinig sí abhaile. Bhí an córas nua ag tosú agus ba shin é an rud a bhí comónta idir m’athair agus mo mháthair, theastaigh ón bheirt acu fanacht in Éirinn,. Ní raibh dar ag iarraidh an tír a fhágáil, cé nach raibh mórán, ehm, eh ní raibh mórán ócáidí go dhaoine mar siúd postannaí a fháil, tá ’fhios a’d.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Ach ar aon chuma chuaigh mo mháthair siar, chuaigh sí siar go Conamara, bhí sí a’ foghlaim Gaeilge ar an Spidéal áit eicínt le mo chuimhne, Cois Fharraige ar aon chaoi agus tharla sé go, silim go bé m’athair a bhí ó, ina, ina, ina ….

MAIDHCIL: …. By Christ beirt as Liatroma.

AODH: Agus an bheirt as Liatroma a raibh suim acu sa nGaeilge agus ar ndóigh ar bhealach eicínt agus, agus d’fheil siad dá chéile agus sin é, sin é, sin é (--) Ach an rud faoi mo mháthair, i gcónaí a thug, a thug an-spiorad dom, dhá mbeadh brionglóid a’m ba shin í an duine a deireadh leat feadfaidh tú do, do bhrionglóid a, a chlaochlú, féadfaidh tú, féadfaidh tú é a thabhairt chun críche, agus ní gá duit faitíos a bheith ort faoi brionglóid ar leith a bhí a’d faoi céard ba mhaith leat a dhéanamh sa saol. Agus, agus an dá rud sin, uimhir haon nach, go bhfuil cead a’d brionglóidí a bheith a’d agus go, go bhfuair muid tacaíocht ….

MAIDHCIL: …. Seans iad a chur chun cinn….

AODH: …. Sea agus ansin ó thaobh m’athair nach, you know, nach ngéilleann tú riamh, má choinníonn tú ort tarlóidh, agus ….

MAIDHCIL: …. Go mbeidh an rása rite….

AODH: …. Bhí sé an-mhaith.

MAIDHCIL: Cheapfá go raibh, agus thabharfá féin é sin go do chlann, tá mé cinnte.

AODH: Bhuel ….

MAIDHCIL: …. An méid aithne atá a’m orthub, thug tú an rud céanna dóibh….

AODH: …. Bhuel (gáire) déanaim mo dhícheall, déanaim mo (gáire) dhícheall.

MAIDHCIL: Anois sula thosóidh muid ag caint ort féin Aodh, cúpla focal gearr faoi do chuid, faoi an chuid eile go do chomhluadar agus an, an ceangal atá le Árainn acub anuas thrí na blianta.

AODH: Sea, bhuel tá (--) Is cúigear clainne a bhí ar mo athair agus mo mháthair, cúigear buachaillí mar a tharla sé. Mise an duine is sine Aodh, rugadh i 1940, rugadh Eoin i 1941, tá Eoin anois ina dhochtúir i nGaillimh agus aithne mhaith aige ar mhuintir Árainn a theanns isteach i nGaillimh.

MAIDHCIL: Tá.

AODH: Pádraig rugadh i 1943 é agus tá seisean ag plé le gnóthaí teilifíse sa nGearmáin, tá sé sa nGearmáin ó 1963, bhí sé i Munich,Munchen na Gearmáine i 1963 go dtí 1980 agus ó 1980 tá sé i Berlin. Tá Liam inar rugadh i 1945 a bhfuil aithne mhaith ag go leor daoiní air, an chuid is mó agaibh in Árainn air ach bhí ceangal mór ag Liam le hÁrainn ó thaobh an béaloideas agus rudaí mar sin de ach tá seisean anois ina léachtóir in Ollscoil Luimnigh. Agus Oliver an duine is óige, Ollie mar a thugann muid air, rugadh i 1950 é. Tá sé sin ina bhainisteoir, Quality Management le comhlacht agus tá sé lonnaithe i mBlá Cliath.

MAIDHCIL: I mBaile Átha Cliath, yeah.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Tá sibh scaipthí amach ó chéile.

AODH: Tá muid, tá muid, tá muid ….

MAIDHCIL: …. Cé agaibh ansin a bhí a’ plé leis an monarchan thiar in Eoghanacht? Cuimhním abair ….

AODH: …. Mise.

MAIDHCIL: Tusa nach ea ….

AODH: …. Mise, sea ….

MAIDHCIL: ins na, seachtóidí ab ea….?

AODH: …. Sea, ins na seachtóidí. Tháinig mise ehm, nuair a chríochnaigh mise ar an ollscoil, fuair mé, an chéad phost a fuair mé, fuair mé i Munchen na Gearmáine, áit a raibh mé a' plé le, ins na seascaidí, rud a bhfuil an-eolas air inniu ach ní raibh an t-eolas sin, is dóigh gur, níl 'fhios a'm ar Eolas Teicneolaíochta a thugtar air -Information Technology agus bhí mise ag déanamh Software Development ins na seascaidí ach ní raibh mórán cainte air ag an am sin ach i 1976 tháinig mé ar ais go hÉirinn, fuair mé post le comhlacht Telectron agus ba chomhlacht Éireannach é comhlacht Telectron a bhí a‘ plé leis na, le teileachumarsáide agus bhí ehm, á bhí borradh maith orainn ar feadh tamall agus bhí monarchan a'inn, bhí monarchan mór a'inn ar an mBunbeg i nGaeltacht Thír Chonaill, áit a raibh trí chéad duine fostaithe a'inn, agus ansin bhí an monarchan thiar a'inn in Eoghanacht, áit a raibh is dóigh idir, b’fhéidir idir fiche 's a cúig agus tríocha. Bhuel bhí baint a'msa leis ó seachtó, an t-am a d’oscail muid é i ’77 nó ’78, ní cuimhním níos mo go dtí 1982 nuair a d’fhág mise an chomhlacht agus chuaigh mé, chuaigh mé ag obair le comhlacht eile.

MAIDHCIL: Anois ní hé oscailt anois an, an scoil in Árainn an chéad cheangal a bhí agaibh le Árainn, bhí sibh in Árainn, cén uair a tháinig sibh go hÁrainn ar dtús?

AODH: Sea, an chéad uair, an chéad uair riamh (--) Rugadh mise i 1940, théadh muid chuile shamhradh go, go dtí an Cheathrú Rua ar laethanta saoire go dtí 1946, ach tharla sé i 1941 gur tháinig Bríd Ní Fhlaithearta, Bríd Chóil as Inis Meáin againn mar, mar bhanaltra páistí, más sin é an focal, agus is dóigh de réir a chéile gur thug muid faoi go dtiocfadh muid go dtí na hoileáin agus an chéad uair riamh a tháinig muid go hÁrainn, tháinig muid go hInis Meáin.

MAIDHCIL: Ó an chéad uair a tháinig sibh.

AODH: An chéad uair riamh, tháinig muid go Inis Meáin, 1947 agus d’fhan muid mar a thugtaí air an t-am sin, tí Shéamais an Bhéarla agus tá mórán scéalta ag baint leis sin ach ní bhacadh muid leob anois. Ó 1948 a tháinig muid an chéad uair go hInis Mór agus chuaigh muid siar go Fearann a’ Choirce.

MAIDHCIL: Ar an Dun Angus is dóigh, ab ea, nó?

AODH: Ó sea, ar an Dun Angus ….

MAIDHCIL: …. Sea ….

AODH: …. an t-am sin. Ó sea, i gcónaí an Dun Angus agus currachaí agus chuile rud. Rudaí nach bhfaca muid le fada an lá. Agus bhí muid ’48 agus ’49, bhí muid thiar i Fearann a’ Choirce, agus 1950 cheannaigh m’athair teach na scoile i gCill Éinne.

MAIDHCIL: Teach an Mháistir, mar a ghlaoidís air.

AODH: Teach an Mháistir, sin é díreach é, teach an mháistir agus thosaigh, tháinig muid i 1950 go, go dtí Cill Éinne gon chéad uair.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus buíochas le Dia tá mé a’ teacht ann ó shin.

MAIDHCIL: Riamh ó shin.

AODH: Tá mé, corr bhliain nár tháinig mé ach níl ann ach corr cheann.

MAIDHCIL: Anois cuimhním féin orthaí, bhíodh sibh, is dóigh go mbíodh laethantaí saoire agaibhse romhainne, bhuel blianta níos, níos déarnaí ná sin, is dóigh ag deireadh na caogaidí nuair a thosaigh mise, nuair a bhí mise ag a’ scoil agus tús na seascaidí, bhíodh sibhse ann sula bhfaigheadh muide laethantaí saoire.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: An gcuimhníonn tú ar na blianta sin?

AODH: Is cuimhin liom….

MAIDHCIL: …. Roimhe sin, tús na caogaidí….

AODH: …. Bhí mise ar scoil faoin am seo, bhuel faoi 1950 an t-am ar cheannaigh muid an teach anseo, bhí mise ar scoil i gColáiste Iognáide i nGaillimh agus, ach an rud, agus, agus chríochnóidh an téarma ag deireadh eh, bhuel tús, an chéad deireadh seachtaine i mí Meitheamh agus, agus bhíodh trí mhí saor san samhradh a'inn agus chaitheadh muid an trí mhí sin in Árainn. Ach ar ndóigh an rud nár thuig go leor daoine, cé go raibh, mar an t-am sin bhíodh muide ag obair mar bhíodh scoil a'inn chúig lá go leith gon t-seachtain. Bhíodh, bhí, bhíodh scoil a'inne Dé Sathairn.

MAIDHCIL: Ó an mbíodh an t-am sin ….?

AODH: …. Go dtí am lón agus ba shin é an fáth. So bhí na huaireantaí céanna a'inn ceart go leor ach sin é an fáth…

MAIDHCIL: …. Ó tuigim ….

AODH: Ach thagadh muid amach go hÁrainn agus ní raibh m’athair, mar mise an chéad duine mar mise an duine is sine so mise an guinea pig agus ní raibh sé sin sásta go mbeadh muid ag ritheadh thart agus muid béal dorais le scoil Chill Éinne.

MAIDHCIL: Ag cuir as go scoláirí Chill Éinne.(gáire)

AODH: Ag cur as go scoil, go mór go scoláirí Chill Éinne (gáire) agus mar sin réitigh sé le, le Paddy Joe Gill agus ....

MAIDHCIL: …. Dearthár go Mhicheál Gill anois é seo ….?

AODH: …. Dearthár go Mhicheál Gill sea, agus, agus réitigh sé le Paddy Joe go ngabhadh muide ar scoil. So chaith mise sé bhliain, sé seachtainí, gabh mo leithscéal, chuile bhliain ar scoil i gCill Éinne.

MAIDHCIL: I gCill Éinne. Á sin é an áit a fuair tú do chuid oideachais.(gáire)

AODH: (Gáire) Ar feadh cúig nó sé go bhlianta.

MAIDHCIL: Ó nach raibh sé sin suimiúil….

AODH: …. Cé go raibh an-, an-suim a’inn a gabháil gabháil ar scoil i, a dhul ar saoire go hÁrainn …

MAIDHCIL: …. (Gáire) Níor thaitin libh a dhul isteach ag a’ scoil aríst.

AODH: Nuair a fuair muid amach go gcaithfeadh muid a dhul ar scoil freisin ní raibh muid, amanntaí nach raibh muid ró- shiúráilte faoi níos mo.

MAIDHCIL: Anois Aodh na chéad bhlianta sin, abair anois na caogaidí is dóigh, roimh na caogaidí, ach na caogaidí déarfa muid, tá ’fhios a’m go raibh Gaillimh é féin sách taobh thiar an t-am sin thar mar tá sé inniu ach bhí difríocht mór is dóigh idir Gaillimh agus Inis Mór, an t-am sin.

AODH: Bhí.

MAIDHCIL: Céard iad na rudaí is mó anois a chuimhníonns tú air, an difríocht is mó a bheadh ?

AODH: An rud, rud, na rudaí a dtabharfá suntas dóibh ar ndóigh, uimhir a haon, thíos i nGaillimh, cé an t-am sin go raibh agus bhí aithne mhaith a’inne, mar labhair muide Gaeilge sa mbaile agus bhí Bríd a’inn ar ndóigh agus shíl muid go raibh Gaeilge mhaith a’inn, agus bhí Gaeilge i nGaillimh, bhí áiteachaí i Shantalla mar shampla anois bhí go leor daoine ag caint Gaeilge ann ach Béarla an gnáth-theanga a bhí ann, so ba shin é an chéad difríocht. Tháinig muide amach go hÁrainn agus okay bhí roinnt, bhí, bhí Béarla anseo ar ndóigh ach Gaeilge an príomh teanga a bhí anseo agus ba shin, b’shin athrú mór. Ach an rud eile ar ndóigh an bealach a chaithfeadh tú do shaol agus is mór é, is dóigh gurb é an dá rud a dtabharfainn suntas ar leith dóibh ansin – uimhir a haon, ní raibh aon aibhléis in Árainn, agus bhí aibhléis againne.

MAIDHCIL: I nGaillimh, sea.

AODH: Ba shin é an chéad rud agus an dara rud, an t-am sin, an modh tráchta, bhí carrannaí agus rudaí mar sin, cé nach raibh an oiread sin acu fós i nGaillimh agus is cuimhin liomsa taobh thiar gon teach a’inne, bhí muide ina gcónaí sa gCorrán agus a’ gabháil síos Raleigh Row chuile mhaidin Satharn, bhíodh na carrannaí agus asail isteach as Bearna agus na Forbacha agus fiú amháin as an Spidéal.

MAIDHCIL: Ag margadh na Gaillimhe.

AODH: Ag margadh na Gaillimhe. Ach bhí i bhfad níos lú acu sin ann, bhí i bhfad níos lú carr agus asail ná mar, seachas in Árainn. Ní raibh, ní raibh an t-am a tháinig muide go hÁrainn ach cúpla motor cycle. Bhí ceann ag, bhí ceann ag Pádraig Ó hEithir, a bhásaigh ansin níl sé an fhaid sin ó shin….

MAIDHCIL: …. Ó a' raibh, an t-am sin?

AODH: Bhí ceann aige siúd agus bhí ceann ag a‘ séiplíneach, an t-Athair Cullinane agus bhí ceann ag ….

MAIDHCIL: …. Agus an t-otharcharr is dóigh?

AODH: No, no tháinig sé sin ina dhiaidh sin agus an duine eile a raibh motor cycle aige an t-am sin ná, ná an múinteoir Draighneán, Thornton.

MAIDHCIL: By cripes, bhí sé sin i dtús na caogaidí acub sin.

AODH: Bhí, bhí, bhí.

MAIDHCIL: Ó bhí mise ag ceapadh ….

AODH: …. Agus, agus ní dóigh liom, mura bhfuil dul amú orm anois, ní cheapfainn féin gur tháinig an otharcharr go dtí ’53 b’fhéidir.

MAIDHCIL: Ó b’fhéidir.

AODH: Déarfainn gurbh shin é agus ar ndóigh de réir a chéile ansin. Ach ba shin é agus cuimhin liom go maith ar feadh tamall ní raibh ach, ní raibh ach an otharcharr agus

MAIDHCIL: Nuair a thiocfadh sibhse le an samhradh ansin Aodh, an gceannódh sibh abair móin as bád móna as Conamara? An gcaithfidh sibh móin a fháil isteach le an samhradh nó an gcuimhníonn tú?

AODH: Sea, ó is cuimhin liom go maith. Ní cheannódh muid, ní cheannódh muide díreach é, cheannódh muid ó duine eicínt a thug isteach móin.

MAIDHCIL: Ó sé an chaoi a cheannódh sibh na málaí….

AODH: …. Sea, sea cheannódh muinn ….

MAIDHCIL: …. Ó sea, nó ….

AODH: Sea, or dá leagfadh duine, bhí stór, bhí stór, bhí stór mhaith leis an teach agus chuirfí an móin isteach ann, mar daoine a raibh aithne againn ar, mb’fhéidir muintir Mhaircin béal dorais linn

MAIDHCIL: Á sea, sea.

AODH: Tá ’fhios a’d, a raibh aon cheangal againn leo

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Agus, ach ó tharla nach raibh aon aibhléis a’inn, bhí sé, bhí sé suimiúil ar ndóigh . Ní raibh an t-uisce ann ach an oiread.

MAIDHCIL: Ní raibh.

AODH: B’shin rud mór eile. Ní raibh séarachas so bhí orainn a dhul ag an tobar chuile lá agus ar ndóigh b’shin, b'shin, thóg sé siúd méid áirithe ama.

MAIDHCIL: Scoil Chill Éinne agus a’ gabháil ag an tobar, ní raibh an saol…. (gaire)

AODH: (Gáire) Sea, sea, bhuel chaithfí é a dhéanamh.

MAIDHCIL: (Gáire) Ní raibh an saol chomh héasca sin.

AODH: Ní, bhuel ní raibh aon teacht as.

MAIDHCIL: Agus chomh maith leis sin Aodh ansin, abair anois nuair a thaganns daoine atá tithe samhradh acub in áit tá dar in ann méid an samhradh uilig a thabhairt amach leob agus é a chur isteach i reoiteáin agus chuile shórt, ní raibh tada mar sin an t-am sin ann so cén chaoi abair le, ní raibh beithíoch agaibhse ná cearc ná, ná .…

AODH: …. Ó ní raibh tada mar sin, bhí muide ….

MAIDHCIL: So cén chaoi ….

AODH: .… bhí muide ag braith, uimhir a haon, thagadh an bád ar dtús dhá uair sa tseachtain agus de réir a chéile silim thosaigh siad ag teacht trí, trí lá sa tseachtain agus is dóigh b’fhéidir, so thagadh sé Dé Máirt, Déardaoin agus Dé Satharn is dóigh agus tháinig sé ansin Dé Domhnaigh freisin.

MAIDHCIL: San samhradh amháin….

AODH: …. Ach Dé Domhnaigh, sea Dé Domhnaigh ní thabharfadh sé aon, aon eh .…

MAIDHCIL: …. Aon stuif leis.

AODH: Aon stuif leis, ach ansin, so builíní agus rudaí mar sin, siar tí Phoil, [an siopa] [ag ceannacht] na builíní agus na páipéir tá ’fhios a’d. Ach taobh amuigh dhe sin uibheacha an t-am sin, bainne, fataí, …

MAIDHCIL: Im, is dóigh….

AODH: …. glasraí, im, bhí muid ag braith ar mhuintir na háite.

MAIDHCIL: Feilméaraí beaga na háite.

AODH: Sea, feilméaraí beaga na háite, agus bhí na tithe éagsúla a dtéadh muid ann agus mb’fhéidir seachtain amháin nó deich lá amháin go mbeadh uibheacha ag Kate Tom Gill agus ansin ní bheadh siad aici so bhíodh orainn a dhul ag tóraíocht ….

MAIDHCIL: …. I dteach eicínt eile.

AODH: Agus an rud faoin bhainne sa samhradh go gcaithfeadh tú, agus cuimhním go maith go bhfaigheadh tú bainne ceart go leor ach mb’fhéidir go raibh gairleog ite ag na beithe.

MAIDHCIL: Ó is fíor duit, aimsir an tsamhraidh ….

AODH: …. An cuimhin leat é sin? (gáire)

MAIDHCIL: Ó muise, agus an boladh bréan a bhíodh ar sin….

AODH: …. Agus ar ndóigh ba shin é an rud eile sa samhradh a thagadh múide, bhíodh muid ann trí mhí….

MAIDHCIL: …. Sin é an uair a bheadh an gairleog a’ gabháil thar maoil.

AODH: Mí Meitheamh agus aon, aon rud atá mise a’ rá baineann sé leis an samhradh.

MAIDHCIL: Leis an samhradh, sea….

AODH: …. An chuid is mó. Meitheamh, Meitheamh, mí Iúil agus mí Lúnasa.

MAIDHCIL: Ar ndóigh bhí an t-iasc úr fairsing an t-am sin.

AODH: Bhuel bhí an t-iasc an t-am sin, is cuimhin liom, is dóigh gurbh shin é an rud is mó a chuireanns iontas, níl 'fhios a'm ab shin é an focal ceart, orm go dtí an lá atá inniu ann, sin athrú a sheasanns liomsa i gcónaí, an difríocht idir an t-am sin agus anois. Is ar éigean atá, tá 'fhios a'm go bhfuil daoiní a' gabháil ag iascach ar Aill na nGlasóg agus ar na carraigeacha ach ní mórán é. An t-am sin ba slí beatha é, daoiní a' gabháil soir ar chuile mhaidin, na Beattys, Cóil Neain ehm

MAIDHCIL: Cóilín Mhac Choilm, is dóigh.

AODH: Sea, iad siúd, muintir Chill Rónáin.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus uilig a’ gabháil soir ag iascach breams.

MAIDHCIL: Ag braith air, ní le spóirt a bhítheadh á dhéanamh.

AODH: Sin é díreach é. Agus ansin d’fheicteá iad ag teacht abhaile agus an bealach fiú a raibh siad in ann málaí móra bream, lán le bream a chur ar asal agus suí taobh thiar dhó agus (gáire) iad féin agus na breams a thabhairt slán (gáire).

MAIDHCIL: A thabhairt slán abhaile.

AODH: Bhí, (gáire) bhí scil ar leith ag baint leis sin ann féin.

MAIDHCIL: Ó tá mé cinnte go raibh.

AODH: Ach an méid iasc a bhí ann ansin agus ar ndóigh bhí siad, bhí siad, bhí siad á sailleadh acu, bhíodar á dtriomú acu. Bhí na, bhí claíochaí Chill Éinne

MAIDHCIL: Lán le ….

AODH: .… lán le, le iasc, á dtriomú.

MAIDHCIL: Agus an dream iasc a bhí ionaibh? An n-íosfadh t-athair agus do mháthair, an raibh suim ….

AODH: Ó yeah, d’íosfadh i gcónaí, bhíodh, agus caithfidh mé a rá, ceann go na rudaí eile is dóigh, ’speánann sé, ní cheannaíonn airgead chuile rud, tá rudaí nach gceannaíonn sé ar chor ar bith tá ’fhios a’inn, ach rud amháin difríocht, an t-am sin nuair a, ní raibh aon tóir mór arcrayfish taobh amuigh, so nuair a thiocfadh crayfish san eangach bhí, thugadh daoiní suas a’inne é….

MAIDHCIL: …. Á ní raibh aon cheannacht air déarfainn, sea.

AODH: Mar a dúirt (--) Bhí a fhios acub go maith gur thuig mo mháthair, chuaigh an scéal amach gur thuig sí céard a “__” agus go mbeadh suim aici ann. So bhíodh crayfish salad a’inne i bhfad sula mar bhí sé fashionable.

MAIDHCIL: I bhfad sula raibh sé ag na boiceannaí móra taobh amuigh

AODH: (Gáire) Sin é díreach é, agus sin rud eile faoi ….

MAIDHCIL: …. Bhí sibh ag maireachtáil ar dhroim na muice lá ar bith a bhí cráifisc le n-ithe a’d….

AODH: …. Ach ba shin é, bhí muin, bhí muinn .

MAIDHCIL: Is dóigh go bhfaighfeá cráifisc an uair sin i bhfad níos éasca ná a bhfaighfeá bream ó dhuine eicínt (gáire) ní raibh leath oiread suim ins an cráifisc.

AODH: Sea bhuel

MAIDHCIL: Ag an gnáth iascaire mar ….

AODH: …. Sea, sea ….

MAIDHCIL: …. ní bhfaighidís aon airgead orthub.

AODH: Sea, ach ní chomh minic sin tá 'fhios a'd a tharlódh sé go dtiocfadh siad in eangach tá 'fhios a'd agus is dóigh agus eh ach b'shin, b'shin rud eile a bhí, a bhí, atá athruithe, atá athruithe go mór.

MAIDHCIL: Tá agus a' gceapfá go bhfuil mórán athrú ar an sean dream anois? A' raibh níos mó am acub le bheith a’ caint leat, an gceapfá an chaoi atá an saol inniu, abair an sean dream anois le scéalta ná le, a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi a bhíodh, mar a bhí tú a’ rá a’ gabháil suas ar na háiltreachaí agus is dóigh go raibh go leor ama ag daoiní le bheith a’ caint le chéile agus

AODH: Bhuel is dóigh an rud a bhí ann ná an, an bealach ar tógadh na daoiní óga, agus bhí sé go bhuntáiste a’msa trí mhí sa samhradh go, go raibh ceangal a’m leis na daoiní seo. D’fhoghlaim tú uatha agus iad a’ déanamh lae, lae oibre. You know ag cur na bhfataí, bhí siad ag iascach, a’ baint fhéir, pé bí, pé bí céard a bhí ar siúl acu, agus, agus iad á dhéanamh sin bheadh siad ag caint leat agus bheadh siad ag múnadh rudaí duit agus ehm, agus bhí suim ag chuile dhuine ann. Ba shin é pátrún an tsaoil an t-am sin.

MAIDHCIL: Agus an béaloideas, na sean scéalta a’ gabháil siar, a' mbídís, an gcloisfeá .…?

AODH: …. Sea, ó bhí, is cuimhin liom, is cuimhin liom fós an rud agus, mar chuala mé clár radio faoi an lá cheana agus thug sé chuile rud ar ais a‘m, ach an scéal mór i gcónaí a chuala mise nuair a tháinig mé go hÁrainn ar dtús agus chuile shamhradh thiocfainn ar ais agus chuaigh mé, ghabhainn ar ais ag daoine a' rá “abair liom aríst anois céard díreach a tharla” agus céard a chonaic siad. An scéal faoi Hy Breasail

MAIDHCIL: Ó sea.

AODH: Agus bhí siad a‘ rá ….

MAIDHCIL: …. Tír na nÓg an Árannach.

AODH: Bhuel bhí sé amuigh ansin in áit eicínt.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Agus bhí duine eicínt a raibh aithne acu air a dúirt leis go bhfaca seisean é.

MAIDHCIL: Ó sea (gáire)

AODH: Agus, agus bhíodh mise i gcónaí “bhuel abair liom céard díreach a bhí ann” agus chuile rud mar sin. Ach níl aon cheist faoi, anois níl 'fhios a'm, níl 'fhios a'm ar chreid siad ann nó nár chreid, níl 'fhios a'm.

MAIDHCIL: Tá mé a' ceapadh blianta ó shin gur chreid….

AODH: …. Níl mo dhóthain eolas a'm féin ar an mbéaloideas ach tá mise a' rá leat nuair a tháinig mise anseo ins na caogaidí, ba shin ábhar mór cainte agus ábhar mór scéalaíochta.

MAIDHCIL: Hy Breasail.

AODH: Agus mé i mo leaidín óg….

MAIDHCIL: …. Tá sé beagnach imithe anois.

AODH: Sea, bhuel níor, níor chuala mé, go dtí gur chuala mé clár ar Radio na Gaeltachta ….

MAIDHCIL: …. Sea, sea ….

AODH: …. an lá cheana faoi i gContae Mhaigh Eo, níor, ní, níor chuala mise aon chaint ar anseo le fada, fada an lá….

MAIDHCIL: …. Sea, is iontach atá sé beagnach imithe as an mbéaloideas uilig ins an áit, is dóigh.

AODH: Sea, sea sin rud amháin

MAIDHCIL: Tháinig rudaí níos mó “___+”

AODH: Sea, ó sin é. Agus is dóigh an rud atá ar, a’ gabháil ar ais ag an gceist sin, an rud eile, an rud is, tá, tá, tá ócáidí eile ag na daoiní óga agus buíochas le Dia go bhfuil. Tá ’fhios a’d, ní, ní raibh, ní raibh fiú amháin cluichí anseo nuair a bhí mise ann, tá ’fhios a’d.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Ní raibh an t-am sin, ní raibh mórán daoine anseo a chuaigh ar scoil ehm

MAIDHCIL: Taobh amuigh, mar a deireanns muid.

AODH: Ach fiú amháin anseo gur fhéad siad peil a imirt. Is cuimhin liomsa ag imirt peile ar, ar chlós scoil Chill Éinne….

MAIDHCIL: …. Á muise go deimhin(Gáire)….

AODH: …. Bhuel anois mar a bheadh ’fhios a’d féin níl ann ach clocha agus mar sin féin thug muid faoi ar nós gurbh é an All Ireland é. Tá mé a’ rá leat agus bhí muid gearradh agus chuile rud. Ach bhí, bhí neart díograis a' baint leis, a' baint linne.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Ach ar ndóigh ba mhíbhuntáiste mór é nach raibh áis ceart acu.

MAIDHCIL: Á ba bhea, ba bhea.

AODH: Le bheith, le spraoi.

MAIDHCIL: Ba bhea, ní raibh ….

AODH: …. Ina dhiaidh sin ansin théadh muid síos ar Rinn Mhéith agus mar sin agus thosaigh rud, bhí suim eicínt ann go mbeadh daoiní ann a bheadh or go mbeadh áit eicínt ann le peil a imirt so bhí cineál páirceannaí beaga leagtha amach. Ach ní raibh mórán ann agus buíochas le Dia anois go bhfuil páirc.

MAIDHCIL: Céard a chuimhníonns tú siar ar a’ bPatrún agus lá Pheadair ’s Pól, Aodh, an gcuimhníonn tú ar na rástaí? Bhuel ní ar lá Pheadair ’s Pól a bhíodh na rástaí ann an t-am sin, ach an lá a bhíodh na rátsaí móra ann, abair thiar i muirbheach Joe Watty mar a ghlaodh muinn air agus

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Trá na bhFrancach.

AODH: Sea, ó is cuimhin liom go maith iad. Is cuimhin liom, is cuimhin liom iad a bheith ann.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus is cuimhin liom a bheith ann.

MAIDHCIL: An dtógfadh sibh páirt ….?

AODH: …. Ó thógfadh, bhí mé féin ag ritheadh.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Ní hé, ní hé go raibh mé sciobthaí ach sílim gur bhua mé rud eicínt no dhó cúpla babhta agus eh, ó bhíodh agus bhíodh baint a’inn leis agus thiocfadh muide, an rud amháin a bhí a’inne i gcónaí, thugadh muid camáin amach linn sa samhradh agus bhíodh muid ag iománaíocht, ar an trá anseo. Bhí an-tóir a’msa ar iománaíocht mo shaol uilig agus tá fós agus rinne muid cuid mhaith dhó sin.

MAIDHCIL: Na chéad bhlianta sin anois Aodh, an mbíodh aon daoiní eile cáiliúil, a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi a thiocfadh sibhse le trí mhí, anois go hÁrainn tagann daoine, is iontach an rud daoiní a fhananns thar oíche, ní fhanann naocha fán gcéad acub thar oíche ar bith ach an uair sin an mbíodh aon dhaoine eile a d’fhánódh in Árainn?

AODH: Bhuel bhíodh, bhí, bhí ar ndóigh an t-am sin bhí, bhí clú agus cáil ar Árainn mar gheall ar, ar scéalta Synge so bhí cineál meascán éagsúla go dhaoine a tháinig ann. Ins na caogaidí, mar tá aithne mhaith air, tháinig Breandán Ó Beacháin agus is cuimhin, Brendan Behan agus ….

MAIDHCIL: …. Sea ….

AODH: .… is cuimhin liom go maith é. Is cuimhin liom é á chur isteach ins an (--) Chaith sé, chaith sé oíche, oíche leis na gardaí (gáire)

MAIDHCIL: (Gáire)

AODH: (Gáire) Bhí sé ag coinneal comhluadar leis na gardaí ar feadh oíche agus bhí ehm, tháinig, thagadh go leor taidhleoirí ó tíortha éagsúla amach anseo. Tháinig Seapánaigh agus cuimhním ollamh Seapánach a’ teacht amach, Seapánach a’ teacht amach. Bhí an-suim acu in Árainn an t-am sin mar bhí Árainn fós, is beagnach gur saotharlann a bhí ann go saol nach raibh ar fáil níos mó.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus bhí fonn orthu breathnú ar sin ach, ach is dóigh na daoiní, an chuid is fearr acu, thuig siad gur áit í, gur áit mar sin féin a bhí, a bhí a’ fás, go raibh carachtar ag baint leis.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Go raibh, go raibh daoiní ar leith ann.

MAIDHCIL: Sea, ach ag an am céanna bhí sé ar nós The Last Frontier is dóigh.

AODH: Bhí sé agus, ach ar an dtaobh eile thuig na daoine seo mar shampla cén chaoi plé leis an bhfarraige.

MAIDHCIL: Á sea.

AODH: Agus an-mheas ag, an suim agus an-mheas ….

MAIDHCIL: …. Agus is dóigh an scannán an Man of Aran gur thug sé go leor ….

AODH: …. Thug, thug sé sin agus, agus bhí go leor daoine mar sin a thiocfadh ann agus ar ndóigh ansin thagadh go leor taidhleoirí, Thagadh Diela Murphy anseo. Is cuimhin liom go maith Diela Murphy ag teacht anseo agus Siobhán MacKenna, tháinig Siobhán, thagadh Siobhán anseo cuid mhaith.

MAIDHCIL: Ó yeah, yeah.

AODH: So, so bhíodh daoine, bhíodh daoine mór le rá agus beidh, beidh ’fhios ag daoine eile cé hiad, cé hiad ach, á bhí go leor daoine a thagadh anseo agus chastaí cuid mhaith againne , acu orainne. Is dóigh go raibh an buntáiste a’inn mar go, an post a bhí ag m’athair

MAIDHCIL: Á sea.

AODH: … go mbeadh daoine mb’fhéidir ag déanamh teagmháil leis le eolas a fháil agus rudaí mar sin.

MAIDHCIL: Faoin t-oileán agus

AODH: So, so chasfaí ….

MAIDHCIL: …. Thug sé, thug sé daoiní amach ann.

AODH: Sea agus chasfaí daoine suimiúla mar sin orainn, tá ’fhios a’d.

MAIDHCIL: Ag dul siar anois arís Aodh a dhath beag go dtí do thús, [ag teacht go hÁrainn] bhí tú ag caint ansin ar Bhríd Chóil mar a ghlaonns muid uirthi, beannacht Dé lena hanam.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Bean Phaitín William a bhí ag obair agaibh.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Cén tionchar a bhí aici siúd anois ar saol s’agaibhse? Bean as an oileán ag obair agaibh, taobh amuigh [i nGaillimh] nach raibh, chomh maith leis an áit seo? Bhí sí ag obair agaibh lán aimsireach.

AODH: Sea, tháinig sí a’inne i 1941agus d’fhan sí linn gur phós sí Paitín i 1956. Bhí an-tionchar aici orainn. Bhí sí, bean thar a bheith lách, cineálta, bhí sí, bhí sí díreach ach, ach bhí sí thar a bheith ehm, bhí sí thar a bheith deá bhéasach. Thug sí an-aire dúinn, ar bhealach d’fhéadfá a rá gur thóg sí muin. Ní hé nach raibh aon bhaint ag mo mháthair leis, bhí.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Ach bhí an bheirt acu, d’oibrigh siad as lámha a chéile, agus chuireadar ….

MAIDHCIL: …. Co-shuim acub ionaibh….

AODH: …. smacht ar m’athair nuair a bhí gá smacht a chur air (gáire) rud a thaitin, rud a, rud a thaitin (gáire) le Bríd a dhéanamh ó am go chéile.

MAIDHCIL: Is dóigh (gáire) is dóigh.

AODH: (Gáire) Agus ar ndóigh ó tharla gur as Inis Meáin í, thug sí go Inis Meáin muid. Dúirt mé cheana, chuaigh muid an chéad uair riamh a tháinig muid go dtí na hoileáin, chuaigh muid go Inis Meáin ach théadh mé ar ais ann go minic. Rinne muid diabhlaíocht in Inis Meáin agus cuimhin liom go maith, bhí muid faoin am seo thall anseo, ’52 ’53 silim, bhí ócáid le bheith in Inis Meáin, bhí gaolta le Bríd mb’fhéidir tagthaí as Meiriceá ach bhí, bhí, agus bhí rud eicínt eile ar siúl agus tugadh cead domsa agus go mo dhearthár Eoin dhul go hInis Meáin ar feadh cúpla lá le Bríd, agus is cuimhin liom go maith bhí an-scléip agus chuile rud a’inn agus, agus is cuimhin liom bhí ceiliúradh mór nó coisir mór tí Mhicil Chóil ar Chinn an Bhaile agus bhí, nil ’fhios a’m, duine eicínt anois, níl ’fhios a’m, ní dóigh liom gur dearthár, b’fhéidir gur dearthár le Bríd, duine eicínt a tháinig, thug sé abhaile chewing tobacco as .…

MAIDHCIL: …. As Meiriceá is dóigh….

AODH: …. As Meiriceá.

MAIDHCIL: Á sea, tobac milis a thabharfaidís air ….

AODH: …. Agus sin an chéad uair riamh… Tobac milis?

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Bhuel sin é an chéad uair agus sin é an chéad tobac riamh a bhí a’m, agus bhí tobac milis a’m agus cuimhním go maith á ithe seo taobh amuigh gon teach a’ breathnú amach ar an bhfarraige, ar Chinn an Bhaile. Bhuel bhí mé chomh tinn, ar feadh lae.

MAIDHCIL: (Gáire)

AODH: (Gáire) Cheap mé, cheap mé go raibh an deireadh in ann dom

MAIDHCIL: Ós a’ caint anois ar choisir é, chuir sé rud eicínt i gcuimhne dom, cuimhním tú a’ rá liom blianta ó shin, coisir eicínt a chonaic tú in Árainn nuair a bhí tú an-óg, duine eicínt, American Wake a thabharfaidís air, ach coisir a bhí ag

AODH: Ó is cuimhin liom go maith. Sea nuair a bhí mé ar scoil i gCill Éinne agus duine go na Kennys

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Chill Éinne, is dóigh

MAIDHCIL: A bhí a’ gabháil go Meiriceá is dóigh.

AODH: Sea, sea agus is cuimhin liom go maith, bhí daoine a’ rá go mbeadh sé ann agus ar deireadh thiar, tharla sé go ndeachaigh mé ann ach níor thuig mise go dtí go raibh mé ann céard a bhí i gceist agus an rud faoi, bhí an chóisir ann le mo chuimhne sul, sul, roimh deireadh na bliana scoile, le mo chuimhne. Bhí fhios ag, bhí fhios ag an gcailín seo is dóigh or bhí fhios ag a muintir ar a laghad, bhí sise a’ gabháil a’ fágáil an lá a raibh sí ceathair déag, le mo chuimhne. É sin nó an lá, an bhliain a raibh sí ceathair déag ag deireadh na scoile pébí cé acub é….

MAIDHCIL: …. Ó sea, sea.

AODH: Agus bhí an choisir roimhe sin mar bhí na ticéidí ceannaithe agus chuile rud.

MAIDHCIL: Le n-imeacht, á sea.

AODH: Le n-imeacht agus is cuimhin liom a’ smaoineamh dom féin agus rith sé liomsa ag an am sin - ní raibh aon rogha ag an gcailín bocht. Bhuel agus b’fhéidir gurb shin é a bhí uatha ….

MAIDHCIL: …. Sea, sea.

AODH: Ach bhí fhios a’m nach shin é a bhí uaimse agus bhí mé ag rá liom féin “bhuel caithfidh mé a chinntiú nach, nach shin é an rud, nach mbeidh ormsa an rud céanna a dhéanamh”

MAIDHCIL: Agus rud é a d’fhan i t’intinn bhí tú a’ rá liom.

AODH: D’fhán sé i m’intinn ó shin. D’fhán, d’fhán, d’fhán.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: D’fhán agus, agus, mar ní raibh, ní raibh ehm

MAIDHCIL: Buíochas le Dia is ceann go na rudaí é sin anois atá imithe as na hoileáin, tá daoiní in ann a theacht abhaile nuair a thogródh siad é.

AODH: Tá, á bhuel tá, tá athrú mór mar an t-am sin.…

MAIDHCIL: …. Tá, tá ….

AODH: .… ar ndóigh, bhí fhios ag daoiní bhuel ehm although is dóigh ins na caogaidí, b’fhéidir gurb shin iad an glúin deireanach nach raibh seans maith acu a theacht abhaile.

MAIDHCIL: A theacht abhaile, go, go luath ar aon chaoi.

AODH: Sea, go luath, bhuel tá sé sin cinnte, go luath….

MAIDHCIL: …. le a gcuid athaireachaí agus máthaireachaí a fheiceáil aríst.

AODH: Sea, sea.

MAIDHCIL: Sea, so bhí sé, bhí sé….

AODH: …. Tá sé sin fíor agus Gleann, bhí, bhí Gleann na nDeor fós ….

MAIDHCIL: …. I n-intinn ….

AODH: …. I n-intinn ….

MAIDHCIL: …. na ndaoine agus ins an stair agus i mbéaloideas.

AODH: Sea, sea bhí, bhí.

MAIDHCIL Sea, sea.

AODH: An rud, an rud ar ndóigh a thuig mé ina dhiaidh sin, ní hé gur tharla sé seo in Árainn, bhí sé a’ tarlú in áiteachaí eile freisin ach mar gheall ar an bealach go mbíodh mise in Árainn sa samhradh, ní fhaca mé i nGaillimh é mórán ach dúirt m’athair liom go raibh sé i gContae na Gaillimhe, mar bhí seisean ós cionn an Chontae uilig agus bhí go leor áiteachaí a dúirt sé a bhí díreach ar an mbealach céanna an t-am sin. Ins na caogaidí. Níl mé a’ rá nach raibh sé ann ins na seascaidí freisin ach bhí sé .…

MAIDHCIL: …. Sea ach ní raibh sé, ní raibh sé chomh mór.

AODH: Bhí na caogaidí an-chrua.

MAIDHCIL: Á is dóigh gur chuir sé rud eicínt i t-intinn. Rinne tú féin bail ó Dhia ort, níl mórán tíortha is dóigh, bhuel ar an domhan d’fhéadfainn a rá is dóigh nár thaisteal tú iontub agus

AODH: Bhuel rinne mé cuid mhaith. Theastaigh uaim i gcónaí a bheith a’ plé le graíthe idirnáisiúnta nuair, nuair a thuig mé, nuair a bhí mé ag críochnú scoile, bhuel cé go ndeachaigh mé le bheith i mo shagart go Mánuat ar feadh ceithre bliana, d’éirigh, d’éirigh mé as théis ceithre bliana, thuig mé nach, nach raibh sé in ann domsa ach bhí suim a’m i gcónaí i ngraithí idirnáisiúnta agus ansin thug mé faoi sin, a theacht isteach ann ar bhealach eicínt, ba shin é an suim a bhí agamsa agus tá, tá an ceart a’d, tá cuid, ní raibh mé i Meiriceá Theas, ach taobh amuigh de sin tá cuid mhaith gon, gon domhan ....

MAIDHCIL: …. Agus tá tú in ann, bail ó Dhia ort, go leor teangachaí a labhairt.

AODH: Bhuel d’fhoghlaim mé cúpla ceann ar an mbealach, tá sé sin fíor. Tá Gearmáinis agus Fraincis a’m, tá beagáinín Rúisis a’m agus tá píosaí go rudaí eile a’m.

MAIDHCIL: Dhath beag Gaeilge. (Gáire)

AODH: Agus tá (gáire) bhuel níl sé uilig caillte a'm fós. Is cuimhin liom blianta ó shin a’ rá le, Dara Beag a bhí air nach ea, thall in Inis Meáin?

MAIDHCIL: In Inis Meáin, sea, an file ….

AODH: …. Dúirt mé leis bliain amháin, bhí mé a’, bhí mé a’ míniú dhó mar ní chaithinn, ní raibh mé in ann an oiread sin am a chaitheamh in Árainn agus ar ndóigh nuair a bhí mé i mo chónaí thar lear ins an nGearmáin agus san Elbhéis agus áiteachaí mar sin ní bheadh mórán ócáid a’m a bheith, a bheith a’ labhairt Gaeilge agus thagainn abhaile agus dúirt mé leis go raibh meirg ar mo chuid Gaeilge agus dúirt sé “má tá féin níl aon dúch air”. (Gáire)

MAIDHCIL: (Gáire) Ní raibh sé i bhfad amach ansin, níor chaill tú riamh í. Agus tá chuile dhuine agaibh ins an gcomhluadar an bhfuil in ann Gaeilge a labhairt? An méid atá, tá aithne a’m ar chuile dhuine acub tá mé ag ceapadh, tá, tá Gaeilge ar scoth ag chuile dhuine agaibh.

AODH: Ó sea tá, tá agus labhraíonn muid i gcónaí Gaeilge le chéile a chuireanns iontas ar daoiní ar ócáidí airithe. Ní hea, an t-aon rud amháin a chaithfinn a rá agus, mar an, an rud is tábhachtaí go mbeadh sé ag an gcéad ghlúin eile.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Agus sin é an áit a bhfuil sé níos deacra.

MAIDHCIL: Sé, sé.

AODH: Agus caithfidh mé admháil tá cuid, tá cuid a’inn ag déanamh níos fearr ná an chuid eile. Agus tá roinnt, tá, tá feabhas le déanamh a’m féin fiú amháin sa gcás sin.

MAIDHCIL: Tá, ach tá triúr clann a’d bail ó Dhia orthub, thall i Sasana agus tá, tá suim sa nGaeilge acub, is iontach an rud é….

AODH: …. Bhuel tá ach mar sin féin caithfidh muid, caithfidh muid a chinntiú go mbeidh siad, go mbeidh siad in ann ….

MAIDHCIL: …. Sea ….

AODH: …. é a thabhairt gon chéad ghlúin eile freisin mar sin é an rud is tábhachtaí uilig mar ….

MAIDHCIL: …. An gceapfá anois Aodh, tá an oiread aithne a’d ar Árainn tá mé ag ceapadh, le aon Árannach, céard a cheapfá faoin nGaeilge in Árainn abair deich mbliana fichid ó shin, inniu?

AODH: Bhuel is dóigh an rud a déarfainn agus, agus tá sé fíor faoi áiteachaí eile sa tír, bhí me a’ déanamh machnamh ar seo le coicís anuas, ó tháinig mé sall le dhul ag Merriman na bliana seo mar a dhéananns [mé] go minic, chuireadh sé ionadh ort an áit a bhfaigheadh tú Gaeilge. Chuireadh sé ionadh ort freisin an bealach go bhfuil an Ghaeilge fós ann in áiteachaí nach gceapfá go mbeadh sé agus is dóigh ar bhealach go bhféadfaí a rá go bhfuil Ára san, go bhfuil Árainn ins an, ins an gcategory sin mar a déarfá. Bhí sé an-, bhí sé an-deacair ar an nGaeilge, ní raibh, ní raibh radio a’inn. Nuair a tharla rud ar bith nua, ní raibh sé riamh as Gaeilge.

MAIDHCIL: Is fíor duit, yeah….

AODH: …. So nuair a tháinig radio “___+”, agus níor tháinig Radio na Gaeltachta marach go ndearna roinnt daoine cróga rudaí nach n-aontódh chuile dhuine gur cheart go aon dhuine a dhéanamh ins an gcóras polaitíochta atá againne.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Ach ar an dtaobh eile ní tharlódh sé mara ndéanfadh duine eicínt brú ar leith. An bealach céanna thóg sé i bhfad ró-fhada le teilifís a bheith ann, mar inniu tá na meáin cumarsáide chomh láidir, tá an tionchar an oiread sin acu ar daoine, ehm, an tionchar atá ag an mbéaloideas ar, ar brú cultúr chun tosaigh, tá sé laghdaithe, tá an béaloideas inniu, tá sé ar an radio agus tá sé ar an teilifís.

MAIDHCIL: Tá, tá….

AODH: …. Agus tá sé ins na scannáin.

MAIDHCIL: Tá, tá an ….

AODH: …. Agus, agus, agus mara bhfuil sé sin ar fáil as Gaeilge ar ndóigh ní fhéadfaidh an Ghaeilge láidriú.

MAIDHCIL: Ní fhéadfaidh.

AODH: An rud ar an dtaobh eile atá, is dóigh is buntáiste mhór é, ó tharla anois na ríomhairí a bheith imithe chomh, “___+” agus ó tharla an software a bheith níos fearr, tá sé éasca a dhul ar ríomhairí as Gaeilge.

MAIDHCIL: As Gaeilge, sea.

AODH: Agus is rud an-mhór é sin, mar bhí an- ….

MAIDHCIL: …. Buntáiste gon Ghaeilge é dá n-úsáidfí ins an mbealach ceart é….

AODH: …. Sea, bhuel sin é ach tá daoine ann atá á dhéanamh.

MAIDHCIL: Atá dhá dhéanamh, is dóigh, sea..

AODH: So caithfidh mé a rá cé nach mb’fhéidir nach bhfuil muid a’ gabháil chun tosaigh, ar bhealach feictear domsa nach bhfuil muid a’ gabháil chun deiridh ach an oiread.

MAIDHCIL: Imithe an deiridh.

AODH: Yeah, ar bhealaigh ar ndóigh tá, ach ….

MAIDHCIL: …. Tá, tá go leor .

AODH: Ach abróidh muid mar seo é, tá mé thar a bheith dóchasach.

MAIDHCIL: Ó is mór is fiú é sin.

AODH: Níl, níl, bhuel ní dóigh liom féin go bhfuil muid, b’fhéidir go bhfuil sí lag ach níl sí básaithe.

MAIDHCIL: Níl sí básaithe. Dá gcoinneodh an chéad ghlúin eile sóirt

AODH: Bhuel má dhéanann an ghlúin seo cinnte go bhfuil sé ag an gcéad glúin eile.

MAIDHCIL: Déanamh an chéad ghlúin eile cinnte b’fhéidir.

AODH: Bhuel caithfidh muid a bheith ag braith uirthi ….

MAIDHCIL: …. Sea …

AODH: …. ní féidir linn féin é a dhéanamh agus níl aon mhaith a bheith ag tabhairt faoi. An t-aon bhealach amháin, sin é, sin é an rud a bhí ag baint le m’athair agus mo mháthair, chreid dar in Éirinn agus chreid dar sa nGaeilge.

MAIDHCIL: An rud sin anois a deir tú, an t-tionchar a bhí ag t-athair agus do mháthair ort faoi na rudaí, gan do mhisneach a chailleadh mara bhfuil tú ar an gcéad áit in áit eicínt, nár bhreá an rud dá mbeadh dhath beag dhó sin sa, ní san mbéaloideas ach san oideachas, níos mó sa lá atá inniu ann ag ’speáint nach gcaithfidh tú a bheith, feictear dom féin anois agus tá gasúir óga a’m go bhfuil an iomarca, go bhfuil an oiread brú ar ghasúir a bheith ar an gcéad duine, sa rása.

AODH: Tá, tá.

MAIDHCIL: Dá mbeadh rud eicínt ann, má thagann tú ar an duine deireanach go bhfuil tú in ann breith suas ar an gcéad duine mb’fhéidir amach i lár do shaol nó, nó

AODH: Bhuel is dóigh go bhfuil agus tá múinteoirí ann tá mé cinnte a thuigeanns go maith go, an, an, an fáth atá le oideachas ná an, an eh ceann scríbe oideachas.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Ná go, go bhféadfadh chuile dhuine a fhaigheanns oideachas, an rud is fearr a fhéadfas siadsan a dhéanamh leob féin. Sin é an aidhm atá ag oideachas. Ní féidir le chuile dhuine a bheith uimhir a haon.

MAIDHCIL: Cúrsaí difríocht le caiple difríocht.

AODH: Sin é díreach é. Ach feadfaidh, féadfaidh chuile dhuine a bheith, an rud is fearr a dhéanamh gur féidir leobsan a dhéanamh.

MAIDHCIL: Atá iadsan in ann a dhéanamh.

AODH: Agus sin é, agus go mbeadh, go dtuigfeadh an córas oideachas agus tá mé cinnte go dtuigeann cuid mhaith é, ach ní, b’fhéidir, mb’fhéidir nach samhlaíonn sé mar sin i gcónaí ach an príomh rud go, go, go mbeadh an, an, an seans sin ag chuile dhuine go ndéanfadh siadsan an rud is fearr gur féidir leobsan a dhéanamh agus go bhfaigheadh siad an spreagadh ó na múinteoirí

MAIDHCIL: Sea.

AODH: é sin a dhéanamh.

MAIDHCIL: Anois a’ caint ar an nGaeilge ag imeacht agus ar a’ mbéaloideas, feictear domsa mé féin an éagsúlacht, má chuimhníonn tú ar na caogaidí anois, an tÁrannach, bhí éagsúlacht, dá bhfeicfeadh tusa anois scór daoiní óga as Árainn a’ siúl tharat isteach i dteach ósta nó isteach ag an Aifreann agus scór daoiní sa, sa, sna caogaidí abair nó sna seascaidí, meas tú an bhfuil muid i gcónaí, a’ bhfuil dhath beag gon Árainneach fanta fós ionainn?

AODH: Ó tá sé, ní gá, tá sé fanta uilig cheapainn féin agus ar ndóigh tá, tá, tá múnla eile air mar tá sé, tá sé, mar, mar tá an saol athruithe.

MAIDHCIL: An saol athruithe.

AODH: Tá na carrannaí ann, níl bicycles ann níos mó nó níl siad a’ siúl, eh tá, tá siad ag caitheamh, pé bí céard atá siad ag caitheamh, tá siad ag caitheamh na Wranglers agus na Doc Martens agus ní pampooties atá orthu níos mó ach mar sin féin an bealach a thagann siad le chéile, an bealach a chongraionn siad, an bealach a shuíonn siad ar claí, an bealach a shiúlann siad uilig isteach i halla nó isteach sa bpub le chéile, buachaillí isteach i line i ndiaidh a chéile, ar bhealach d’fheadfainn ceanneasna a fheiceáil orthub agus bheadh sé, bheadh sé mar a bhí sé fadó.

MAIDHCIL: Yeah, nach, is breá an rud é sin anois.

AODH: Bhuel tá sé, tá sé go deas go bhfuil, go bhfuil .…

MAIDHCIL: Thabharfadh sé misneach duit go chuid gon, gon saol amach anseo.

AODH: Bhuel tugann sé misneach mar tá, tá, rud amháin mb’fhéidir nár dhúirt mé go dtí seo ach fáth silim féin, cinnte tháinig mise ar ais go hÁrainn, ehm na daoine in Árainn, daoine thar a bheith cineálta iad. Daoine cneasta iad. Ar ndóigh, mar tá fhios a’msa daoine a thaganns isteach agus ceapann siad go bhfuil muintir Árainn, go bhfuil siad cineál strainséarach, go gcoinníonn siad leo féin ach aon áit, aon áit, aon uair a theanns tú isteach in áit a bhfuil cineál cultúr eile nó grúpa eile go dhaoine, tógann sé tamaillín ort teacht isteach orthub.

MAIDHCIL: Hm, briseadh isteach san ….

AODH: …. Níl aon ghrúpa ar an domhan gur féidir leat a dhul isteach díreach ann.

MAIDHCIL: Má tá, más féidir, ní fiú a dhul isteach ann.

AODH: Bhuel b’fhéidir gurb shin é. Sin é dúirt Groucho Marx, you know, “ I wouldn’t be a member of any club that would have me as a member” you know mar a dúirt sé agus tá ….

MAIDHCIL: …. Sea, sea….

AODH: …. tá rud eicínt dhó sin ag baint leis. Ach muintir Árainn feictear domsa go bhfuil siad thar a bheith oscailte, tá siad thar a bheith leathan aigeantach. Ghlac Árainn le athruithe i bhfad níos mó ná mar [a ghlac] áiteachaí eile atá fhios a'msa. Is cuimhin liom go maith Bríd go ndéana Dia trócaire ar a hanam agus mé ag caint lei mar a tharla sé tá an saol athruithe. Bíonn, bíonn, tá 'fhios a'd, bíonn páistí anois ann nach bhfuil, nach bhfuil beirt tuismitheoirí acu agus, agus tá sé sin tarlaithe in Árainn freisin. Tá rudaí eile tarlaithe ach glacann na daoine leis. Tá siad carthanach faoi, tugann siad aire gon chéad ghlúin eile.

MAIDHCIL: Tá.

AODH: Is cuma agus is, is iontach an rud é sin. Agus gon chuid is mó mar thuigim é, tá 'fhios a'm níl mé anois anseo chuile lá gon bhliain ach mar thuigim é, níl aon, níl aon duine námhaideach faoi ná aon rud mar sin. Glactar leis agus ….

MAIDHCIL: …. Glactar, tá go leor rudaí a’inn nach bhfeiceann muid atá faoi nár srón féin go minic.

AODH: Bhuel ach tá daoine ….

MAIDHCIL: …. Is dóigh, yeah.

AODH: Ach sa taobh sin de caithfidh mé a rá, silim féin go bhfuil daoine thar a bheith, thar a bheith carthanach agus thar a bheith, thar a bheith tolerant, is dóigh gurb shin é, gurb shin é an focal.

MAIDHCIL: Anois tá triúr gasúir a'd féin Aodh agus tá aithne mhaith a'm féin orthub, tá áthas orm a rá agus tá an dara iníon atá a'd, tá sí a’ gabháil ar, ar coláiste i nGaillimh.

AODH: Tá.

MAIDHCIL: San ollscoil i nGaillimh agus tá an tríú gasúr atá a’d, do mhac, é féin a’ cuimhneamh air.

AODH: Tá.

MAIDHCIL: An gceapann tú gurbh é an tionchar, bhuel rugadh i nGaillimh tú féin agus Árainn, gurbh é, cé go bhfuil tú i do, do chónaí i Sasana anois is dóigh ó rugadh iad beagnach, nach bhfuil?

AODH: Bhuel sea, rugadh an beirt cailíní, rugadh Muireann, tá Muireann fiche ’s trí anois agus tá Sorcha fiche ’s haon. Rugadh Muireann agus Sorcha i mBlá Cliath, nuair a bhí mé fós i mBlá Cliath. Tháinig mé ar ais, chuaigh mé go dtí an Ghearmáin ins na seascaidí agus taobh amuigh go sé bliana b’fhéidir seachtó sé agus ochtó dó, tá mé mo chónaí taobh amuigh gon tír. Tháinig mé ar ais Baile Átha Cliath na sé bliana sin, an t-am a raibh mé le Telectron, agus rugadh Muireann agus Sorcha an t-am sin. Chuaigh mé go Sasana i ’82 agus rugadh Angus in ’85. Sea, bhuel ar ndóigh tógadh iad le tuiscint ar Éireann, le suim ann, ach ar an dtaobh eile tá siad, tá siad ina gcónaí i Sasana agus ní, ní, ní, ní féidir leob gan aird a thabhairt ar sin, ach tá an-suim acu in Éireann, tá, is Éireannaigh iad ó thaobh pas de, is saoránaigh Éireannacha iad. Shocraigh Muireann a dhul ar ollscoil i Sasana ach bíonn sí anseo go leor. Theastaigh uaidh Sorcha a dhul ar ollscoil in Éireann agus tá sí ar ollscoil i nGaillimh, ar mo shean Alma Mater mar a deirtear, agus de réir cosúlachta má éiríonn leis mar a chaithfeas éirigh leis, Angus, má tá sé ag dul ann, ba mhaith leis a theacht go hÉireann freisin. Agus silim féin de réir cosúlachta gur mhaith leis a dhul Gaillimh. Ach níor chur mise aon bhrú orthub riamh mar tá ’fhios a’m féin an, an, an rud a thug mé, chuir mé treoir orthub ach, ach an treoir sin bhain sé i gcónaí le céard ba mhaith leat a dhéanamh agus má tá tú a' gabháil é sin a dhéanamh seod é an cineál rud a chaithfeas tú a dhéanamh le theacht go dtí sin agus ar bhealach, is cuma ar bhealach cá ngabhfaidh tú ar ollscoil, má theann tú ar ollscoil. Tá ’fhios a’m go mbíonn daoiní ag caint faoi go bhfuil Ollscoil A níos fearr ná Ollscoil B ach ar deireadh thiar, chuirfeadh sé ionadh ort ins an saol seo, tá ’fhios a’d daoiní, tagann daoiní as chuile chineál ollscoil agus tagann siad, bíonn siad ar bharr so an príomh rud ná go bhfuil oideachas ort agus gur duine ….

MAIDHCIL: Nuair a chuimhneofá ar t-athair a tháinig ó sliabh fliuch ….

AODH: …. Bhuel sin díreach é, sea ….

MAIDHCIL: …. agus a d’fhág an scoil ag ceathair déag agus ….

AODH: …. Sea, sin é.

MAIDHCIL: an áit a chríochnaigh sé sin suas.

AODH: Agus ina dhiaidh sin braitheann sé a’ bhfuil oideachas ort agus má tá oideachas ort beidh tú, beidh tú, agus má tá tú cneasta agus cineálta le daoine, ansin beidh, beidh, beidh, beidh rath ort.

MAIDHCIL: Ach is dóigh go raibh tionchar mhór ag, a’d ar do chuid gasúir ina dhiaidh sin. Béaloideas ins an teach b’fhéidir? Do iníon Sorcha anois, tagann sí aníos go hÁrainn beagnach chuile dara deireadh seachtaine agus ní bhíonn tusa anseo ná aon dhuine agaibh anseo.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Is dóigh go bhfuil sé a’ gabháil ar ais go dtí an ghlúin, an tríú glúin a’ déanamh an rud céanna.

AODH: Bhuel níl ’fhios a’m, tá, tá an-áthas orainn go bhfuil an cineál sin suim aici ann. Tá córas a’inne sa teach agus tá córas a’m féin, déanann mise mo mhíle dícheall fanacht i dteagmháil le mo dheartháireacha. Déanann mé mo mhíle dhícheall fanacht i dteagmháil le clann mo dheartháireachaí ach déanaim freisin mo mhíle dhícheall fanacht le mo chol ceathrachaí ar thaobh m-athair agus an dá chlann, clann m’athair agus clann mo mháthair.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus tá siad, tá siad i go leor áiteachaí ach téim timpeall le, le cuairt a thabhairt orthub agus rudaí mar sin. Now déanann muid iarracht a theacht le chéile agus, agus sin é an bealach silim, b’fhéidir gurb shin é an, an rud is mó atá ag na páistí, go dtuigeann siad go bhfuil na ceanglachaí seo ann.

MAIDHCIL: Sea, sea agus tá suim acub.

AODH: Agus tá suim acu ansin agus sin é, sin é leis an fhirinne a rá silim, sin é an rud a thuganns ar ais iad. Airíonn siad gur, gur, gur, go bhfuil baint acu leis an áit. Tá baint acu le Éireann, tá baint acu le Gaillimh, tá baint ar leith acu le Árainn.

MAIDHCIL: Árainn, tá agus cé nach raibh gaolta ar bith in Árainn agaibh, tá sibh níos, tá níos mó gaolta in Árainn agaibh ná go leor daoine.

AODH: Tá.

MAIDHCIL: A rugadh agus a tógadh anseo.

AODH: Tá, tá ar bhealach, tá sin é díreach é.

MAIDHCIL: Tá agus is breá an rud é sin.

AODH: Tá ach an chéad rud, an rud tábhachtach ar dtús go raibh suim acu, go raibh ceangal, gur cheap siad, gur mhothaigh siad go raibh ceangal acu le Éireann agus ar ndóigh má tharlaíonn sé go, go bhfuil an ceangal sin bunaithe ar theacht go hÁrainn go minic, beidh mise, tá mé a’ rá leat, thar a bheith sásta.

MAIDHCIL: Tá mé cinnte go mbeidh.

AODH: Beidh mé, beidh mé.

MAIDHCIL: Agus tú féin anois amach anseo b’fhéidir

AODH: B’fhéidir anois, b’fhéidir fiú amháin, b’fhéidir fiú amháin go mbeidh mé in Árainn agus ní amháin nuair a bheas mé ag dul sa gcré (gáire) ach roimhe sin.

MAIDHCIL: (Gáire) Sula mbeidh tú, sula bheas na cosa chomh craite sin.

AODH: (Gáire) Sula mbeidh na cosa craite, le cúnamh Dé, le cúnamh Dé.

MAIDHCIL: Bhuel caithfidh mé a rá Aodh, níl ’fhios a’m féin mórán daoine nár rugadh in Árainn atá an oiread suim san oileán acub, ná ó fuair mé féin aithne ort anuas na blianta a thug an oiread cúnamh go rud ar bith a bhí a’ tarlú ar an oileán. Thaitneoidh liom an méid sin a rá . Chuile shórt a rinne muid, más é an Pátrún é nó le cúnamh agus an pháirc peile atá muid a’ dhéanamh agus an leac chuimhneachán agus chuile shórt, tá súil a’m go gcuimhneofar go deo ar an cúnamh a thug tú dúinn le haghaidh na rudaí sin.

AODH: Go raibh maith a’d.

MAIDHCIL: Agus dá mbreathnófá siar anois air, céard a cheapfá an cúnamh a thug Árainn duitse, nuair a bhí tú imithe galivantáil ar fud an domhain agus ag déanamh rudaí nach labhróidh muid anseo orthub.

AODH: An cúnamh a thug Árainn domsa nó an, an fáth a bhfuil Árainn tábhachtach domsa agus an fáth is dóigh a dtagaim ar ais i gcónaí ná, feictear, sé an bun chloch atá a’msa, an bun chloch atá a’msa, Éire, iarthar na hÉireann, Gaillimh agus Árainn agus an fharraige.

MAIDHCIL: Tá suim mhór in iascach a’d ar ndú.

AODH: An, an, agus an cheangal idir na daoine agus an fharraige, agus an tionchar atá ag an fharraige ar na daoine. Muintir oileán, thar a bheith tábhachtach, dom féin fiú amháin mar is, is oileán muid uilig ar bhealach amháin.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Ach ar bhealach eile ar scáth a chéile a mhaireanns muid. Is dóigh tá sé, tá sé, sé an rud bunúsach sa, sa socheolaíocht gur, gur, an duine agus ansin an duine ins an, an society ina, ina bhfuil siad, a bhfuil tú i do chónaí.

MAIDHCIL: Á sea, sea.

AODH: Tá ’fhios a’d.

MAIDHCIL: Sea.

AODH: An social system mar a déarfá. Yeah an chóras, an chóras ach tá ’fhios a’d an comhluadar a bhfuil tú ann.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Agus dhomsa, sé, sé Árainn mo chomhluadar.

MAIDHCIL: Nach breá an rud é sin a chloisteáil.

AODH: Sea, agus ba é i gcónaí, agus cé nach féidir leat a bheith ann i gcónaí tháinig mé ar ais ann mar a dúirt mé silim ó thús silim dhá bhliain ós cionn leath chéad bliain nach raibh mé ar a laghad lá in Árainn chuile bhliain.

MAIDHCIL: Chuile bhliain acub sin.

AODH: Sea.

MAIDHCIL: Nach breá é sin.

AODH: Ní hé go raibh mé i gcónaí in ann achar fhada a chaitheamh anseo mar ní raibh, mar bhí mé a' taisteal agus bhí mé ag obair agus bhí cúramaí eile orm, ach ehm, agus níor chaith mé saoire ó d’fhág mé Éireann in aon áit eile sa Samhradh ach in Éireann agus, bhuel an chuid is mó go na saoire sin caitheadh in Árainn iad.

MAIDHCIL: Sea, yeah.

AODH: Théadh mé Gaillimh ar feadh tamall nuair, nuair a bhí mo athair agus mo mháthair sean agus ní bheadh mé in ann theacht amach anseo ach ar feadh lae nó dhó. Bhuel seod é an baile.

MAIDHCIL: Seod é do bhaile.

AODH: Tá mé sa mbaile anseo.

MAIDHCIL: Sea agus ’speánann tú uilig é bail ó Dhia ort, aon uair a bhíonns tú anseo. Anois rud amháin nár fhiafraigh mé tada dhuit faoi agus sula gcríochnóidh muid suas just labhróidh muid cúpla focal air, nuair a bhí tú i do leaid óg in Árainn Ar ndóigh níor fhiafraigh mé faoi girlfriends ná tada mar bhí tú i do leaidín an-bheannaithe nuair a bhí tú i do leaid óg anseo, is beag nach raibh dearmad déanta a’m air, bhí muid ag ceapadh gur tú an chéad Phápa a bheadh as Árainn a’inn.

AODH: Sea bhuel ar ndóigh theip orm ansin, caithfidh mé a rá.

MAIDHCIL: (Gáire)

AODH: Chlis orm, chlis orm an brionglóid sin a chur i gcrích. (gáire)

MAIDHCIL: (Gáire)

AODH: Bhuel bhí mé chomh maith nó chomh dona le aon duine eile mar a déarfá.

MAIDHCIL: (Gáire)

AODH: Bhíodh mé’ bhíodh an-time a’m. Bhí mé, bhí mo mháthair, ehm mhúin mo mháthair dúinn uilig damhsa a dhéanamh agus théadh muid ag halla, halla i gCill Rónáin, Halla Rónáin agus bheadh orainn, shuíodh sí ansin agus déarfadh sí “anois go amach ansin, go sall an taobh eile gon halla agus siúl sall agus iarr orm damhsa” agus bhí ar chuile dhuine a’inn é sin a dhéanamh, agus ansin bhí orainn na damhsaí sean nós, damhsaí sean nós a fhoghlaim, agus ó tharla gur, go raibh tionchar eicínt ag an Ghearmáin agus an saol Gearmánach ar mo mháthair, chaithfeadh tú a bheith in ann waltz a dhéanamh ar an mbealach a dhéanann muintir na hOstair é, muintir Mhín, an Viennese Waltz agus sa, sa waltz sin, caithfidh tú a bheith a’ gabháil, caithfidh tú a bheith in ann gabháil timpeall, ní amháin taobh na láimhe deise ach caithfidh tú a bheith in ann dul taobh na láimhe clé freisin agus bhí orm, bhí orainne é sin uilig a fhoghlaim ach bhain mise an-sásamh as agus ar ndóigh d’fhoghlaim muid, d’fhoghlaim muid na damhsaí eile. Bhíodh, bhíodh céilí, bhíodh ranganna céilí a’inn i gColáiste Iognáid i nGaillimh agus ar ndóigh staicín agus rudaí mar sin, d’fhoghlaim muid in Árainn iad. Agus d’fhoghlaim muid an leath seit agus is cuimhin liomsa, tá mé cinnte ins na caogaidí go mbíodh seit iomlán.

MAIDHCIL: Yeah.

AODH: Tá mise cinnte go ndearna mise seit iomlán.

MAIDHCIL: Thiar anseo?

AODH: Thiar anseo sea, ins na caogaidí.

MAIDHCIL: By cripes.

AODH: Sea, agus tá sé …

MAIDHCIL: Ar ndóigh is dóigh go mbíodh sé fadó ann.

AODH: Ó bhíodh.

MAIDHCIL: Ochtar mar a déarfá?

AODH: Ochtar, sea. Ochtar agus bhí tonntrachaí agus chuile rud eile a’ baint leis.

MAIDHCIL: Ach na blianta ansin a chaith tú i MáNuad le dhul i do shagart, céard a rinne na blianta sin dhuit nó?

AODH: Bhuel ansin mar a dúirt mé bhí mé cosúil le chuile dhuine eile ach ansin ag ocht déag shocraigh mé dul go MáNuad, ar an bhliain deireanach sin ar scoil agus bhí mé i MáNuad ar feadh cheithre bhliana, ó bhí mé ocht déag go dtí go raibh mé fiche ’s a dó agus ar ndóigh an t-am sin, faoin am sin ar ndóigh bhí, bhí, bhí, ní hé go raibh siad out of bounds mar a déarfá ach, ach moladh dúinn dá mbeadh tú le bheith i do shagart nach, go gcaithfidh tú cleachta a fháil ar, caithfidh tú do mhaidí a choinneal craptha agus ar ndóigh dá mbeadh tú, mara raibh tú in ann é sin a dhéanamh bhuel tá fhios a’d bhí tú i bhfad níos fearr as, tá fhios a’d.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Agus ar a laghad bhí sé go ádh ormsa gur imigh mé sul ma “___+”

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Seachas an brú a tháinig ar go leor daoine agus gur imigh siad ina dhiaidh

MAIDHCIL: Ina dhiaidh sin.

AODH: Agus tá sé sin an-chrua. So caithfidh mé a rá agus, agus buíochas le Dia, ba shin rud amháin nár, b’shin, b’shin ….

MAIDHCIL: …. Ach cén chaoi a mbreathnaíonn tú ar na blianta sin? Ní, ní bhreathnaíonn tú orthub ar nós blianta a chuir tú amú?

AODH: Á ní hea, ó ní hea ar chor ar bith. Sure bhí an-oideachas ann. Casadh daoine thar a bheith suimiúil orm. Cinnte bhí, bhí, bhí, bhí an- discipline a’ baint leis, bhí sé sin ….

MAIDHCIL: …. Sea, sea ….

AODH: …. go dona agus bhí sé go maith. Bhí cuid dhó amaideach.

MAIDHCIL: Sea, sea.

AODH: Ach bhí cuid eile, chur sé you know, thuig tú an bealach le tú féin a eagrú.

MAIDHCIL: Agus chuir sé dhath beag stíl ionat b’fhéidir, le rudaí …

AODH: Chur sé leis an lá a eagrú. An rud eile, is dóigh an rud, an rud a thug an-láidreacht domsa ná nuair a shocraigh mé MáNuad a fhágáil agus an beagnach dhá bhliain a chaith mé ag iarraidh, ag iarraidh a shocrú céard a dhéanainn agus nuair a, nuair a shroich mé an cine sin, chuidigh sé sin go mór liom ó shin, cén bealach a dhéananns tú, cén ….

MAIDHCIL: …. Chuile chine a rinne tú amach anseo ina dhiaidh sin….

AODH: …. Chuile chine a rinne mé amach ó shin. Chuidigh sé sin go mór liom ….

MAIDHCIL: …. Is dóigh go gcuirfeadh sé cruas ionat freisin agus ….

AODH: …. Bhuel, agus freisin ….

MAIDHCIL: …. D’intinn a choinneáil ar an rud.

AODH: Agus an rud a d’fhoghlaim mé uaidh ó shin, amanntaí tógann roinnt cine am áirithe ach caithfidh tú a thuiscint freisin nach, nach ceart ligeann dóibh an iomarca ama a thógáil.

MAIDHCIL: Ná scaoil le sruth má bhíonn sé in am …

AODH: Sea agus b’shin rud amháin. Ach bhí sé, bhí sé crua ach níl aon cheist faoi ach gur, gur, gur chruadh sé mé.

MAIDHCIL: Sea, sea. I mbealach mhaith.

AODH: I mbealach mhaith, i mbealach mhaith.

MAIDHCIL: Sea, tá.

AODH: Feictear dom féin ar aon chuma (gáire).

MAIDHCIL: Sea, tá tú.

AODH: Ach, ach .…

MAIDHCIL: …. Agus tá intinn breá oscailte a’d le chuile short ar an saol.

AODH: Bhain mise, bhain mise, bhain mise, bhain mise buntáiste as, caithfidh mé a rá. Bhain mise buntáiste mór as a bheith ann an fhaid a bhí mé ann. Seachas na daoiní, daoiní thar a bheith suimiúil a casadh orm, cuid go na, go na léachtóirí, múinteoirí a bhí agam go díreach, nó daoiní díreach a bhí ins an áit a chur mé aithne orthu, bhíodar, bhíodar thar a bheith

MAIDHCIL: Ach is dóigh dá bhfanfá ann agus chomh maith a d’éirigh leat le chuile short eile a chuaigh tú a’ plé leob sa saol, d’fhéadfá a bheith suas garr go maith gon Phápa, níl ’fhios a’m (gáire) a’ dtógfaidís Paddy ina Phápa (gáire)

AODH: Á níl ’fhios a’m, níl ’fhios a’m. (gáire)

MAIDHCIL: (Gáire) Ach is cuma, ní bheidh fhios a’inn é sin.

AODH: Ní bheidh fhios a’inn é sin, ní bheidh fhios é sin.

MAIDHCIL: Bhuel nár laga Dia thú Aodh, bhí sé sin go hálainn. An dtaitneoidh leat cúpla focal le críochnú anois, tú féin a’ rá rud eicínt. Tá chuile shórt clúdaithe a’inn, cheapainn.

AODH: Bhuel is dóigh, is dóigh an rud is mó, an sásamh is mó a bheadh a’msa go mbeadh mé in ann níos mó ama a chaitheamh ann. [in Árainn]

MAIDHCIL: Sea.

AODH: Agus le cúnamh Dé go mb’fhéidir go mbeidh mé, lá amháin nach mbeadh ró-fhada, i bhfad amach ó seo, go mb’fhéidir go mbeadh mé fiú amháin a bheith in ann a bheith lonnaithe ann.

MAIDHCIL: Lonnaithe ann, sea.

AODH: Agus gabháil a’ déanamh mo chuid graithí as Árainn seachas a’ teacht go hÁrainn.

MAIDHCIL: Agus sé Árainn a bheadh a’ buachtáil as sin.

AODH: Bhuel níl ’fhios a’m ach tá mise, bheadh mise ag buachtáil,….

MAIDHCIL: ….Tá mise cinnte ….

AODH: …. tá sé sin an-chinnte….

MAIDHCIL: …. Tá mise cinnte dhó, an méid a rinne tú dúinn agus go raibh míle maith a’d Aodh ….

AODH: …. Go raibh míle maith a’d féin….

MAIDHCIL: …. Bhí sé sin go hálainn.

AODH: Sea, go raibh míle maith a’d.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.