Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00035

Taifeadadh
BBAF.00035
Formáid
MiniDisc
Fad
08:21
Dáta
11 Feabhra 2002
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Mhuirbhigh
Bailitheoir
Margaret Uí Dhioráin
Faisnéiseoir
Beairtle Winnie Ó hIarnáin
Eolas cartlainne
MD 41 Beairtle Winnie Ó hIarnáin. Clocha & Claíocha.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00035
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MARGARET: Sé inniu an t-aonú lá déag go Feabhra bliain dhá mhíle ’s a dó. Is mise Mairéad Ní [Uí] Dhioráin anseo as Fearann an Choirce. Tá mé anseo sa gcistineach le Beachla Ó hIarnáin, nó Beachla Winnie as Cill Mhuirbhigh. Anois a Bheachla cén uair a thosaigh tú ag tógáil [le] clocha?

BEACHLA: Is dóigh go bhfuil sé cúpla scór blianta. Bhí mé a’ tógáil claíocha singil an-luath go deo, ballaí anois mar a déarfá, nó píosa go theach nó mar sin, balla, ansin balla, balla dúblaí ceart mar a déarfá. Á tá mé a’ tógáil claíochaí ós cionn dhá scor blianta, claíocha singil mar a déarfá, an bhfuil ’fhios a’d.

MARGARET: Sea?

BEACHLA: Tá siad dúblaí in íochtar b’fhéidir cuid acub, agus b’fhéidir dhá throigh, trí troigh, agus b’fhéidir go mbeadh cúpla troigh eile ansin, b’fhéidir go mbeadh siad chúig troigh ar airde.

MARGARET: Sea, cé méad cineál claíochaí a dhéananns tú?

BEACHLA: Chuile chineál claíochaí.

MARGARET: A’ bhfuil mórán cineál acub ann, trí nó ceathair go chineál, a’ bhfuil?

BEACHLA: Bhuel is dóigh go bhfuil.

MARGARET: Hm

BEACHLA: Tá, tá dúblaí, d’fhéadfá claíochaí dúblaí a dhéanamh, a thógáil suas cheithre troigh nó rud eicínt agus clocha a chuir ar a bharr agus b’fhéidir beagán cement no rud eicínt.

MARGARET: Hm, cén cineál clocha a úsáideann sibh ins na claíochaí, cuid difriúil?

BEACHLA: Á bhuel clocha glasa is mó, mar tá na clocha donn, tá said an-ghann, is mór an jab iad a fháil.

MARGARET: Agus eh bíonn cuid go na claíochaí a bhíonns clocha beaga iontub….

BEACHLA: …. Sea, bíonn.

MARGARET: Cén fáth é sin meas tú?

BEACHLA: Sin é “___+” tá sé níos éasca na cloch, na clocha beaga a chuir in íochtar, agus tá tú in ann jab níos fearr a dhéanamh mar tá, ach caithfidh na clocha a bheith maith go leor.

MARGARET Hm, cén t-ainm atá ar na rudaí beaga sin nó?

BEACHLA: Thugaidís balla fidín air.

MARGARET . Agus bíonn cloch fada ansin scaitheamh …

BEACHLA: Sea nuair a thiocfas tú scaitheamh aníos cuireadh tú clocha fada ansin agus b’fhéidir an ceann a bheadh in uachtar go mbeadh sé roinnt beag aríst. B’fhéidir go ndéanfá chúig troigh ar airde é nó mar sin.

MARGARET: Eh, cén áit ar an oileán a bhfuil na clocha gorm le fáil?

BEACHLA: Á tá said i go leor áiteachaí ar an oileán, ach ní féidir iad a fhail níos mó mar an áit a bhí dar éasca, tá said baintí fadó.

MARGARET: Ar rudaí iad a bhí le fáil í gcónaí nó ar le cúpla bliain a thosaigh dar ag fáil na clocha gorma?

BEACHLA: Á tá said gann le fada anois ach fadó bhíodar, bhí go leor acub ann mar ní raibhiú ag baint mórán acub an t-am sin.

MARGARET: Ar thóg tú aon chlaíochaí riamh go bhfuair tú deontas as?

BEACHLA: Thóg mé claíochaí singil. Sin é atá mé a’ rá, bhíodh claí teorann a thugadh muid air, bhíodh cúpla punt as, tá sé sin blianta, blianta fada ó shin. D’fhéadfadh sé a bheith (--) tá sé sin thart anois ní dhearfainn go bhfuil aon duine á dtógáil sin níos mó.

MARGARET: Agus cén áit a bhfuil na claíochaí teorann seo, an bhfuil dar idir beirt a bhfuil talamh difriúil acub nó ….?

BEACHLA: …. Sea tá said idir, bhuel tá said suas ansin taobh thuas go tí Father Delaney, tá claí tógtha ansin, le Dan an áit anois agus tá claí idir mé féin agus Tom Bheachlín Bhaba thíos ansin, taobh thiar gon hostel ansin.

MARGARET: Sea is le duine amháin talamh ar an taobh amháin ….

BEACHLA: …. Sea….

MARGARET: …. agus le duine eicínt eile an talamh, yeah….

BEACHLA: …. Sea sin é an claí teorann mar a déarfá.

MARGARET: Ar chuala tú faoi fósbhalla, [bástbhalla] agus cén áit? Fósbhalla,[bástbhalla] a gcuimhníonn tú clocha a bhíodh taobh amuigh go na sean tithe fadó, bhíodh buicéad uisce agus rudaí mar sin orthub?

BEACHLA: Níor chuala, bhí cúpla ceann ar an mbaile seo ceart go leor ach .

MARGARET: Ach meas tú ar chuir dar ann speisialta iad, nó an bé an chaoi ar fhán clocha móra ann ….

BEACHLA: …. Is dóigh….

MARGARET: .… nuair a bhíodar ag tógáil an teach? ….

BEACHLA: …. Is dóigh gur chuir dar ann speisialta iad, speisialta ann iad le, cheapainn gur chuir anyway.

MARGARET: Hm agus cén fáth nach n-úsáideann dar mulláin sna claíocha?

BEACHLA: Á tá said sin rounáilte agus níl aon eh, ní bheadh aon, bheidís ag titim, ní bheadh aon mhaith iontub sin.

MARGARET: Hm.

BEACHLA: Mulláin bheidís ró ...

MARGARET: Hm, cén fáth ar tógadh claí beag í lár an bhuaile?

BEACHLA: Is dóigh le foscadh a tabhairt go na beithígh.

MARGARET: Hm.

BEACHLA: Cheapainn.

MARGARET: Agus cén t-athrú atá tagthaí ar tógáil claíochaí anois?

BEACHLA: Bhuel ní mórán atá acub á thógáil anois agus tá machinerys anois acub agus chuile rud le claíochaí a thógáil, le clocha a bhaint, má tá said ag iarraidh.

MARGARET: Agus céard a cheapann tú faoi na claíochaí cement?

BEACHLA: Tá said ceart go leor.

MARGARET: Mar a déarfá arb iad is fearr leat féin nó?

BEACHLA: Is iad is fearr liom féin mar tá mé ag ceapadh go bhfuil greada clocha, claíochaí clocha thimpeall orthub agus tá said handy le déanamh.

MARGARET: Ach shílfeá go bhfuil anois ag breathnú ar na claíochaí, go bhfuil go leor daoiní ag tógáil na clocha ....

BEACHLA: …. Á tá ….

MARGARET: .…claíochaí cloch aríst.

BEACHLA: Á tá go leor, timpeall tithe go háirid, tá said ag iarradh, taitníonn na clocha leob.

MARGARET: Hm, cén chaoi a mbainfí na clocha fadó, cé leis a bhaintí iad?

BEACHLA: Le gró, le gró, gró bar mar a déarfá, gró.

MARGARET: Hm, agus a’ raibh aon chreig áirid nó aon áit amháin a ….?

BEACHLA: …. Á bhí go leor áiteachaí mar a déarfá agus áiteachaí, spotaí áirid a bhainfí na clocha ann, tá dar dhá mbaint í gcónaí ach ní féidir iad a bhaint anois mar gheall ar Dúchas sin.

MARGARET: Agus ar úsáid said barra le clocha a iompairt nó céard a d’úsáid said le iad a iompairt? ….

BEACHLA: …. Á sea barra, barra a bhí an t-am sin ann, beirt faoin mbarra, an barra lámh a thugaidís air.

MARGARET: Agus cá ngeobhaidís é sin, ab iad féin a dhéanadh é, nó .…?

BEACHLA: …. Á dhéanadh, dhéanadh, bhíodh sé éasca go leor é a déanamh, cúpla píosa adhmaid.

MARGARET: Agus a’ mbídís ag úsáid dorú le claí a leagann amach nó .…?

BEACHLA: …. Á mbeadh claí aonar le tógáil, díreach an dorú, bheadh dorú a’d, chaithfeá an dorú a bheith a’d.

MARGARET: Agus céard a d’úsáidís le clocha a ghearradh?

BEACHLA: Punch agus bhíodh gearrthóir air mar a déarfá.

MARGARET: Bhíodar seo ag chuile dhuine a’ raibh, a bhíodh ag plé leob? ….

BEACHLA: …. Á bhí, bhfaighfeá le ceannacht sna siopaí iad sin, bhí go leor ag na sean dream, is dóigh agus cinn níos fearr aríst.

MARGARET: An mbíodh duine áirid le obair a dhéanamh, Joeín nó a leithid sin?

BEACHLA: Á bhíodh í dtaobh headstones agus rudaí mar sin, ag gearradh, gearradh headstones, bhí.

MARGARET: Eh an mbíodh style difríocht le puncháil a dhéanamh?

BEACHLA: Á bhí sé éasca go leor é a dhéanamh á mbeadh beagáinín cleachta a’d air.

MARGARET: Hm agus a’ bhfuil tú ag tógáil claíocha í gcónaí?

BEACHLA: Corr phíosa, ní, is fada anois nár thóg mé aon chlaí,

MARGARET: Hm, an mbíodh aon duine ar an oileán ag déanamh headstones?

BEACHLA: Ó bhíodh eh go deimhin bhíodh Joeín agus Tommy O Donnell

MARGARET: Hm agus ní bhíodh aon duine eile á ndéanamh, ní bhíodh?

BEACHLA: Á bhí, bhíodh, ó nach, nár rinne Coly Connolly headstone ann freisin, nach bhfuil sí sin thoir ar a mhuintir aige, thoir í gCill Éinne.

MARGARET: A’ raibh aon duine áirid a bhíodh thar cionn ag tógáil claíochaí, go mbeadh aon duine ag glaoch orthub?

BEACHLA: Bhuel.

MARGARET: Nó a’ raibh chuile dhuine in ann a .…?

BEACHLA: …. Bhí go leor in ann é dhéanamh, sin é an chaoi a raibh sé.

MARGARET: Céard faoi na bearnaí, na bearnaí difríocht a dhéanann siad?

BEACHLA: Sea bhíodh.

MARGARET: Yeah agus céimeannaí ansin, cén fáth atá dar ar cuid gon talamh agus ….

BEACHLA: …. Sea ….

MARGARET: …. níl ar chuid eile de?

BEACHLA: Bhíodar sin, na céimeannaí ann ag teastáil le dhul isteach ann, in áit, ní raibh, ní raibh aon gheata an t-am sin, ach bearnachaí mar a déarfá.

MARGARET: Hm.

BEACHLA: Tá geataí anois go leor áiteachaí agus tá sé í bhfad níos handáilte.

MARGARET: Agus níl céim ar bith iontub?

BEACHLA: Sea.

MARGARET: Cén cineál claí a bhíonns tú a thógáil, bhuel bhí tú ag caint ar ball ar na fidíní, na clocha beaga?

BEACHLA: Sea.

MARGARET: Cén cineál cloch a bhíonn sibh ag úsáid?

BEACHLA: Na clocha glasa a chuirfeá, nó na clocha beaga in íochtar mar déarfá, chaithfeadh said a bheith beagáinín fada, ní bheadh aon mhaith iad a bheith rounáilte mar a déarfá.

MARGARET: Yeah.

BEACHLA: Mar ní, thitidís.

MARGARET: Em, a’ mbíonn obair le déanamh agaibh ar na clocha sula, atá a úsáid agaibh, mar shampla iad a ghearradh nó?

BEACHLA: Á bíonn, claíochaí áirid mar a déarfá, á mbeifeá ag iarraidh claí taobh amuigh gon teach anois bheifeá ag iarradh jab maith a dhéanamh dé, ghearrfá iad.

MARGARET: Hm.

BEACHLA: Dressáilfeá amach iad.

MARGARET: Á sea, bíonn cuid go na claíochaí a bhíonns barr cement orthub, meas tú cén fáth?

BEACHLA: Bíonn, bhuel coinneoidh sé na clocha ina cheile in uachtar mar a déarfá, mura gcuirfidh tú cement orthub beidh clocha ag imeacht as, is furasta é a tharraingt as, chomh, mar sin, gasúir nó rud a’ bith.

MARGARET: Hm, eh an gcaitheann sibh cásáil a úsáid, nó a’ mbíonn daoiní ag úsáid cásáil le claí?

BEACHLA: Á bíonn, bhuel claí, claí le cement é sin, bhuel d’fheadfá claí deas a dhéanamh le clocha ar taobh amháin agus cásáil ar an taobh eile, agus eh an áit a bheadh an concrete ansin d’fheadfá hedgannaí a chur ann mar a déarfá, agus cheapfá gur claí clocha uilig a bheadh ann. Tá cúpla ceann maith in Árainn déanta acub mar sin.

MARGARET: A’ raibh sibh ag tógáil claíochaí nuair a bhí sibh óg?

BEACHLA: Bhí, óg go maith ag tógáil claíochaí, píosaí go chlaíochaí.

MARGARET: Hm, a’ bhfuil mórán daoiní ar an oileán anois atá in ann claíochaí a thógáil?

BEACHLA: Á tá go leor, tá go leor.

MARGARET: Meas tú cé thóg na claíochaí an chead lá riamh, nó cé a chuimhnigh orthub?

BEACHLA: Bhuel sin ceist anois, is dóigh go rinneadh go leor gon talamh, bhí go leor creigeannaí ann agus ansin bhailigh said na clocha agus chuir said créafóg mar a déarfá air, go ndéanaidís talamh dé agus chaithfí iad eh, an claí a thógáil le na beithígh agus rudaí a choinneáil istigh.

MARGARET: A’ gceapann sibh go bhfuil an cheird seo ag imeacht as an oileán, nó?

BEACHLA: Á bhuel is dóigh go bhfuil ceart go leor.

MARGARET: A’ gcuireann aimsir aon cheo as gon cheird seo?

BEACHLA: Á chuireadh, eh báisteach is measa.

MARGARET: Cén sóirt clocha a bhíonns acub a’ tógáil púiríní meannáin agus rudaí?

BEACHLA: Á sóirt, is cuma cén sóirt clocha é, spéicí fada agus rud ar bith, cúpla scraith a chaith ar a mbarr.

MARGARET: Hm.

BEACHLA: Níl aon duine a dtógáil anois, bhínn féin á dtógáil fadó, bhíodh gabhair agus meannáin a’ainn, muid ina ngasúir.

MARGARET: A’ bhfuil aon cheo eile anois a’d le rá faoi chlaíochaí, sin é anois a bhfuil go cheisteannaí a’m le cuir ort….

BEACHLA: …. By dad níl.

MARGARET: Ok mar sin a Bheachla, go raibh míle maith a’d.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.