Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00017

Taifeadadh
BBAF.00017
Formáid
MiniDisc
Fad
31:00
Dáta
29 Aibreán 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Eochaill
Bailitheoir
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Sally Uí Iarnáin
Eolas cartlainne
MD 25 Sally Uí Iarnáin. Imirce; Ag teacht abhaile; A hÓige; Lá Bealtaine; Lá Fhéile Bríde; Brídeog; Inis Meáin.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00017
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

ÁINE: Seod í Áine Pheaits Bheachlín anseo ar an naoú lá fichead de Aibreán sa mbliain dhá mhíle agus a haon agus inniu tá mé a’ gabháil a’ déanamh píosa cainte le Sally, Sally Uí Iarnáin nó Sally Pheaits Sheáin, faoin imirce. Dia duit a Sally.

SALLY: Dia is Muire duit Áine.

ÁINE: Cén chaoi a bhfuil tú inniu?

SALLY: Tá mé go maith buíochas le Dia.

ÁINE: Tá an lá go deas nach bhfuil?

SALLY: Go h-álainn.

ÁINE: Rugadh agus tógadh in Inis Meáin thú, a Sally?

SALLY: Sea, tógadh agus rugadh ann mé.

ÁINE: A’ raibh mórán agaibh sa gclann?

SALLY: Bhí cúigear deartháireachaí a’m agus triúr dreabharachaí.

ÁINE: A’ raibh agus arbh as Inis Meáin do athair agus do mháthair?

SALLY: Ba bh’ea

ÁINE: A’ raibh mórán cainte faoi imirce i do theaghlach féin?

SALLY: Bhuel níl mé in ann mórán dhe sin a fhreagairt duit Áine mar sé an chaoi a raibh sé sa teach s’a’inne, I mean d’imigh mo dheartháir ag seacht mbliana déag, chuaigh sé Gaillimh ag Bord na Móna. Ansin d’imigh mo dhreabhar as sin chuaigh sí ag obair i nGaillimh agus chuaigh sí as sin go Meiriceá so mar sin de bhí muid féin a’ leannacht a chéile, ’gus sin é gach a bhfuil mise in ann a rá faoi sin.

ÁINE: Agus an raibh aintíní nó uncaileachaí a’d i Meiriceá?

SALLY: Á bhí. Nuair a chuaigh mise go Meiriceá bhí dhá dhreabhar liom ann agus deartháir agus bhí ceathrar uncaileachaí agus triúr aintíní ann.

ÁINE : Agus cén áit is mó anois a ndeachaigh muintir Inis Meáin nuair a d ’fhág siad an baile?

SALLY: Go Meiriceá, go Boston, chuaigh an chuid is mó go na cailíní go h-áirid, níl mé a’ rá go b’ea na lads, chuaigh na lads go Sasana ar dtús agus ansin go Meiriceá.

ÁINE: Agus meas tú cén fáth gur imigh na daoiní as Inis Meáin, go ndeachaigh dar thar sáile ag an am sin?

SALLY ; Bhuel tá mé a’ cheaptha gurb é an fáth é ná mar ní raibh aon obair sa mbaile agus teach a’ bith a raibh naonúir ann, you know is dóigh go b’é an chaoi a raibh sé go raibh siad ag iarraidh a dhul amach agus ag iarraidh a dhul ag obair.

ÁINE: Agus meas tú cén fáth ar imigh tú féin ar imirce?

SALLY: Ó bhí mé a’ dieáil imeacht as an mbaile, Áine. Eh nuair (--) d’fhág mé an scoil, Ar ndóigh mar a tá ’fhios a’d féin ní raibh ann ach scoil náisiúnta agus ansin chuaigh mé ag obair, bhí teach stocaí thoir i ndeireadh an bhaile agus bhí mé ag obair ansin ar feadh bliain, ag déanamh stocaí agus á gcur ag an army i nGaillimh. Agus ansin chuaigh mé ag obair i nGaillimh, ach ní raibh mé i bhfad ag obair i nGaillimh agus ansin dúirt mo dhreabhar liom go gcuirfidh sí na páipéir a’m le dhul go Meiriceá agus go n-íocfadh sí mo bhealach agus ansin sin é an chaoi ar tharla sé.

ÁINE: Agus cén aois a bhí tú Sally?

SALLY: Bhuel d’fhág mé an baile le dhul ag obair i nGaillimh thar a bheith go deo óg, níl fhios a’m a raibh mé sé bliana déag caite nó nach raibh, nó ag dul ar seacht déag so chuaigh mé go Meiriceá nuair a bhí mé, bhuel ní raibh mé ocht mbliana déag baileach nuair a chuaigh mé go Meiriceá.

ÁINE: Bhí sé go nós an t-am sin a Sally a dhul thimpeall ag fágáil slán ag chuile dhuine, a’ rinne tú féin é sin?

SALLY: Bhuel Áine, inseoidh mé duit, an mhaidin a d’imigh mé, cuimhním, cuimhním air chomh maith ’s a chuimhním ar an lá inniu, chuaigh mé ag chuile theach ar a’ mbaile, d’fhág mé slán ag chuile theach beo, bhí mé ag imeacht ó theach go teach, le uair a’ chloig a’ fágáil slán acub, ansin, níl mé a’ rá go ndeachaigh mórán soir go dtí an cladach, le slán a fhágáil a’m a’ fágáil an bhaile ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. ach chuaigh cuid mhaith, chuaigh, chuaigh go leor soir ach ní chuimhním an crowd a’ bhfuil ’fhios a’d ar fhág mé slán acub sna tithe, is dóigh gur dhúirt siad leob féin, tá slán fágthaí a’d.

ÁINE: Agus a’ raibh éadaí nua faighte a’d anois a Sally le dhul a’ taisteal?....

SALLY: …. Bhí, bhí Áine, mar chuir mo dhreabhar parcel a’m, an cóta a bhí uirthi féin, ghlaodh muid cóta an t-am sin air, cóta mór, sin é an cóta a bhí uirthi féin, chuir sí anall a’amsa é, é féin agus an sciorta agus na bróga. Cuimhním ar sin go maith, cóta dearg, cuimhním go maith air, chuir sí anall a’m é.

ÁINE: Agus a’ raibh uaigneas ort a’ fágáil Inis Meáin?

SALLY: Ní raibh Áine, mar tá mé a’ cheaptha gurb é an fáth é ná, nuair atá tú sa mbaile agus nuair I mean nuair nach bhfuil cead a’d a dhul i mórán áiteachaí ná a dhul amach even san oíche ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. mar ní thabharfadh mo mháthair cead dúinn a’ chor a’ bith. So sé an chaoi a raibh sé a’amsa bhí mé a’ dieáil an baile a fhágáil.

ÁINE: Bhí mar bhí tú cineál fiáin i gcónaí Sally.(gáire)

SALLY: (Gáire) Bhuel is dóigh go b’shin é an chaoi é go díreach.

ÁINE: Agus cé nach raibh uaigneas ort a’ fágáil an chuid eile go do chuid dreabharachaí agus deartháireachaí agus do athair agus do mháthair.

SALLY: Bhuel ní raibh sa mbaile an t-am sin ach mo dhreabhar is óige, Nóirín, agus mo dhá dheartháir. Bhí an chuid eile acub imithe go Sasana, you know agus ní raibh aon uaigneas orm Áine, caithfidh mé a rá, bhí ar mo mháthair, tá ’fhios a’m go raibh sí a’ caoineadh, ach ní raibh orm féin.

ÁINE: M hm.

SALLY: Ní raibh, caithfidh mé a rá nach raibh.

ÁINE: Agus ar imigh siad sin ar imirce ina dhiaidh sin, do dhreabhar agus do dhá dheartháir?....

SALLY: …. Ó d’imigh, d’imigh mo dheartháir go Sasana, an deartháir is óige agus ansin go Meiriceá agus d’imigh mo dhreabhar, ar nós mise, chuaigh sí Gaillimh ag obair ar dtús, St. Endas agus ansin chuaigh sí go Meiriceá.

ÁINE: M hm.

SALLY: So bhí chuile dhuine ach mo dheartháir, mo dheartháir is sine. Bhí sé go nós an t-am sin Áine, an deartháir is sine go b’é a d’fhanadh.

ÁINE: Sea.

SALLY: Níl ’fhios a’m an b’ é an fáth é, le an talamh a bheith aige nó an teach a bheith aige agus go b’ é a phósadh sa teach.

ÁINE: M hm.

SALLY: Ach sin é an chaoi a raibh sé sa mbaile a’ainne.

ÁINE: Sea agus ní raibh mórán daoiní óga fágthaí in Inis Meáin mar sin.

SALLY: Ó ní raibh, ní raibh duine óg a’ bith mórán fágthaí san am sin mar bhí chuile dhuine ag imeacht.

ÁINE: Sea.

SALLY: Bhí an t-uafás as Inis Meáin i Meiriceá an t-am sin, i mo dhiaidh agus romham.

ÁINE: Agus ar chur sé sin as duit, nach raibh mórán daoiní óga fanta in Inis Meáin?

SALLY: Áine, nuair atá tú óg tá tú aerach.

ÁINE: Sea.

SALLY: Ní chuireann rudaí mar sin isteach ort, anois cuireann, ach san am sin, níor chuir.

ÁINE: An gcuimhníonn tú ar an turas a bhí a’d ó Inis Meáin go Gaillimh?

SALLY: Cuimhním go maith air. Cuimhním go, tá mé ag ceapadh go b’ í an Naomh Éanna, níl mé cinnte anois an bí an Naomh Éanna nó an mbeadh sí ann san am sin ach tá, ach tá ’fhios a’m go, go ndeachaigh m’athair Gaillimh liom. Chuaigh curach go dtí an bád agus bád go Gaillimh. Chuaigh m’athair Gaillimh liom agus ansin ba bh’í an agent a bhí i nGaillimh ná Kate Fahy an t-am sin.

ÁINE: M hm.

SALLY: So aici sin a ghabhadh muid, a fiafraí céard a dhéanadh muid. Ach tá ’fhios a’m an mhaidin a bhí mé a’ fágáil Gaillimh go ndeachaigh muid aici, mé féin agus m’athair agus gur chuir sí tag, tag orm, ar mo chóta.

ÁINE: Sea.

SALLY: Mar nuair a thiocfainn amach gon bhus, ach ní chuimhním cén chaoi a ndeachaigh mé amach gon bhus, go mbeadh duine eicínt romham le mé thógáil ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. go dtí an, is dóigh Shannon mar bhí muid a’ fanacht i hostel ansin.

ÁINE: Yeah, agus cár fhan tú an oíche a d’imigh tú, ar fhan tú i nGaillimh an b’ ea?

SALLY: Ó d’fhan mé i nGaillimh an oíche sin ….

ÁINE: …. A gcuimhníonn tú cén áit? ….

SALLY: …. D’fhan muid, d’fhan muid ag Florrie.

ÁINE: Á.

SALLY: Florrie O’ Toole, beannacht Dé lena h-anam, tá sí imithe anois, agus sin é an áit a d’fhan mé féin agus m’athair. Bhí go leor, bhíodh, bhí go leor as Árainn an t-am sin ann agus tá ’fhios a’m gur thóg muid, shiúl muid go dtí an station, bhí bus ansin, chuaigh muid isteach ar an mbus, mise isteach ar an mbus, ní dheachaigh m’athair, chuaigh sé go dtí an bus liom, d’fhág sé slán ansin a’m, agus d’imigh mé féin agus tá ’fhios a’dsa Áine, san am sin go raibh sé uafásach go deo crua, ag imeacht leat féin, I mean gan focal Béarla.

ÁINE: Sea, a’ bhfuair tú crua é gan mórán Béarla?

SALLY: Ó Áine fuair mé an-chrua gon t-saol é. Ní bhfuair mé chomh crua é nuair a chuaigh mé go Meiriceá, mar bhí mo chuid deartháireachaí agus mo chuid dreabharachaí ’s mo chuid aintíní ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. so Gaeilge a bhí ar bun i gcónaí. Ach fuair mé crua ar a’ mbus é nuair a bhí mé a’ gabháil suas Shannon agus nuair a d’fhan muid sa hostel an oíche sin le dhul ar an bplane ar maidin agus daoiní a’ caint leat, daoiní a’ fiafraigh duit agus gan thú in ann iad a fhreagairt ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. feictear dom go raibh sé uafásach go deo crua, ach tá fhios a’m go ndeachaigh mé ar a’ bplane. Cuimhním ar an bplane go maith cuimhním a bheith uirthi agus cuimhním a’ tíocht gon phlane ag Boston agus an t-ochtú lá go mhí na Nollag agus bhí sneachta, ní fhaca mise sneachta ariamh, bhí sneachta chomh h-ard ann agus tá fhios a’m go raibh mo dheartháir agus mo chuid dreabharachaí ar fad romham, ach of course ba Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge agus bhí m’aintíní romham,

ÁINE: Yeah.

SALLY: So thugadar go dtí teach m’aint mé agus Gaeilge ar fad a bhí ansin because na colceathrachaí ar fad as Inis Meáin a bhí ansin, Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge a bhí acub.

ÁINE: Sea, agus cé d’íoc as do thicéad?

SALLY ; Mo dhreabhar, ach chaithfinn í a íoc thar n-ais ….

ÁINE: …. M hm ….

SALLY: …. nuair a bheinn ag obair.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Ach thabharfadh m’aint (--) nuair a thabharfadh (--) chaithfeadh mé an t-airgead a thabhairt di chuile sheachtain nuair a bhí mé ag obair agus thógadh sí amach, tá fhios a’d cuid as sin,

ÁINE: Sea.

SALLY: Le, le mo dhreabhar.

ÁINE: Agus a’ raibh imní ort anois a’ taisteal leat féin ar an eitleán?

SALLY: Ni raibh Áine, ní raibh. Bhí mé, b’fhada liom go dtiocfainn go Meiriceá, b’fhada liom go bhfeicfinn mo chuid dreabharachaí agus mo dheartháir.

ÁINE: Agus ar rinne tú cairde le aon duine ar an eitleán?

SALLY: Ní rinneas, bhí bean amháin le mo thaobh agus cuimhním gur bhain mé díom mo chuid bróga ar an eitleán agus nuair a bhí mé ag iarraidh iad a chur orm arís ní thiocfaidís orm mar bhí mo chuid cosa ataí.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Agus ní raibh fhios a’m an b’ iad mo chuid bróga féin a bhí a’m nó bróga bean eicínt eile, agus dúirt sí liom, thuig mé gur dhúirt sí liom nár cheart dom mo chuid bhróga a bhaint díom. Agus sin é.

ÁINE: Agus an raibh obair a’ fanacht leat i Meiriceá?

SALLY: Ó ní raibh Áine, ní raibh. Tá fhios a’m gur thug m’aint go dtí teach mé. Bhí triúr gasúir ann agus eh.

ÁINE: Anois an tóiméad a tháinig tú go dtí an airport i Meiriceá, cé bhí ansin romhat?

SALLY: Bhí mo dheartháir agus mo bheirt dreabhar ann, Máire agus Bríd.

ÁINE: M hm.

SALLY: Agus thugadar as sin mé go dtí teach mo aint, mar sin é an áit a théadh chuile dhuine a’ainn, tá ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. ann, mar sí bhí dhá gclaimáil anonn.

ÁINE: Sea, agus céard é an chéad dearcadh a bhí a’d ar Mheiriceá anois nuair a chonaic tú é ar an chéad lá?

SALLY: An sneachta, an chéad lá nuair a tháinig mé gon phlane, an sneachta agus em, tá fhios a’d chuile rud, chomh mór is a bhí an tír agus an méid, cheap mé go raibh chuile rud ag imeacht chomh sciopaí, you know.

ÁINE: Sea.

SALLY: Mar, mar tá fhios a’d féin, carrannaí agus chuile rud ag imeacht thar a bheith go deo sciopaí, dhom

ÁINE: Mar ní raibh aon charrannaí in Inis Meáin ….

SALLY: …. Go díreach, ní raibh ….

ÁINE: …. ’S a’ raibh carrannaí feicthe a’ chor a’ bith a’d nó go ndeachaigh tú Gaillimh?....

SALLY: …. Ní raibh, ó bhuel bhí i nGaillimh.

ÁINE: M hm.

SALLY: Ach ní raibh in Inis Meáin mar tá fhios a’d féin ní raibh carrannaí ann.

ÁINE: Agus ar casadh aon duine difríocht ort?

SALLY: Á Áine, bhuel tá fhios a’m an chéad jab a bhí mé ann, bhí triúr gasúir ann agus piocfaidh tú suas focla ó ghasúir agus piocfaidh tú suas roinnt Béarla uathub freisin.

ÁINE: Sea.

SALLY: Go mór mór san oíche nuair a chaithfeadh tú a bheith a’ léamh leabhairíní beaga an-simplí dhób ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. agus ansin (sos) ní, ní eh, ní raibh sé chomh crua mar tá fhios a’d aon uair a gheobhadh mé glaoch ar a’ fón ba bh’iad mo chuid deartháireachaí nó duine eicínt as Inis Meáin ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. so Gaeilge is mó a labhair mise i mBoston.

ÁINE: M hm.

SALLY: Gaeilge i gcónaí a bhí ann, you know, ach ansin nuair a d’fhág mé Boston chuaigh mé go Chicago, mar chuaigh, bhí mo dhreabhar thíos ann agus bhí mo cholceathar agus aici sin a chuaigh muid, ach bhí mé ag obair i dteach Áine agus bhí sé go h-álainn, ba daoiní álainn a bhí iontub ach mar gheall go raibh sí féin in a dochtúir agus go raibh sé féin ina dhochtúir dúirt sí an lá sin go raibh duine eicínt a’ teacht isteach, just dhomsa aire a thabhairt go na gasúir agus go raibh duine a ghlanadh an teach.

ÁINE: M hm.

SALLY: Ach níor dhúirt sí cén sort duine a bhí ann, ach anyway nuair a tháinig an t-am ’s ringáil an doras agus chuaigh mé féin amach agus chonaic mé bean dhubh ina seasamh, bhackáil mé siar ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

SALLY: …. all the way go ndeachaigh mé go dtí deireadh an bhalla, mar níor cheap mise ariamh ach daoiní bána a bhí sa domhan

ÁINE: Sea.

SALLY: Níor raibh ’fhios a’m go raibh daoiní dubha ariamh ann agus cheap mé gur bhreathnaigh sí uafásach olc fiáin, tá fhios a’d féin ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. dhom agus labhair sí agus níor fhreagair mé í mar is dóigh nach raibh mé in ann í a fhreagairt….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. You know….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. Ceart agus ní raibh sé dhá nóiméad ina dhiaidh nuair a tháinig fear a’ tí isteach agus ansin labhair sé. D’inis sé dhom cé í féin, bhuel thuig mé é agus thuig mé gur bean í a bhí ag obair ann, a’ déanamh cúpla uair a chloig a’ glanadh chuile lá. Ach nuair a fuair mé eolas uirthi, Áine, bhí sí go h-álainn.

ÁINE: M hm.

SALLY: Ba duine álainn deas a bhí inti, ach dhomsa scanraigh sí mé mar ní, ní, ní even a gcuimhneoinn, ní raibh fhios a’m é.

ÁINE: M hm, níor thuig tú é ….

SALLY: …. Tá ’fhios a’d, agus tá sé, bhí sé, tá sé an-chrua Áine nuair a fhágas tusa an baile thar a bheith óg, an chéad dul síos gan aon Bhéarla agus ansin an t-athrú atá ar chuile rud ann, I mean even sa teach a raibh tú ag obair, tá fhios a’d an electricity, chuile rud ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. an fón, chuile rud, washing machine, chuile rud. Tá iontas mór le, le, le feiceáil a’d agus le cloisteáil a’d, you know faoi ….

ÁINE: …. M hm ….

SALLY: …. nuair a d’imigh tú.

ÁINE: Agus roimh a chuaigh tú isteach go Meiriceá a’ raibh ort teisteannaí a thógáil?

SALLY: Bhí, chuaigh muid suas ag an gConsul agus chaithfeadh tú teist a thógáil ar chuile, chuile chnáimh go do chorp agus mara bpasáilteá ní phasáilteá ach dá mbeadh aon cheo ort ní phasáilteá ach bhí muid, bhí mé clear.

ÁINE: Sea, agus a’ raibh ort aon teist eile a thógáil ansin i mBoston?

SALLY: Ní raibh Áine ach nuair a fuair mé droch flu chuaigh mé ag dochtúir ansin ach ní bhfuair sé tada wrong.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Fuair mé droch flu nuair a chuaigh mé go Meiriceá.

ÁINE: M hm agus eh an gcuimhníonn tú cén bhliain a chuaigh tú go Meiriceá?

SALLY: Cuimhním, mile naoi gcéad caoga is a sé.

ÁINE: Agus an cúpla bliain a d’fhan tú i Meiriceá a’ raibh tú i gcónaí a’ tabhairt aire go ghasúir nó?

SALLY: Bhí mé, á bhuel bhí mé a’ tabhairt aire go ghasúir i mBoston ach ní raibh mé i Chicago.

ÁINE: M hm.

SALLY: Bhí mé bliain ag obair san eh factory mór seo, Sears a thugaidís air agus meetáileadh tú go leor, beidh go leor cairde a’d agus bhíodh an-spraoi go deo a’ainn ann.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Agus bhí muid a’ fanacht le mo cholceathar .

ÁINE: Á sea, ach ag obair ag Jews a bhí tú ar dtús, nach ea?

SALLY: Ó sea, ag obair ag Jews. Bhí sé, bhí sé difríocht Áine mar bhíodh iasc acub Dé h-Aoine agus chaithfeadh tú dishes difriúil a bheith a’d. Bhí, bhí rudaí a’ baint leob in a mbealach féin, ina gcreideamh féin.

ÁINE: Sea, a bhí difriúil.

SALLY: You know. Bhí

ÁINE: M hm. Cén cineál caitheamh aimsire a bhí a’d i Meiriceá anois nuair nach mbíodh tú ag obair?

SALLY: Ó bhíodh lá saoire a’ainn i gcónaí Déardaoin so chaithfeadh muid an lá sin a dhul isteach ag m’aint agus an teach a ghlanadh. Thógadh (--) bhí an oiread a’ainn ann, tá mé a’ cheapadh go raibh ochtar nó naonúr col ceathrachaí ….

ÁINE: …. M hm ….

SALLY: …. a thug sí féin go, go Meiriceá, a cuid niece ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. agus chaithfeadh duine a’ainn, chaithfeadh beirt i gcónaí an teach a ghlanadh Déardaoin.

ÁINE: M hm.

SALLY: Agus ansin ghabhadh muid síos ar an mbeach, Carson Beach, ach bhíodh an-chraic gon t-saol a’ainn Áine.

ÁINE: Sea, agus céard faoi na damhnsachaí agus rudaí?

SALLY: Ó bhíodh, bhíodh damhnsachaí i gcónaí a’ainn mar chaithfeadh muid, bhíodh muid ann ag a naoi a chlog.

ÁINE: Sea.

SALLY: Go dtí an h-aon agus bhíodh an-chraic gon t-saol a’ainn agus ansin tar éis an damhnsa, ní pub a bhí ann an t-am sin ….

ÁINE: Sea.

SALLY: …. ach ghlaoidís áit, Waldorf, a thabharfaidís air, áit le cupán tae agus doughnut.

ÁINE: Sea.

SALLY: Ina dhiaidh, sin é an áit a mheetáiltheá an crowd agus bhíodh craic a’ainn ….

ÁINE: …. An áit a mheetáiltheá na fir (gáire)

SALLY: Sea go díreach.(gáire) Go díreach.

ÁINE: Ar rinne tú mórán taisteal i Meiriceá taobh amuigh go Boston agus Chicago….

SALLY: …. Ní rinne, ní rinne Áine, bhí mé i New York mar nuair, phós, an bhliain “___+” i caoga ’s a sé, ba Nollaig a bhí ann, phós mo dheartháir i June, June agus ansin chuaigh sé, d’imigh sé, chuaigh sé go New York ansin le ….

ÁINE: … Sea ….

SALLY: …. bád a thógáil ….

ÁINE: …. Yeah ….

SALLY: …. agus bhí mo chuid dreabharachaí ar fad ag imeacht agus ní raibh fágthaí ach mé féin agus bhí mé a’ cuimhneamh, bhí mé a’ rá, á bhí mé ag iarraidh a dhul abhaile an t-am sin ….

ÁINE: …. M hm ….

SALLY: …. tar éis an chumhach a bhí orm ag imeacht. Ach bhí mé ag iarraidh a theacht abhaile mar bhí dar ar fad a’ tíocht abhaile ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY : …. ’s bhí mé féin fágthaí ann agus feictear dom i measc strainséarai, you know.

ÁINE: Sea.

SALLY: But sin é an méid a rinne mé anois.

ÁINE: Ar chuir tú litreachaí abhaile agus parcels le airgead iontub agus rudaí.

SALLY: Chuir, chuireadh muid parcel abhaile faoi Nollaig i gcónaí agus chuireadh muid cárta, chuireadh mé ag Nóirín cárta agus ag mo dheartháir le, le dollar amháin ann agus chuireadh muid parcels abhaile. Chuireadh muid airgead abhaile ansin faoi Nollaig agus chuireadh muid airgead abhaile le móin a cheannacht sa Samhradh. So you know bhí go leor a’ainn ann an t-am sin Áine agus chuireadh muid airgead abhaile i gcónaí mar theastaíodh sé sa mbaile.

ÁINE: An gcuireadh sibh éadaí abhaile agus bróga?

SALLY: Chuireadh, chuireadh, bróga agus chuile rud abhaile.

ÁINE: Sea. Nuair a théadh sibh amach san oíche ansin ag a gcuid céilis nó damhnsaí, eh a’ meascadh sibh le na Meiriceánaigh nó a’ gcoinníodh sibh le muintir na h-oileáin?

SALLY: Choinneodh, choinneodh i gcónaí, choinneodh muid i gcónaí le muintir an oileáin nó le cailíní eile as Éireann.

ÁINE: M hm.

SALLY: You know bhí, bhí cailín amsa i gcónaí as Mayo, tá sí pósta anois I Mayo, bíonn muid i gcónaí ag caint ar a’ fón ’s caint ar a’ gcraic ’s an spraoi a bhíodh a’ainn, ach coinním i gcónaí léi sin, le blianta tá muid a’ caint ar a’ fón. Agus ní, ní, níor mhixeál, níor mhixeáil mise ariamh le Meiriceánaigh, ní dhearfainn gur mhixeáil mórán an t-am sin

ÁINE: Bhuel is dóigh go raibh beagán uaigneas ort i ndiaidh an oileáin.

SALLY: A’ bhfuil fhios a’dsa an t-aon uair a bhí uaigneas ormsa nuair a chuadar ar fad abhaile agus mé féin fágthaí i mo dhiaidh [ina ndiaidh] acub.

ÁINE: Sea.

SALLY: ’S bhí mé, bhí mé ag iarraidh orthub mé a thabhairt abhaile, sin é an t-am a bhí mé ag iarraidh a dhul abhaile agus cumhach maith orm a imeacht as an mbaile.

ÁINE: Sea, agus cé méad bliain ar fad a chaith tú i Meiriceá?

SALLY: Chaith mé chúig bhliana i Meiriceá go bhfuair mé mo citizen.

ÁINE: Sea.

SALLY: Agus an bhliain a fuair mé mo citizen, chaith mé bliain eile ina dhiaidh, bhuel níor chaith mé an bhliain baileach agus ansin tháinig mé abhaile. Tháinig mé abhaile eh míle naoi déag seasca ’s a dó agus phós mé ansin. Phós, tháinig mé abhaile faoi Nollaig, mheetáil mé Colie i nGaillimh agus phós mé san April.

ÁINE: By dad.

SALLY: So, bhí sé sin an-sciopaí gon t-saol.

ÁINE: Agus an gceapann tú go raibh bealach difríocht idir na Meiriceánaigh agus na hÉireannaigh.

SALLY: Bhuel, bhí friends, bhí cara go leor a’m le na Meiriceánaigh. Bhí siad go deas, caithfidh mé rá, mar tá fhios a’d féin, neart le rá acub, ach ní, ní dhéanfadh mise go bráth ar Mheiriceánaigh, dhéanfadh mé ar, ar muintir as Éirinn.

ÁINE: M hm, sea agus cén fáth mar sin a rinne tú suas t-intinn a theacht abhaile.

SALLY: Eh, inseoidh mé duit cén fáth go raibh mé ag iarraidh a theacht abhaile. Fuair mé litir ó mo mháthair agus bhí sí a’ rá go raibh chuile dhuine a’ tíocht abhaile agus nár tháinig mé abhaile ó chuaigh mé go Meiriceá in imeacht na chúig bliana agus dúirt sí gur dheas an rud dhá dtabharfainn cuairt abhaile agus ní raibh mórán cuimhneamh a’m cuairt a thabhairt abhaile ….

ÁINE: …. M hm ….

SALLY: …. chor ar bith ach ansin tháinig mo cholceathar abhaile agus as Boston a d’imigh sí sin because i Chicago a bhí mise san am agus ansin fuair mé litir ó mo mháthair agus dúirt sí “tháinig Peigí abhaile, nach iontach nár tháinig tú in éineacht léi”. Ach ansin an lá seo dúirt mé le cailín go raibh muid a’ gabháil abhaile agus sin é a chur i mo chuimhne a dhul abhaile ach caithfidh mé rá go raibh rún a’m a dhul ar ais Áine.

ÁINE: A’ raibh?

SALLY: Bhí, bhí. Thaitnigh Meiriceá liom. Tá fhios a’dsa Áine nuair a tá tú in áit a thaitníonn leat, nuair atá cairde álainn a’d agus nuair atá spraoi agus spóirt a’d, bhuel tá sé difríocht anois Áine mar nuair a bhí mise an t-am sin i mBoston shiúlfá áit ar bith san oíche.

ÁINE: Sea.

SALLY: Tá fhios a’d mar a gheobhadh tú taxicab, shiúladh tú é, bhuel ní raibh aon chontúirt ann an t-am sin, a’ bhfuil fhios a’d, d’fheadfá rud ar bith a dhéanamh, siúl nó, san oíche ní bheadh aon imní ort nó má, ag thú a bheith óg ní chuimhneofá air.

ÁINE: So bhí beagán brón ort ag fágáil Meiriceá agus do cháirde.

SALLY: Á bhí, Áine. Bhí an, bhí mé ar ndú, bhí mé le dhul thar n-ais, ní raibh faighte a’m ach trí seachtainí, bhí mé le dhul thar n-ais san áit chéanna ag obair aríst agus anois tá mé pósta in Árainn.

ÁINE: M hm, agus a’ raibh athrú mór ansin ar Inis Meáin nuair a tháinig tú ar ais ann….

SALLY: …. Ó bhí Áine, bhí athrú uafásach ar Inis Meáin. Bhí go leor tithe goite suas, bhí cúpla bicycle ann agus bhí, bhuel bhí daoiní go leor imithe as, ní raibh an oiread sin fanaí ann agus nuair atá tusa imithe as ceapadh tú, bhuel tháinig (--) cheap mé go raibh daoiní faighte níos ciúine ná bhíodar nuair a bhí mé féin ann.

ÁINE: Hm.

SALLY: Mar nuair a bhí mise ann cheap mé go raibh chuile dhuine ar nós mé féin, aerach

ÁINE: (Gáire)

SALLY: Ní raibh siad sin ann chor ar bith Áine.

ÁINE: Hm.

SALLY: Bhí chuile dhuine imithe as, bhí sé roinnt uaigneach a theacht ann, mar bhí chuile dhuine imithe as.

ÁINE: Agus ar cheap tú go raibh sóirt, go raibh an saol crua ar an oileán tharas mar a bhí sé a’d i Meiriceá.

SALLY: Bhuel déarfa muid anois crua, bhuel i Meiriceá bhí chuile rud a’d ins na tithe, tá ’fhios a’d agus sa mbaile ní raibh. You know ní raibh, bhí sé crua Áine, chaithfidh tú oibriú go crua sa mbaile, tá ’fhios a’d. Go leor tá ’fhios a’d nuair a bheadh tú a’ plé le, m’athair a’ plé le iasc, muid a’ tarraingt uisce nuair nach raibh aon uisce istigh ’s rudaí go leor mar sin, Áine.

ÁINE: Sea.

SALLY: Bhí obair chrua ann….

ÁINE: …. M hm….

SALLY: …. tá mise a’ cheapadh.

ÁINE: Agus a’ raibh fuss mór déanta fút nuair a tháinig tú ar ais, a’ raibh party acub duit?

SALLY: Ní raibh Áine, nuair a tháinig mé isteach sa gcurach bhí m’athair ar an slip agus níor aithin sé mé. Bhí sé mo chuartú mar nuair a d’imigh mise bhí mé an-ramhar.

ÁINE: Sea.

SALLY: Nuair a tháinig mé thar n-ais bhí mé i mo skeleton. Cheap sé go raibh mé imithe as uafásach, ach mar gheall ar an samhradh i Meiriceá, tá an teas chomh huafásach agus ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. ní bheidh tú ag ith.

ÁINE: Sea.

SALLY: Agus chailleadh tú meáchan.

ÁINE: Agus Ar ndóigh is dóigh bhí an style ort.

SALLY : Ó Áine cuimhneoidh mé go deo air a’ gabháil isteach sa gcurach le high heels, imagine.

ÁINE: Sea.

SALLY: High heels isteach i gcurach go bhféadfainn poll a chur tríd an gcurach. (gáire)

ÁINE: (Gáire)

SALLY : Agus you know a’ gabháil síos ag an Aifreann ón teach le high heels agus clocha agus a Mhaighdean Ghlórmhar.

ÁINE: Ar ndóigh chaithfeadh tú impression maith a dhéanamh

SALLY: Go díreach, go díreach

ÁINE: Yeah.

SALLY: Go díreach.

ÁINE: Agus cén t-achar a d’fhan tú in Inis Meáin ansin nó gur tháinig tú go Inis Mór.

SALLY: Trí mhí.

ÁINE: Bye dad a Sally.

SALLY: Nó cheithre mhí, bhí sé mb’fhéidir rud beag mar sin nuair a tháinig mé go hInis Mór.

ÁINE: Agus an raibh an pósadh agaibh in Inis Meáin.

SALLY: Yeah, phós muid in Inis Meáin agus sí bád Mháirtín Chóil, an Ros Rónán ….

ÁINE: …. An Ros Rónán, yeah ….

SALLY: …. a thug anoir muid agus bhí an bhainis sa teach seo atá mé ag caint leat anois [ann].

ÁINE Ó bhí sé sin go deas

SALLY: Ach bhí sé uaigneach, Áine. Bhí sé níos uaignigh orm maireachtáil in Eochaill nó maireachtáil in Árainn ná bhí sé orm i Meiriceá.

ÁINE: Sea.

SALLY: Mar ní raibh aon sort friends.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Bhfuil ’fhios a’d, ní raibh aon duine ann.

ÁINE: Ní raibh aon eolas a’d orthub.

SALLY: Ní raibh aon eolas.

ÁINE: Yeah.

SALLY: Ach caithfidh mé rá i míle naoi gcéad hochtó ’s a haon a chuaigh mé sa bhfactory.

ÁINE: Sea.

SALLY: Ba bh’sin iad na chúig bhliana a b’fhearr a chaith mé in mo shaol ariamh.

ÁINE: Sea.

SALLY: Chuir mé eolas ar chuile dhuine, fuair mé cairdiúil le chuile dhuine agus bhíodh an-spraoi a’ainn.

ÁINE: Sea.

SALLY: Agus tá ’fhios a’d féin é sin mar bhí tú ann.

ÁINE: Tá ’fhios a’m féin é sin. (Gáire) ….

SALLY: …. Bhuel bhí tú ann ….

ÁINE: Bhuel is dóigh go agus bhí gaolta a’d i Meiriceá.

SALLY: Bhí, bhí mo chuid dearthárachaí agus dreabharachaí ann. Théadh mé soir ansin faoi dhó sa tseachtain, théadh mé soir ar an Naomh Éanna Dé Céadaoin, for the day, isteach ar a’ slip, amach aríst sa gcurach agus Dé Sathairn. Ach anois I mean, déanamh tú cairde, déanamh tú, anois ní thabharfainn ar aon áit é, you know, tá ’fhios a’d an chaoi….

ÁINE: …. Sin é an rud, yeah ….

SALLY: …. You know.

ÁINE: So tá mé ag iarraidh just cúpla ceist a chur ort faoi cúrsaí go ginearálta faoi imirce. Ar imigh mórán go do chlann féin go Meiriceá?

SALLY: Tá triúr iníon liom i mBoston agus tá, tá beirt iníon liom sa nGearmáin.

ÁINE: Sea.

SALLY: Sin é an méid.

ÁINE: A’ gabháil siar anois go nuair a d’imigh tú féin go Meiriceá, cén sóirt obair a rinne muintir na hoileáin, i Meiriceá?

SALLY: Em.

ÁINE: ’Bhfuil ’fhios a’d, na fir?

SALLY: Á na fir, ar tithe, ag obair ar tithe a bhídís

ÁINE: Sea.

SALLY: Construction, ab ea?

ÁINE: Agus na mná ansin?

SALLY: Agus na mná, em, housework.

ÁINE: Sea agus a’ tabhairt aire go ghasúir.

SALLY: A’ tabhairt aire go ghasúir.

ÁINE: Hm. Agus cé chomh minic meas tú a scríobhadh daoiní abhaile an t-am sin?

SALLY: Bhuel Áine, tá ’fhios a’d, bhí sé uafásach crua an t-am sin mar thóg, thógadh litir deich lá agus iad sin sa mbaile a’ fanacht le scéala uaitse.

ÁINE: Sea.

SALLY: Nach raibh sé an-chrua orthub.

ÁINE: Bhí.

SALLY: You know, anois tá sé difríocht because má tá aon imní ort béarfaidh tú ar a’ fón, beidh tú a’ caint leob.

ÁINE: Agus ar scríobh siad i mBéarla nó i nGaeilge?

SALLY: I nGaeilge.

ÁINE: A’ gceapann tú gur phós muintir an trí oileán eatarthu féin?

SALLY: Cuid acub. Tá ’fhios a’m as, as mo oileán féin anois phós cúpla duine maith acub, phós mo dhearthár sa, ó phós go leor daoiní.

ÁINE: Sea.

SALLY: Le cailín as an oileán.

ÁINE: Agus a’ labhraídís Gaeilge eatarthub féin?

SALLY: Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge i gcónaí.

ÁINE: Hm. Ar cumadh aon amhrán faoi imirce?

SALLY: Á cumadh Áine. Chum Dara Beag é, agus sin rud atá mé a’ gabháil a fháil anois, an t-amhrán sin. Á chum sé amhrán faoi. Ach ní ….

ÁINE: …. Sin Dara Beag as Inis Meáin?

SALLY: Sea.

ÁINE: Ar tháinig mórán go na imircí ar baile aríst?

SALLY: Le fanacht nó ….

ÁINE: …. Sea ….

SALLY: …. Le pósadh?

ÁINE: Sea, le fanacht.

SALLY: Ó tháinig, tháinig, tháinig cúpla duine maith go hInis Meáin, phósadar in Inis Meáin agus thógadar clann. Tá a gclann sin imithe thar n-ais go Meiriceá aríst.

ÁINE: M hm. Agus cén fáth a gceapann tú gur tháinig siad abhaile le pósadh?

SALLY: Níl mé a’ rá gur tháinig siad abhaile le pósadh Áine ach tháinig siad abhaile ar laethanta saoire agus tá ’fhios a’dsa an chaoi a meetáileadh tú duine nó tá an duine seo ceart a’msa go b’shin é an chaoi ar tharla sé. Phósadar, ’s phós chuile dhuine acub an-happy.

ÁINE: Agus phós tú féin le Coly

SALLY: Phós mé féin anseo, phós mé féin le Coly as ….

ÁINE: …. Eochaill ….

SALLY: …. Coly Delia Toole as Eochaill.

ÁINE: Agus cé méad clainne atá agaibh?

SALLY: Seachtar, cúigear iníon agus, cúigear iníon agus beirt mhac.

ÁINE: Sea agus eh sin é an méid anois atá mé a’ gabháil a dhéanamh leat faoi, faoi an imirce ach ba mhaith liom ós rud é anois go bhfuil muid chomh garr go Lá Bealtaine, ba mhaith liom a fháil amach a’ mbíodh tada speisialta agaibh le Lá Bealtaine in Inis Meáin?

SALLY: Ní bhíodh Áine, níor aire mé faic ariamh faoi Lá Bealtaine. An t-aon rud a d’aire mé faoi Lá Bealtaine ná a dhul amach a’ baint primroses, pabhsaeir mar a ghlaodh muid orthub.

ÁINE: A’ dtabharfadh sibh Blathannaí na Maighdeana Muire orthub?

SALLY: Ní orthub sin a thabharfadh muid Bláthannaí na Maighdeana Muire ach ….

ÁINE: …. Cé nach ea? ….

SALLY: …. Ach bhí siad ann, Bláthannaí na Maighdeana Muire ach thabharfadh muide Bláthannaí na Maighdeana Muire ar na ruidíní beaga gorma agus thabharfadh muid isteach iad, gheobhadh muid cnocaí jam, chuirfidh muid síos ann iad agus chuirfidh muid statue na Maighdeana Muire taobh thiar dhób.

ÁINE: Agus a’ lasfadh sibh coinneal bheag?

SALLY: Níl me in ann cuimhneachtáil ar sin Áine, níl mé in ann cuimhneachtáil ar choinneal ar bith, you know. Bhuel déanaim féin anois é, lasaim an choinneal ach in Inis Meáin because bhíodh an-lá an lá sin a’ainn tar éis an scoil a’ baint, a’ baint pabhsaeir.

ÁINE: Ach a’ mbíodh altóir agaibh sa scoil?

SALLY: Ní chuimhním Áine, ní chuimhním. ’Bhfuil ’fhios a’dsa nach gcuimhním mórán ar an scoil a’ chor a’ bith, chor ’a bith, chor a’ bith.

ÁINE: Rinne tú an oiread obair ann is dóigh go bhfuil dearmad déanta a’d air. (Gáire)….

SALLY: ….(Gáire) No, is dóigh go raibh mé curtha amach as minic go maith.

ÁINE: Hm. Agus Sally a’ mbíodh tusa a’ gabháil ag an, ag a’ máistir seo a bhí thoir in Inis Meáin, Mac Ghiolla Chríost, a’ foghlaim damhnsa?

SALLY: Ní raibh mé a’ gabháil aige a’ foghlaim damhnsa ach bhíodh muid a’ gabháil aige san oíche nuair a bhíodh sé, nuair a bhíodh an, thoir ag a’ gcladach, cuimhním i gcónaí air. Ní mórán cead a bhí soir a’ainne Áine.

ÁINE: Cé nach raibh?

SALLY: Corr oíche. Ní raibh muid, bhí go leor, bhí cead ag go leor daoiní a dhul soir ach ní raibh mó mháthair, ba duine an-chrua a bhí inti, linne.

ÁINE: Sea.

SALLY: Leis an gclann iníon agus ansin, tá mé a’ cheapadh go raibh mé thoir faoi dhó anois an rud is mó agus bhíodh sé a’ casadh ’s bhíodh muid a’ damhnsa thar timpeall ….

ÁINE: …. Damhnsa agus rud, yeah, yeah. Bhí rud eile ansin agaibh in Inis Meáin, nós eile ná, faoi na Brídeogaí.

SALLY: Brídeogaí. Ba bh’sin é an rud i gcónaí, a bhíodh mise i gcónaí eh a’ cuimhneachtáil air ar feadh mí roimhe mar bhíodh mé ag imirt Brídeogaí agus an oíche, an lá roimh lá Bríde gheobhadh muid dornán tuí as a’ gcró, chuireadh muid maide mór saill thríd

agus cheanglaíodh muid twine taobh thíos gon mhaide. Ansin gheobhadh muid dress, chuireadh muid uirthi é. Ar dtús gheobhadh muid máilín bán plúr agus cheanglófaí ruaig nó rud eicínt timpeall faoi na muineál agus ansin chuirfí uirthi an dress. Ansin gheobhadh tú ribíní, bheadh ribíní ar a muineál, timpeall na lár, ar na guaillí, ar chuile rud agus dhéanfá ansin an súil, a béal, a srón agus an, na súile agus ansin gheobhadh, dhéanadh, dhéanadh mo mháthair an purse le go mbeadh sé crochta ar a láimh ….

ÁINE: …. Á, láimh na Brídeoga ….

SALLY: …. Sea, sea, leis an airgead a chuir ann.

ÁINE: Agus a’ mbíodh amhrán agaibh nó?

SALLY: Bhíodh. Nuair a théadh muid isteach, bhíodh muid, ansin nuair a thiocfadh muid ón scoil, bhíodh an oiread cumhach orainn a ritheadh abhaile, bheadh an bhrídeog ré ón oíche, ón oíche roimhe sin, go mbeadh ’fhios a’ainn an chéad duine a bheadh sna tithe mar cheapadh tú gur mó….

ÁINE: …. Sea, siad is mó a bhfaighidh airgead is dóigh ….

SALLY: …. Go díreach. Agus nuair a ghabhadh muid isteach sna tithe déarfadh muid “Bail ó Dhia oraibh sa teach seo”, so d’fhreagróidís agus déarfadh muid “Crios, crios, Brid mo chrios, Muire ’s a brat, Muire ’s a brat, Brid agus a slat, Cé is fearr a bheidh sibh anocht go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó anocht”.

ÁINE: Agus a’ ndeachaigh sibh ar fud an oileán ar fad, nó díreach thart an bhaile? ….

SALLY: …. Chuaigh muid ar fud an oileán ar fad Áine.

ÁINE: Agus a’ mbíodh go leor daoine nó díreach duine as chuile theach ab ea nó?

SALLY: (Casacht) Beirt as chuile theach, triúr as chuile theach dá bhféadfá ….

ÁINE: …. A’ mbíodh?

SALLY: Théadh muinn soir na creaga le go mbeadh muid in sna tithe roimh na daoiní eile. Thosódh muid ag comhaireamh an airgead Áine. Cheapfá go raibh an lotto buaite leis an méid beag airgead ....

ÁINE: …. Sea.

SALLY: ’S ní bhíodh ann mb’fhéidir ach tá ’fhios a’d scilling nó dhá scilling ag a’ gcuid is mó a’ainn.

ÁINE: Sea. Agus cén chaoi a gcaitheadh sibh an airgead ansin?

SALLY: Ó chaithfidh mise é a thabhairt go mo mháthair.

ÁINE: Ó a’ gcaithfidh?

SALLY: Agus cupla pingin a choinneáil ….

ÁINE: …. Á ….

SALLY: …. Le na sweets ….

ÁINE: …. Á na sweets a cheannacht, yeah ….

SALLY: …. Sea, ó yeah thugadh muid ach chaithfidh muid é Áine.

ÁINE: Ó chaithfidh, ní raibh tada eile ann an t-am sin, you know.

SALLY: No, no, no.

ÁINE: So bhfuil tada eile a thaitneoidh leat a inseacht dom anois a Sally faoi Inis Meáin?

SALLY: Bhuel níl Áine dháiríre ach rud amháin atá ann atá ag cuir uaigneas orm faoi láthair nach bhfuil mórán gasúir a’ gabháil ag a’ scoil ann agus níl mórán gasúir a’ tíocht suas.

ÁINE: Hm.

SALLY: Tá sé an-uaigneach nuair a chuimhneos tú siar air do shaol féin a bhí a’d ann agus atá anois imithe as agus go mbeidh an scoil sin dúnta faoi cheann cúpla bliain, you know ….

ÁINE: …. Tá sé uaigneach nuair a chuimhneos tú air ….

SALLY: …. Tá sé uaigneach because ní fheicim go bhfuil aon duine a’ tíocht ann a’ pósadh.

ÁINE: Níl.

SALLY: Ní fheicim go bhfuil aon duine ag tógáil clann ann.

ÁINE: Ach ag an am céanna is oileán é atá breá láidir, bhfuil ’fhios a’d tá cultúr breá láidir ann.

SALLY: Ó tá, buíochas le Dia, bhuel tá, tá sé sin ann alright ach

ÁINE: Mara mbeidh daoine óga ann.

SALLY: Go díreach, go díreach ….

ÁINE: …. Ní mórán ….

SALLY: …. Ní mórán, céard a bhéas ann.

ÁINE: Ní bheidh mórán ann.

SALLY: Ní bheidh.

ÁINESo go raibh míle maith a’d anois a Sally….

SALLY: …. Tá fáilte romhat Áine ….

ÁINE: …. Faoin agallamh breá sin a rinne tú ar an fiche naoú lá go Aibreán sa mbliain dá mhíle agus a haon anseo i dteach Sally agus Coly Delia in Eochaill.

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.