Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00016

Taifeadadh
BBAF.00016
Formáid
MiniDisc
Fad
14:07
Dáta
25 Aibreán 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Gort na gCapall
Bailitheoir
Maeve Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Winnie Uí Iarnáin
Eolas cartlainne
MD 24 Winnie Uí Iarnáin. Scoil; An Ceathrar Álainn; Baile; Gort na gCapall; Liam Ó Flaithearta; Faoistíní; Sagart; Taisteal; Siopa; Tithe Lóistín.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00016
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MAEVE: Maeve Uí Fhlaithearta anseo i Gort na gCapall ag caint le mo chomharsa béal dorais Winnie bn Uí Iarnáin ar an cúigiú lá fichid de Aibreán 2001. Dia duit a Winnie.

WINNIE: Dia ’s Muire duit, a Mhaeve.

MAEVE: Tá mé ag iarraidh cúpla ceist a chur ort faoin cineál saol a bhí ar an oileán agus tusa ag fás suas. Cé mhéad clann a bhí i nGort na gCapall nuair a bhí tú óg?

WINNIE: D’fhéadfadh sé go raibh suas le eh ceathair déag nó cúig déag.

MAEVE: A’ raibh?

WINNIE: Shea.

MAEVE: Níos mó ná anois.

WINNIE: Shea, ó i bhfad níos mó ná anois….

MAEVE: …. Ná anois, sea. Agus cé mhéad gasúir a bhí ag dul síos ag an scoil leat, nó cé iad féin?

WINNIE: Padhraic as a’ teach seo, agus bhí bean Tommy Bheachla Sheáin anois agus bhí na, muintir O’ Brien, Katie agus Mary agus Annie agus iad sin, ach bhí mise níos sine ná cuid acub sin.

MAEVE: Tá ’fhios a’m ach bhí sibh ag dul síos ….

WINNIE: …. Bhí ….

MAEVE: .… shiúlfadh sibh síos.

WINNIE: Ó shiúl muid síos agus eh théadh muid síos cos nochtaí.

MAEVE: Hm.

WINNIE: Ní raibh bróga ná stocaí an t-am sin.

MAEVE: Nach raibh, nach raibh?....

WINNIE: …. No.

MAEVE: Geimhridh ná samhraidh?

WINNIE: Ó bhuel bhíodh bróga orainn ins an ngeimhridh alright ….

MAEVE: …. An raibh ….

WINNIE: …. ach eh chomh luath agus a thiocfadh an chéad lá go shamhraidh bhí a mbróga caite dínn.

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Bhí.

MAEVE: So cén múinteoir a bhí agaibh nó?

WINNIE: Bhuel bean gon bhaile seo, thugadh muin, bhuel eh Mairéad Ní Fhlaithearta a bhí, an t-ainm a bhíodh uirthi ach bhíodh muidne ag glaoch Maggie Pheadair uirthi. Shea, agus eh Seán Maloney as Luimneach sílim é ….

MAEVE: …. Ó an ea? ….

WINNIE: .… an múinteoir eile a bhí a’ainn.

MAEVE: Ó sea. Cén chaoi a rabhadar, a’ rabhadar dian?....

WINNIE: …. Bhíodar sách olc.

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Bhí.

MAEVE: An raibh? Ar bhain tú taitneamh as an scoil nó .…?

WINNIE: …. Á muise níor bhain. B’fhada linn gur, gur fhéad muinn fanacht sa mbaile.

MAEVE: Tá sé difríocht inniu tá mé ag ceapadh….

WINNIE: …. Ó tá, tá.

MAEVE: Tá, agus an raibh na buachaillí agus na cailíní sa seomra céanna?

WINNIE: Ó bhí, bhí.

MAEVE: An raibh, sin é ….

WINNIE: …. Ó bhí.

MAEVE: An raibh mórán gasúir ins an scoil ag an am sin, an cuimhin leat, an raibh an scoil mór? ….

WINNIE: …. Ó bhí na seomraí lán.

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Bhí go leor ann an t-am sin, bhí.

MAEVE: Anois ag caint faoi na tithe, an raibh tuí ar an gcuid is mó acub nó …?

WINNIE: Bhí tuí ar chuile theach ar an mbaile seo ach an teach seo agus teach Liam O’Flaherty an t-am sin….

MAEVE: …. Ó sea, ó an raibh?

WINNIE: Sin é an méid slinne a chonaic mise.

MAEVE: So bhíodar ag cur tuí orthub go minic, an raibh agus an raibh sé éasca …?

WINNIE: …. Ó bhí, chuile bhliain.

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Bhí, bhí agus neart cúnamh acub ….

MAEVE: …. An raibh? ….

WINNIE: …. agus thugaidís féin cúnamh dá chéile.

MAEVE: Nach raibh sin go deas.

WINNIE: Sea.

MAEVE: Agus anois an raibh lota i chuile theach?

WINNIE: Chuile theach go na tithe tuí, bhí lota iontub. Bhíodh sé acub, bhfaighidís an mhóin, is ar an lota a chuirfidís í, cuid mhaith acub. Cuid mhaith acub nach raibh aon áit eile acu le í a chur. Bhíodh dréimire acub agus ní raibh acub le déanamh ach an dréimire, a dhul suas an dréimire agus an mhóin a chaith síos.

MAEVE: Ó bhí sé sin go deas, ní gá dóibh a dhul amach ins an ….

WINNIE: Ní raibh gá dhób a dhul amach.

MAEVE: Bhí sé sin go deas.

WINNIE: Sea.

MAEVE: So inis dom anois faoin drisiúr, meas tú an raibh drisiúr i mórán chuile theach freisin?

WINNIE: Ó bhí drisiúr i chuile theach an t-am sin.

MAEVE: An raibh, an raibh?

WINNIE: Ach nuair a tógadh na tithe slinne caitheadh na drisiúir amach, agus níor cheart dóibh é a dhéanamh.

MAEVE: Níor cheart, níor cheart. So cé a rinne na drisiúir ag an, ag an am sin?

WINNIE: Bhí fear eicínt a dtugaidís sílim Seamus Beag air .

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Ar an mbaile seo, a bhíodh á dhéanamh.

MAEVE: An raibh sé go maith?

WINNIE: Bhí sé go maith.

MAEVE: Yeah, sea agus cén cineál, cén dath ….

WINNIE: …. Siúinéara silim a bhí ann.

MAEVE: Ó an raibh?

WINNIE: Sea.

MAEVE: Ó an raibh?

WINNIE: Cén dath?

MAEVE: Cén dath a bhí orthub?

WINNIE: Dearg.

MAEVE: Dearg, á sea.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Á sea, agus an raibh na soithigh socraithe ar aon bealach ….

WINNIE: …. Bhuel bhíodh mar a deiridís leis na hooks sa drisiúr agus eh bhíodh na cupáin crochta ar sin agus áit leis, leis na plátaí agus áit leis na plátaí móra. Bhíodh, níl ’fhios a’m, b’fhéidir trí cinn móra i mbarr an drisiúir agus eh na muigíní ansin agus sin é an méid.

MAEVE: Sin é an méid.

WINNIE: Sé.

MAEVE: Job mór iad sin go léir a nigh o am go chéile.

WINNIE: Ó muise Ar ndóigh nití corr uair iad.

MAEVE: Anois a’, an raibh siopa ar a’ mbaile?

WINNIE: Bhí, siopa beag deas ar a’ mbaile.

MAEVE: An raibh?

WINNIE: Bheadh, bhí tae ’s siúcra ’s im ’s na rudaí a bheadh a’ teastáil ach ní raibh tada galánta a’ baint leis.

MAEVE: Cá raibh, cá raibh, an, an siopa sin?

WINNIE: Eh Fitzpatrick.

MAEVE: Ó Fitzpatrick, ó tá ’fhios a’m.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Agus anois an raibh, an raibh teach cuartaíocht ar an mbaile, áit a mbíodh daoine ag .…?

WINNIE: …. Bhí.

MAEVE: An raibh, cá raibh sé sin?

WINNIE: Bhí sé sin i lár an bhaile mórán. Bhuel tí Mhicilín Pháid a thugadh muide air.

MAEVE: Sin é ….

WINNIE: …. Bhí sean fhear ann a’ bhfuil ’fhios a’d ar nós ….

MAEVE: …. An raibh?....

WINNIE: .… fear an tí agus ba Micilín a bhí air, Micilín Pháid….

MAEVE: …. Á, á so bhíodh na daoine ag dul ansin.

WINNIE: Bhíodh.

MAEVE: Na fir is mó, an ea?

WINNIE: Á na fir is mó.

MAEVE: Céard faoi na mná, ní bhíodh siad sin ag cuartaíocht?

WINNIE: Ara ní bhíodh aon am ag na créatúir, bhídís sin ag criotáil nó a’ déanamh rud eicínt.

MAEVE: An mbíodh, yeah?

WINNIE: Hm.

MAEVE: Agus an raibh áit áirithe a mbíodh na fir a’ teacht le chéile ar an mbaile?

WINNIE: Ó bhí, nuair a, síos písín as seo, síos an áit sin a dtugadh muid an charcair air, is ann a théidís síos san oíche, d’imídís amach agus thagadh siad uilig le chéile thíos ansin píosa gon oíche….

MAEVE: …. Nach raibh sé sin go deas.

WINNIE: Bhí, hm.

MAEVE: Em, ar tháinig duine nó daoine cáiliúla as an mbaile?

WINNIE: Bhuel ní, ní, ní eol dom gur tháinig ach fear amháin.

MAEVE: Cé é sin?

WINNIE: Bhí an-cháil air, Liam Ó Flaithearta.

MAEVE: Á sea.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Bhí sé imithe ón áit ar feadh

WINNIE: Ó blianta.

MAEVE: An raibh, sea?

WINNIE: Bhí.

MAEVE: Sea, yeah. So anois ag caint faoi rudaí eile, céard faoi, tá mé just ag smaoineamh ar an t-uisce, an raibh sé deacair, an obair a bhí le déanamh ag na mná, an raibh sé deacair an t-uisce a fháil le níochán nó le cócaireacht?

WINNIE: Bhuel bhí sé sách deacair ar na créatúir ach ní raibh aon, níor chur sé aon bhadráil orthub, bhí ’fhios acub nach raibh caoi a’ bith eile le é fháil.

MAEVE: Sea.

WINNIE: So rinneadar cúis mhaith agus ní raibh mórán ag na créatúir ach mura raibh féin bhíodar ….

MAEVE: …. Bhíodar sásta ….

WINNIE: …. sásta leis an saol agus a’ déanamh a ndícheall….

MAEVE: …. Níos sásta ná anois, an bhfuil tú ag ceapadh?

WINNIE: …. Ó i bhfad Éireann.

MAEVE: Yeah, fiú nach raibh, nach raibh mórán acub, ag an am céanna ….

WINNIE: …. Ní raibh mórán acub, ní raibh.

MAEVE: Yeah.

WINNIE: Ní raibh.

MAEVE: So an gceapann tú anois go bhfuil mórán athrú tagtha ar an mbaile .…?

WINNIE: …. Bhuel tá roinnt ar an mbaile, tá tithe maith ann anois, tá chuile shóirt acu agus tá an t-airgead níos fairsinge.

MAEVE: Tá.

WINNIE: Tá, ní raibh airgead ar bith an t-am sin ann.

MAEVE: I suppose ní raibh ach ag an am céanna bhí na daoine

WINNIE: Bhíodar compordach.

MAEVE: Bhí níos mó ama acub I suppose a bheith ag caint le chéile agus rudaí mar sin.

WINNIE: Bhí ach níl anois.

MAEVE: Níl anois.

WINNIE: No níl.

MAEVE: Tá chuile dhuine ag rith anois.

WINNIE: Sea.

MAEVE: Anois faoi na faoistiní, cén t-am den bhliain a mbíodh na faoistiní acu.

WINNIE: Eh bhíodh siad acub sa Márta agus sílim cén (sos) October

MAEVE: Arís sea.

WINNIE: Sea sílim, faoi dhó sa mbliain….

MAEVE: …. Faoi dhó sa mbliain.

WINNIE: Sea.

MAEVE: Oh yeah.

WINNIE: Agus an dtuigeann tú, ní raibh teach galánta ar bith ann ach chuirtí aol agus roinnt péint agus ghlantaí amach na tithe agus bhreathnaíodar go deas.

MAEVE: Cén t-am a thosóidís ag ….

WINNIE: …. Glanadh?

MAEVE: … glanadh, sea?

WINNIE: Ó b’fhéidir go mbeidís cúpla mí roimhe.

MAEVE: Ó an mbíodh?

WINNIE: Bhíodh sílim, ag iarraidh a bheith a’ déanamh píosa anois agus píosa aríst.

MAEVE: Agus a’ mbíodh chuile theach dhá thógáil?

WINNIE: Ó cheapainn go mbíodh, shea.

MAEVE: So cén saghas, cén saghas réiteach a rinneadar?

WINNIE: Bhuel ghlanaidís an simléar ar an gcéad rud agus chuirfí an t-aol, aol a bhí an t-am sin ann, ní raibh mórán caint ar péint agus, bhuel bhíodh péint eicínt acub leis na cathaoireachaí agus leis an drisiúr, ach ar na ballaí, seomra agus cistineach ba aol a bhíodh acub agus aol aríst taobh amuigh.

MAEVE: Sea, cén áit a éisteach an sagart leis na faoistiní.

WINNIE: Ó sna (--) ní raibh (--) i chuile theach, san sean teach ach dhá sheomra agus cistineach agus bheadh na seomraí ansin deisithe amach acub chomh maith ’s a bhíodar in ann agus chuiridís amach na leaprachaí, chaithidís amach iad, amach ins san scioból, an taobh eile gon teach agus thugaidís isteach iad nuair a d’imíodh an sagart. Agus eh bhíodh eh níl ’fhios a’m cé mhéad generation siar é, bhí mé ag cuimhneamh aríst air i dtaobh na muca.

MAEVE: Ó sea?

WINNIE: Bhíodh muca istigh acub agus b’fhéidir gurbh shin í an mhaidin a chuirfidís amach na muca agus ghlanaidís agus nídís, is dóigh nach raibh tada acub na créatúir ach an t-uisce le urlár a níochán ná tada agus bhíodh sé socraithe suas go deas acub ach d’fhéadfadh sé sin anois a bheith ceithre chéad bliain ó shin. Ach chuala mé faoi.

MAEVE: Chuala tú, tá mé cinnte go raibh sé ann.

WINNIE: Bhí sé ann….

MAEVE: …. Bhí sé ann, sea.

WINNIE: Bhí.

MAEVE: So, an cuimhneach leat na sagairt a bhí ann le do linn sa?

WINNIE: Cuimhním Fr. Killeen bhíodh sé ann agus Fr. Walsh agus iad sin. An dtuigeann tú bhídís, bhíifí ag athrú na sagairt go minic an t-am sin an dtuigeann tú….

MAEVE: …. Tá ’fhios agam, sea agus tá sé deacair cuimhneamh ar chuile cheann acu, sea.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Sea so faoi tuarastail cé thug na tuarastail, an iad na …?

WINNIE: Ó sea thabharfá cúpla scilling nó cé ar bith más scilling é nó cúpla scilling níl ’fhios a’m cinnte. Bheadh (--) Leagfaí cathaoir ansin agus chuile dhuine, léifí amach a n-ainm agus thógadh, leagadh tú ar an mbord é so ghabhfá abhaile.

MAEVE: Sin é.

WINNIE: Sé.

MAEVE: So céard faoi, faoin béile don, an mbíodh béile do na sagairt nó do chuile dhuine nó, ar lá na faoistiní?

WINNIE: Á bhuel gheobhadh an sagart ar dtús an béilí.

MAEVE: An mbíodh, yeah.

WINNIE: Ach go n-airíonn go, faoin eh, faoin saol fadó, is dóigh go bhfuil sé trí chéad bliain ann, ó shin ó bhí an obair seo ann.

MAEVE: Sea.

WINNIE: Go bhfaighidís ceathrú caoireoil.

MAEVE: Sea.

WINNIE: Bhíodh tine mhaith thíos acub, bhíodh neart móin acub agus cébí cén chaoi a raibh siad in ann é a shocrú ar an …

MAEVE: É a shocrú sort of ar an tine, an ea.

WINNIE: Ar ndóigh dá ngabhfadh muide á dhéanamh anois thitfeadh sé sa lua uainn (gáire) ….

MAEVE: …. (Gáire) Sea.

WINNIE: Agus d’fhaigheadh siad an scian, cébí cén sort scian a bhí acub agus ghearrfaidís sliseanna de sin.

MAEVE: Ón áit ina raibh sé crochta?

WINNIE: An áit, sea an áit a bhí cookáilte dhe nó ….

MAEVE: …. Ó sea, so bhí sé go deas te agus….

WINNIE: …. Bhí sé breá te acub, nár chuma leob ach é a fháil.

MAEVE: I’m sure go raibh dar an-sásta leis.

WINNIE: Bhí.

MAEVE: I’m sure go raibh. Yeah.

WINNIE: Hm.

MAEVE: An mbíodh na gasúir scoile ag an Aifreann.

WINNIE: Ó bhíodh, bhuel bhí, bhíodh ach théadh na gasúir scoile, na gasúir an bhaile ag an scoil ach tráthnóna nuair a thiocfaidís ón scoil, thiocfaidís ag an teach a’d le an tae….

MAEVE: …. Ah nach raibh sé sin go deas.

WINNIE: Bhí, na créatúir.

MAEVE: Tá mé cinnte gur bhain siad taitneamh as sin.

WINNIE: Bhí, shea.

MAEVE: So em, nuair a bhí tú ag caint ansin faoi tuarastal, an cuimhin leat freisin bhí tuarastal, bhí rud éigin faoi na haltóir ag am sochraide, nach raibh?

WINNIE: Ó bhuel cuimhním air nuair a bhídís a’ tógáil altóir, an altóir a thugaidís air, ins na tithe an áit a mbeadh an duine básaí ach, agus ansin cuireadh aríst é sa séipéal.

MAEVE: Ó tuigim.

WINNIE: Bheadh bord sa séipéal, bheifeá, thiocfadh na fir isteach a bhíodh amuigh ar an mbóthar agus chuiridís an t-airgead ar a’ mbord agus chuireadh na mná a bhíodh istigh an t-airgead ar a’ mbord.

MAEVE: Meas tú cén t-am a cuireadh deireadh leis sin?

WINNIE: Eh, tá ’fhios a’m, eh sílim gurbh é Moran, Fr. Moran ….

MAEVE: …. An é? ….

WINNIE: …. A chuir deireadh leis, le altóirí.

MAEVE: An rinne sé, sea.

WINNIE: Sea.

MAEVE: Anois Winnie, b’fhéidir go gcuirfinn cúpla ceist ort faoi an taisteal go Gaillimh, cén bád nó steamer a bhí ag teacht go hÁrainn nuair a bhí tú, nuair a bhí tú óg?

WINNIE: Nuair a tháinig (--) sílim gurbh í an Dun Angus í.

MAEVE: Agus eh cé chomh minic agus a tháinig sí sa seachtain nó?

WINNIE: Cúpla babhta sa tseachtain agus á mbeadh an aimsir go dona b’fhéidir go mbeadh sí seachtain, coicís.

MAEVE: An mbíodh?

WINNIE: M hm.

MAEVE: Ag braith ar an aimsir.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Agus cén t-achar a thógfadh an turas?

WINNIE: Bhuel bhídís ag caint ar trí uaire, trí uaire an chloig ach á mbeadh lá garbh ann ná tada bheadh sé i bhfad, i bhfad níos mó ná sin.

MAEVE: An mbíodh sí ag dul go na hoileáin freisin?

WINNIE: Bhíodh sí ag dul go na hoileáin ar a bealach aníos nó amannaí ghabhadh sí go na hoileáin ar a bealach síos.

MAEVE: Bheadh sé sin an-fhada.

WINNIE: Bhíodh.

MAEVE: Cén cineál lasta a tháinig ar an mbád?

WINNIE: Em, thagadh plúr, neart plúr, bran, tae, siúcra, im agus roinnt, rudaí go leor, rudaí beaga go leor a’ bhfuil ’fhios a’d.

MAEVE: Eh, an cuimhin leat cén chaoi a gcuirtí na, na beithígh ar an mbád?

WINNIE: Chuirtí rópa orthub mar a deiridís sling a chur orthub.

MAEVE: Sea.

WINNIE: Agus iad a chrochadh suas.

MAEVE: Golly bhí sé sin deacair go leor, an raibh?

WINNIE: Hm.

MAEVE: An cuimhin leat na siopaí i nGaillimh. Cé iad na siopaí a bhí ag cur isteach earraí go daoine anseo go príobháideach?

WINNIE: Eh, bhíodh na McDonaghs agus tá siad sin fós ann agus McCambridge. Ní, ní, ní cuimhneach liom anois aon siopa eile mar sin an dtuigeann tú, mar deiridís leis na groceries.

MAEVE: Yeah.

WINNIE: Hm.

MAEVE: Faoin aimsir anois, an mbíodh an steamer ag casadh go minic go Gaillimh nó .…?

WINNIE: …. Ó chasadh sí á mbeadh droch lá ann agus farraigí móra.

MAEVE: Yeah, so bhíodh orthu fanacht ansin i nGaillimh.

WINNIE: Bheadh.

MAEVE: An cuimhin leat na tithe i nGaillimh a bhfanadh muintir Árainn, dá mbeadh orthub fanacht thar oíche nó cúpla oíche, an raibh aon …?

WINNIE: Bhuel eh is cuimhneach liom an Castle Hotel, bhíodh muid ag fanacht ann.

MAEVE: An mbíodh, sea.

WINNIE: Agus Florrie O’ Toole.

MAEVE: Ó sea.

WINNIE: Ní fhéadaim cuimhneamh anois ar cé na tithe eile a bhíodh muinn a’ fanacht, bhuel an t-am sin ní bheadh muinn a’ gabháil Gaillimh go minic.

MAEVE: I suppose ní bhíodh, no.

WINNIE: No, ní bhíodh.

MAEVE: A’ dtéann tú ar plane anois Winnie, so ….

WINNIE: …. Ó téann muinn san aer anois. Sé nóiméad anois, tá muinn amuigh ….

MAEVE: …. Sé nóiméad ….

WINNIE: .… ag an airport.

MAEVE: An-difríocht.

WINNIE: An-difríocht go deo.

MAEVE: Yeah, bhuel bhí tú ann an lá cheana agus dúirt tú liom nach bhfuil Gaillimh mar a bhí ar chor ar bith.

WINNIE: Níl.

MAEVE: Céard é an difríocht is mó a fheiceann tú?

WINNIE: Ar ndóigh tá na siopaí, bhíodh na siopaí a bhí ann fadó níl tuairisc ar bith anois orthub sin. Supermarkets anois atá ann.

MAEVE: Agus céard a cheapann tú fúthu?

WINNIE: Á ní, ní, ní cheapaim mórán dóibh.

MAEVE: Nach ceapann.

WINNIE: Dhá ngabhfá isteach i siopa an t-am sin bheadh duine a’ freastal ort agus rud ach ní fheicfidh tú aon dhuine anois, ní dhéanamh siad freastal ar bith anois ort.

MAEVE: Yeah, no tá sé an-difríocht really.

WINNIE: Ara tá.

MAEVE: Chuile rud sciopaí anois.

WINNIE: Chuile rud sciopaí.

MAEVE: Sin é. Bhuel go raibh míle maith agat Winnie, bhí sé sin go deas ….

WINNIE: …. (Gáire) Tá fáilte romhat.

MAEVE: (Gáire)

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.