Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00021

Taifeadadh
BBAF.00021
Formáid
MiniDisc
Fad
39:41
Dáta
6 Meitheamh 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Sruthán
Bailitheoir
Treasa Ní Mhiolláin
Faisnéiseoir
Mary Conneely
Eolas cartlainne
MD 29 Mary Ní Chonghaile [Mary Conneely] Treasa Ní Mhiolláin; Amhrán "Bríd Thomáis Mhurchadha"; Baile; Cill Mhuirbhigh; Scoil; Clann; A Máthair; Siopa; Caidéal Peitril; Posta; Damhsa agus Ceol; Caitheamh Aimsire; Tithe Lóistín; Oiliúint altra; Caifé; An Cuan; Ag obair thar lear; An Iaráic; An Araib Shádach; Teanga agus Cultúir; Clann.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00021
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

TREASA: Sé inniu an 6ú lá go Bhealtaine sa mbliain 2001. Is mise Teresa Bhaba Pheige agus tá mé a’ gabháil a’ caint le Mary Conneely ina teach anseo sa Sruthán. Dia duit a Mhary.

MARY: Dia is Muire duit a Threasa agus tá míle fáilte romhat.

TREASA: Go raibh míle maith agat, agus nach deas an lá a thogha muid le theacht anseo a’ déanamh an agallamh.

MARY: Tá sé go h-aoibhinn, go h-aoibhinn. Treasa tabhair stéibh dúinn roimh a thosós muinn.

TREASA: Hm, mb’fhéidir go bhfuil sé chomh maith dom mar sin, meas tú anois an gcasfadh mé véarsa go Bhríd Thomáis Mhurchadha b’fhéidir.

MARY: Ceart go leor.

[Casann Treasa an t-amhrán]

TREASA: ’S a Bhideach na gCarad tuig feasta nach súgradh é

Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé

Má shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil

’S go dtug mo chroí gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.

’S a Bhríd Thomáis Mhurchadha ó molaimse an barr leat féin

Le gile le finne le áilleacht is deise méin

Do chúilín deas triopallach fite ina thrilseáin óir

Is an té bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dó

.... ara déanamh an méid sin anois.

MARY: Bhuel fair plé duit.

TREASA: Go raibh maith a’d, a Mhary.

MARY: Togha bean.

TREASA: Bhuel cé go bhfuil muid anseo sa Sruthán i do theach, ní sa Sruthán a rugadh thú Mary, Ar ndóigh ní hea.

MARY: Ní hea, tháinig mé ar an saol i gCill Mhuirbhigh.

TREASA: Agus an cuimhneach leat cén leagan amach a bhí ar bhaile Chill Mhuirbhigh nuair a bhí tú féin óg?

MARY: Bhí thart ar cheithre theach déag nó cúig theach déag ar a’ mbaile. Bhíodar ar chaon taobh gon bhóthar, bhí péire nó trí cinn de na tithe sin le ceann slinne agus an chuid eile tithe ceann tuí a bhí iontu.

TREASA: Agus cé a bhí ina gcónaí ins na tithe agus cá ndeachaigh siad mar go deimhin níl mórán ar baile Chill Mhuirbhigh anois?

MARY: Go deimhin níl, nach mór an trua é. Eh, tosóidh mé thiar ag an alley. [Ball alley]

TREASA: Ceart go leor.

MARY: Bhí seacht clainne uilig go mhuintir Uí Iarnáin ar a’ mbaile. Peaitín Mháirin, Peait Pheaidí, Brian Phetair agus Kate, muintir Bheachlín Bhaba, Peait Mhaidhcilín agus Mary.

TREASA: Hm.

MARY: Na Feenys, sin iad na h-Iarnáin. Bhí ehm Cóil Bhid, tá aiféal orm nach bhfuil ’fhios a’m an sloinne a bhí ar a’ bhfear sin.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí Micheál Mac Mháirín, Pete Cooke, Ceaitín agus Nóirín, Muintir Mhic Dhonnchadha agus ehm, ó Winnie, rinne mé dearmad glan ar Winnie, duine eile go na h-Iarnáin, James Johnston agus a bhean Bridget sa teach mór, Micilín Tom Burke agus Mary, Ar ndóigh Uí Chonghaile iad sin cosúil linn féin.

TREASA: M hm.

MARY: Cá ndeachaigh siad, bhuel tá a bhformhór acub imithe ar shlí na firinne, go ndéana Dia grásta orthub.

TREASA: Amen. Agus a’ raibh aon charachtair speisialta sa mbaile?

MARY: Ar ndú, characters a bhí iontu uilig, dár liomsa. Comharsana mhaith agus daoine speisialta ina mbealach féin, iad ar fad ag stracadh leis an saol, ag déanamh a ndícheall slí maireachtála a shaothrú, ach caithfidh mé lua ar bheirt acub.

TREASA: Sea.

MARY: Sin Maidhcí Mac Donnachdha, Maidhcí Mhac Johnny agus Beachla Pheait Mhaidhcilín Ó hIarnáin, go ndéana Dia grásta ar an mbeirt acub, b’iontach an bheirt iad agus thug siad an-chúnamh go chuile dhuine ar a’ mbaile.

TREASA: M hm. Agus tá mé cinnte go raibh daoine cáiliúla freisin ar an mbaile, an cuimhin leat?

MARY: Bhuel, bhí an tiarna talún, O Flaherty Johnston, bhí sé sin a’ maireachtáil sa teach mór.

TREASA: Á sea.

MARY: An domain a thugtaí ar sin. M’uncail, an tAthair Stiofán nach maireann ach oiread, misinéara a bhí ann, bhí sé san ord Redemptorist i gcathair Luimnigh.

TREASA: Sea.

MARY: Chuaigh m’uncail Johnny go Meiriceá agus chláraigh sé sin in arm Mheiriceá. Chuaigh m’uncail Máirtín in arm na h-Éireann agus bhí sé sa Dún Uí Mhaoilíosa ar an Rinn Mhór i nGaillimh ar feadh blianta fada.

TREASA: Agus cá ndeachaigh tú féin ar scoil, a Mhary?

MARY: Thosaigh mé le scoil an Cheathrar Álainn i bhFearann an Choirce, ach ní raibh mé ró fhada ansin gur cuireadh amach mé go dtí an scoil sa Spidéal. Bhí mé ansin mar scoláire cónaithe san Meánscoil agus mé ag freastal ar an mbunscoil.

TREASA: M hm.

MARY: Ní raibh mé ach seacht mbliana g’aois. Bhí mo dheirfiúr Barbara nach maireann go ndéana Dia grásta ar a h-anam

TREASA: Hm.

MARY: bhí sí sin ocht mbliana níos sine ná mise agus bhí sí sa Meánscoil ag an am.

TREASA: Ó sea, amuigh ar an Spidéal freisin?

MARY: Sea, sa Spidéal freisin, bhí Barbara is dóigh dhá bhliain déag nuair a chuaigh sí ann.

TREASA: Hm. Agus cé na h-ábhair a bhíodh agaibh, an mbíodh Mataí, Gaeilge, Béarla?

MARY: Bhíodh Stair, Tír Eolais, Ceol. Bhí sé sin sa scoil náisiúnta agus bhí siad sin uilig a’inn chomh maith sa meánscoil, chomh maith le Laidin, Fraincis agus Tíos.

TREASA: Hm, go leor ábhair.

MARY: Bhí.

TREASA: Cén t-ainm a bhí ar na múinteoirí, b’fhéidir na múinteoirí a bhí a’d ar dtús i bhFearann an Choirce, sula a ndeachaigh tú amach?

MARY: Bhuel cuimhním ar Mr Maloney agus Maggie Ní Dhioráin nó Maggie Pheadair, as Gort na gCapall, go ndéana Dia grásta orthub.

TREASA: Amen.

MARY: Bhí an tSiúir Burtmans, an tSiúir Bonoventure, an tSiúir Ethna, bhí siad sin a’inn sa scoil náisiúnta an Spidéal, bhí an tSiúir Anthony, an tSiúir Alby, Máire Eibhlín Ní Choistealbha agus Eibhlín Ní Ghiobalán sa meánscoil.

TREASA: Bhí slua mór acub ann.

MARY: Bhí slua mór acub ann agus b’fhéidir tuilleadh lena chois dá gcuimhneoinn orthub.

TREASA: Agus a’ raibh siad olc, a Mhary?

MARY: Muise leis an fhirinne a rá bhí smacht orainn. Ach dá gcoinneofá na rialacha, bhí leat.

TREASA: Fairáilte go maith, agus ar i mBéarla nó i nGaeilge a fuair tú do chuid scolaíochta?

MARY: Ó i nGaeilge a fuair, a bhí na h-ábhair ar ndóigh, ach d’éirigh liom Béarla a fhoghlaim freisin. Níor thaitin sé sin leis na mná rialta ar ndóigh. Dá bhfaigheadh siad greim ort ag labhairt Béarla, bhainfí píosa trí pingine nó sé pingine mar fíneáil ort. Ní raibh mórán a’inn an t-am sin.

TREASA: Agus cén t-achar a d’fhan tú amuigh ar an scoil sa Spidéal ansin?

MARY: Bhí mé ann gur chríochnaigh mé an Ardteistiméireacht, thart ar aon bhliain déag uilig.

TREASA: Hm, agus an dtagtá abhaile go minic?

MARY: Faoi Nollaig, faoi Cháisc agus le h-aghaidh an tsamhraidh.

TREASA: Agus a’ mbíodh áthas ort a theacht, is dóigh go mbíodh agus do chairde uilig ag baile a fheiceáil aríst.

MARY: Bhuel, mar a deireadh mo mháthair, níor thaitin an scoil le Mary.(Gáire)

TREASA: (Gáire) Agus cén aois a bhí tú nuair a chríochnaigh tú an scoil?

MARY: Bhí mé ocht mbliana déag.

TREASA: Agus anois Mary, cérbh as t-athair agus do mháthair?

MARY: Bhuel rugadh agus tógadh m’athair Micheál Ó Conghaola i gCill Mhuirbhigh. Bhí cónaí air lena athair Micheál agus a mháthair Barbara i dteach ceann tuí.

TREASA: M hm.

MARY: Seachtar a bhí sa gclann, beirt iníon agus cúigear mac. Ba eisean an duine ba óige. Ba as Conamara a athair, Micil Sheáin Eoin, eh as ceantar na nOileáin silim.

TREASA: Hm.

MARY: Rugadh agus tógadh mó mháthair Máire Ní Ghoill i gCill Rónáin, Máire nó Mary Ann Gill a thugtaí uirthi i gcaitheamh a saoil.

TREASA: Hm.

MARY: Ba é Robert Gill a h-athair agus Barbara Flaherty Tony a máthair. Bhí seachtar sa gclann, triúr iníon agus ceathrar mac, sise an duine ba shine. Bhí a h-athair sa Náibhí mar saothar loinge

TREASA: Sea.

MARY: agus bhí sé ar an HMS JUNO. Ehm, bhí baint ag a mháthair Mary Ann McDonald leis na McDonalds as Glenco na hAlbáine.

TREASA: Dháiríre?

MARY: Yeah bhí, an-suimiúil.

TREASA: Nach ea anois, so is anall as sin a tháinig gaolta do, do mháthair ….

MARY: …. Sea, sea, bhí siad sa gcéad dhaonáireamh nuair a rinneadh é in 1821 in Árainn.

TREASA: Agus ar le Gaeilge nó le Béarla a tógadh thú agus an chlann?

MARY: Le Gaeilge. Ní raibh Béarla ar bith a’msa nuair a thosaigh mé ar scoil sa Spidéal ach phioc mé suas é de réir a chéile.

TREASA: Á sea (gáire)

MARY: Bhí Béarla ag mo mháthair ar ndóigh

TREASA: M hm

MARY: ó dhúchas agus bhí Béarla dhá labhairt ag baile ag na cuairteoirí.

MARY: Cé mhéad agaibh a bhí sa gclann?

TREASA: Ó bhí naonúr a’inne ann, seisear mac agus triúr iníon.

TREASA: Agus cén sórt obair a bhíodh ar siúl?

MARY: Bhíodh m’athair ag iascach sa gcurach, bhíodh sé freisin ag déanamh beagáinín feirmeoireacht, ag tiomáint an jaunt nó an trap.

TREASA: Sea, a mh’anam.

MARY: Ní bhfuair sé an dole riamh.

TREASA: Hm.

MARY: Ní raibh mó mháthair ach trí bliana déag nuair a bhásaigh a máthair féin. Dá bhrí sin bhí uirthi go leor obair a dhéanamh ag baile, ag tabhairt aire dhá h-athair agus dá cuid deirfiúracha agus deartháireacha go dtí gur phós sé athuair. Fuair sí scoláireacht nuair a bhí sí seacht mbliana déag g’aois le bliain a chaitheamh ar an scoil tíos, sa scoil tíos ar a’ gClochán.

TREASA: Hm.

MARY: Ansin chur sí fios ar foirmeacha le cur isteach ar traenáil banaltracht i Sasana. Idir an dá linn tháinig Robert Flaherty le scannán ‘ Man of Aran’ a dhéanamh. Ní raibh sé ach seachtain ar an oileán nuair a tháinig Pat Mullen, an stiúrthóir a bhí acu, ag mo mháthair, sa teach thoir sa mbaile aici i gCill Rónáin, ag fiafraigh de an ndéanfadh sí an cócaireacht do na Flahertys.

TREASA: Hm.

MARY: Dúirt sí go ndéanadh. Siar leob ar a’ jaunt lom láithreach go dtí an teach ar a dtugtar tigh Mhister Boggs inniu air. Thóg Mrs Flaherty amach an leabhar cócaireacht, ‘Fanny Farmer’ an t-ainm a bhí air agus thug sí cead a cinn de sa gcistineach. Tar éis seachtaine tháinig na foirmeacha as Sasana ach d’iarr Mrs Flaherty uirthi gan iad a líonadh isteach go dtí go mbeadh an scannán déanta.

TREASA: Hm.

MARY: Rinne sí amhlaidh, thóg an scannán bliain go leith ar ndú, bhí uaireanta fada uirthi.

TREASA: Tá mé cinnte.

MARY: Ó leath uair tar éis a ocht ar maidin go dtí an deich nó leath uair tar éis a’ deich san oíche agus fuair sí punt sa tseachtain ar sin. Casadh m’athair uirthi i gCill Mhuirbhigh agus phósadar mí Lúnasa 1933.

TREASA: Hm.

MARY: Fuair m’athair teach óna dheirfiúr Máire, bhí sí sin pósta thíos i gContae Thiobraid Árainn.

TREASA: Sea.

MARY: Bhí sé sheomra sa teach agus anois bhí rún acub cuairteoirí a choinneáil. Bhí leath chéad punt sábháilte ag mo mháthair, cheannaigh siad bó ar sin ach bhí orthub an féar a fháil ar cíos.

TREASA: Á.

MARY: Obair fíor chrua a bhí amach rompub anois. Bhí líon na gcuairteoirí ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

TREASA: M hm.

MARY: B’éigean an cócaireacht agus an bácáil a dhéanamh, le móin i rith an chogadh. Ní raibh aon uisce reatha na leictreachais ann i 1933.

TREASA: Hm.

MARY: D’éirigh, d’éireodh sí ag a trí ar maidin le bácáil a dhéanamh.

TREASA: Nárbh iontach an bhean í, bail ó Dhia uirthi.

MARY: Bhí cúnamh mhaith dár ndóigh, bhí daoine fostaithe againn i gcónaí idir cailíní agus buachaillí.

TREASA: Hm.

MARY: Tugadh naonúr againn ar an saol ó mí na Márta 1935 go dtí mí Eanáir 1951. Is iomaí uair a d’airigh mé mo sheanathair, sean Daideo, sean Daideo Twenty a thugtaí air….

TREASA: …. (Gáire) Sea ….

MARY: …. a’ rá “diabhal bean ar an domhan ar nós Mháire Gill”, ach nach aige a bhí an ceart.

TREASA: Bhí an ceart uilig aige.

MARY: B’iontach an bhean í go ndéana Dia grásta uirthi.

TREASA: Amen, agus bhunaidh do mháthair Bantracht na Tuaithe ar an oileán.

MARY: Bhunaidh, thug sí cuairt ar dtús ar an nGríanán agus ina dhiaidh sin bhunaidh sí brainse ar an oileán.

TREASA: Hm.

MARY: Tá sé sin anois ós cionn dhá scór bliain ó shin.

TREASA: Hm, so bhí tú féin ag éirí suas ansin agus go leor cuairteoirí sa teach, cén tionchar a bhí ag na cuairteoirí ar do shaol féin?

MARY: Bhuel, bhí gread comhluadar sa teach i gcónaí. Fiú amháin sa ngeimhridh bhíodh múinteoirí scoile ag fanacht.

TREASA: Hm.

MARY: Cuid acu, Máirín Lenane, Marian Burke, Fionnuala Hickey, fir solais agus jabairí ó am go chéile

TREASA: Á sea

MARY: agus an cúnamh a bhí fostaithe.

TREASA: Sea, a mh’anam.

MARY: Ní gnáth theaghlach a bhí againn ar chor ar bith, ach bhí sé thar a bheith suimiúil agus difriúil.

TREASA: Hm.

MARY: Chuir mé aithne ar líon mhór daoine ó áiteachaí éagsúla gon domhan. An aon ionadh go raibh an-suim a’m féin sa taisteal.

TREASA: Bhuel sin cinnte, sea. Agus bhíodh daoine as an oileán fostaithe agaibh, nó ag obair agaibh freisin?

MARY: Bhí duine as na h-oileáin, bhíodh dar anoir as na h-oileáin, Inis Meáin, Inis Oírr go mór mhór, ar fud na h-áite anseo.

TREASA: Sea, yeah.

MARY: B’iontach an dream oibre a bhí iontub, faoi, sa samhradh thiocfadh scoláirí

TREASA: M hm.

MARY: ó áit, áiteachaí éagsúla ….

TREASA: …. Sea ….

MARY: …. in Éirinn. Cuimhním bhíodh dar anuas as Béal Feirste ann, le dhul ag obair a’inn sa samhradh. Bhí sé an-suimiúil ar fad.

TREASA: Ar na cuairteoirí sin uilig a’ gcuimhníonn tú ar aon duine cáiliúil nó suimiúil a d’fhan sa teach?

MARY: Ar ndóigh is dóigh an duine is suimiúla agus is cáiliúla ná Breandán Ó Beachain.

TREASA: Ó sea.

MARY: Aornán de Blythe agus a bhean, bhí sé sin mar stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Maria Mooney, aisteoir ins an amharclann céanna. Bhí Edna O Brien agus a beirt mac, Carlos agus Sasha a’inn bliain amháin. Cearbhall Ó Dálaigh agus a bhean Máirín. Bhí sé sin mar Iar-Uachtarán na hÉireann. Ulla Leino, as an Fhionlainn.

TREASA: Ó cuimhním féin uirthi sin.

MARY: Sea eh, chaith sí sin bliain a’inn agus glacadh isteach í sa gcreideamh Caitliceach i rith na bliana sin.

TREASA: An mhaith.

MARY: Scríobh sí leabhar ina dhiaidh sin, ‘Duine den Dá Mhíle’, sin le rá go raibh sí ar dhuine gon dhá mhíle a d’iompaigh ina Caitliceach as an Fhionlainn.

TREASA: Á sea, yeah.

MARY: Na Cogleys, Mitchell, tráchtaire a bhí ansin agus Fred a mhac, tráchtaire cáiliúil é sin, spóirt de chuid RTE, Eamon Kelly agus a bhean Máirín, Des Kelly, Des Kenny agus a bhean Máirín, pearsantacht teilifíse.

TREASA: Sea.

MARY: Bhí dream a’ déanamh scannán ag an am, An Island Boy, Simon Weaver, Stuart Hedrington, Augustine Martin, Tony Barry agus Pat Baker. Bhíodh Mick Reynolds agus Enda Colleran ag fanacht a’inn, peileadóirí a bhí ar foireann na Gaillimhe a ghnua an Sam Maguire trí bliana i ndiaidh a chéile. Seán Beecher as Corcaigh

TREASA: Sea

MARY: ar ndóigh, na McGeeneys, bhí sé féin, Gerard, mar bhainisteoir ar Chontae na hIarmhí agus Contae Longfort. Bhí fir solais agus jabairí a’inn agus sagairt go leor, sagairt agus bráithre den ord Íosánach agus an t-athair Giblealain a cailleadh le gairid.

TREASA: Bhí Éireann ar fad ansin agaibh.

MARY: (Gáire) Bhí Éireann ar fad a’inn, sin dream as Éireann, bhí daoine nach iad as an chuid eile gon domhan.

TREASA: Bhuel bhí teach mór agaibh, cé mhéad seomra a bhí ann?

MARY: Ar dtús nuair a fuair dar an teach bhí sé sheomra ann. Ach bhíodh dar ag cur leis bliain i ndiaidh bliana go dtí go raibh sé ar deireadh, bhí ceithre cinn fhichid go sheomraí ann, dhá chistineach, dhá sheomra bia, seomra mór suí, seomra níochána, siopa grósaera, teach an phosta agus an stór taobh amuigh.

TREASA: Agus a’ mbíodh daoine a thagadh ar ais ar cuairt bliain i ndiaidh bliana agaibh?

MARY: Ó bhíodh go deimhin.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí cairdeas mór i measc na gcuairteoirí, nuair a chuirfeadh siad aithne ar a chéile dhéanfadh siad cine bualadh le chéile an bhliain dar gcionn

TREASA: Hm.

MARY: agus chuaigh sé sin ar aghaidh ar feadh blianta fada, agus bhí mo mháthair an-chairdiúil leis na cuairteoirí uilig i gcónaí, gcónaí. Bhí go leor acub mar charaí a’inn agus faoi Nollaig bhíodh sí ag léamh a gcuid cártaí agus a gcuid litreacha, a thiocfadh aici.

TREASA: An mbíodh an paidrín dhá rá agus na cuairteoirí i láthair?

MARY: Ó bhíodh cinnte, chuile oíche, agus ní amháin go mbíodh dar ag a’ bpaidrín ach bhíodh siad i láthair ag an Aifreann nuair a bhí Aifreann eh dhá léamh sa teach. Bhí cead Aifrinn a léamh sa teach nuair a bhíodh sagairt a’ fanacht agus eh go hiondúil ba é an seomra mór suí suíomh an Aifrinn.

TREASA: Ó sea.

MARY: Thiocfadh muintir an bhaile chuig an Aifreann freisin, bhí míle fáilte roimh chuile dhuine.

TREASA: Hm, agus lua tú ansin go raibh siopa agaibh, cén t-achar a bhí an siopa agaibh meas tú?

MARY: Suas is anuas le deich mbliana fichid.

TREASA: Deich mbliana fichid, agus cé na rudaí a bhíodh dhá dhíol agaibh ann, cén saghas earraí?

MARY: Tae, siúcra, bagún, im, arán, plúr, jam, brioscaí, milseáin, eh cannaí piseanna agus pónairí, tobac, píopaí cailce agus chuile rud mar sin.

TREASA: Ó na rudaí a theastaigh ag an am….

MARY: …. Go díreach ….

TREASA: …. rudaí simplí ach a raibh gá leo agus bhí eh stáisiún petrol agaibh freisin, a’ raibh sibh i bhfad a’ plé leis sin meas tú?

MARY: Ceathair nó cúig go bhlianta.

TREASA: Hm, agus ansin Ar ndóigh an posta, an cuimhneach leat cé mhéad bliain a bhí sé sin agaibh?

MARY: Tá mé a’ cheapadh go mb’fhéidir go raibh sé a’inn ar feadh chúig bhliana fhichid nó deich mbliana fichid.

TREASA: Hm, agus a’ raibh duine speisialta gon chlann i mbun oifig an phoist?

MARY: Á bhí Barbara eh ar feadh i bhfad, Ar ndóigh bhí mo mháthair í féin in ann é a dhéanamh agus mé féin ó am go chéile.

TREASA: Agus eh is dóigh go raibh aithne a’d ar an bhfear post a bhí ann ag an am.

MARY: Bhuel cuimhním ar Dara Nally ….

TREASA: …. Dara Nally ….

MARY: …. go maith agus Dara Mullen ar ndóigh.

TREASA: Agus chuala mé go mbíodh céilithe an-mhaith agaibh nuair a bhíodh na cuairteoirí agaibh sa samhradh, cá mbíodh na céilís seo agaibh?

MARY: Sa gcistineach, agus ar an tsráid taobh thoir sula tógadh an seomra mór suí nó an lounge mar ….

TREASA: Á sea ….

MARY: …. a thugadh muinn air.

TREASA: Agus cé a bhíodh ag casadh ceoil, ar duine áitiúil nó?

MARY: Vailín.

TREASA: Vailín Aindí, hm.

MARY: Go minic, leis an mileoidean.

TREASA: Leis an mileoidean, yeah.

MARY: Agus duine ar bith eile a bheadh ceol acu nó uirlis ceol acub, agus gramophone agus na ceirníní.

TREASA: Ó sea, agus a’ mbíodh mórán ceoil ar an oileán an t-am sin?

MARY: Ní bhíodh aon cheol sna pubanna, ní bhíodh iontub ach amhráin.

TREASA: Hm.

MARY: Ach bhíodh na céilithe plódaithe, go h-áirid Oíche Stiofáin agus Lá Pheadair ’s Pól.

TREASA: ’S Lá Pádraic.

MARY: Agus lá Pádraic.

TREASA: Agus a’ mbíodh cnámha nó spúnóga á n-úsáid le, ag na ceoltóirí?

MARY: Ní chuimhním go mbíodh.

TREASA: “___+” ach ehm sé an mileoidean Ar ndóigh an

MARY: Sé an mileoidean ….

TREASA: …. An rud ba tábhachtaí ….

MARY: …. go h-iondúil a bhí ann, sea.

TREASA: Agus an gceapann tú go raibh na damhsóirí ní b’fhearr fadó ná mar atá siad anois?

MARY: Ceapaim, i bhfad níos fearr.

TREASA: Cé, cé na damhsóirí maith a bhí ann le do linn féin?

MARY: Bhuel eh, damhs[óirí], damhsóirí ar an sean nós ar ndú, ar ndóigh.

TREASA: Sea.

MARY: Ní raibh an River Dance a’inn roimhe sin, an uair sin.

TREASA: Ní raibh.(gáire)

MARY: Mary Bhríd Rua agus Máire, Tom Pheaidí, Ethna Flemming, Marcus.

TREASA: Mac Pheaits Sheáin as Creig a’ Chéirín, ní chuimhníonn tú ar sin, an gcuimhníonn?

MARY: Beagán.

TREASA: Beagán, sea.

MARY: Beagán smaoineamh a’m air ach ní h-é an oiread sin é.

TREASA: B’fhéidir nach mbíodh sé a’ gabháil soir chomh fada le Cill Mhuirbhigh….

MARY: …. B’fhéidir, go díreach, go díreach.

TREASA: Eh, a’ mbíodh coimhlint mhór a’ measann tú idir na damhsóirí, idir damhsóirí áirithe?

MARY: Ní bhíodh aon chomórtas ann, ach théadh na damhsóirí amach ar aghaidh a chéile ….

TREASA: …. Ar aghaidh a chéile ….

MARY: …. go mór mhór nuair a d-aireoidh siad an ceol.

TREASA: Agus meas tú cár fhoghlaim daoine an damhnsa an t-am sin, meas tú ar ar an scoil nó, nó Giolla Chríost, chuala mé féin go mbíodh sé anseo a’ múnadh damhnsa, ní cuimhneach leat é sin?....

MARY: …. Ní cuimhin liom, ní cuimhin liom é sin ach ah sure bhí sé acub ó dhúchas i ndáiríre.

TREASA: Hm.

MARY: Dhá phiocadh suas ó chéile.

TREASA: Bhuel sin é é is dóigh, a’ gceapann tú go gcaithfeadh damhsa a bheith ins na cosa ag duine?

MARY: Ó gan dabht ar bith, agus gluaiseacht córach, nádúrtha ag an gcolainn.

TREASA: Hm.

MARY: É sin ag duine is féidir na céimeanna éagsúla a fhoghlaim.

TREASA: A fhoghlaim gan stró….

MARY: …. go h-éasca, yeah.

TREASA: Hm, meas tú a’ dtéadh damhsóirí áirid go dtí an mórthír ag ócáidí áirid mar shampla An Tóstal agus féilte eile a bhíodh ar siúl ar an mórthír an t-am sin?

MARY: Ní cheapainn é ach níl mé cinnte faoi sin.

TREASA: Sea, agus na timeanna seo anois, an mbíodh fir agus mná ag na timeannaí?

MARY: Ó bhíodh.

TREASA: Bhíodh, sean agus óg, is dóigh.

MARY: Sean ’s óg.

TREASA: Agus a’ mbíodh mná pósta ag na timeannaí?

MARY: Bhíodh, cén fáth nach mbeadh.

TREASA: Cén fáth, bhí sé chomh córa gon bhean bhocht í féin a bheith ann .…

MARY: …. Go díreach, go díreach.

TREASA: Agus cá mbíodh na damhnsaí, mar shampla a’ mbídís ar alley Chill Éinne nó alley .…?

MARY: …. Bhíodh agus ar alley Chill Mhuirbhigh agus freisin áit an- choitianta ar chéibh Phort Mhuirbhigh.

TREASA: Á.

MARY: Ag An Réalt, bhíodh dar sin iad féin thar cionn ag na damhsaí.

TREASA: Hm, agus a‘ mbíodh mná ag damhsa le chéile an t-am sin?

MARY: Ní cheapaim go mbíodh.

TREASA: Cén cineál damhsaí a bhíodh ann Mary, mar shampla a’ mbíodh Ballaí Luimnigh nó?

MARY: Briseadh na Carraige, Baint an Fhéir, Corr Beirte, Staicín Eorna, anHighland Fling, An Seit, Ionsaí na hInsí, ar ndóigh cár fhág tú an Waltz breá.

TREASA: M hm, nach ea, bhuel yeah bhí muid ag caint cheana ar, ar daoine a bhí go maith a’ damhnsa ar nós Tom Pheaidí mar a deir tú.

MARY: Go díreach, go díreach, Mac Pheaits Sheáin a dúirt tú féin, Mary Bhríd Rua agus a h-iníon Máire, Ethna Flemming ar an sean nós, go ndéana Dia grásta orthub sin uilig.

TREASA: Amen.

MARY: Agus Ar ndóigh tá Marcus [Ó Flaithearta] anois a’inn, agus a iníon Gráinne.

TREASA: Sea, go mba fada buan iad.

MARY: Amen, a Thiarna.

TREASA: Cé a roghnaíodh na damhnsaí, mar shampla arb é an ceolteoir?

MARY: An ceoltóir go h-iondúíl, ach ceapaim go mbíodh Coly Hernon sa halla dhá dhéanamh.

TREASA: M hm, mar fhear an tí cineál, an t-am sin.

MARY: Sea, go díreach.

TREASA: Yeah, chuala mé féin go, roimh mó linn féin go mbíodh fear an tí i gcónaí san halla

MARY: Hm.

TREASA: Agus ba bhreá an rud é sin.

MARY: Ó iontach ar fad.

TREASA: Agus an gceapann tú anois go bhfuil na damhnsaí caillte ag na daoine?

MARY: Déarfainn go bhfuil, cuid acub caillte.

TREASA: Hm.

MARY: Abair Baint an Fhéir, Caidhp an Chúil Aird agus

TREASA: Ó tháinig an disco seo isteach, is dóigh tá

MARY: Bhuel, tá anois a thugtar air disco céilí ach an bhfuil ’fhios a’d nach bhfaca mé riamh ceann acub ….

TREASA: …. Cé nach bhfaca? ….

MARY: …. Ní raibh mé riamh i láthair ag ceann acub.

TREASA: Caithfidh muid thú a thabhairt ag ceann anois.

MARY: Le cúnamh Dé, roimh a bheidh sé ró-dheireanach a? m.

TREASA: (Gáire) An mbíodh imirt chártaí sa teach agaibh i gCill Mhuirbhigh?

MARY: Á bhíodh, go mór mhór sa ngeimhridh.

TREASA: Agus céard a bhíodh á imirt agaibh?

MARY: Feoil, dá marófaí beithíoch, nó muc.

TREASA: Hm.

MARY: Agus ó am go chéile bhíodh bairillí pórtair.

TREASA: Ó.

MARY: Ach earraí as a’ siopa go mór mhór a bhíodh á imirt, tae, siúcra, im, bagún.

TREASA: Ní raibh i bhfad le dhul mar sin ….

MARY: …. Ní raibh go deimhin….

TREASA: …. le dhul ag iarraidh na n-earraí sin.(gáire)

MARY: Trasna an halla.

TREASA: Sin é an méid. A’ mbíodh daoine isteach ag cuartaíocht agaibh agus a’ dtagaidís i bhfad ó bhaile, ma bhíodh?

MARY: Ó bhíodar eh anoir as Cill Rónáin a’inn, Fearann an Choirce, Corruch, eh Gort na gCapall, muintir an bhaile, an Sruthán, Eoghanacht, Creig a’ Chéirín agus Bungabhla.

TREASA: By dad, agus go leor acu a’ siúl is dóigh an t-am sin sa oíche.

MARY: Ó sea, agus b’fhéidir corr rothar acub.

TREASA: Hm.

MARY: Thabharadh siad cúnamh sa ngeimhridh freisin ag déanamh rugs.

TREASA: An-deas.

MARY: Agus bhíodh tae nó arán donn, b’fhéidir cáca úll le fáil acub ag deireadh na h-oíche.

TREASA: Mmm!

MARY: Bhí an-spóirt a’inn.

TREASA: Ara bhí.

MARY: Ní raibh aon teilifís ann an uair sin ar ndú.

TREASA: “___+?

MARY: Tá na laethantaí sin imithe anois.

TREASA: Tá, tá na laethantaí sin imithe agus bhíodh an-chraic acu a’ bhfuil ’fhios a’d a’ déanamh na rudaí seo agus a’ caint agus a’ spraoi.

MARY: Ó, iontach ar fad.

TREASA: An raibh tithe lóistín eile ar an mbaile, nó ar an oileán ag an am sin, a Mhary?

MARY: Bhí Tigh Johnston nó mar a thugtar inniu air Teach Cill Mhuirbhigh, bhí eh Micil an Bhearaic, sin é Tigh Mhac Donncha.

TREASA: M hm.

MARY: Bhí Tigh Nan Mhaidhc Mhóir, bean Uí Iarnáin.

TREASA: Hm.

MARY: Tigh Mhary eh an Bhlaic, bean Uí Iarnáin.

TREASA: Cheithre coirnéil.

MARY: Cheithre coirnéil, Tigh Pheait Bheachlín, thoir eh, muintir Uí Fhlaithearta.

TREASA: Ó sea.

MARY: I gCill Rónáin bhí na Ganleys agus ina dhiaidh sin An Lios, eh Tigh St. Kevins agus Tigh St Brendans.

TREASA: Bhuel, bhreathnaigh sé go raibh tú féin ag baint an-taitneamh as do shaol go dtí seo, chuaigh tú ansin ag banaltracht, cá rinne tú do chuid traenála agus cén t-achar a thóg sé ort?

MARY: Eh, rinne mé mo chuid traenála in ospidéal Mhichil Naofa i nDún Laoghaire agus thóg sé trí bliana go leith orm, sin é an traenáil ginearálta a rinne mé.

TREASA: Agus cá ndeachaigh tú ag banaltracht ar dtús?

MARY: Chuaigh mé go Glasgow, san Albain le tuilleadh traenála a dhéanamh ar feadh bliana. Bhí mé ag déanamh cúrsa midwifery amuigh ansin. Chuaigh mé síos go Londain ansin ar feadh roinnt míosa. Chaith mé sé mhí i Luimneach, ospidéal St. Munchins. Chuaigh mé go Meiriceá faoi dhó ar feadh sé mhí chaon turas. Chuile shamhraidh d’fhill mé ar ais go Cill Mhuirbhigh le cúnamh a thabhairt go mo mháthair

TREASA: Ó sea.

MARY: sa siopa, agus ag plé leis na cuairteoirí. In Aibreán na bliana 1976 thug mé m’aghaidh ar Pháirc Mherlin na Gaillimhe, áit ar chaith mé naoi mbliana.

TREASA: So idir an dá linn ansin is dócha gur chaith tú bliain nó dhó ag baile mar d’oscail tú bialann beag a dtugtaí An Cuan air thoir ag eh, soir ó chéibh Phort Mhuirbhigh ansin. An cuimhneach leat, an n-inseoidh tú rud éicínt dom faoi sin?

MARY: Ó sea, bhuel ba linn an, an sean stór sin ar an gcé bheag agus eh thug mé féin An Cuan air.

TREASA: Hm.

MARY: D’oscail mé i samhraidh na bliana 1969

TREASA: M hm.

MARY: Agus chuile shamhraidh ina dhiaidh sin go dtí 1975.

TREASA: Agus ….

MARY: …. San oíche a bhíodh sé osclaithe.

TREASA: Cineál night club a bhí ann, nárbh ea.(gáire)

MARY: (Gáire) Níl ’fhios a’m faoi sin ach bhí sé an-fiúntúil nuair a dhúnadh na pubs.

TREASA: Á is cuimhin liom go maith é agus an t-anraith agus na ceapairí agus

MARY: Go díreach.

TREASA: an ceol agus ….

MARY: …. An ceol, sea bhí .…

TREASA: …. an damhnsa ….

MARY: … agus na hamhráin.

TREASA: Yeah, bhíodh sé thar cionn ann. Eh, gairid ina dhiaidh sin ansin thug tú t-aghaidh ar an Iaráic, nár thug agus ar an Arab Shadach nó Saudi Arabia?

MARY: Sea thug, chaith mé, chaith mé bliain amháin san Iaráic agus deich mbliana agus chúig mhí san Arab Shadach.

TREASA: Cén t-achar a thóg an turas ort a’ gabháil go dtí an Arab Shadach?

MARY: Sé nó seacht go uaire.

TREASA: Hm, agus cén fáth a ndeachaigh tú ann Mary?

MARY: Bhuel cheap mé go raibh sé in am dom dearcadh agus treoir nua a thabhairt orm féin

TREASA: M hm.

MARY: agus seal a chaitheamh thar lear. Fuair mé post ó chomhlacht Páirc, sin eh cuid Aer Lingus

TREASA: Sea.

MARY: … ag an am, san Iaráic ar dtús.

TREASA: Hm, agus cén chaoi ar éirigh leat thall?

MARY: D’éirigh go maith liom san Iaráic, bhí mé ag obair ar bharda renal transplant, bhí sé sin an-suimiúil ar fad.

TREASA: Hm, tá mé cinnte.

MARY: Thaitnigh na hothair go hiontach liom. Tar éis bliana chuaigh mé go dtí an Arab Shádach. Bhí mé ar foireann riarachán banaltracht ansin.

TREASA: Hm.

MARY: Fuair mé cheithre ardú céime an fhad is a bhí mé ann.

TREASA: Hm, thar cionn. Agus nuair a bhíteá ag scríobh abhaile anois, ar i mBéarla nó i nGaeilge a bhíteá ag scríobh?

MARY: Ó i mBéarla, cinnte.

TREASA: Agus an dtagtá anall ar saoire go minic?

MARY: Chuile bhliain ar feadh sé seachtainí i rith an tsamhraidh go hiondúil. Bhí dhá thuras an-bhrónach ar ais a’m.

TREASA: M hm, ó sea.

MARY: Nuair a tháinig mé ag sochraide m’athair

TREASA: Hm.

MARY: i 1986 agus aon mhí dhéag ina dhiaidh sin, bhí mo chroí briste ag tíocht ag sochraide mo dheirfiúr, Barbara

TREASA: Hm, tuigim.

MARY: Go ndéana Dia grásta orthub.

TREASA: Amen. Cén cineál saol a bhí a’d san Iaráic agus ina dhiaidh sin san, san Arab Shádach?

MARY: San Iaráic bhí an obair agus an saol beagán cosúil leis an saol anseo.

TREASA: Sea.

MARY: Ba Éireannaigh a bhformhór na dochtúirí agus na banaltraí. Bhí an caighdeán aire an-ard san ospidéal. Bhí cead againn ár gcreideamh a chleachtadh. Bhí Aifreann sa séipéal chuile Dhomhnach

TREASA: M hm.

MARY: agus lá saoire. Ní raibh gá le éadaigh speisialta a chaith. Bhí saol sóisialta againn ann.

TREASA: Sea.

MARY: San Arab Shádach bhí a mhalairt amhlaidh.

TREASA: M hm.

MARY: Ní raibh aon chead againn ár gcreideamh a chleachtadh. Bhí ar na mná cótaí fada, abaya, a chaitheamh ag dul amach agus a gcuid gruaige a chlúdach. Bhí daoine ó chuile cheard gon domhan san ospidéal ag obair le traenáil éagsúil ó chuile thír. Dá bhrí sin bhí sé deacair an caighdeán aire a ardú agus ansin bhí ort a bheith dícheallach agus faireach chun an caighdeán aire a choimeád ard.

TREASA: Ó sea.

MARY: Bhí mé ann i rith an Gulf War. Ní raibh muinn ach leath chéad míle ó theorann Khuwait.

TREASA: Sin é an méid?

MARY: Sin é an méid, an, an-ghair[id], ghairid dhó.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí arm Mheiriceá, na Fraince, Sasana, Syria, an Éigipt sa tír chun cúnamh. Bhí foireann leighis ón bPolainn agus tíortha eile nach é.

TREASA: M hm.

MARY: Tháinig foireann leigheas d’arm Mheiriceá, dochtúir agus banaltraí agus eile i gcóir linn san ospidéal chun an ullmhú a dhéanamh le haghaidh na taismí cogadh.

TREASA: Ó sea.

MARY: Nó na war casualties.

TREASA: Hm.

MARY: Ba shin naoi mí an-suimiúil agus an-spéisiúil ar fad. Ní raibh am againn a bheith faiteach ach caithfidh mé a rá go raibh an-ómós agam do na Meiriceánaí.

TREASA: Hm, yeah.

MARY: Tá mé i dteagmháil le cuid acub go dtí an lá atá inniu ann.

TREASA: Tá?

MARY: Tá.

TREASA: Bhuel bydad. Agus a’ bhfuair tú crua é dhul i gcleachtadh ar a gcuid dlíthe agus ar an saol ansin?

MARY: Ní bhfuair, thuig mé agus mé a’ gabháil ann go raibh an cultúr agus an creideamh an-difríocht.

TREASA: Sea.

MARY: Agus go raibh sé dian.

TREASA: Hm.

MARY: Agus go mhór mhór go na mná.

TREASA: Go na mná, sin a deirtear, yeah.

MARY: Bhí tacaíocht iontach i measc muintir an Iarthair.

TREASA: Hm.

MARY: Agus chabhraigh sé sin go mór agus in ainneoin a gcuid dlíthe

TREASA: Hm.

MARY: agus rialacha agus rialachán

TREASA: Yeah.

MARY: bhí oícheanta breá sóisialta againn, go hiondúil ar an deireadh seachtaine.

TREASA: Phébí cá bhfuil an tÉireannach déanfaidh sé iarracht é sin a bheith aige.

MARY: Amen a Thiarna.

TREASA: (Gáire) Ar fhoghlaim tú teanga na tíre sin, a Mhary?

MARY: Níor fhoghlaim go hoifigiúil.

TREASA: Hm.

MARY: Ach phioc mé suas roinnt focla. Eh, thuig me cuid mhaith agus iad a’ caint, go mhór mhór ag baint le obair na hospidéile.

TREASA: Agus cén chaoi a raibh an costas maireachtála ann?

MARY: Bhí greadadh nithe agus earraí le ceannacht ach tír costasach í an Arab Shádach.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí an ait cónaithe saor in aisce, an leictreachais

TREASA: Á.

MARY: agus an uisce reatha ach bhí an bia an-daor.

TREASA: Á.

MARY: San Iaráic bhí cogadh idir iad féin agus an Iran ag an am. Dá bhrí sin bhí go leor ganntanas ann go chuile shaghas rud.

TREASA: Sea. Agus cén bhliain ansin a tháinig tú ar ais go hÉirinn agus cén fáth a dtáinig tú ar ais?

MARY: Tháinig mé ar ais Deireadh Fómhar na bliana 1996. Nach raibh sé thar am a’m filleadh ar ais théis a bheith thar lear ó mí Bealtaine na bliana 1985.

TREASA: (Gáire).

MARY: Bhí mo mháthair i dteach banaltrachta agus bhí sé de rún agam aire a thabhairt di sa mbaile.

TREASA: Á tá ’fhios a’m.

MARY: Ach faraor níor éirigh liom é sin a dhéanamh. Tá aiféala agus díomá orm faoi sin.

TREASA: Hm, a’ mbeadh sé ar intinn a’d a theacht ar ais go dtí an t-oileán amach anseo agus maireachtáil ann?

MARY: Bhuel tá mo theach anseo ar ndóigh agus tagaim go minic faoi láthair agus caitheann mé mo chuid saoire anseo.

TREASA: M hm.

MARY: Tar éis dom éirí as obair tá sé go rún a’m formhór mo chuid ama a chaith ar an oileán.

TREASA: A chaith ar an oileán. Á “__+” ….

MARY: …. Ma fhágann Dia an tsláinte a’m.

TREASA: Le cúnamh Dé. Anois a’ gabháil siar cúpla bliain a Mhary, an cuimhneach leat nuair a bhua tú féin agus triúr eile an Sweep agus cén chaoi ar tharla sé go raibh an ticéad sin agaibh?

MARY: Nach maith a chuimhnigh tú ar sin.

TREASA: Bhuel cuimhním air, níl sé chomh fada sin siar ar bhealach, is dóigh.

MARY: 1969 silim.

TREASA: Arb ea?

MARY: Sea.

TREASA: 69, hm.

MARY: Bhí mé sa mbaile ag an am, bhí mo mháthair agus mé féin sa siopa, is dóigh gur Dé hAoine a bhí ann.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí h Winnie Sheáin Mhéiní, bean Uí Iarnáin as Gort na gCapall agus Mary Tom Mhóir, bean Uí Fhlaithearta as Bungabhla….

TREASA: …. Bungabhla hm.

MARY: sa siopa ag an am ag tógáil a bpinsin agus a gcuid earraí

TREASA: Hm.

MARY: agus tháinig bean Uí Iarnáin nó Mary Pheait Mhaidhcilín as Cill Mhuirbhigh isteach agus deir sí “breathnaigh tá an leabhar ticéid sweep anseo a’m

TREASA: M hm.

MARY: agus tá ticéad amháin fágthaí sa leabhar, cé agaibh a cheannóidhs é”

TREASA: Sea

MARY: agus dúirt mo mháthair “breathnaigh, cuir síos ainm an cheathrar a’inn” agus sin é a tharla.

TREASA: M hm.

MARY: Agus eh níor choinnigh muinn, níor chuimhnigh muinn níos mó air.

TREASA: Hm.

MARY: Ach tharraing muinn an capall, an ‘Persian War

TREASA: Hm!

MARY: Agus eh capall an-mhaith í agus ghnóthaigh sí an rása, ach ansin céard a tharla, ní fhéadfadh Winnie an ticéad a fháil.

TREASA: Ná habair. (Gáire)

MARY: Bhí, ní raibh ’fhios aici beo céard a rinne sí leis an ticéad.

TREASA: Ó nár bhocht é.

MARY: Ach ar deire fuair sí é

TREASA: Hm.

MARY: caite sa mála siopa a bhíodh aici.

TREASA: Sea.

MARY: Agus tá mé ag ceapadh go b’í Mary Tom Mhóir a thug an t-ainm ar an gcapall, thug sí ainm nua ar an gcapall ‘Puirsín Lán’

TREASA: (Gáire) Puirsín Lán

MARY: in ait an ‘Persian War

TREASA: (Gáire) Ó nach maith a chuimhnigh sí air.

Bhuel a’ mbíodh aon bhaint a’d le drámaí, a Mhary, ar scoil nó in Árainn?

MARY: Nuair a bhí mé ar scoil i gColáiste an Chroí Mhuire, an Spidéal, ba scoil mhór le drámaí í ag an am.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí an-suim ag an tSiúr Alby i ndrámaí agus bhí sí ina léiritheoir ar na drámaí uilig.

TREASA: Hm.

MARY: Bhí mé féin go rí mhinic ins na drámaí, b’fhéidir chuile cheann acub.

TREASA: Hm.

MARY: Bhíodh Barbara í féin iontub agus aisteoir an-nádúrtha a bhí i mBarbara i gcónaí.

TREASA: Ó sea.

MARY: Chuireadh muid ar bun iad chuile bhliain thart ar am Nollaig ar stáitse Choláiste Chonnachta go dtí go raibh halla feiliúnach ag an scoil iad féin.

TREASA: Sea.

MARY: Ansin, thabharfadh muinn go dtí Taibhdhearc na Gaillimhe iad le haghaidh Féile Drámaíochta Scoile.

TREASA: Suimiúil.

MARY: Is cuimhin liom féin a bheith ar an stáitse in Amharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath.

TREASA: Ó i ndáiríre?

MARY: I bhféile náisiúnta drámaíochta leis an dráma ‘An Buachaill Tuaithe’. Eh, tháinig muid sa ceathrú ait silim, in Éirinn.

TREASA: An-mhaith.

MARY: Léirigh mé féin an dráma céanna ina dhiaidh sin i halla Rónáin anseo in Árainn.

TREASA: In Árainn?

MARY: In Árainn, bhí Barbara mo dheirfiúr ann, Colm Ó Conghaile as Cill Rónáin.

TREASA: Hm.

MARY: Tomás Ó hIarnáin as Fearann an Choirce.

TREASA: Sea.

MARY: Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta a bhfuil aithne ag chuile dhuine air.

TREASA: Sea. (gáire)

MARY: Christine Mac Donncha as Cill Rónáin agus Catherine Ní Mhaoláin….

TREASA: …. As an Sruthán?....

MARY: .… as an Sruthán, díreach trasna an bhóthair uaim féin.

TREASA: An deas.

MARY: Rinne na haisteoirí an-jab dhe.

TREASA: Hm.

MARY: Agus bhí sé molta.

TREASA: Go maith a mh’anam, yeah. An gceapann tú go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach ó thaobh cultúr an oileáin?

MARY: Ó gan dabht, is í an Ghaeilge cultúr an oileáin, ma chailltear an Ghaeilge caillfear an t-oileán.

TREASA: Tá an ceart a’d ansin, tá mé ag ceapadh anois, agus a’ bhfuil an Ghaeilge á labhairt níos lú an gceapann tú ná mar a bhí sí blianta ó shin ar an oileán?

MARY: Tá, tríd is tríd níos lú, ach ansin arís in áiteachaí tá athbheochan ag tarlú.

TREASA: Hm.

MARY: Agus tá Gaillimh le Gaeilge a’ déanamh sár obair

TREASA: Hm.

MARY: agus fiú amháin an tseachtain seo in eagrán Galway Advertiser tá leagan, leathanach speisialta acub leagthaí amach don Ghaeilge

TREASA: Don Ghaeilge?

MARY: agus Lár Sráide an t-ainm atá air chomh fada le mo bharúil.

TREASA: Hm, an gceapann tú go bhfuil náire a’ baint le labhairt na Gaeilge?

MARY: Ní cheapaim go bhfuil go mór mhór sa lá atá inniu ann, b’fhéidir go raibh blianta ó shin nuair a dhéanfaí ceap mhagadh go Ghaeilgeoirí i roinnt siopaí i nGaillimh ’s áiteachaí eile.

TREASA: Sea.

MARY: Ach i ndáiríre ceapaim go bhfuil sé cineál faiseanta nó cool anois mar a deirtear, a bheith ag labhairt na Gaeilge.

TREASA: Á labhairt. Céard a cheapann tú faoi dhaoine a thagann abhaile tar éis a bheith ar imirce agus iad a’ labhairt Béarla, nó a deireann go bhfuil dearmad déanta acub ar a’ nGaeilge?

MARY: An féidir dearmad a dhéanamh ar theanga ar bith. B’fhéidir go n-imíonn sé i léig cheall cleachta muna bhfuil an duine ag labhairt go rí mhinic

TREASA: M hm.

MARY: ach dár liomsa dearmad sealadach é sin.

TREASA: Yeah.

MARY: Ach ní chaillfidh aon duine riamh an grá gon Ghaeilge.

TREASA: An gceapann tú go bhfuil an Ghaeilge deacair a fhoghlaim mar theanga le hais Béarla.

MARY: Níl sé tada níos deacra ná aon teanga eile, tá daoine ann a bhfuil féith acu le teangacha.

TREASA: Hm.

MARY: Agus tá a thuille nach bhfuil.

TREASA: Sea.

MARY: Ach leis an fhirinne a rá má tá suim faoi leith ag duine sa teanga, sin leath na h-oibre.

TREASA: Sin é é. Agus céard a cheapann tú faoi úsáid focla Béarla sa, i labhairt na Gaeilge mar shampla bicycle, dentist?

MARY: Ritheann sé go nádúrtha leis an gcomhrá agus le líofacht na cainte.

TREASA: Hm.

MARY: Níl aon dochar ann ceapaim féin ach gan a dhul thar fóir ar fad leis.

TREASA: Sin é agus mar a bhfuil tú eh a’ caint ar an gcaoi sin anois bhuel ní as an nGaeltacht thú i ndáiríre, nach shin é é?

MARY: Sin é é go díreach, go díreach. (Gáire)

TREASA: Céard a cheapann tú faoin gcaighdeán Gaeilge atá ag aos óg an lae inniu?

MARY: Bhuel an aos óg atá ar eolas a’m féin agus a thaitníonn leo a bheith ag labhairt na Gaeilge, tá caighdeán an-ard acu.

TREASA: M hm.

MARY: Níl ’fhios a’m faoi an aos óg go ginearálta, ní féidir liom labhairt faoi sin.

TREASA: M hm.

MARY: Ach bheinn ag súil le caighdeán mhaith sna ceantair Gaeltachta.

TREASA: Agus céard a cheapann tú faoi na focla nua atá a’ teacht isteach sa teanga, focla cosúil le todhchaí?

MARY: Bhuel níl ’fhios a’m cé chomh nua-aimseartha agus atá an focal todhchaí

TREASA: M hm.

MARY: Tá an focal sin sa gcéad eagrán i bhfoclóir De Bhaldraithe i 1959.

TREASA: Ó tá sé a’ gabháil siar píosa mar sin.

MARY: Tá, sin ós cionn dhá scór bliain.

TREASA: Hm.

MARY: Tá an iomarca téarmaí teicniúla ag tíocht isteach sa nGaeilge dár liom.

TREASA: Hm, yeah agus an gceapann tú go raibh nó go bhfuil aon tionchar ag Radio na Gaeltachta agus TG4 ar a’ nGaeilge?

MARY: Tá cinnte, tionchar mór ag an dá chóras go h-áirithe Radio na Gaeltachta.

TREASA: Hm.

MARY: Tá siadsan a’ déanamh sár oibre i rith na blianta ar fad. Is iomaí duine a bhíonns ag éisteacht leis an, chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus Ar ndóigh tá líon féachana TG4 ag méadú.

TREASA: Ag méadú, yeah. A’ bhfuil tábhacht a’ baint leis an ngramadach, an gceapann tú, a Mhary?

MARY: Ó tá go háirithe sna briathra.

TREASA: Hm.

MARY: Na haimsir ceart a úsáid, gan iad a mheascadh suas.

TREASA: Hm. Nuair a fhágann daoine an t-oileán a’ gabháil go Gaillimh nó Meiriceá nó Sasana, an n-úsáideann siad an Ghaeilge b’fhéidir níos mó ná mar a úsáideann siad sa mbaile í?

MARY: Ehm, is maith leo an Gaeilge a úsáid aon seans a fhaigheann siad.

TREASA: Hm.

MARY: Tugann sé sin stádas dóibh mar imircí rud nár cuireadh aon suim ann ag baile.

TREASA: Yeah, m hm. Now a’ gcuimhníonn tú ar an Athair Stiofán?

MARY: Óch

TREASA: (Gáire)

MARY: Cuimhním go maith.

TREASA: Cén chuimhne atá agat air?

MARY: Fear naofa, spioradálta ab ea an tAthair Stiofán. Bhí an-tionchar aige ar an gclann uilig go mór mhór ó thaobh scolaíocht agus ár slí beatha.

TREASA: Hm.

MARY: Thug sé an-tacaíocht dúinn. Thiocadh sé ar saoire uair sa mbliain agus choinneoidh sé suas an teagmháil sin i rith na bliana.

TREASA: Hm.

MARY: Fear cineálta, spraíúil a bhí ann agus bhí an-mheas a’m féin air agus an-ómós a’m dhó.

TREASA: Hm, bhuel anois sin é an méid anois Mary, tá an-phíosa go deo cainte déanta ansin a’d agus tá mé fíor bhuíoch díot agus go raibh míle, míle maith a’d.

MARY: Tá míle fáilte romhat Teresa.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.