Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00026

Taifeadadh
BBAF.00026
Formáid
MiniDisc
Fad
01:10:48
Dáta
27 Nollaig 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Póilín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoirí
Alice Mhic Giolla Phóil
Máirín Uí Choncheanainn
Eolas cartlainne
MD 34A Alice Mhic Giolla Phóil agus Máirín Uí Choncheannain. Baile; Gort na gCapall; Iascaireachta; Obair Mhná; Bia; Siopa; Óige Alice; Scoil; Oide; Moloney [Ó Maoldhomhnaigh]; Creideamh; Ranganna Oíche; Ag Cócaireacht; Ag Taisteal; Piseoga; Nósanna Nollag.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00026
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MAEVE: Is mise Maeve Uí Fhlaithearta. Tá mé anseo in Ionad Pobail Fhearann an Choirce ar an seachtú lá fichid de mí na Nollag 2001. Anseo in éineacht liom tá Máirín Concannon, Alice Powell, Barbara Uí Chonaill agus Póilín Uí Fhlaithearta. Tá Póilín chun labhairt le Alice agus Máirín faoin saol agus iad ag fás suas i nGort na gCapall agus go háirithe faoin cuimhne atá acu ar a n-uncail, an scríbhneoir cáiliúil Liam Ó Flaithearta. Póilín.

PÓILÍN: Go raibh maith agat, a Mhaeve. Dia dhaoibh a Mháirín agus a Alice

MÁIRÍN: Dia ’s Muire dhuit.

ALICE: Dia ’s Muire dhuit féin

PÓILÍN: Ba mhaith liom mo fáilte agus mo bhuíochas a chur le fáilte dhaoibh. Bhuel a Alice agus a Mháirín, is col ceathrachaí sibh.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, sea

PÓILÍN: Agus ba as Gort na gCapall iad bhur máthaireachaí go ndéana Dia grásta orthub. Cén áit i nGort na gCapall a raibh cónaí orthub?

MÁIRÍN: Bhuel …

ALICE: San teach bán slinne a bhfuil, nach bhfuil Máirtín Mac Donncha anois ann?

PÓILÍN: Agus an b’é an chaoi gur thóg Maidhc Mhicil an teach sin?

ALICE: Bhuel teach tuí a bhí ar dtús ann agus ansin chuir dar ceann air, a’ bhfuil ’fhios a’d, ceann slinne.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Agus is ann, meas tú a’ raibh an slinn air nuair a bhí na gasúir ann? Ní cheapaim go raibh.

MÁIRÍN: Nuair a rinne …

ALICE: Nuair a bhí dar beag mar a déarfá.

MÁIRÍN: Ó is dóigh na’ raibh. Ní raibh, ní raibh. Bhí sé ann nuair a, nuair a bhí muide

ALICE: Sea, sea.

MÁIRÍN: Bhí sé ann nuair a bhí muide beag.

ALICE: Sea, sea.

PÓILÍN: A’ b’shin é an chaoi. Agus a’ raibh mórán tithe ceann slinne i nGort na gCapall nuair a bhí sibhse a’ fás suas?

MÁIRÍN: Ceann …

ALICE: Péire.

MÁIRÍN: Péire.

ALICE: Ceann “__?.

MÁIRÍN: Ceann le Dan Pheaits.

PÓILÍN: An ea?

MÁIRÍN: Bhuel Peaits Mhicil Phádraic.

ALICE: Sea, ba deartháir é féin agus Maidhc Mhicil Phádraic.

MÁIRÍN: Ó an ea.

ALICE: Daideo, sea

PÓILÍN: Agus ceann tuí a bhí ar na tithe eile, an ea?

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, timpeall, tá mé a’ ceapadh go raibh sé, sé theach déag a bhí i nGort na gCapall agus ba, ba ceann tuí uilig iad, ach péire.

PÓILÍN: Agus arb é teach Antoine Mháirtín an teach ba fhaide soir ar an mbaile nuair a bhí sibhse óg?

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ba dhea.

MÁIRÍN: Ba dhea.

PÓILÍN: Agus ag teacht anoir ó theach Antoine Mháirtín, cérbh iad na tithe eile a bhí ar an mbaile?

ALICE: Bhí tí Mhartin, Martin Bhrian Beag.

MÁIRÍN: Bhrian Beag, yeah.

ALICE: Agus tí Antoinín Stoney, ar an taobh sin agus bhí tí Phaidí Mhéiní ar an taobh ó thuaidh gon bhóthar.

MÁIRÍN: Agus cé bhí ó dheas, bhí duine ó dheas an gcuimhníonn tú? Ní chuimhním ….

ALICE: Antoinín Stoney

MÁIRÍN: Ar ó dheas .…?

ALICE: …. Bhí an dá theach sin greamaithe dhá chéile, sea.

MÁIRÍN: Oh yes, sin iad atá mé a’ cuimhneamh…

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Sin iad a bhíodh Delia a’ rá a’ bhfuil ’s a’d nuair nach mbíodh … bhfuil ’fhios a’d cloig acu, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís ag obair.

ALICE: Ó Máirín ní shin é an teach é….

MÁIRÍN: …. Ní shin é an teach é, cé nach shin é….

ALICE: Ní shin é an teach é, a’ bhfuil ’fhios a’d anois, bhí ansin ó dheas, bhí tí Antoine, bhí tí Johnny Shéamaisín, taobh anoir ansin, sin é an áit a bhfuil na Fitzpatricks anois, tá ’fhios a’d. Sea, agus ó dheas ansin ….

MÁIRÍN: …. Sin iad atá mise a’ cuimhneamh .…

ALICE: …. Sin é atá tusa a’ caint air. Bhíodh dhá theach eile a bhí greamaithe dhá chéile, tí Mhicilín Pháid.

MÁIRÍN: Á sea, Micilín Pháid agus ….

PÓILÍN: …. Mary Mhicilín, an ea?

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Sea agus tí Bhriain Beag, tí Bhriain Beag. Briain Ó Direáin a bhí air....

PÓILÍN: …. Á right.

ALICE: Ach Brian Beag a thugaidís air.

PÓILÍN: Sea, Tomás Bhriain Beag, nach ea, sea, sin é an fear céanna nach ea?

ALICE: Sea. Ar an taobh anoir de sin aríst bhí tí Mhaidhc Choilm.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Tí Mhaidhc Choilm. Tá ’fhios a’d.

PÓILÍN: Ó sin athair Micil, Micil Choilm.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, go díreach.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Agus ansin taobh ….

MÁIRÍN: …. ó dheas.

ALICE: Bhí Seán Antoine, taobh anoir agus ansin bhí bóithrín a’ gabháil suas ansin le taobh tí Sheáin Antoine, a’ bhfuil ’fhios a’d an bóithrín? Tá sé ann i gcónaí is dóigh, a’ gabháil suas na gcrag.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus ar an taobh “__” gon bóithrín bhí tí Pheter O’Brien ….

MÁIRÍN: …. Peter O’ Brien.

PÓILÍN: Ó right.

ALICE: Sea, muintir Bharbara.[Bairbre Uí Chonaill, gariníon Peter O’ Brien a bhí ins an seomra in éineacht le Alice agus Máirín faid a bhí an agallamh seo ar siúl]

PÓILÍN: Tí Gróidín a bhíodh siad a thabhairt ar sin....

ALICE: …. Bhuel sea, tí Cháit Ghróidín a thugaidís air….

MÁIRÍN: …. Cáit Ghróidín….

ALICE: Cuimhnímse go maith ar Cháit Ghróidín.

MÁIRÍN: Cuimhnímse uirthi freisin, bhíodh muid siar ann….

ALICE: …. Bhí sí go hálainn.

MÁIRÍN: Á bhí sí an-deas.

ALICE: Bhí gruaig chomh catach uirthi.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: An mbíodh, bail ó Dhia uirthi, go deas..

MÁIRÍN: Yeah bhí sí go hálainn, bhíodh sí ina suí ag an tine, tine mhór .

ALICE: Taobh thiar ansin bhí tí

MÁIRÍN: Tí Tight.

ALICE: Sea, muintir Antoine Bhrian.

PÓILÍN: Antoine Bhrian, right.

ALICE: Antoine Bhrian, sin iad muintir s’agaibhse.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: An ceann ba faide siar, nach é.

ALICE: No.

MÁIRÍN: Cé….

ALICE: ….Túna Sheán Bhrian. Bhí tí Túna Sheán Bhrian taobh thoir, taobh thiar aríst…

PÓILÍN: …. Túna Sheán Bhrian?

ALICE: Sin é, tá ’fhios a’d Pádraic Túna.

PÓILÍN: Ó tá ’fhios a’m, sea, sea agus Nonie, sea.

ALICE: Agus Nonie, that’s right.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Bhuel ansin bhí an bóithrín a’ gabháil siar an bealach sin ansin so a’ gabháil aniar aríst ansin bhí tí Sheáin Mhéiní. Bhí teach eile ann freisin a Mháirín, tí Mhary Séile. An gcuimhníonn tusa ar Mary Séile?....

MÁIRÍN: …. Cuimhním uirthi, Mary Séile….

ALICE: …. Beainín bheag as Conamara a bhí inti.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Mary Séile, bhídís a’ rá gur as Conamara í.

PÓILÍN: A’b shin iníon Micilín Séirín? Ní hí?

ALICE: No ní raibh, bhí siad sin, bhí beirt mhac aici – Seáinín agus Beachla.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Ó right.

ALICE: Beachla Séile, sea agus

MÁIRÍN: Bádh Beachla.

PÓILÍN: Ar bádh?

ALICE: Seáinín a bádh.

MÁIRÍN: Seáinín, agus céard a d’éirigh go Bheachla?

ALICE: Cailleadh é.

PÓILÍN: Ab ea?

ALICE: Is dóigh (gáire) níl ’fhios a’m.

PÓILÍN: Agus bhí tí Bhreathnaigh ann freisin, bhí Seán a’ rá liom, áit na Walshes, Walshes.

ALICE: Tí Bhreathnaigh?

PÓILÍN: An cuimhním [libh] tí Bhreathnaigh.

MÁIRÍN: Cén t-ainm a bhí ar deartháir le, é sin a bhí pósta ag, i mBaile na Creige, na Seán Bhríd, nach raibh deartháir leis sin …

ALICE: Ó Martinín Bhríd, bhí sé sin ina chónaí taobh thiar go tí Dan, go tí Pheaits Mhicil.

PÓILÍN: Ó sea, Dan Pheaits, Ar ndóigh bhí

ALICE: Ar labhair muid ar tí Sheáin Mhéiní?

MÁIRÍN: Labhair, yeah.

PÓILÍN: Tí Sheáin Mhéiní, sea. Sin an áit atá Beachla agus Winnie….

ALICE: …. Sea, Beachla agus Winnie, an taobh seo go tí Séile. Bhí sé sin, níl ’fhios a’msa nach raibh sé greamaithe go tí Séíle freisin.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Ach ansin bhí tí Pheaits Mhicil ó thuaidh dhe sin, an áit a bhfuil Maeve seo thall.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Taobh thiar ansin uilig bhí tí Mhartinín Bhríd, Tom Antoine. Bríd Tom Antoine, sean bhean a bhí inti.

PÓILÍN: Go maith

ALICE: Agus bhí Martinín, seod é Martinín anois a bhí muid a’ caint air.

PÓILÍN: Ó Martinín Bhríd, righ, right agus bhí na Peadair ar an mbaile an t-am sin

ALICE: Bhuel Ar ndóigh sin é tí Mhartin Bhrian Beag.

PÓILÍN: Ó right….

ALICE: …. Tí Pheadar Mhicil, a’ dtuigeann tú. Sea, tí Pheadar Mhicil agus sé ’n chaoi ar phós Agnes Pheadair Martin Bhrian Beag agus tháinig sé sin anuas ón teach, tí Bhrian Beag. ’See.

PÓILÍN: Arb shin é an chaoi a raibh sé?

ALICE: Sin é an chaoi a raibh sé agus chuaigh sé isteach.

PÓILÍN: Go maith, go maith.

MÁIRÍN: Alice (gáire) tá ’fhios a’dsa chuile rud faoi sin.

PÓILÍN: So mar sin bhí….

ALICE: …. Bhí mé sách fada a’ breathnú orthub.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: A’ b’shin é an chaoi?(gáire) So bhí, bhí roinnt comhluadair ar an mbaile nuair a bhí sibh óg nach bhfuil ann inniu mar sin?

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Ach bhí go leor ann roimhe sin nach bhfaca muide.

MÁIRÍN: Bhí

ALICE: Bhí go leor tithe eile ann a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhí tí Mhileadh Dick ann agus eh, nach raibh?

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Tí Mhileadh Dick agus tí Ghairibhín agus go leor sean tithe eile nach bhfaca muide riamh iad.

PÓILÍN: Go breá.

ALICE: Agus tí, bhí fear eile thoir ar an ard, Naughton a bhí air.

MÁIRÍN: Ó (ionadh ar Mháirín) ní chuimhnímse air.

ALICE: Séamus Ó Neachtain

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: a thugaidís air.

MÁIRÍN: Cérbh leis é?

ALICE: Níl ’fhios a’m beo cé leis a bhí gaol aige ná tada.

MÁIRÍN: Shílfeá gurbh aisteach

ALICE: Naughton a bhí air anyway mar bhí sé thoir, síos ó tí Mhaggie Bhaba, síos trasna an bhóthair, ar chreig a bhí ansin, bhí píosa gon sean teach sin ansin. Tí Séamus Ó Neachtain.

PÓILÍN: Go raibh maith agaibh. Bhuel tá suim a’m fáil amach cérbh iad na daoine le linn bhur n-óige a mbíodh scileanna speisialta acub. Tá mé a’ cuimhneamh ar a leithéide seo – an scéalaí ab fhearr, an t-amhránaí ab fhearr, a’ bhfuil ’fhios a’d, an damhsóir ab fhearr, an fear ab fhearr le curachaí a dhéanamh, an t-iascaire ab fhearr, an táilliúir, céard iad na gabha, an cineál sin eolas le bhur dtoil.

ALICE: Bhuel bhíodar uilig ina n-iascairí.

MÁIRÍN: (Gáire) Agus bhíodar uilig go maith.

ALICE: Agus bhíodar uilig go maith ag an iascach, an-mhaith mar chaithfidh tú a bheith an-chliste le theacht isteach i bPort Bhéal an Dún le curach.

PÓILÍN: Sin é an áit a mbíodh siad ag teacht isteach?

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bhuel le iascach áirid, cineál áirid iascach.

PÓILÍN: Agus cén, cén cineál iascach a bhíodh siad a’ déanamh ansin ag Port Bhéal an Dún?

ALICE: Ag Port Bhéal an Dún, ballachaí agus mangachaí is dóigh. Ballachaí go háirid.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Sea, go deas.

ALICE: Ach ag an am, síos Port Mhuirbhigh ansin a théidís leis na ronnachaí, ag iascach ronnachaí. Bhíodh chuile bhád, curach amach ansin.

PÓILÍN: Agus cé chomh fada agus a bhíodh siad a’ gabháil amach ar a’ bhfarraige?

ALICE: Théidís amach písín, a ní théidís ró-fhada amach ach bhí sé an-deacair theacht isteach ann mar bhí clocha, tá ’fhios a’d Port Bhéal an Dún, na clocha. Chaithfidís fanacht go dtí go mbeadh an, an [Máirín agus Alice ag caint le chéile] fharraige ag leibhéal áirid agus ansin chaithfidís ritheadh isteach leis an gcurach agus bheadh

fir ar na clocha go mbéarfaidís orthub, mar ní raibh aon áit ceart le theacht ann.

PÓILÍN: Mhm, tá ’fhios a’m.

ALICE: So bhíodar thar a bheith

MÁIRÍN: Oilte.

ALICE: Oilte ar sin tá mé a’ rá leat.

PÓILÍN: Bhí.

ALICE: Bhí

PÓILÍN: Is dócha scil a bhíodh athair a mhúnadh dá chlann mac?.

ALICE: Go díreach, is dóigh go raibh daoine níos fearr ná a chéile.

PÓILÍN: Agus, is dóigh go deimhin.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Agus a’ bhfuil cuimhne ar bith agaibh ar aon tubaiste mhór a’ tarlú le linn bhur n-óige? Ar bádh aon duine an bealach sin?

MÁIRÍN: No, no.

ALICE: Níor bádh duine ar bith i nGort na gCapall, i bPort Bhéal an Dún.

PÓILÍN: Is deas é sin. Go maith, go maith.

ALICE: Agus bhí scéal eicínt ag, ag Liam

MÁIRÍN: Ó sea, faoi ghasúir a chuaigh ….

ALICE: …. É féin…

MÁIRÍN: “__+”….

ALICE: …agus Dan, chuadar amach sa gcurach agus tá ’fhios a’d na, bhuel is dóigh na’ raibh dar an-mhór, níl ’ a’m ….

MÁIRÍN: …. Bheidís a’ gabháil ag a’ scoil.

ALICE: B’fhéidir dó dhéag nó trí déag.

PÓILÍN: Agus céard a tharla?

ALICE: Thug siad leob curach.

MÁIRÍN: Agus chuadar amach (Gáire)

ALICE: Agus chuadar amach, i Port Bhéal a’ Dún?.

MÁIRÍN: Sea, Port Bhéal a’ Dún.

ALICE: Sin a rinneadar sin. Agus tá mé ag ceapadh anois an dá athair ag an am na’ raibh dar an-mhór le chéile.

MÁIRÍN: (Gáire) Á is dóigh.

PÓILÍN: Coinnígí oraibh ag inseacht anois (gáire)

ALICE: Ach fuair siad mór le chéile an tóiméad sin nuair a bhí an dá mhac ar iarraidh….

PÓILÍN: …. Ar a’ bhfarraige, right….

MÁIRÍN: “___+? ….

ALICE: …. agus chuadar amach rompub le curach eile. Chuadar amach, thugadar curach eile leob agus chuadar amach in éineacht ag na gasúir. Ach thug dar isteach slán iad.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ach is dóigh go raibh an baile uilig cruinnithe ann. Bhí.

MÁIRÍN: Ó is dóigh go raibh.

ALICE: Ó bhí, bhí. Ach nuair a bhíodh na curachaí ann, Ar ndóigh a’ gcuimhnínn tusa a Mháirín nuair a bhíodh na curachaí a’ gabháil isteach, bhíodh muid uilig thiar.

MÁIRÍN: Ó ’s Ar ndóigh bhíodh (gáire).

ALICE: Go bhfeicfeadh muid iad ag beirt ar an gcurach agus á tabhairt isteach (gáire) Bhí sé, bhí sé an-suimiúil.

PÓILÍN: Bhíodh sé ina action.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Agus nuair a bhíodh na daoine ag tabhairt curach ó Phort Bhéal an Dúin go dtí Port Mhuirbhigh, cén chaoi a dtugaidís síos an churach?

ALICE: Ach Ar ndóigh ní thugadh.

PÓILÍN: Ní thugadh.

ALICE: Ní thugadh, bhí curachaí thuas agus bhí curachaí eile thíos.

PÓILÍN: ’B shin é an chaoi. Á right.

ALICE: Thíos i bPort Mhuirbhigh bheadh curachaí ceathrar.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bheadh ceathrar inti agus thuas, triúr.

MÁIRÍN: Triúr.

ALICE: Curachaí ….

PÓILÍN: …. Agus cén fáth é sin, meas tú?

ALICE: Bhuel is dóigh go raibh sí níos éasca [Máirín ag caint sa chúlra] a thabhairt isteach, bhí sí beag, curach triúr, ní bheadh inti ach triúr fir agus bhí sí níos éasca í a thabhairt isteach. Bhí sí éadrom. Ach an curach mór a bhíodh thíos i bPort Mhuirbhigh, an bhfuil ‘fhios a’d, curach ceathrar...

MÁIRÍN: Bhí sé níos éasca.

ALICE: Bheadh ceathrar fir inti agus bhí sí an-mhór, místuama.

PÓILÍN: Agus ní bhíodh na mná a’ gabháil amach ar a’ bhfarraige an t-am sin?

MÁIRÍN: Ó ní bhíodh.

PÓILÍN: Cén fáth sin?

ALICE: Cá mbeidís a’ gabháil (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí siad sin istigh agus iad a’ glanadh an t-iasc agus a’ níochán an t-iasc agus ag cur caoi air.

PÓILÍN: Agus cén chaoi a mbíodh siad ag cur caoi ar an iasc anois?

MÁIRÍN: Ag cur salann air

ALICE: Ó

MÁIRÍN: Ag cuir salann air.

ALICE: Dhá n-oscailt, dhá scoilteadh.

MÁIRÍN: Dhá scoilteadh.

ALICE: Agus á n-oscailt….

MÁIRÍN: …. Dhá nglanadh amach….

ALICE: …. agus á nglanadh amach….

MÁIRÍN: …. Agus dhá níochán….

ALICE: …. agus á níochán.

MÁIRÍN: Agus iad a chuir i

ALICE: Bairille.

MÁIRÍN: Salann.

ALICE: Salann agus síos i mbairillí, pocáil. Céard a bhíodh, bhíodh mílte acub, mílte éisc.

PÓILÍN: A’ mbíodh? A’ mbíodh?

MÁIRÍN: Bhídís caite ar an tsráid.

PÓILÍN: Nach ea, go deas.

ALICE: Uisce, a’ tarraingt uisce ón tobar

MÁIRÍN: Yeah, ón Sruthlán.

ALICE: Bhíodh an-obair acub.

PÓILÍN: Bhíodh siad coinnithe ag imeacht. Cé, cén tobar a bhíodh na mná as Gort na gCapall a’ gabháil aige an t-am sin?

MÁIRÍN: An Sruthlán.

ALICE: An Sruthlán. Chaithfeá a ghabháil síos ar an aill.

MÁIRÍN: Meas tú an mbíonn aon ’uine a’ gabháil ann anois?

ALICE: Á ní bhíonn.

MÁIRÍN: Ní bhíonn.

ALICE: Thaitneoidh liom a ghabháil síos ann.

MÁIRÍN: Thaitneoidh liomsa freisin mar bhíodh muid i gcónaí ….

ALICE: …. Bhíodh muid i gcónaí ag ríoch (rith) síos an bhuaile ansin. Bhíodh an-spraoi a’inn.

PÓILÍN: Go deas.

ALICE: Bhí an Sruthlán go hálainn. Bhí tobar eile ansin faoin mbaile, nach bhfuil ansin, san Loch, nó an dtugann sibh an Loch i gcónaí air.


PÓILÍN: Tugann muid Lochán air ach ní bhíonn siad a’ tarraingt uisce as anois, tá mé a’ ceapadh nach mbíonn. “__+” ….

ALICE: …. A no, níor caitheadh an t-uisce riamh ach le níochán.

MÁIRÍN: A’ mbíodh muide a’ tabhairt an Dug air nó rud eicínt?

ALICE: Ó tá an Dug taobh thíos aríst, taobh thíos go tí Mhicil Choilm.

MÁIRÍN: Sea, ó sin é an áit a bhfuil sé. Agus bhíodh clocha, d’fhéadfá siúl ….

ALICE: …. D’fheadfá siúl ar na clocha, bhí sé sin go hálainn.

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Thaitníodh sé sin linn.

PÓILÍN: Thaitnimh sé sin libh.

ALICE: Agus bhíodh muid a’ gabháil aníos an Chnagaire.

PÓILÍN: Ó right.

ALICE: A’ bhfuil ’fhios a’d aníos, thiocfá aníos an áit a bhfuil teach Pádraic Dirrane agus Maggie, tá ’fhios a’d Pádraic Pheadair….

PÓILÍN: …. Tá ’fhios a’m, tá ’fhios a’m Pádraic Pheadair, sea.

ALICE: Bhí bóithrín suas ansin….

PÓILÍN: …. Tá sé ann i gcónaí, nach bhfuil….

MÁIRÍN: …. Ar taobh na láimhe deise ….

ALICE: …. Ó tá is dóigh….

MÁIRÍN: …. Suas na creigeannaí.

ALICE: Suas na creigeannaí .

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: ’S a’ baint sú salann agus a’ baint bláthannaí beaga agus chuile shóirt.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith. Agus na buicéid a bhíodh acub a’ tarraingt uisce an t-am sin, an buicéid stáin a bhíodh acub?....

ALICE: Bhíodh, bhíodh ancairt, rud a dtugaidís ancairt...

PÓILÍN: Céard é ancairt?

ALICE: Ó ní fhaca tusa aon ancairt.

PÓILÍN: Ní fhaca.

ALICE: Is, bhí sé déanta as adhmad. A Mhaighdean, bhíodh chúig ghalún a’ gabháil ann.

PÓILÍN: A’ dtéadh?

ALICE: Adhmad.

PÓILÍN: Agus cén chaoi a n-iompródh sé sin, siad é sin ón .…?

MÁIRÍN: …. Ar a ndroim.

ALICE: Ar a ndroim.

PÓILÍN: Ar a ndroim.

ALICE: Bhí rópa ….

PÓILÍN: …. Na mná?

ALICE: Na mná, yeah na mná.

PÓILÍN: Nach raibh siad iontach, Bail ó Dhia orthub.

ALICE: Adhmad a bhí ansin agus bhídís a’ tarraingt uisce ag beithígh agus ag chuile shóirt leob sin.

PÓILÍN: Bhíodh.

ALICE: Nach ea, na créatúir.

PÓILÍN: Agus a’ mbíodh bróga úrleathar ar na mná an t-am sin, nó céard a bhíodh ar a gcosa?

ALICE: Muise…

MÁIRÍN: Ní chuimhním, is dóigh go mbíodh, ní chuimhním.

ALICE: Is dóigh go mbíodh.

MÁIRÍN: Bhíodh siad ar na fir mar bhíodh sé níos éasca dóibh….

ALICE: …. Bhuel Ar ndóigh chaithfidís a bheith ar na fir, a’ gabháil isteach i gcurach, ní fhéadfá bróga tairní a bheith ort a’ gabháil isteach i gcurach.

PÓILÍN: Ní fhéadfadh, ní fhéadfadh.

ALICE: Á no, no.

PÓILÍN: Ní fhéadfadh.

ALICE: Bheadh sé contúirteach.

MÁIRÍN: Bhí sé níos éasca siúl ar na clocha….

ALICE: …. Bhí sé níos éasca siúl….

MÁIRÍN: …agus chuile rud, ní sciorrfá

ALICE: Yeah, bhí.


PÓILÍN: Agus bhí sibh ag caint ansin faoi obair na mná ansin, na mban ansin agus an t-uisce, agus an mbíodh uisce faoi leith acub le h-aghaidh na béiltí agus uisce eile le h-aghaidh níochán?

MÁIRÍN: Ó uisce ón Sruthlán ….

ALICE: …. Uisce ón Sruthlán le cócaireacht….

MÁIRÍN: …. Len tae agus….

ALICE …. Le cócaireacht agus len tae agus le chuile shórt agus uisce aníos as an loch le níochán.

PÓILÍN: Agus cé chomh minic agus a bhíodh siad ag níochán éadach an t-am sin? An mbíodh lá speisialta nó chuile lá beo?

ALICE: Chuile lá beo….

MÁIRÍN: …. Bhuel arnú is dóigh chuile lá mar ….

ALICE: …. Nuair a thagadh na fir sin isteach ón iascach bhíodar lán le feamainn, le píosaí a’ bhfuil ’fhios a’d rudaí a thaganns go iasc agus gainimh.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: So chaithfí iad sin, thugaidís síos ag a’ loch na héadaí sin, nach dtugadh a Mháirín agus bhí ….

MÁIRÍN: …. Sea agus bhíodh, cén t-ainm a bhí air?

ALICE: Slis.

MÁIRÍN: Slis.

PÓILÍN: Céard é an slis?

ALICE: Píosa adhmad é.

MÁIRÍN: Leis an t-uisce a bhaint astub.

PÓILÍN: “___+?

ALICE: “___+?

PÓILÍN: Ní bhíodh aon phúdar níochán an t-am sin, arnú ní bhíodh, an mbíodh gallaoireach acub?....

MÁIRÍN: …. Sunlight soap….

PÓILÍN: Sunlight soap.

ALICE: Sunlight soap, sea a mhaisce.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: An lascadh a bhfaighidh siad.

MÁIRÍN: Cuimhním an rud a bhíodh scríofa air, ar na packageachaí.

ALICE: Céard a bhíodh air?

PÓILÍN: Ceard a bhíodh air?

MÁIRÍN: Why does a woman grow older sooner than a man ….

ALICE: …. Than a man.

MÁIRÍN: Because they don’t use Sunlight Soap (gáire)

ALICE: Sunlight soap (gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Agus chreid sibh é sin, ar chreid? Agus an mbíodh siad ag crochadh éadach amuigh ar an líne nó an mbeadh siad ar ….

ALICE: …. Ar a’ gclaí….

MÁIRÍN: …. Ar a’ gclaí ….

PÓILÍN: Ar an gclaí. Caith sé gur thóg sé píosa deas ar éadach trom triomú amach.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: No bheadh an ghaoth a’ gabháil thríd.

PÓILÍN: “___+”

ALICE: Bhí an ghaoth a’ gabháil thríd an gclaí.

PÓILÍN: Bhíodh, ó ceart go leor.

ALICE: Ó bhíodh, ní bhíodh siad i bhfad a’ choir a’ bith.

PÓILÍN: Agus ansin bhíodh siad á gcrochadh ós cionn na tine ansin, an mbíodh?

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m a’ mbeadh. “__+”

PÓILÍN: …. An mbíodh cineál ruaig trasna na tine nó cén chaoi .…

ALICE: …. Bheadh ós cionn ….

MÁIRÍN: …. Sea. “___+”

ALICE: “___+” Sreang a thugaidís ar sin, nach ea a Mháirín.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Agus bheadh, bheadh éadach ar a’ gciotal agus bheadh éadach ar a’ bpota agus bheadh éadach ar a’ gcroch….

PÓILÍN: …. Éadach chuile áit a d’fhéadfaidís.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Ar chuile shóirt. (Gáire)

PÓILÍN: Go maith. Agus bhí sibh ag caint ar ball faoi na curachaí agus feicim thiar bealach Phort Bhéal an Dúin, faoi láthair feiceann tú lorg an tarra ar na leacrachaí….

ALICE: …. Ó sea….

MÁIRÍN: …. Sea.

PÓILÍN: Cé chomh minic agus a mbíodh gá le tarra a chur ar na curachaí?

MÁIRÍN: Bhuel is dóigh nuair a bheadh ….

ALICE: …. Uair sa mbliain.

PÓILÍN: A’b shin é an méid, uair sa mbliain?

ALICE: Cheapainn é, cheapainn uair sa mbliain.

PÓILÍN: Ba, ba jab mór é is dóigh é a dhéanamh nó cé a bhíodh á dhéanamh nó an mbíodh chuile dhuine a’ breathnú i ndiaidh a cheann féin?....

ALICE: …. A’ bhfuil ’fhios a’d, mb’fhéidir go mbeadh sé ina jab mór anois ach ní raibh sé ina, ní tada jab nuair a chaithfeas tú é a dhéanamh….

MÁIRÍN: ….Nuair a chaithfeas tú é a dhéanamh….

PÓILÍN: …. Nuair a chaithfeas tú é a dhéanamh.

ALICE: Nuair a bhéas cleachta a’d ar é a dhéanamh.

PÓILÍN: Agus cá mbíodh siad a’ fáil an tarra? Cé….?

ALICE: …. An tarra? Ó cheannófá é. As Gaillimh is dóigh.

PÓILÍN: As Gaillimh.

ALICE: Chaithfidís é a bhruith, tá ’fhios a’m go mbídís ag bruith an tarra.

MÁIRÍN: An tarra, yeah.

ALICE: Dhéanaidís tine amuigh agus bhruithidís an tarra i bpota mór millteach.

MÁIRÍN: Pota mór millteach, sea.

PÓILÍN: Bhíodh sé sin contúirteach ar ndú, nach mbíodh tarra ….

MÁIRÍN: …. (Gáire) Bhuel is dóigh go gcoinneoidís na gasúir amach uaidh.

PÓILÍN: Ó choinneoidís is dóigh….

ALICE: …. Ó choinneoidh.

PÓILÍN: Is fíor duit. So sin go breá, so iascairí agus iascairí maith a bhí sna daoine an t-am sin….

ALICE: …. Ó bhí siad togha….

MÁIRÍN: …. Agus bhí siad thar cionn mar feilméaraí freisin.

ALICE: Bhí mar feilméaraí, bhíodar go maith le chuile shóirt i nGort na gCapall.

MÁIRÍN: Mar (gáire) I mean [nuair a] chuirfidís garraí fataí, d’aithneofá gur as Gort na gCapall ….

ALICE: …. Bhuel d’aithneofá, d’aithneofá an garraí….

MÁIRÍN: …. Bheadh sé chomh díreach….

ALICE: …a bheadh curtha acub.

PÓILÍN: A’ mbíodh, an mbíodh siad chomh díreach, an mbíodh, an mbíodh …?

ALICE: …. Bhíodh an talamh go maith acub freisin, a Mháirín….

PÓILÍN: …. Bhí an talamh go maith acub?

ALICE: Bhí an talamh go maith síos ….

MÁIRÍN: …. Bhí ….

ALICE: …. tá ’fhios a’d síos na Muirbhigh ’s suas ansin idir ceann an bhóthair anois agus an baile.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: “___+” agus bhíodh talamh maith ansin.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Cé na glasraí eile a bhíodh siad a chur chomh maith le fataí. Céard eile a bhíodh siad a chur?

MÁIRÍN: Cabáiste ’s ….

ALICE: …. Cabáiste, oinniúin.

MÁIRÍN: Oinniúin.

ALICE: Oinniúin, tornapaí.

MÁIRÍN: Tornapaí.

ALICE: So bhíodh glasraí maith ….

PÓILÍN: So bhí, bhí, bhíodh neart bia folláin agaibh mar sin.

MÁIRÍN: Ó bhí.

ALICE: Bhí.

PÓILÍN: An gcuimhníonn sibh ar na béilte a bhíodh agaibh nuair a bhí sibh óg mar sin, le bhur dtoil?

MÁIRÍN: God.

PÓILÍN: Tosóidh muid amach b’fhéidir leis an mbricfeasta agus a ghabháil tríd ansin. Céard a bhíodh agaibh don bhricfeasta ….?

MÁIRÍN: …. Á bhuel is dóigh bheadh ….

ALICE: …. Sin iad na beilte a bhíodh troid fúthub. Bhíodh na cairéidí, a Thiarna nuair a thagainnse ón scoil, chaithfinn ó, bhíodh an, céard a bhíodh a’inn?

MÁIRÍN: Fataí.

ALICE: Fataí.

MÁIRÍN: Fataí agus b’fhéidir gcabáiste agus ….

ALICE: …. Fataí agus im agus carrots, á stop, cairéidí.

PÓILÍN: Ar thaitnigh na cairéidí leat?

ALICE: Ó no.

PÓILÍN: Níor thaitnigh.

ALICE: Thaitneoidís liom gan iad a bheith bruite, úr, amh ach....

PÓILÍN: …. Ó right, amh. Ó bíonn siad blasta mar sin….

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: “___+”, bhí tú a’ gabháil …. (gáire)

PÓILÍN: …. Bhí tú ag, bhí sí ag leagan orthub, an mbíodh (gáire), na cairéidí. Thaitnigh siad, thaitnigh na cairéidí leat amh mar sin.

ALICE: Amh, ach bruite, bhínn a’ breathnú, déarfainn go mbínn dhá uair a’ chloig a’ breathnú ar an bpláta (gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí sean bhean ansin, máthair Mhairtinín Bhríd, ní raibh aon bhó acub, ag am áirid bhí dlí, bhí dlí ar bun, nach ea?

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bhí Pádraic agus Mairtinín i dlí faoin talamh.

MÁIRÍN: Sea….

ALICE: …. Sin deartháir a bhí i mBaile na Creige aige.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Agus b’éigean dóibh na beithígh uilig a dhíol creidim, an talamh a ghlanadh amach a’ bhfuil ’fhios a’d chuns a bheadh an dlí ar bun, so ní raibh aon bhainne acub, ach bhí bainne a’inne ins an teach ….

MÁIRÍN: …. Sea….

ALICE: .… agus nuair a thiocfainn ón scoil bheadh an dinnéar ré ach, “tá mé”, “tá mé cinnte” a deireann le mo mháthair “nach bhfuil aon deoir bhainne thiar ag Bríd”.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d cén jug a bhíodh a’m a’ gabháil siar leis an mbainne ach tá ’fhios a’d an gilt jug mór álainn sin a bhí ann.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Sin é an jug agus bhí rós mór air an tosaigh.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Agus théann siar ag Bríd Tom Antoine agus an créatúr bhí sí cromta anuas anois, doubled anuas mar seo agus maide beag bídeach aici agus í a’ déanamh obair a’ tí…

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus bhíodh cáca, tá ’fhios a’d, ba ghearr le pancake, flather a thugadh muide air….

MÁIRÍN: …. Á flather.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Flather.

ALICE: Cáca tanaí ….

PÓILÍN: …. Cáca tanaí….

ALICE: …. Ar an, ar an ….

PÓILÍN: …. pan.

ALICE: Ar an grideall.

MÁIRÍN: Sea, bhí sé go hálainn.

ALICE: Pancake a deirimse (gáire) Bhí siad chomh tiubh sin.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Agus bhíodh sé te agus “go anall anseo a’m a dhreabhairín” agus shuíonn síos ar stóilín, ní raibh an stóilín chomh h-ard seo, bhí sé sách ard ag Bríd ach bhinse mo shuí síos ar an stóilín…

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: …agus tine mhór thíos. Agus ghearradh sí ceathrú gon

MÁIRÍN: Flather.

ALICE: flather agus chuireadh sí an oiread seo im air , im baile agus glaic mhór mhillteach siúcra.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Siúcra.

MÁIRÍN: Agus Ar ndóigh ní bheadh dúil i do dhinnéar a’d ….

ALICE: …. Agus shuínnse síos, shuíonn síos ansin agus d’íosfainn chuile bhlas beo dhe sin so nuair a ghabhainn abhaile ní raibh mé in ann tada a ithe, ní raibh mé in ann dinnéar a ithe.

PÓILÍN: (Gáire) Chreidinn thú.

ALICE: Stop. Sin é anois agus bhí, bhí, bhí drisiúir álainn ag Bríd. Bhí sé lán leis na gilt jugs seo, tá ’fhios a’d, tá ’fhios a’d na gilt jugs?

PÓILÍN: Chonaic mé cúpla ceann ins na sean tithe ceart go leor.

ALICE: Sea.

ALICE: Bhí muigíní aici, bhí jugannaí móra, bhí jugannaí beaga, bhí chuile chineál ar an drisiúr sin agus bhínn i mo shuí síos “Bríd tabharfaidh tú dhom é sin nuair a bhéas tú sean, tabharfaidh tú dhom an juigín sin” “Tabharfaidh mé múis a leanna”

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ní fhaca mise an juigín riamh.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire).

MÁIRÍN: Meas tú cá ndeachaigh dar?

ALICE: D’airigh (mé) gur bhris Dainín iad, gur bhris sé le cloch iad.

PÓILÍN: Á, níor bhris?

ALICE: Dúirt siad go b’shin é a rinne Dainín, gur chaith sé síos i scailp iad. B’fhéidir go mbeadh ’fhios ag Maeve é, níl ’fhios a’m. Deir siad gur b’shin a rinne sé leis na soithigh a bhí ar an drisiúr, iad a chur síos i scailp agus na clocha síos ina mullach.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

PÓILÍN: An ndearna?

ALICE: Agus na soithigh álainn a bhí ar na drisiúir sin.

MÁIRÍN: Yeah bhíodh siad go hálainn.

ALICE: Bhí soithigh álainn tí Bhrian Beag freisin.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Is dóigh go bhfuil siad ann i gcónaí.

PÓILÍN: Agus caithfidh sé gur chosain na soithigh dheasa seo, caithfidh sé gur chosain siad pingin mhaith, like cén chaoi go mbíodh sé ….

ALICE: …. Nach ea….

PÓILÍN: .… ar a gcumas ag na daoiní .…

ALICE: …. Nach ea.

PÓILÍN: …. iad a chéannacht?....

ALICE: …. A’ bhfuil ’fhios a’d na, na plátaí móra ….

PÓILÍN: …. Tá ’fhios a’m iad….

MÁIRÍN: …. Ó bhí siad sin ins chuile theach.

ALICE: Bhuel bhí sé sin go ghnás, trí cinn díobh sin a bheith ar chuile dhrisiúr. Bhí spás sa drisiúr lena n-aghaidh. Bheadh an trí phláta mór sin ann.

PÓILÍN: Right.

ALICE: An Willow Pattern.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea agus ansin bhíodh, bhíodh rudaí álainn, muigíní ….

MÁIRÍN: …. Muigíní.

PÓILÍN: Agus juigíní.

MÁIRÍN: Agus bhíodh jam le fáil fadó i sóirt …

ALICE: …. Jugs, jam, sea.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Agus bhfaighfeá i sóirt muigíní beaga iad mar cuimhním bhíodh siad...

ALICE: Agus bheadh jam i jugannaí freisin.

PÓILÍN: Hm, hm.

MÁIRÍN: I juigíní beaga.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Sin é an chaoi a gceannóidís jam.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Tá ceann díobh sin tí Johnny Túna fós.

MÁIRÍN: A’ bhfuil?

ALICE: Ceann go na jugannaí sin. Agus deireadh Bríd gur, gur jam a bhí ann.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Anois, go maith, go maith.

MÁIRÍN: Mar cuimhním orthub sin.

PÓILÍN: So ní, ní bhíodh plátaí stáin ag, ag na gasúir, cuir i gcás anois nuair a bhíodh na gasúir beag agus gan mórán tuiscint acub faoi aire a thabhairt go na soithigh. Céard a bhíodh ag na gasúir?....

MÁIRÍN: …. Ní raibh a leithéid go rud ann.

ALICE: Plátaí.

PÓILÍN: Plátaí, plátaí maith?

ALICE: Plátaí stáin, ní raibh.

MÁIRÍN: Ní raibh, no.

ALICE: Enamel (gáire), bhíodh enamel ann.

PÓILÍN: Sin é é an enamel, sea.

ALICE: Ach níl ’fhios a’m a’ mbíodh aon phlátaí.

MÁIRÍN: Ní bhíodh,

ALICE: Ach bhíodh saucepans.

PÓILÍN: An mbíodh?

MÁIRÍN: Agus muigíní.

ALICE: Agus muigíní, agus saucepan áirid a ghabhadh ag bleán an bhó.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ba shin é saucepan an bhó.

PÓILÍN: Go maith, céard faoi sceana, an mbíodh sceana….?

ALICE: …. Ó bhíodh sceana agus ….

MÁIRÍN: …. Bhíodh neart sceana.

PÓILÍN: Bhíodh.

ALICE: Ó bhí neart go chuile shórt mar sin ann, bhí.

PÓILÍN: Ar bhraith sibh go raibh airgead gann nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: (Gáire) Ní ….

ALICE: …. Ní fhaca muide airgead a’ bith.

MÁIRÍN: (Gáire) Níor cheap muid. Níor cheap muid tada, níor chuimhnigh muide ar airgead.

ALICE: An gcuimhníonn tú bhfaighfeá sé pingine a’ gabháil Cill Rónáin?

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú nuair a thug eh, Pádraig a thug leathchoróin, an chéad uair a chuaigh sé a’ múnadh.

ALICE: Pádraig Concannon.[Gaol le Máirín agus Alice]

MÁIRÍN: Pádraig Concannon, thug sé leathchoróin dhúinn, gon triúr a’inn, tusa, mise agus chuaigh muid síos ag mamó, shóinseáil muid é go bhfaigheadh muid tríocha pingin.

ALICE: Tríocha pingin, pingineacha is maith an, bhain muid leath bhliain as an tríocha pingin sin.

MÁIRÍN: Níl ’fhios céard a bhfaighfeá ar phingin an t-am sin.

PÓILÍN: Nach ea.

MÁIRÍN: Tá mise a’ ceapadh go bhfaighfeá dhá cheann déag go mhilseáin ar phingin.

PÓILÍN: Cén áit a mbíodh sibh ag fáil na milseáin? Cén, cén áit a mbíodh an siopa an t-am sin?

MÁIRÍN: Ag an áit ….

ALICE: …. Ag mamó, an áit a bhfuil Emer. (Emer, iníon Mháirín atá ag maireachtáil ins an teach inár tógadh Máirín i bhFearann a’ Choirce)

MÁIRÍN: An áit a bhfuil ….

PÓILÍN: …. Bhíodh siopa ansin, a' mbíodh?

ALICE: Ó bhí siopa mór millteach ansin ag mamó Mháirín.

MÁIRÍN: Bhuel níl 'fhios a’m….

ALICE: …. Kate Fleming.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Sin é an áit a tháinig muide nuair a cailleadh mo mháthair.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Sea, b’fhéidir go n-inseoidh tú dhúinn faoi sin a Mháirín, le do thoil. Agnes an t-ainm a bhí ar do mháthair, nach ea.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Go ndéana Dia grásta uirthi. Ar mhiste leat beagáinín a inseach dúinn le do thoil faoi, faoi do mhama. Cailleadh go h-óg í, nár cailleadh

MÁIRÍN: Cailleadh, ní raibh sí ach fiche 's trí.

PÓILÍN: Fiche 's trí nuair a cailleadh í.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Céard a bhí uirthi?

MÁIRÍN: Eitinn, nach ea?

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Eitinn a bhí ar chuile dhuine, an t-am sin.

ALICE: Duine ar bith a cailleadh go h-óg an t-am sin, sin a bhí orthub.

PÓILÍN: Yeah.

MÁIRÍN: Agus m’aint eile ansin, Louise

ALICE: Ó sea.

MÁIRÍN: Cara mór le mo mháthair.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Dreabhar [deirfiúr] le m’athair, cailleadh í sin

ALICE: Louise Fleming, agus, cailleadh ceathrar acub, nach ea, agus ba comrádachaí ag a’ scoil iad, Louise agus duine go na Seán a’ Creiges - Molly Sheáin….

MÁIRÍN …. Ó Molly Sheáin a’ Creige….

ALICE: …a’ Creige, dreabhar le, aint anois go John Chreig, go sean John Chreig.

PÓILÍN: M hm.

ALICE: Agus

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m cé í an duine eile?


ALICE: Duine go na Beachla Sheáins.

MÁIRÍN: Oh that’s right.

ALICE: Bhí, cailleadh Mary Bheachla Sheáin agus Catherine.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sí Mary silim a cailleadh an t-am sin. Ach cailleadh an ceathrar, laethanaí ….

MÁIRÍN: …. I ndiaidh a chéile.

ALICE: Sea, chuir dar scéala mar a déarfá, chuaigh scéala ag a chéile.

PÓILÍN: Nárbh uafásach an rud é sin.

MÁIRÍN: Ocht déag …

ALICE: Ocht déag agus naoi déag.

PÓILÍN: Yeah, nach uafásach é sin.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Yeah, tá sé an-uafásach.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Tá, tá.

MÁIRÍN: Cuimhním, bhuel ní mórán cuimhne ….

ALICE: …. Ní mórán cuimhne ….

MÁIRÍN: …. Just go gcuimhním ar, is dóigh go bé an lá a cuireadh í, gur … is dóigh go bé Dan, Dan Pheaits ….

ALICE: …. Sea….

MÁIRÍN: .… a bhí á tabhairt ag an reilig.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Agus cuimhním gur thug deartháir, cén t-ainm a bhí air, Pat, deartháir le Nóra Choilm, Nóra Mhicilín.

ALICE: Ó Pat Mhicilín.

MÁIRÍN: Is dóigh go b’shin é a fágadh istigh ag breathnú i mo dhiaidh sa.

ALICE: Ó a’ breathnú i do dhiaidh, sea.

MÁIRÍN: Bhí Éinne thíos i bhFearann ’a Choirce of course roimhe sin.

ALICE: Bhí Éinne fanaí i bhFearann ‘a Choirce, tá ’fhios a’m é sin.

MÁIRÍN: Agus chuir sé suas ar an mbord, bhí bord taobh amuigh mar sin é an áit ….

ALICE: …. Sea.

MÁIRÍN: …. a d’fhágadh siad an conradh.

PÓILÍN: Taobh amuigh gon teach.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Agus chuir sé ina sheasamh suas ar an mbord mé agus chonaic mé an oiread seo daoine agus carr Dan a’ gabháil síos, ach Ar ndóigh ní raibh ’fhios a’msa...

ALICE: Ach ní raibh ‘fhios a’d beo cá raibh dar a’ gabháil

MÁIRÍN: Ní raibh ’fhios, ní inseoidh dís tada, bhuel ní raibh mé ach cheithre bliana.

PÓILÍN: Ní raibh tú ach cheithre bliana.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: A’ raibh tú an ceathair féin?

PÓILÍN: Agus tá dreabhar a’d, bhí dreabhairín a’d.

MÁIRÍN: Bhí, bhí ach fuair sí sin bás.

ALICE: Fuair sí sin bás, cúpla bliain ó shin.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Go ndéana Dia grásta uirthi.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Bhí sé sin an-chrua an uair sin.

MÁIRÍN: Agus cuimhním nuair a bhí mé i bhFearann ’n Choirce, tugadh síos Fearann na Choirce ansin mé agus ní raibh aon dhuine i nGort na gCapall ach Dado.

ALICE: Ní raibh i nGort na gCapall ach dado.

MÁIRÍN: Agus

PÓILÍN: Maidhc Mhicil nach ea.

MÁIRÍN: Sea, Maidhcil

ALICE: Ach an chéad uair a tugadh Fearann ’a Choirce thú a Mháirín, tháinig tú aníos as.

MÁIRÍN: Ó (gáire) chuile am a d’fhaighinn an doras osclaí bhí mise rite.

ALICE: Rite go Gort na gCapall.

MÁIRÍN: Go Gort na gCapall.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Agus tá mé a’ ceapadh go b’é ….

ALICE: …. Seán Antoine.

MÁIRÍN: Seán Antoine …

ALICE: Sé.

MÁIRÍN: Bhí sé ag obair sa ngarraí …

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Agus tháinig sé amach agus thug sé suas ag dado mé.

ALICE: Suas ag dado.

MÁIRÍN: Yeah. Cuimhním ar sin i gcónaí.

PÓILÍN: An gcuimhníonn.

MÁIRÍN: Nuair a théinn thar an áit ….

ALICE: …. Bhuel bhí do mháthair beo an t-am sin, an dtuigeann tú.

MÁIRÍN: Ó a’ raibh?

ALICE: Sea, agus d’fhán tú ann ansin.

MÁIRÍN: Oh yeah.

PÓILÍN: D’fhán tú ann go dtí gur cailleadh í.

MÁIRÍN: Gur cailleadh í.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Tháinig tú anuas ansin go dtí do shean….

ALICE: Sea, mar d’airínn Diela a’ rá, aint, máthair Bhreandáin, a’ rá an bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí sí caillte go mbeifeá, go ndeachaigh tú siar sa seomra agus déarfá leis na daoine gan a bheith a’ caint go ndúiseoidh siad í.

PÓILÍN: Ar dhúirt sí, á bhí sé sin crua ort nach raibh. Bhí.

MÁIRÍN: So sin é an chaoi a dtáinig mé Fearann ‘a Choirce.

PÓILÍN: Go maith, go maith.

MÁIRÍN: Agus ansin of course bhíodh mé ag iarraidh a ghabháil Gort na gCapall i gcónaí.

ALICE: Gort na gCapall i gcónaí.

MÁIRÍN: Fiú amháin, ansin nuair a tháinig tusa as Meiriceá

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Agus do mháthair

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Agus ar tógadh tú i bhFearann ’a Choirce ansin nó an ndeachaigh tú suas in éindí le ….

ALICE: …. Oh no d’fhán….

MÁIRÍN: …. Ní fhágfaí mé….

ALICE: …. D’fhan sí i bhFearann an Choirce….

PÓILÍN: …. D’fhán tú i bhFearann an Choirce.

MÁIRÍN: Ach fiú amháin nuair a bhíodh muid ag an Aifreann, mé féin agus Éinne,(deirfiúr Mháirín) a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh muid a’ rá “meas tú a’ ligfeadh Mamó suas Gort na gCapall muin”.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Agus cosúil gur sórt pisreogaí a bhí ann (gáire) agus chuireann an paidrín ar an suíochán an tosaigh orm agus bhínn a’ rá “má theann sé chaoi eicínt (gáire) mar seo ligfear suas muid agus mara ngabh” …. (gáire)

ALICE: …. Agus mara ngabhadh

PÓILÍN: Á.

MÁIRÍN: Sea (gáire)

PÓILÍN: Cluiche beag a bhíodh a’d.

MÁIRÍN: Sea (gáire) sóirt pisreogaí is dóigh.

PÓILÍN: Agus ligfí suas thú, tá mé siúráilte.

MÁIRÍN: Ó ligfí, ligfí.

PÓILÍN: Go deas, go raibh maith agat a Mháirín. Agus, do óige féin mar sin i nGort na gCapall Alice?

ALICE: Bhuel bhí mise chúig bhliana go leith gur tháinig, nuair a tháinig mé Gort na gCapall.

PÓILÍN: Tú féin agus do mháma, Alice nach ea, Annie.

ALICE: Sea, Annie.

PÓILÍN: Annie.

MÁIRÍN: Bhí sí go hálainn.

ALICE: Tháinig sí anall le aire a thabhairt go Dado mar, céard a bhí, fuair sé…

MÁIRÍN: Sóirt stroke.

ALICE: Sun stroke.

MÁIRÍN: Ní raibh sé ach ….

PÓILÍN: …. An ea?

ALICE: Bhí sé a’ gearradh féar tirim agus….

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: i bhFearann a’ Choirce agus fuair sé sun stroke, bhí sé an-dona agus dúirt siad go mairfidh sé leath bhliain.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: So scríobh máthair Bhreandáin sall ag, ag Kate, m’aint Kate.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: An dtiocfadh sí, mar ní raibh sí pósta

PÓILÍN: Right.

ALICE: agus go dtiocfadh sí anall

PÓILÍN: Right.

ALICE: agus aire a thabhairt go dado ar feadh leath bhliain, na’ raibh sé gabháil a’ maireachtáil ach leath bhliain.(gáire)

MÁIRÍN: Agus Ar ndóigh mhair sé .…

ALICE: …. Ach ní thiocfadh Kate, oh no ní fhágfadh sí, bhí jab aici i Boston College agus ní thiocfadh sí….

PÓILÍN: …. Ó bhí….

ALICE: .… agus mar a déarfá níl ’fhios a’m céard a bhí sí a’ dhéanamh ann, ní raibh sí a’ déanamh aon cheo mór ann.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ach bhí sí ag obair ann.

PÓILÍN: Bhí sí gnóthach ar aon nós.

ALICE: Yeah, bhí sí gnóthach, agus Ar ndóigh bhí an jab aici agus bhí chuile chompoird aici so

MÁIRÍN: Dúirt sí le do mháthair

ALICE: Dúirt sí le mo mháthair é, “bhuel” a deir mo mháthair “déanamh sé leas dhúinn a ghabháil sall leath bhliain” a deir sí.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: So tháinig muid anall agus bhí dado ansin ach ní raibh mórán, meas tú a raibh 'fhios aige cé í féin a’ chor a’ bith. Amannaí….

MÁIRÍN: …. Tá mise a’ ceapadh ….

ALICE: …. Maggie a ghlaodh sé amannaí uirthi.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Cheap sé go bí a máthair a bhí ann.

PÓILÍN: Á right.

ALICE: Sea agus, ach bhí an-chion aige ormsa. Bhí an-imní air fúmsa.

PÓILÍN: Yeah.

ALICE: Sea, an páiste a thugadh sé orm.

PÓILÍN: Á.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Nach deas é sin.

ALICE: Ach eh sea, chúig bhliana go leith a bhí mise, bhuel ar aon chaoi socraíodh go gcaithinn a ghabháiil ag a’ scoil, síos Fearann a’ Choirce ag a’ scoil so cuireadh síos Fearann an Choirce ag a’ scoil mé. Thug, bhí Nuala agus Mary, máthair Barbara agus go leor a’inn ann, Mary, Mamie Pheadair.

MÁIRÍN: Mamie Pheadair, yeah.

ALICE: Sea cailíní agus go leor, théadh muid síos, ach Ar ndóigh ní raibh ’fhios a’m beirthe ná beo céard a bhí dar a’ rá….

PÓILÍN: …. Á Ar ndóigh ní raibh aon Ghaeilge a’d.

ALICE: Bhuel bhí cúpla focal beag a bhíodh mo mháthair a, a’ bhfuil ’fhios a’d a’ rá, ‘go raibh maith a’d’ agus ‘cén chaoi a bhfuil tú’ agus rudaí. Bhí, bhínn á rá sin ach ní raibh ’fhios a’m ceard a chiallaigh said.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Níor thóg sé i bhfad bail ó Dhia ort go dtí gur thosaigh tú.

MÁIRÍN: …. Níor thóg, ní raibh sí achar ar bith….

ALICE: …. Ó stop ach tháinig me abhaile tráthnóna agus dúirt mé le mo mháthair nach raibh me “a’ gabháil síos ansin níos mó”.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Cén fáth? Ó ag an scoil.

ALICE: Ag a’ scoil. Ní raibh…

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bhuel dúirt mé “níl ’fhios a’m céard ’tá said a’ rá agus níl ’fhios acub céard atá mise a’ rá”….

PÓILÍN: …. (Gáire)

ALICE: Ní raibh aon Bhéarla i scoil Fhearann an Choirce an t-am sin.

PÓILÍN: Ní bheadh Béarla ar bith acub?

ALICE: Bhuel bhí sé ag Maloney agus ag…

MÁIRÍN: …. Bhí sé ag Maloney.

PÓILÍN: A’ b’shin é an máistir a bhí agaibh, an é?

MÁIRÍN: Tá mise ag ceapadh gur thríd Béarla a bhíodh sé sin á múnadh.

ALICE: Sea, á bhí sé go maith Maloney. Mhúin sé Gaeilge thrí Bhéarla agus Béarla thrí Ghaeilge agus rudaí mar sin.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ach trí mhí a bhí mé chomh maith le chuile dhuine eile. Bhí sé … bhí máistreacht a’m ar an nGaeilge.

PÓILÍN: Go maith, trí mhí a thóg sé ort.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach chaithfinn é.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach tá me a’ rá leat agus is iomaí duine a deir mé leis é, tá an-ómós a’msa gon Ghaeilge ó shin.

PÓILÍN: Ní bheadh Béarla ar bith acub?

ALICE: Bhuel bhí sé ag Maloney agus ag…

MÁIRÍN: …. Bhí sé ag Maloney.

PÓILÍN: A’ b’shin é an máistir a bhí agaibh, an é?

MÁIRÍN: Tá mise ag ceapadh gur thríd Béarla a bhíodh sé sin á múnadh.

ALICE: Sea, á bhí sé go maith Maloney. Mhúin sé Gaeilge thrí Bhéarla agus Béarla thrí Ghaeilge agus rudaí mar sin.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ach trí mhí a bhí mé chomh maith le chuile dhuine eile. Bhí sé … bhí máistreacht a’m ar an nGaeilge.

PÓILÍN: Go maith, trí mhí a thóg sé ort.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach chaithfinn é.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach tá me a’ rá leat agus is iomaí duine a deir mé leis é, tá an-ómós a’msa gon Ghaeilge ó shin.

PÓILÍN: Ó right….

ALICE: Agus lucht talún agus an Land Commission agus daoine mar sin.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bhí go leor daoibh sin i gCill Rónáin

PÓILÍN: M hm.

ALICE: Agus bhíodh Béarla acub agus ansin bhí cúpla hotel ann.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: An dtuigeann tú agus bhíodh …

MÁIRÍN: …. Sea agus chaithfidh siad Béarla…

ALICE: Béarla …

PÓILÍN: Go maith.

MÁIRÍN: Na Ganleys. [Tháinig an chéad Ganley – Thomas, go hÁrainn in 1853. Innealtóir a bhí ann agus bhí sé ag obair ar an gcéibh i gCill Rónáin. Phós sé bean as Mainistir ]

ALICE: Na Ganleys.

PÓILÍN: Agus meas sibh cén uair a thosaigh an Béarla a’ fáil an láimh in uachtar ar an nGaeilge sa mhéid ’s gur ….?

MÁIRÍN: …. Tá mise a’ ceapadh gur le gairid.

ALICE: Ó le gairid, nach ea, le gairid.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, really.

MÁIRÍN: Ó cuireann, mar bhíodh sé a’ cuir an oiread oilce orm nuair a thagadh Orla (Orla – gariníon Mháirín) ón Tech agus nuair a bhíodh sí ar a’ fón a’ caint le Catherine Phádraig Stephen, Béarla a bhíodh “cé nach bhfuil aon Ghaeilge ag ceachtar agaibh” a deirinnse ….

ALICE: …. Sin a dhearfainnse ….

PÓILÍN: M hm, m hm, m hm.

MÁIRÍN: Feictear dom go raibh sé uafásach agus fiú amháin feicfidh tú i gCill Rónáin iad taobh amuigh go tí Phóil ….

ALICE: …. Ó sé atá ag na daoine óga uilig anois a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÓILÍN: Tá an dá theanga acub ach is cosúil ….

ALICE: …. Ó tá, tá an dá theanga acub ….

PÓILÍN: … go bhfuil siad ag roghnú an Béarla thar an nGaeilge.

ALICE: Tá, tá.

MÁIRÍN: Cé bí cén fáth.

PÓILÍN: Nach aisteach.

MÁIRÍN: (Gáire) Cuireann sé an-olc orm.

PÓILÍN: Nach aisteach. Agus an ceart a’d go gcuirfidh sé a Mháirín, sea.

ALICE: Ach nach aisteach anois ní raibh na buachaillí mar sin.

MÁIRÍN: Is dóigh na’ raibh.

ALICE: Ní raibh, ní raibh na buachaillí, siad na cailíní is mó, a thug mise faoi dearadh ar aon chaoi.

MÁIRÍN: Is dóigh go gceapann siad go bhfuil sé níos galánta.

ALICE: Is dóigh go gceapann siad ag an aois seo go bhfuil sé beagán galánta an dtuigeann tú.

PÓILÍN: Sin é, déarfainn go bhfuil sé sin ceart alright, right. Agus is dóigh go mbíonn siad ag léamh leabhra freisin agus ….

MÁIRÍN: …. Sea.

ALICE: Bhuel tá siad a’ léamh Gaeilge ’s Béarla is dóigh ag a’ scoil.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Tá siad.

PÓILÍN: Go maith. Bhí, bhí tú ag caint ansin ar ball faoi, faoin scoil, scoil Fhearann ‘a Choirce.

ALICE: Hm.

PÓILÍN: Agus sin ….

ALICE: …. Sin é anois an sean scoil.

MÁIRÍN: An sean scoil.

ALICE: An sean scoil.

PÓILÍN: Ó.

ALICE: Ní sheod í.

PÓILÍN: Sin ó thuaidh gon áit ata ….

ALICE: …. Sea, sea an sean scoil.

PÓILÍN: Cén cineál foirgneamh a bhí, a bhíodh ansin?

ALICE: Ní raibh ann ach an dá mhúinteoir.

PÓILÍN: Cé, cé hiad na múinteoirí a bhí agaibh?

ALICE: Mairéad Ní Fhlaithearta a bhí uirthi as Gort na gCapall, aint go Phádraig Pheadair agus go Mhamie.

MÁIRÍN: Seán Maloney.

ALICE: Seán Ó Maoldomhnaigh as Luimneach.

PÓILÍN: Ó is cuimhin (liom) Nuala ag caint faoi Maloney

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ó ach bhí Maloney, b’iontach …

MÁIRÍN: Bhí sé thar cionn.

ALICE: Anois a thuigim go m ’iontach go deo, gur iontach an múinteoir a bhí ann.

MÁIRÍN: B’iontach, bhí sé iontach.

ALICE: Ach a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí, bhí pátrún aige.

PÓILÍN: Céard é an pátrún a bhíodh aige?

ALICE: Sé an pátrún a bhí aige (gáire), ghabhfá isteach ar maidin ….

PÓILÍN: …. Sea.

ALICE: agus dá dtosódh sé a’ caint ar, ar eh, Béarla a bhíodh aige

MÁIRÍN: Sea. (gáire)

ALICE: Dá dtosódh sé ag caint air gur greyhounds agus race horses

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Á bhí muid away leis le ’n lá sin, an lá uilig, bhí.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: Agus an gcuimhníonn tú bhíodh muid ag iarraidh an gramophone ….

ALICE: …. Agus bhíodh muid ag scríobh litreacha beaga ag a chéile

PÓILÍN: Ní bhíodh sibh….

ALICE: ….Thosaíodh muid ag iarraidh ceol ansin

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: ag iarraidh ceol, ag iarraidh ceol agus dá mbeadh an lá fliuch ní fhéadfadh muid a ghabháil amach a’ súgradh, thabharfadh sé an gramophone agus, a’ raibh horn mór air?

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Bhíodh John McCormack a’ gabháil in aer ansin i gcaitheamh an ...

PÓILÍN: Nach oraibh a bhí an t-ádh.

MÁIRÍN: Ach Ar ndóigh bhí agus ….

ALICE: …. Níl ’fhios a’msa an raibh muid ag éisteacht ar chor ar bith leis, níl 'fhios a’m. A' scríobh litreachaí beaga ag a chéile agus a' daráil ar cé bí cé a bhí taobh thiar dínn.

MÁIRÍN: A' gcuimhníonn tú nuair a bhíodh sé a’ déanamh an fíon, Bee’s wine?

ALICE: Ó Bee’s wine agus dhá thabhairt le n-ól dhúinn….

PÓILÍN: …. Bhíodh sé a’ déanamh fíon ag a' scoil? Ní bhíodh?

ALICE: Bhíodh, sóirt bees, bees, oh God céard…. (Tá Alice ag iarraidh smaoineamh ar rud eicínt ag baint le déanamh na fíona)

MÁIRÍN: …. Níl ‘fhios a’msa beo céard…

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: …. Chuireadh sé ….

MÁIRÍN: Chuireadh sé beirt siar ag tabhairt aniar rud eicínt.

ALICE: Vat mór millteach, ansin agus iad istigh ann agus chuireadh sé siúcra donn arb ea?

MÁIRÍN: Sea

ALICE: Bhíodh an-do a’inn ar beathú na na…

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: Thugadh sé dhúinn é le n-ól.

ALICE: Ach bhí sé go hálainn. Ba ghearr le cider é.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Nó cidona ba mhín liom a rá.

PÓILÍN: Bhíodh an-time agaibh mar sin (gáire)

ALICE: Á bhí an-time, agus bhíodh muid, ansin déarfá, a’ bhfuil ’fhios a’d dá ndéarfá go raibh tú ag iarraidh a leithéid seo go rang, gheofá é. Ní bhíodh muid ag iarraidh an ehm, céard é seo a bhíodh sé ag déanamh leis na Bunsen Burners agus na rudaí seo uilig.

MÁIRÍN: Ó bhíodh sé ag déanamh science.

PÓILÍN: Science.

ALICE: (Gáire) Bhíodh science class, ó bhíodh agus bhíodh…

MÁIRÍN: …. (Gáire) Yeah….

ALICE: .… an rud seo agus uisce ann agus píopa a’ gabháil idir é féin agus ceann eile agus bheadh an t-uisce, an gall a’ gabháil sall agus na braonachaí .…

PÓILÍN: …. Sea, nach iontach an “__” really.

ALICE: Bhí agus na rudaí sin uilig a’inn….

MÁIRÍN: …. Agus a’ gcuimhníonn tú chaitheadh sé mercury ar an mbord agus deireadh sé go dtabharfadh sé leathchoróin go aon dhuine ….

ALICE: …. Go dtabharfadh sé leathchoróin go aon duine a bheireadh ar an mercury….

PÓILÍN: …. Á, bhíodh sibh a’ tabhairt faoi. (gáire)

ALICE: (Gáire) “___+” Bhí chuile shóirt ceart ach Geometry agus Algebra. Á stop bhí an ghráin shíoraí a’m ….

PÓILÍN: …. (Gáire)

MÁIRÍN: Bhí an ghráin a’msa freisin orthub mar ní “___+”.…

ALICE: Ó bhí tusa go maith aige.

MÁIRÍN: Ní rabhas, no ní raibh. Bhí mé go maith ag, bhí me réasúnta ag rudaí gasúir scoil náisiúnta ach ní raibh mé go maith ag Algebra.


ALICE: Á muise cé bheadh.

MÁIRÍN: Ná Geometry, cén bhrí ach bhíodh sé a’ rá gur cheart dom a bheith go maith ….

ALICE: …. Ba cheart duit faoi go raibh do athair ina shiúinéara, nó go maith ag siúinéireacht.

PÓILÍN: Ó na figiúirí.

ALICE: Sea, sea.

MÁIRÍN: Oh yeah dúirt se go mbíodh sé ag cur ceann ar tithe, agus bhí mé a’ rá “ar ndú ní cheapann sé go mbeidh mise thuas ar bharr tithe ag cur ceann” (gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Ní raibh sé sin ins na pleananna agat ar aon nós. Ó a Mháirín, go maith.

MÁIRÍN: (Gáire) Ní raibh.

PÓILÍN: Agus an mbíodh cóip leabhair agus peann luaidhe agaibh nó céard a bhí agaibh?

MÁIRÍN: Ó bhíodh cóip leabhair a’inn.

ALICE: Tá mise a’ rá leatsa go mbíodh obair a’inn.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: An mbíodh obair bhaile agaibh, an mbíodh?

MÁIRÍN: Céard a bhíodh a’inn?

ALICE: Céard a bhí ar na cóip leabhair sin, bhí dar go hálainn, á God bhí ainm áirid ar an branda a bhí orthub sin. Dhá line gorm agus líne mór, líne dearg ar chaon taobh. Cén t-ainm a bhí .…?

MÁIRÍN: …. Ní chuimhním cén t-ainm a bhí orthub.

ALICE: Ó tá sé chomh fada ó shin anois, cén chaoi a gcuimhneoinn air.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: An gcuimhníonn tú anois nuair a bheadh an t-Easpag a’ tíocht?

MÁIRÍN: Á sea.

ALICE: An Dul Faoi Láimh Easpaig.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Bheadh muid trí mhí nó leath bhliain roimhe a’ réiteach le ’n Easpag. Ach dearfainnse go raibh muid in ann Aifreann a léamh.

PÓILÍN: (Gáire) Bhí sibh chomh maith sin.

MÁIRÍN: (Gáire) Bhuel ar ndú….

ALICE: …. Bhíodh chuile bhlas, agus seod é an Aifreann Laidin, bhíodh chuile bhlas de sin scríobhtha síos a’inn.

MÁIRÍN: Bhí

ALICE: Agus chaithfeadh muid é a fhoghlaim an bhfuil ’fhios a’d, agus na paidreachaí, na páirteanna mar a déarfá gon Aifreann, céard a thaganns agus céard anois, céard anois agus bhí an tAifreann an t-am sin i bhfad níos faide.

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Bhí sé an-fhada.

MÁIRÍN: Agus chaithfeadh muid foghlaim faoi na héadaí uilig …

ALICE: Na héadaí sea ….

MÁIRÍN: .… a bhíodh ar an sagart agus cén fáth go mbíodh siad air….

ALICE: …. Cén fáth go mbíodh na héadaí air. Bhí chuile shórt, meas tú a’ raibh sé siúd ina shagart riamh? Níl ’fhios a’m ….

PÓILÍN: …. (Gáire) Bhí an t-eolas uilig aige ar aon nós.

ALICE: Bhí an t-eolas uilig aige.

PÓILÍN: Go maith.

MÁIRÍN: Agus chaithfeadh muid é a fhoghlaim.

ALICE: Agus rudaí a scríobh síos agus é a fhoghlaim. Meas tú a’ raibh ’fhios ag an Easpag riamh ….

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Níor chuir sé aon cheist mar sin riamh, an t-Easpag.

PÓILÍN: Cé nár chuir?

ALICE: Ní bhíodh am aige.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Agus chaithfeadh muid fhanacht istigh tráthnóna ansin á bhfoghlaim sin.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Theacht abhaile ag a cúig a chlog.

MÁIRÍN: Sea (gáire)

PÓILÍN: Cé, cé na huaireantaí scoile a bhíodh agaibh an t-am sin?

ALICE: Uaireantaí móra fada.

PÓILÍN: Agus an mbíodh am lón agaibh? Céard a bhíodh sibh a’ tabhairt l’ haghaidh lón i lár an lae nó céard a bhíodh agaibh?

ALICE: Á bhíodh, bhíodh arán ag a' scoil an t-am sin ….

MÁIRÍN: …. Bhíodh arán agus im….

ALICE: … agus cócó.

MÁIRÍN: Agus jam agus cócó….

ALICE: …. Cócó agus ba mhór an spóirt é. (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Agus cé a bhíodh iad sin a chur ar fáil?

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m, meas tú cé chuir ar fáil é.

ALICE: Cé na blianta, cén, cén TD a chuir é sin ar bun?

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m.

ALICE: Tá ’fhios a’m go b’éad Fianna Fáil go háirid iad.

PÓILÍN: An ea, ab shin é an chaoi?

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach eh ….

PÓILÍN: …. Céard air a raibh muid a’ caint….

MÁIRÍN: …. Bhíodh beirt thiar ag gearradh na builíní.

ALICE: Agus beirt a’ déanamh an chócó agus á go deimhin bhíodh racket ag iarraidh a ghabháil isteach a’ déanamh an jab sin.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Cé a gheofas an cócó inniu agus ….

PÓILÍN: …. Agus céard, céard ….

ALICE: …. Agus séard, a’ bhfuil ’fhios a’d an bainne, an condensed milk , an bainne bosca.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: … agus bhít (bhíodh)sé chomh tiubh, tá ’fhios a’d an eh .…

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Púdar, an ea?

ALICE: Ó ní púdar a chor a’ bith é seo .…

PÓILÍN: …. Cé nach ea.

ALICE: …. ach condensed milk, bhíodh sé tiubh.


PÓILÍN: Ó tá ’fhios a’m an stuif atá i gceist a’d

ALICE: Yeah, tá sé ann i gcónaí silim.

MÁIRÍN: Tá, tá.

PÓILÍN: Carnation.

ALICE: Carnation, Nestles, Nestles.

PÓILÍN: Nestles, sin é.

ALICE: D’fheicfeá é sin a’ doirteadh síos, bhíodh potaí móra millteacha dubh agus tap orthub.

MÁIRÍN: Á sea.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Agus bheadh an bainne doirteadh síos ansin agus, bhí an cócó ina phúdar ceart go leor. Bhí sé milis.

MÁIRÍN: Bhí sé go deas, bhí sé go deas.

ALICE: Ó bhí sé go hálainn.

PÓILÍN: An mbíodh?

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Deireadh na bliana ansin nuair a ritheadh sé amach agus dá mbeadh tada fágthaí gon cocoa agus bhíodh muid a’ gabháil siar abhaile agus …. [Máirín agus Alice ag caint ag an am céanna]

PÓILÍN: Nach deas.

ALICE: … á ithe suas, á bhfeicfeá chuile dhuine ag teacht abhaile agus é, é donn. (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith. Agus ní bhíodh aon deacrachtaí smachta ag a’, ag an, ag an máistir Maloney, an raibh?....

ALICE: …. Ó ní raibh ….

MÁIRÍN: …. Ní raibh.

ALICE: Ó ní raibh aon deacrachtaí smachta a’ chor a’ bith aige.

MÁIRÍN: No, ní raibh.

PÓILÍN: Ach an mbíodh an slat aige? An mbíodh sé á úsáid?

ALICE: Bhí múis agus péire, bhí ceann éadrom agus ceann mór.

PÓILÍN: Agus an mbíodh sé ag baint mórán úsáid astú?

ALICE: Bhí múis.

PÓILÍN: An mbíodh? Arbh iad na lámha an ea, nó cén …?

ALICE: Bhí, bhí,

MÁIRÍN: Ní raibh sé, ní raibh sé

ALICE: Ní chuimhním, ní raibh tusa, bhí tusa bliain an tosaigh ormsa, nó bhí tusa imithe amach ag an máistir romhainne.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: A’ bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanfadh sé, dá mbeadh na buachaillí móra anois as bealach, thugadh sé isteach iad ag na gasúir bheaga agus bhuaileadh sé istigh ansin iad.

PÓILÍN: Ó ós comhair na gasúir….

ALICE: …. Sin rud amháin nár thaitnigh linn.

MÁIRÍN: Ó yeah.

ALICE: Agus bhíodh, yeah, cuimhinimse lá amháin bhí triúr aige, chonaic mé beirt acub a’ titim ar an urlár leis an lascadh a fuair dar. Agus bhíodh an máistreás, bhíodh sí ag iarraidh é a stopadh.

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Bhí sé go dona, bhí an-intinn aige. Bhí, bhí an-intinn, ach ansin dhéanfadh sé rud eicínt eile a mhaith dóibh arís ansin é.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Chúiteoidh sé leob é. B’iontach an duine é.

PÓILÍN: Agus cén áit a mbíodh cónaí ar an, ar an máistir ansin?

ALICE: Ansin, amuigh ansin.

PÓILÍN: Sa Residence?

ALICE: Sa Residence, sea.

PÓILÍN: Sa Residence.

ALICE: Ó bhí teach álainn aige agus ….

MÁIRÍN: …. Bhí.

ALICE: Nach raibh. Bhí troscán álainn ann, maith.

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Sea. Bhí bord mór millteach ann agus bhí gloine ar a bharr agus cheap muinn go raibh sé sin thar cionn.

MÁIRÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go deas, agus an, an fear pósta a bhí ann? An mbíodh gasúir aige ….?

MÁIRÍN: …. Ní raibh sé pósta.

PÓILÍN: Ní bhíodh.

MÁIRÍN: No, ní raibh.

PÓILÍN: Ní raibh, ní raibh.

ALICE: Ní raibh sé pósta riamh.

PÓILÍN: Go maith, go maith. So sin na laethantaí scoile.

ALICE: Bhí gléas aisteach air, na’ raibh.

MÁIRÍN: Bhí (gáire)

PÓILÍN: Céard a bhí?

ALICE: Céard a thabharfá orthub?

MÁIRÍN: Á céard ….

ALICE: …. Bhí na stocaí (gáire), tá ’fhios a’d an treabhsar ….

MÁIRÍN: …. Plus Fours.

ALICE: Plus Fours, ba gearr le Plus Fours é….

MÁIRÍN: …. Bhuel níl ’fhios a’m ….

ALICE: …. ach ní raibh an dath amach is amach, ach bhíodh na stocaí, ba álainn na stocaí leis an Fairisle tops orthub, a’ gabháil aníos go dtí seo.

PÓILÍN: Go dtí a ghlúinte.

ALICE: Go dtí na ghlúinte, agus an treabhsar thíos iontub (gáire)….

MÁIRÍN: …. Mar bhí ….

ALICE: …. Laces. Agus bhí laces

MÁIRÍN: Laces, yeah.

PÓILÍN: Agus I suppose bhí sé sin difriúil ó, ón méid a chonaic sibh ….

ALICE: …. Ó bhí, ní fhaca mise a leithéid riamh.(Alice agus Máirín ag caint le chéile)

PÓILÍN: Agus thaitnigh sé libh, an rud difriúil seo.

ALICE: Ar ndóigh thaitnigh, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí sé go hiontach.

MÁIRÍN: Thaitnigh.

PÓILÍN: Go maith, go maith.

ALICE: Agus bhíodh bróga breá, brogues móra tiubh air, tá ’fhios a’d ….

MÁIRÍN: …. Yeah.

ALICE: Bonn mór tiubh orthub.

PÓILÍN: Sea, go maith.

ALICE: Donn, donn.

MÁIRÍN: Bhí siad a’ rá go raibh, nach raibh píosa iarainn ina chois ó 1916? Bhí sé ….

ALICE: …. Meas tú a’ raibh sé ….?

MÁIRÍN: …. Sin é a deir sé féin.

PÓILÍN: Céard a bhíodh sé a’ rá?

ALICE: Bhíodh sé, dúirt sé [go raibh] píosa iarainn ina chois, bhí sé ag troid i 1916.

MÁIRÍN: Yeah mar bhíodh sé a’ spoutáil, laethanta deireadh sé “ bogadáin atá in Árainn”.

ALICE: Á sea, ní ghabhaidís amach a’ troid.

PÓILÍN: (Gáire).

MÁIRÍN: Agus na mná i Luimneach, bhí siad ar bharr na, a’ bhfuil ’fhios a’d na, cén t-ainm atá air?

ALICE: Á na ballaí sin.

MÁIRÍN: Ballaí Luimnigh.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Agus iad ag caith anuas, caith anuas tarra. (Gáire)

ALICE: Ag caith tarra ar na ….

PÓILÍN: …. Ar na Sasanaigh.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach tá mise a’ ceapadh gurbh shin rudaí a tharla dhá chéad bliain roimhe sin.

MÁIRÍN: Ach Ar ndóigh is dóigh gurb ea. Á sea ach ní i 1916 é sin ….

PÓILÍN: …. Á aimsir Chromwell, b’fhéidir?

ALICE: Ach ní stopfadh sé ach ag caint ar the Treaty Stone.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Ach ansin ní as Luimneach a’ chor a’ bith é, nach as Kilaloo é.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: Bhuel bhí an-mheas ar Luimneach anyway.

ALICE: Ó bhí. Bhí sé an-tógtha le Luimneach ach ba as Kilaloo é

PÓILÍN: An ea?

ALICE: Deir Paddy hEithir gurb ea.

PÓILÍN: Go maith. An-mhaith.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: An-deas. Bhí sibh ag caint ar ball ansin faoin ullmhúchán a bhíodh sibh a’ déanamh ag an scoil le dul faoi láimh Easpag.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: A’ raibh na daoiní diaganta nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Ó bhí. Bhuel bhí siad….

ALICE: …. Bhí ina mbealach féin. Sóirt, bhí neart paidreachaí ann go háirid (gáire)

PÓILÍN: An mbíodh?

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Bhíodh ag na sean dhaoine. Gnásannanaí beaga, mb’fhéidir pisreogaí a leath.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Right, agus an t-uisce coisric a chuir oraibh agus sibh a’ goil amach an doras?

MÁIRÍN: Á sea.

ALICE: Ó sea.

MÁIRÍN: Bhuel I mean….

PÓILÍN: …. Is cuimhin liom ar sin ag Nuala ( Is í Nuala máthair chéile Phóilín)….

ALICE: …. Tá sé sin i gcónaí ann….

MÁIRÍN: …. Tá sé sin i gcónaí ann.

PÓILÍN: Agus an paidrín san oíche?

ALICE: Agus an bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí….

MÁIRÍN: …. Paidrín san oíche, bhuel bhíodh sé a’inn nuair a bhí dar a’ fás suas, níl ’fhios a’m a rinne sé mórán maith go go leor acub, nach dtéann ag Aifreann a’ bith anois.

ALICE: Ní théann.

PÓILÍN: Tá, tá, tá sé difriúil. Agus a' mbíodh sibh ag dul chuig an séipéal, an t-am sin, na daoine?

ALICE: Muise bhíodh, bhíodh, nach iontach an rud é bhíodh daoine aniar as Bungabhla

MÁIRÍN: Go hEochaill.

ALICE: Thuas in Eochaill ag leath uair théis a hocht. Is minic a chonaic mé iad. Bhíodh Aifreann ag a naoi a chlog.

PÓILÍN: Right.

MÁIRÍN: Agus chaithfeadh tú a bheith i do throscadh.

ALICE: Agus chaithfeadh tú a bheith i do throscadh a’ bhfuil ’fhios a’d .…

PÓILÍN: …. Ó meán oíche….

ALICE: …. ó meán oíche.

PÓILÍN: Nach ea.

ALICE: Agus d’fheicinn sean fhir aniar as Bungabhla anois, ó bhí mé pósta an t-am seo ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

ALICE: …. an t-am sin. Bheidís ina suí suas ar an gclaí, thuas ag a’ séipéal go n-osclófaí an séipéal. Sean dhaoine agus gan “__”, Peaitsín “__+?….

MÁIRÍN: …. Bhíodh siad a’ teacht aniar ar chaiple, bhíodh beirt ar chapall….

ALICE: …. D’fheicfeá. Bhíodh fear ar a’ gcapall agus a bhean ar a chúla aige. Bhíodh sé go deas. (Máirín agus Alice ag caint le chéile)

PÓILÍN: Nach deas.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Agus cé mhéad séipéal a bhí ar an oileán an t-am sin?

MÁIRÍN: Ní raibh ann ach péire.

ALICE: Péire. Ceann i gCill Rónáin agus….

MÁIRÍN: …. Ceann i gCill Rónáin agus in Eochaill.

PÓILÍN: In Eochaill.

ALICE: Agus fadó an lá, lá, céad bliain ó shin, ní raibh ann ach Eochaill. Ní raibh séipéal a’ bith ann ach Eochaill. Ní raibh.

MÁIRÍN: Eochaill an chéad cheann.

ALICE: Eochaill an chéad séipéal.

PÓILÍN: Ó ní raibh ’fhios a’m faoi sin.

ALICE: Agus sé an áit a bhí an chéad séipéal thíos i ngar….

MÁIRÍN: …. Thíos…

ALICE: …. gon teach s’ainne ….

MÁIRÍN: …. Sea.

ALICE: Thíos an áit….

PÓILÍN: …. I ndáiríre?....

ALICE: …. Le taobh an teach s’ainne, sin é an áit, istigh i buaille le Seán O’Donnell, bhí séipéal ann. Bhí sé ina scoil i gcaitheamh na seachtaine agus bhí sé ina shéipéal Dé Domhnaigh, an dtuigeann tú.

PÓILÍN: Ó.

MÁIRÍN: Sea, bhí.

ALICE: Agus an múinteoir a bhí ann, ní hedge school é amach is amach is dóigh ach tá sé seo anois a’ gabháil siar céad go leith bliain ó shin….

MÁIRÍN: Ó a’ bhfuil? Yeah, is dóigh ….

ALICE: …. tá sé curtha thíos, an múinteoir sin curtha thíos sa, sa Mainistir.

MÁIRÍN: Ó a’ bhfuil?

ALICE: Tá. Burke O’Brien an t-ainm a bhí air.

MÁIRÍN: Nach aisteach…

PÓILÍN: Burke O’Brien.

ALICE: Tá sé curtha ansin, níl ’fhios a’m anois céard é an chéad ainm a bhí air ach….

PÓILÍN: …. Right….

ALICE: …. Á tá sé blianta fada ó chuaigh mé síos ann agus chonaic mé é.

PÓILÍN: Agus bunscoil a bhí ansin, an ea go na gasúir taobh thoir gon oileán?....

ALICE: “___+”, thagadh chuile dhuine ann.

PÓILÍN: Chuile dhuine.

ALICE: Muise is dóigh, Ar ndóigh is dóigh go raibh go leor nár tháinig a’ chor a’ bith.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Ach gur tháinig roinnt .…

MÁIRÍN: …. Bhuel bhíodh daoine a’ gabháil faoi láimh Easpaig agus bhí dar….

ALICE: …. Á bhí dar ina ….

MÁIRÍN: …. D’fhéadfaidís a bheith aois .…

ALICE: …. Ara bhí agus nuair a, tá ’fhios a’m nuair a chuaigh mise faoi láimh Easpag in Eochaill .…

MÁIRÍN: …. Sea.

ALICE: Bhí fear as Cill Éinne ann ach séard a bhí ar an gcréatúr ní raibh ’fhios aige an ndeachaigh sé faoi láimh Easpaig ariamh. Cóil Pheadair agus….

MÁIRÍN: …. Ó sea ….

ALICE: …. bhí sé ina ghrandfather.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Agus bhí sé a’ gabháil faoi láimh Easpag le bheith cinnte faoi.

ALICE: Sea le go ndéanfaidís cinnte dhe go raibh sé faoi láimh Easpag.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí sé istigh in éindí leis na gasúir bheaga seo uilig a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÓILÍN: Bhí sé sin barúlach.

MÁIRÍN: Bhíodh siad an-“__”

ALICE: Bhíodh, bhí.

PÓILÍN: Go maith, go maith. Agus an mbíodh faoistiní ins na tithe an t-am sin?

ALICE: Ó bhíodh.

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Go deimhin bhíodh.

PÓILÍN: Cé chomh minic agus a bhíodh an faoistin?

MÁIRÍN: An chaoi chéanna agus atá siad anois, nach ea?

ALICE: Cé nach mbíodh siad faoi dhó sa mbliain?

MÁIRÍN: ’S nach ea, cé nach mbíonn dar faoi dhó anois?

PÓILÍN: Faoi dhó.

ALICE: Bhuel ní bhíonn faoi dhó ar bhaile amháin a Mháirín. Ní bhíonn siad ach uair amháin sa mbliain.

MÁIRÍN: Oh that’s right bhíodh siad ann….

ALICE: …. Bhíodh siad faoi dhó sa mbliain, san Earrach agus sa bhFómhar.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bhí sé, bhí sé….

MÁIRÍN: …. Bhíodh na gasúir, I mean bhíodh muid an-áthasach a’ cuimhneamh go raibh na faoistiní ….

ALICE: …. Na faoistiní, siúcra geal.

MÁIRÍN: Siúcra geal. Cheapfá nach raibh siúcra ar bith geal ach (gáire) an bhfuil ’fhios a’d ….

ALICE: An bhfuil ’s a’d an lump sugar

PÓILÍN: Sea. Thaitnigh sé sin libh.

MÁIRÍN: Ó thaitnigh.

ALICE: Ach bhí sé crua ar na daoine freisin mar bhí comhluadarachaí móra ann agus bhí na tithe beag. Chaithfidís chuile shóirt a chaith amach.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Leaprachaí agus chuile shóirt a chaith amach.

PÓILÍN: Right, bhí go leor ullmhúchán.

MÁIRÍN: Agus chaithfeadh tú béile breá a bheith a’d gon sagart, fadó anyway.

PÓILÍN: Oh right.

ALICE: Fadó an lá anois ní chuimhním, ní fhaca mise déanta é ach mharóidís caora.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Bheadh caora maraithe le na bhfaoistiní ach ní fhaca muide é sin.

MÁIRÍN: Agus tá mé ag ceapadh aimsir Fr. Faragher, nach gcaithfí capall a chur ina choinne?

ALICE: Chaithfí, capall a chuir, nach shin é a tharla idir é féin agus Callaghan.

MÁIRÍN: Callaghan.

PÓILÍN: Céard é sin?

MÁIRÍN: A’ bhfuil ’fhios a’d dá, meas tú ar faoistiní a bhí le…

ALICE: Níl ’fhios a’m céard a tharla ansin.

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m ach bhí sé ag súil go gcuirfí capall ….

ALICE: …. Chaithfeadh capall a ghabháil le an sagart a thabhairt go dtí an teach. Is dóigh go raibh sé in ann marcaíocht ar chapall.

MÁIRÍN: Is dóigh.

ALICE: Cé bí céard a rinne Callaghan, níor chuir sé aon chapall amach roimhe, is dóigh gur aige a bhí na faoistiní.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Ní dheachaigh sé sin síos go maith.

ALICE: Ansin thosaigh an do.

PÓILÍN: A b’shin é é?

MÁIRÍN: Sé.

PÓILÍN: Rud fánach mar sin.

ALICE: Rud fánach. Á chaithfeadh sé go raibh rud eicínt, ah bhí rud eicínt roimhe sin ann. Chaithfeadh sé go raibh rud eicínt ann

PÓILÍN: Chaithfeadh sé go raibh.

ALICE: Ní dhéanfadh sé é sin.

PÓILÍN: Right.

MÁIRÍN: Bhí Callaghan a’ múnadh a’ bhfuil ’fhios a’d, múinteoir a bhí ann.

PÓILÍN: A ha.

ALICE: Sé Callaghan a bhí a’ múnadh Liam.[Ó Flaithearta]

PÓILÍN: Sea, so tháinig sé sin théis Maloney, an ea?

ALICE: Oh no.

MÁIRÍN: Oh no.

PÓILÍN: Bhí sé ann roimhe sin, an ea?

MÁIRÍN: Roimhe sin.

ALICE: Roimhe sin.

PÓILÍN: Go maith agus ehm an raibh scoil cócaireachta nó Gairmscoil eicínt thiar in Eoghanacht nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Ní raibh.

ALICE: Bhíodh ranganna ins an ngeimhridh….

MÁIRÍN: …. Ach bhíodh ranganna sa teach atá ….

ALICE: …. Yeah ….

PÓILÍN: Insígí dom faoi sin le bhur dtoil.

MÁIRÍN: Bhuel ní raibh aon dhuine a’ maireachtáil ann. Sin é an teach atá mise, muide anois ann, nach é?

PÓILÍN: Ó sin é an teach an ea?

MÁIRÍN: Bhíodh sé ansin agus bhíodh siúinéireacht agus…

ALICE: Ó sé a chuimhnímse nuair a bhí ranganna thíos anseo a’inn sa scoil, sa scoil náisiúnta, san oíche.

MÁIRÍN: Oh yeah, no, bhíodh sé….

ALICE: …. Miss McCaffery a bhí ar an múinteoir a bhí ann. Ba as Liatroma í. Sea ó bhí muid ceathair déag agus cúig déag d’aois an t-am sin.

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Agus bhíodh rangannaí cócaireachta ann, dhá oíche sa tseachtain.

PÓILÍN: I scoil Fhearann an Choirce, an ea?

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Scoil an Cheathrar Álainn.

ALICE: Sea, bhíodh sé trí mhí gon bhliain ann. Trí oícheantaí, dhá oíche gon tseachtain.

MÁIRÍN: Á yeah.

ALICE: Dhá oíche i gCill Rónáin.

MÁIRÍN: Á yeah.

ALICE: Á bhí tusa imithe an t-am sin.

MÁIRÍN: Bhí mise imithe. Ní chuimhním.

ALICE: Bhí tusa imithe ar scoil.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Bhí.

PÓILÍN: Agus an raibh na cailíní a bhí tuairim ’s trí bliana déag nó ceathair …

ALICE: Sea, duine ar bith a bheadh fánaithe ón scoil náisiúnta.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ghabhadh dar ag an gcócaireacht agus ansin bhí rangannaí eile freisin, dhá oíche eile ann.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Ag Seán McLaughlin as …

MÁIRÍN: Oh that’s right.

ALICE: As Moycullen é.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Céard a bhíodh sé sin a mhúnadh?

ALICE: Ó bhít sé a’ múnadh chuile shóirt beo, no ní shin è, bhí sé a’ múnadh gnáth ábhair.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: A bheadh ag, ag, ar nós Gairmscoil.

PÓILÍN: Sea. So sin cineál Gairmscoil.

ALICE: Sea, ó bhí sé ann agus bhí fir mhóra mhillteach a’ gabháil ann.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Mar tá ’fhios a’m cúpla duine a d’fhoghlaim le léamh ann.

PÓILÍN: Ab shin é an chaoi?

ALICE: Hm.

PÓILÍN: A ha.

ALICE: Agus bhí dar ann, sa rang in éindí linn.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Yeah.

PÓILÍN: Agus ….

ALICE: …. Bhí.

PÓILÍN: Cé chomh fada agus a bhí sé sin ann, an eh?

ALICE: A trí mhí freisin.

PÓILÍN: Trí mhí.

ALICE: Dhá oíche sa tseachtain. Sea agus dhá oíche cócaireacht.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Agus ansin bhí siúinéireacht thoir i stór a bhí ag Joe Delia ansin thoir i bhFearann a’ Choirce.

MÁIRÍN: Á i bhFearann a’ Choirce.

ALICE: An áit a bhfuil Joe Dirrane. Bhíodh siúinéireacht istigh ansin.

MÁIRÍN: Yeah, bhíodh siúinéireacht in Eoghanacht freisin, sa stór.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: So bhí, bhí, ó bhí sé go maith, thar cionn.

MÁIRÍN: Bhídís ag déanamh drisiúir agus chuile shaghas rud.

PÓILÍN: Na gasúir a’ gabháil a’ foghlaim na scileannaí.

ALICE: Ach bhí sé an-mhaith an rang a bhí ag Seán McLoughlin

MÁIRÍN: Á, tá mise a’ ceapadh go raibh sé sin a’ múnadh thiar sa teach (an teach in Eoghanacht ina bhfuil Máirín ag maireachtáil ann) mar …

ALICE: …. Is dóigh go raibh sé thiar, b’fhéidir go raibh sé an dá oíche ann….

MÁIRÍN: …. Bhí máthair Barbara ann agus cén t-ainm atá air, Paitsín ….

ALICE: …. Paitsín Sheáin Neilín.

MÁIRÍN: Sheáin Neilín, bhí sé sin ann.

ALICE: Bhí sé go maith, nach mbíodh drámaí beaga aige, a’ mbíodh?

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Bhí, á bhí sé an-mhaith, Seán. Agus bhí iníon leis a’ múnadh i gCill Rónáin aríst, McLoughlin, Síle McLoughlin.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Iníon í sin go Seán McLoughlin

MÁIRÍN: Ó ab ea?

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Agus an cuimhin libh an mbíodh costas ag baint leis, leis an?

ALICE: Ní cheapainn go bhfuil, ní cheapainn go raibh. Ní chuimhním….

PÓILÍN: …. Go maith, go maith, go maith. Bhí tú féin ag caint ansin ar ball a Mháirín, bhí tú a’ ceapadh go mbíodh scoil eicínt sa teach a bhfuil cónaí ort féin faoi láthair.

MÁIRÍN: Tá mé ag ceapadh gurbh shin é Seán McLoughlin nuair a bhí sé a’ múnadh.

ALICE: Ó sea.

PÓILÍN: Oh right, yeah. Right.

MÁIRÍN: Ní cócaireacht a bhí ann.

PÓILÍN: Ag caint faoin teach sin, an teach breá sin bail ó Dhia air atá tú féin i do chónaí ann ….

MÁIRÍN: …. Tá sé ag titim ó chéile….

PÓILÍN: …. in Eoghanacht a Mháirín, is cúis iontais dom é an dian, níl aon slope air. Ar mhiste leat inseach dom faoi stair an tí sin le do thoil?

MÁIRÍN: Bhuel Ar ndóigh athair, athair Eamonn a thóg é. Is dóigh go bhfaca sé i Meiriceá iad nó Mexico amuigh in áit eicínt. Níl ’fhios a’m cén sóirt seafóid a bhí air.

ALICE: Bhí sé amuigh i California freisin.

MÁIRÍN: Sea, ag tógáil teach [mar sin], mar ní fheileann an ceann …

PÓILÍN: Coinníonn sé an t-uisce, caithfidh sé, meas tú.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: An gcoinníonn sé an t-uisce?

MÁIRÍN: Bhuel tá áiteachaí a theanns an t-uisce as ach tá sé an-deacair é a choinneáil.

ALICE: Tirim.

MÁIRÍN: Tirim.

PÓILÍN: Déarfainn é, ach is breá an teach é bail ó Dhia air. Ag caint faoi tithe, cé a bhíodh ag tógáil tithe nuair a bhí sibh óg?

ALICE: Muise ní mórán tithe a chonaic muide…

MÁIRÍN: …. No, no….

ALICE: …tógtha go dtí le blianta deireanach.

PÓILÍN: Arb shin é an chaoi agus nuair a .…

MÁIRÍN: …. Tá mise a’ ceapadh, an gcuimhníonn tú, bhíodh siad a’ rá i nGort na gCapall á mbeadh duine a’ gabháil a’ pósadh, thóg, bheadh teach tógtha dóibh….

ALICE: …. Thógfaí teach i seachtain.

PÓILÍN: Á.

ALICE: Breathnaigh, a’ bhfuil ’fhios a’d tí Tom ’a Dilleánach thoir in Eochaill?

MÁIRÍN: Sea, sea.

ALICE: Nach deas an teach é.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Tógadh i lá amháin é sin.

MÁIRÍN: (Gáire) Ó stop.

ALICE: Chuala mé é sin go minic. Chruinneodh chuile dhuine, muintir na trí bhaile agus thóg siad an teach….

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Cineál meitheal oibre, arb ea?

ALICE: Sea, go díreach….

PÓILÍN: …. Go maith, go deas ….

ALICE: …. Thóg siad an teach, droch sheans anois gur chuir dar an ceann air mar bheadh sé sin, bheadh sé sin mall, an tuíodóireacht, ach thóg siad na ballaí an tithe in aon lá amháin.

PÓILÍN: Nach deas an rud é.

MÁIRÍN: Nach ea.

ALICE: Bhí Tom a’ Dilleánach, mar bhí an teach acub sin taobh thoir ansin an áit a bhfuil Mary Dillane.

MÁIRÍN: Á sea.

ALICE: Sin é an áit a bhí an teach ag na Ó Dileáin.

PÓILÍN: Á.

ALICE: Agus bhí Tom a’ gabháil a’ pósadh.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus ní raibh teach a’ bith aige of course agus chaithfeadh sé imeacht amach as a theach féin, so chuadar uilig agus thóg dar teach dhó thuas ar an ard ansin.

PÓILÍN: Nach deas.

ALICE: Tá sé taobh thiar gon séipéal. Ní h-é an ceann is gaire gon séipéal anois é ach ….

MÁIRÍN: …. An dara ceann….

ALICE: …. an ceann taobh thiar aríst.

PÓILÍN: Right, right.

MÁIRÍN: An áit a bhíonns an statue nach ea?

PÓILÍN: Ó “__” ….

ALICE: …. Bhí statue ar an bhfuinneog ag Tom Beag.

PÓILÍN: Tá ’fhios a’m an teach atá i gceist agaibh anois right, right, right. Agus is cosúil freisin nuair a bhíodh lánúin óg a’ pósadh go mbíodh orthub amanntaí cónaí isteach leis an sean muintir “__+”….

ALICE: …. Sin é é

MÁIRÍN: Ó bhíodh.

PÓILÍN: Muintir an chailín nó muintir an fhir. Bhíodh sé sin coitianta, an mbíodh?

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Bhí sé sin i gcónaí ann.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Agus is cosúil mar sin go mbíodh cúpla glúin faoi aon dhian amháin, an rud maith é sin? Céard a cheapainn sibh?

MÁIRÍN: Amantaí, braitheann sé ar ….

ALICE: …. Á ba dhea, oibríonn sé amach thar cionn agus cheapainn go n-oibríodh sé amach fadó an-mhaith mar bhí neart obair le déanamh.

MÁIRÍN: Yeah (gáire).

PÓILÍN: Bhíodh, bhíodh.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Bhí díol, bhí díol obair, oibre ann go dhá bhean agus trí bhean dá mbeidís ann.

PÓILÍN: Bhíodh.

ALICE: Bheadh an seanbhean a’ breathnú i ndiaidh na ngasúir.

MÁIRÍN: Na gasúir.

PÓILÍN: Oh right.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Ehm, ag go bhfuil muid a’ caint faoi, faoi comhluadair agus gasúir, nuair a bhíodh páiste a’ teacht ar an saol fadó, cé a bhíodh a’ tabhairt aire gon bhean?

ALICE: Bhí, bhí bean in Árainn agus tá mé a’ ceapadh go bí í a thug ar an saol chuile dhuine fadó an lá.

PÓILÍN: Cén t-ainm a bhí uirthi sin?....

ALICE: …. Máirín an Chaptaen.

MÁIRÍN: Oh that’s right, Máirín an Chaptaen….

ALICE: …. Máirín an Chaptaen, bhuel bhí Nell an Tower roimpi sin, tá sé sin cúpla céad bliain ó shin is dóigh.

PÓILÍN: Inis anois dhom faoi sin le do thoil.

ALICE: Bhuel Ar ndóigh chloiseadh muid scéalta faoi Nell an Tower go, go, á ngabhadh fear

MÁIRÍN: Soir ina coinne.

ALICE: Meas tú nach i gCill Éinne a bhí sí.

MÁIRÍN: I gCill Éinne, sea.

ALICE: Dá ngabhadh an fear soir a’ glaoch uirthi le theacht ag a’ mbean, bheadh capall aige

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ní ghabhadh Nell ar an gcapall ach bheadh sí sa teach roimhe.

PÓILÍN: Cén chaoi sin?

ALICE: Scuab is dóigh (gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Á ag spochadh asam atá tú anois.

ALICE: Ní hea, no sin a deir siad.

MÁIRÍN: Sea, bhí sé sin fíor.

ALICE: Bhí sé sin ráite, go mbíodh Nell an Tower sa teach is cuma cé chomh fada siar agus a bhí sí le dhul. Bheadh sí sa teach roimhe.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Is dóigh gur scuab é nó rud eicínt

PÓILÍN: (Gáire) Á

MÁIRÍN: B’fhéidir go raibh sí cosúil le St. Martin de Porres.

ALICE: Céard a rinne sé sin?

MÁIRÍN: Bhuel Ar ndóigh bíonn sé in áiteachaí …

ALICE: “__+”

MÁIRÍN: D’fhéadfadh sé a bheith i dhá áit in éindí.

ALICE: Á stop.

PÓILÍN: So sin bean amháin a bhíodh ag …

ALICE: Ach ansin d’airigh mé aríst ansin caint ar Máirín an Chaptaen.

MÁIRÍN: An Chaptaen, sea.

ALICE: Ach ní fhaca muid í sin..


MÁIRÍN: Ní fhaca muid í sin.

ALICE: Máirín an Chaptaen.

MÁIRÍN: Ach bheadh na mná ar an mbaile, bheadh ….

PÓILÍN: …. A mbíodh, bhídís cruinnithe isteach, bhíodh?

MÁIRÍN: Bhuel….

ALICE: …. Bhí dar uilig handy mar a déarfá (gáire)

MÁIRÍN: No, tá ’fhios a’m nuair a rugadh a’msa iad bheadh Bid Saile ….

ALICE: …. Sea go díreach.

MÁIRÍN: Agus Bríd Rua.

ALICE: Bheadh.

PÓILÍN: Sin comharsa leat, an ea?

ALICE: Comharsaí, sea.

MÁIRÍN: Comharsaí.

ALICE: Bhuel mar a déarfá in Árainn ní “___+”

PÓILÍN: Bhí, bhí agus Ar ndóigh ní bhíodh, ní bhíodh aon epidural ann an t-am sin, céard a bhíodh .…?

ALICE: …. Ó ní raibh a dhath riamh ann.

MÁIRÍN: Tada.

PÓILÍN: Cé ….

ALICE: Tada beo.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi? Is cuimhneach liom mo mháthair céile, Nuala Sheáin Antoine go ndéana Dia grásta uirthi

ALICE: Sea?

PÓILÍN: Bhí sí ag inseach dom nuair a bhí mise ag súil le, le nár gcéad pháiste

ALICE: Sea

PÓILÍN: bhí sí a’ rá liom go mbíodh sí i ngreim ar tuáille a bhíodh ceanglaí le ….

MÁIRÍN: …. Ó sea….

ALICE: …. Ar phost an leaba (gáire)….

PÓILÍN: …. Ar phost na leapan, sin é go díreach.

MÁIRÍN: Bhíodh na sean mhná a’ rá leat é sin a dhéanamh.

ALICE: Fáisc ar sin ’s tarraing é sin.

MÁIRÍN: Ach Ar ndóigh cuimhnímse ar an dochtúr a bhí a’inn, Dr O’Brien

PÓILÍN: Ó sea, chuala mé faoi Dr O’Brien uaidh Nuala freisin .

MÁIRÍN: (Gáire) Sea.

PÓILÍN: Inis dhom faoi sin mura mhiste leat, Máirín.

MÁIRÍN: No, bhí sé lá amháin, dúirt sé “When God made women,He made them wrong, He didn’t do them, make them right” a deir sé.

ALICE: He made them right or?

MÁIRÍN: He didn’t make them right. (Gáire)

ALICE: Oh he didn’t make them right.

PÓILÍN: (Gáire) Sin é a bhíodh sé a’ rá?

MÁIRÍN: Sea, mar bhíodh sé ag ceapadh an bhfuil ’fhios a’d nár cheart go mbeadh an oiread seo trioblóid.

PÓILÍN: Agus bhí ….

ALICE: …. Ceart go leor.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Ní bhíodh, ní bhíodh aon painkillers ná tada aige

MÁIRÍN: Oh no.

ALICE: Ní bhíodh ach bhí sé ina, bhí sé thar a bheith ádhúil.

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Ó bhí sé an-ádhúil.

PÓILÍN: An dochtúr O’Brien, sea?

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Bhí sé go maith….

MÁIRÍN: …. Agus ní raibh creideamh a’ bith aige a bheith an-ghlan.

ALICE: Ó ní raibh ’fhios aige céard é glaineacht.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi?

ALICE: Tháinig sé isteach a’msa, níl ’fhios a’m beo cé acub é [de na gasúir a bhí sí ag súil leis]

PÓILÍN: M hm.

ALICE: B’fhéidir go bé Gerald é féin. Tá mé a’ ceapadh go mb’fhéidir go bé. Sin é an duine deireanach a bhí a’msa agus thar laethanta an domhan rugadh é an lá a raibh an Easpag, bhí ciall Easpag ach an Papal Nuncio

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: I gCill Rónáin.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ag an, ag an Easpag le láimh Easpaig.

PÓILÍN: Wow.

ALICE: Agus bhí chuile dhuine bailithe agus bhí an nurse a’ freastal air, Nurse Cadden a bhí uirthi sin.

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Bhí sí a’ freastal ar an Easpag agus cé bí cén sagart, ní [chuimhním] Fr.

MÁIRÍN: Fr. Varley is dóigh. An bé?

ALICE: Is dóigh …

MÁIRÍN: Meas tú a’ bé?

ALICE: Is dóigh go bé.

MÁIRÍN: Is dóigh go bé, sé a bhí ann nuair a bhí nurse Cadden ann.

ALICE: Sé.

MÁIRÍN: Sé.

ALICE: But anyway (gáire) tháinig sé anoir a’m agus bhfuil ’fhios a’d ba é an ceathrú lá fichid go Meitheamh é.

PÓILÍN: Sea.

ALICE: Agus bhí, bhíodh scaif i gcónaí air sa ngeimhridh sóirt, bhíodh scaif am eicínt air, ba ghearr le crústa é ach …

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: … céard a bhí an lá seo air ach bathing suit timpeall ar a mhuineál aige.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Thosaigh mé féin a’ breathnú air, a’ déanamh an-iontas gon bathing suit (gáire). Ach tháinig nurse Cadden ansin, is fada gur tháinig sí sin agus bhí cuach uirthi “Don’t be long now” a deir sí. Ach an bhfuil ‘fhios a’d …

MÁIRÍN: (Gáire) Sábhála Dia sinn. Meas tú an bhféadfá cnaipe a bhrú.

PÓILÍN: (Gáire) Níl sé chomh éasca leis sin. Níl.

ALICE: Ach anyway tháinig Gerald ar an saol agus murach go raibh nurse Cadden ann ní bheadh sé beo inniu.

MÁIRÍN: Stop.

PÓILÍN: An b’shin é an chaoi?

ALICE: No mar bhí an cord timpeall, timpeall, timpeall ar a mhuineál agus seod é an dath a bhí air. Dark navy, navy.

PÓILÍN: Agus céard a rinne siad?

ALICE: Ó chuir sí ar ais aríst é agus chas sí é.

PÓILÍN: God bless us.

ALICE: Agus tháinig sé ar an saol agus deir sí “now” deir sí “you’ll do something for me,you’ll have to call this child after the Papal Nuncio”. “ Oh I’ll call him anything you like” a deir mise

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus a dúirt sí “what were you going to call him?” Deir mé féin, “we were going to call him John” mar St. John’s Day a bhí ann.

PÓILÍN: “__+”

ALICE: “Oh tag it on” a deir sí.

PÓILÍN: Tag it on.

ALICE: So Gerald John a chuaigh ar Gerald.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ó agus cuimhním ar an dochtúir. M hm a deireadh an dochtúir. Mmm. (Alice ag déanamh aithris ar an dochtúir)

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Ní dhearfainn gur thaitnigh mná a’ chor a’ bith leis.

PÓILÍN: Nach aisteach, agus an jab a bhí aige.

ALICE: Nach ea ach bhí sé ádhúil, bhí sé thar a bheith ádhúil.

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Ní dhearfainn gur chaill sé mórán páistí riamh. Níor chaill sé aon bhean anyway.

PÓILÍN: Cé nár chaill?

ALICE: No.

PÓILÍN: Go maith. Agus dá mbeadh rudaí a’ gabháil go dona, bhfuil ’fhios a’d, go mbeadh deacrachtaí aige nach mbeadh sé féin in ann aige, a’ mbíodh, a’ mbíodh aon bhealach le daoiní a chur síos Gaillimh ag an ospidéal? An mbíodh aon bhád ann nó céard a bhíodh ann?

MÁIRÍN: Muise níl 'fhios a’m an t-am sin.

ALICE: Catherine Mullen.

MÁIRÍN: Catherine Mullen.

ALICE: Catherine Mullen an créatúr. Cailleadh í sin ar an mbealach Gaillimh, an bhfuil ’fhios a’d.

PÓILÍN: Ó.

ALICE: Ach bhí an páiste, bhí an páiste in Árainn aici.

PÓILÍN: Á.

ALICE: Agus bhí an páiste caillte.

MÁIRÍN: Ag cur fola.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: An raibh?

ALICE: D’imigh a cuid fola uilig.

PÓILÍN: An raibh?

ALICE: An créatúr.

PÓILÍN: Go ndéana Dia grásta uirthi.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Bhí. Fós ag caint faoi saol na mban ar Árainn, tá cáil domhanda ar an ngeansaí Árainn, an mbíodh mórán mná go “__” ag cniotáil?

MÁIRÍN: An raibh siad i nGort na gCapall?

ALICE: Bhuel níor thosaigh an chriotáil mhór seo a’ chor a’ bith nó go dtí aimsir an chogadh. Níor tháinig an cháil ceart air mar a déarfá go dtí aimsir an chogadh.

MÁIRÍN: Bhídís á gcriotáil

ALICE: Bhídís ag criotáil sóirt

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Bhíodh.

PÓILÍN: Geanasachaí agus stocaí an ea, nó céard?

MÁIRÍN: Geansachaí.

ALICE: Ó stocaí, dhéanaidís stocaí lena súile dúnta.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi?

ALICE: Bhuel gearr leis.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus na geansachaí, ní raibh, ní raibh dar an-mhaith ag na geansachaí ach bhíodh sóirt rud eicínt déanta acub. Bhuel ní chaití na geansachaí, nach léine gorm a bhíodh ann?

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Léine flainín gorm.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, bhíodh siad go hálainn.

MÁIRÍN: Agus bheist….

ALICE: …. Agus ansin bheadh bheist ós a chionn.

MÁIRÍN: Taobh amuigh.

ALICE: Sin é an ….

PÓILÍN: …. Agus a’ mbíodh táilliúir a’ déanamh, a bhíodh a’ déanamh an t-éadach seo dhóibh nó cé ‘ bhíodh a’ déanamh an ….?

ALICE: …. Bhíodh Martin Bhrian Beag. Martin Bhrian Beag, bhí sé ina tháilliúir. (Póilín agus Alice ag caint ag an am céanna)

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Bhíodh sé a’ déanamh éadach anyway.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Yeah.

PÓILÍN: Just labhróidh muid b’fhéidir anois faoi cúrsaí talamh aríst, nuair a bhí sibh a’ fás suas, an mbíodh cíos le n-íoc ag na daoine ar an talamh nó an gcuimhníonn sibh ar an tiarna talún?

ALICE: Ó bhí cíos le n-íoc go dtí le cúpla bliain, níl sé sin i bhfad stopthaí a’ chor a’ bith, an cíos. (Máirín agus Alice ag caint le chéile)

MÁIRÍN: Ach ní le tiarna talún a bhí sé le n-íoc.

ALICE: Land Commission, i mBaile Átha Cliath. Leis an Land Commission.

PÓILÍN: ’S cén chaoi a mbaileofaí an t-airgead?

ALICE: Ó muise ní bhíodh mórán ann, céard a bhíodh ….?

MÁIRÍN: …. Ní bhíodh mórán ann. Coly Hernon, bhíodh sé a’ gabháil thart, nach mbíodh.

ALICE: Ó rates a bhí Coly Hernon a’ bhailiú

MÁIRÍN: Ó rates.

ALICE: A Mháirín, rates.

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m cén chaoi a mbailítí …

ALICE: Thiocfadh demand note agus, as Baile Átha Cliath agus ….

MÁIRÍN: …. Á sea, ó yeah. Chaithfidh tú é a chuir ….

ALICE: Chaithfidh tú é a chuir ar ais i Meitheamh agus

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Faoi Nollaig. Bhí an dá leath bhliain ann ach tá sé sin thart le

MÁIRÍN: Tá sé thart le ….

ALICE: …. Á tá se sin thart le, le deich mbliana fichid, mb’fhéidir nó …

PÓILÍN: Tá, tá. Go maith

ALICE: Ní raibh mórán ann, mar a déarfá, cnagaire talamh ní móide a n-íocfá ach coróin ‘s punt nó rud eicínt mar sin.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ní raibh sé daor. Faoi dhó sa mbliain.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Bheadh sé sin íocaithe, ceannaithe amach ansin.

PÓILÍN: Go maith.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Go maith. Céard faoi cúrsaí taistil nuair a bhí sibh óg? An raibh carr agus capall ag mórán daoine?

ALICE: Carr, bhí ….

MÁIRÍN: …. Carr agus jaunt.

ALICE: Corr jaunt.

MÁIRÍN: Corr jaunt.

ALICE: Carrannaí capall, na carrannaí troma sin.

PÓILÍN: M hm.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: An torann a bhíodh acub sin a’ gabháil an bóthar.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Mar ní raibh aon tarra ar an mbóthar an t-am sin.

MÁIRÍN: Ach clocha.

ALICE: Clocha.

PÓILÍN: Bhíodh sé sin dian mar sin ar na caiple agus ….

MÁIRÍN: …. Bhíodh sé dian ar na daoine.

PÓILÍN: Na daoine a bhí istigh ins an gcarr….

MÁIRÍN: …. Agus dá mbeadh rothar a’d, d’fhéadfá ….

ALICE: …. A muise na rothair ….

PÓILÍN: …. A’ mbíodh mórán rothair an t-am sin a Mháirín?

MÁIRÍN: Bhuel

ALICE: Bhuel thosaigh siad, yeah bhí rothair ann le mo linn sa.

MÁIRÍN: Corr cheann.

ALICE: Nuair a bhí muide a’ fás suas …

MÁIRÍN: Bhí ceann a’dsa, na’ raibh?

ALICE: Muise ceann a bhí ag Diela é sin ach ní raibh sí in ann (gáire) aon cheart a bhaint de. Sin é an fáth go bhfuair mise é.

MÁIRÍN: Agus bhí ceann a’msa.

ALICE: Bhí ceann a’dsa.

MÁIRÍN: Bhí ceann ag Éinne, (deirfiúr Mháirín) nil ’fhios a’m a’ raibh ceann a’msa, b’fhéidir nach raibh.

ALICE: Déarfainn gur a’dsa a bhí sé, déarfainn.

PÓILÍN: Agus an mbíodh gabha ar an mbaile nó cén chaoi a mbíodh sibh ag coinneal na crúba ceart faoi, faoi na caiple? An mbíodh gabha ….?

ALICE: …. Ó Cóil a’ Ghabha. Sin é an t-aon ghabha a bhí …

MÁIRÍN: Cóil a’ Ghabha.

ALICE: Ó bhí gabha i gCill Rónáin nach raibh tamall?

MÁIRÍN: Ó bhí.

ALICE: Joe Ned Gabha.

MÁIRÍN: Joe Ned Gabha.

ALICE: Bhí, ach

MÁIRÍN: Cóil a’ Ghabha.

ALICE: Cóil a’ Ghabha, tá ’fhios a’d Maidhcilín a’ Ghabha a fuair bás an lá cheana

PÓILÍN: Ó go ndéana Dia grásta air….

MÁIRÍN: …. A athair sin.

ALICE: Ó bhí Maidhcilín é féin ina ghabha….

PÓILÍN: …. I bhfearann ’a Choirce?

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Tá ’fhios a’m é.

ALICE: Sea, bhí Maidhcil é féin ina ghabha.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Bhí, bhí, de réir na scéil a chloisim, sea.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Go maith, agus fós ag caint faoi cúrsaí taistil, céard faoi an turas go Gaillimh, cén t-ainm a bhíodh ar an mbád a bhíodh a’ freastal ar na h-oileáin nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Dún Aonghus.

MÁIRÍN: Cóil a’ Ghabha.

ALICE: Cóil a’ Ghabha, tá ’fhios a’d Maidhcilín a’ Ghabha a fuair bás an lá cheana

PÓILÍN: Ó go ndéana Dia grásta air….

MÁIRÍN: …. A athair sin.

ALICE: Ó bhí Maidhcilín é féin ina ghabha….

PÓILÍN: …. I bhfearann ’a Choirce?

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Tá ’fhios a’m é.

ALICE: Sea, bhí Maidhcil é féin ina ghabha.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Bhí, bhí, de réir na scéil a chloisim, sea.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Go maith, agus fós ag caint faoi cúrsaí taistil, céard faoi an turas go Gaillimh, cén t-ainm a bhíodh ar an mbád a bhíodh a’ freastal ar na h-oileáin nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Dún Aonghus.

ALICE: Bheadh tú i Meiriceá.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bheadh, is minic a bheadh muid sé uaire a’ chloig ar an mbád sin….

MÁIRÍN: …. Yeah. Agus bhí sóirt áit le na mná, shuíodh tú isteach, cén t-ainm a bhí air, agus bheadh Danny an taobh eile dhíot agus é ag fryáil rashers

PÓILÍN: Ó, ar an mbád.

MÁIRÍN: Ar an mbád.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: Ó bhínn go dona.

ALICE: Bhíodh tinneas farraige ortsa.

MÁIRÍN: Bhíodh tinneas farraige orm.

ALICE: Ní raibh aon tinneas farraige ormsa riamh.

MÁIRÍN: Ó ní raibh?

ALICE: Bhí an-chraic a’m ar na rudaí sin.(gáire)

MÁIRÍN: Ní raibh.

PÓILÍN: Ó cé nach mbíodh?

ALICE: Ní raibh, tinneas farraige riamh orm.

PÓILÍN: Bhíodh tú féin tinn.

MÁIRÍN: Ó bhíodh mé chomh tinn, a’ cuimhneamh ar a ghabháil, a ghabháil ar an traein go Tuaim.

ALICE: Go Tuaim.

MÁIRÍN: Ach ansin nuair a bhí mé i Tuar Mhic Éadaigh ar bus .…

ALICE: …. Bhí sé sin uafásach.

MÁIRÍN: Bhínn tinn ar an mbus.

ALICE: Tinn ar an mbus.

PÓILÍN: Á bhí sé sin crua ort, a Mháirín.

MÁIRÍN: Bhíodh tinnis farraige ormsa an oíche sula d’fhágadh muid.

ALICE: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Ag cuimhneamh air, ag cuimhneamh ar an Dun Aonghus.

ALICE: Ach bhí mise ansin, bhíodh an-fhaitíos orm ar an bhfarraige.

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Is dóigh gurb shin é an fáth nach mbinn tinn.

MÁIRÍN: Is dóigh gurb shin é. Sin é an chaoi a mbíonn Ann, sin é an chaoi a mbíonn Ann (iníon Mháirín), scanraithe a bhíonn sí ach ní bheadh sí tinn.

ALICE: Ní bheadh. Sin é an fáth é is dóigh. Bhéinnse, an-fhaitíos orm. Bímse i ngreim sa mbád anois ag ceapadh go gcoinneoidh mé socair í. Anois féin go dtí an lá atá inniu ann.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi?

ALICE: Ghabhainn in áit ar bith ar an bplane beag sin.

PÓILÍN: An mar sin é?

ALICE: Ó ghabhainn, tá sí thar cionn.

PÓILÍN: An cuimhin libh an plane a‘ teacht mar sin? Cén uair a tháinig an plane?

MÁIRÍN: Ó tá sé ….

ALICE: …. Scaitheamh maith ó shin.

MÁIRÍN: Trí bliana is fiche a’ bhfuil nó cheithre ….

ALICE: Ara tá agus níos mó.

PÓILÍN: Agus taitníonn an plane le muintir Árainn.

ALICE: Ó tá sí thar cionn anois ó thosaigh sí a’ gabháil amach trasna go dtí Inverin. Tá sí thar cionn.

PÓILÍN: Agus an mbíonn imní oraibh thuas san aer?

ALICE: Á muise céard tá sé ach ceathair nó cúig go ’óiméadachaí.

PÓILÍN: Sách sciopaí.

ALICE: Tá mise chomh seafóideach agus nuair a bhreathnós mé ar an bhfarraige agus feicfidh mé deas cothrom í …

PÓILÍN: Sea (gáire).

ALICE: … nach bhfuil sé sin ceart dá dtiocfá anuas féin air.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: “__” dá mbeadh tú in ann snámh.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: (Gáire) Go deimhin ní bheadh mé in ann snámh go háirid.

MÁIRÍN: Bhíodh muid a’ snámh i bPort Bhéal an Dún, cuimhním.

PÓILÍN: A’ mbíodh sibh a’ snámh i bPort Bhéal an Dún?

ALICE: Bhíodh muid a’ snámh ins na bulláin.

MÁIRÍN: Na bulláin agus muid ag ceapadh go raibh muid iontach.

ALICE: Á bhí bulláin álainn ann. A’ bhfaca tú na bulláin mhóra sin?

PÓILÍN: Chonaic, go deimhin chonaic.

ALICE: Agus bhídís, bhíodh an t-uisce té, bhuel ní bhíodh muid a’ snámh ach ….

MÁIRÍN: …. Bhíodh muid thiar…

ALICE: Bhí an t-uisce chomh te iontub.

PÓILÍN: Go deas.

ALICE: Ba mhór an spóirt iad.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Go deas, agus céard faoi an bhfarraige anois, an trá i gCill Mhuirbhigh? An mbeadh sibh a’ gabháil síos a’ snámh ansin?....

MÁIRÍN: Bhí, bhuel chaithfeá, ní raibh muid in ann snámh ach just

PÓILÍN: Cén fáth sin?

ALICE: Plobáil.

MÁIRÍN: Plobáil. Ach Ar ndóigh ní raibh aon dhuine a’ múnadh snámh.

ALICE: Cé a mhúineadh snámh duit?

PÓILÍN: Nach ea, agus na hiascairí, an mbeadh ….

ALICE: …. Shílfeá go raibh sóirt ….

MÁIRÍN: …. Bhí na hiascairí in ann snámh.

ALICE: Á ní raibh na hiascairí [in ann snámh]

PÓILÍN: Nach aisteach anois é, nach ea.

ALICE: Tá mise a’ cheapadh go raibh sóirt faitíos ag chuile dhuine roimh an fharraige.

PÓILÍN: Yeah, tá pisreog eicínt faoi sin, nach bhfuil. Faoi na hiascairí, go mbíodh, níor chuala sibh faoi sin?

MÁIRÍN: Tá, céard é féin ar chor ar bith.

ALICE: Ní maith leob aon duine a shábháilt, ab ea?

MÁIRÍN: Ní hea, má thagann tú slán “__+”

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Bádh an fharraige aríst tú.

PÓILÍN: B’shin é?

ALICE: Ó’ má thagann tú slán babhta …

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sin pisreogaí.

MÁIRÍN: Á ’s nach pisreogaí é, d’oile céard é féin ach pisreogaí .

PÓILÍN: Sea, agus an bhfuil mórán pisreogaí eile go bhfuil ’fhios agaibh? Faoi rudaí difriúla

ALICE: Tá dar imithe anois tá mé a’ ceapadh. Meas tú an bhfuil aon phisreog eile anois ann?

MÁIRÍN: Á bhíodh, bhíodh (gáire) rud eicínt ehm tá mé a’ cheapadh gurb é an chaoi ar léigh muid i leabhar eicínt é, bhíodh Maloney a’ tabhairt leabhra dúinn.

ALICE: Ó bhíodh leabhra ag Maloney, leabhar pisreogaí.

MÁIRÍN: Sea .agus bhíodh sé ag rá dá mbeifeá a’ gabháil thar áit a mbeadh bó agus dá bpiocfá trí, trí bhileog agus é a chaith isteach, bhaineadh

ALICE: Bhainfeá an bainne uathu.

MÁIRÍN: (Gáire) Sea. Bhainfeá an bainne ón mbó (gáire)

ALICE: A Thiarna.

PÓILÍN: Nach bhfuil sé sin suimiúil.

MÁIRÍN: Bhíodh, bhíodh muid dhá thriáil.(gáire).

PÓILÍN: An mbíodh?

ALICE: Ó bhíodh an- , ’bhfuil ’fhios a’d céard faoi a bhíodh na pisreogaí acub ach an ….

MÁIRÍN: …. Ó sea agus Lá Bealtaine.

ALICE: Ó bhuel maidir leis sin, ach a’ déanamh im, a’ déanamh im.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Leis an gcuinneog.

PÓILÍN: Ó inis faoi sin.

ALICE: Sea, dá dtiocfá isteach anois, dá dtiocfainnse isteach i do theach sa anois agus bheadh tú a’ déanamh maistreadh, seod é anois an sean chineál anois

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Agus chaithfinnse a ghabháil agus láimh a chuir ins an maistreadh sin agus trí dash a thabhairt dó.

PÓILÍN: Trí dash.

ALICE: Nó thabharfainn liom do chuid im.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus bheadh an t-im uilig a’m féin ansin. Ansin faoi cheann an chéad mhaistreadh eile.

MÁIRÍN: Ó ní thaitneoidh tú le aon dhuine.

PÓILÍN: Go maith, go maith.

ALICE: Lá amháin tháinig Antoine Mháirtín isteach ag eh an teach a’inne agus bhí sé ag inseacht faoi, ó ag caint ar, ní an t-am sin a tharla sé ach i bhfad roimhe is dóigh ach gur thug a mháthair iasacht an chuinneoig

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: go bhean eicínt ar an mbaile.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Tá mise a’ ceapadh gurbh í Bríd Tom Antoine í.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Agus rinne Bríd an maistreadh anyway agus thug sí soir an créatúr an chuinneog aríst ag an mbean agus chuaigh sí féin a’ déanamh maistreadh agus “dá mbeadh sí á dhéanamh ó shin” ….

MÁIRÍN: …. (Gáire) ….

ALICE: …. a deir Antoine, “ní bheadh, ní thiocfadh aon im air”

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Agus ar deireadh soir leis nó siar leis ag Bríd agus dúirt sé, “go soir agus cébí cén diabhal a chur tú ar an gcuinneoig” a deir sí “bain de é” a deir sí.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Agus chuaigh sí soir, an seanbhean bhocht agus bhí trí dash aici agus oooo tháinig an t-im uilig in aon mheall amháin.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: “Á stop” a deir mo mháthair leis “sé an chaoi a raibh an iomarca uisce te aici ann”.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: “Ní hea, tá mé a’ rá leat nach ea”. [a deir Antoine] Bhí sí a’ tabhairt lei an t-im ach níor éirigh lei.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith, go maith. Tá mé a’ gabháil a’ cur ceist anois faoi an Nollaig ag go bhfuil muid ag ceiliúradh féile na Nollag agus tá roinnt nósanna ag baint leis an Nollaig ar Árainn.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Nach nós é iasc nó príotháil a bheith ag duine?

ALICE: Ó ba dhea, oíche Nollag.

MÁIRÍN: Is álainn an focal é sin. Thaitníodh sé liom,(gáire) an príotháil.

ALICE: An príotháil.

MÁIRÍN: Bhíodh sé ag mac Mhicilín. Thagadh sé isteach agus deireadh sé “ó tá an príotháil ré anois”.

ALICE: Meas tú céard is ciall leis an bhfocal príotháil?

MÁIRÍN: Níl ’fhios a’m. Ach feictear dom gur álainn an focal é.

PÓILÍN: Is deas an focal é.

ALICE: Sea, príotháil, príotháil.

MÁIRÍN: Príotháil.

PÓILÍN: Agus cé, céard é féin? Níl ’fhios a’msa.

MÁIRÍN: Sauce

ALICE: Sauce, is white sauce é go chineál ach déanamh tú le plúr é.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Bainne agus plúr.

MÁIRÍN: Agus….

ALICE: …. agus oinniún, agus beidh an oinniún gearradh roinnt garbh, tá ’fhios agat.

PÓILÍN: Ó right.

ALICE: Agus bruithfidh tú na hoinniúin thíos sa mbainne ar dtús.

PÓILÍN: Go deas.

ALICE: Agus ansin cuirfidh tú ar an, beidh an plúr déanta suas le bainne freisin a’d.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Go mbeidh sé réidh.

PÓILÍN: Ó right.

ALICE: Agus meascadh tú isteach é agus déanann sé anlann álainn. Príotháil.

PÓILÍN: Bhíodh sé sin agaibh le iasc mar sin oíche Nollag.

MÁIRÍN: Oíche Nollag.

ALICE: Le cur ar an iasc goirt.

MÁIRÍN: Oíche Nollag.

PÓILÍN: Iasc goirt. Bhíodh sé sin blasta.

MÁIRÍN: Bhí sé go hálainn.

ALICE: Bhí sé ag Brian an oíche cheana.

MÁIRÍN: An raibh?

ALICE: Is maith leis i gcónaí é. Ach ní raibh aon iasc goirt a’inn.

MÁIRÍN: Á.

ALICE: Ach séard, thug Patrick isteach iasc an lá cheana, isteach ón iascach agus chuir sé salann air, tá mé a’ cheapadh gur trosc a bhí ann nó rud eicínt

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Ach chuir sé salann air ansin agus rinne sé, bhí sé go deas ach ní íosann mise iasc a’ bith.

MÁIRÍN: Ó cé nach n-íosann?

ALICE: Níor ith mise iasc le fada an lá.

PÓILÍN: Cén fáth sin?

ALICE: Ní maith liom é.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi?

ALICE: Níl ’fhios a’m. Bádh cúpla duine agus ní maith liom é.

PÓILÍN: Right, chuala mé bean eile actually a’ rá an rud céanna, máthair Diela, Mary Ann.

ALICE: Ó Mary Ann ar ndú, a h-athair

PÓILÍN: Bádh a h-athair.

ALICE: Bádh a h-athair.

PÓILÍN: Agus ní bhlaiseann sí go iasc ó shin. Bhuel a’ caint faoi pisreogaí anois agus an Nollaig, chuala mise go gcreideann roinnt daoine go dtagann na mairbh ar ais oíche Nollag agus go bhfágtar píosa caca thuas ar an, ar an lota dóibh, ar chuala sibh faoi sin?

ALICE: B’fhéidir go mbíodh.

MÁIRÍN: No níor chuala mé é sin.

ALICE: Ag Santy a fhágtar anois é.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Sea.

PÓILÍN: (Gáire) Bhuel ag caint faoi Santy, céard a bhíodh Santy a’ tabhairt agaibh nuair a bhí sibh beag?

ALICE: Orange.

MÁIRÍN: Orange.

ALICE: Cúpla bulls eye

MÁIRÍN: Agus

ALICE: Naipcín beag.

PÓILÍN: Á

ALICE: Cinn beaga deasa.

MÁIRÍN: Agus fiú amháin “__” stocaí.

ALICE: “__+”

MÁIRÍN: Yeah. Leabhar.

ALICE: Á is dóigh go raibh stocaí níos fearr ná a chéile mar a déarfá.

MÁIRÍN: Yeah, leabhar.

ALICE: Níos beaite.

PÓILÍN: Agus an mbíodh crann Nollag agaibh?

MÁIRÍN: Á ní bhíodh.

ALICE: Ní bhíodh a leithéide go rud.

MÁIRÍN: No ní raibh a leithéide go rud ann.

PÓILÍN: Cé nach mbíodh? Agus céard faoi an coilleann? An mbíodh daoine a’ gabháil amach….?

MÁIRÍN: …. Ó bhíodh….

ALICE: …. Ó bhíodh neart de sin.

MÁIRÍN: Agus coicís….

ALICE: …. Agus eibheann. Agus chuirtí whitewash ar na tithe.

MÁIRÍN: Théití síos ag an gcladach agus thugtaí aníos….

ALICE: …. Mulláin bheaga….

MÁIRÍN: …. na mulláin bheaga….

ALICE: Agus gainimh.

PÓILÍN: Á.

ALICE: Bhí sé go deas.

MÁIRÍN: Bhí sé go hálainn.

PÓILÍN: Go deas.

MÁIRÍN: Agus coinnle, of course.

ALICE: Coinnle dearg.

PÓILÍN: Coinnle dearga.

ALICE: Mb’fhéidir go mbeadh ceann bán, ach coinnle, coinneal dearg sa gcistineach go háirid.

PÓILÍN: Tá nós faoi na coinnle sna fuinneogaí, méid áirid laethanta, nach bhfuil?

MÁIRÍN: Ó tá.

PÓILÍN: Cén nós a bhí ann? Céard é an nós na gcoinnle?

ALICE: ’Speáint an bealach gon Mhaighdean Mhuire.

MÁIRÍN: Mhaighdean Mhuire.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Nach deas, nach deas an nós é.

ALICE: Agus céard é, á sea bhí dhá cheann déag ansin ann le oíche chinn an dá lá dhéag ….

MÁIRÍN: …. Oíche chinn an dá lá dhéag.

ALICE: Sin é an cúigiú lá go Eanáir….

MÁIRÍN: …. Lasann tú dhá cheann déag go choinnle.

ALICE: Sea, “__” an dá cheann déag.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Go deas, go dhá lá déag na Nollag.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: M hm.

MÁIRÍN: Agus bhíodh daoine ag cur ainmneachaí orthub agus ….

ALICE: …. An mbíodh?

MÁIRÍN: (Gáire) Bhíodh.

PÓILÍN: Cén chaoi anois ag cur ainmneacha?

MÁIRÍN: An bhfuil ’fhios a’d, déarfadh siad “sin é mo cheann sa”

ALICE: Á sea.

PÓILÍN: Á nuair a bhí na gasúir beag.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Nach deas an nós é sin. Ach b’fhéidir go labhróimis anois rud beag faoi tórramh, an bhfuil difríocht, aon difríocht idir an tórramh a bhíonns ann inniu agus an tórramh a bhíodh ann?

ALICE: Á muise tá agus chuile dhifríocht.

PÓILÍN: Céard é féin?

ALICE: Bhuel fadó de réir mar chuala mud, ní fhaca muide é ach go mbíodh tórramh ann ar feadh trí oíche nó rud eicínt agus más seanduine é go mbeadh damhnsa agus chuile chineál rí-rá acub. Bhíodh, bhíodh. Dá mbeadh an duine sean, an-sean.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Agus an mbíodh na mná ag caoineadh, a’ bhfuil ’fhios a’d ?

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Á bhíodh, cuimhním féin orthub sin.

MÁIRÍN: Ó cuimhnímse orthub, bhíodh siad thíos sa, sa reilig in Eoghanacht.

ALICE: In Eoghanacht.

MÁIRÍN: Sna Seacht dTeampaill.

ALICE: Nach ea.

MÁIRÍN: Fr. Killeen a chur stop leis sin.

ALICE: Chuir sé stop ….

PÓILÍN: .… Chuala mise rud eicínt faoi sin. Sea gurb iad na sagairt a dúirt, a chur stop leis.

MÁIRÍN: Sea, ach níl ’fhios a’m, ní raibh sé a’ déanamh aon dochar.

ALICE: Bríd Iarnáin

PÓILÍN: Ní raibh go deimhin.

ALICE: Ach ba professionals iad (gaire) mar deir siad.

MÁIRÍN: ‘S Ar ndóigh ba dhea, bhí siad thar cionn.

PÓILÍN: Bhí.

MÁIRÍN: Feicear domsa nach raibh baint ar bith ….

ALICE: …. Ó Bríd Iarnáin. Ach bhíodh muide taobh amuigh ansin go theach an tórramh ag aithris orthub.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith, go maith. An-mhaith.

ALICE: Bhí siad uafásach. Tá record déanta, nach bhfuil de sin. Tá mé a’ cheapadh go bhfuil sé thoir a’inne.

MÁIRÍN: A’ bhfuil?

ALICE: Tá, sí Bríd Iarnáin a bhí ag caoineadh air.

MÁIRÍN: Sea, agus bhí duine eile i gCreig ’a Chéirín, Nóra Pheait Sheáin.

PÓILÍN: An mbíodh Nóra?

MÁIRÍN: Bhí, bhí sí thar cionn.

ALICE: Ó Ar ndóigh bhí glór breá cainte aici anyway.

MÁIRÍN: Yeah, bhí sí thar cionn.

PÓILÍN: Ó go maith.

MÁIRÍN: Bhíodh sí thíos sa reilig.

ALICE: Ó a Mhaighdean.

PÓILÍN: Agus an n-airíonn sibh uaib anois na nósannaí sin?

ALICE: Muise ní airíonn

[Leanann an agallamh ar aghaidh MD 34B]

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.