Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00027

Taifeadadh
BBAF.00027
Formáid
MiniDisc
Fad
43:14
Dáta
27 Nollaig 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Póilín Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoirí
Alice Mhic Giolla Phóil
Máirín Uí Choncheanainn
Eolas cartlainne
MD 34B Alice Mhic Giolla Phóil agus Máirín Uí Choncheannain. Tórramh; Cleachtais tórraimh; Piseoga; Turas go Gaillimh; Tithe Lóistín; An tAonach; Cuairteoirí; Teach Cill Mhuirbhigh; Scríbhneoir; Liam Ó Flaithearta.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00027
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

PÓILÍN: A Alice bhí tú ag caint ansin faoi pisreogaí.

ALICE: Á sea.

PÓILÍN: Faoin mbráilín ag an tórramh.

ALICE: Sea, sin nuair a bheifí á gcur sa gco[nradh], ag cur an corp sa gconradh. Bheadh braillín you know fúb ansin, bhainidís trí choirnéal

MÁIRÍN: An t-aon áit a chonaic mé iad, na Joe Macs….

ALICE: …. A’ rinne ….?

MÁIRÍN: …. nuair a cailleadh máthair Éamonn …

ALICE: Ó muise?

MÁIRÍN: Bhí mé [ag rá] “ ó bhuel cén sórt seafóid atá orthub sin”

ALICE: I nGort na gCapall a chonaic mise é sin.

PÓILÍN: Agus céard a bhíodh siad ag déanamh leis an trí coirnéal?

MÁIRÍN: Bhainidís, bhí caoi áirid leis “–– +”

ALICE: Sea ach bhí sé coinnithe le ócáid áirid Máirín.

MÁIRÍN: Bhí, chonaic….

ALICE: .... Bhí leigheas ar rud eicínt, bhí dar a’ cheapadh go raibh leigheas air.

PÓILÍN: Ó.

ALICE: Níl ’fhios a’m

MÁIRÍN: Choinnigh dar féin é. [an bráilín]

ALICE: Ar choinnigh?

MÁIRÍN: Bhí Eamonn a’ rá cén sórt seafóid atá orthub sin.

ALICE: Ach bhí, bhí leigheas eicínt nó ceapadh go raibh leigheas air rud eicínt, níl ’fhios a’msa anois ar galra eicínt a bheadh, galra “__+” eicínt

MÁIRÍN: Bhuel sin é an t-aon áit a chonaic mise é nuair a cailleadh máthair Éamonn, thiar sa teach a’inne a bhí sé.

PÓILÍN: Right.

MÁIRÍN: Agus ansin bhí tine, cosúil, sa seomra nuair a bhí na daoine ag an tórramh a’ bhfuil ’fhios a’d?

ALICE: Shea.

MÁIRÍN: Agus ar maidin nuair a bhí sí imithe ag an séipéal.

ALICE: Shea?

MÁIRÍN: Ní raibh mise imithe soir mar bhí mé a’ súil le [torrach]….

ALICE: …. Bhí tusa a’ súil.

MÁIRÍN: Le duine eicínt agus chuaigh mé suas a’ gabháil a’ glanadh amach na “__” agus tháinig Stefen, Stefenín Bhríd Rua agus dúirt sé “ó a Mháirín, ná, ná glan amach é sin fós, caithfidh tú fhanacht nó go mbeidh sí curtha.”

PÓILÍN: Oh right.

ALICE: By deaid.

MÁIRÍN: Agus ní ligfí chead dhuit a bheith ar tórramh ’á mbeadh tú a’ súil le páiste.

ALICE: Ó ní ligfí, ó ní, ó ní ligfí cead duit go leor rudaí a dhéanamh

MÁIRÍN: Yeah mar chuaigh mise siar ar toradh tí Mhicilín agus tháinig Bríd Rua ann agus dúirt sí “ó a dhreabhairín téirigh abhaile” (Gáire)

PÓILÍN: Hm, tá an nós sin ann fós taobh amuigh fiú, ag mo mhuintir. [ar an mórthír]

MÁIRÍN: Ó a’ bhfuil?

PÓILÍN: Sea, tá. Tá, tá.

MÁIRÍN: Agus meas tú cén fáth?

PÓILÍN: Ehm

ALICE: A bhuel Ar ndóigh an marbh agus an beo.

PÓILÍN: Sin é é is dóigh, sea, sea. Agus chonaic mé scannán fadó….

ALICE: …. Rud eile a bhí acub freisin faoi, rud, cás mar sin, ’bhfuil ’fhios a’d nuair a bhítí a’ marú beithíoch ….

MÁIRÍN: Ó sea, sea….

ALICE: …. nó muic….

MÁIRÍN: …. Ó sea ….

ALICE: .… agus ghabhfá a’ ceannacht píosa gon fheoil sa teach….

MÁIRÍN: …. Sea….

ALICE: …. agus ní, dhá mbeifeá a’ súil le páiste ní thabharfaidís cead dhuit an fheoil, an fheoil a iompar.

MÁIRÍN: Á.

ALICE: Mar tá ’fhios a’msa gur mharaigh dar muic thuas tí Cheata trip eicínt.

MÁIRÍN: Sea?

ALICE: Níl ’fhios a’m bhí mise a’ súil le duine eicínt acub ach chuaigh mé suas ag iarraidh píosa gon mhuiceoil.

PÓILÍN: Ar ndóigh, sea.

ALICE: Ach sé Joe Diela a bhain díom é.

PÓILÍN: Á stop!

ALICE: Ach bhí Kate Steve, ach bhí Kate lán leob.[piseoga]

MÁIRÍN: Bhí, bhí sí lán le pisreogaí (gáire).

ALICE: Agus “leag uait é sin a dhreabhairín”

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: A deir sí.

PÓILÍN: By deaid.

ALICE: Chaith mé uaim é, cheap mé go mb’fhéidir gur le duine eicínt eile é nó rud eicínt, you know.

PÓILÍN: Right, right Alice.

ALICE: “Joe” a deir sí “tabhair síos é sin di” agus mé féin i mo óinseach a’ gabháil anuas i ndiaidh Joe Diela agus an píosa muiceoil aige.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus ní gheobhainn cead é a iompar mé féin, ach dúirt mé aríst “meas tú cén fáth é sin?”. Ar ndóigh an marbh agus an bheo a deir siad.

PÓILÍN: Right.

MÁIRÍN: Nach aisteach.

ALICE: “––– +” ruainne muiceoil

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: By deaid, tá sé sin suimiúil.

ALICE: Hm, ó bhí go leor a’ baint leis, le, le nuair a bheidís a’ súil le páiste.

MÁIRÍN: Ó bhí.

PÓILÍN: By deaid.

ALICE: Chaith mé uaim é, cheap mé go mb’fhéidir gur le duine eicínt eile é nó rud eicínt, you know.

PÓILÍN: Right, right Alice.

ALICE: “Joe” a deir sí “tabhair síos é sin di” agus mé féin i mo óinseach a’ gabháil anuas i ndiaidh Joe Diela agus an píosa muiceoil aige.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus ní gheobhainn cead é a iompar mé féin, ach dúirt mé aríst “meas tú cén fáth é sin?”. Ar ndóigh an marbh agus an bheo a deir siad.

PÓILÍN: Right.

MÁIRÍN: Nach aisteach.

ALICE: “––– +” ruainne muiceoil

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: By deaid, tá sé sin suimiúil.

ALICE: Hm, ó bhí go leor a’ baint leis, le, le nuair a bheidís a’ súil le páiste.

MÁIRÍN: Ó bhí.

ALICE: Sea agus an rud eile anois nuair a bheidís a’ tabhairt amach corp as an teach.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Chaithfeadh an cónra theacht isteach ó thuaidh nó isteach ó dheas?….

MÁIRÍN: Isteach ó dheas.

ALICE: Isteach ó dheas.

MÁIRÍN: Agus amach ….

ALICE: …. agus amach ó thuaidh.

MÁIRÍN: Óóó.

ALICE: Agus tá ’fhios a’m nuair a bhí daideo a’ gabháil sa, a’ gabháil amach bhí, bhí, bhí duine eicínt a’ rá go gcaithfeadh sé a dhul isteach ó dheas agus amach ó thuaidh agus dúirt mo mháthair “cén sórt seafóid é sin” a deir mo mháthair “mura mbeadh ar an teach ach aon doras amháin”

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Agus tá ’fhios a’m bhí bean “––? “ó a dhreabhairín” a deir sí “éist leob, tabhair cead a gcinn dóibh”. Níl ’fhios a’msa cé a bhí á dhéanamh.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Right.

ALICE: Nach ea.

PÓILÍN: Nach ea.

ALICE: Chuirtí ar stól ansin .…

MÁIRÍN: …. Ó sea….

ALICE: …taobh amuigh iad agus nuair a thógfaí an cónra gon stól le cuir sa gcarr, chaithfeadh duine eicínt an stól a chiceáil.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: É a leagan, é a chiceáil ach níltear a’ déanamh tada mar sin anois.

MÁIRÍN: No, no.

PÓILÍN: ’Dhath ariamh.

ALICE: Nach shea, nach bhfuil sé uafásach.

PÓILÍN: Tá.

ALICE: Ach bhí na, is dóigh gur sóirt, ’s dóigh gur thaitnigh sé leob.

PÓILÍN: Is dóigh.

ALICE: Mar ba gnás é a’ bhfuil ‘fhios a’d?

PÓILÍN: Bhuel anois nuair a aireos daoiní na nósannaí seo anois b’fhéidir go dtosódh siad á gcleachtadh aríst mar ba bhocht an rud é ....

ALICE: .... e ligeann ....

PÓILÍN: .... cuide dá n-oidhreacht a chailliúint.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Nach ea.

MÁIRÍN: Cuide dhe, cuide dhe sách seafóideach.

PÓILÍN: (Gáire) Go maith. Munar mhiste libh tá muid ag iarraidh cúpla ceist eile a chur faoi Gaillimh, nuair a bhí muid ag caint ar ball faoi a’ gabháil Gaillimh agus turas Gaillimh, an cuimhneach libh cén costas a bhíodh ar an mbád an t-am sin a’ gabháil síos Gaillimh nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Á muise ní mórán é.

ALICE: Trí scilleacha.

MÁIRÍN: Trí scilleacha, ó is dóigh…

ALICE: Chuaigh sé go dtí cúig scilleacha aríst?

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Sea.

MÁIRÍN: Agus ansin chaithfeadh tú fhanacht....

ALICE: .... Chaithfeadh tú fhanacht trí oíche i nGaillimh ansin....

MÁIRÍN: .... trí oíche i nGaillimh.

PÓILÍN: Cén fáth trí oíche?

MÁIRÍN: Mar ní thagadh….

ALICE: .... Ní thagadh, Dé Céadaoin agus Dé Satharn a thiocfadh an Dún Aengus.

MÁIRÍN: Agus ansin nuair a thiocfadh droch aimsir d’fhéadfá a bheith thíos ….

ALICE: …. D’fhéadfá a bheith seachtain thíos.

PÓILÍN: A’ b’shin é an chaoi? Agus cén áit a d’fhanfadh daoine i nGaillimh?

MÁIRÍN: Ó bhí …

ALICE: Bhí go leor, neart áiteachaí le fanacht i nGaillimh.

PÓILÍN: Cé na háiteachaí?

ALICE: Bhí.

MÁIRÍN: Muise ní chuimhním ar leath na h-ainmneachaí. Bhí tí Flynn, Mrs Flynn

ALICE: Cá raibh sí sin?

MÁIRÍN: Bhí sí síos ar aghaidh an séipéal Augustinian.

ALICE: Ó.

MÁIRÍN: Agus bhí Mrs, cén t-ainm ….

ALICE: …. Cé a bhí thuas i Prospect Hill? Mrs Mitchell.

MÁIRÍN: Ó yeah, that’s right agus

ALICE: Bhí tí Bhrady, níl ’fhios a’m cá raibh tí Bhrady ach bhí sé ann. Bhí chuile dhuine a’ fanacht tí Bhrady.

MÁIRÍN: Bhí, agus bhí, cén t-ainm a bhí ar an duine eile? Ar ndóigh Florrie.

ALICE: Florrie O’Toole. Is minic a d’airigh mé caint uirthi sin.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Yeah, go maith.

ALICE: Ó agus Ar ndóigh bhí agus go leor, leor eile. Mar an dtuigeann tú chaithfidís a dhul síos leis na beithígh an t-am sin, na beithígh a thabhairt ar an aonach, sa mBealtaine agus tá ’fhios a’d go raibh neart daoine a’ gabháil síos as Árainn. Chaithfidís na beithígh ansin a chuir amach ar an bpáirc, amach, amach an Bóthar Mór, amach áit eicínt.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: …agus ansin a dhul ag tóraíocht lóistín.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Éirigh aríst ag a ceathair a chlog ar maidin agus a ghabháil suas agus na beithígh a thabhairt isteach ar an aonach.

MÁIRÍN: Agus bhíodh an aonach sa Square. (Eyre Square i nGaillimh)

ALICE: Bhíodh an aonach ar an Square.

PÓILÍN: Ar an Square.

ALICE: Sea, ar an Square, bhí.

MÁIRÍN: Agus é breá salach, an gcuimhníonn tú nuair…

ALICE: Hm?

MÁIRÍN: Bhí muid a’ fanacht (--) Thug Diela agus Paddy Hehir, thug siad síos Gaillimh muid, an triúr a’ainn.

ALICE: Cuimhním air.

MÁIRÍN: Agus chuaigh muid suas go dtí an Square agus bhí sé lán le….

ALICE: …. Lán le coc bó (gáire) ….

MÁIRÍN: …. Coc bó.

PÓILÍN: Bhuel an áit a bhíonn’s beithígh bíonn coc bó, nach ea.

ALICE: Bíonn.

PÓILÍN: Go maith. Tagann go leor strainséirí go hÁrainn, an mbíodh mórán strainséirí ag teacht anseo nuair a bhí sibh óg?

MÁIRÍN: Bhuel bhíodh.

ALICE: Bhíodh, bhíodh Máire Tom….

MÁIRÍN: …. Bhíodh Máire Tom, bhíodh sí ag coinneáil….

ALICE: Bhíodh ehm, cé a bhíodh a’ teacht, bhíodh sagairt eicínt a’ teacht ann a Mháirín?

MÁIRÍN: Ó bhíodh, Jesuits.

ALICE: Jesuits, bhíodh muid a’ faire go dtiocfaidís. Thiocfaidís isteach ag a’ scoil ’s thabharfaidís pictiúirín go chuile dhuine.

PÓILÍN: An dtabharfadh?

ALICE: Sea, ó bhíodh an oiread “__”….

MÁIRÍN: …. Bhíodh daoine eile a’ fanacht aici, múinteoirí Protastúnach a bhíodh iontab.

ALICE: Miss Dennison.

MÁIRÍN: Ag foghlaim Gaeilge.

ALICE: Nach raibh Miss Dennison ar dhuine acub, a’ raibh?

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Cuimhním uirthi sin. Agus ansin bhíodh daoine eile as Blá Cliath, á bhí dar go h-iontach, ceoltóirí.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Seamus, níl ’fhios a’m cén dara ainm a bhí air. Seamus, mar Seamus an Cheoil (gáire) an t-ainm a bhí anseo air.

PÓILÍN: Yeah.

ALICE: Sea.

MÁIRÍN: Thagadh comhluadair ’s d’fhanfaidís seachtain.

ALICE: D’fhanfaidís seachtain agus coicís.

MÁIRÍN: Seachtain agus coicís a’ bhfuil ‘fhios a’d.

PÓILÍN: Agus cé na tithe a mbíodh siad a’ fanacht iontab?

MÁIRÍN: Bhíodh siad a’ fanacht tí Mháire Tom….

ALICE: …. Tí Mháire Tom agus bhí dar thiar i gCill Mhuirbhigh sa….

MÁIRÍN: …. I gCill Mhuirbhigh sa Barracks sea, sin é an áit atá tí Mhac Johnny.

PÓILÍN: Ó right.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: An chéad teach i gCill Mhuirbhigh, sea Barracks.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Tí Bhearaic a thugadh muid an t-am sin air.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Bhíodh siad a’ coinneáil daoine ansin?

MÁIRÍN: Bhíodh.

ALICE: Agus ansin thosaigh na Conneelys.[ag coinneáil daoine]

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Ó right .

ALICE: Bhí Mrs Ganley i gCill Rónáin agus....

MÁIRÍN: …. Ó sea agus ….

ALICE: …. Mrs Rowland.

MÁIRÍN: Mrs Rowland, St. Ronans.

ALICE: Agus St. Ronans agus St. Brendans thíos.

MÁIRÍN: Ó sea. Agus Baibín Sheáin Bhriain, bhíodh sí ag coinneáil.

ALICE: Bhuel bhí sé sin níos déarnaí mar a déarfá.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ó bhí sí.

MÁIRÍN: Bhíodh daoine a’ fanacht i gcónaí

ALICE: Tháinig sí as Meiriceá an t-am sin agus thosaigh sí.

PÓILÍN: Go maith. Agus cé bhíodh dhá dtabhairt timpeall an oileáin ansin? Cén bealach a bhíodh siad a’ gabháil timpeall?

MÁIRÍN: Chaithfidís jaunt a fháil is dóigh.

ALICE: Sea, shiúlaidís, bheadh jaunt acub nó trap. Ní bhíodh aon traps mórán….

MÁIRÍN: …. Ní raibh mórán traps, jaunt.

PÓILÍN: [Ar] nós an chaoi a mbíonn sé anois bhfuil ’fhios a’d ar an gcéibh. An mbíodh, cé mhéad daoine a bhíodh ar an gcéibh le jaunt? (Máirín ag caint ag an am céanna)

MÁIRÍN: Tá mise a’ cheapadh, ní bhíodh aon dhuine ar an gcéibh.

PÓILÍN: Ní bhíodh, cén t-am a thosaigh sé sin suas, an nós sin a’ gabháil soir agus .…

MÁIRÍN: …. Níl ‘fhios a’m

ALICE: Thosaigh sé Ar ndóigh nuair a thosaigh rudaí a’ fairsingiú agus thosaigh carranaí a’ fairsingiú ’s

PÓILÍN: Right. An cuimhin libh an chéad charr ar an oileán? Cé aige a raibh an chéad charr ar an oileán?

ALICE: Na Conneelys.

PÓILÍN: An ea?

MÁIRÍN: Bhí carr ag Seáinín Bhille (Gáire)

ALICE: Ó Seán Bhille.

MÁIRÍN: Seán Bhille (gáire).

ALICE: Chuaigh sé, tharraing siad siar é i ndiaidh what , carr capaill, ab ea?.

MÁIRÍN: (Gáire) Ní raibh sé….(gáire)

ALICE: …. Níor chorraigh sé ó shin.

MÁIRÍN: Níor chorraigh sé (gáire).

ALICE: Cearca a bhí istigh ar deiridh ann (gáire).

PÓILÍN: (Gáire).

ALICE: Bhí an oiread cainte faoi sin, móther Sheáinín Bhille.

PÓILÍN: (Gáire) Ní cuimhneach libh cén bhliain a bhíodh siad a’ rá?

ALICE: Bhíodh duine eicínt a’ gabháil aniar a Mháirín, níl ’fhios a’m m’fhéidir go raibh sé i Meiriceá cúpla lá nó rud eicínt ach [deireadh sé] “An bhfaca sibh an t-automobile”

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: (Gáire) An t-automobile.

PÓILÍN: Á tá sé sin barúlach. Go maith agus bhíodh ehm, thiar i gCill Mhuirbhigh bhíodh siopa agus posta ag an, oifig an phoist ag muintir Conneely.

ALICE: A bhuel tá sé sin mar déarfá, na blianta deireanach é sin.

MÁIRÍN: Na blianta deireanach.

ALICE: Is gairid ó shin é sin

MÁIRÍN: Ní raibh sé ann nuair a bhí muide a’ fás suas.

ALICE: Ó ní raibh. Bhí siopa tí Mhac Johnny.

MÁIRÍN: Bhí siopa tí Mhac Johnny.

ALICE: Sea, sa mBearaic, bhí siopa ansin.

MÁIRÍN: Bhí siopa ann, yeah.

ALICE: Bhí. Bhí siopa ansin ceart go leor.

PÓILÍN: Go maith, go maith.

ALICE: Thosaigh na Johnstons sách luath a’ coinneáil strainséirí. Nuair a phós, thar éis pósadh di, nár thosaigh? [Ag cur ceist ar Mháirín]

PÓILÍN: Bridget.

MÁIRÍN: Bridget, sea. Déarfainn go raibh sí scaithimhín.

ALICE: A’ raibh sí scaitheamh?

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Ó ’s Ar ndóigh bhí go leor obair le déanamh aici ar an teach ar dtús ar aon chaoi.

MÁIRÍN: Bhí, bhí.

PÓILÍN: Bhí, bhí. Go maith.

ALICE: A’ bhfaca tusa ‘riamh bean Johnston?[Alice ag cur ceist ar Mháirín]

MÁIRÍN: Ach, nach gcuimhníonn tú go mbíodh muid .…

ALICE: .... Bhíodh muid a’ gabháil siar….

MÁIRÍN: .... A’ gabháil siar….

ALICE: .... Ag iarraidh bainne.

MÁIRÍN: Agus bhíodh muid ag iarraidh flowers le cuir ar an altóir.

ALICE: Sea, a mhaisce.

PÓILÍN: Bhíodh siad aici, an mbíodh? Cén t-ainm a bhí uirthi seo anois, bean Johnston.

ALICE: Cén t-ainm a bhíodh uirthi? Mrs Johnston a bhí uirthi. O’Flaherty Johnston.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Bhí sí go deas. Thug sí isteach mise lá amháin anyway, níl ’fhios a’m cén fáth…

PÓILÍN: Right.

ALICE: ’S dóigh nach Sarah Cooke ann le bainne a thabhairt dhom nó rud eicínt ach thug sí isteach mé agus bhfuil ’fhios a’d (--) An t-am sin bhíodh muid a’ léamh leabhair Dickens.

MÁIRÍN: Ó sea.

PÓILÍN: A’ mbíodh?

ALICE: Sin é a chur sé gcuimhne dhomsa.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí an chistineach chomh dorcha.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Agus chuaigh mé isteach sa doras agus bhí sise chomh beag, beainín bheag ’s bhí sí gléasta dubh, collar ard mar sin, lása, agus óóó slabhra deas uirthi agus bhí an ghruaig pileáilte suas, é chomh, ó bhí sí go hálainn. Ach bhí sí chomh beag agus chuir sí ina suí ag an tine mé.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus, ag a’ range agus, bhuel bhí sóirt faitíos a’m roimhe mar bhí mé a’ cuimhneamh ar “––+”

MÁIRÍN: “–– +” (Gáire)

PÓILÍN: “––– +”

ALICE: (Gáire) Sea agus sin é a chuir sé i gcuimhne dhom. Agus bhfuil ’fhios a’d bhí an áit chomh dubh agus bhí mé a’ feiceáil na cúinní timpeall.

PÓILÍN: Bhí an tsamhlaíocht ag obair bail ó Dhia ort.

ALICE: (Gáire) Bhí mé a’ ceapadh go raibh na cobwebs chuile áit ach ar aon chaoi “now dear” a deir sí, Béarla [a labhair sí] ní raibh aon Ghaeilge aici siúd.

MÁIRÍN: Ní raibh.

ALICE: Ní raibh Gaeilge a’ bith aici, “now dear, you know” a deir sí “ my father and your grandfather, they did not agree”.

MÁIRÍN: Óra dheartháir.

ALICE: Bhí ’fhios a’msa an t-am sin go raibh mo ghrandfather sa bpríosún mar gheall air, (gáire) but “ they did not agree”, a deir sí “but at the same time he had great respect for him and his beliefs ”. “Haa” (gáire) a deir mé féin, bhí mé, ba chuma liom ach a ghabháil amach.

MÁIRÍN: Yeah (Gáire)

PÓILÍN: Ar ndóigh bhí sí ag tagairt ansin go rudaí a tharla….

ALICE: …. Ó sea, an Land League, an Land League, Irish Land League ….

MÁIRÍN: …. Nuair a cuireadh na beithigh “–––– +”....

PÓILÍN: .... Inis, céard a tharla faoi sin?

ALICE: Céard a thárla, Ar ndóigh bhí dar….

MÁIRÍN: …. Bhí dar ag iarraidh tuilleamh talamh....

ALICE: .... Bhí dar ag iarraidh, bhí dar a’ gabháil a’ cuir claí, hm a Mháirín, ní bheadh do theach a’d anois dhá bhfaigheadh sé cead a chinn.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Bhuel leanaigí orthaí, insígí dom faoi.

ALICE: Bhí dar a’ gabháil a’ cuir claí aniar uilig, tá ’fhios a’d a’ leannacht gon muirbheach mór suas Gort na gCapall

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: A’ gabháil a’ tógáil isteach Gort na gCapall uilig ….

PÓILÍN: .... (Déanann sí fead) ....

ALICE: .... an talamh breá sin. Siar ansin róidín ehm,

MÁIRÍN: Cén t-ainm ata air?

ALICE: Á cén t-ainm ….

PÓILÍN: …. An Caisil, ab ea?

MÁIRÍN: An Caisil.

ALICE: Róidín an Chaisil, bhí dar a’ gabháil a’ tógáil isteach an Chaiseal agus gabháil a’ tógáil isteach chuile shóirt…

MÁIRÍN: Stop.

ALICE: D’éirigh na fir amach agus caitheadh beithígh síos leis an áil, chaitheadar sé cinn déag go bhodógaí agus tarbh.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Cé na fir, cé na fir a bhí bainteach leis sin?

ALICE: Níl 'fhios a’m. (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí go leor….

PÓILÍN: …. A’ raibh, a’ raibh ….?

MÁIRÍN: …. Bhí Dado ann anyways.

PÓILÍN: A’ raibh Dado ann?

ALICE: Is dóigh gur theastaigh go leor fir le an méid sin, na créatúir go bheithígh bhochta.

MÁIRÍN: Sea, bhí…

ALICE: Bhínnse i gcónaí a’ cuimhneamh ar na beithígh sin.

MÁIRÍN: Ach Ar ndóigh is dóigh go “__+”

ALICE: Yeah. Chaitheadar síos iad sin agus céard eile a rinneadh ansin? Ó sea bhí dar a’ gabháil a’ tógáil seilbh ansin, bhí sé togthaí acub ar an trá agus ar an bhfeamainn, bhíodh feamainn an t-am sin you know

MÁIRÍN: Yeah. (Póilín Agus Máirín ag caint le chéile)

ALICE: Organic farming seo, agus bhídís a’ roinnt amach an feamainn. A’ bhfuil ’fhios a’d agus gheobhadh muintir Ghort na gCapall roinnt agus gheobhadh

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach shocraigh an Flathartach nach bhfaigheadh aon dhuine é. Bhí a chuid fir aige thíos a’ coinneáil na, muintir “–– +” ....

MÁIRÍN: A’ b’shin é an duine a scríobh Máirtín Ó Direáin an dán mór fada faoi, Ó Mórna?

PÓILÍN: Ó Mórna.

MÁIRÍN: Ó Mórna.

ALICE: B’fhéidir.

MÁIRÍN: Sé. Cén t-ainm a bhíodh siad a thabhairt air? Eh, céard atá air, pocaide.

PÓILÍN: Pocaide.

MÁIRÍN: Pocaide Bán.

ALICE: Ach ní shin é an fáth ar tugadh an pocaide bán air, bhí fáth eile leis sin.

MÁIRÍN: Is dóigh.

ALICE: Ach ar aon chaoi, caitheadh síos na beithigh anyway agus caitheadh urchar isteach thríd an bhfuinneoig, nár caitheadh, leis an bhFlaitheartach é féin.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach níor bhuail siad é. Agus caitheadh urchar thíos ag an trá agus chuaigh sé amach idir dhá chois fear eicínt (gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ach bhí sagart in Árainn an t-am sin, cén t-ainm a bhí air, sagart óg eicínt?

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Ó Mhaighdean cén t-ainm, as an áit taobh amuigh [mórthír] é agus bhíodh an créatúr thiar i gCill Mhuirbhigh a’ preacháil, coinneáil na daoine, ’s ní bhíodh faic ite aige, b’fhéidir go dtí an trí a’ chlog agus thabharfadh duine eicínt cúpla fata bruite aige.

ALICE: Níl ’fhios a’m anois cén t-ainm a bhí ar siúd a’ choir a’ bith. Fr. O’Donohue ab ea?

MÁIRÍN: Ó b’fhéidir go b’ea.

ALICE: Fr. O’Donohue a bhí air.

PÓILÍN: M hm, m hm.

ALICE: Bhít sé thuas ar ulán mór, a’ preacháil, a’ coinneáil na daoine a’ troid as ucht a gcuid…

MÁIRÍN: Yeah, bhuel…

PÓILÍN: A gcearta.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Nach raibh sé go maith.

PÓILÍN: Nach ea, nach ea. Agus céard faoin bhfeamainn ansin agus ag iarraidh an feamainn a roinnt ar an trá agus ….

ALICE: …. “–– +”

PÓILÍN: Cén chaoi ar socraíodh é sin.

ALICE: Shocraigh siad an bealach sin é, shocraigh siad, ó b’éigean gon Flathartach tabhairt isteach nuair a bhí an méid seo rudaí á dhéanamh air.(gáire) Ar ndoigh bheadh sé maraigh ar deiridh ar ndú. Bheadh, chaithidís ar deiridh é....

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ach bhí Dado, cé mhéad a bhí sé, bhí sé i bpríosún nuair a rugadh mo mháthair anyway.

PÓILÍN: A’ raibh?

ALICE: D’airínn í á rá sin, yeah.

PÓILÍN: Cén áit?

ALICE: I Luimneach.

PÓILÍN: I Luimneach.

ALICE: Ab ea? I nGaillimh?

MÁIRÍN: Ó b’fhéidir gur i nGaillimh é.

ALICE: B’fhéidir gur i nGaillimh é. Na’ raibh príosún i nGaillimh an áit a bhfuil an….

MÁIRÍN: …. Bhí príosún i nGaillimh, bhí.

PÓILÍN: A’ raibh?

MÁIRÍN: An áit a bhfuil an Cathedral.

ALICE: An Cathedral.

PÓILÍN: Yeah. Agus níl ‘ fhios a’d cá fhaid a bhí sé sa bpríosún?

ALICE: Bhí sé trí mhí ann nó sé mhí.

PÓILÍN: A’ raibh?

ALICE: Bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Bhí. Agus nach aisteach an rud é gur blianta fada [ina dhiaidh sin] a bhí muid thíos i Mahons hotel i nGaillimh…

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: …mé féin ’s mo mháthair, agus bhí, bhí fear, an fear seo, tháinig sé isteach ann agus thosaigh siad a’ caint, agus ba múinteoir é as Contae Mhaigh Eo

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Níl ’fhios a’m anois cén t-ainm a bhí air ach thosaigh siad a’ caint ar chuile shóirt agus ar an Land League agus an chaoi a raibh Michael Davitt agus chuile shóirt

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus dúirt mo mháthair ansin go raibh a h-athair i bpríosún nuair a rugadh í mar gheall ar an Land League agus dúirt sé “bhí mo athair sa i bpríosún” a deir sé “le fear as Árainn” a deir sé.

MÁIRÍN: Stop.

ALICE: Agus is dóigh go bé an fear céanna é.

MÁIRÍN: (Gáire) Is dóigh go bé.

ALICE: Yeah, nach aisteach.

PÓILÍN: Nach aisteach anois an chaoi ar casadh na daoine ar a chéile.

ALICE: Nach ea, a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÓILÍN: Nach ea, nach ea.

ALICE: Bhí sé an-suimiúil.

PÓILÍN: Go maith, an-mhaith, agus bhí tú ag inseacht dhúinn faoin gcúirt seo a thug tú ar cistineach an tí mhóir thiar i gCill Mhuirbhigh

ALICE: Ó sea, an tseanbhean, sea bhí sí sin a’ caint air an dtuigeann tú agus bhí sí a’ teacht ar ais ag na rudaí sin a bhí sí sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÓILÍN: M hm, m hm.

ALICE: Ach dúirt sí a’ bhfuil ’fhios a’d nár réitigh a hathair, ní cheapfá go réiteoidh ach oiread.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith.

ALICE: (Gáire) Le mo sheanathair.

PÓILÍN ; Go maith. Agus sa ngeimhridh anois nuair nach mbíodh bainne ag an mbó, an mbíodh na daoine as Gort na gCapall, a’ mbíodh siad a’ gabháil siar a’ fáil bainne?....

ALICE: …. Bhíodh, cheannófá, gheofá tin can , is minic a chuaigh mé féin ’s Nuala siar an Chaiseal agus cheannódh muid tin can, gheofá tin can, thugadh muid tin can leathan air, bhíodh sé tuairim ’s an airde sin, timpeall.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Sweet can.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Agus, ar cheithre pigne. Caint ar bainne. Cheithre pigne ar a lán an tin can go bhainne.

PÓILÍN: Agus a’ mbíodh sé deacair an cheithre phigne a fháil le n-íoc as an mbainne an t-am sin?

ALICE: Bhuel ní raibh sé chomh dona sin.

PÓILÍN: M hm, m hm.

ALICE: Yeah, bheadh tú in ann é sin a fháil alright (gáire) agus bhí Sarah Cooke go maith freisin.

MÁIRÍN: Á bhí, Sarah Cooke.

ALICE: Líonadh sí suas an tin can. “Seo a dhreabhairín, tabhair leat é, nach dhá chaith amach a bhéas muide” (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith. Bhí sibh a’ caint ansin faoi, faoin plean a bhí ann an claí a thógáil. Just a’ caint faoi na claíochaí….

ALICE: …. Ó sea, bhí….

PÓILÍN: …. Cé, na claíochaí ar an mbaile i nGort na gCapall, cé a thóg iad agus a’ mbíodh íocaíocht le fáil ag na fir as ucht….

ALICE: …. Ah no, is dóigh gur thóg chuile dhuine a chlaí féin.

PÓILÍN: ’B shin é an chaoi?

ALICE: Sé, tá siad sin ann le na céadta bliain. Tá, ach nár bhreá an straidhp anois é dá mbeadh an claí sin suas agus….

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: …. Nach ea….

ALICE: …. agus á mbeadh siad uilig tógthaí isteach

MÁIRÍN: Ní bheadh Gort na gCapall a’ bith ann.

ALICE: Ní bheadh aon Ghort na gCapall ann.

PÓILÍN: Bhuel a Mháirín agus a Alice tá mé ag druidim le deiridh an agallaimh anois ach ba mhaith liom díreach críochnú suas le bhur dtoil le, labhairt libh le bhur dtoil faoi Liam Ó Flaithearta, bhúr n-uncail. Cén sórt duine a bhí ann?

MÁIRÍN: Bhuel duine breá slachtmhar.

ALICE: Duine álainn. Thar a bheith slachtmhar (gáire)

MÁIRÍN: Slachtmhar agus bhíodh sé a’ siúl, cheapfá gur leis an t-oileán. Bhíodh sé….

ALICE: .... Sea, bhíodh sé “–– +” sea ba duine ann féin é a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Ba dhea.

ALICE: Choinnigh sé go leor dhó, aige féin.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ach thagadh sé mórán chuile, bhuel nuair a bheadh sé a’ gabháil a’ scríobh leabhar, thiocfadh sé….

MÁIRÍN: …. Sea agus d’fhanfadh sé ….

ALICE: …. Thiocfadh sé Gort na gCapall ag iarraidh suaimhneas a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Agus bhít sé thiar agus bhí sean typewriter aige agus bhíodh sé….

MÁIRÍN: …. Sea.

ALICE: Níl ’fhios a’msa nach le dhá mhéir a bhít sé….

MÁIRÍN: …. Níl ’fhios a’msa

PÓILÍN: B’shin é an chaoi.

ALICE: Sea, ní raibh sé in ann, ach bhíodh sibhse, thagadh sibhse aníos ansin, Máirín agus Éinne aníos agus théadh muid siar sa seomra….

MÁIRÍN: …. Bhíodh Pegeen, bhíodh Pegeen.[iníon Liam] Ó ní raibh….

ALICE: …. Corr uair a bheadh Pegeen ann.

MÁIRÍN: Pegeen ann agus a máthair.

ALICE: Yeah mar níor mhaith leis aon dhuine a bheith timpeall air, a’ bhfuil ‘fhios a’d.

MÁIRÍN: Oh no.

ALICE: Ach mo mháthair, ba chuma leis ach mo mháthair. Théadh an triúr a’inne siar sa seomra ansin agus nuair a bheadh sé, tharraingeoidh sé an páipéar amach as an typewriter, bhéaradh muide air agus léadh muid é.

MÁIRÍN: (Gáire) Sea.

ALICE: An triúr a’inn.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Bhíodh sibh a’ tabhairt bhur mbarúil dhó “___+”

ALICE: Bhíodh, ach thug sé leath choróin lá amháin, dúirt sé bailiú linn as a amharc. “Bailígí libh as mo amharc” a deir sé agus ceannaígí sweets” Agus Ar ndóigh chuaigh muid siar chuile lá ansin ina dhiaidh sin.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Agus a’ dtagadh sé go hÁrainn go minic?

MÁRÍN: Thagadh sé uair ….

ALICE: …. Thagadh sé uair sa mbliain, chuns a bhí mo mháthair ann.

PÓILÍN: Agus d’fhanadh sé i dteach, thuas i dteach “__” .…

ALICE: D’fhanadh sé i nGort na gCapall, sea.

PÓILÍN: I nGort na gCapall.

ALICE: |I nGort na gCapall agus théadh sé siar ag iascach.

PÓILÍN: A’ dtéadh?

ALICE: Ó théadh sé siar ….

MÁIRÍN: …. Thugadh sé leis muid siar. Thugadh sé siar….

ALICE: …. Ní mórán a thugadh seisean ach thugadh….

MÁIRÍN: …. Uair amháin ….

ALICE: .… Uncle Tom, thugadh sé siar i gcónaí muid. Sé uncle Tom a thugadh siar muid. Sé.

MÁIRÍN: Ó sé uncle Tom.

ALICE: Thugadh sé siar muid ag iascach. Á bhí sé thar a bheith go deas ré.

MÁIRÍN: Yeah, bhí sé ré.

ALICE: Bhí. Ach a’ bhfuil ‘fhios a’d níor mhaith le Liam anois á mbeadh gasúir a’ caoineadh ná gleo timpeall air.

PÓILÍN: Yeah.

ALICE: Ní chuireadh sé suas leis sin a’ chor a’ bith, bheadh sé a’ cuir isteach air.

PÓILÍN: Ar an intinn, right. Right, agus cén chaoi a bhfuair Liam ar aghaidh lena mhuintir, mar ba dhuine é Ar ndóigh a chuaigh a bhealach féin maidir leis an bpolaitíocht agus leis an gcreideamh Caitliceach….

ALICE: …. Sea, sea.

PÓILÍN: Ar ghoill sé sin ar a mháthair agus ar a athair?

ALICE: Bhuel Ar ndóigh ghoill sé, ach ní raibh a mháthair i bhfad aige nuair a cailleadh, fuair a mháthair bás i 1922.

PÓILÍN: Ar cailleadh?

ALICE: Hm. ’22 a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Nach i dteach Seán Antoine ab ea a cailleadh í?

PÓILÍN: An ea? Cailleadh í sa teach sin.

ALICE: Ó sea thuas sa teach sin a cailleadh í, sa sean teach, thuas.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Cén chaoi sin?

ALICE: Chuaigh sí suas le rá leis na lads a’ gcuirfidís píosa fataí, triú lá go Feabhra a cailleadh í.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus dúirt sí le Máire, sin í máthair Nuala

PÓILÍN: Right.

ALICE: go, go raibh blas gránna ar a béal nó rud eicínt, nach ea?

MÁIRÍN: Yeah, sea.

ALICE: Agus dúirt Máire “cuirfidh mé síos braon bainne sa saucepan dhuit”

PÓILÍN: Right.

ALICE: Shuigh sí ar an stól agus an chéad rud eile fuair sí bás.

PÓILÍN: Cailleadh í.

ALICE: Thuas a cailleadh í, thuas tí Sheáin Antoine, sea.

PÓILÍN: Go ndéana Dia grásta uirthi.

ALICE: Ní raibh sí ach sixty six.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Seasca sé.

PÓILÍN: Ó go ndéana Dia grásta uirthi. Ganley ansin a bhí uirthi sin, ab ea?

ALICE: Seán Ganley, yeah. As an Mainistir.

PÓILÍN: Yeah.

ALICE: Yeah, Ganley.

PÓILÍN: Ganley, right.

MÁIRÍN: Maggie, Maggie Ganley.

PÓILÍN: Maggie

ALICE: Sé an chaoi ar elopáil siad sin.

PÓILÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d gur léigh mé faoi sin. An bhfuil aon eolas a’dsa faoi sin Alice?

ALICE: Sin é ’bhfuil a’m, bhí siad a’ gabháil a’ déanamh cleamhnas di le….

MÁIRÍN: …. Cleamhnas….

ALICE: …. fear as Conamara nó rud eicínt. Ach ní raibh sí ach sé déag nuair a phós sí. Sin é an méid. Agus is dóigh go raibh eolas aici ar Dado.

MÁIRÍN: Yeah.(gáire)

ALICE: Bhí sé sin deich mbliana níos sine ná í.

PÓILÍN: A’ raibh?

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Bhí, bhuel ní raibh sé sean agus sé an chaoi ar éalaigh sí. Níl ’fhios a’msa cé as a phós dar, as Gort na gCapall is dóigh.

MÁIRÍN: Is dóigh.

PÓILÍN: Agus thóg siad comhluadar mór, bail ó Dhia orthub.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Bhí deichniúr beo agus silim gur cailleadh an chéad bheirt, ar cailleadh? Cailleadh duine acub anyway.

PÓILÍN: An mbeadh sibh in ann inseacht an t-ord ina rugadh na gasúir

ALICE: Ó tá ’fhios go maith.

PÓILÍN: A’ bhfuil ’fhios

ALICE: Bhuel an méid a bhí beo acub.

MÁIRÍN: Beo…

ALICE: Mary.

MÁIRÍN: Bhí Mary

ALICE: Agus Catherine

MÁIRÍN: Catherine agus Maggie.

ALICE: Mary, Catherine, Maggie.

MÁIRÍN: Maggie

ALICE: Julia

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sin é.

MÁIRÍN: Máthair Phádraig.

ALICE: Máthair Phádraig Concannon, Julia ehm Lizzie, mo mháthair, Tom, Delia, Liam, Agnes.

MÁIRÍN: Agnes.

ALICE: Yeah, D’éarfainn go b’shin iad anois iad.

PÓILÍN: An-mhaith. Comhluadar breá.

ALICE: Cailleadh an chéad bheirt sílim.

MÁIRÍN: Cailleadh mar bhí ....

PÓILÍN: .... Ar cailleadh an chéad bheirt?

ALICE: Bhuel Ar ndóigh ag sé bliana déag, seacht mbliana déag ’éarfaigh muid.

PÓILÍN: Ní raibh inti féin ach páiste.

ALICE: Ní raibh.

MÁIRÍN: Joseph a bhí air.

ALICE: Joseph a bhí ar an chéad leaidín.

MÁIRÍN: Mar cuimhním Delia á rá.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi?

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ach ansin bhí dhá bhliain go leith idir chuile dhuine acub sin mar a déarfá.

PÓILÍN: An raibh.

ALICE: Ní raibh dar

PÓILÍN: Ní raibh siad ró-ghar dá chéile.

ALICE: Ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Bhí sí sin (gáire) níos smartáilte ná cuid a’inn.

PÓILÍN: (Gáire) Bhí sí. Bhí sí ciallmhar bail ó Dhia uirthi, nach raibh.

ALICE: D’fhéadfá rá go raibh.

PÓILÍN: (Gáire) Bhuel an t-m sin Ar ndóigh ní raibh sé éasca ag na mná.

ALICE: Is beag nach raibh twins a’inne uilig. Bhí dar a’dsa ó cheart.

MÁIRÍN: (Gáire)Yeah, bhí.

ALICE: Ó Bail ó Dhia uirthi, bail ó Dhia uirthi. Bhí mé a’ caint le Pegeen, iníon Liam Mhaidhc ….

MÁIRÍN: …. Yeah, yeah

PÓILÍN: …. cúpla mí ó shin nuair a bhí sí anseo ar saoire beag agus bhí sí ag caint go croíúil agus go sásta faoi laethanta saoire a chaith sí i nGort na gCapall….

ALICE: …. Ó stop, nach ea.

PÓILÍN: …. nuair a bhí sí féin óg. An gcuimhníonn sibh ar….

MÁIRÍN: …. Ó cuimhníonn….

ALICE: ….Cuimhníonn muid go maith uirthi….

PÓILÍN: ….An gcuimhníonn ….

ALICE: …. Ar ndóigh bhíodh muid a’ gabháil á marú amanntaí.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Ní dhúirt sí sin liomsa (gáire)

ALICE: Oh no, ní dhearfadh sí, ní dhearfadh Peigí tada a ghortódh aon dhuine.

MÁIRÍN: Ach bhíodh muid uafásach.

ALICE: Bhí an ghráin a’inn uirthi.

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ach a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sí níos óige na muid (gáire)

PÓILÍN: Ní bhíodh foighid agaibh lei, a’ b’shin é?

ALICE: Sea agus ní raibh aon Ghaeilge aici agus ní raibh aon fhoighid a’inn lei, agus ní raibh sise an-

MÁIRÍN: No.

ALICE: Bhí sí sóirt

MÁIRÍN: Sea, bhí sí

ALICE: Peevish.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Bhí, ach bhíodh mo mháthair a’ déanamh, a’ déanamh sponge cakes

MÁIRÍN: Oh yes.

ALICE: beaga ar tinnanaí tá ’fhios a’d. Ar an, san bácús. San bácús.

MÁIRÍN: Ó bhíodh sí a’ déanamh rudaí álainn. Sin é an fáth a bhíodh muid ag iarraidh a ghabháil suas….

ALICE: …. Agus lá amháin anyway bhí sí a’ déanamh na cácaí agus na’ raibh an chéad cheann, bhí crústa beagán dóite so dúirt sí go, linne a’ bhfuil ’fhios a’d “tabharfaidh mé díbh é seo anois, féadfaidh sibh é ithe le gloine bainne” So amuigh faoi, tá ’fhios a’d na crainnte móra

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach anyways shuigh muid isteach faoi na crainnte, mé féin agus Pegeen agus bhí bainne a’inn agus d’ithe muid an cáicín uilig ach ansin d’éirigh Pegeen thar a bheith go deas múinte “ Aunt Annie are you sure that the other one isn’t burnt”

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ní dhéarfadh sí I want more –“ Are you sure that the other one isn’t burnt” [a deir Pegeen]

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Bhí bealach timpeall leis an rud a fháil.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Bhuel a’ bhfuil ’fhios a’d Alice bhí an-mholadh ag Pegeen go do mháthair, aunt Annie mar a bhíodh sí a thabhairt uirthi.

ALICE: Á aunt Annie a bhí ag chuile dhuine acub...

PÓILÍN: Agus

MÁIRÍN: Bhí sí go hálainn.

PÓILÍN: An raibh.

ALICE: Bhí bealach deas lei. Tá pictiúr sa leabhar sin ansin di.

PÓILÍN: A’ bhfuil. Caithfidh mé súil a chaith air ar ball. Ach ar aon nós bhíodh, Ar ndóigh an t-am sin a bhí mé a’ caint le Pegeen bhí sí a’ cuimhneamh siar ar an gcáca rísíní a rinne aunt Annie agus bhí sí á mholadh so

ALICE: Bhíodh sí a’ déanamh…

PÓILÍN: …dúirt mé go ndéarfainn é sin leat.

MÁIRÍN: Agus a’ déanamh cácaí…

ALICE: Bhíodh sí a’ déanamh na scones freisin

MÁIRÍN: Istigh sa mbácús.

ALICE: Chuireadh sí sa mbácús iad agus ansin thiocfaidís uilig amach greamaithe dhá chéile a’ bhfuil ‘fhios a’d ach bhí siad go deas. (gáire)

MÁIRÍN: Bhí siad go hálainn.

ALICE: Agus iad a bhriseadh amach ansin.

MÁIRÍN: Ó sea, bhí muid a’ ceapadh go raibh sé sin go hálainn. Bhí mé a’ breathnú ar leabhar le Tim Allan.

PÓILÍN: Ó Tim Allan, tá ’fhios a’m é.

MÁIRÍN: Na cácaí agus bhí, níl ’fhios a’m cén t-ainm a bhí air, orange something cakes. agus bhí siad díreach an chaoi chéanna….

ALICE: …. A’ raibh dar greamaithe.

MÁIRÍN: Agus bhí mé a’ rá sin é an chaoi a mbíodh, sin é an chaoi a mbídís ag….

PÓILÍN: …. Nach aisteach.

ALICE: Ó bhíodh sí a’ déanamh layer cakes.

MÁIRÍN: Ó bhíodh sí a’ déanamh cácaí orange….

ALICE: …. Dhéanadh sí i gcónaí nuair a bheadh an birthday, in October a bhí an birthday a’msa, bheadh birthday ag ehm Seamus, go ndéana Dia trócaire air, Séamus Dan ehm

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Séú lá go Mhárta agus dhéanadh sí layer cake dhó. Chocolate Layer Cake….

MÁIRÍN: …. Orange, orange

ALICE: …. Orange layer cake, ó stop bhíodh sé, agus an frosting

MÁIRÍN: …. Níl ’fhios a’m cén chaoi a mbíodh sí….

ALICE: …. Royal sugar frosting sin, le siúcra donn a dhéanadh sí é.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Is minic a rinne mise é sin le, le, le Golden Syrup

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Agus white of egg. ’Mór a’ spóirt a thiocfadh sé amach. But anyway dhéanadh sí é agus thabharfadh sí siar é sin ag Séamus agus san Aibreán a bhí birthday Phádraig, now níl ’fhios a’m cén dáta ach bheadh ceann eile go Phádraig.

MÁIRÍN (Gáire)

ALICE: Sea, agus thugadh Padraig “Annie

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: A’ bhfuil ’fhios a’d gur gearr go mbeidh mo bhirthday ann”

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: “Á níl mise a’ déanamh dearmad a’ bith ar do bhirthday” a deir…[deireadh a máthair]

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Gosh.

ALICE: Á na créatúir, bhí siad beag.

MÁIRÍN: Ach bhí sí thar cionn.

ALICE: Bhínnse chomh h-áthasach mar bhinn thiar ag ithe in éindí leob.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Thiar ann a bhinse i gcónaí.

PÓILÍN: Agus cén aois a bhí do mham nuair a cailleadh í go ndéana Dia grásta uirthi?

ALICE: Bhí sí óg, bhí sí bliain agus leathchéad.

PÓILÍN: Bhí sí óg. Bhí sí an-óg.

ALICE: Sin é an méid, bliain agus leathchéad.

PÓILÍN: Céard, céard a tharla di?

ALICE: An croí.

PÓILÍN: An croí.

ALICE: Bhí an croí go dona aici. Bhí sí i bhfad leis an croí.

MÁIRÍN: Bhí.

ALICE: Yeah. Is dóigh gur sórt leaking valves nó rud eicínt.

PÓILÍN: Á, go ndéana Dia grásta uirthi.

MÁIRÍN: Is dóigh go b’shin é an rud céanna a bhí ormsa.

ALICE: Ach Ar ndóigh á mbeadh sí anois ann Ar ndóigh mar a dúirt mé, bhí mé dhá inseacht go, tá ’fhios a’d Doctor Jones a bhíodh anseo?

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Bhí sé an-deas, ach bhí mé ag inseacht dó cén chaoi a raibh sí agus dúirt sé “Ah if we had her now we’d have her saved no bother at all

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: “__+”

MÁIRÍN: Is dóigh go b’shin é an rud céanna a bhí ormsa.

ALICE: Sé cheapainn, cheapainn.

PÓILÍN: M hm, m hm, nach bocht an rud sin.

ALICE: Nach ea, ach bhfuil ’fhios a’d bhí go leor trioblóid faighte aici.

PÓILÍN: An raibh.

ALICE: Ag mo mháthair, ara bhí. Bhí sí a’ tabhairt aire go dado, a’ bhfuil ’fhios a’d an leath bhliain a bhí dado le maireachtáil, mhair sé seacht mbliana.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Bhí sí ag tabhairt aire mhaith dhó mar sin.

ALICE: Seacht mbliana agus bhí sí a’ tabhairt aire dhó agus bhfuil ’fhios a’d bhí an mheabhair imithe ach bhí sé in ann siúl. Bhí sé chomh díreach

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Agus bhíodh sí in ann siúl Cill Rónáin agus ansin thosaigh sé ag éirigh ag a cúig a chlog….

MÁIRÍN: …. Sea ….

ALICE: …. ar maidin agus ag imeacht, d’éireodh sé agus théadh sé soir Fearann na Choirce ag Micil Bheachlín agus áiteachaí mar sin agus deireadh sé nach bhfuair sé aon cheo le n-ithe le seachtain agus rudaí mar sin.

PÓILÍN: Á.

MÁIRÍN: ’S nach mbíodh dado a’ déanamh rudaí mar sin.

ALICE: Sin é an chaoi a mbíonn siad. Sin é an chaoi a mbeidh muid.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Ach anyway, agus ansin, bhuel i 1932 a cailleadh dado.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: 7ú lá go Iúil agus faoi Nollaig dar gcionn ansin a tháinig Tom, uncle Tom as Meiriceá.

MÁIRÍN: Á sea agus bhí sé sin….

ALICE: …. Ní raibh sé, bhí sé féin tinn, bhí sé sin, enlarged heart aige.

PÓILÍN: Ó.

ALICE: Agus (--) Chuaigh sé go Meiriceá le enlarged heart is dóigh.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ní raibh sé i bhfad ann nuair a fuair sé tinn agus sé an leigheas a thug phébí cé aige a chuaigh sé, braon brandy.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Ach Ar ndóigh céard a d’éirigh go uncle Tom ach d’iompaigh sé isteach ina alcoholic.

PÓILÍN: Á níor iompaigh.

ALICE: So ní raibh a dhóthain brandy ná fuisce sa domhan aige.

PÓILÍN: B’shin é an chaoi, agus ar fhan sé sin i nGort na gCapall ansin nuair a tháinig sé as Meiriceá, ar fhan sé?

ALICE: Bhuel níor fhan, bhí sé, chuaigh se suas ag aunty Lil thuas i

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Tír Eoghan, bhí sé thuas tamall aicise. ’S bhí sé ag imeacht timpeall. Bhí sé, scríobh sé dhá leabhar.

PÓILÍN: Scríobh go deimhin.

ALICE: Dhá leabhar deas.

PÓILÍN: Leabhra breá.

MÁIRÍN: Leabhra deas, yeah.

PÓILÍN: Féith na scríbhneoireachta ann.

ALICE: Sea.

PÓILÍN: Bail ó Dhia air.

ALICE: Agus céard (--) Fuair sé tinn ansin agus tháinig sé abhaile agus bhí, bhí ehm, céard a thugaidís an t-am sin air, níl ’fhios a’msa cén tinneas é féin ach dropsy a thugaidís air.

MÁIRÍN: Á yeah.

ALICE: You know ach bhí sé chomh mór, bhí siad a’ déanamh amach go raibh sé ocht gclocha déag meáchan.

PÓILÍN: Á.

ALICE: Agus bhí mo mháthair an-bheag. Ní raibh sí ach chúig troigh agus cheithre orlaigh a’ bhfuil ‘fhios a’d. Bean bheag a bhí inti agus ní ligeadh sé go aon dhuine a ghabháil i ngarr dhó ach mo mháthair. Chaitheadh sí é a iompú agus é a chrochadh.

PÓILÍN: Á bhí sé sin dian ar do mham..

ALICE: So bhí mo mháthair tosaigh ag imeacht nuair a cailleadh eisean. Cailleadh é ag ceathracha cúig bliain.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Sin é ‘ raibh sé. 1936.

PÓILÍN: Go ndéana Dia grásta air.

ALICE: Yeah. So cailleadh ’ise i 1940.

PÓILÍN: Ní raibh sí i bhfad ina dhiaidh.

ALICE: Ní raibh, bhí sí tinn nuair a, nuair a .…

PÓILÍN: …. Bhí an bhean bhocht.

MÁIRÍN: Bhuel Ar ndóigh ní iontas dhi.

ALICE: Yeah, bhí sí strained.

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Bhí, bhí. “––––+” bhur n-aint Delia, máthair Bhreandáin Uí Eithir mar gheall ar....

ALICE: …. Ar Liam….

PÓILÍN: .... a deartháir Liam, sea.

ALICE: Sea Ar ndóigh sin é an fáth a bhfuil a’ bhfuil ’fhios a’d go bhfuil sé ag cur as dhomsa go bhfuil an oiread á dhéanamh go Liam anois.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Mar nuair a bhí sé a’ tíocht a’inne i nGort na gCapall ó bhuel bheadh go leor daoine nach labhróidh dís leat faoi go raibh sé ann. You see, ach ní raibh aon neart acub air.

MÁIRÍN: Ní raibh mar siad na sagairt…

ALICE: Na sagairt. Agus bhí sé uafásach. Agus bhí Delia a’ múnadh scoile i bhFearann a’….

MÁIRÍN: …. I gCill Rónáin….

PÓILÍN: …. I gCill Rónáin.

ALICE: Agus bhí Fr. Killeen ann agus an créatúr bhí sé fíor aisteach agus bhí an-jab aici. An-jab, bhí sé ag iarraidh í a fháil, í a fháil transferred as Cill Rónáin agus í pósta.

PÓILÍN: Hm.

ALICE: You know agus, nár bh’éigean go Paddy [fear céile Delia] a ghabháil ag an Easpag….

MÁIRÍN: …. Ag an Easpag.

ALICE: …mar gheall air….

PÓILÍN: An ndeachaigh sé ag an Easpag?

ALICE: Ó chuaigh sé ag an Easpag mar gheall ar Fr. Killeen. So stop sé

MÁIRÍN: Ó Fr. Killeen, bhí sé aisteach.

ALICE: Ach bhí sé, ach ansin bhí, bhí sise (--) An bhfaca tú an intinn a bhí aicise?

MÁIRÍN: Ó ’s Ar ndóigh (gáire) bhí.

ALICE: Bhíodh sé ansin nuair a dtogródh sé é “go mbeannaí Dia dhuit a mháistreás” a deir sé lá amháin, bhí sí a’ gabháil aníos ón scoil agus, bhí siad [Delia agus Paddy] ina gcónaí sa residence thoir i gCill Rónáin agus bhí, bhí sé a’ gabháil síos, gabháil aniar ar bhicycle “go mbeannaí Dia dhuit a mháistreás” “Teirigh i dtigh diabhail” a deir sí.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire) Níor chuir sí fiacail ann.

ALICE: ’Bhfuil ’fhios a’d bhí sí, bhí sí tugthaí aige.

PÓILÍN: Bhí sé an-chrua di.

ALICE: Ní raibh sé in ann, ach Ar ndóigh Father Farragher nach rinne sé an rud céanna, nár aistrigh mo mháthair, Father Farragher mo mháthair as scoil Chill Éinne, d’aistrigh sé go Inis Oírr í, go scoil Inis Oírr gan ceist, gan fiafraigh a chuir uirthi. Tá mé a’ ceapadh go bhfuil sé sa leabhar sin. a Mháirín.

MÁIRÍN: Yeah, tá.

ALICE: Tá sé i leabhar eicínt. Níor chuir, níor fhiafraigh sé di (--) Ar ndóigh chuala sibh caint ar, ar, ar an bomb, ar Ruairí?

MÁIRÍN: Ruairí agus Ruairí Mhaidhc.

ALICE: Agus an bomb.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sea, cuireadh bomb i dteach Father Varley….

MÁIRÍN: …. Father Farragher….

ALICE: …. Father Farragher sorry, Father Farragher.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Aimsir, nó meas tú ar tuilleadh a bhaineanns gon Land League é sin é féin.

MÁIRÍN: Is dóigh.

ALICE: Nó rud eicínt mar é. Agus rinneadar i saucepan é agus bhí sé ráite gurb é Ruairí a chuir an bomb ach ní hé.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: In the long run níorbh é Ruairí a chuir an bomb a’ choir a’ bith ann. Ach ba col ceathrar Ruairí agus Daideo.

MÁIRÍN: Á sea.

ALICE: Agus ag mo mháthair a bheith a’ múnadh scoile i gCill Éinne agus í a bheith chomh gar sin i ngaol go Ruairí, chuaigh Fr. Farragher á transferáil go Inis Oírr, a’ bhfuil ’fhios a’d. Gan (--) Bhí fiú ’gus lóistín faighte aige in Inis Oírr di.

PÓILÍN: Muise?

ALICE: Yeah, bhí agus chuaigh sé isteach agus dúirt sé lei “tá tusa a’ gabháil soir go hInis Oírr”. (Máirín ag caint ag an am céanna)

PÓILÍN: Agus an ndeachaigh, ní dheachaigh sí soir, an ndeachaigh?

ALICE: Óóó tá baol mór uirthi. “Teirigh” a deir sí “thú féin go Inis Oírr má tá fonn ort” a deir sí ”gabh mise go Meiriceá.” Sin é an chaoi a ndeachaigh sí go Meiriceá.

PÓILÍN: A’ b’shin é an chaoi?

ALICE: Sé.

PÓILÍN: Nach aisteach an chaoi

ALICE: Sé, d’fhág sí an scoil agus níl ’fhios a’m cén fáth ar tháinig sí a’ chor a’ bith ann, bhí sí a’ múnadh, a’ b’é Áth Luan, Athlone?

MÁIRÍN: Oh yeah….

ALICE: …. Roimhe sin “__+”

PÓILÍN: Tá sé sin an-suimiúil.

ALICE: Ó sea, ach sin é an fáth a’ bhfuil ’fhios a’d go raibh (--) Ba é an rud céanna a bhí Father Killeen ag iarraidh a dhéanamh.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Ach ansin Fr. Farragher - bhí Delia an t-am sin a’ múnadh thuas i mBéal Feirste

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bhí Lizzie a’ múnadh i mBéal Feirste

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus céard a rinne Father Farragher ach fios a chur uirthi, ar Delia, a theacht anuas agus go dtabharfadh sé Fearann an Choirce di agus thug. Tháinig sí, “ach Ar ndóigh cén fáth” a deir mise “ar tháinig tú anuas, ní thiocfainnse anuas aige”.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ar ndóigh a deir sí bhí a hathair agus a máthair a’ fáil sean agus cheap sí go mbeadh sé go deas dá mbeadh sí, dá dtiocfadh sí….

MÁIRÍN: …. Oh yeah….

ALICE: …. Fearann a’ Choirce, agus dá mbeadh sí thuas ag a máthair agus a hathair i nGort na gCapall. Sin a bhí sí, ní raibh sí ach bliain i bhFearann a’ Choirce nuair a d’aistrigh sé, thug sé principalship i gCill Rónáin di.

MÁIRÍN: I gCill Rónáin.

ALICE: So sin é an chaoi a ndeachaigh sí Cill Rónáin agus is ann a d’fhan sí.

PÓILÍN: A’ b’shin é an chaoi, an mar sin é.

ALICE: Sin é an fáth a raibh mise chomh áthasach go ndeachaigh Fiona [iníon le Ronan Dan Pheaits, gaol le Delia] soir ansin [ag múnadh i scoil Chill Rónáin]

PÓILÍN: (Gáire) Sea muintir Ghort na gCapall a’ gabháil soir, go maith, go maith.

ALICE: Ach you know bhí siad crua orthub, ó bhí, bhí sé an-chrua orthub ….

MÁIRÍN: …. Ó bhí siad uafásach.

PÓILÍN: Bhí.

MÁIRÍN: Bhí na sagairt uafásach.

ALICE: Bhíodar, bhíodar an-caol intinneach.

MÁIRÍN: Bhí.

PÓILÍN: Bhí, mar gheall nár aontaigh siad leis na rudaí a bhí sna leabhra.

MÁIRÍN: Sea, ach ní shin, “___+” na leabhra léighte ar chor ar bith acub …. (Alice ag caint ag an am céanna)

ALICE: …. A’ bhfuil ’fhios a’d ansin, a Mháirín ní móide ar léigh dar na leabhra nó a’ raibh dar in ann iad a léamh

MÁIRÍN: Ar ndóigh níor léigh agus ar aon nós ní raibh tada ins na leabhra “__+ breathnaigh an trash atá inniu ann ….

ALICE: …. Ní raibh tada, is measa ceann go na Mills and Boons anois a d’fheicfeá ná, ná chuile shóirt a bhí ins na leabhra sin.

PÓILÍN: Cúng, cúng-aigneach.

MÁIRÍN: Agus an gcuimhníonn tú nuair a bheadh Delia a’ léamh na scéalta Short Stories ….

ALICE: …. Sea ….

MÁIRÍN: …bhfuil ’fhios a’d faoi an dúlra, i gCill Rónáin, nár tháinig cuide go na máthaireachaí ag Father Killeen a’ clamhsán.

ALICE: Tháinig siad, agus nár thug Father Killeen ordú go Delia Mullen – ní h-í Delia Mullen í – Mary Ann Mullen

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sin í a bhí sa bposta, tá ’fhios a’d Mary Ann Fitzpatrick, bhí sí ag obair ag m’aint, a’ tabhairt aire, sí a thug aire go Bhrendan agus go Mháirín, ach thug sé ordú di dá bhfeadfadh sí a theacht suas leis na leabhra, iad a dhó.

PÓILÍN: “–––+”

ALICE: Sin a deir Father Killeen agus céard a bhí Delia [MaryAnn Mullen atá i gceist aici] ach dhá dtabhairt lei i n-ionas abhaile agus á léamh san oíche sa leaba.(gáire)

PÓILÍN: An mbíodh?

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: (Gáire)

ALICE: Ó Mary Ann [Mullen, in áit Delia Mullen] Ach sin iad na rudaí a ghortódh thú nuair a chuimhneofá arist orthub. Sin é atá gortú Máirín hEithir [iníon Delia] [sa gcaoi] nach bhfuil aon suim aici i dtada a bhaineanns gon obair sin. Ó níl, níl.

MÁIRÍN: Hm.

PÓILÍN: Agus muintir Árainn anois cé is moite gon sagart, muintir Árainn iad féin, céard a cheap siadsan go na, go na leabhra?

MÁIRÍN: Ach Ar ndóigh ní raibh siad léighte

ALICE: Níor léigh dar a’ chor a’ bith iad. Tháinig dreabhar agus sister-in-law liomsa as Meiriceá…

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Bean Joe Phaidí, tá ’fhios a’d, Delia a bhí uirthi, tháinig dar as Meiriceá, bliain eicínt, ó is iomaí bliain ó shin anois é agus tá ’fhios a’d an chaoi a mbíonn yanks, nó a bhíodh yanks an t-am sin, bhíodar .…

MÁIRÍN: ….Yeah ….

PÓILÍN: Tá ’fhios a’m.

ALICE: …. agus gan fhios acub tada.

PÓILÍN: Tá ’fhios a’m.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach ar aon chaoi thosaigh sí a’ caint, “ó” a deir sí liomsa, an Delia seo

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: “nach é Liam Ó Flaithearta t-uncail”. “Sé” a deirimse, “deartháir mo mháthair” (gáire) agus “ó “ a deir sí

PÓILÍN: Tá.

ALICE: “Ní dheachaigh sé síos go maith” a deir sí “i Meiriceá a’ chor a’ bith. Níor thaithnigh sé le muintir Mheiriceá”. “Ara” a deirimse “ná le muintir Árainn”, inis dhomsa” a deirimse “cé mhéad as Árainn a chuaigh go Meiriceá a bhí in ann léamh a’ chor a’ bith, ní áirím a bheith a’ léamh leabhra Liam Ó Flaithearta”. (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Níor thaitnigh sé a’ chor a’ bith lei.

PÓILÍN: Right, right. Anois tá sé sin suimiúil go bhfeicfí an dá thaobh like. So ní raibh sé éasca mar sin

ALICE: Ní raibh sé éasca a’ chor a’ bith a Phóilín.

PÓILÍN: Ní raibh sé éasca.

ALICE: An gcuimhníonn tusa istigh sa scoil a Mháirín

MÁIRÍN: Sea?

ALICE: Bhíodh tusa le mo thaobh sa nó bhíodh tú gar go maith dhom ach bhíodh Éinne [deirfiúr Mháirín agus col ceathrar Alice] le mo thaobh i gcónaí.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Mar an aois chéanna an bheirt a’inn, agus thagadh Father O’Donnell

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Ceann eile

MÁIRÍN: Sea. (gáire)

ALICE: Thagadh sé isteach sa scoil agus bhí muide sa tríú rang, á bhí muid beag, hocht mbliana nó rud eicínt agus chuireadh sé ceist ar Mháirín

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Agus d’fhreagródh Máirín an cheist. Skipeáladh sé Joe Soap, [Alice í féin] chuireadh sé ceist ar Éinne.

MÁIRÍN: Stop.

PÓILÍN: Á

ALICE: Ní raibh sé a’ gabháil aon cheist a chuir ormsa faoi go raibh Liam sa teach ag an am.

PÓILÍN: Óoooo

ALICE: You know, agus bhfuil ’fhios a’d ghortaigh sé sin mise riamh ….

PÓILÍN: …. Tuige nach ngortódh ….

ALICE: …. D’fhan sé istigh i mo chloigeann ariamh.

MÁIRÍN: Nach aisteach.

ALICE: Ach bhí sé, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí mamó chomh maith gon séipéal.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: A’ tabhairt Cailíseachaí agus chuile shóirt….

MÁIRÍN: …. Ó ’s Ar ndóigh bhí.

ALICE: Sin é an fáth a raibh sé

MÁIRÍN: Ar ndóigh sé, sin é an fáth a raibh sé

ALICE: Sin a bhí air mar ba é an gaol céanna a bhí a’inn le Liam.

MÁIRÍN: Sea (gáire)

ALICE: Agus ghortaigh sé sin mise mar nuair a tháinig Fr. Moran isteach a’msa “ó mhuise a’ bhfuil ’fhios a’d cé a cailleadh” a deir sé “ach an t-Athair Ó Domhnaill, an t-Athair Máirtín Ó Domhnaill” “Ó muise is beag an scéal é” a deirimse.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Right, right. Bhuel níor chaith sé sin ceart leatsa, Ar ndóigh níor chaith Alice agus gan ionat ach gasúr ….

ALICE: …. Ach sin é an méid, ní rinne sé, sin é a rinne sé orm a’ bhfuil ’fhios a’d, ach ní labhródh sé liom….

PÓILÍN: …. Ach ní raibh sé ceart, ní raibh sé ceart, ní raibh sé ceart ….

MÁIRÍN: …. Is dóigh nach labhródh sé linne ach an oiread murach go mbíodh mamó a’ tabhairt ….

ALICE: …. Ar ndóigh bhí mamó a’ tabhairt chuile shóirt dhó

PÓILÍN: A b’shin é an chaoi?

MÁIRÍN: “__” séipéal.

PÓILÍN: Nach aisteach

MÁIRÍN: I leaba é a choinneáil dhi féin..

PÓILÍN: Agus….

ALICE: …. Nach ea. “––– +”

MÁIRÍN: Nach ea.

PÓILÍN: Agus anois bíonn, bíonn lucht ollscoile agus lucht teilifíse ag cur ceisteanna orthaí, nach mbíonn.

ALICE: Tháinig fear, níl ’fhios a’m cé mhéad bliain ó shin é, tá sé mb’fhéidir sé nó seacht go bhlianta, Professor as an tSeapáin go hÁrainn agus chaith sé oíche amháin sa teach in éindí liom agus sé an áit ar chaith mé féin agus (--) ’Á bhfeicfeá é, feairín beag bídeach, bhí couch faoin bhfuinneog, ar a dhá ghlúin ar an gcouch i gcaith an lae a’ caint ar Liam.

MÁIRÍN: (Gáire) Stop

ALICE: Agus cé a bhí sa teach a’ chor a’ bith ag an am, (sos) meas tú a’ raibh Ruairí hEithir.

MÁIRÍN: Á yeah.

ALICE: Ruairí nó Brendan nó rud eicínt agus sin, Professor of English a bhí san Seapánach seo.

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Ach bhí sé go deas, an créatúr. Agus “huh” a deireadh Ruairí “if he’s a professor, sure he isn’t able to talk English at all

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Ach bhí, thuig muid féin a chéile alright ach thóg sé síos chuile shóirt, ach scríobhann sé i gcónaí a’m.

MÁIRÍN: A’ scríobhann?

PÓILÍN: A’ scríobhann?

ALICE: Fiú agus Lá Pádraig cuirfidh sé cárta a’m..

MÁIRÍN: Stop.

ALICE: An professor seo as Japan.

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Anois.

ALICE: Agus céard a chur sé a’m a’ chor a’ bith, chuir sé seeds eicínt a’m.

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Seeds bheaga agus d’fhásfaidís overnight nó rud eicínt, sóirt herbs bheaga nó rud eicínt.

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Agus leabhar, filíocht a d’aistrigh sé féin.

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Bhí sé go deas, ba deas an duine é. Caithfidh mé scríobh aige anois go gairid aríst (gáire).

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Go mbeidh ’fhios a’m a’ bhfuil sé beo.

MÁIRÍN: (Gáire)

ALICE: Yeah.

PÓILÍN: Bhuel fair play dhuit. Is deas ….

ALICE: …. Sea, tagann go leor daoine..

PÓILÍN: …. an rud é labhairt leis na daoine seo. Is deas, mar Ar ndóigh tá tusa ….

ALICE: …. Tháinig cailín beag, níl sé mí ó tháinig sí, anuas ag a’ teach agus ehm, tá ’fhios a’d aunt Maggie a bhí i Meiriceá? [ag labhairt le Máirín]

MÁIRÍN: Sea, yeah.

ALICE: Bhí sí pósta le Maidhcilín Mhaidhc Mhóir.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Great granddaughter di sin í.

MÁIRÍN: Ó stop.

ALICE: Sea. A máthair Margaret Dirrane, tá sí sin beo fós, sin í, iníon aunt Maggie a sean mháthair.

MÁIRÍN: Á, oh yes.

ALICE: Níl ’fhios a’m anois cén t-ainm a bhí uirthi mar is Mexican é a h-athair agus tá sé sna Diplomatic Services.

MÁIRÍN: Ó.

ALICE: Bhí sé, Is beag nach raibh sé ar an plane sin a bhí a’ gabháil go Los Angeles an lá sin i September.

MÁIRÍN: Ó sea.

ALICE: Ach sí an cailín beag is deise í a chonaic tú riamh. Scór blianta a bhí sí. Tá sí thuas in Edinburgh a’ déanamh bliain ann.

MÁIRÍN: Oh yeah.

ALICE: Dhá cuid foghlaim.

MÁIRÍN: Yeah, by dad.

ALICE: Ach tháinig sí “I’m a relation of Liam O’ Flahertys. “ So is half the world” a deir mé féin.

PÓILÍN: (Gáire)

MÁIRÍN: (Gáire)

PÓILÍN: Go maith, go maith.

ALICE: Ach bhí sí thar a bheith go deas.

MÁIRÍN: Yeah.

ALICE: Agus bhfuil ’fhios a’d bhí eolas aici ansin ar dhaoine eile a bhí eolas a’m, a casadh orm thall. Sin é anois é.

PÓILÍN: A Mháirín agus just sula bhfágfadh muid b’fhéidir go labhróidh tú liom faoi seo. Bhí tú féin i do mhúinteoir ar feadh tamaillín i scoil Fhearann an Choirce.

MÁIRÍN: Bhí.(gáire)

PÓILÍN: Inis dom faoi sin le do thoil.

MÁIRÍN: Ó bhuel Ar ndóigh sé an tAthair, an tAthair Ó Móráin a d’iarr orm a dhul ann. Ní raibh fonn dá laghad orm a dhul ann mar bhfuil ’fhios a’d bhí chuile rud athruithe. Bhí an syllabus athruithe, bhí chuile rud, “__+” ní bheidh mise in ann plé leis seo.

PÓILÍN: Bhuel níl sé i bhfad ó shin a’ chor a’ bith, scór bliana nó mar sin.

MÁIRÍN: Sea.

PÓILÍN: Right.

ALICE: Nuair a cailleadh Enda, a’ b’ea? [Enda Ó hEithir, col ceathrar le Máirín agus Alice]

MÁIRÍN: Eh…

ALICE: A d’fhág tú é.

MÁIRÍN: Sea, a’ b’ea? Sea.

ALICE: Bhí muid i mBlá Cliath a’ gcuimhníonn tú.

MÁIRÍN: Sea.

ALICE: Sé ’n chaoi a m’éigean dhuit a dhul anuas mar….

MÁIRÍN: ….Yeah ….

ALICE: .… níor tháinig, cén t-ainm a bhí uirthi, O’Brien?

MÁIRÍN: Ó Eileen O’Brien.

ALICE: Eileen O’Brien

PÓILÍN: Bhí tú ann roimh Eileen O’Brien, nach raibh.

MÁIRÍN: Ó bhí, sí a tháinig i mo dhiaidh.

PÓILÍN: Sea. So cén bhliain, ar cuimhin leat cén bhliain a bhí tú, cé na blianta a bhí tú a’ múnadh i bhfearann na Choirce?

MÁIRÍN: Ó muise ní chuimhním.

PÓILÍN: Ní chuimhnínn.

MAEVE: Bhí na gasúir s’ainne ann, chuile dhuine acu.

MÁIRÍN: Bhí, bhí.

MAEVE: “–––+”

MÁIRÍN: Ach bhí na gasúir iontach. Bhí na gasúir níos fearr ná mise.

PÓILÍN: “–––+”

MÁIRÍN: Bhí, bhí dar iontach. I mean (gáire) dúirt mé lá amháin go ngabhainn a’ múnadh, a’ bhfuil ’fhios a’d crochet, níl maith a’ bith liomsa a’ criotáil ná a’ déanamh crochet so cuimhním go raibh Deirdre [iníon Mháirín] ag iarraidh mé a mhúnadh agus deir sí “Á ní féidir tusa a mhúnadh” (Gáire)

PÓILÍN: Sin iníon leat, nach ea?

MÁIRÍN: Sea. (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) So d’éist mé leis sin ach chuaigh mé, dúirt mé go ndéanadh muid criotáil ach Ar ndóigh bhí na gasúir a bhí ag a’ scoil, bhí dar ní b’fhearr ná bhí mise, ag criotáil. Bhí siad i bhfad níos fearr.

PÓILÍN: Ach thug tú faoi mar sin féin, mar bhí do chlann tógthaí a’dsa, nach raibh? Bhí tú, bhí tú ins na sixties tú féin an t-am sin.

MÁIRÍN: Bhí, bhí.

PÓILÍN: Bail ó Dhia ort. Nach iontach an mhisneach a bhí a’d. Agus thaitnigh sé leat, nár thaitnigh?

MÁIRÍN: Ó thaitnigh sé liom, mar bhí na gasúir go hálainn. Bhí, bhí siad an-deas, na gasúir. Ach bhínn tugthaí tuirseach mar, tá mise a’ ceapadh go raibh ós cionn tríocha, tríocha ceathair nó tríocha cúig ….

PÓILÍN: …. A' mbíodh, bhíodh uimhreachaí móra an t-am sin ann.

MÁIRÍN: Yeah agus bhí naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra agus chaithfidh tú a bheith a’ caint ar feadh an lae .

ALICE: Caint i gcaith an lae. Ó ba bhocht é sin.

MÁIRÍN: Ó bhínn tugthaí.

ALICE: Sea, agus ní raibh aon chúnamh le, níor …

MÁIRÍN: …. Ní raibh.

ALICE: Ní raibh siad a’ cuir isteach cúntóir ar bith an t-am sin.

MÁIRÍN: Ó ní raibh.

ALICE: Agus tá anois….

MÁIRÍN: …. Ní fhéadfá cúntóir a fháil mar bhí sé a’ triáil, bhí Father. Moran a’ triáil le cúntóir a fháil ach ní raibh sé in ann. Chaithfidh tú, níl ’fhios a’msa cé mhéad [gasúir] a chaithfidh a bheith a’d.

ALICE: Ach a’ bhfuil ’fhios a’d nach dtugann siad cúntóir anois faoi FÁS scheme.

MÁIRÍN: Ó.

PÓILÍN: Tá, tá.

MÁIRÍN: Ach ní raibh duine a’ bith an t-am sin.

ALICE: “––––? + a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhí sé sin go maith

MÁIRÍN: Bhí sé thar cionn ar ndú. Mar I mean chaithfidh tú a bheith ag iarraidh a bheith a’ cuir chuile rang .…

ALICE: .... Seacht rud….

MÁIRÍN: …. a’ déanamh rud eicínt agus a bheith a’ caint le rang eicínt eile (gáire)

PÓILÍN: Níl sé sin éasca.

MÁIRÍN: Níl. Ach Ar ndóigh séard a deir cigire “ba cheart dhuit duine go rang a sé” [a chuir ag tabhairt cúnamh dóibh] ach bhí mise a’ rá “níl sé sin faireáilte” Ní raibh sé sin ceart.

PÓILÍN: Níl, níl. Bhuel ba dheas an rud é go raibh tú ann mar tháinig tú ciorcal iomlán

MÁIRÍN: Sea (gáire)

PÓILÍN: Sa mhéid go raibh tú i do ghasúr scoile i bhFearann a’ Choirce tú féin

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Agus d’fhill tú ansin

MÁIRÍN: Yeah.

PÓILÍN: Mar mhúinteoir. Blianta fada ina dhiaidh sin, tar éis do chlann féin a thógáil, Bail ó Dhia orthub.

MÁIRÍN: Yeah.

MAEVE: “__+” Na gasúir go léir, mar bhí an-suim agat i léitheoireacht, léitheoireacht, nach raibh? Bhí tú go maith, you know chuir tú an-suim i léitheoireacht …

MÁIRÍN: Ó chuireas.

MAEVE: Yeah.

MÁIRÍN: Bhuel bhí mé a’ déanamh amach dá mbeidís in ann léamh go mbeadh siad in ann rud a’ bith a fhoghlaim.

PÓILÍN: An ceart a’d.

MÁIRÍN: Yeah, so

PÓILÍN: Bhí tionchar a’d orthu.

MAEVE: Bhí.

PÓILÍN: Go maith.

MÁIRÍN: Thaitneoidh liom iad a bheith a’ léamh.

PÓILÍN: Go deas.

MÁIRÍN: So, bhíodh leath uair a’ chloig a’inn Dé hAoine tá mé a’ cheapadh agus bhínn a’ léamh ’gus ansin thugainn leabhar dhóibh le tabhairt abhaile agus….

PÓILÍN: …. Yeah….

MÁIRÍN: .… inseacht dom ceard, céard a bhí sa leabhar.

PÓILÍN: Go maith, go maith. Go raibh maith agat a Mháirín. Bhuel a Alice agus a Mháirín ba phribhléid dom é.

MÁIRÍN: Ó muise.

PÓILÍN: a bheith in ann caint libh mar seo.

ALICE: Tá tú saibhir (gáire)

PÓILÍN: Glacaim buíochas ó chroí libh ar mo shon féin agus ar son na mná atá i mbun Bhailiúchán Bhéaloideas Árainn 2001. Chaith sibh thar cionn linn, nár laga Dia sibh. Go raibh míle maith agaibh.

MÁIRÍN: (Gáire) Fáilte romhat.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.