Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00015

Taifeadadh
BBAF.00015
Formáid
MiniDisc
Fad
32:38
Dáta
12 Eanáir 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Fearann an Choirce
Bailitheoir
Maeve Uí Fhlaithearta
Faisnéiseoir
Seán Ó Flaithearta
Eolas cartlainne
MD 23 Seán Ó Flaithearta. Oideachas; Teanga; Cultúr.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00015
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MAEVE: Maeve Uí Fhlaithearta anseo in Ionad Pobail Fearann an Choirce ag caint le Seán Ó Flaithearta as Gort na gCapall ar an dara lá dhéag do Aibreáin 2001, Dia duit a Sheáin.

SEÁN: Dia is Muire duit a Mhaeve.

MAEVE: Seán, rugadh i nGort na gCapall thú, arbh as Gort na gCapall do mhuintir agus cé hiad féin?

SEÁN: Sea, ba as Gort na gCapall mo mhuintir, Brian Antoine Brian mo athair agus eh Nuala Seán Antoine mo mháthair. As Gort na gCapall an dá chomhluadar ach tháinig muintir mo mháthair, thángadar as Cill Mhuirbhigh.

MAEVE: Bhfuil gaolta fós a’d i nGort na gCapall Seán?

SEÁN: Tá deartháir liom agus a chomhluadar agus tá uncail liom freisin atá beagnach naocha bliain g’aois i nGort na gCapall faoi láthair.

MAEVE: Eh bhí go leor daoine ag maireachtáil i Gort na gCapall, ar chuala tú riamh go raibh aon teach go mbíodh daoine ag cruinniú ’s ag insint scéalta ann.

SEÁN: Bhuel, chloisinn m’athair a’ caint faoi Tigh Mhicilín nó Tigh eh na Fátharta thoir i nGort, i nGort na gCapall, bhíodh, eh nuair nach raibh teilifís ná aon rud mar sin thart, bhíodh eh le linn, le linn a óige san (--) bhíodh go leor daoine a’ cruinneáil sa teach sin ag imirt chártaí, ag inseacht scéalta agus mar sin de.

MAEVE: Sin an suimiúil ar fad, eh bhuel anois tá muid ag caint faoi an lá inniu, an lá atá inniu ann, tá tú ag múineadh i Scoil Fhearann an Choirce, cé mhéad gasúir atá sa scoil faoi láthair agus cé mhéad agus cé hiad na múinteoirí atá ann?

SEÁN: Tá duine ’s fiche ann faoi láthair. Tá mé féin ar ais, seod í an dara bliain a’m anois ann agus tá Máire Ní Bhriain as an Mainistir ó thús, atá ag cónaí i gCill Rónáin faoi láthair, eh mar phríomhoide sa scoil anois.

MAEVE: An cuimhin leat nuair a thosaigh tusa ag freastal ar an scoil chéanna, cé mhéad gasúir a bhí ar an rolla agus cé mhéad acub sin a tháinig ó Gort na gCapall?

SEÁN: Bhuel nuair a bhí mise óg bhí beirt múinteoirí a’ múineadh sa scoil freisin. Sé mo thuiscint go raibh ós cionn dhá scór cinnte, b’fhéidir garr go leath chéad ann nuair a bhí mise ar scoil, go leor acub bhíodar ón gceantar seo, ó, ón, ó Ghort na gCapall, Fearann a’ Choirce, Corrúch, Baile na Creige agus cúpla duine as Eochaill agus Cill Mhuirbhigh. Bhíodh (--) Ba as sin chuile dhuine a bhí sa scoil i ndáiríre.

MAEVE: Tuigim, agus cé iad na múinteoirí a bhí agaibh?

SEÁN: Micheál Ó Draighneáin agus Máire Bean de Búrca ansin as Cill, as Cill Rónáin.

MAEVE: Céard é anois an difríocht is mó idir an curriculum agus an modh múineadh san lá atá inniu ann agus an ceann a bhí dá úsáid nuair a bhí tusa ag dul ag a’ scoil?

SEÁN: Bhuel tá, tá rudaí ceapthaí a bheith ag athrú i gcónaí ach eh níl an iomarca athrú tagthaí air fiú le céad bliain. Tá an córas céanna atá ann i gcónaí, córas na scrúdaithe ar bhealach go bhfuil daoine a’ cuimhneamh ar, ar na scrúdaithe a bhéas le déanamh ag gasúir nuair a théann siad go dtí an Meánscoil agus rudaí mar sin. Eh nuair a bhí mise ag a’ scoil eh bhíodh, is dóigh, bhíodh bord, bhíodh beirt ag, ag chuile bhord agus ní mórán corraigh a dhéanadh tú as an mbord. Tá níos mó saoirse anois ann agus tá muid ag iarraidh na gasúir a fháil réidh go mbeidh siad in ann smaoineamh dhób féin. Sin, sin an aidhm atá ag a’ gcurriculum agus tá an, tá athrú a’ teacht isteach sa gcurriculum faoi láthair agus tá an bhéim a’ gabháil ar sin, go mbeidh muid a’ fáil réidh na gasúir go mbeidh siad in ann foghlaim ar feadh, ar feadh a saoil féin mar tá, tá sé le feiceáil anois nach féidir le daoine rudaí a fhoghlaim, chuile rud atá siad ag iarraidh a fhoghlaim sa saol agus iad ar scoil. Caithfidh siad a bheith in ann foghlaim taobh amuigh gon scoil agus you know sé, sé an rud atá le déanamh ag an múinteoir mar sin le iad a fháil réidh go mbeidh siad in ann an t-eolas a fháil dhób féin, an t-eolas atá siad a’ lorg.

MAEVE: Tá sé sin an-tábhachtach a déarfainn féin freisin. Eh ó thaobh an foirgneamh, a’ bhfuil mórán athrú tagthaí air, nó ar an seomra ranga ó bhí tusa ag a’ scoil?

SEÁN: Bhuel nuair a bhí mise ag a’ scoil bhíodh, bhíodh eh, bhíodh tine thíos agus go minic bhíodh sé deacair í a lasadh agus ní mórán teas a bhíodh ann, cé nach, nach gcuimhním mórán ar a’ bhfuacht ach nuair a chaitheadh muid a ghabháil taobh amuigh. Bhíodh na foscadáin an t-am sin agus bhíodh siad sin an-fhuar ceart go leor sa ngeimhreadh agus bhíodh eh, bhíodh muid a’ gabháil ar foscadh iontub sin nuair a bhíodh sos ann. Tá teas lárnach sa, sa, sa scoil anois agus tá, is compord mhór é, é an teas seo, gan a bheith a’ brath ar, ar an, ar an tine. Taobh amuigh de sin tá níos mó leabhra agus áiseannaí, tá ríomhairí, tá cheithre ríomhaire sa scoil faoi láthair agus tá deis ag na gasúir iad a úsáid. Agus is dóigh liom go bhfuil níos mó saoirse ag na gasúir iad féin a chur i láthair nó a chur in iúl ná mar a bhíodh nuair a bhíodh muide ann, bhíodh níos mó béim ar muidne a fhanacht ciúin ná mar atá sa lá atá inniu ann.

MAEVE: Tabharfaidh sé sin seans maith dóibh amach anseo. D’fhág tú an baile go h-óg le freastal ar an meánscoil i nGaillimh, an raibh buntáistí no mí-buntáistí ag baint leis sin?

SEÁN: Sin é an rud. D’fhág mé an, an baile nuair a bhí mé dhá bhliain déag g’aois. Fuair me scoláireacht le dhul go dtí Coláiste Éinne agus braithim féin go raibh mé beagáinín ró-óg, nó ró-óg le dhul ansin, cé go raibh go leor, go leor ón oileán san áit chéanna. Bhí Máirtín Jamesie [a bhí] ag cónaí thoir, soir an bóthar anseo, tháinig sé, chuaigh sé liom an bhliain chéanna. Bhí Máirtín beagán beag níos sinne ná mé féin ach chuaigh muid go Coláiste Éinne sa mbliain céanna agus ba eh, ba mhór an cabhair go raibh daoine ón oileán mar shampla sa mbliain céanna liom agus bhuel bhí go leor daoine as Árainn i gColáiste Éinne ag an am sin idir Inis Mór agus Inis Meáin agus Inis Oírr, cheapainn go raibh deich nduine fhichid nó mar sin sa, sa scoil ag an am, i gColáiste Éinne ag an am, nuair a bhí mise ann, sin ó ins na seascaidí.

MAEVE: So bhí tú ag múineadh ansin i mBláth Cliath go dtí le gairid. An gceapann tú go bhfuil buntáistí ag baint le maireachtáil ar an oileán?

SEÁN: Bhuel bhí me a’ múineadh i mBláth Cliath, thosaigh mé a’ múineadh ansin i 1973 agus bhí me a’ múineadh ann ar feadh tamall fada agus tháinig muid ar ais ansin anois anuraidh le dhul eh, agus thosaigh mé a’ múineadh i Scoil Fhearann an Choirce anseo anuraidh. Eh tá buntáistí agus mí-bhuntáistí a’ gabháil le bheith a’ maireachtáil ar an oileán. Tá i bhfad níos mó saoirse a’d nuair atá tú ar an mór-thír. Tá níos mo féidireachtaí, rudaí gur féidir leat a dhéanamh. Tá buntáistí ann ar an oileán sa mhéid go bhfuil níos mó saoirse a’d sa mhéid go bhfuil, go bhfuil eh an saol níos socúla agus níos suaimhní ná mar atá sé sa mbaile mór. Níl an brú ann ón, ó, ón, ón daonra, tá an daonra an-íseal ar an oileán agus tá, tá an spás ar an oileán nach raibh i mBláth Cliath. Sin é an príomh bhuntáiste atá le cónaigh ar an oileáin ceapaim, an spás agus an suaimhneas agus eh gan an brú a bheith ann.

MAEVE: Tá fhios a’m go bhfuil suim mór agat sa chultúr agus sa teanga . Nuair a bhí tú ag múineadh i mBláth Cliath an raibh baint agat le Conradh na Gaeilge?

SEÁN: Bhí, bhíodh, bhí mé a’ múineadh Gaeilge go dhaoine fásta. Chaith mé roinnt blianta á dhéanamh sin, eh le Conradh na Gaeilge i Sráid Achair ansin ar feadh na blianta agus bhain mé an-sásamh as sin.

MAEVE: Cé chomh láidir a cheapann tú atá labhairt na Gaeilge faoi láthair?

SEÁN: Tá labhairt na Gaeilge ar an oileán an-lag faoi láthair. Eh tá sé lag sa tír ar fad ach braithim go bhfuil, nach bhfuil aon seans, go bhfuil seasamh an-lag ag an nGaeilge ar an oileán faoi láthair. Ceapaim gur gá i ndáiríre seasamh níos láidre a thógáil, na daoine atá a’ gabháil a’ taobhú leis an nGaeilge, caithfidh siad a bheith le feiceáil agus is gá seasamh níos láidre a thógáil, mar ní thuigeann daoine an tábhachtach atá leis. Tá, tá an Ghaeilge ag imeacht as an oileán agus an chaoi a bhfuil sí a’ gabháil faoi láthair mura dtagann athrú, is Béarla a bhéas ag a’ gcéad ghlúin eile. Tá na gasúir anois ar an oileán, tá go leor Béarla le cloisteáil. Nuair atá siad leob féin tá siad, eh is Béarla atá siad a’ labhairt. Nuair a fheicim gasúir anois ag imeacht leob féin is eh, cuireann sé iontas orm go bhfuil, gurb í an Béarla an, an teanga a labhraíonn siad lena chéile.

MAEVE: An bhfuil deacrachtaí acu meas tú, nó cén fáth?

SEÁN: Bhuel is gá (--) An rud atá ann, is dóigh, bhí an Ghaeilge ceangailte le bochtaineacht agus deacrachtaí ag daoine dul chun cinn a dhéanamh sa saol mar go raibh easpa oideachais agus easpa teanga is dóigh, easpa Béarla orthub ach sa lá atá inniu ann ceapaim go bhfuil, go bhfuil, eh go bhfuil you know, tá an Béarla ins chuile áit, tá sé ar an teilifís. Ní raibh teilifís ann le linn mo óige sa agus mar sin eile, ní raibh, ní raibh Raidió na Gaeltachta ann ach oiread, ach ní raibh an brú isteach ón mBéarla ann. Ní raibh, ní raibh mórán caidreamh a’inne le saol an Bhéarla nuair a bhí muinn a’ fás suas. Ní raibh mise i nGaillimh ach uair amháin, bhuel nuair a chuaigh mise go dtí an Meánscoil nuair a bhí mé dhá bhliain déag ba é sin mo chead uair a’ gabháil Gaillimh. So an rud atá ann ní raibh an ceangal ag gasúir leis an saol mór an t-am sin so mar sin ní raibh, ní raibh an Ghaeilge faoi bhrú. Tá níos mó ceangail le Gaillimh agus le saol an Bhéarla faoi láthair agus an deacracht atá ann ná you know cá bhfuil seasamh na Gaeilge, you know cá bhfuil an brú a’ teacht ón nGaeilge a fhoghlaim ó chúrsaí ón teanga anseo. Tá daoine ag imeacht beagáinín ó, ón nGaeilge, cuid go na daoine, ní chuile dhuine. Séard atá mé a’ rá go gcaithfidh, go gcaithfear cineál, you know go gcaithfidh áit cinnte a bheith ag a’ nGaeilge, agus, má tá muid ag iarraidh í a choinneáil, mura bhfuil muid ag iarraidh í a choinneáil, bhuel sin rud eile. Ach an rud atá ann níl seasamh na Gaeilge, níl sé láidir ar an oileán faoi láthair agus you know caithfear é sin a rá ceapaim agus caithfear a bheith cineál soiléir faoi.

MAEVE: Ag caint even faoi cruinniú, nó a leithead sa scoil nó áit ar bith mar sin dár leatsa an ceart go mbeadh siad trí Gaeilge fiú agus daoine i láthair nach bhfuil mórán Gaeilge acub? An gceapann tú go n-iompaíonn muid ró-sciopaithe ar an mBéarla?

SEÁN: Bhuel sin é an rud. Ta, tá, tá sé sin deacair go leor. Sé an deacracht atá ann ná nuair a théanns muide taobh amuigh gon, go Árainn nó gon phobal Gaeltachta caitheann (--) bíonn an-deacracht a’ainn ár gnó a dhéanamh le, le daoine atá fostaithe ag a’ stáit i rannaí stáit. Bíonn deacracht a’ainn a ngnó a dhéanamh leosan taobh amuigh d’ár bpobal féin agus tá Acht Teanga le theacht isteach i mbliana a thabharfas cead go aon duine le Gaeilge a ngnó a dhéanamh leis na ranna stáit. Tá súil a’m go dtiocfaidh sé sin isteach an bhliain seo. An rud atá ann caithfidh muid a bheith cinnte faoi seasamh na Gaeilge. Anois ar an oileán agus áiteachaí sa nGaeltacht, tiocfaidh daoine isteach agus aríst is dóigh nuair a thagann siad isteach i bpobal Gaeltachta is í an Ghaeilge teanga b’fhéidir ochtó nó nócha faoin gcéad go na daoine sa bpobal sin. Now na daoine a thaganns isteach is cinnte gur mhaith linn caith go faireálta leob san, ach ní chiallaíonn sé sin is dóigh gur chóir dúinn iompú bonn ós cionn go na daoine a thaganns isteach. Aríst tá ceart ag chuile dhuine ar an oileán agus nuair atá (--) má tá daoine ag cruinniú nach bhfuil Gaeilge acub is cinnte go bhfuil, go mbeadh, go bhfuil sé go cheart acub ceist a chur i mBéarla agus freagra a fháil ar sin i mBéarla . Ach aríst ní chiallaíonn sé sin nár chóir gon, gon chruinniú a dhul ar aghaidh i nGaeilge agus i nGaeilge chomh fada agus is féidir. An rud atá a’ tarlú agus a tharlaíonn, nó atá a’ tarlú le fada, fada, ná na daoine go bhfuil Béarla acub bíonn siad níos glóraí go minic ná na daoine gurb í an Ghaeilge an teanga atá acub agus má iompaíonn tú ar an mBéarla siad b’fhéidir na daoine atá you know, gurb í an Ghaeilge a gcéad teanga, go mbeidh deacrachtaí acub san agus ní hé gur, ní hé go (--) cén fáth go mbeadh tú a’ gabháil ag iompú, eh ag iompú ar an mbealach sin you know, caithfear cuimhneamh go bhfuil sé go cheart an cruinniú a bheith i nGaeilge mar gheall gurb í an Ghaeilge teanga formhór na ndaoine i láthair agus teanga an phobail agus go bhfuil sé go, go, go dhualgas ar na cinnirí atá sa bpobal seasamh leis sin agus an Ghaeilge a chur ar aghaidh chomh mór agus is féidir.

MAEVE: Aontaím go mór leat ansin. Anois ag caint faoi leabhair Gaeilge, meas tú an bhfuil ábhar na leabhair Gaeilge, go mór mhór ábhar na leabhair scoile, bhfuil sé feiliúnach agus céard a cheapann tú faoin caighdeán Gaeilge iontub?

SEÁN: Bhuel gon bhunscoil tá siad an-lag agus tá (--) caithfidh an mhilleáin, go leor gon mhilleáin anseo a dhul ar an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá siad ag athrú, a’ tabhairt curriculum nua isteach sa nGaeilge agus chomh maith le, sa nGaeilge chomh maith leis na h-ábhair eile, ach níl aon chosúlacht go bhfuil an obair, go bhfuil an réamh obair déanta, go bhfuil na leabhra ar fáil ná go bhfuil daoine fostaithe, nó go bhfuil scríbhneoirí fostaithe le na leabhra sin a scríobh nó iad a cur in oiriúint go na Gaeltachtaí mar eh aon (--) na leabhra Gaeilge atá ann is gá (--) bhuel níl siad suas go dáta, nil siad nua aimsireach go leor acub agus níl siad oiriúnach gon lá atá inniu ann. So caithfear láidriú ó thaobh, ó thaobh an méid leabhra atá ar fáil agus go mbeidh na leabhra oiriúnach agus suimiúil go na gasúir sa gcaoi go mbeidh suim acub forbairt agus neartú a dhéanamh ar an nGaeilge atá acub nó láidriú a dhéanamh uirthi.

MAEVE: Dhéanfadh sé sin an-difríocht, cinnte. Meas tú an gceapann tú go bhfuil sé deacair Gaeilge a fhoghlaim, an bhfuil sé níos deacra ná Béarla?

SEÁN: Tá sé níos deacra ná Béarla sa mhéid nach bhfuil, nach bhfuil sé le cloisteáil chomh mór leis an mBéarla. Chuile áit a ghabhas tú tá brú ort an Béarla a labhairt. Aon duine atá a’ foghlaim aon teanga tógann sé am agus iarracht agus sin dhá rud atá tábhachtach, am iarracht agus cleachtadh freisin, so nuair a bhéas (--) aon duine a bhfuil, a bhfuil, atá sásta an t-am agus an iarracht a dhéanamh, éireoidh leob, ach níl sé éasca aon teanga a fhoghlaim….

MAEVE: …. Níl ….

SEÁN: …. Eh nuair a fhoghlaimíonns daoine níos mó ná teanga amháin go h-óg bíonn siad níos, bíonn an chluas níos fearr acub agus bíonn siad in ann forbairt agus na scileanna teanga atá a’ teastáil uathab a fhoghlaim níos sciopaithaí nó níos tapúla ná bheadh daoine nach mbeadh, a bheadh ar aon teanga.

MAEVE: Cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge ó thaobh cultúr an oileáin?

SEÁN: Bhuel cheapainn go bhfuil sé an-tábhachtach i ndáiríre. Tá muid ina suí anseo cineáil a’ breathnú suas ar Dhún Aonghusa, dún a thóg na Ceiltigh timpeall dhá mhíle chúig céad bliain ó shin. Siadsan a thug an teanga go hÉireann agus go h-Árainn agus eh tagann an t-uafás daoine a’ gabháil a’ breathnú ar Dún Aonghusa agus is cuid gon chultúr a d’fhág na Ceiltigh a’inn ná an teanga agus má imíonn an teanga (--) aríst tá sí faoi bhrú faoi láthair agus má imíonn sí bhuel is, beidh athrú ar, ar, ar an, ar an oileán cinnte, ceapaim.

MAEVE: Agus an gceapann tú anois go raibh nó go bhfuil mórán tionchar ag Raidió na Gaeltachta agus TG4 ar an nGaeilge?

SEÁN: Eh is deacair a rá, eh is deacair a rá cén tionchar a bhéas aige ar an nGaeltacht, bhuel tá mé cinnte go bhfuil tionchar aige ar an nGaeltacht san áit atá na daoine a’ cónaí, na daoine atá ag obair sa raidió agus ar an teilifís, san áit a bhfuil cónaí orthubsan, ba chóir (--) Is cinnirí pobail a bhéas iontub sin agus beidh tionchar acub san áit a bhéas siad féin a’ cónaí. Tá go leor gon Ghaeltacht, tá deacrachtaí móra ó thaobh cúrsaí forbartha, ó thaobh cúrsaí daonra de agus imní orm, is deacair a rá cén chaoi, cén tionchar fad téarmach a bhéas ag an radio agus ar an, ag an teilifís ar an bpobal sin. Ba chóir go mbeadh tionchar maith aige air ach is deacair a rá. Inseodh an aimsir cén, cén, cén tionchair a bhéas ag an radio air. Tá go leor rudaí ó thaobh cúrsaí forbartha pobail mar déarfá gur gá breathnú orthub sa gcaoi go mbeidh na pobail a’ láidriú agus a’ fás, rud nach bhfuil a’ tarlú faoi láthair.

MAEVE: (Casacht) Tá baint mór agatsa leis an Coláiste Gaeilge anseo. Cén bhliain a cuireadh tús leis na Coláistí Gaeilge ar an mór thír agus in Árainn?

SEÁN: Bhuel nuair, nuair a tháinig an athbheochan cultúrtha sa tír ag deiridh, deiridh an naoú aois déag, bunaíodh, bunaíodh iad go luath sa fichiú aois. Bunaíodh cúpla ceann - Coláiste Chonnacht i gConamara - tá sí, tá sí sean go leor agus áiteachaí mar sin, cúpla áit mar sin. Eh, ag an am sin thagadh, tháinig you know leithéide Pádraig Mac Piarais agus daoine mar sin, chuaigh sé sin go Ros Muc agus na ceantar sin ach chomh fada is atá fhios a’m ní raibh aon choláiste Gaeilge i Ros Muc ach bhí ceann, an chéad cheann is dóigh ar an taobh seo, is dóigh Coláiste Chonnacht sa Spidéal ansin. Eh bunaíodh iad is dóigh le deis a thabhairt go dhaoine theacht ón, ón mbaile mór agus ón gcathair agus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Leathnaigh siad san Stáit nua agus tháinig fás aríst mór orthub ’sna seascaidí, ’sna seascaidí. Níor bunaíodh an Choláiste Gaeilge ar Inis Mór go dtí 1983 agus ag an bpointe seo téann timpeall fiche míle duine ar, go dtí Coláistí Gaeilge chuile bhliain, fiche míle, go leor acub ó na bailte móra, ó na cathrachaí agus na daoine is mó a thaganns acub na daoine a bhfuil, a bhfuil méid áirid go shaibhreas an tsaoil acub. Ní hiad na daoine is boichte a thagann mar cosnaíonn sé airgead gasúir a chur go dtí Coláiste Gaeilge. Is, is, (--) tá sé soiléir go bhfuil ag éirigh leob sa mhéid go gcaitheann na gasúir trí seachtainí le teaghlaigh Gaeltachta agus sé na príomh aidhm atá acub an Ghaeilge atá acub a chleachtadh agus feabhas a chur ar an méid Gaeilge a bhíonns acub a’ teacht. Agus tá, tá ag éirigh leob ag go n-éiríonn leob é sin a dhéanamh.

MAEVE: An raibh mórán deacracht agat féin an Coláiste a bhunú in Árainn?

SEÁN: Bhuel bhíodh daoine a’ caint ar Choláiste Gaeilge in Árainn ach níor déanadh tada faoi go dtí tús na h-ochtóidí agus nuair a thug mé, nuair a labhair mé le bainisteoir an Chomharchumainn - Seosamh Mac Coillte as, as Gaillimh, bhí sé ina bhainisteoir ar an gComharchumann ag an am agus chur seisean an bhileog amach [chuig an bpobal] i 1983. Ní raibh ach beirt, dhá theach a bhí sásta iad [na scoláirí] a choinneáil an bhliain sin, sin beirt thiar in Eoghanacht agus ní raibh sa gColáiste an bhliain sin ach seisear agus sin faoi stiúir an Chomharchumainn. D’imigh an Comharchumann gon saol i 1984 agus bhí me féin freagrach as sin, as cur ar aghaidh an Choláiste as sin amach agus tháinig fás uirthi agus forbairt agus sa mbliain 1989 thóg muid foirgneamh anseo Ionad Pobail, Coláiste Gaeilge i bhFearann an Choirce le freastal a dhéanamh ar an gColáiste Gaeilge agus freisin ar an bpobal sa gcaoi go bhfuil áiseannaí spóirt ann gur féidir úsáid i rith na bliana go na gasúir agus na daoine óga agus go bhfuil seomra cruinnithe ann freisin gon phobal anseo, rud nach raibh ar an taobh seo gon oileán. Agus tháinig láidriú ar an, ar an gColáiste Gaeilge ach níl na háiseannaí, níl muid sásta fós leob fós ach tá roinnt oibre fós le déanamh le rudaí a chur ar aghaidh.

MAEVE: Agus cé as a dtagann na scoláirí agus meas tú cén fáth a bpiocann siad Coláiste Ó Direáin?

SEÁN: Bhuel aríst an rud atá ann tá na Coláistí Gaeilge, go leor acub, tá siad faoi, faoi scáth a dtugann siad Co-Choiste Náisiúnta na gcoláistí Samhradh agus cuireann muid you know na brochures na bileoga eolais go dtí na scoileannaí agus cuid go na Coláistí téann daoine thart go na scoileannaí ag, ag tabhairt eolas faoi na coláistí éagsúla. Anois, arís tagann siad go hÁrainn, is dóigh ó thaobh an chultúr de agus an traidisiún agus an ceangal atá ag Árainn leis an nGaeilge agus eile. Tagann siad anseo ag go bhfuil muid, go bhfuil an t-oileán difriúil ach aríst eh bhuel go leor go na daoine a thaganns, tagann siad mar go gcloiseann siad ó chairde a bhí anseo roimh ré, go raibh, gur bhain siad tairbhe agus taitneamh as a dtréimhse anseo. Eh roghnaíonn cuid acub oileán, ceapann siad go bhfuil oileán b’fhéidir, go bhfuil oileán, go bhfuil sé difriúil ó bheith ag Coláiste Gaeilge ar an mór thír. Daoine eile ní thagann siad go oileán ag go bhfuil an t-oileán b’fhéidir scartha amach agus go bhfuil sé deacair ag tuismitheoirí teacht agus rudaí mar sin. So tá buntáistí agus mí bhuntáistí ag an oileán le, le gasúir a thabhairt anseo ó thaobh, ó thaobh na dtuismitheoirí de.

MAEVE: Anois faoi daoine fásta, céard é do thuairim faoi cúrsa a bheith le fáil do dhaoine fásta atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim?

SEÁN: Bhuel sin é an rud. Ceapaim ó thaobh na turasóireacht de, an cineáil turasóireacht atá ar Árainn faoi láthair, tagann na mílte agus tá (--) má théann tú isteach go Ros a’ Mhíl feicfidh tú an méid báid ansin agus feicfidh tú gurb é an aidhm atá ag na daoine sin - na báid - na daoine a thabhairt ó A go B chomh sciopaí agus is féidir. Anois an aidhm atá leis an gcineál turasóireacht sin i ndáiríre, níl mórán buntáiste ann gon oileán. Tagann siad agus imíonn siad tríd an oileán an-sciopaí agus amach aríst agus eh mar a dúirt mé tá an pobal ag an nóiméad seo lag go leor agus teastaíonn, má tá daoine le cónaí, le bheith a’ cónaí anseo le Gaeilge agus teanga beidh siad (--) caithfidh siad slí bheatha, caithfidh siad a bheith in ann slí bheatha a bhaint amach dhób féin agus cé gur féidir é a dhéanamh leis an turasóireacht eh ba chóir gur féidir é a dhéanamh leis an turasóireacht cultúrtha, go bhféadfadh daoine áiseanna a chur ar fáil go bhfánódh daoine níos faide. Agus má tá daoine a’ foghlaim teanga mar a dúirt mé tógann sé am agus iarracht agus ba mhór an spreagadh é sin dá mbeadh daoine in ann fanacht níos faide, an Ghaeilge a fhoghlaim agus a bheith gníomhach, bheith páirteach sa gcultúir leis na daoine níos mó, ba mhó (--) sin é an cineál turasóireacht ba mhaith liomsa a fheiceáil a’ gabháil ar aghaidh agus ba mhaith liom go bhfeiceadh, you know go mbeadh deis ag na daoine, na daoine fásta teacht. Tá siad ann ach ia dóigh em tá cosúil le aon rud tógann sé am agus iarracht rudaí a chur ar aghaidh, agus an rud céanna leis na daoine fásta. Tá áitechaí in Éireann a chuireann cúrsaí ar fáil go dhaoine fásta agus tá ag éirigh go maith leob. Níl a lán acub ann, tá áit amháin is dóigh an áit is cáiliúla ná Oideas Gael thuas i nDún na nGall. Déarfainn go bhfuil ag éirigh go breá leis sin má tá na h-uimhreachaí a’ teacht. Áiteachaí eile, níl, níl, níl uimhreachaí an-mhór in áiteachaí eile. Ach is (--) ceapaim gur chóir go mbeadh sé mar aidhm forbairt a dhéanamh go (--) ar an dturasóireacht cultúrtha.

MAEVE: Cinnte, bheadh sé sin an, an-tábhachtach. Anois tá tusa mar cathaoirleach ar Coiste Forbartha Fearann an Choirce agus Comharchumann Aonghusa. Céard h-iad na rudaí is mó atá déanta ag an ngrúpa seo le roinnt blianta anuas?

SEÁN: Bhuel sin é an rud. Coiste Forbartha Fhearann an Choirce is dóigh gur, gur, gur nuair a bhunaigh muid an Choláiste Gaeilge ins na h-ochtóidí em nuair a d’imigh an Comharchumann as a bhí ar an taobh thoir gon oileáin i gCill Rónáin eh tháinig an coiste, tháinig grúpa daoine le chéile anseo agus chonaic muid (--) Nuair a bhí an Coláiste Gaeilge ann ar dtús i 1984 ní raibh a’inn ach an bunscoil agus caithfidh mé a rá bhí an múinteoir a bhí ansin ag an am, Eibhlín Ní Bhriain, bhí an eh an-bhá aici leis an gColáiste Gaeilge agus bhí sí an-toilteanach go mbainfeadh muid aon úsáid, pé úsáid a bhí sí in ann a thabhairt, a ligeann dúinn as an mbunscoil ag an am sa mhéid go raibh muid in ann eh seomra a úsáid i Mí Meitheamh chun, chun rang, chun rang a bheith a’inn go na scoláirí a bhíodh a’ teacht i Mi Meitheamh. Eh thug sise tacaíocht ag an am sin agus ní raibh a’inn go áis ach an bunscoil ansin, ní raibh aon áit le damhnsa, ní raibh aon áit le tada eile i ndáiríre ach an eh, an bunscoil agus bhí na sean fhoscadáin fágthaí ina seasamh ag an am agus ní raibh an, aon áis a’inn i ndáiríre ach seomra ranga agus bhí an-deacrachtaí a’inn ag a’ tús, agus lean sé ar aghaidh mar sin mar a dúirt mé go dtí 1989 nó mar sin nuair a, nuair a thóg muid an, an t-ionad anseo agus eh is dóigh liom i 1990 gur osclóidh é agus chuir se sin leis n h-áiseannaí, ar a laghad bhí halla a’inn, rud nach raibh a’inn le go raibh na gasúir in ann céilí a bheith acub agus eile mar sin. So thóg sé iarracht mór. Now an coiste, d’fhás an coiste as sin agus na daoine go raibh suim acub an Choláiste Gaeilge a chur ar aghaidh agus an Ionad Pobail a thógáil anseo, bhí siad san an-ghníomhach san, san, san obair sin agus bhí an obair, bhí an freagracht orainn an, an, an áit a thógáil. Thóg muid é, fuair muid cabhair ó, ó Roinn na Gaeltachta agus eh chláraigh muid Comharchumann Aonghusa. Níor bhfuair muid mórán eile tacaíocht ón Stáit le é sin a dhéanamh ach chláraigh muid é agus tá an comhlacht sin a’ gabháil ar (--) tá Comharchumann Aonghusa a’ gabháil ar aghaidh ó shin, an coiste, d’fhán muid le chéile agus tá muid you know, an bóthair ó dheas, d’oscail muid é sin soir go dtí Corrúch agus cuireadh (--) tá tar anois air soir go dtí Corrúch agus freisin tá jab mór déanta ag a’ trá [Cill Mhuirbhigh] a’inn ó thaobh cúrsaí creimeadh cósta, tá (--) bhí an fharraige, rinne sí damáiste an-mhór ansin sa mbliain naoi déag, is dóigh liom 1991 agus rinne sí an-damáiste, bhí sí, bhuel bhí an bóthair dhá thabhairt amach aici agus ní raibh aon bhealach síos ar an trá ná eile. Anois an coiste seo d’eagraigh muid scéim Fás agus ba jab an- mhór a bhí ann i ndáiríre agus tá sé (--) níl muid ach tar éis é a chríochnú anois so chaith muid timpeall h-ocht mbliana ag obair ar sin ag iarraidh an scéim, an scéim sin a chur ar aghaidh agus tá muid an-sásta go bhfuil an obair sin críochnaithe anois agus, nó beagnach críochnaithe sa mhéid go gcaithfear tar a chur ar an mbóthair, ar mBóthar na Trá sula mbeidh, mbeidh an, mbeidh an, go mbeidh sé críochnaithe, go ndéarfaidh muid go mbeidh sé críochnaithe, ach tá muid an sásta leis . So tá an coiste seo a’ breathnú, nó bhí muid a’ breathnú ar na rudaí go bhféadfaí a dhéanamh anseo, sa taobh seo gon oileáin sa mhéid (--) tá sé go chreidiúint láidir a’m féin mura bhfuil daoine gníomhach ina bhforbairt féin go ndéanfar dearmad ar na daoine agus teastaíonn coistí gníomhach a bheith ar an oileáin agus is coiste gníomhach a bhí i gCoiste Forbartha Fhearann an Choirce agus bheadh súil a’inn go leanfadh sé ar aghaidh mar choiste gníomhach a bheadh i bhforbairt pobail mar is le chéile gur féidir rudaí a chur ar aghaidh. Tógfaidh sé am agus iarracht agus ní chuile dhuine a bhíonns an t-am acub ach caith mé a rá you know go bhfuil go leor oibre déanta ag Coiste Forbartha Fhearann an Choirce leis na, ó thosaigh muid agus tá súil a’m go mbeidh muid in ann leannacht ar aghaidh.

MAEVE: Tá sé sin an-suimiúil. Aontaím leis ó thaobh an foirgneamh seo. Tá muide anois mar grúpa ag baint an-úsáid as leis an cúrsa Fás - Bailiúcháin Béaloideas. Ní bheadh muid in ann é a dhéanamh ar an taobh seo gon oileán gan an foirgneamh seo a bheith ann. So anois céard h-iad na haidhmeanna atá ag an gcoiste amach anseo?

SEÁN: Bhuel na haidhmeanna, ba mhaith is dóigh leannacht ar aghaidh [ag] forbairt, bhuel mar a dúirt mé níl an, níl an t-ionad seo críochnaithe i ndáiríre. Tá, tá muid cineáil tosaigh air. Tá muid ag an nóiméad seo tá sé i gceist, em cúirt leadóige a chur leis an, leis an Ionad. Faoi láthair tá muid a’ plé leis, ag obair ar sin faoi láthair. Tá suíomh nó píosa talamh ceannaithe a’inn le cúirt leadóige a chur leis agus tá sé ansin i gceist, tá sé i gceist píosa a chur leis an ionad féin, mar níl sé mór go leor i Mí Meitheamh agus níl sé mór go leor gon phobal, mar níl na seomraí (--) Cé go raibh, go raibh muid ag cuimhneamh ar an bpobal agus ar an gcoláiste Gaeilge nuair a bhíothas ag tógáil na háite, níl sé mór go leor. Eh caith muid píosa a chur leis agus caithfear a bheith ag cuimhneamh céard is féidir you know céard is féidir a dhéanamh. Anois mar a dúirt mé an t-oideachas in Éireann inniu tá sé dírithe ar, ar, ar scrúdaithe agus ar oideachas nach bhfuil a’ díriú ar a’ bpobal. Is dóigh gur chóir go cineáil (--) Ba mhaith liomsa go bhfeicfinn cineál Ionad Oideachas Aosach anseo, oideachas a bheadh daoine fásta a’ plé leis. Ba mhaith an rud é sin mar (--) tá oileáin ar chósta na hAlbain agus tá ionaid ann agus ba mhaith an rud ag go bhfuil an ionad seo cineáil scartha amach ó, ó, ó scoileannaí ar bhealach go mbeadh an t-oideachas a bhfaighfí san áit seo, go mbeadh sé, go bé an cineáil oideachas a bheadh a’ teastáil ó na daoine le, le feabhas a chur ar a saol féin. So dá mbeadh muid in ann píosa a chur leis le go mbeadh sé in oiriúint gon Choláiste Gaeilge agus go na daoine óga agus go bhfeadfaí é a úsáid le scileanna éagsúla a thabhairt go na daoine óga agus go na daoine atá fásta freisin le saol an oileáin a fheabhsú agus a chur chun cinn. Is cinnte, mar a déarfá luadh tú Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge. Anois tá sé an deacair ag na daoine óga scileannaí a fháil nuair atá siad a’ fás suas mura bhfuil eagraíochtaí éagsúla sa bpobal chun tacaíocht, tacú leob scileannaí éagsúla a phiocadh suas go réidh. Ba chóir go mbeadh an t ionad anseo chun cineáil forbairt a dhéanamh ar sin agus tacú leob ar an mbealach sin.

MAEVE: Tá sé sin an-suimiúil. I suppose beidh níos mó a’ teastáil ar an coiste freisin agus rudaí mar sin.

SEÁN: Ó gan dabht, tá an coiste an-lag, bhuel nuair a deirim, ní hé go bhfuil an coiste an-lag, nuair a dúirt mé, níl ….

MAEVE: …. Na huimhreacha.

SEÁN: Tá na huimhreachaí a’inn faoi láthair, caithfidh muid neartú agus méadú má tá an coiste dhul, le dhul, le, le láidriú. Ní féidir linn an iomarca a thógáil ar ár lámha, is coiste deonach sinn. Tá muid le cúpla bliain anois a’ rá you know nach féidir linn ach an rud atá a’inn, an t-ionad seo a riaradh ach, mar nach bhfuil am a’inn le é a dhéanamh. Is cineáil coiste deonach sinn agus caithfimid breathnú céard is féidir linn a dhéanamh. Ní féidir linn an iomarca a thógáil ar ár gcuid lámha mar má dhéanann muid é sin ní bheidh, ní bheidh muid in ann leannacht ar aghaidh. So tá sé tábhachtach go, go, nach dtógfadh muid an iomarca ar ár lámha cinnte, ach tá sé mar aidhm a’inn leannacht ar aghaidh agus an, an, an t-ionad a chríochnú, eh píosa a chur leis an ionad. Sin é atá a’inn faoi láthair agus tá rudaí timpeall na háite a theastaíonns a dhéanamh, tá bóithrí thimpeall a theastaíonns a fheabhsú Tá creimeadh cósta fós ag cur as (--) Tá jab mór a theastaíonns a dhéanamh thiar sa nGleannachán. Ba mhaith linn you know tacú dá bhfeadadh muid leis sin. Tá (--) Ceapann muid freisin, cúrsaí talmhaíochta ar an oileán go bhfuiliú a’ déanamh dearmad ar bhealach, nach bhfuil, nach bhfuil níos mó cabhair le fáil ag na daoine le níos mó úsáid a bhaint as a’ talamh, cosúil le glasraí a chur agus rudaí mar sin. Ceapaim go dteastaíonn you know eagraíocht nó grúpa daoine a bheadh suim acub forbairt a dhéanamh ar sin. Eh you know ba mhaith linn, tá rudaí go leor go bhfeadfadh muid smaoineamh air nó go bhfuil in ár n-intinn ach nach bhuel, go mbraitheann sé céard is féidir linn a dhéanamh. Níl, níl a lán ama a’inn agus níl an oiread fuinneamh a’inn agus a bhí nuair a thosaigh muid chúig bliana déag ó shin nó mar sin agus braitheann sé ar cén sórt am a bhíonns a’inn agus cén sórt fuinneamh a bhíonns a’inn you know ach cinnte tá muid a’ gabháil a’ leannacht ar aghaidh chun cur le forbairt an oileáin mar a bhí muid, mar atá déanta a’inn le chúig bhliana déag.

MAEVE: Ó tuigim anois agus tá tú, tá tú féin pósta anois agus tá gasúir óg agat. Tá tú pósta le Pauline atá mar rúnaí ar an coiste bainistíochta againn

SEÁN: M hm, tá.

MAEVE: Cén, cén t-ainm atá ar na gasúir agus cén aois iad?

SEÁN: Sea tá beirt gasúir a’inn, Seán Antoine agus Briain Pádraig agus tá Seán Antoine, beidh sé sé bliana go gairid agus beidh Briain Pádraig chúig bhliana i Mí Meán Fhómhair agus tá siad a’ gabháil ar scoil agus taitníonn an scoil leob agus tá súil a’m go leanfaidh rudaí ar aghaidh mar sin.

MAEVE: Go raibh míle maith agat John, bhí sé sin an-suimiúil

SEÁN: Go raibh míle maith a’d féin a Mhaeve.

Tras-scríbhneoir
Bairbre Uí Chonaill
Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.