Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00014

Taifeadadh
BBAF.00014
Formáid
MiniDisc
Fad
37:30
Dáta
14 Aibreán 2001
Teangacha
Béarla
Gaeilge
Suíomh
Cill Rónáin
Bailitheoir
Máirín Uí Chonghaile
Faisnéiseoir
Meait Ó Maoláin
Eolas cartlainne
MD 22 Meait Ó Maoláin. Clann; An Gabha; Muintir a Athar; Na Black and Tans; Sióga; Iascaireacht; MFV Ros Rónáin; Seirbhísí go dtí na hOileáin; Iascach ón aill; Piseoga faoi Iascaireacht; Obair Chladaigh; Scoil; Caitheamh Aimsire.
Tagairt chartlainne
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00014
Taifeadadh & meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
Féach sonraí cóipchirt.

Tras-scríbhinn

MÁIRÍN: Tá mé anseo inniu an ceathrú lá go Aibreán ag caint le Matt Mullen nó Matt Neid Ghabha. Dia duit a Mheait.

MEAIT: Dia’s Muire duit a Mháirín.

MÁIRÍN: Bhuel a Mheait, a’ gcuimhníonn tú ar t-athair agus do mháthair agus an bhfuil ’fhios agat mórán faoin clann ar dtús, labhróidh muid faoi t-athair ar dtús, mar ba gabha a bhí ann.

MEAIT: Bhuel tá ’fhios a’m, bhí, bhí cúpla dearthár aige, níl ’fhios a’m siúráilte cé mhéad ach bhí Johnny an t-aon duine acub a rinne teagmháil leis an mbaile agus bhí MacDara ann agus bhí Ned ann agus bhí Annie, dreabhar leis, bhí sí sin ina múinteoir scoile anseo….

MÁIRÍN: …. Sin í a bhí pósta ag Garda McCabe, nach bí ?

MEAIT: McHale, sea.

MÁIRÍN: McHale, yeah.

MEAIT: Agus bhí, níl a fhios a’m ar Máire a bhí air a’ gceann eile, a bhí i Meiriceá. Fuair sí sin pósta le, le deartháir Joe Kelly.

MÁIRÍN: Ó sea, sea.

MEAIT: Agus bhíodar sin i St Lukes i Meiriceá.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Agus d’fhág na deartháireachaí [an baile] duine i ndiaidh duine. Bhí go leor acub ag mairnéalacht amach as Liverpool agus chuaigh cuid acub go Australia, cuid acub go Meiriceá ach an t-aon duine a rinne (--) Níor, níor scríobh dar riamh ach duine amháin acub – Johnny, agus bhí sé sin (--) Tagann, tagann a chuid macannaí agus macannaí atá acub, tagann dar anseo le cuairt. Agus eh níl sé i bhfad ó shin ó cailleadh duine acub. Tá an chuid eile, níl ’fhios ag Dia (gáire) ná duine cá ndeachaigh dar, nuair a chuadar, nuair a bhailáildear out ghearr dar an ceangal uilig leis an oileán ach is dóigh, ní raibh mórán ag baile dhób ag an am. Ach eh ba as Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo a tháinig muintir seanathair m’athair as.

MÁIRÍN: Ó ab ea?

MEAIT: Sea’ gabha a bhí, gabha a bhí acub generations [siar]

MÁIRÍN: Ó generations.

MEAIT: Bhí, bhí mar bhí sé ag inseach dhomsa (--) ‘Speáin mo sheanathair, sin é athair mo mháthair, athair mo athair, ‘speáin sé dhó le na, le na pikes a dhéanamh. Fadó bhídís a’ déanamh (--) ‘Speáin a athair sin dhó é agus tháinig sé anuas ó glúin go glúin. Le na pikes. D’airigh tú trácht orthub sin?

MÁIRÍN: Sea d’airigh, yes.

MEAIT: Agus bhí sé a’ rá liom go gcaithfeá iad a dhéanamh as an iarann amháin agus eh tháinig a sheanathair tá mé a’ ceaptha ansin, tháinig sé, bhí sé tamall amuigh i Baile Loch Riach agus ansin tháinig sé go hÁrainn agus fuair sé pósta le bean as Contae an Chláir, Ó Domhnaill a bhí uirthi.

MÁIRÍN: Ó sin é a bhí sé sin pósta aige.

MEAIT: Sea agus tá mé a’ ceaptha go raibh dreabhar leis ansin a tháinig agus bhí sí sin pósta in Iaráirne. Agus d’fhan m’athair a’ plé leis an ngaibhneacht agus bhí sé, bhí sé ann thíos sa, thíos sa cearta, bhíodh deatach a ’gabháil go gealach thíos ann.

MÁIRÍN: Ach ba bun a’ bhaile thíos an áit a bhí tí Sis …[Sis Lynch]

MEAIT: Sea , thíos ag …

MÁIRÍN: Sin é an áit a bhí ag t-athair?

MEAIT: Sin é an áit a bhíodar a’ maireachtáil ….

MÁIRÍN: …. Bhíodar a’ maireachtáil….

MEAIT: .… le taobh an cearta ann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Tá an teach beag ina sheasamh fós agus ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: .… sin é an áit a bhíodar a’ maireachtáil, teach beag a bhí ann leis an méid acub a bhí ann ach mhaireadar ann anyways agus ansin bhíodh sé ag obair sa gcearta le, a’ déanamh croí agus ag obair gon Chouncil agus ba cineál áit é a chasfaí daoine ar a chéile istigh ann, nuair a bhídís, bhíodh scéalta ann agus bhíodh an chraic go maith ann. Cuimhním thíos óg ann nuair a bhínn eh, bhíodh go leor a’inn istigh ann agus an jab a bhíodh a’inne, ar a mboilg a’ coinneáil an tine lasta.

MÁIRÍN: Céard a bhí ins an tine acub, a Mheait?

MEAIT: Gual, thagadh gual, gual mion, thagadh speisialta.

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: Ach ní raibh simléar ar bith air a Mháirín, sure bhí an sláinte go dona aige, chaithfidh sé a bheith. Bhíodh deatach a’ gabháil (--) Ní fheicfeá duine

(--) Bhíodh daoine istigh ann agus bhíodh deatach a’ gabháil ann agus ní raibh sé ag cur as go duine a’ bith agus é a’ gabháil amach an doras agus bhí chuile, chuile chineál jab á dhéanamh idir, bhíodh, amanntaí thagadh Spáinnigh i dtír le rud eicínt le déanamh acub agus dhéanadh sé iad, crú capaill agus croí le, le aisle agus gróití, ag cur lámhannaí i g kettles agus chuile rud, potaí ’s chuile rud mar sin agus amanntaí bhíodh, bhíodh action mór aige ag cur, ag cur croí ar cuid go na caiple nuair a bhídís fiáin ach níor cheangail sé aon chapall riamh. Dá mbeadh capall an-fhiáin ann, bhí leac aige, bhí leac suas píosa ar a’ ar a’ gcearta agus féar ar an áit thíos ann agus thabharfadh sé suas ar a’ leac iad agus bhí sé in ann an deiseal agus an tuifeal a oibriú le an casúr i chaon láimh.

MÁIRÍN: Á sea.

MEAIT: Agus d’airigh mé é a rá, bhíodh ’fhios aige nuair a bhí capall a’ gabháil a’ tarraingt, d’aithneodh sé, bhíodh a ghualainn suas aige leis an gcapall, d’aireodh sé í, í a’ fáil rite

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: agus bhíodh sé ré, ach d’airigh mé é a’ rá go minic dá ngeobhadh sé tairne amháin sa gcrú go raibh aige agus bhí sé ag inseacht scéal dúinn thíos ann uair amháin faoi Anthony Jack, bhí capall, capall mór. Bhí Anthony óg go maith ag an am, bhí capall mór fiáin acub. Ach thug sé anuas é, ceann go na Clysdale móra tá mé a’ ceaptha a bhí ann, ach chuaigh an capall in aer agus bhéic sé ar Anthony scaoileadh gon chapall ach choinnigh Anthony greim air, ach bhí sé ina charaíocht ag Anthony ’s an capall agus tháinig dar anuas gon leac agus síos an áit a bhí an féar agus rud a deir sé nach bhfaca sé fear riamh a’ déanamh agus chonaic sé fir láidir. Leag Anthony an capall. Choinnigh sé síos a deir sé, ní dhéanfadh na cowboys sna films é (gaire) chomh maith amuigh i Meiriceá. Agus choinnigh sé thíos, thíos an capall. Nuair a lig sé aníos an capall, ní fhaca tú riamh capall a bhí chomh múinte lei.(Gáire)

MÁIRÍN: Meait, meas tú cá bhfuair siad an bhfuil ’fhios a’d an iarann agus an rud i gcomhair na (--) isteach as Gaillimh ab ea a fuair siad é?

MEAIT: Thagadh an iarann aníos [as Gaillimh], bhíodh sé ina bharraí fada caol, bhíodh gearradh beag i lár báire san iarann

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Le, le na tairní a chuir ann. Agus thagadh na tairní freisin i mbosca

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: As Gaillimh, as tí Hynes a thagadh sé. Cuimhním ar sin agus bhíodh bosca adhmad go na tairní. Ach roimhe sin, a athair roimhe sin, sé an chaoi a ndéanfadh sé féin na tairní. Bhí sé in ann ocht dtairne a dhéanamh as dearg amháin sa tine. Agus cuimhním ansin nuair a bhíodh sé ag cur faobhar ar, ar na, socrú na siséil, bhíodh, go na clochadóirí, chuireadh sé duine a’inn síos ag an trá, síos le tincanín uisce saille a fháil. Nuair a bhíodh dath áirid ar an iarann ansin, nuair a bhídís mínte amach aige le iad a temperáil, chaithfidh teas áirid a bheith (--) D’aithneodh sé ar an dath a bhí air, a bhí orthub, go raibh an teas ceart ann. Agus chuirfeadh sé síos díreach, a bharr díreach oiread na fríde dhó ar dtús ann agus ansin bhrúfadh sé síos ann é agus fuaróidh sé é agus d’fheicfeá na dathannaí ar nós snámara. Sin é le an iarann a chruachtáil.

MÁIRÍN: Á sea, cén praghas a bhí le crú, crú a chur ar chapall nó ar asal?....

MEAIT: Á muise, níl ’fhios a’m, is dóigh ….

MÁIRÍN: …. An t-am sin mar a déarfá.

MEAIT: An t-am sin, ní raibh, cúpla scilling b’fhéidir coróin nó seacht agus sé pingin nó rud eicínt. Ach eh ní mórán a bhí as ach, ara bhí sé sona sásta thíos ann.

MÁIRÍN: A’ bhfuil aon scéal eile a’d Meait a chuimhnínn tú air, a d ’inis sé duit?

MEAIT: Tá, ceann eile (--) Bhuel bhí mé féin ann ach bhí mé an-óg, ar éigean a chuimhním air….

MÁIRÍN: …. Chaithfidh go mbeadh tú óg.

MEAIT: Tháinig Pat Joe O’Donnell isteach ann aimsir na Spáinnigh agus mála, níl ’fhios a’m, sé nó seacht go bhuidéil a bhí ann - Cognac ó na Spáinnigh. Ach bhí na gardaí a’ teacht. Níl ’fhios a’m cén sergeant a bhí ann, ag an am, níl ’fhios a’m cén garda a bhí ann, ach leag sé isteach (--) “Cuir i bhfolach iad seo” a deir sé “go beo, tá na gardaí i mo dhiaidh”. (gáire) Ach leag m’athair an mála isteach agus aprún canbhás a bhí, a bhíodh aige le na, le na [croí], le na (gáire) nuair a bhíodh sé ag cur an croí ar na capaill, leag sé an mála díreach ar chúl, ar chúl an áit a bhí cineál nead déanta sa talamh síos mar ní raibh (gáire) cement ar bith ins an urlár sa gcearta

MÁIRÍN: Á sea.

MEAIT: Ag an sean mhada bán siúd a bhí a’inn, agus leag sé na málaí ar a chúla agus chur sé an naprún ós cionn na málaí agus by dad rinne sé ar an sluasaid gearr a bhí aige ag cur tuile, ag cur tuile deatach ar a’ tine, agus chaith sé sluasaid mór ar a’ tine. “Bain as” a deir sé liom féin. An chéad rud eile tháinig na gardaí, Ar ndóigh ní rabhadar in ann a gcloigeann a chur taobh istigh gon doras bhí ….

MÁIRÍN: …. Leis an deatach.

MEAIT: Leis a’ deatach agus “__” a’ gabháil go gealach istigh ann (gáire) ach d’fhiafraigh dar a’ raibh aon duine istigh agus deir sé nach raibh, “an duine deirneach a bhí istigh” a deir sé ”Pat Walsh” (gáire) agus ní fear óil ná Cognac a bhí i Pat. Bhíodh Pat [ina chónaí]trasna an bhóthair.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ach d’imigh dar, ach bhí barúil acub go raibh, go raibh dar [na buidéil] ann ach níor chuardaigh dar.

MÁIRÍN: Á sea.

MEAIT: Ní fhéadfaidís tada a fheiceáil ann go háirid ach d’imigh, d’imigh dar ach tháinig mo dhuine [Pat Joe O’Donnell] ar ais aríst agus fuair sé, fuair sé na buidéil. Cuimhním thug sé ceann go na buidéil (gáire) go m’athair, go ndéana Dia grásta orthub.

MÁIRÍN: A’ mbíodh sé a’ caint faoi an a’ bhfuil ’fhios a’d Maidhcilín a’ Ghabha? An, an n-inseoidh sé duit tada faoi Maidhcilín a’ Ghabha mar bhí an rud céanna ar bun aige….

MEAIT: …. Á bhí an rud céanna ….

MÁIRÍN: …. Sea.

MEAIT: [Meait ag lasadh toitín] ….ar bun acub. Mar a déarfá ní raibh aon eh ní raibh ann ach an bheirt acub

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ach mar a déarfá comrádaí a bhí iontub.

MÁIRIN: Hm.

MEAIT: Ní (--) Bhí neart obair gon bheirt acub ann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus eh, agus bhí neart caiple ar an oileán an t-am sin, mar a déarfá le tarraingt móna agus a’ cur suas gairbhéal agus an feamainn ’s chuile rud, agus cuid go na h-oícheantaí nuair a thagaidís (--) an gcuimhníonn tú air a Mháirín, mac Pheaits Sheáin?

MÁIRÍN: Ó cuimhním, sea.

MEAIT: Cuimhním uair amháin bhí, bhí, chuir sé croí ar a’ gcapall anyways agus ara bhí sé tuairim ’s a’ dó dhéag, bhíodh na gardaí an t-am sin á gcur abhaile, an dtuigeann tú, dá mbeidís deirneach ar an mbóthar le na caiple. Ach bhí (gáire) (--) D’aire muinn istigh sa teach an capall a’ gabháil suas an bóthar, cosa in airde. Mac Pheaits agus chaon bhuair aige ar, ar a’ gcapall. “Go sábhála Dia sin” a deir m’athair “a’ bhfeiceann tú an t-am atá sé a’ gabháil abhaile” Gála gaoth aneas ann agus báisteach an oíche céanna agus é a’ gabháil siar. Óra bhíodh go leor caiple agus aisle a’ teacht ann. [ag an gcearta]

MÁIRÍN: Bhíodh, ní thiocfadh aon duine as na h-oileáin [Inis Oírr agus Inis Meáin] a’ déanamh tada ann?

MEAIT: Ó thagadh.

MÁIRÍN: As Inis Oírr agus Inis Meáin?....

MEAIT: …. Ó thagadh, thabharfaidís miosúr

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Miosúr an chrú leob, [déanta] as saile, gearrtha.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Bhídís fágthaí, bhídís fágthaí faoin, faoin boilg aige, barr bhoilg agus sin é tomhais lár an chrú.

MÁIRÍN: Á sea. Agus dhéanfadh, agus dhéanfadh sé stuif dhób sin freisin mar a déarfá ….

MEAIT: …. Dhéanfadh agus a’ cur láimh san iarann

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: A bhíodh acub le iarnáil éadach – léintreachaí agus rudaí….

MÁIRÍN: …. ’S chuile rud mar sin.

MEAIT: Kettles.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Agus eh na potaí. Dhéanfá iontas a Mháirín an méid, gan, gan trácht ar (--) Ní raibh aon weldáil an t-am sin ann

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ach dhéanfá, dhéanfá iontas na rudaí a bhí sé, a bhí sé in ann déanamh leis an iarann.

MÁIRÍN: Sea, leis an iarann.

MEAIT: A’ dtuigeann tú, tá mé, ní raibh aon weldáil an t-am sin ann ach le teas áirid bhíodh sé in ann é a dhéanamh.

MÁIRÍN: Agus is dóigh go mbíodh sé a’ déanamh tlú agus rudaí mar sin ….

MEAIT: …. Bhíodh….

MÁIRÍN: … leis an tine.

MEAIT: Agus a’ déanamh a chuid uirlisí féin uilig.

MÁIRÍN: Sea. A’ mbíodh, a’ mbíodh tú féin agus Éamonn [dearthár le Meait] a’ tabhairt mórán cúnamh dhó?

MEAIT: Bhuel is mó a rinne Éamonn leis ná mise. Is dóigh b’fhéidir dá bhfánódh Éamonn [sa mbaile] bheadh sé a’ plé leis, ara ach bhí, bhí na capaill ag imeacht de réir a chéile mar a déarfá agus …

MÁIRÍN: Ní raibh aon suim agaibh ann ….

MEAIT: …. Bhuel ní raibh aon suim a’inn mar chuaigh Éamonn a’ plé le, leis a’ Tech agus scoláireacht

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: agus is mó suim a bhí a’msa san iascach. Ach ceird é a bhí ar an mbealach amach, an gaibhneacht.

MÁIRÍN: So ar choinnigh sibh a chuid uirlisí nó céard, céard a tharla dhób?

MEAIT: Ó muise chuadar i léig, cuid acub. Bhí, bhíodar caite timpeall, bhí meirg orthub.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: D’imigh dar, tá an boilg fós ann.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ó muise bhíodh, bhíodh obair ann.

MÁIRÍN: Bhuel bhí is dóigh ach bhí an oiread seo glúin go na, na gabha ann is dóigh, sé an peaca go raibh sé ligthe imithe anois ach deir tú ní raibh aon obair ann ceart go leor.

MEAIT: Ní raibh aon obair ann.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Mar a déarfá tar éis tamall bhíodar a’ fáil na croí déanta i nGaillimh….

MÁIRÍN: ….Yeah, á sea….

MEAIT: …. Thagaidís aníos a’ dtuigeann tú ….

MÁIRÍN: …. Yeah

MEAIT: Agus le duine anois a dhul is dóigh, gabha anois, a’ dtuigeann tú, ó thosaigh an weldáil agus chuile rud electric anois tá sé, tá sé difríocht uilig gon, gon sean saol.

MÁIRÍN: Tá.

MEAIT: Ar nós an cúipéara agus go leor acub sin ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: …. na ceirdeannaí sin.

MÁIRÍN: Sea, tá siad ar fad ….

MEAIT: …. In áit na bairillí adhmad anois tá bairillí plaistic ann.

MÁIRÍN: Tá, tá.

MEAIT: Agus tá athrú, tá athrú mór tagtha ar rudaí.

MÁIRÍN: So do mháthair, ba as Mainistir í.

MEAIT: Ba as Mainistir a tháinig mo mháthair, bhí, bhí go leor dreabhrachaí acub ann.

MÁIRÍN: Bhí go leor acub sin ann.

MEAIT: Agus dhá dhearthár.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Pat agus Mattie.

MÁIRÍN: Bhíodh Pat ag imirt an ceol.

MEAIT: Bhíodh, agus eh Babie tá mé a’ ceaptha an duine ba óige acub.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Cailleadh í sin i Meiriceá. Cailleadh Mattie i Sasana agus eh Paitín anseo agus Bridie agus Peig.

MÁIRÍN: Agus bhí do mháthair pósta ar dtús ag Gillen, nach bea?

MEAIT: Sea, Willie Gillen….

MÁIRÍN: …. Willie Gillen, ba as Cill Rónáin (--) Ba leis an teach seo, nárbh ea?

MEAIT: Ba dhea.

MÁIRÍN: An áit ar tháinig t-athair aníos anseo ansin as ….

MEAIT: …. Sea….

MÁIRÍN: …. bun a’ bhaile agus phós sé isteach do mháthair anseo. Bhuel a Mheait, sin faoin gabha so an gcuimhníonn tú aon scéalta a bhí ag t-athair faoi na Black and Tans?

MÁIRÍN: Ó cuimhním, cuimhním d’inis sé eh ( ___+) Duine é ní dhéanfadh sé mórán caint air ach an bealach, an t-am a tháinig dar sin [na Black and Tans]1920.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Tháinig dar tá mé a’ ceapadh gur i 1920 a tháinig siad. Ach eh sí a mháthair a bhí a’ gabháil ag iarraidh buicéad uisce, a chonaic an, an, an eh long cogadh a’ teacht ag ceann na céibhe agus chonaic sí, chonaic sí le, leis na soilse a bhí uirthi, ní raibh mórán go sholas uirthi ach chonaic sí na rudaí a’ flasháil, a’ dtuigeann tú.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Agus bhí barúil aici gurb iad na, na buachaillí [na Black and Tans] a bhí ann agus dhúisigh sí m’athair agus bhí, níl ’fhios a’m ar ceann nó péire, bhí gunna amháin anyways aige, ceann go na sean chailteannaí - revolvers, agus thug sé leis é sin agus chuaigh sé suas agus dhúisigh sé Pat Hernon, mar bhí Pat ar a, ar, bhí sé sin ar an wanted list acub, mar dá mbéarfaidís ar Pat

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Bhí an piléar faighte aige. Ach bhí gunna eile ag Pat agus thug sé, thug m’athair an gunna dhó agus bhí ceann eile aige agus (gáire) thug sé na creaga air féin.(gáire)

MÁIRÍN: Ó thug Pat Hernon na creaga ….

MEAIT: …. Pat Hernon.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Síos scailp Poll na Brioscarnach a chuaigh sé i bhfolach. Ach eh bhí, bhí, bhí leath go na Tans landáilte an t-am sin istigh i gCill Mhuirbhigh. Tháinig dar Cill Mhuirbhigh ar dtús.

MÁIRÍN: Ó ar dtús agus ansin tháinig an bád Cill Rónáin ansin ….

MEAIT: …. Agus tháinig an bád Cill Rónáin agus chuir sí amach leath eile acub.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Agus bhí líne acub a’ teacht trasna an dtuigeann tú. Sin é an t-am a caitheadh Laurence McDonagh ….

MÁIRÍN: …. McDonagh, sea.

MEAIT: Bhí bratach na hÉireann freisin sa teach ach chuir máthair m’athair, chuir sí suas sa simléar, chuir sí i bhfolach é. Ach eh chapturáil dar m’athair agus go leor eile – Jack Quinn, tá mé a’ ceapadh agus Joe Walsh, níl ’fhios a’m (sos)

MÁIRÍN: Bhí sé sin i Mainistir.

MEAIT: Yeah, fuair, fuair dar cúpla duine. Níor rug dar ar [Thomas] Fleming. Chuaigh sé sin amach thriad a’ bhfuinneog, agus eh bhí fear eicínt eile in Eochaill, léim sé síos sna driseachaí, chaith dar leis sin, d’éalaigh sé uathub. Agus eh Ar ndóigh d’airigh tú faoi Paitín Lee?

MÁIRÍN: Ó sea. (gáire)

MEAIT: Nuair a, nuair a d’airigh sé go raibh dar tagthaí, thug sé leis cáca (gáire) agus chuaigh sé i bhfolach. Agus Ar ndóigh ní raibh dar dhá chuartú ar chor ar bith. Ach siar Mainistir in íochtar a chuaigh sé, isteach i scailp Páidín Wigín [Pháidín Uí Uiginn]

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus Ar ndóigh a dhiabhail bhí an, bhí na Tans ar ais iNewcastle on TyneEssex nuair, sular surfacáil Paitín an fear bocht, bhí dar uilig ag ceapadh go raibh sé scuabthaí (gáire) Ach tugadh síos ansin Gaillimh iad, na príosúnaigh.

MÁIRÍN: An méid seo mar a déarfá?

MEAIT: An méid a ….

MÁIRÍN: …. Sea….

MEAIT: ….a rug dar air, thug dar síos iad agus bhíodar, ó bhíodar tamall maith, diabhal fhios a’msa nach raibh dar gar go bhliain ann.

MÁIRÍN: Sa bpríosún i nGaillimh?

MEAIT: I ngéibheann i nGaillimh, sa Town Hall a bhíodar, interned ann.

MÁIRÍN: Sea, yes.

MEAIT: Agus d’airigh mé é a’ rá, bhí (--) Ar an urlár a bhídís ina gcodladh, pluid fúb agus pluid ós a gcionn.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Agus an jab a bhí acub, ag go leor acub, a’ gabháil síos a’ glanadh amach an Isolation Hospital agus a’ tarraingt síos lán bathannaí móra galvanised, gual.

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: As tí MhcDonagh

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Agus bhíodh ceathrar Tans a’ gardáil ochtar acub. Agus eh, ní rabhadar, ní rabhadar a’ fáil mórán “___+” uaidh na bastardaí.

MÁIRÍN: Cén chaoi gur lig siad saor ansin iad nó …?

MEAIT: Lig dar, ligeadh saor ansin iad, níl ’fhios a’m a’ raibh sé i bhfad, a’ raibh dar i bhfad ligthe saor roimh an Treaty. Agus ansin bhí an Cogadh Cathrach ann ina dhiaidh sin.

MÁIRÍN: Ach cén fáth a Mheait ar, ar phioc siad ar an cúpla duine sin? Ní chuimhním ….

MEAIT: …. Óra bhí go leor ann, mar bhí dar, bhí baint acub le Óglaigh na hÉireann a’ dtuigeann tú ag an am.

MÁIRÍN: Ó iad seo ….

MEAIT: …. Bhíodar le Liam Mellows as eh, as eh, as eh, Baile Locha Riach.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Agus eh ….

MÁIRÍN: …. Ach so mar sin bhí t-athair, bhí sé ina bhall go Óglaigh na hÉireann?....

MEAIT: …. Bhí, bhí, bhí.

MÁIRÍN: Yeah agus iad seo ar fad ….

MEAIT: …. Agus chuile dhuine beagnach acub a rugadh orthub.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ach bhí, bhí (gáire) bhí Pat Hernon buille ard ann.(gáire) Bhí sé sin …

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: Bhí.

MÁIRÍN: D’airigh mé faoi freisin.

MEAIT: Bhí fear eile i bhfolach ag an am in Inis Meáin.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Níl ’fhios a’m cén t-ainm a bhí air, níl ’fhios a’m ar Dillon nó ainm eicínt a bhí air.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ach is maith an jab dhó féin go raibh sé in Inis Meáin. Murach sin bheadh sé sin i ngreim. Mar bhí daoine áirid, bhíodar, bhíodar le an piléar a thabhairt dóibh.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: A’ dtuigeann tú?

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: So ansin thar éis, thar éis chuile rud chuaigh sé [go] Meiriceá ansin agus tá mé a’ ceaptha an fear bocht go raibh sé níos saibhre a’ gabháil ann ná a’ teacht [abhaile] ná a’ teacht as mar ní raibh mórán obair ag an am. Ins na tríochaidí, tá, am eicínt sna tríochaidí a chuaigh sé go Meiriceá.

MÁIRÍN: So amach ar liner a chuaigh sé an t-am sin ….

MEAIT: …. Amach ar liner….

MÁIRÍN: …. mar ní raibh aon phlanes ann….

MEAIT: …. Sea.

MÁIRÍN: “____+”

MEAIT: Chuaigh sé amach go Meiriceá agus eh ní raibh (--) Tháinig sé ar ais ansin aríst agus phós sé agus thosaigh sé an gaibhneacht ansin aríst.

MÁIRÍN: Sea, ach ….

MEAIT: Ach bhíodh sé a’ plé leis ….

MÁIRÍN: …. Ach bhí a athair beo a’ raibh nuair a tháinig sé ar ais?

MEAIT: Ní raibh.

MÁIRÍN: Ó bhí sé (--) So a’ raibh aon duine ag obair mar ghabha an fhaid a bhí sé imithe?

MEAIT: Ní raibh. Níl ’fhios a’m féin a’ raibh sean Pheaits Gabha, bhí sé sin a ’ maireachtáil ar an Suicín, d’airigh mé Dara Mullen a’ rá go raibh, go raibh sé sin handy go maith a’ plé leis an ngaibhneacht freisin.

MÁIRÍN: Sea ach ní ….

MEAIT: …. A tá mé ag ceapadh nach raibh.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Mar an, an sean bheillis a bhí ann ag an am, ceann nua a fuair sé nuair a tháinig sé ar ais as Meiriceá.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Tá sé sin fós, tá, ach thosaigh sé ansin aríst agus thart ar na seascaidí ansin, diabhal fhios am nach go Cóilín Fitz a chuir sé suas an set croí deirneach.

MÁIRÍN: Á sea, thug sé suas ansin é?

MEAIT: Thug sé suas é. A bhí an sláinte go dona aige.

MÁIRÍN: Sea, yeah. Meas tú ar aire tú t-athair a’ caint ar Phádraig Pearce nuair a tháinig sé go hÁrainn, níor labhair sé faoi, ar labhair?

MEAIT: Níor labhair. Ní rinne sé mórán, mórán eh, mórán cainte air ach bhí sé a’ rá liom go raibh, go raibh dar a’ traenáil uair amháin amuigh áit eicínt sa Caisleán Gearr. Bhídís a’ caith amuigh ann.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Bhí aithne aige ar an Breathnach sin a caitheadh san, a bhí san Olde Malte, caitheadh é. Thugadar síos ag an duga é, na Tans, agus chaith dar é. Ach bhí an ghráin shíoraí aige ar Ghaillimh.

MÁIRÍN: Á.

MEAIT: Deir sé gurb é an Gaillimh Gallda brocach a bhí ann. Ach bhí, bhí, mar a déarfá, ní raibh mórán, níl ’fhios a’msa a’ raibh duine a’ bith as Gaillimh sa Town Hall i bpríosún ann. Bhí daoine as Conamara agus as Caisleán Gearr agus as Gort Inse Guaire, Béal Átha na Slua …

MÁIRÍN: Á in éineacht leis an t-am sin.

MEAIT: In éineacht leis, bhí go leor acub ann

MÁIRÍN: Sea, hm.

MEAIT: Ach as, as, as baile na Gaillimhe, ní raibh.

MÁIRÍN: Ní raibh aon duine ann….

MEAIT: …. Ó nach raibh sé a’ rá liom nach raibh, nach raibh, nach raibh meas a’ bith orthub a’ dtuigeann tú. A dhath riamh trua dhób nuair a bhídís ag obair ag na Tans a’ gabháil síos, mar a déarfá bhí chuile ghalar le fáil thíos sa, thíos sa mbastard go áit sin.

MÁIRÍN: Á sea.

MEAIT: Sin é an áit a chuirfí mairnéalaigh a bhíodh ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: …. droch diseases orthub ’s chuirfí iallach orthub a dhul síos ann. A’ déanamh chuile rud ann an dtuigeann tú.

MÁIRÍN: Agus cá raibh sé sin, thíos ag an duga ab ea?

MEAIT: Thíos ag an duga, bhí sé amach ansin idir, trasna ón lay-by,.

MÁIRÍN : Á.

MEAIT: bhí, tá sé imithe anois ach ….

MÁIRÍN: ….Sea….

MEAIT: .… bhí sé ann go dtí ….

MÁIRÍN: ….Yeah….

MEAIT: …. go dtí cúpla bliain ó shin.

MÁIRÍN: Teachín beag ab ea a bhí ann?

MEAIT: Bhí sé mór go maith….

MÁIRÍN: …. Sea, sea.

MEAIT: Bhí fear bóthar a’ maireachtáil thíos ann cuimhním sna seascaidí, Slavan a bhí air. Bhíodh sé a’ maireachtáil thíos ann, cineál derelict go theach a bhí ann ag an am. Ach sín é an t-am sin, bhíodh is dóigh go leor soithigh a’ teacht Gaillimh agus liners agus aon duine a bhíodh aon droch disease air nó aon ghalar dona a bhíodh ag imeacht.

MÁIRÍN: Agus sin é an áit a chaithfidh siad a dhul síos ansin.

MEAIT: Sea, nár chuma sa diabhal le na Sasanaigh céard a fuaireadar as. Bastardaí.

MÁIRÍN: (Gáire) So eh nuair a bhí muid a’ fás suas a Mheait, bhíodh go leor caint ar siógaí, a’ bhfuil aon scéilín a’d fúb, nó rud a’ bith a d’aire tú caint fúb?

MEAIT: Bhuel tá rud amháin níl mé a’ gabháil a’ labhairt orthub ach tá, tá rud amháin siúráilte a Mháirín, tá dar ann.

MÁIRÍN: (Gáire) Níl a Mheait.(gáire)

MEAIT: Bhuel sin é an rud, nach raibh ’fhios a’m é.

MÁIRÍN: (Gáire)

MEAIT: Sin é an rud a déarfainn daoine, bhuel tá mise a’ rá leatsa go bhfuil.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú, bhíodh an-chaint fadó ar an grotto, a’ gabháil siar ag a’ ngrotto go raibh go leor taibhsí le feiceáil ansin, nó síogaí nó cé bí rud a thugann siad orthub. A’ gcuimhníonn tú nuair a bhí muid a’ fás suas bhíodh sé ráite, go mbíodh taibhsí ag a’ ngrotto agus síos róidín a’ phúca agus síos ag an Atharla agus na háiteachaí seo ar fad.

MEAIT: Ó tá ’fhios a’m a Mháirín, ach eh, bhuel nuair a fheiceas tú, nuair a fheiceas tú rudaí caithfidh tú iad a chreideamh. Sin é an bealach atá sé. A’ bhfuil ’fhios a’d tá go leor a Mháirín, tá go leor rudaí, daoine a’ dtuigeann tú, feiceann dar rudaí ach deireann dar leob féin, ní fhaca. A’ dtuigeann tú?

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus tarlaíonn rudaí agus eh ní, ní, ní chreideamh dar, ní chreideamh dar mar tá ’fhios acub má theann dar dhá inseacht go duine a’ bith eile gurb é an chaoi a dtosófar ag gáirí fúb agus déarfadh dar “seafóid atá a’ teacht ar an duine sin” nó “bhí sé dálta” nó rud eicínt. Ach cinnte a Mháirín, tá rudaí (--) Agus, mé féin

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Bhí cúpla, i mo shaol, bhí cúpla rud nach bhféadfainn, nach bhféadfainn ciall ná breithiúnas a bhaint as, a tharla dhom agus go duine, uair amháin duine a bhí in éineacht liom.

MÁIRÍN: Céard iad féin?

MEAIT: Bhuel a Mháirín inseoidh mé an glan fhirinne duit, b’fhearr liom gan, gan labhairt air.

MÁIRÍN: An gcloiseann tú (--) An gcuimhníonn tú ar aon (--) An gcuimhníonn tú, bhíodh siad ag éisteacht (--) ag inseacht scéalta ins na tithe fadó faoi (--) D’aire mé féin go leor acub, tá dearmad déanta a’m (--) Tá ’fhios a’d na scéalta a chloisfí faoi na síogaí fadó, a Mheait nó an bean sí a’ raibh sí le cloisteáil agus rudaí mar seo?

MEAIT: Ó tá sí sin í féin ann a Mháirín.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Tá.

MÁIRÍN: So níl aon scéilín a’d mar sin faoi na síogaí?

MEAIT: Tá a Mháirín ach ní labhróidh mé orthub (gáire)

MÁIRÍN: (Gáire) Bhuel a’ bhfuil rud ar bith eile a Mheait, even nuair a thosaigh tusa ag iascach ar dtús a Mheait, an gcuimhníonn tú ní raibh tú (--) Cén bád a thosaigh tú ar dtús ann?

MEAIT: In éineacht le Martin [Máirtín Chóil Ó Flaithearta, comharsa béal dorais le Meait] ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: …. amuigh ansin, sa Ros Rónáin….

MÁIRÍN: …. Sa Ros Rónáin yeah, tá rudaí athruithe ó shin nach bhfuil, ó …

MEAIT: Á tá an saol athruithe. Bhíodh, bhíodh obair crua go maith iontub, ins na báid caoga troigh.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ráille íseal orthub agus a’ plé le rópaí agus amuigh droch aimsir agus buíochas le Mac Dé le cuimhneamh ar ais air, dhéanfá iontas cén chaoi nár cailleadh daoine iontub mar ní raibh ráille agus bhí, bhídís, bhíodh rollannaí móra acub agus bhíodh, agus bhídís amuigh droch aimsir.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ach b’iontach na báidíní farraige a bhí iontub.

MÁIRÍN: Agus a’ gcuimhníonn tú nuair a bhíodh muid a Mheait, nuair a thógadh an Ros Rónáin an trip as (--) nuair a théadh an em is dóigh gurbh í an Galway Bay nó arbh ea an t-am sin nó an Naomh Éanna? .…

MEAIT: …. An Naomh Éanna.

MÁIRÍN: Théadh sí síos go Corcaigh nó in áit eicínt….

MEAIT: …. Sea.

MÁIRÍN: Agus bhíodh an Ros Rónán a’ gabháil go na hoileáin. Dhéanfadh sí an service, a’ gcuimhníonn tú?

MEAIT: Amach i mí na Samhna….

MÁIRÍN: …. Mi na Samhna, yes.

MEAIT: Bhíodh, á muise bhí, bhí, ag tabhairt isteach an stuif, amach Ros a ’ Mhíl.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Posta ’s ….

MÁIRÍN: …. Chuile rud.

MEAIT: Ansin a’ gabháil go na hoileáin. Ó muise shaoradar sna hoileáin é freisin, a Mháirín.

MÁIRÍN: Sea, shaoradh.

MEAIT: Nuair a chuimhneoidh tú air.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Bhí chuile rud (--) Go mór mór Inis Meáin. Bhí chuile rud tugthaí isteach ann. Chonaic mé (--) Cuimhním uair amháin bhí beirt eicínt, bhíodar thar éis fáil pósta ach tháinig dar isteach sa mbád linne. Ó droch lá ceart, bhí farraige a’ gabháil go forties na glóire an lá céanna, ach mar a déarfá ní raibh aon mhaith a dhul le céibh an t-am sin mar ní fhéadfá a dhul ann.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Mar, mar a déarfá an chéibh atá in Inis Meáin tá sé mar a chéile agus dá (--) ar nós Aill na nGlasóg le farraige, níl ’fhios a’m a’ bhfuil sé tada níos fearr faoi láthair na huaire ach an t-am sin, ach isteach ar an slip ins na curachaí ach by dad bhí curach amuigh romhainn, beirt a bhí inti agus chuaigh Martin chomh garr agus a d’fhéadfadh sé isteach ann. Bhuel nóiméad amháin d’fheicfeá an curach a Mháirín, caint ar an film sin Man of Aran agus nóiméad eile ní fheicfeá í. Bhí sé fíor dhona, gaoth aneas. Ach tháinig sí, tháinig an curach lena dtaobh agus chuaigh an bhean suas sa cinn sa gcurach ach bhí péire maidí acub gon fear a fuair pósta. Ná fiafraigh dhíom cén t-ainm a bhí orthub.

MÁIRÍN: I know yeah.

MEAIT: B’fhéidir go mbeadh ’fhios ag Johnny Gill anois, bhí sé inti, nó Cóilín Delia [Hernon] nó Martin agus Gerard [Flaherty].

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Ach cuimhním bhí cúpla bosca freisin acub ach deir dar nach dtógfaidís ach bosca amháin agus sin é an bosca a bhí an ól ann. (gáire) Cuimhním (--) Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an méid sin, ní thógfaidís níos mó agus bhí aois maith ag an bhfear a bhí chun cinn inti. Cuimhním air chomh maith leis an lá atá inniu ann agus an caipín iontaí siar ar a chúl aige agus deir sé le Martin “ná corraigh” a deir sé “go mbeidh ’fhios a’inn a’ mbeidh muid in ann a dhul i dtír” ach bhí, bhí, bhí go leor istigh ar an slip ann. Ach a Mháirín bhí farraige ….

MÁIRÍN: …. A Mhaighdean ….

MEAIT: …. bhí chuile cheann acub a’ pléascadh isteach ar an slip, bhí sé ina dheatach. Bhí dar tamall maith ach d’fheicfeá nóiméad amháin í agus nóiméad eile ní fheicfeá, ní fheicfeá ar chor ar bith í.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Níl ’fhios a’msa beo cén chaoi nár iontaigh sí ach tháinig (--) An chéad rud eile chonaic muid (gáire) iad a’ gabháil isteach díreach ar barr maoime, ceann mór millteach, bhíodar a’ fanacht le deibhil tamall maith. Ach ní fheicfeá tada ach cúr agus an spota beag dubh a’ gabháil isteach ar a’ slip. Ach nuair a tharraing an fharraige amach bhí an curach i ngreim istigh ag an crowd a bhí istigh – choinnigh dar an curach agus tháinig dar uilig amach aisti agus bhí sí tarraingtí suas acub sular tháinig ceann [maoim] eile. Ach chonaic muid Cill Rónáin ansin ach bhí faitíos orthub nach bhféadfaidís a dhul i dtír ann so chaithfidh muid an curach agus iad féin a thabhairt Cill Rónáin. Towáileadh muid an curach ina ndiaidh.

MÁIRÍN: Sea, ina ndiaidh.

MEAIT: Ach na créatúir siúráilte a’ bhfuil ’fhios a’d (--) Bhí fair play in Inis Oírr mar bhí an trá ann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: (Meait ag casacht) Ach isteach ar, ar an slip a Mháirín, mar a déarfá.

MÁIRÍN: Agus Meait a’ gcuimhníonn tú (--) Bhíodh tú a’ déanamh go leor iascach gon aill, rud nach ndéantar mórán dhó anois….

MEAIT: …. Bhuel déanaim agus i gcónaí….

MÁIRÍN: ….Tá tú i gcónaí dhá dhéanamh?....

MEAIT: …. Déanaim. Cuimhním, thosaigh muin, thosaigh muinn a’ gabháil suas ó dheas ag iascach ar an Aill Ard agus Aill an Ára in éineacht le Taimín Hounacáin [Ó Flaithearta] mé féin agus Sylvester [Gill] agus eh Taimín. Bhíodh Malachy an t-am sin, Pádraig Beatty, Eddie John, sean Mhalachy, bhíodh go leor a’ gabháil suas an t-am sin ann ag iascach breams agus ballachaí. Bhí breams le marú in Aill an Ára an t-am sin. Agus cuimhním an maidin, níl ’fhios a’m ab é 1958 a bhí ann, chrasháil an KLM.

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: Bhí mise agus Taimín agus Sylvester, bhí muinn a’ gabháil suas agus bhí sé dorcha ar maidin mar eh chaithfeá, chaithfeá na breams a mharú an dtuigeann tú leis an maidneachan.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Amanntaí sin é an uair is, is fearr a mharóidh iad. Ach cuimhním nuair a bhí í muinn a’ siúl suas, bhí na, na bicycles fágtha thíos ag Aill an Turlach a’inn agus bhí muinn a’ siúl suas an róidín, suas an bóthar ansin ag creig Tommy Boss ansin agus (gáire) málaí ar a ndroim a’inn agus na cleitheannaí agus d’aire muinn an plane agus chonaic muinn í, bhí sí íseal go maith

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: agus í a’ gabháil siar agus sé an chaoi ar chuimhnigh muinn chomh cruinn air mar deir Taimín “sin í a bheadh go maith dhúinne” a deir sé “meas tú an dtabharfadh siad lift suas go dtí an Aill dhúinn, Aill an Ára dhúinn” (gáire) Ach ina dhiaidh sin d’aire muinn gur thit sí.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Céad míle siar.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Mar bhí Barrett, an garda a bhí anseo, an sergeant a bhí anseo, bhí sé ag fiafraigh dhínn ar aire muinn aon phléasc ná tada.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ach cuimhním an mhaidin céanna nuair a d’ísligh, nuair a d’ísligh muinn an (--) , bhí leath chéad [iasc] nó rud eicínt ag Taimín agus níl ’fhios a’m céard a bhí a’m féin agus Syl, ní raibh an oiread a’inn leis sin mar ní raibh muin, ní raibh muinn (gáire) chomh maith dhá marú agus a bhí eisean.

MÁIRÍN: Bhí sibh óg an t-am sin.

MEAIT: Ach bhí, bhí a dhóthain le déanamh a’inn

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: iad a iompairt, mar chaithfeá iad a iompar trasna agus ansin chaithfeá, bhí seacht feall iad a tharraingt aníos ar rópa as. Ach cuimhním maidin amháin chuaigh muinn síos ann gan rópa a’ bith, an triúr a’inn.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Agus bhí sé contúirteach.

MÁIRÍN: So chaithfidh sibh fágáil go moch ar maidin.

MEAIT: Ó chaithfidh, tuairim ‘s dó nó, dó a chlog. Bhuel bheadh sé breacadh lae, bheadh sé a’ fáil geal ag tuairim ‘s trí a chlog, leath uair thar éis a trí amach i eh amach i, amach i Lúnasa.

MÁIRÍN: Agus ansin, sibh féin a ghlanadh ansin iad nó …?

MEAIT: muinn féin a ghlanadh iad….

MÁIRÍN: …. A ghlanadh iad.

MEAIT: Agus eh bhuel m’athair a shailleadh iad ag an am….

MÁIRÍN: …. Hm.

MEAIT: Ach d’fhoghlaim mé féin le iad a shaillfeadh.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus ansin thríd an lá, suas ag iascach ballachaí agus ansin trathnónachaí deirneach théadh muinn ann freisin.

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: Gheofá na breams ann, bhíodh briseadh amach a’inn ansin, a’ dtuigeann tú, portáin. Portáin rua, agus portáin briste suas agus iad a chaith amach ann agus rud eile, d’fheicinn [ag] Taimín – craicne fataí.

MÁIRÍN: Ó sea.

MEAIT: Iad a (--) Agus, agus na `geolbhachaí ronnachaí. Mar na baoití a bhíodh a’inn ná putógaí ronnach saillte, nó ronnach é féin gearradh suas. Ó ach bhíodh (--) Níl ’fhios cé mhéad daoine a bhíodh thuas an t-am sin ag iascach ann, a Mháirín.

MÁIRÍN: Ach níl aon duine anois a Mheait.

MEAIT: Níl duine a’ bith anois a bhíonns ag iascach ar na hailltreachaí arda an taobh seo mórán.

MÁIRÍN: Taobh amuigh go Malachy….

MEAIT: …. Mise agus Malachy.

MÁIRÍN: Sin é an méid.

MEAIT: Agus Gerard [Flaherty], téann sé suas corr uair ann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus bíonn Beachla Winnie thiar….

MÁIRÍN: …. Hm ….

MEAIT: …. Ar an aill. Sin é an méid, cheanna bhíodh, bhíodh an aill brataigh le daoine.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Soir, siar agus chuile áit.

MÁIRÍN: Hm, agus anois a Mheait a’ raibh aon phisreogaí, nó ar aire tusa aon phisreogaí. A’ bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh tú a’ gabháil ag iascach, even ar an aill nó i mbád, dá gcasfaí bean ort nó rud a’ bith, a’ raibh tada mar sin agaibh?

MEAIT: Bhuel dá gcasfaí bean rua ort.

MÁIRÍN: Sea?

MEAIT: Go abhaile.

MÁIRÍN: (Gáire) Agus an raibh tada eile?

MEAIT: Hea?

MÁIRÍN: An raibh (--) Ní raibh aon phisreog eile faoin iascach agaibh, a ’ raibh? A’ bhfuil ’fhios a’d aon .…?

MEAIT: …. Bhuel ní thaitneodh le aon duine a dhul a’ caint ar sionnachaí ná coiníní (gáire)

MÁIRÍN: Ach an oiread, sea.

MEAIT: Amuigh ag iascach.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ó bhí, bhí, bhí go leor rudaí ann ar nós na maidí rámha ins na curachaí, sean phisreog eile a bhí ann, bhuel ní ghlaoinn pisreog air ach gan na, gan na, gan na maidí a chur béal fúb mar a déarfá. Agus gan an, gan an curach a iontu, a iontú in aghaidh na gréine.

MÁIRÍN: Ó níor aire mé é sin….

MEAIT: …. Agus tá sé sin in Albain freisin, even le báid, mara mbeidh gá an-ghéar leis.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Teann dar i gcónaí (--) casann dar i gcónaí ….

MÁIRÍN: …. Sea….

MEAIT: … leis an ngréin.

MÁIRÍN: Yeah, yeah.

MEAIT: Agus an bhfeiceann tú an chuid is mó go na báid i gcónaí, ar taobh na lámha deise, nó an starboard i gcónaí ....

MÁIRÍN: ….Sea….

MEAIT: …. a tharraingítear an gear, eangachaí nó tada isteach.

MÁIRÍN: Ó is dócha gur fíor sin.

MEAIT: Bhuel deirtear, deirtear gurb shin é an taobh a chaith Íosa Críost amach na eangachaí, a Mháirín a’ méadú n n-iasc agus na mbuilíní.

MÁIRÍN: Ó I see, so sin é.

MEAIT: Bhuel fear as Dún na nGall a deir é sin liomsa.

MÁIRÍN: Yeah, agus sin é an fáth gurb é an …

MEAIT: Gur ar, sea, gur ar an starboard

MÁIRÍN: A tharraingíonn siad isteach i gcónaí.

MEAIT: I gcónaí. Níl mé a’ rá dá dtiocfadh an crua ar an tairne go gcaithfeá é a tharraingt an taobh eile ach ….

MÁIRÍN: …. Sea.

MEAIT: Mar a’ chéile le bád a chasadh, ach go hiondúil

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: leis an ngréin.

MÁIRÍN: Agus bhíodh tú a’ gcuimhníonn tú Meait sa gcurach.

MEAIT: Bhíodh mé amuigh le Cóil Neid.(Cnag ar an doras agus ligeann Meait isteach an cuairteoir a bhí ag an doras)) Ar ndóigh cuimhníonn tú ar, cuimhníonn tú ar Cóil a Mháirín?

MÁIRÍN: Ó cuimhním sea, cuimhním a Mheait, yeah.

MEAIT: B’iontach an ….

MÁIRÍN: An mbíodh sé sin ag obair (--) An mbíodh sé sin ag iascach ar an eh an gCaipín?

MEAIT: Ar an gCaipín.

MÁIRÍN: An raibh tusa ag iascach riamh a Mheait, ar an gCaipín?

MEAIT: Óra bhí, nach shin é an áit a thosaigh muin, soir Aill na Muailte ….

MÁIRÍN: …. Ó sea, a’ gcuimhníonn tú bhíodh muid ar fad ag iascach ar an gCaipín, ….

MEAIT: …. Bhíodh, diabhal fhios a’m nach mbíodh….

MÁIRÍN: …. Bhíodh mé féin agus Baby [Mary Folen], an gcuimhníonn tú?....

MEAIT: …. Agus a’ gcuimhníonn tú, a‘ gcuimhníonn tú an curach a bhí ag, ag t-athair fadó?....

MÁIRÍN: …. Cuimhním….

MEAIT: …. A Mháirín?

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: An Ailleach a ghlaoigh m’athair uirthi.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Cén t-ainm a bhí ar sin? Ó Conghaile nach ea?

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: As Inis Oírr, a rinne í.

MÁIRÍN: Sea, Maidhcilín Phaitín Mhéiní.

MEAIT: Maidhcilín Phaitín Mhéiní ....

MÁIRÍN: …. Maidhcilín Phaitín Mhéiní, ba as Inis Oírr é ….

MEAIT: …. Bhíodh sé féin agus Jimí a’ plé le gliomachaí inti.

MÁIRÍN: Sea. Agus bhídís a’ plé le coirleach, Meait.

MEAIT: Le coirleach inti.

MÁIRÍN: A’ raibh tusa riamh a’ baint coirleach? Ní raibh.

MEAIT: Níor bhain mé aon choirleach ach bhain mé, bhain mé carraigín, slata mara….

MÁIRÍN: …. Ó sea ….

MEAIT: .… is mó, na slata….

MÁIRÍN: Agus faochain a Mheait freisin.

MEAIT: Faochain. Tá céannacht ar na faochain i gcónaí ach tá, tá, tá na slata imithe.

MÁIRÍN: Níl, níl aon chéannacht orthub sin anois, a’ bhfuil?

MEAIT: Níl.

MÁIRÍN: Agus Meait nár bhain tú an carraigín freisin ?

MEAIT: Bhain.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú, mar ghasúir?

MEAIT: Bhíodh chuile dhuine dhá bhaint.

MÁIRÍN: Bhí muid ar fad a’ baint carraigín.

MEAIT: Bhí chuile dhuine dhá bhaint.

MÁIRÍN: Agus tá rud eile a Mheait ba mhaith liom fiafraigh díot mar ní chuimhním féin chomh maith sin air, a’ gcuimhníonn tú nuair a bhí muid a’ gabháil ag a’ scoil fadó, a’ raibh slates a’inn le scríobh orthub? San, sa …

MEAIT: Bhí nuair a bhí muinn an-óg.

MÁIRÍN: Nuair a bhí muid an-óg, an slate agus ….

MEAIT: …. An-óg, ach ina dhiaidh sin fuair muinn eh, ó céard a ghlaofá orthub, leabhar, níl ’fhios a’m ar pingin nó rud eicínt.

MÁIRÍN: Sea, ach bhí na slates a’inn, nach raibh?....

MEAIT: …. Bhí, bhí na slinn ann….

MÁIRÍN: …. Sea, an slinn agus an cailc.

MEAIT: Agus an cailc, bhí sé sin ann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Ach eh bhí, agus an dabhach le an ola.

MÁIRÍN: Sea….

MEAIT: …. Le an dúch….

MÁIRÍN: Le an dúch, sea, bhí sé sin….

MEAIT: …. Le an dúch agus an nib agus an … bhí.

MÁIRÍN: Sea, agus ….

MEAIT: …. Agus a’ cur síos an tine ar maidin.

MÁIRÍN: Sea, sa scoil?

MEAIT: Sa scoil, bhíodh, bhíodh lucht móna amuigh ann.

MÁIRÍN: Agus a’ gcuimhníonn tú na rudaí a bhíodh muid a’ déanamh spraoi? Bhíodh an top a’inn.

MEAIT: Ó bhíodh.

MÁIRÍN: Agus céard eile? Bhíodh, nach mbíodh an lata a’inn?

MEAIT: Sure a Mháirín bhíodh, bhíodh lata agus (--) Nach raibh iománaíocht a’inn agus peil.

MÁIRÍN: Sea, bhí.

MEAIT: Bhí, bhí, a’ gcuimhníonn tú rinne, uair amháin rinne Coley Gill, rinne sé cúpla camán as, as píosa, píosa fuinseog thíos .…

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: …. thíos i gcuid an mhinistéir, as píosa go chrann.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus an crúbáil, má chuimhníonn tú air a Mháirín.

MÁIRÍN: Sea, hm.

MEAIT: Thíos i gCrugán na Staghaire.

MÁIRÍN: M hm.

MEAIT: Le tin can agus maide coll ag chuile ….

MÁIRÍN: ….Sea ….

MEAIT: .… dhuine agus iad a’ lascadh air, iad a’ fáil bóithrín ….

MÁIRÍN: …. Sea.

MEAIT: Agus an ball ard mar a ghlaoigh dís air.

MÁIRÍN: Ó sea, that’s right, a’ gcuimhníonn tú bhíodh muinn a’ déanamh spraoi san Aharla?

MEAIT: Cuimhním.

MÁIRÍN: Leis na Cowboys and Indians (gáire)

MEAIT: Bhíodh.

MÁIRÍN: Agus na planenaí.

MEAIT: Is fíor duit.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú leis na ....?

MEAIT: …. Cuimhním air, bhí muinn (--) An gcuimhníonn tú an t-am istigh, nuair a bhí muinn ag Teampall Rónán agus, Ellie Fitz go ndéana Dia grásta uirthi, thagadh sí isteach ….

MÁIRÍN: …. Oh that’s .…(gáire)

MEAIT: …. amanntaí d’fhágadh sí bláthannaí ar a’, ar an altóir ann….

MÁIRÍN: …. Sea, sea, sea….

MEAIT: …. bhíodh sí ag guibhe ann, an créatúr. Ach chonaic muinn (--) Ach bhí faitíos orainn go n-inseodh sí gon sagart a’ dtuigeann tú, mar má chuimhníonn tú air ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: …. sagart olc a bhí sa mbuachaill a bhí ann an t-am sin.

MÁIRÍN: Ó sea, tá ’fhios a’m an t-é atá i gceist a’d.

MEAIT: Agus eh (--) Ach bhí, (gáire) bhí muinn uilig eh istigh sa, sa séipéilín beag agus, agus an chéad rud eile deir duine eicínt go raibh Ellie a’ teacht, (gáire) rith muinn uilig

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Mar bhí faitíos orainn go n-inseodh sí gon sagart, mar má chuimhníonn tú ar an t-am sin bhíodh Aifreann ann.

MÁIRÍN: Bhíodh, that’s right, yeah.

MEAIT: Ach bhí Colm, [dearthár Mháirín] bhí sé óg an t-am sin agus ba é an

(--) Ní raibh sé sách scafánta agus chuaigh sé i bhfolach ins an maide snaoim

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: A bhí a’ fás istigh ag an altóir.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Agus tháinig Ellie “___” bhí muinn i bhfolach taobh amuigh agus tháinig Ellie isteach, go ndéana Dia grásta uirthi agus chuaigh sí ar a dhá glúin (casacht sa chúlra) agus deir sí “St Ronan” a deir sí “ pray for us”. “I will not” a deir Colm agus seo amach é ar nós bullet (gáire). Rith sé, rith sé suas, baineadh an mheabhair as Ellie an créatúr.

MÁIRÍN: Ó cuimhním ar sin alright, an scéal sin. Rud ar bith eile, a Mheait?

MEAIT: Bhuel bhíodh rud eile ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, chuile chrann a bhí thíos i gcuid an sagart.

MÁIRÍN: Hm.

MEAIT: Bhuel cuid an mhinistéara a bhí ann ar dtús.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú na húllaí, bhíodh muid ag goid….

MEAIT: …. Bhíodh, bhíodh ach bhíodh chuile dhuine a’ gabháil suas ar na (--) Ní raibh aon mhaith leat mura, mura mbeifeá in ann a dhul ….

MÁIRÍN: …. Ó sea, ar an gcrann….

MEAIT: …. Chuile chrann acub agus ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

MEAIT: .… bhí go leor crainnte an t-am sin ann.

MÁIRÍN: Bhí, bhí chuile dhuine a’ gabháil suas ar na crainnte.

MEAIT: Níl ’fhios a’m beo cén chaoi nár maraíodh muin.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Bhíodh. (sos) Tá athrú mór anois air.

MÁIRÍN: Ar an eh

MEAIT: Agus bhíodh, bhíodh iománaíocht an t-am sin a’inn.

MÁIRÍN: Bhíodh agus bhíodh muid sa choir Meait, a’ gcuimhníonn tú?

MEAIT: Agus sa choir agus bhíodh drámaí ann.

MÁIRÍN: Agus bhíodh drámaí ann, yeah. Tá rudaí athruithe go mór, cinnte.

MEAIT: Bhíodh eh Éamonn McHale, a’ gcuimhníonn tú air? Bhíodh sé iománaíocht agus Micheál Gill.

MÁIRÍN: Sea.

MEAIT: Bhíodh, bhíodh go leor iománaíocht an t-am sin ann.

MÁIRÍN: Yeah.

MEAIT: Agus bhí sé sin a’ gabháil ag a’ Tech freisin. Ach níl ’fhios a’m céard a tharla, stop sé. Má chuimhníonn tú ar Cullinane.

MÁIRÍN: Ó sea….

MEAIT: …. As an Caisleán Ghearr.

MÁIRÍN: Sea, Séamus Cullinane, sea.

MEAIT: Thug sé sin ar ais aríst é.

MÁIRÍN: Sea, hm. (Sos) Bhuel go raibh míle maith agat anois a Mheait. (____+) ….

MEAIT: …. Bhuel tá fáilte romhat, a Mháirín.

Breis eolais maidir le noda tras-scríbhneoireachta.