Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00072

Recording
BBAF.00072
Format
MiniDisc
Duration
01:10:44
Date
1 October 2008
Languages
English
Irish
Location
Fearann an Choirce
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Pádraic Pheaits Pheaidí Ó Dioráin
Archival information
MD 84 Pádraic Pheaits Pheaidí Ó Dioráin. Tógáil Séipeál Eoghanachta; Scoil; Baint an charraigín; Feamainn; Dul faoi lámh easpaig; Tithe Solais.
Additional information
MD 84 Pádraic Pheaits Pheaidí Ó Dioráin. Building of Eoghanacht Church; School; Harvesting carrageen; Seaweed; Confirmation; Lighthouses.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00072
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Inniu an chéad lá go Deireadh Fómhar sa mbliain dhá mhíle agus a hocht. Tá mé anseo i bhFearann a’ Choirce inniu agus mé a’ gabháil a caint le Pádraic Pheaidí Ó Dioráin atá pósta le Christine Nic Dhonnchadha agus tá ceathrar clann acub. Inniu ba mhaith liom labhairt b’fhéidir faoi nuair a bhí tú a’ gabháil ag a’ scoil fadó agus meas tú cén aois a bhí tú sa mbliain naoi déag caoga hocht nuair a d’osclaíobh séipéal Eoghanachta?

PÁDRAIC: Yeah, bhí mé dhá bhliain déag go aois nuair a h-osclaíobh an séipéal.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú cé a bhí sa rang in éineacht leat ag a’ scoil?

PÁDRAIC: Cuimhním, bhí Máirín Mhicilín, Kevin Éamonn, bhí Máirtín Nappa, is dóigh go raibh sé bliain níos, níos sine ná mé, Máire Tom Burke. Sin iad a bhí sa rang in éindí linn

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Agus eh, sin iad is mó a chuimhním orthub anois ach bhí go leor gasúir a’ gabháil ag a’ scoil an t-am sin, you know.

ÁINE: Agus cén múinteoir nó máistir a bhí sa scoil ag an am?

PÁDRAIC: Bhí, bhí eh, bhí Baba Mullen, mar a thugadh muinn uirthi, agus bhí, bhí Neidín ansin, tháinig Neidín Sheáin Neide.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ó Tuathail, ina dhiaidh, ina diaidh. Ach eh nuair a bhí muin, bhí tú a’ caint ar naoi déag caoga hocht, sí Barbara, Baba Mullen déarfainn a bhí ann.

ÁINE: Agus a’ raibh Máirín Lenane ann?

PÁDRAIC: Bhí Máirín Lenane sa scoil thíos mar a thugadh muinn air.

ÁINE: Á sea, sea ….

PÁDRAIC: …. Sa scoil íseal you know, so bhí….

ÁINE: …. Sa seomra eile ….

PÁDRAIC: …. Dhá sheomra ann.

ÁINE: M hm. Cén sóirt obair a rinne sibh ag a’ scoil an t-am sin, nó a’ raibh sé crua?

PÁDRAIC: Bhí sé, bhí sé uafásach crua agus caithfidh mé, níl mé ag iarraidh peaca a dhéanamh, bhí, bhí an sagart uafásach crua linn, Father Varley a bhí ann. Bhí Father Varley famous. Bhí sé crua agus mar ta ’fhios a’inn, níl ’fhios, níl ’fhios ag na gasúir anois céard a chiallaigh sé leis an maide a fháil ach fuair muidne neart gon mhaide.

ÁINE: (Gáire) Meas tú ar theastaigh sé uaibh?

PÁDRAIC: Níor theastaigh sé i gcónaí uainn, ach eh, má theastaigh nó nár theastaigh, fuair muinn é anyway (gáire)

ÁINE: Agus eh a’ gceapfá go mbíodh an múinteoir nó an sagart a’ coinneáil súil oraibh nuair a bhíodh sibh taobh amuigh go am scoile?

PÁDRAIC: Bhí, bhíodh, ba ag a’ sagart a bhí an cumhacht an t-am sin agus níl mé a’ cuir bréag ar an sagart “__+” is acub, agus bhí na múinteoirí iad fhéin déarfainn, scanraithe roimhe.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Nuair a bhreathnaím, a’ breathnú siar air anois.

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Bhí na múinteoirí, faitíos mór roimh an sagart acub mar a déarfá nuair, nuair a tháinig an sagart isteach sa seomra ní raibh aon rí rá ann, bhí chuile shóirt mar a bheadh coinín ann

ÁINE: Chuile shóirt ina cheart

PÁDRAIC: Bhí múinteoir agus a’ scoláire, you know.

ÁINE: Agus a’ rinne sé rang Teagasc Críostaí libh a’ b’ea, nó?

PÁDRAIC: Bhuel sin é an áit a raibh (gáire) an chontúirt uilig a’inn

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Mar ní, ní, bhuel tá mé a’ caint orm fhéin agus labhróidh mé go chúpla duine eile, an Teagasc Críostaí, ní raibh an oiread sin suim a’inn ann (gáire) a’ dtuigeann tú.

ÁINE: (Gáire) Sea.

PÁDRAIC: Agus fuair muinn lascadh agus tarraingíodh na cluasa agus seo siúd agus ba shin é an sagart a rinne é sin ag an am ach eh sin é an chaoi a raibh rudaí ins chuile scoile ag an am, tá mé a’ cheapadh.

ÁINE: Ach níor inis sibh sa mbaile é sin is dóigh?

PÁDRAIC: No because, á n-inseodh, gheobhadh muid lascadh sa mbaile ….

ÁINE: ….(Gáire) ….

PÁDRAIC: …. a bheith a’ caint ar a’ sagart you see so ní raibh, ní raibh, ní raibh (gáire) cara a’ bith fágthaí in áit a’ bith a’inn.

ÁINE: “___+”

PÁDRAIC: Ach sin é cinnte, sin é an chaoi a raibh rudaí.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: You know.

ÁINE: Agus is dóigh nuair a tosaíobh ar an séipéal ansin go mbíodh an sagart a’ teacht isteach níos minicí agaibh?

PÁDRAIC: Ó bhuel nuair, tosaíobh ar an séipéal ansin is dóigh i naoi déag caoga seacht b’fhéidir, tosaíobh a’ tógáil, caoga hocht ….

ÁINE: …. Caoga hocht ….

PÁDRAIC: …. Caoga seacht nó caoga hocht yeah

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus chaithfeadh, gheobhadh muinn ansin dhá, dhá leath lae sa tseachtain le ghabháil a’ tabhairt cúnamh gon sagart le sean tithe a leagan agus a’ gabháil a’ bailiú clocha agus seo siúd leis an foundation mór, mar bhí foundation mór faoin séipéal, a thógáil. Agus bhí tractor mór Massey Ferguson aige, ag a’ sagart. E fhéin agus é fhéin a bhíodh dhá thiomáint.

ÁINE: (Gáire) Sea.

PÁDRAIC: Father Varley, you know. Bhí, nuair a labhair Father Varley agus caithfidh mé, mar a dúirt mé you know bhí glór láidir aige a dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhíodh sé ag an am sin freisin a’ ceannacht beithígh, bhíodh, bhí bleaist beithígh aige, bhí talamh aige thoir anseo i gCill Rónáin agus ….

ÁINE: …. An talamh, talamh an mhinistéir a’b’ea?

PÁDRAIC: Talamh an mhinistéara yeah agus nuair a, nuair a chuir Father Varley mar a thugadh muinn air, nuair a chuir sé sin súil ar do bheithíoch, phébí céard a thairg Father Varley dhuit, thóg tú é.

ÁINE: Chaiteá

PÁDRAIC: Ní raibh tú a’ gabháil ag argóint leis.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: You know ach eh, ach anyways faoi, faoi, faoin obair, bhíodh dhá leath lae, thagadh sé anoir ag a’ scoil, an aois a raibh muidne ann, thugadh sé leis, bhí mé fhéin, Tomáisín Tom Mhóir, Máirtín Nappa, Pádraic Pheaits Bheachlín though go mbeadh Pádraic níos, níos óige, b’fhéidir bliain níos óige, Kevin Éamonn, Tom Sheáin Tom agus b’fhéidir go raibh sílim go b’shin é an méid anois. Duine a’ bith a raibh asal aige.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Sa mbaile, baineadh úsáid as.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus ghabhadh muinn síos ag a’ trá a dtugann siad air, An Caladh Beag, thíos, tá sé sin soir ón nGleannachán, tá sé ann i gcónaí, bhíodh gainimh garbh ann. Chaitheadh muidne agus ní raibh ann ach go raibh muinn chomh hard leis na, na cléibhe an t-am sin

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sluasaid mhóra a’inn agus muinn a’ cuir aníos gainimh ar a’ mbruach agus ansin as sin dhá chuir isteach aríst sa trailor aigeasan, sa tractor agus é a thabhairt aníos go dtí an séipéal. Ba shin gainimh garbh agus screedáileadh é sin mar a thugann siad air, sin é anois an rough cast atá ar a’ séipéal faoi láthair.

ÁINE: Taobh amuigh?

PÁDRAIC: Baineadh na clocha beaga sin uilig as sin agus caitheadh síos an chuid is mó gon ghainimh sin i mbuaile Tim “___+” buaile Tim atá ó thuaidh, níl ’fhios a’m, tá sé imithe as anois. Bhíodh muidne of course, á is orainn “__” leath lae a fháil ón scoil.

ÁINE: A’ raibh sibh sásta faoi sin?

PÁDRAIC: Bhí muinn sásta nuair a fuair muinn leath lae ach nuair a chuaigh muidne ar ais lá arna mháireach fuair muinn a’ lascadh mar ní raibh fhios a’inn an Teagasc Críostaí agus sin é an chaoi a raibh sé agus bhíodh muinn laethantaí a’ cuir suas

gainimh, laethantaí a mbeadh sé réasúnta. An chéad rud eile ansin, sean tithe, a’ leagan sean tithe. Bhí scheme ann sa, sna seascaidí ansin, thabharfadh an council deontaisí déarfainn go dhaoine le sean tithe a leagan a bhí

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Nach raibh aon dhuine a’ cónaí iontub. Mara leagtá fhéin iad leagaidísean dhuit é you see agus cuimhním go maith, ní chuimhníonn tusa anois ar tí, tí Thomáisín Séirín thiar, Dinjo mar a thugadh, tá an teach ann i gcónaí, bhíodh siopa mór ag Dinjo

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sé an chéad duine ar an oileán a bhí ice cream aige ach ní bhfuair muidne aon ice cream.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ach bhí teach taobh thiar dhe a dtugaidís tí Tom Pháidín air. Tom Pháidín anois, aríst eh bhí gaol aige leis na Tuathail, is acub sin atá an talamh a bhí aige.

ÁINE: Á sea, yeah ….

PÁDRAIC: …. “___+”

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Tá pictiúr in áit eicínt gon, chonaic mé le gairid i leabhar eicínt é faoi tí Tom Pháidín. Bhí sé aníos ansin ó tí Mháirtín Mhamie Bheachlín.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Sa mbóithrín ansin. Ach muidne anois mar ghasúir scoile, a leag an sean teach sin agus sú agus dóib agus dusta agus chuile shóirt, lofa salach anois, an rud is measa a chuaigh riamh ort ná sú atá sna simléir sin. Ní raibh aon washing machine ann agus muinn dhá leagan sin, clocha beaga, chuile sórt thrash sna sean tithe sin, dhá líonadh, thabharfadh seisean síos ag a’ séipéal é agus ba é an pháigh ansin a bhí a’inn, mála mór bulls eyes ag deireadh an lae.

ÁINE: Ó go deas.

PÁDRAIC: Go deas!

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ó tá sé éasca go leor a bheith a’ caint Áine ach, níl ’fhios a’m a’ bhfaighfeá a’ chor a’ bith anois na bulls eyes.

ÁINE: Tá siad ann i gcónaí.

PÁDRAIC: A’ bhfuil? Is dóigh go bhfuil ach ní raibh mé ag iarraidh aon bulls eye a fheiceáil aríst ….

ÁINE: …. (Gáire) ….

PÁDRAIC: …. mar bhí an oiread gráin a’inn orthub. Chuaigh muin, chuaigh tú abhaile ansin, bhí tú lofa salach, ní raibh aon washing machine ann ….

ÁINE: …. M hm ….

PÁDRAIC: …. ná dryers ná tada an t-am sin ach do mháthair, na máthaireachaí a’ glanadh agus glanadh suas ach ba chuma mar gheall go b’é an sagart ach dhá ngabhainn fhéin amach sa bpuiteach agus á sé an chaoi a bhfaigheann lascadh you see mar gheall ar do éadach a bheith salach ach mar gheall go b’é an sagart a rinne é bhí sé ceart agus sin é an chaoi a raibh sé. Ansin chuaigh muinn soir ag teach an mhinistéara a bhí an t-am sin ann i gCill Rónáin, tugadh cloch as sin chomh maith anoir, tugadh cloch as trasna anseo, trasna an bhóthair anseo chomh maith.

ÁINE: As an sean scoil?

PÁDRAIC: Yeah. Ní mórán, cineál coinníodh muidne thiar

ÁINE: So bhíodh sibhse ar an tractor in éineacht leis?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, ó bhíodh.

ÁINE: Yeah, yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh, bhíodh agus ….

ÁINE: …. Agus a’ gcuimhníonn tú go raibh Thornton [Micheál Ó Draighneán, príomhoide scoil Fhearann an Choirce] anseo agus na buachaillí ón scoil seo a’ tabhairt cúnamh dhaoibh?

PÁDRAIC: Bheidís a’ tabhairt cúnamh amuigh anseo déarfainn .

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní raibh, ní raibh ….

ÁINE: …. Ní dheachaigh siad siar ….

PÁDRAIC: …. Ní dheachaigh muinn le chéile you see

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Bhuel caithfidh tú cuimhneamh ar go raibh go leor buachaillí an t-am sin i chuile scoil, bhí go leor daoine i chuile scoil ….

ÁINE: …. Sea

PÁDRAIC: An t-am sin agus, I mean, cuimhnímse a’ gabháil siar anois beagán nuair thosaigh mé a’ freastal an Aifrinn, mé fhéin agus Kevin Éamonn agus Tom Sheáin Tom agus tá mé a‘ ceapadh go dtáinig Pádraic, do dhearthár Pádraic

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Isteach ann níos dearnaí because bhí sé níos óige ná muidne sa, sa, sa sean scoil anois, ní hé an scoil atá ann faoi láthair in Eoghanacht mar

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Tógadh scoil nua agus bhí partition idir an dá, idir an dá sheomra agus ar nós mar a bheadh mileoidean ann

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Se an chaoi a gcaithfeá é sin a bhrú sall

ÁINE: A tharraingt siar, sea.

PÁDRAIC: Agus of course rud mór millteach, ard, trom agus ní raibh sé ag obair ceart, ní raibh sé ag obair ceart ariamh déarfainn

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Sé an chaoi a gcaithfeá a bheith a’ tarraingt agus a’ brú agus seo siúd agus bhí do mhéarachaí a’ gabháil i bhfostú ann ’s chuile shórt ach ba chuma é mar gheall, ba chuma céard a bhí ort mura gcaillfeá do láimh uilig mar ba gheall leis an Aifreann é seo Dé Domhnaigh agus an t-am sin cuimhním a bheith a’ freastal an Aifrinn bhí, bhí, ní raibh tú dhá throigh ón, ón altóir agus na daoiní a bhí an tosaigh ag an Aifreann mar bhíodh, bhíodh an scoil lán le, [daoine] ach chuaigh muidne ansin ón séipéal, nó ón scoil, go dtí an séipéal mar a déarfá

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhíodh muin, nuair a bhíodh muinn a’ gabháil ag a’ scoil bhíodh muinn a’ foghlaim sa séipéal sur ar oscail an scoil agus mar sin agus bhí sé sin difríocht ar fad mar chaithfeadh

bróga bána a bheith ort agus seo siúd ar an altóir mar a déarfá an t-am sin, tá ’fhios a’d na canvas shoes a thugtaí orthub

ÁINE: Sea, chaithfeá éadaí speisialta a bheith a’d “__”

PÁDRAIC: Chaithfeá éadaí speisialta agus chuile short mar a déarfá bhí sé difríocht ar fad gon scoil ach sin é an chaoi ar tharla sé faoin scoil ach eh leagadh an scoil é fhéin, ach bhí na mar a dúirt mé bhí go leor gasúir a ’ gabháil ag, níl ’fhios a’m cé méid díreach a bhí a’ gabháil ag a’ scoil

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Ach bhí go leor.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Gasúir a’ gabháil ag na scoiltreachaí an t-am sin mar a déarfá.

ÁINE: Agus a’ mbíodh aon socrú le déanamh agaibh ar an seomra ranga chuile Dé hAoine,….

PÁDRAIC: …. Bhíodh, bhíodh ….

ÁINE: …. cé is moite gon melodeon seo a tharraingt siar?

PÁDRAIC: (Gáire) Bhíodh, yeah, bhíodh so chaithfeadh, chaithfeadh na boird agus na, na cathaoireachaí seo a bheith i mbealach áirid mar a déarfá, suas

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Agus you know iad uilig a’ déanamh síos ar an altóir, an altóir a chuir suas agus seo siúd you know, sa scoil, sa scoil thíos mar “__+”

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Seomra thíos ba, bhíodh sé sin

ÁINE: Nárbh mhaith an idea a bhí ansin, an partition sin idir na seomraí ….

PÁDRAIC: …. Bhí sé, bhí sé iontach uilig

ÁINE: Bhí, yeah

PÁDRAIC: Bhí sé iontach, d’fholdáil sé suas b’fhéidir ní raibh sé ach troigh amach ón mballa ….

ÁINE: …. Sea …

PÁDRAIC: …. Mar a déarfá, rud, bhí sé uafásach trom mar bhí gloine, gloine, frosted glass seo ….

ÁINE: …. Sea

PÁDRAIC: A bhí i gcónaí ann, bhí sé chomh tiubh le balla a’ bith atá anois ann inniu ach, agus bhí doras ar a’ taobh seo, taobh na láimhe deise dhó, bhuel idir an dá sheomra

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Chuir tú an lot sall, bhí sé ar tracks mar a déarfá.

ÁINE: Yeah. Ach bhí droch chuma a’ teacht ar a’ scoil ansin, nach raibh, bhí sí a’ titim ó chéile?

PÁDRAIC: Ó bhí, bhí, bhí poill san urlár agus, is minic a bhíodh daoine a’ breathnú síos ar na luchain agus iad a’ breathnú aníos ort agus sin é an chaoi a raibh sé you know

ÁINE: Sea, sea

PÁDRAIC: Mar bhí dar in ann a thíocht isteach ón taobh amuigh agus bhí na fuinneogaí, ní raibh na fuinneogai, tá ’fhios a’d na fuinneogaí seo síos is suas

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: You know ghabhadh ceann síos agus ….

ÁINE: …. Bhí da ar rópaí

PÁDRAIC: Sea, ní ghabhadh sé suas an chéad lá eile ’s bhí, bhí an ghaoth mhór ó dheas a’ teacht isteach ann ach tine a bhí ann

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: an t-am sin agus tine sa scoil mar a thugadh muinn air, an scoil thíos, bhí tine sa dá sheomra. Ní raibh fód móna, thug chuile dhuine fód móna isteach faoina ascail chuile lá you see agus amanntaí ansin [deireadh siad] “á bhí tú”, “rinne mé dearmad ar mo fód móna”

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus dhá bhféadfá ansin é ghoidfeá ó dhuine eicínt eile í you see (gáire)

ÁINE: Agus a’ raibh ar chuile dhuine a’ bhfuil ’fhios a’d, do chuid deartháireachaí agus dreabhrachaí, fód móna a thabhairt leob freisin nó ceann amháin as chuile theach, a’ b’ea, nó?

PÁDRAIC: Bhí, ó fód móna ó chuile ghasúr mar bhí móin ’s chuile, chuile áit an t-am sin you know agus chaithfeadh muidne, nuair a bhí, bhíodh an rud a dtugaidís cócó air ansin

ÁINE: Sea, yeah

PÁDRAIC: Ní raibh sé sin i t-am sa anois chor a’ bith ag a’ scoil ach an cócó, ba mhór an seo é, málaí móra gon cócó sin ….

ÁINE: …. Málaí donna ….

PÁDRAIC: …. Sea, agus chaithfeá ansin a dhul ag a’ tobar le uisce a fháil agus na, na boilers mhóra seo.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Beirt, thabharfaidís cead, bhí muinn a’ gabháil siar ag a’ tobar sin thiar faoi tí, mar a ghlaonns muid tí Phratt air, tá ’fhios a’d ar a’ mbóthar ansin

ÁINE: Tobar eh, yeah

PÁDRAIC: Tá tobar ansin

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Tá sé ann i gcónaí ach ansin a gheofá an t-uisce

ÁINE: Cén fáth tobar Ghort Chionnaidh nach raibh sé níos gaire dhíob?

PÁDRAIC: Bhuel bhí sé ceapaithe a bheith salach you know, sin é a, siar ansin anyways bhí

ÁINE: Bhí uisce breá ansin

PÁDRAIC: Á bhí uisce breá ann, bhuel bhí sé fiuchta anyway, chuirteá ar an tine é sin ansin chomh maith agus bheadh sé trí huaire a’ chloig b’fhéidir a’ fiuchadh, leagthaí síos ….

ÁINE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. ar ’a tine you see ach ba chuma, bhí sé, ní raibh aon duine a’ cuir in aghaidh a dhul siar ansin mar

ÁINE: (Gáire) Bhí

PÁDRAIC: Bhí leath ….

ÁINE: …. Time out (gáire) ….

PÁDRAIC: …. Leath uair níos faide, time out (gáire)

ÁINE: Agus a’ raibh bróga ort anois nuair a thosaigh tú a’ gabháil ag a’ scoil ar dtús sa ngeimhridh?

PÁDRAIC: Eh bhí bróga úr leathair, ní dheachaigh muin, bhí aon dhuine a bhí sa rang linn, ní dheachaigh muinn cos nochtaí ariamh.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní, no, chuaigh daoine romhainn agus ….

ÁINE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. Cos nochtaí ….

ÁINE: …. Ach ní dheachaigh sibhse, an aois sin ….

PÁDRAIC: …. Ní dheachaigh muinn cos nochtaí agus bhí, bhíodh muinn ansin, tá mé a’ caint ar a muintir s’a’inn fhéin mar, bhí beirt dreabhar a’m i Meiriceá, bhí tú a’ fáil bróga as Meiriceá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Chomh maith you see, ní mórán bróga úr leathair, bhí sé an-chrua a dhul a siúl i bróga úr leathair.

ÁINE: Bhí, mar bhí an bóthar go dona freisin.

PÁDRAIC: Bhí an bóthar go dona, bhí, bhí, ní raibh air ach, bóthar craga a bhí ann.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Chips.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sin é an chaoi chéanna mar bhí an máistir, Baba Mullen a thuganns muinn uirthi, bhíodh sí sin a’ fanacht thoir tí Pheait a’ Bhlack

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: mar a thugaidís fadó air.

ÁINE: Níor fhan sí sa mbaile i gCill Rónáin?

PÁDRAIC: Níor fhan, no ….

ÁINE: …. Bhí an t-achar ró-fhada, is dóigh.

PÁDRAIC: Bhíodh bicycle, bicycle aici a’ gabháil siar agus

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Ach mórán chuile lá bhíodh puncture ar a bicycle (gáire) “___+”

ÁINE: A mbíodh?

PÁDRAIC: B’iad na lads is mó ansin, John Johnny Bhriainín, go ndéana Dia grásta air, tá sé imithe anois agus Máirtín Eamonn a bheadh a’ cuir, sa rang is uachtaraí b’fhéidir, bheidís sin a’ cuir caoi ar sin, fios a gceirt acub

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: (Gáire) Agus cúpla forc “__” agus bhíodh Máirtín agus John agus, ach oiread linn uilig, you know, fuair siad neart gon mhaide (gáire)

ÁINE: (Gáire) Fuair is dóigh. Agus a’ b’é do athair a rinne na bróga úr leathair dhaoibh?

PÁDRAIC: Ó sé mo athair, yeah, ….

ÁINE: …. A’ b’ea, yeah ….

PÁDRAIC: …. sé sé. Bhí, bhí chuile dhuine dhá gcaitheamh ag an am sin mar a déarfá, óg agus aosta, mar ní raibh, bhuel bhíodh na, na, na fir, m’athair ar nós go leor mar é ag iascach, bhí siad iontach le bheith ag iascach mar chuaigh an t-uisce isteach i bpoll amháin agus ….

ÁINE: …. Amach an taobh eile ….

PÁDRAIC: …. chuaigh sé amach an taobh eile you see agus

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus ní raibh siad a’ coinneáil you see.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach an rud fúthub seo ansin, go mór mhór na bróga úr leathair, anois déarfaimid na sean daoine ar nós m’athair, chaithfeá iad a chuir ar bogadh san oíche

ÁINE: Sea, yeah.

PÁDRAIC: Nó ar maidin bheidís ar nós Tayto crisps

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Sin é an chaoi a raibh siad ….

ÁINE: …. Níl bealach a’ bith ….

PÁDRAIC: … Ní raibh tú in ann …

ÁINE: …. Go gcuirfeá do chois iontub ….

PÁDRAIC: …. Cé bí cén chaoi ar fhága tú san oíche é mara gcuirfeá ar bogadh é. Agus sin é an chaoi a raibh siad anois agus chaithfeá, chaithfeá iad a bheith a’d agus, pampooties a thugadh na yanks orthubanyways. Ach bhí dar go maith. Déarfainn deireadh na caogaidí you know

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: Bhí dar imithe ó chuile dhuine you know because bhí rudaí a’ feabhsú.

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh a’ fáil parcels as Meiriceá go minic?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, bhí muinn a’ fáil go leor uaidh mo dhreabhar thall. Bhí beirt dreabhar a’m i Meiriceá uair amháin. Eh bhí muinn a ’ fáil parcels

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Agus ansin faoi Nollaig agus faoi Cháisc agus mar sin, bhí, bhí.

ÁINE: Sea,

PÁDRAIC: Fuair muinn neart éadaí ach fiú amháin ag an am sin

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Na héadaí bhí dar aisteach (gáire)

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: (Gáire) Bhíodh muidne a’ ceapadh, níor mhaith linn iad a chaitheamh mar

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: mar bheadh náire orainn iad a chaitheamh you see, bhíodh geansachaí, bhíodh an oiread blathannaí orthub

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: “___+”

ÁINE: Níor athraigh rudaí

PÁDRAIC: No way, ní bhfaighfeá away leis (gáire) mar a déarfá.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’d fhéin céard a déarfaidís leat

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Dhá bhfeicfí thú.

ÁINE: Sea, sea. Agus eh nuair a bhíodh an t-Aifreann sa scoil anois a’ mbíodh gá dhaoibh a dhul ag faoistin ann chuil sheachtain?

PÁDRAIC: Ó bhíodh, tá mé a’ ceapadh gur chuile Dé hAoine.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Chuile Dé hAoine a théadh muinn ann

ÁINE: I rith am scoile?

PÁDRAIC: Ó I rith am scoile, yeah

ÁINE: A’ b’ea?

PÁDRAIC: Yeah, yeah, i rith am scoile, bhí, bhí an creideamh go mór chun cinn sa, you know an, an Eaglais

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Fite, fuaite leis an scoil an t-am sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: You know, fite, fuaite.

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh a’ canadh an Aifreann, a’ gcuimhníonn tú i Laidin?

PÁDRAIC: Ó sea Laidin

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ó Laidin a bhí a’inne, ní bheadh you know, Laidin a bhí a’inn, yeah.

ÁINE: Ach níor thuig sibh focal dhó?

PÁDRAIC: Ar ndóigh ní raibh ’fhios a’inne beo céard a bhí muinn a’ rá

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: D’fhéadfá a bheith ag eascainí i Laidin chomh fada agus a bhain sé linne, ní raibh ’fhios a’inn ….

ÁINE: …. (Gáire) Ní raibh clue agaibh céard a ….

PÁDRAIC: …. Chuaigh muinn thrí na motions mar a deir siad (gáire)

ÁINE: Ní raibh ’fhios.

PÁDRAIC: Á ní raibh ’fhios ach bhí muinn go maith ag a’ Laidin, bhí muinn fhéin a’ ceapadh go raibh anyway.

ÁINE: Bhuel déarfainn gur dóigh go raibh.

PÁDRAIC: Yeah bhí.

ÁINE: A bhfuil ’fhios a’d bhuel

PÁDRAIC: Bhí, yeah.

ÁINE: Ach nach raibh ’fhios agaibh céard a bhí sibh a’ rá.

PÁDRAIC: Ní raibh clue a’inn, aon focal, ní raibh ’fhios a’inn, ní raibh clue a’inn céard a bhí, b’fhéidir anois bhí, bhí Tom Sheáin Tom, a’ gcuimhníonn tú bhí Tom ceapaithe a dhul le sagartóireacht you know sul a d’fhág sé an scoil. Chuaigh sé bliain déarfainn ag a’ coláiste an t-am sin, Tom, cara linn é, bhí suim aige sin ann. B’fhéidir gur thuig Tom

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Cúpla focal, ach ní mórán é, ach níor thuig muidne mar

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Tá sé chomh simplí sin anois (Gáire)

ÁINE: Agus ansin nuair a, nuair a d’oscail an séipéal ansin, séipéal Naomh Pádraic agus Naomh Enda ehm, bhí Aifreann níos minicí ann, nach raibh?

PÁDRAIC: Á bhí Aifreann níos minicí ann, bhí.

ÁINE: Agus a’ raibh oraibh a dhul ag chuile Aifreann a bhí ann?

PÁDRAIC: Ó freastal, freastal an Aifrinn yeah, bhí.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí, bhí. B’fhéidir go raibh muinn ansin bliain go leith a’ freastal an Aifrinn sa séipéal mar a déarfá, thréis, thréis é oscailt

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus tháinig, tháinig grúpa eile ansin ina n-áit.

ÁINE: Yeah ach dhá mbeadh Aifreann ann déarfaidh mé Dé Máirt nó abair leis an chéad Aoine

PÁDRAIC: Yeah, yeah, yeah.

ÁINE: A’ ngabhadh sibh soir ón scoil?

PÁDRAIC: Ó yeah, soir ón scoil

ÁINE: Chuile dhuine ?

PÁDRAIC: Ó, ó dá mbeidh, níl mé cinnte anois ….

ÁINE: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. Dhó sin, ach tá mé cinnte go ngabhadh

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Chuile dhuine soir ann ón scoil you know, mar, mar a dúirt mé bhí tú fite fuaite isteach, phébí céard a deir an sagart, ní thaitneoidh sé go mór leis mara mbeadh ach bhí go leor daoine, daoine fásta a’ gabháil ag a’ séipéal

ÁINE: M hm

PÁDRAIC: an t-am sin. Bhíodh an séipéal lán an t-am sin mar a déarfá.

ÁINE: Agus i rith an Charghas anois théadh sibh ag Turas na Croise ….

PÁDRAIC: …. Ó Turas na Croise ….

ÁINE: …. Chuile sheachtain?

PÁDRAIC: Chuile sheachtain, chuile sheachtain, yeah. Chuile shóirt. Ó chaithfeá a dhul ann.

ÁINE: Chaithfeá.

PÁDRAIC: Ní raibh aon rogha a’d mar a déarfá.

ÁINE: Ón baile freisin is dóigh?

PÁDRAIC: Ón baile, yeah, ón baile, á ní raibh aon ….

ÁINE: …. Mar bhí do mháthair sa an-naofa, nach raibh?

PÁDRAIC: Bhuel (gáire) bhí sí ….

ÁINE: …. Bhíodh sí a’ caith go leor ama sa séipéal, nach raibh?

PÁDRAIC: Á bhí, bhí ach bhí chuile mháthair mar a chéile

ÁINE: …. Sea, yeah.

PÁDRAIC: An chuid is mó anyway.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Níl ’fhios a’msa aon mháthair nach raibh naofa mar a déarfá.

ÁINE: Ag an am, yeah, sea.

PÁDRAIC: B’fhéidir go raibh cuid acub níos naofa ná a chéile ach chaithfidís phébí céard a deir an sagart, ba shin é an dlí, más maith nó olc é agus you know níl mé a’ caith anuas

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Ach sin é an chaoi a raibh rudaí.

ÁINE: Ach nuair a bhí tú i do stócach ansin, b’fhéidir má bhí tú san oileán nuair a bhí tú hocht mbliana déag, chaithfeá a dhul ag an Aifreann agus chaithfeá a dhul ag a’ faoistin.

PÁDRAIC: Chaithfeá a dhul ag Aifreann agus faoistin, yeah, yeah.

ÁINE: Agus níor, níor chuir sé astaí nó a’ raibh drogall oraibh?

PÁDRAIC: Ó ní raibh, ní raibh because rud amháin, bhí chuile dhuine dhá dhéanamh you know. Mara ndéanfá é you see, bhí, bhí tú, bhí rud eicínt ….

ÁINE: …. Bhí tú difríocht ….

PÁDRAIC: …. Mí-cheart leat.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: You see. Sin é an chaoi a raibh sé agus rinne chuile dhuine é nós mar a bheadh caoire a’ gabháil amach ar aill mar a déarfá (gáire) lean tú chuile dhuine eile anyways

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Má thaitnigh sé leat nó nár thaitnigh ach ag an am sin ní, níor chuir tú aon cheist because ní, caithfidh tú cuimhneamh air ní raibh teilifís ann agus corr raidió a bhí ann

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Maidir le páipéar, you know, Connacht Tribune (gáire) cineál sin é is mó a bhí ar a’ bpáipéar chomh maith you see.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Agus ní raibh tú a’ gabháil a’ foghlaim rud a’ bith difríocht you know.

ÁINE: Agus ar cheap tú gur rud maith é sin nó rud dona?

PÁDRAIC: Ní, bhuel chomh fada agus a bhain sé liom fhéin go pearsanta is rud dona é anois, an chaoi a mbreathnóidh tú siar ar rudaí, ní, no, ba cheart go mbeadh rudaí níos oscailte níos oscailte mar a déarfá. Déarfainn gur chuir sé as go leor go daoine agus you know, agus chonaic mé scéalta agus th[arla] rudaí a tharla, ní amháin, ní, ní, ní, ní chall gur anseo a bhí siad

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach daoine, agus tá ’fhios agaibh fhéin an, an seafóid a bhí ar siúl ag na sagairt le blianta

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus an, agus tá ’fhios a’m rudaí a tharla síos Loch Gormáin agus san áit a raibh mé a’ cónaí agus seo siúd, ba é an rud céanna, ba mhar a chéile a bhí siad ins chuile áit sa tír.

ÁINE: Sea. Ach b’fhéidir gur sheas sé níos faide in Árainn

PÁDRAIC: Sheas sé níos faide.

ÁINE: Ná, ná in áiteachaí eile ….

PÁDRAIC: …. You see, you see, bhí tú coinnithe ar an oileán anseo, ní raibh aon scóip a’d, you know má chuimhníonn tú air, bhí teorainn a’d

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí an fharraige sin thíos, ní raibh tú, ní raibh daoine a’ gabháil, I mean cuimhním ag an am sin má bhí tú le dhul Gaillimh, bhí t-athair nó do mháthair le dhul Gaillimh, bhítheadh a’ caint ar sin le trí seachtainí roimhe mar a déarfá.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus a’ pleanáil an rud seo, a ghabháil síos ar an Naomh Éanna agus dhá oíche a chaith i nGaillimh. Maidir leis an ngasúr, mar cuimhním go raibh mé fhéin ag an am, nuair a d’oscail an séipéal, san ospidéal a chuaigh mé, bhí mé coicís thíos ann agus sé, sé Maidhcí Pheait Mhaidhcilín agus Tom Sheáin Tom a bhí a’ freastal an Aifrinn nuair ….

ÁINE: …. An lá sin ….

PÁDRAIC: …. Nuair a beannaíodh an tséipéil. Ach bhí mise thíos, bhí mé le, sa leaba le taobh laoch mór le rá, Matty McDonagh, bhíodh sé ag imirt football fadó go Chondae na Gaillimhe, bhí sé taobh. sa leaba eile dhíom ach bhí mé coicís thíos ansin leis an rud a dtugaidís Adenoids seo air.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Rud eicínt faoi do scornach ach mar a déarfá mar a raibh tú a’ gabháil in áit eicínt mar sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` Ní raibh tú mar atá a’ tarlú anois, ní raibh tú a’ gabháil síos le oíche a bheith a’d ar a, ar a town mar a déarfá.

ÁINE: Nó a’ gabháil síos ag leath uair théis a hocht agus a’ teacht aníos ….

PÁDRAIC:` …. “__+” Ní raibh tú, bhí tú a’ gabháil síos ag, ag ceathair nó an cúig Dé Céadaoin nó Dé Céadaoin agus a’ fanacht thíos go dtí maidin Dé Sathairn agus

ÁINE: Dé Sathairn, sea

PÁDRAIC:` Thiocfá aníos Dé Sathairn b’fhéidir chomh fada le Oileán an Tuí agus b’fhéidir go ngabhfá ar ais aríst le cúpla lá eile because ní raibh sí in ann a theacht le céibh. Bhí an saol crua. A’ breathnú siar anois air, bhí sé crua, bhí sé níos simplí ….

ÁINE: …. Ach meas tú nach raibh rud eicínt maith faoi freisin?

PÁDRAIC: Bhuel bhí, bhí rud maith faoi, bhí sé simplí. Thug mé fhéin faoi dearadh anois, bhí mé fhéin blianta go leor imithe as, d’imigh mise as an áit nuair a bhí mé sé bliana déag go leith agus thug daoine an-chúnamh dhá chéile. An t-am sin bheadh laoi ag a’ mbó sa Márta `

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Bhí sí imithe, bhí an bainne imithe uatha Deireadh Fómhair, fuair tú braon bainne ó do chomharsa agus fuair tú gráinne tae, gráinne tae agus siúcra mar a thugaidís air.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC:` Agus an rud seo uilig, ba mhar a chéile chuile dhuine, ná níor tháinig ocras ar aon duine, bhí neart iasc ann ’s, bhí, bhí neart feoil, bhí seo, seo uilig. Bhí daoine an-mhaith le chéile, you know. Tá mé a’ breathnú anois air, tá, tá go leor de sin imithe feicear dhom you know, fiú amháin ar an oileán seo fhéin, tá ’fhios go bhfuil, go dtugann dar cúnamh dhá chéile i gcónaí ach a’ breathnú anois air, a’ breathnú air ón taobh amuigh

ÁINE: Sea

PÁDRAIC:` Caithfidh tú imeacht le breathnú isteach.

ÁINE: Sin é é

PÁDRAIC: Agus go bhfeicfidh tú cén chaoi a bhfuil rudaí. Ach sin é an chaoi a bhfuil rudaí. Ach tá, tá na daoine go maith i gcónaí. Tá daoine i bhfad níos fearr, I mean ní ghabhadh aon duine ag iarraidh an siar dhá n-inseoidís an fhirinne.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` Ní ghabhadh muinn siar go dtí an saol sin mar a déarfá.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC:` Ní ghabhadh, ní raibh aon airgead, ní raibh airgead a’ bith a’d mar a déarfá.

ÁINE: Ach is dóigh nár theastaigh an oiread airgead.

PÁDRAIC:` Níor theastaigh ….

ÁINE: …. Cé ar a gcaithfeá é ?

PÁDRAIC:` Níor theastaigh mar ní raibh tú a’ gabháil in áit a’ bith.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ní raibh fiú amháin na daoine fásta fhéin ní mórán a ghabhaidís sapub, maidir le mná ní raibh dar sin a’ gabháil in aon phub anyways

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC:` Agus na fir you know, ghabhaidís soir le deoch b’fhéidir Dé Máirt nuair a bhíodh an dole ann ach ní, ní raibh, níor tháinig airgead isteach ar chor a’ bith sa, san you know, sa gcaint. Mar cuimhnímse déaraidís “á níor tháinig an Naomh Éanna inniu”

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: You see, sin é do lá abair Dé Céadaoin bhuel ní raibh na daoine a’ braith air ach an Connacht Tribune an páipéar nó, nó tae b’fhéidir, bhí chuile rud eile sa mbaile.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC:` Bhí im fhéin acub, bhí a gcuid feoil fhéin.

ÁINE: Uibheachaí ’s bainne ’s glasraí.

PÁDRAIC:` Yeah ach cuir i gcás anois go mbeadh an bád gan a thíocht go ceann seachtaine, ghabhadh muinn as a gciall.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ní bheadh, bheadh muinn básaí leis an ocras`

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC:` Ní bheadh bainne a’inn, ní bheadh im a’inn, ní bheadh mar a déarfá ach sin é gach, an chaoi a raibh rudaí, you know bhítheadh a’ maireachtáil, bhíú, bhítheadh an-neamhspleách.

ÁINE: Bhí.

PÁDRAIC:` I bhfad níos neamhspleáiche an t-am sin ná atáú anois

ÁINE: Ó i bhfad

PÁDRAIC:` Ní raibh tú a’ braith ar, ar, ar daoine as a’ mórthír. Sin é an chaoi a raibh sé ach ag an am céanna tá daoine i bhfad níos fearr anois ná a bhí an t-am sin.

ÁINE: So má theann muid ar ais aríst anois b’fhéidir go dtí díreach roimh a d’oscail an séipéal, is dóigh go raibh sóirt go leor gleadhradh faoi agus sibh a’ fáil ré ’s a’ glanadh thoir ag a’ séipéal? Go raibh cúpla lá agaibh nach raibh scoil a’ bith agaibh is dóigh?

PÁDRAIC:` Ni mórán laethantaí, bhíodh na leath laethantaí seo a’inn you see ….

ÁINE: …. (Gáire) Sea

PÁDRAIC:` Yeah bhí go leor glanadh agus seo siúd ach caithfidh tú cuimhneamh freisin air go raibh chuile fhear fásta, duine fásta, na fir fásta ar an oileán, bhí, bhí an sagart a’ súil go dtabharfaidís sin dhá lá agus thugadar é, dhá lá sa tseachtain

ÁINE: Yeah, sea.

PÁDRAIC:` T-athair anois, cuimhním mo dheartháir sa dhá thabhairt, Stiofán, tá sé, a’ tabhairt dhá lá sa tseachtain.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` In aisce, you know. Now an t-aon daoiní a bhí íocaithe ná Tommy Denny, Máirtín Denny agus fan go bhfeicfidh mé, an tríú duine, b’fhéidir gur Pádraic ….

ÁINE: …. Pádraic, ar deireadh, ní mórán a rinne sé sin cheapainn.

PÁDRAIC:` Ní mórán.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC:` Ní mórán a fuair na fir bhoichte ach fuair siad íocaithe

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` Ach maidir le, thug chuile dhuine eile saor in aisce na laethantaí seo agus you know chuile dhuine ó Eochaill anoir, you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` Gort na gCapall agus chuile áit.

ÁINE: Agus ní chuimhníonn tú cé méad airgead a bailíodh thimpeall ag na tithe?

PÁDRAIC:` Ní, ní, ní chuimhním, ní chuimhním cé mhéad airgead a bailíodh ach thug, thug chuile dhuine a’inn anyways níos mó ná, ná a bhí acub, a’ bhfuil ’fhios a’d céard atá mé a’ rá

ÁINE: Sea

PÁDRAIC:` Chuir siad fhéin b’fhéidir, ní, níl mé a’ rá gur chuir siad, go raibh ocras orthub dhá bharr ach chuir siad, chuir siad láimh domhain ina pbócaí.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus thug siad uathub because aríst mar gheall ar go, agus ní mórán a bhí ag na daoine an t-am sin, ní

ÁINE: Sea.`

PÁDRAIC:` B’fhéidir bheifeá a’ díol beithíoch, go leor daoine, a’ díol beithíoch

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus b’fhéidir go mbeadh cuid mhaith de sin le n-íoc leis an siopa`

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Go raibh tú, bhí tí Mháirt thoir, mar a thugaidís an t-am sin air, siopa Eveleen Mháirt, mar bhí siopa ins chuile bhaile ach go leor go na siopaí b’fhéidir go b’é chaoi a gcaithfeá íoc, íoc ar ais ach b’fhéidir go gcaithfidís sin fanacht because theastaigh

ÁINE: An t-airgead.

PÁDRAIC: An oiread seo leis an séipéal ag an am agus you know, chaithfeá, chaithfeá `iontú suas agus níos mó ná do chuid, mar a déarfá a’ bhfuil ’fhios a’d, níos mó ná ba cheart duit b’fhéidir

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC:` Tá mé a rá a íoc, mar bhí, fuair sé go leor airgead as Meiriceá.

ÁINE: Ó thar cionn, rinne siad thar cionn.

PÁDRAIC: Rinne thar cionn yeah.

ÁINE: So bhí an-bhród acub as an séipéal ar ndú.

PÁDRAIC: Bhí, bhí.

ÁINE: Agus ní aon iontas é.

PÁDRAIC: Bhí, bhí, bhí.

ÁINE: Agus nuair a bhíodh tú a’ freastal anois a Phádraic, cá gheobhadh sibh an t-uisce? A’ bhfuil ’fhios a’d an t-uisce a bhíodh sibh a thabhairt aníos ag a’ sagart?

PÁDRAIC: (Gáire) Séard, séard, d’fhaigheadh muinn an t-uisce sa tobairín nach raibh, (gáire) nach bhféadfadh muinn a úsáid (gáire) bhí muinn a’ gabháil ag a scoil, tobairín Ghort Cionnaigh déarfainn a thugann siad air.

ÁINE: Sea, sin é an t-ainm ….

PÁDRAIC: …. Síos faoin, síos faoin scoil. Sin é an áit a bhfaigheadh muinn an t-uisce. Ní, ní raibh sé ach an taobh eile gon doras.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar a déarfá. Ansin a d’fhaigheadh muinn an t-uisce.

ÁINE: Ach thabharfadh sibh siar na jugannaí beaga le “__+”

PÁDRAIC: Ó yeah, ….

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: …. Ó sea thugadh, yeah

ÁINE: Agus a’ mbíodh aon spraoi agaibh anois nuair a bhíodh sibh a’ freastal?

PÁDRAIC: No, bhuel caith mé cuimhneamh agus sé, sé an an tAthair Varley a bhí ann nuair a bhí mise a’ freastal. Ní, ní raibh mórán spraoi ann, ní raibh tú a’ gabháil a’ déanamh mar atá anois ann

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Nuair a chuimhním (gáire) ní raibh, mar dhá dtarlódh tada bhí sé faighte ar pholl na cluaise a’d, you see.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus bhí sé, bhí rudaí chomh “__” mar a déarfá.

ÁINE: Ar thug sé aon chlip dhuit fhéin?

PÁDRAIC: Thug, thug sé cúpla clip faoi Teagasc Críostaí (gáire) dhom, thug, thug. Ach thug sé clip, cuimhním trip, Máirtín Éamonn anois, Máirtín, agus fear mór láidir a bhí i Máirtín Éamonn a’ gabháil ag a’ scoil fhéin ach bhí, bhí an-droch amharc ag Máirtín agus though go raibh sé cúpla rang an tosaigh orainne agus an sagart a’ tíocht isteach lá agus sheas tú suas nuair a bhí tú a’ freagairt do chuid ceisteannaí ach ní raibh, ní raibh an freagra ceart ag Máirtín anyways agus thug mo dhuine slap dhó agus chuir sé a chuid gloinneachaí trasna an seomra. Ní dhúirt tú tada faoi sin you know ach eh you know mar shampla sin é na rudaí a bhí ann agus

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: Ní raibh aon sóirt blackguardach ná tada ar siúl, no, ní raibh.

ÁINE: A’ gceapann tú go mb’fhéidir go bhfuair daoiní anois, na gasúir, éadaí nua leis an lá speisialta seo?

PÁDRAIC: Á fuair yeah, bhuel, bhuel geansachaí, bhí na máthaireachaí you know ….

ÁINE: …. A criotáil ….

PÁDRAIC: …. Uilig a’ criotáil.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bheadh geansachaí bána agus léine bhán agus b’fhéidir go, daoine a raibh treabhsar bréidín, ach bhídís go hálainn

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar bhí dar déanta go maith

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Bhíodh Paddy Quinn i gCill Éinne, bhíodh sé a’ déanamh, níl ’fhios a’m aon duine eile in Árainn ach d’fhaigheadh go leor as Gaillimh chomh maith, déanta iad

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: Bhíodh na Woolen Mills, bhídís i nGaillimh ansin, istigh sa gcathair ….

ÁINE: …. Galway Woolen Mills.

PÁDRAIC: Galway Woolen Mills

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá siad imithe le fada déarfainn

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Ach d’fhaighidís treabhsair déanta you know.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Agus, ach bhíodh go leor, you know corr cheann ceannaithe ach an chuid is mó acub is as bréidín a bhí siad déanta.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus bhí do chuid bróga dubh a’d ansin agus stocaí aríst

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Criotáilte.

ÁINE: Ach bróga bána má bhí tú a’ gabháil a’ freastal.

PÁDRAIC: Ó má bhí tú a’ freastal agus chaithfeadh sé sin, sin é, bróga bána a bhí sa, sa, sa, sa séipéal.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: You know chaithfeadh sé agus bhí rud eile ansin a’inn, bhí tú a’ rá a’ mbíodh aon spraoi a’inn, bheadh tá ’fhios a’d an rubber a bhíodh ar na bróga sin.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus ar an altóir mar a déarfá, nuair a chastá

ÁINE: (Gáire) Á sea.

PÁDRAIC: Dhéanadh sé squeak you see agus bhí Kevin Éamonn, bhí an diabhal ar Kevin a’ gáirí you see, tá mé a’ ceapadh go bhfuair sé cúpla clabhta faoi

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ach nuair a chastá agus chaithfeá casadh anois agus aríst dhéanadh sé seo squeak mór agus tá ’fhios a’d an echo a bheadh sa séipéal

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: D’aireodh chuile dhuine thíos ag a’ doras é seo agus déaraidís gurblackguards a bhí thuas ach ní raibh aon rogha a’d ach siúlanyways so rudaí mar sin ach bróga bána, yes,yeah. Agus bhí, bhí, bhí stuif bán ansin, canbhás actually a bhí iontub sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: An t-uachtar dhób agus bhí, bhí, fuair tú an stuif bán seo, sóirt eh, agus chuir tú orthub é chuile oíche

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Dé Sathairn, ní raibh aon spota salachar orthub ach ní, níor shiúl tú go dtí an séipéal, bhí do chuid gnáth bhróga siar, chuir tú ort thiar iad mar a déarfá

ÁINE: Ó “__+”

PÁDRAIC: Ó yeah, bhíodar, bhíodar fágthaí ag an sacraistí

ÁINE: A’ raibh?

PÁDRAIC: Bhí, bhí, bhí.

ÁINE: Now a’ bhfuil aon chuimhne eile a’d nó tada a’ bith beo eile ar mhaith leat labhairt leis, faoi thógáil an séipéal nó?

PÁDRAIC: Bhuel ní, níl mórán ar bhealach cé, cé is moite dhó, dhó sin mar a bhí mé a’ rá leat, an obair a chuir muinn isteach ann.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ní, ní bhfuair (gáire), bhuel ní bhfuair muin, ní dhúirt míle buíochas linn ná tada.

ÁINE: Ná tada.

PÁDRAIC: Ní bhfuair muinn tada ach máilín bulls eyes a fuair muinn as. Gheobhaidh tú díomách go leor, gheobhaidh tú díomách anois, ó níor cheap muinn tada dhó ag an am ach nuair, a’ breathnú siar air agus an chaoi a bhfuil rudaí anois ach ara

ÁINE: Cén dochar, yeah, yeah

PÁDRAIC: Níl aon dochar ann.

ÁINE: Ach ag an am céanna bhí sé go maith go ghasúir agus b’fhéidir go b’shin é an fáth go raibh daoiní chomh sibhialta le chéile agus a’ tabhairt cúnamh dhá chéile.

PÁDRAIC: Bhuel sin é, bhuel bhí sé sin ann mar a déarfá, bhí, ní raibh aon cheist gur thug tú cúnamh go do chomarsa, thug tú, bhí chuile dhuine a’ tabhairt cúnamh dhá chéile ag an am agus

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní, níor chuimhne tú faoi mar sé an rud, ba é an rud a bhí déanta é.

ÁINE: Agus amanntaí you know, tá sé go maith go ghasúir respect a fheiceáil, you know

PÁDRAIC: Tá, tá.

ÁINE: Agus directions a fháil

PÁDRAIC: Tá

ÁINE: Ina saol

PÁDRAIC: Ó tá

ÁINE: Déanann sé leas dhób, a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Ó rinne, ní, ní rinne sé aon dochar dhúinn.

ÁINE: Ach ag an am céanna bhí sé go maith go ghasúir agus b’fhéidir go b’shin é an fáth go raibh daoiní chomh sibhialta le chéile agus a’ tabhairt cúnamh dhá chéile.

PÁDRAIC: Bhuel sin é, bhuel bhí sé sin ann mar a déarfá, bhí, ní raibh aon cheist gur thug tú cúnamh go do chomarsa, thug tú, bhí chuile dhuine a’ tabhairt cúnamh dhá chéile ag an am agus

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní, níor chuimhne tú faoi mar sé an rud, ba é an rud a bhí déanta é.

ÁINE: Agus amanntaí you know, tá sé go maith go ghasúir respect a fheiceáil, you know

PÁDRAIC: Tá, tá.

ÁINE: Agus directions a fháil

PÁDRAIC: Tá

ÁINE: Ina saol

PÁDRAIC: Ó tá

ÁINE: Déanann sé leas dhób, a’ bhfuil ’fhios a’d.

PÁDRAIC: Ó rinne, ní, ní rinne sé aon dochar dhúinn.

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Agus muintir Eoghanacht agus a’ Sruthán mar a déarfá, bhíodh sé sin, bhíodh sé, bhuel tá scéalta beaga faoi nuair a ghabhfá, ghabhfaí amach ón scoil tharraingeoidh muidne duine eicínt soir linn.

ÁINE: Sea,

PÁDRAIC: Thabharfadh muid soir go dtí Eoghanacht, soir go dtí an Sruthán, duine eicínt linn you see agus (gáire) dhéanaidís an rud céanna le duine eicínt a’inne ach ba chuma cén victim a chuaigh siar (gáire)

ÁINE: (Gáire) Sea, sea

PÁDRAIC: Ach chomh fada agus a thug tú duine soir leat (gáire) bhí sé b’fhéidir leath chraiceáilte ach sin é an chaoi a raibh rudaí you see.

ÁINE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d bheadh sibh a’ caith clocha agus tarraingt gruaig?

PÁDRAIC: Ó bhí, bhí.

ÁINE: Bhí an frustration a’ teacht amach.

PÁDRAIC: Ó bhí. Bhí sé, a’ caith clocha, bhí sé go dona because, mar, bhí go leor clocha (gáire) thart an t-am sin ar a’ mbóthar you know agus is iomaí duine a fuair you know an cloigeann, fuair sé gearradh agus seo siúd ach aríst nuair a chuaigh tú abhaile mar a déarfá, ní mórán truaí a bhí dhuit, you know.

ÁINE: No

PÁDRAIC: “Cén fáth nach dtáinig tú abhaile” you see

ÁINE: Sea (gáire)

PÁDRAIC: (Gáire)

ÁINE: Ach sin é an fáth nár theastaigh, nach raibh daoine chomh traumatized mar gheall bhí rudaí curtha dhíobh acub, má bhí tú a’ troid le duine eicínt, déileáil tú leis ansin, ní raibh tú a’ cuimhneamh air.

PÁDRAIC: Oh yeah….

ÁINE: …. Thug tú blast dóibh nó chaith tú cloch leob agus ….

PÁDRAIC: …. Oh yeah, yeah, yeah. Bhuel sin é é you see, dealáil tú leis ansin.

ÁINE: Ansin, ba shin é an deireadh

PÁDRAIC: Níor thug tú abhaile leat é.

ÁINE: Níór thug.

PADRAIC: Agus níor tharraing tú isteach t-athair ná do mháthair ann you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar cuimhním lá mé fhéin agus Kevin Éamonn agus Máirín Mhicilín, sin í bean Syl [Gill] you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí muinn istigh san shelter istigh thiar trampáil soir ’s siar ar an clár, bhí echo ann you see

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Sé an echo seo, san, sa macalla, ba iontach an rud é seo, an chéad rud eile bhreathnaigh muinn thart, ní raibh, bhí na deoraí thart, bhí dar uilig imithe isteach, bhí an clog imithe, níor airigh muidne an clog a’ chor a’ bith

ÁINE: Sea (gáire)

PÁDRAIC: Ach of course bhuail an panic mhór muin, sé an chaoi ar rith muinn abhaile.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: You know agus of course níor fhan tú a’ gabháil abhaile ach an oiread, ní raibh aon truaí sa mbaile dhuit, ach cuimhním Tom Jamsie ag tí Phaideach anois an teach, an áit a bhfuil Tomás Éamonn, teach Tomás Eamonn.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Eh, stór a bhí ansin agus bhí móin aige ann, bhí sé thréis lucht móna a fháil agus thug muinn láimh dhó ar feadh scaithimh, though go raibh mise an taobh eile gon doras ….

ÁINE: …. Seago bhfeicfí thú ….

PÁDRAIC: …. ní raibh mé a’ gabháil abhaile.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus eh d’fhan muinn ansin istigh in éindí le Tom.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: You know, bhí Tom go maith, ní, ní, ní, ní ghabhadh, ní ghabhadh sé a’ spiadóireacht orainn, nó go ndeachaigh an múinteoir soir agus (gáire) bhí muinn ré le dhul abhaile ansin. Ach lá arna mháireach fuair muidne an lascadh mór you see (gáire) Ach gheobhadh muinn an rud, lascadh céanna sa mbaile ….

ÁINE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. dhá ngabhadh muinn abhaile roimh ….

ÁINE: …. Dá ngabhadh sibh abhaile ….

PÁDRAIC: “__+” muid a chuir siar aríst ach bhí an faitíos orainn, you know, bhí an faitíos sin ort an t-am sin. Na gasúir anois, níl an faitíos.

ÁINE: Níl, níl.

PÁDRAIC: Níl, b’fhéidir cuide dhó nach bhfuil, you know, go raibh sé go maith b’fhéidir go raibh sé go maith ach dhá ngabhadh muinn isteach ag a’ scoil théis iad a bheith istigh, bhí muinn le lascadh a fháil an lá sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach fuair muinn lá arna mháireach é anyway.

ÁINE: Anyways é, you know.

PÁDRAIC: Ach, ach sin é an chaoi a raibh rudaí you see.

ÁINE: Sé, sé. Nuair a theadh sibh abhaile ón scoil, cén chaoi a gcaitheadh sibh an tráthnóna?

PÁDRAIC: Bhíodh muinn ag imirt liathróid láimhe seo, is mó agus bhíodh muinn ansin, rud a dtugaidís an ball ard air

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Seod é an anois, tá mise a’ ceapadh go bhfuil sé cosúil, cosúil le, le, an cluiche Sasanach seoin a bhíonn siad a imirt agus, cricket tá mé a’ ceapadh agus bhuail tú, bhí, bhí tú anseo agus bhuail tú an ball agus chuaigh sé siar an bóthar, bhí duine eicínt eile ag iarraidh greim a fháil air thiar agus rith tú ó A go dtí an B agus eh you know, bhí, bhí an, sin é an chaoi a raibh an game ag imeacht you see

ÁINE: M hm.

PÁDRAIC: Agus má, agus rith tú siar agus bhí tú le ritheadh aniar aríst

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Má tháinig tú aniar gan an, gan an ball a bhualadh ort ….

ÁINE: …. A bhualadh ort ….

PÁDRAIC: …. bhí tú a’ buachtáil ach bhíodh go leor de sin a’inn. Tháinig na corr charr thart ansin

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ar a’ mbóthar a bhíá dhá imirt ach d’imigh sé sin as faisean uilig you see.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhíodh cead a’inn ansin, rud a dtugaidís cead air.

ÁINE: Screaga, nach ea.

PÁDRAIC: Yeah

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhíodh muinn a’ fiach chomh maith, coiníní agus ghabhadh gang a’inn suas ar na craga agus ….

ÁINE: …. A’ raibh mórán coiníní, anoir an taobh seo?

PÁDRAIC: Ní raibh an t-am sin, ní raibh an oiread agus a bhí le blianta. Níl an oiread anois ann ach, ach bhí go leor ansin ann tá deich mbliana ó shin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach

ÁINE: Ní fhaca mise aon choinín ariamh i mBungabhla, mé fhéin nuair a bhí mé ann. Níl ’fhios a’m a raibh siad ann.

PÁDRAIC: Bhuel bhí, bheidís ann ach droch sheans, ní, ní dhéarfainn go raibh tú suas na craga chomh minic.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: You know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá go leor acub anois síos ar na Muirbhí a’inn, síos in Eoghanacht….

ÁINE: …. Á ’s Ar ndóigh bhí gaineamh ann ….

PÁDRAIC: …. Bhídís, bhídís sa mbuaile, bhí gaineamh ann

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí dar ach eh d’imigh dar ansin. Tá dar a’ tíocht ar ais aríst tá mé a’ ceapadh ach bhíodh muinn dhá dhéanamh sin, a’ fiach coininí.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: B’fhéidir go mbeadh scór a’inn ghabhadh muinn soir all, soir uilig go dtí an Mainistir agus anoir ó thuaidh agus just, go mór mhór Dé Domhnaigh. Sin é is, is mó a bhí ann, you know.

ÁINE: Ach bhí obair le déanamh agaibh is dóigh freisin, is dóigh ….

PÁDRAIC: …. Ó bhuel i rith na seachtaine bhí an obair.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí tú a’ gabháil ar a’ ngarraí in éineacht le do mhuintir agus go mór mhór ón Márta suas go dtí, go dtí Lúnasa, bhí tú a’ piocadh carraigín, piocadh faochain, ag obair sa gcladach you see, bhí tú a’ gabháil síos, bhí do mhuintir a’ súil go ngabhfá síos leob.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ní moide gur thaitnigh sé leat ach chuaigh tú ann.

ÁINE: Chuaigh agus nuair a díoladh an carraigín seo anois agus na slata, ar tugadh aon airgead dhaoibh?

PÁDRAIC: Ó muise níor tugadh. Dhá, dhá mbeifeá i gCill Rónáin b’fhéidir go bhfaighfeá dhá scilling nó rud eicínt [le dhul] isteach tí Phóil [siopa] ach ní, ní raibh, ní raibh muinn a’ súil le airgead.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní raibh muinn a’ súil leis. Sé an chaoi a raibh tú a’ tabhairt cúnamh go do mhuintir, ní raibh an oiread sin airgead ag do mhuintir. Bhuel b’fhéidir go bhfaighfeá ansin geansaí nó léine nó rud eicínt

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Nó péire bróga you see, so ba shin é an t-íocaíocht

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: air. Ach cuimhním an carraigín, bhíodh, bhíodh go leor obair a’ baint leis sin, bhí carraigín bán agus an carraigín dubh ann, you see, chaithfeadh an carraigín bán, sí an eh, bhí sé bleached ag an, ag an mbáisteach mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: D’fhágadh tú amuigh é agus carraigín dubh, bhuel níl aon sóirt carraigín anois ann, tá tú a’ caint air, ach bhíodh go leor daoine Peaitín Powell, cuimhním anois, cuimhním fhéin ar sin, sin é athair Brian Powell, bhíodh sé a’ ceannacht carraigín an t-am sin. Bhí, bhí , dhíol tú go réir an chloch é agus bhí go leor pacáil sna málaí agus dhá tabhairt soir, ach b’iontach an rud é, bhí tuilleadh airgead in éindí le iasc, slata mara ansin ní raibh, ní bhíodh an oiread sin faochain ach, le blianta beaga a tháinig na faochain isteach ann.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Carraigín is mó agus bhíodh, na mná is mó a bhíodh a’ baint a’ charraigín, cuimhním air you know.

ÁINE: Na mná bhochta, nach iad a bhí ag obair.

PÁDRAIC: Siad, bhuel siad a bhí ag obair ar bhealach.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus bhí na mná ansin, bhuel tá mé a’ caint ar mo mháthair fhéin agus bhíodh chuile mháthair eile thart.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhíodh súil ansin go ngabhfaidís a’ bleán beithígh tráthnóna agus a’ breathnú i ndiaidh gasúir agus a’ cuir síos fataí, bhíodh fataí go muca, bhíodh muca ann

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus rudaí mar sin. Rinne na mná obair uafásach.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Ghabhadh na fir ag iascach, b’fhéidir a’ cuir garraí you see, ach tá mé ag ceapadh go raibh an saol níos (gáire) fearr acub ná a bhí ag mná.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Bhí, bhí ….

ÁINE: …. Agus a’ cineál béileanntaí a bhíodh agaibh anois is dóigh, ar maidin a’ mbíodh an min choirce agaibh i gcónaí a’ b’ ea?

PÁDRAIC: Min choirce i gcónaí

ÁINE: “__”

PÁDRAIC: Min choirce agus sul a ngabhtá ag a’ scoil bhí min choirce a’d

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ansin bhí an rud uafásach seo a’d, cod liver oil

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Thóg tú, bhíodh na buidéil ard, bhídís “__” agus thóg tú spúnóg mhór de seo, más maith olc leat é

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Chaithfeá é a thógáil agus bhí sé uafásach (gáire) blas uafásach air agus bhíodh, tháinig rud eicínt eile ina dhiaidh ansin a dtugaidís malt air. Bhí sé sin deas milis ach ní mórán de seo a fuair tú, sé, ba é an cod liver oil agus min choirce. Bhuel ansin bhí bia ag an scoil, mar a déarfá bhí muinn a’ gabháil ag a’ scoil bhí an (gáire) bhí an mixed fruit jam ann

ÁINE: Á.

PÁDRAIC: (Gáire) An jam is saoire a d’fhéadfá a fháil.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ní, ní, níor ithe mé aon jam ariamh ó shin, tá an ghráin a’m ar jam (gáire) ariamh ó shin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar bhí sé ar, ar do pholláirí

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhí sé ins chuile áit ort agus bhítheadh dhá gcaith, dhá chaith le chéile.

ÁINE: Le chéile, sea.

PÁDRAIC: Bhíodh na crucaí móra cré jam, mixed fruit ann

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus thugaidís Jimí na mBuilíní air, thugaidís anoir, bhí fear as Cill Rónáin, tá an fear bocht básaí anois, thugadh sé anoir málaí móra builíní you know ní raibh aon, ní raibh sliced pan ann ach na builíní

ÁINE: Mar bhí báicéara i gCill Rónáin a’ b’ea?

PÁDRAIC: No ní hea, ar a’ mbád a thagaidís seo.

ÁINE: Á

PÁDRAIC: Bheidís seo anois ceathair nó cúig go laethantaí

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: sul a bhfaighfeá ar chor a’ bith iad.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhíodh caonach liath orthub, nuair a bhídís thiar a’inne anyways .

ÁINE: Sea (gáire)

PÁDRAIC: Bhíodh caonach liath orthub seo you see, ar seo agus bhí, fuair tú an cócó ansin, bhí an cócó go deas agus ag deireadh, deireadh an séasúr nuair a bheadh cócó fágthaí thart, roinnfí idir na gasúir uilig, fuair tú an oiread seo cócó.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí sé sin go hálainn, bhí tú dhá ithe amach as a’ mála.

ÁINE: A’ raibh an cócó seo déanta ar uisce? Bhí, ní ar bainne, ar uisce….

PÁDRAIC: ….Bhí, bhí, bhí ó ar uisce yeah, bhí, bhí just, déanamh mé an fhirinne leat, níl ’fhios a’m, déarfainnse nach raibh bainne a’ bith dhá chuir air.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Níl ’fhios a’m anois, ní chuimhnímse aon bainne a bheith ag a’ scoil.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní, níor thug muinn aon bhainne ag a’ scoil.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Nuair nár thug, ní raibh sé ann. Ach bhí sé, bhí sé go hálainn anyway, an cócó seo, ach, ach an builín sé, agus

bhíodh caonach liath air agus a’ piocadh an chaonach liath gon bhuilín, sin é anois an chaoi a raibh sé agus of course an chuid is mó de, bhí tú dhá chaith uait agus an, an mixed fruit jam seo curtha ar seo you see agus bhí sé (gáire) uafásach agus dúirt mé liom fhéin bhuel má mhairim anyway ní, ní ní bheidh aon phlé a’m le aon mixed fruit jam (gáire)

ÁINE: Mixed fruit jam (gáire)

PÁDRAIC: Ariamh ina dhiaidh ach eh sin é, sin é an bia a bhí a’d a’ gabháil ag a’ scoil. Is dóigh nach raibh sé, bhuel níor mharaigh sé aon duine anyways.

ÁINE: Níor mharaigh

PÁDRAIC: Eh

ÁINE: Is maith a chuaigh sé dhaoibh bail ó Dhia oraibh.

PÁDRAIC: (Gáire) Bhíodh, bhíodh siopa ag Una Jamsie i Bungabhla.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Siopa mór ag Una mar a déarfá i gcomparáid le, le go leor eile acub agus bhíodh bhíodh builíní aici. D’fhaigheadh sí é sin, abair Dé Sathairn a thagaidís, Dé Sathairn a thagaidís sin ….

ÁINE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. Amháin agus b’fhéidir go raibh dar sin cúpla lá go aois sula d’tháinigeadar a’ chor a’ bith.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sna málaí, agus ansin bhí sé faighte a’dsa Dé Luain nó Dé Máirt.

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Mar a déarfá thiocfadh mo dhuine anoir, cáirín asail a bhí aige

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Dhéanadh sé trip anseo ar dtús, Fearann a’ Choirce agus bhí muidne ag deireadh an líne thiar, ní bhfuair muidne é b’fhéidir go dtí b’fhéidir Dé Máirt you see.

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: Ach eh sin é an chaoi a raibh rudaí ach bhíodh Peaitsín Deainín an fear bocht, duine álainn a bhíodh ann, bhíodh capall agus carr aige, bhíodh sé a’ gabháil anoir tráthnóna Dé Sathairn agus bhíodh sé ar bóthar i gcaitheamh an lae, bhíodh sé tití ina chodladh sa gcarr

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Mar bhí sé tuirseach agus bhí tusa, bhíodh bhuel bhí tú a’ fáil builín, gheofá builín uaidh chuile sheachtain. Bhí tú in ann an builín a thabhairt amach as na málaí agus cead a chinn a thabhairt go Pheaitsín you see, bhí tú in ann coinneáil leis a’ gcarr, bheadh an capall a’ trotáil lei ….

ÁINE: …. Sea, sea

PÁDRAIC: Ach bhí tú in ann builín a thabhairt as a’ mála agus ansin ní raibh ’fhios ag Peaitsín , bhuel bhí na daoine you know

ÁINE: Fear ré a bhí ann ….

PÁDRAIC: …. Ó fear ré, fear álainn ré a bhí ann

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus, ach bhuel tá súil a’m gur híocaíobh anyways le Una na builíní

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Nuair a chriochnaigh sé i mBungabhla b’fhéidir gan mórán a’ chor a’ bith sa mála aige

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach sin é an chaoi a raibh rudaí mar a déarfá.

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: An t-am sin.

ÁINE: Agus is dóigh go n-íosfadh sibh go leor fataí chomh maith agus iasc?

PÁDRAIC: D’íosfadh tú fataí, bhí, bhí go leor fataí dhá ithe.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí go leor fatai ag chuile dhuine curtha.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus caithfidh tú cuimhneamh go raibh, go raibh tú fataí a’ cuir fataí go muca freisin, bhí chuile theach cúpla muic ann agus d’íosfaidís siad sin go leor you see, le gcabáiste agus iad seo agus bhídís a’ fáil neantógaí ach fataí is mó agus bhíódh, bhíodh na bácúis mhóra seo

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Trí chois orthub ar a’ tine agus bhíodh, bhíodh, is dóigh go mbeadh dosaena galúin sna bácúis mhóra seo gan trácht ar a’ meáchan a bhí san cast iron seo é fhéin agus cuimhnímse bhí mná in ann é sin a chrochadh gon chroch

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Istigh, a ghabháil isteach mar sin agus iad a chrochadh gon ….

ÁINE: …. Bhí dar láidir ….

PÁDRAIC: …. Gon chroch agus uafásach láidir mar a déarfá.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Agus bhí an chiseog ansin a’d you know

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ciseoig mhór seo, d’iontaigh siad an chiseog sin, bhí bácús ann, bhuel bhíodh bácús ann a bheadh, bheadh na fataí thíos ann

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus bheadh, bheadh tuilleadh fataí ansin agus tá mé a’ ceapadh gur, gur turnaps iad seo ….

AINE: …. Sea….

PÁDRAIC: …. A bheadh sa, san bpota mór agus bhain tú an t-uisce as na, as a’ mbácús beag, bhí an chiseog ós cionn an pota mór, dhoirt tú isteach na fataí ansin sa gciseog agus d’imigh an t-uisce síos

ÁINE: Síos tríd

PÁDRAIC: Sa bpota mór

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus ansin go minic bheadh an t-iasc istigh leis na fataí dhá, dhá bhrugh mar a déarfá.

ÁINE: Bheadh blas deas ar na fataí ….

PÁDRAIC: …. Caithfidh tú cuimhneamh go b’é an tine anois

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Bhí sé, bhít sé go hálainn

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: So bhí chuile dhuine timpeall an chiseog. Sin é an chaoi a raibh sé.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Sin é an chaoi a raibh sé i mórán chuile theach an t-am sin

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ní raibh aon chaint ar aon bord you see agus

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: D’ithe tú an t-iasc, chuile, iasc úr-shaillte a bheadh anseo b’fhéidir go minic.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: You know ach bheadh iasc úr freisin ann ach

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Úr-shaillte is mó, go mór mhór sa ngeimhridh.

ÁINE: A’ gcuimhníonn tú a Phádraic an chéad trip a thug tú soir go Cill Rónáin?

PÁDRAIC: Eh tá mé a’ ceapadh go b’é lá a’ gabháil faoi láimh easpag.

ÁINE: Hm, Agus ar shiúl sibh soir?

PÁDRAIC: Ó shiúl soir, ó siúl soir ….

ÁINE: …. Le na gcuid éadaí nua oraibh ….?

PÁDRAIC: …. Ó a gcuid éadaí nua orainn yeah, a gcuid éadaí nua agus muinn chomh bródúil a’ gabháil soir agus, shiúil muinn soir, ní raibh, ní raibh, ní raibh, ní raibh rothar ná tada a’inn.

ÁINE: Agus ar shiúil go leor agaibh soir le chéile nó ar shiúil tú fhéin agus do chlann sa mbaile, nó a’ raibh muintir a’ bhaile ar fad a’ siúl soir le chéile?

PÁDRAIC: Bhuel, bhuel bheadh, bheadh, bheadh grúpa a’inn le chéile you see, bheadh muinn soir an tosaigh agus bheadh a gcuid muintir taobh thiar a’ siúl ….

ÁINE: …. Taobh thiar dhib (gáire)

PÁDRAIC: Ar fhaitíos nach millfeá do chuid éadaigh, you see nach raibh tú a’ gabháil isteach thar a’ gclaí

ÁINE: (Gáire) Sea

PÁDRAIC: go stróiceadh na driseachaí, ach ní mórán driseachaí a bhí an t-am sin ach bhí, bhí tú in ann iad a shalú anyways.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Mar geansachaí bána, bhí sé éasca iad a shalú.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus sin é an chaoi a raibh sé, bhí grúpa, bhíodh an bóthar lán, you know má chuimhníonn tú air agus a’ gabhail soir agus lá an Easpaig. Ní thagadh sé ach chuile cheithre bliana an t-am sin

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: You know agus

ÁINE: Agus dhéanadh go leor as chuile theach é ….

PÁDRAIC: …. Ó dhéanadh you see b’fhéidir go raibh tú faoi aois, bheifeá ró-shean ansin an chéad trip eile, b’fhéidir go mbeadh you know, tá ’fhios a’d

ÁINE: Tá mé ag ceapadh go rinne cúigear a’inne lá amháin é.

PÁDRAIC: Yeah, yeah rud eicínt mar sin, yeah.

ÁINE: Anois a’ ndeachaigh tusa ag a’ nGairmscoil i gCill Rónáin?

PÁDRAIC: Chuaigh mé cúpla seachtain ann. Tháinig an eh, an obair suas ansin ag, ag a’ teach solais thiar so dúirt mé, ní liomsa, ní raibh, ní raibh aon suim a’m ann you know

ÁINE: Á

PÁDRAIC: Rinne mé cúrsa iascaireachta ann chomh maith ….

ÁINE: …. Sea.

PÁDRAIC: Ach chuaigh mé ansin mar temporary istigh ar an oileán, ar an Oileán Iatharach.

ÁINE: Ó sea, ach ní raibh aon traenáil déanta an t-am sin a’d?

PÁDRAIC: No, no, no, ní raibh, ní raibh.

ÁINE: Agus a’ raibh ort traenáil áirid a dhéanamh?

PÁDRAIC: Ní raibh aon, ní raibh mar rinne tú traenáil ar a’ jab, you see.

ÁINE: Á sea.

PÁDRAIC: Ach an t-aon rud a chaithfeá a bheith in ann a dhéanamh sul a ndeachaigh tú isteach ann, chaithfeá a bheith in ann snámh, you know.

ÁINE: So cé chaoi a raibh sé sin a’d?

PÁDRAIC: Bhuel (gáire) bhí sé, bhí, bhí action a’m le, sé Patsy Toole a thug, mo chol ceathrar, a d’fhóghlaim dhom le snámh, bhí sé sin a’ gabháil le sagartóireaht ag an am agus thug sé soir sa trá mé anyways, cuimhním, cuimhním bhí, bhí chuile shóirt ag imeacht go deas dhom fhéin, bhí mé suas go dtí mo bhásta ’s ní raibh aon fhaitíos orm.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ach thug sé amach níos faide mé nach agus tá ’fhios a’d an chaoi a snámha tú siar “__+”

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Nuair a bhreathnaigh mé timpeall, ní raibh tuairisc ar bith arsan agus mise snámh ó mo bhásta agus d’iontaigh mé thart agus rug mé air, cuimhním go maith breith air.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Seod é anois panic mór

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus chuir mé marc mo “__” le na thaobh you see.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Rug mé ar, ar, ar ….

ÁINE: …. Sea

PÁDRAIC: ar chraiceann air you see. Is beag nár tharraing mé ó chéile é agus, ach ba shin é, as sin suas ansin d’fheabhsaigh mé you see.

ÁINE: Sea mar ní bhíodh daoiní a’ gabháil ag a’ trá ….

PÁDRAIC: …. No, no ní bhíodh ….

ÁINE: …. Na blianta sin

PÁDRAIC: Ní bhíodh a muintir, “dean, déan do rogha rud ach ná go garr gon aill ná gon chladach? na gasúir

ÁINE: Gon chladach, farraige, yeah.

PÁDRAIC: Ó bhí, bhíodar scanraithe i gcónaí roimh an fharraige you see.

ÁINE: Ach sin mar gheall gur bádh an oiread daoiní.

PÁDRAIC: Bádh an oiread daoine ’s bhí, bhí an oiread a’ tarlú, a’ gcuimhníonn tú, bádh triúr ansin i gcurrach Flannagan

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus iad seo

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: An t-am sin agus bhí, bhí, bhí dar cuimhneamh siar i gcónaí

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: “__” cuimhním mo mháthair agus m’athair a’ rá “ná go garr gon chladach” ….

ÁINE: …. Ná go barr aille ach an oiread

PÁDRAIC: Ná barr aille. Bhí sé sin amuigh, you know. Ní an-mhinic a chuaigh muinn barr aille, ní raibh tada mórán le déanamh ar barr aille ach a’ breathnú síos leis an aill (gáire) ach ní ….

ÁINE: …. A mbíodh daoiní ag iascach gon charraig “__+??

PÁDRAIC: Bhíodh daoiní ag iascach, chuaigh tú, chuaigh tú in éindí le t-athair nuair a bheadh sé ag iascach.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach sin é an t-aon uair a chuaigh tú ann ach ní raibh tú ag iarraidh a dhul ann because bhí, bhí, bhí tú, bhí tú chomh fed up i do shuí ansin a’ breathnú

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: ar mo dhuine ag iascach

ÁINE: Agus

PÁDRAIC: Bheadh sé sin píosa go lá, thuas ann.

ÁINE: Ach is dóigh go rinne siad níos mó iascach líonta sna currachaí.

PÁDRAIC: Á is mó, siad na currachaí, siad na currachaí is mó

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Chuaigh mise isteach ansin ar mar a déarfá ar an oileán Iatharach i naoi déag, deireadh naoi déag seasca trí mar temporary ann.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus currachaí, bhí Pádraic Tom Mhóir, t-athair agus Martin Pheaits Sheáin Uí Thuathail.

ÁINE: A bhí, a thug isteach [sibh]

PÁDRAIC: A bhí sa gcurrach.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Ach chaithfidís sin a dhul ag iascach, ghabhaidís, ghabhaidís amach ar maidin

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Thiocfaidís isteach le muidne a thabhairt isteach, ghabhaidís amach ag iascach ansin aríst mar iascach “__”

ÁINE: Agus ar fhan sibh istigh thar oíche ann, san oileán Iatharach?

PÁDRAIC: Ó d’fhanadh muidne, d’fhanadh muidne. Cuimhním an t-achar is mó a chaith, chaith mise istigh ar an oileán ná deich seachtainí gan a thíocht abhaile. Ach sin, bhí droch aimsir ’s chuile shóirt istigh. Bhí trí mhí an t-am is faide a chuaigh dar isteach ansin. Bhí dar, ní raibh mise ann an t-am sin ach tá ’fhios a’m daoine a bhí

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m na daoine a bhí ann agus bhí dar a’ ritheadh amach as bia mar a déarfá

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus a’ ritheadh amach, cigarettes an rud is measa a bhíodh uathab.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus bhídís a’ cuir an tae ar bharr, ar bharr an cooker le é a thriomú le é a chuir isteach

ÁINE: É a chaitheamh, yeah.

PÁDRAIC: Agus bhíodh na, bhíodh na, thugaidís na water biscuits seo acub, rudaí seo (gáire) you know nuair a chuaigh, a tháinig tú go dtí na water biscuits, bhí dar sin sealed, bhí dar, bhuel, bhí bosca a mbíodh, a mbíodh emergencies istigh iontub

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus nuair a d’oscail tú é, chaithfeá cead a fháil ó Blá Cliath le iad sin a oscail mar déarfá, ní raibh tada iontub ach water biscuits, just choinnigh siad beo thú.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: You know.

ÁINE: Agus nach mbíodh báid a’ teacht agus a’ tabhairt lasta agaibh is dóigh a’ mbíodh agus a’ tabhairt ola?

PÁDRAIC: Á yeah, bhuel, bhuel bhí tú, fuair tú an rud a dtugaidís an relief air ansin chuile choicís.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar a déarfá ach ansin thiar anseo bhí an cósta seo an-dona leis sin

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí, bhí an, bhí lucht an churrach anois mar a déarfá, Pádraic Tom Mhóir, t-athair agus

ÁINE: Tom Feeny ….

PÁDRAIC: …. Martin Pheaits Sheáin Uí Thuathail. Bhuel Tom Feeny, bhí Tom Feeny ar deireadh ann, tháinig sé sin isteach ar deireadh cineál ach sin iad an príomh triúr mar bhí, bhí, bhí, bhí, bhí saint ag Tom sa, sa bpionta agus

ÁINE: Sea (Gáire)

PÁDRAIC: Agus na, agus bhí tú, bhí tú, bhí tú i gcontúirt, bhuel thagadh Tom agus Peaitsín Bhille

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhíodh an bheirt acub you know

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhídís ag ól le chéile. Nuair a thagaidís sin anoir, ní raibh sé sábháilte agus ní, níor thaitnigh sé leis an triúr eile.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar a déarfá agus ní thógainn orthub é

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: “__+” a dhul isteach, níor cheart go ngabhaidís isteach. Anois ’s aríst mar déarfá

ÁINE: Déarfainn go ndeachaigh siad i gcontúirt.

PÁDRAIC: Chuaigh siad i gcontúirt, chuaigh siad i gcontúirt go minic.

ÁINE: Chuaigh, bhí dada a rá liom, yeah.

PÁDRAIC: Bhí siad i gcontúirt agus tá ’fhios a’m t-athair mar a déarfá, ba é t-athair an príomh

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: A choinnigh rudaí (gáire) staidéarach, faoi smacht

ÁINE: (Gáire) Agus ní raibh tada staidéarach faoi, a’ bhfuil ‘fhios a’d ach go raibh ’fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh ….

PÁDRAIC: …. Ní raibh, ní raibh. Chuaigh muinn isteach agus bhí tú in ann a dhul ó dheas gon Oileán Iatharach nó ó thuaidh mar a déarfá. Nuair a chuimhneos tú siar na laethantaí a chuaigh dar isteach mar a déarfá agus (gáire) ní mórán a bhí dhá bharr acub, you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ní mórán airgid ach, ach bhí tú you know. Fuair an aimsir go dona agus coicís imithe agus ní, ní ní

ÁINE: Hm

PÁDRAIC: Ní h-ion[dúil], ní an-mhinic a gheobhadh tú lá díreach go dtí an choicís go coicís

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ceithre lá dhéag.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú gur chuala tú gur, gur bádh bean eicínt amuigh ar Oileán an Dá Bhruineog, máthair ….

PÁDRAIC: …. Oileán an Dá Bhruineog? ….

ÁINE: …. Mac Pheaits Sheáin, meas tú?

PÁDRAIC: Ní, níor, chuala mé go gur bádh aon, aon bhean ann ach tá ’fhios a’m go mbíodh na mná a’ gabháil amach ar Oileán a’ Dá Bhruineog.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sin é an t-oileán is gaire dhúinn.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: A’ baint charraigín ….

ÁINE: …. Yeah ….

PÁDRAIC: …. agus feamainn agus mar seo. Chuireadh na fir isteach iad

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ar, ar maidin agus d’fhágaidís ann iad agus théidís fhéin (gáire) leob ag iascach ach is dóigh gur bealach maith é dá mbeadh row a’d le do bhean ar maidin (gáire)

ÁINE: “__+”

PÁDRAIC: …. Bealach amháin le smacht a chuir uirthi (gáire)….

ÁINE: …. Le fáil ré lei (gáire) .…

PÁDRAIC: Í a fhágáil istigh san oíche (gáire)

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ach ní, ní, níor chuala mé gur bádh aon dhuine ach aríst d’fheadfaidís a dhul garr go leor dhó

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar bhí chuile lá, you know, ní, ní, ní, anois ní ghabh tú amach ach nuair atá lá breá, breá ann, ach an t-am sin.

ÁINE: Inniu anois mar shampla tá an fharraige an-gharbh thiar ansin.

PÁDRAIC: Tá ach gheobhaidís bealach eicínt le dhul timpeall air you see

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Ghabhtá ar taobh amháin nó an

AINE: Yeah

PÁDRAIC: taobh gaoth aniar, gaoth aniar aduaidh atá anois ann, ghabhtá ó dheas you see.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Gon oileán which ní bheadh sé go deas ach ní raibh aon rogha acub go minic ach a dhul, a dhul, a dhul amach ar farraige.

ÁINE: Fuair siad beagán airgead as ucht é sin a dhéanamh, nach bhfuair?

PÁDRAIC: Ó yeah leis a’ ag a’ teach solais atá tú a’ caint air.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ó yeah fuair dar beagán airgead, fuair, fuair siad agus sé, sé, ag Peaitsín Bhille, mo uncail a bhí an eh, an conradh

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Le dhul, le daoine a thabhairt isteach ’s amach agus bhí dhá churrach aige, currach ceathrar mar a thugaidís air agus currach triúir ach bheadh currach ceathrar ann dá mbeadh go leor stuif a’d nó dhá mbeadh an lá go dona, bheadh sé ann ach bhí dar eh, tháinig tú i dtír ansin ar a’ trá bhig a thugann siad air, trá beag gainimh atá ar an áit a bhfuil

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: ar an Oileán Iatharach agus bhí, bhíodh laethantaí dona ansin. Ghabhtá síos, idir an dá mhaidhm

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Ní fhaca tú fiú amháin an Lighthouse ach bhí dar iontach uilig sa gcurrach you know

ÁINE: Sna currachaí, bhí.

PÁDRAIC: Bhí tú, chuir tú, bhí siad thar cionn mar ní, ní, níor bhfuair siad, níor chaill siad an cloigeann aon uair.

ÁINE: Sea, yeah.

PÁDRAIC: Bhfuil ’fhios a’d cén chaoi a gcaillfeá, tá tú in ann é a chailleadh an-sciopthaí, daoine, ach níor chaill ariamh, bhí chuile shóirt, buíochas le Dia, níor tharla tada go aon duine ariamh.

ÁINE: Agus fuair sibh an posta istigh ann nach bhfuair?

PÁDRAIC: An posta?

ÁINE: Sea, theadh posta isteach agaibh?

PÁDRAIC: Á, á ní, sé an chaoi a dtabharfadh muinn an posta linn.

ÁINE: Ó a’ b’ea, yeah?

PÁDRAIC: Sé.

ÁINE: Bhíodh fear eicínt dhá thabhairt as Cill Rónáin, Greene nach ea a bhí air.

PÁDRAIC: Bhí, bhí ….

ÁINE: …. Ach sin roimhe do am sa ….

PÁDRAIC: …. a leithéide ann ach sin é, sin é aríst, sul, roimhe mo am sa

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Mar a déarfá. You know, bhí, bhíodh, bhíodh, bhuel bhíodh posta b’fhéidir, you know thabharfá posta isteach in éineacht le chuile rud eile

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach bheadh sé seo a’ buildáil suas

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ar feadh coicís nó b’fhéidir níós faide nuair a thiocfadh na litreachaí ann, bhídís fhéin, na lightkeepers ceart, bhídís a’ fanacht tí Twenty thiar an áit a bhfuil

ÁINE: Á.

PÁDRAIC: Máire Uí Chonghaile, níl sé ann níos mó

ÁINE: Agus cé bhí in éineacht leatsa amuigh ann?

PÁDRAIC: An fear a bhí in éindí liomsa thugaidís Charlie Connolly air, tá sé básaithe anois tá, tá ehm, Mick Reynolds, bhí sé ann, Dick Spencer, tá siad sin uilig anois imithe agus Tommy, Tommy Glaville as an taobh ó thuaidh, Jackie O’Grady, tá sé sin as, as Oileán Chléire é sin thuas i gContae Mhaigh Eo, tá sé, tá mé, tá sé beo i gcónaí, é sin thiar sa gClochán. Tá, tá mé a’ ceapadh gaolta leis a bhfuil an, an, cén t-ainm atá ar Teach na Céibhe aige

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Anseo, mar bhí, bhí, bhí ceann go na restaurants seo acub fhéin thiar sa gClifden

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Ar a’ gClochán. Tá siad sin anois, cé is moite go Jackie fhéin, tá siad básaithe anois. Nuair a, sin nuair a chuaigh mise isteach ar dtús ann.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí dar sin ann. Michael Jones bhí sé ann, tá sé sin é fhéin imithe. Bhí, roimhe sin, Ar ndóigh tá ’fhios agaibh fhéin nuair a bhíodh na, na mná a bhíodh, a bhíodh ….

ÁINE: …. Bhíodh families amuigh ann.

PÁDRAIC: Bhí, bhí, bhíodh dhá family amuigh ann uair amháin.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Bhí siad amuigh ar Oileán na Tuí chomh maith. Bhí bhí, Oileán na Tuí agus, mar a déarfá caithfidh tú, caithfidh tú liosta agus chuile shóirt, bhí an famous log book seo, chuile shóirt a tharlódh chuile lá thiar ansin, bhí na céadta bliain, tá siad ann i gcónaí ach

ÁINE: A bhfuil?

PÁDRAIC: Cuimhním a bheith a’ breathnú lá agus, naoi déag tríocha dó tháinig dar i dtír go Oileán na Tuí agus mar a, chuaigh na leaprachaí siar ag a’, ag a, (gáire) agus bhí receipt dhó seo, chuaigh na leaprachaí siar Oileán an dé, Oileán Iatharach.

ÁINE: Yeah, Oileán Iatharach.

PÁDRAIC: Agus fuair dar ann, bhí sé ann i gcónaí, tá sé, cinnte go bhfuil sé i gcónaí istigh ann. Ach cuimhním trip amháin tharla sé agus tá sé thíos sna Seacht dTeampaill anois, tugann siad Harringtton air, tá mé a’ ceapadh, gasúr atá ann

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Ach níl ’fhios a’m, níl mé cinnte anois arb shin é a cailleadh, cailleadh duine eicínt istigh ann agus bhí sé deich lá istigh, básaithe, ní raibh ….

ÁINE: …. Sea

PÁDRAIC: ní raibh dar in ann a dhul aige mar gheall ar droch aimsir agus b’éigean dhóibh é a chrochadh ar an deiric beag atá ós cionn an aill. D’fheicfeá é má theann tú siar go deo ann

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Tá sé ann i gcónaí.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Sóirt antique atá anois ann ach tá sé ann le do láimh mar a déarfá. Mar gheall ar na luchain. É a chrochadh san aer, é a choinneál san aer an t-achar sin, bheadh sé istigh i málaí acub nó phébí céard é fhéin, an corp, mar gheall ar na luchain.

ÁINE: Agus meas tú ar tháinig a athair agus a mháthair amach an lá sin le dhul ag a’ reilic?

PÁDRAIC: Ní thiocfadh, no, ní thiocfadh, no. Bhuel as Corcaigh é seo, tagann gaolta leis seo anois, anois is aríst. Bíonn sé istigh, tá Steve Kilmartin, tá eolas maith aige orthub. Tá sé fhéin sean anois.

ÁINE: Sea, tá ’fhios a’m cá bhfuil an uaigh.

PÁDRAIC: Yeah, yeah, thiar, yeah.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus eh, as Baile Chaisleán Bhéarra thíos iad sin mar a déarfá.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus, ach aríst tá tú a’ caint ar blianta fada ó shin, ní raibh sé éasca bealach a fháil aníos as sin.

ÁINE: Ní raibh

PÁDRAIC: Agus ní móide go raibh a luach acub freisin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus sin é an chaoi a, cuireadh é anyways thiar, thiar ansin ach sin é an chaoi a raibh, le thú a chur sa bpictiúr, an chaoi a raibh rudaí, an chéad, d’athraigh ansin nuair a tháinig an helicopter, d’athraigh rudaí uilig you know.

ÁINE: Bhíodh an Ros Rónán a’ gabháil isteach ann tá mé a’ ceapadh, nach mbíodh, a’ tabhairt rudaí isteach?

PÁDRAIC: Bhíodh, bhíodh an Ros Rónán a’ gabháil isteach a’ tabhairt gual isteach.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Thabharfaidís gual isteach nó anois dhá mbeadh abair rud eicínt mar seo, dhá mbeadh, dhá mbeadh obair eicínt ar siúl istigh ann, you know, a’ tógáil teach nó rud eicínt, you know shed nó rud eicínt ach bheadh an gual a’ gabháil isteach chuile bhliain agus bhí an Ros Rónán agus chuir an Ros Rónán currach isteach, Peaitsín Bhille leis a’ gcurrach, thabharfadh sé, thabharfadh sé le, le taobh an, an Ros Rónán, thabharfadh sí as sin go dtí an trá é, chuaigh sé i dtír ar a’ trá leis an gual agus ansin bhí an deiric beag seo le é a chrochadh suas an aill.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí, bhí, bheadh tú a’ caint ar b’fhéidir leath scór daoine a d’íocfaí le é sin a dhéanamh. Ach bhí an Ros Rónán Máirtín go ndéana Dia grásta air, Máirtín Ronan é fhéin

ÁINE: Yeah

PÁDRAIC: Máirtín [Chóil Ó Flaithearta] Sin é a bhíodh dhá dtabhairt, chaith sé sin blianta dhá dhéanamh.

ÁINE: A’ gabháil isteach ann, yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

ÁINE: Cé méid uair a’ chloig a bhí orthaí oibriú i shifts?

PÁDRAIC: Yeah, bhí tú, bhí tú cheithre, cheithre huaire ar a, ar a shift, bhí tú ón dó go dtí an sé, ón sé go dtí an deich agus ón deich go dtí an dó. Sin é an chaoi a raibh sé roinnte.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus d’fhéadfá an tseachtain seo mar a déarfá ón dó go dtí an sé san oíche agus ón dó go dtí an sé sa ló air. Chaithfeadh triúr a bheith ann de réir an dlí i gcónaí, ní fhéadfá, ní fhéadfá beirt a bheith a’d, chaithfeadh triúr a bheith a’d.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Faitíos a dtarlódh tada agus eh sin é, sin é an chaoi ar éirigh sí ní raibh sé chomh dona thiar ansin, ní raibh a’d thiar anseo anois ach an solas, bhí tú ag actáil mar coastguard chomh maith an t-am sin.

ÁINE: Sea mar go mbeadh báid a’ teacht timpeall ann ….

PÁDRAIC: …. Go mbeadh báid timpeall, you see.

ÁINE: Agus a’ raibh aon timpiste ann nuair a bhí tú ann?

PÁDRAIC: Ní, ní raibh aon timpiste ann, níor tharla aon timpiste thiar anseo an t-achar a bhí mise ann, ar, ar farraige mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach eh díreach, bhí mé ann ach bhí mé i dtír nuair a tháinig an beirt Sasanach [Ridgway gus Blyth] a d’iomramh trasna an Atlantach

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Coinnigh, nuair a chonaiciú iad

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Chonaic sí, chonaiciú thiar ansin ar dtús iad agus, ach ní raibh ’fhios ag an am cé iad fhéin ná cé as a dtáinig siad ach ….

ÁINE: …. Sea, sea.

PÁDRAIC: Glaodh ar a’, glaodh ar a’ mbád tarrthála ansin, you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ní, níor thaitnigh sé sin leob gur glaodh orthub ach ní raibh neart air ….

ÁINE: …. Bhí an aimsir go dona, yeah.

PÁDRAIC: Bhí an aimsir go dona agus bhí dar a’ déanamh ar a mbrachlainn mhór thiar tá mé ag ceapadh.

ÁINE: Tá píosa sa leabhar ansin, yeah.

PÁDRAIC: Rud eicínt mar sin anyway, ní raibh mé istigh ann [ar an Oileán Iatharach] you know sin é an chaoi a raibh sé. Istigh freisin bhí an, mar thug siad an radio telephone air, sin é an radio telephone roimh an VHF mar a thugann siad anois air….

ÁINE: …. Sea

PÁDRAIC: Ach bhí tú i gcónaí i dteagmháil leis an, leis an, leis an lifeboat, bád tarrthála, you see.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Agus sin é an ré, sul a dtáinig mobile phones ’s na rudaí seo uilig ….

ÁINE: …. Ná tada

PÁDRAIC: You see.

ÁINE: Agus céard a rinne sibh san am saor?

PÁDRAIC: Bhuel in am saor

ÁINE: A bhí agaibh istigh

PÁDRAIC: Ní raibh, caithfidh tú cuimhneamh ní raibh aon television ná tada ann ….

ÁINE: …. Ní raibh

PÁDRAIC: Bhí an radio a’d alright bhí tú in ann do rogha rud a dhéanamh agus a bheith ag éisteacht leis an radio.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach bhíodh muin, bhíodh muinn a’ déanamh currachaí beaga agus bhíodh muinn a’ déanamh, tá sé mór le rá anois, an ‘ship in bottle’ mar a déarfá

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Iad sin.

ÁINE: Sea, cuimhním go mbíodh sibh iad sin a dhéanamh ….

PÁDRAIC: …. Yeah, bhíodh muinn dhá ndéanadh sin.

ÁINE: Agus bhíodh sibh a’ déanamh croiseannaí le maitsiní nach mbíodh

PÁDRAIC: That’s right bhíodh, rinne mé ceann acub sin agus cuimhním le gairid, rinne mé ceann agus bhí mo dhreabhar as Meiriceá, thug, thug,you know bhí sí dhá iarraidh, thug mé di é you see (gáire)

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Agus nuair a chuaigh muinn sall le gairid, cailleadh í, nach bhfaca mé sa teach í.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Agus dúirt Christine “tabharfaidh muinn linn í sin”, “níl mé ag iarraidh í a fheiceáil” (gáire) a deir mé, an chuid ….

ÁINE: …. Ach ina dhiaidh sin ….

PÁDRAIC: Bhí sí, bhí sí, tugadh anall aríst í anyway. (gáire)

ÁINE: Sea, sea, yeah. Is deas an rud í a bheith a’d.

PÁDRAIC: A bhí siad go deas, bhí go leor rudaí mar sin you know.

ÁINE: Agus bhíodh garraí breá curtha agaibh nach mbíodh?

PÁDRAIC: Bhíodh garraí curtha thiar ann, bhíodh, an chuid is mó go na tithe solais, bhíodh garrantaí beaga, thugadar cúnamh dhuit iad fhéin, mar chuir dar, má bhí tú ag iarraidh spáid ná sluasaid, rud a’ bith

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Thug siad dhuit é, le cúnamh a thabhairt dhuit le carraigín, an áit seo thiar anois i bhfad níos fearr ná go leor áiteachaí eile

ÁINE: Tá.

PÁDRAIC: Mar bhí, bhí créafóg a’d ann.

ÁINE: Agus bhí glasraí curtha ann is dóigh.

PÁDRAIC: Ó bhíodh, ó bhíodh, bhí tú, chaithfeá é a dhéanamh mar nuair a chuaigh tusa isteach b’fhéidir go raibh na glasraí sách dona i dtír

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach nuair a chuaigh siad, nuair a bhí tú

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: ag “__” istigh ansin b’fhéidir mí, ní mórán cuma a bhí orthub you know agus rinne tú

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Rinne tú, bhíodh go leor, bhíodh, a’ bhfuil ’fhios a’d céard a bhí a’ fás istigh ansin ná spinach.

ÁINE: A’ raibh?

PÁDRAIC: Spinach fiáin.

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Agus bhí sé go hálainn mar a déarfá, sin é an t-aon rud a bhí, úr a bhí a’d, bhí tú a’ cuir meacna agus turnapaí agus gcabáiste, d’fhás siad.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach chaithfeá clúdach a chuir orthub ón ngaoth mar a déarfá.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Claí timpeall, bhuel ní mise a rinne é ach rinne muinn fhéin písín de, nach

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí sé déanta romhainn like, claí curtha timpeall air.

ÁINE: Hm, tá obair cloch breá istigh ann, nach bhfuil?

PÁDRAIC: Ó tá, tá an, an, an, an lighthouse é fhéin, tá sé sin ós cionn hocht stóir ar airde mar a déarfá.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Agus cloch, clocha gearrtha agus an staighre an chaoi chéanna.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá siad fite fuaite isteach, tá sé iontach. Bhuel sin é an chaoi a raibh dar uilig agus na tithe.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Na tithe mar a déarfá, an dá theach atá ann.

ÁINE: Agus a’ dtéann aonduine isteach níos mó ann nó a’ bhfuil sé ar automatic?

PÁDRAIC: Ó tá sé automatic anois, tá sé automatic anois le, chuaigh sé automatic is dóigh chúig bhliana déag anois. Ó téann daoine isteach ann ag obair ach trí seachtainí anois a dhéanfas siad, tabharfar i dtír ansin thú, gabh tú isteach agus

ÁINE: Ó a’ gcaitheann, a’ bhfanann daoiní amuigh ann?

PÁDRAIC: Ó fanann, fanann, tá daoine amuigh faoi láthair ann.

ÁINE: A’ bhfuil?

PÁDRAIC: Tá, tá siad ag obair ann, tá siad, tá siad, chuaigh dar uilig isteach leis an eh Renewable Energy seo mar

ÁINE: Á sea.

PÁDRAIC: Solar panels agus wind, tá sé sin anois ag oibriú

ÁINE: A’ b’ea

PÁDRAIC: Na tithe solais uilig timpeall

ÁINE: Ó, go maith.

PÁDRAIC: Tá, tá ar nós, nós Oileán na Tuí thoir anseo, tá beirt, bhuel tagann dar isteach agus amach as Oileán na Tuí.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach thiar anseo tá dar istigh faoi láthair, trí seachtainí.

ÁINE: A’ bhfuil?

PÁDRAIC: Beirt, bheir fhir.

ÁINE: Cé mhéad bliain a chaith tú fhéin ar Oileán Iatharach?

PÁDRAIC: Bhí mé dhá bhliain ar dtús, dhá bhliain agus cúpla mí ar dtús mar temporary agus ansin d’imigh mé Blá Cliath you know agus tháinig mé ar ais ansin, rinne tú traenáil ansin dóibh agus chuaigh tú, d’iompaigh tú isteach i do lightkeeper ceart ansin mar a déarfá, i mBlá Cliath ….

ÁINE: …. Tréis an traenáil seo a bheith a’d?

PÁDRAIC: Sea, sea bhí tú chúig bhliana ag a’, Baily Lighthouse a thugann siad air, i Howth é sin

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí tú, bhí tú based ansin ach bhí tú a’ gabháil timpeall a’ chósta uilig. Bhí mé ag seacht gcinn fhichid difríocht, lighthouse difríocht

ÁINE: A’ raibh

PÁDRAIC: Timpeall a’ chósta agus ní raibh aon phéire acub sin mar a chéile (gáire)

ÁINE: Cé nach raibh?

PÁDRAIC: Bhí dar uilig, ach nuair a d’imigh tú ón gcósta thiar anseo bhí rudaí níos éasca ó dheas agus thiar, ní raibh na farraigí móra a’d

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: a bhí anseo. Tháinig mé ar ais anseo, thiar ansin, bhí mé trí bliana ansin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Anseo. An rud is aistí faoi an áit seo thiar, níor thaitnigh sé riamh liom (gáire)

ÁINE: Cé nár thaitnigh?

PÁDRAIC: An ceann seo thiar agus

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Nuair a ghabhtá amach ann, you know san oíche am eicínt chuaigh tú amach go, mb’fhéidir go mbeadh an oíche go breá nó gan í a bheith chomh breá, chuaigh tú amach anyways le breathnú thart

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: I gcónaí ach bhí soilse i gcónaí a’ gabháil anoir carcair Bhungabhla.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus ní mórán carranaí agus, bhí solas i gcónaí agus déarfá “céard atá siad a’ dhéanamh istigh anseo anois” mar a déarfá (gáire)

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: “Ceard atá ar siúl” agus cheap tú go raibh an-chraic acub istigh.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: B’fhéidir go minic nach raibh ach níor thaitnigh, bhí, bhí, bhí sé ró-gharr gon bhaile b’fhéidir agus

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Ach sin é an chaoi a raibh sé agus d’athraigh mé as sin ansin, chuaigh mé síos Rosláir agus ar a’ Tuskar, áit a thugann siad Tuskar air, Tuskar Lighthouse agus bhí mé, níl ’fhios a’m, cúpla bliain eile ansin. Ansin bhí tú bliain, d’athrófaí thart thú agus dhá mbeifeá ag iarraidh athrú thart, d’fhéadfá you know cead a fhiafraigh le athrú thart mura dtaitneoidh an áit leat.

ÁINE: Ach shocraigh tú síos i Port Láirge a’ b’ea?

PÁDRAIC: Shocraigh mé síos, chuaigh muin, chuaigh muinn síos, bhí mé faoi dhó ansin anseo thiar you see.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus an dara trip ansin chuaigh muinn síos go dtí an, na, a dtugann siad an Hook air, tá sé sin mór le rá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Hook Lighthouse thíos ann. Chuaigh muinn síos ansin, bhí tithe isteach leob sin ansin, mar a déarfá bhí tú a’ maireachtáil ar cheann, cheann, “__+” ….

ÁINE: …. Sea ar a’ talamh cineál

PÁDRAIC: Ar a talamh.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí trí theach ann mar a bheadh sé ag na gardaí nó rud eicínt anois, ní you know

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Cén ceann is gaire anseo, Ceann Léime ó dheas ansin an ceann is gaire a raibh an, a raibh an bealach céanna leis so

bhí muinn a’ maireachtáil ansin, bhí, bhí Christine, mo bhean, bhí sí, fuair sí jab thuas, i convent thuas i

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Port Láirge you see, though go raibh sé, bhí sé dhá scór mílte as Port Láirge agus bhí mé ansin ansin, bhí muinn chúig bhliana ansin, bhuel an bhliain deireanach thóg muinn fhéin teach garr go Phort Láirge ….

ÁINE: …. Sea.

PÁDRAIC: Mar bhítheadh a’ dúnadh síos na tithe seo ansin because ní raibh na daoine ag iarraidh a bheith amuigh ar a’ gcósta you see.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus seo siúd ach ba álainn an áit é le, le maireachtáil.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí tú díreach le taobh na farraige nach eh mar a déarfá gasúir a’ gabháil ag a’ scoil agus chaiteá a dhul níos faide ó seo agus ó siúd ach dúnadh síos ansin iad, na tithe sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí, bhí na lightkeepers ag iarraidh a dtithe fhéin a thabhairt

ÁINE: Yeah.

PÁDRAIC: Bheadh sé níos handy. Chuaigh, chuaigh, chuadar uilig mar a déarfá automatic ansin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá dar uilig anois faoi láthair agus bhí mé, ba é an Hook, bhí mé, d’imigh mé ón Hook ansin agus chuaigh mé síos Cionn tSáile áit eile ar a’ talamh ….

ÁINE: …. Áit deas eile.

PÁDRAIC: Yeah, agus tháinig mé, chuaigh mé go dtí an, áit mór le rá ansin na Skelligs

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus tháinig mé ar ais ansin aríst, bhuel na blianta deireanach, bhí go leor idir an dá linn ach tháinig mé ar ais go dtí an Hook aríst agus chriochnaigh, chas mé an eochair sa doras ansin mar a déarfá (gáire)

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Dhún muinn é sin, chuaigh sé, is muinn na daoine deireanach a bhí ann, mé fhéin agus beirt lads eile ach chuaigh sé automatic agus ní raibh fágthaí ansin ach ceann ina dhiaidh sin, ba shin é an Baily Lighthouse

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: I mBlá Cliath agus i lár na naochaidí ansin chríochnaigh muinn suas, eh no, bhí, bhí muinn a’ cónaí i bPort Láirge anois faoin am seo

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus tháinig seans suas ag Christine, bhí, bhí an, bhí an, an, an, an conv[ent] an choláiste seo ag iontú isteach ina community school

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhí siad, mar bhí na mná rialta, ní raibh aon mná rialta acub.

ÁINE: Sea, le dhul ann.

PÁDRAIC: Bhí siad a’ ritheadh amach agus fuair siad an seans ansin, bhí níos mó múinteoirí ansin ann nár theastaigh uathub.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus thug siad seans go dhaoine a bhí ag iarraidh early retirement a thógáil agus bhí sí lucky

ÁINE: Fuair sí é.

PÁDRAIC: Fuair sí é agus thóg sí é agus chuaigh mise ansin, bhí muinn ansin, bhí sé a’ teacht go dtí an stáit bhuel bhí teach anseo a’inn agus bhí písín talamh, bhí a gclann cé is moite go, go

Aoife, an cailín is óige, tógthaí a’inn, bhí dar sin a’ gabháil ina mbealach fhéin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ní raibh muinn a’ gabháil á leannacht (gáire)sin anyway.

ÁINE: Bhuel ní fhéadfaidh tú

PÁDRAIC: Bheadh jab a’inn ach eh so, bhí, bhí, mar gheall an písín talamh agus bhí, fuair mise pinsean agus tá Christine ag, pinsean aici agus bhí muinn a’ fáil ró-shean anois síos is suas [go Port Láirge]

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Idir an dá “__” mar píosa fada é, bhí ’fhios a’inn chuile pot hole a bhí ar an mbóthar ann, bhí muinn a’ fáil tuirseach a’ gabháil síos agus bhí sé in am a’inn a n-intinn a dhéanamh suas

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Cheannaigh mo mhac ansin thíos, Cian, cheannaigh sé an teach thíos uainn, tá sé sin thíos i gcónaí ann so chriochnaigh muinn suas anseo ansin.

ÁINE: A’ raibh athrú mór tagthaí ar an t-oileán, ar cheap tú?

PÁDRAIC: Bhí athrú mór tagthaí ar an oileán, bhí.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí athrú, athrú maith tagthaí ar an oileán ….

ÁINE: …. Ar cheap tú ….

PÁDRAIC: …. Idir, ó, ó d’imigh mise as, na, na seascaidí like, lár na seascaidí, bhí, bhí seirbhís maith farantóireachta ann, sin é an príomh rud

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Mar a déarfá agus tháinig, tháinig an Aer Árann agus

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus tháinig siopa maith though go raibh siopa ins chuile bhaile an t-am sin ach sin é na h-athrúchaí is mó a tháinig ar an áit, you know ní raibh tú sáinithe anseo, má bhí tú ag iarraidh a dhul amach bhí tú in ann a dhul amach ar maidin

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus isteach tráthnóna. Ní raibh sé sin a’ tarlú nuair a bhí, nuair a d’fhága mé ar dtús.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: You know, agus bhí imirce mhór sna blianta sin ann, d’imigh chuile dhuine

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí rudaí a’ breathnú go dona you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach buíochas le Dia, d’fheabhsaigh rudaí agus bhí muinn an-sásta go dtáinig muinn ar ais, bhí, bhí muinn a’ scratcháil a mullaigh a’ dtiocfaidh muinn ar ais nó nach dtiocfaidh.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Amanntaí gheofaí tú you know gheobhaidh tú tochas i do chosa, beidh tú

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: B’fhéidir go mbeidh tú ag iarraidh ach you know tá na, tá na pluses agus na minuses

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá na pluses níos mó ná na minuses

ÁINE: Bhuel tá sé sin tábhachtach, you know.

PÁDRAIC: Tá, níl, níl aiféala a’ bith orainn.

ÁINE: Anois, so sin é anois é agus ehm now ba bhreá liom dá n-inseofá dhom an t-ainm a bhí ar do athair agus do mháthair sa gcaoi go mbeidh sé

PÁDRAIC: Bhuel Pádraic, Pádraic a bhí ar, ar m’athair chomh maith

ÁINE: Pádraic Pheaidí

PÁDRAIC: Peaits Pheaidí a thugaidís air ….

ÁINE: …. Peaits Pheaidí.

PÁDRAIC: Ach Pádraic a bhí air.

ÁINE: Sea, Peaits Pheaidí.

PÁDRAIC: Yeah, bhuel thosaigh, thosaigh m’athair suas ar dtús, bhíodh sé san RIC.

ÁINE: Ó a’ mbíodh?

PÁDRAIC: Bhíodh, nuair a bhí sé, bhí sé cheithre bliana san RIC, tá pictiúr thiar a’inn, caithfidh mé an pictiúr a thabhairt aniar

ÁINE: Yeah, tabhair, go scannáilfidh muinn é.

PÁDRAIC: Sin é, yeah. Bhí sé san RIC, Royal Irish Constabulary a thugaidís an t-am sin air.

ÁINE: Sea

PÁDRAIC: Sin a’ gabháil siar go dtí na fichidí a’ b’ea nó rud eicínt mar sin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach eh, agus ansin tháinig sé abhaile agus you know phós sé mo mháthair, dreabhar le Peaitsín Bhille [Ó Miolláin] í sin.

ÁINE: Sea, Mary Bhille ….

PÁDRAIC: …. Mary, Mary Bhille yeah agus mar a dúirt mé

ÁINE: Agus ba as Eoghanacht do athair ….

PÁDRAIC: …. Ba ea, yeah ….

ÁINE: …. Agus do mháthair?

PÁDRAIC: As Eoghanacht iad

ÁINE: An bheirt.

PÁDRAIC: Yeah, ba dhea, ba dhea. San teach, sa sean teach tuí atá anois ann, sin é an áit, sin é an áit a rugadh agus a tógadh mise.

ÁINE: Yeah agus ba le do athair ….

PÁDRAIC: …. Agus ba le na athair siar agus a athair roimhe sin, Pádraic ….

ÁINE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. A bhí ar sin aríst agus gaolta é le, le na John Beags a bhí tí Maggie Tom

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Má chuimhníonn tú air, a’ gcuimhníonn tú nuair a bhí sé ina theach tuí, a’ gcuimhníonn?

ÁINE: Sea cuimhním, ó cuimhním, yeah.

PÁDRAIC: Yeah.

ÁINE: Yeah, cuimhním.

PÁDRAIC: Eh, col ceathrachaí iad, muinn fhéin agus na John Beags.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Bhuel m’athair agus na John Beags.

ÁINE: Á sea.

PÁDRAIC: Cineál family you know, amháin iad ansin

ÁINE: Agus cén áit a bhí do athair ag obair nuair a bhí sé imithe leis an RIC?

PÁDRAIC: Bhí sé, bhí sé, bhí sé i gCorcaigh thíos, agus bhí sé thuas Tír Eoghain.

ÁINE: A’ raibh?

PÁDRAIC: Bhí.

ÁINE: Meas tú anois cén chaoi, cén chaoi a ndeachaigh sé in éineacht leob nó?

PÁDRAIC: Níl, tá

ÁINE: A’ raibh go leor daoiní as an oileán leis an RIC? ….

PÁDRAIC: …. Ní raibh, bhí, bhí, bhí, bhí Tom Beatty agus bhí duine eicínt eile as Cill Éinne. Now tá, tá beirt eile sa bpictiúr atá sé, atá ann.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Tá siad, tá siad in, sa, sa uniform, mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus uniform galánta, bróga móra arda orthub.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: You know agus seo siúd ach eh ní, ní raibh mé in ann, tá mé a’ ceapadh, tá duine acub as Connamara agus tá duine acub ceapaithe a bheith as Cill Éinne ach ní, ní raibh mé in ann a fháil amach ariamh cé iad fhéin, cén bheirt eile atá ann.

ÁINE: Sea. Nó meas tú a’ b’é an chaoi ar piocadh é nó a’ ndeachaigh sé ann dhá thoil fhéin?

PÁDRAIC: B’fhé[idir], tá mise a’ ceapadh go ndeachaigh sé ann b’fhéidir dhá thoil fhéin.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Agus, agus eh tá mise a’ ceapadh, ní raibh dar, ní raibh dar, ní raibh meas ar bith ar an (gáire) RIC seo.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach seo iad na chéad gardaí a tháinig isteach thréis an tír fháil, fáil neamhspleách.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach aríst sna tríochaidí is dóigh, sna tríochaidí is dóigh atá tú a’ caint air agus roimh an, roimh an gcéad, timpeall an chéad, dara cogadh Domhanda, bhí, bhí rudaí aisteach sa tír.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Agus ní, níor ní raibh sé a’ caint, ní raibh sé ag iarraidh a bheith a’ caint ariamh air.

ÁINE: Bhí sé crua is dóigh.

PÁDRAIC: Bhí sé crua.

ÁINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí sé crua agus bhí an chuid is mó go tromlach na tíre, bhí dar in aghaidh an RIC seo.

ÁINE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Agus ní, le gairid anois tá dar a’ caint orthub you know, tá siad a’ teacht amach as an adhmad mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Na daoine a bhí a muintir ann agus seo siúd. Bhí mé ag éisteacht leis an radio trip, bhí dar, thosaigh dar a’ caint, ach ní raibh, ní raibh caint a’ bith riamh air, you know.

ÁINE: Sea.

PÁDRAIC: Ná ní raibh seisean, ní raibh sé ag iarraidh labhairt air.

ÁINE: Ar ndóigh sin é an sóirt dream a bhí iontub ….

PÁDRAIC: …. Sin é, sé, sé ….

ÁINE: …. Rinne siad gach a bhí le déanamh ….

PÁDRAIC: …. Yeah, rinne siad gach a bhí le déanamh, yeah agus ….

ÁINE: …. Agus ní raibh siad a’ caint….

PÁDRAIC: …. No, ach cuimhním nuair a bhíodh sé dhá bhearradh fhéin you see, fear an-tidy a bhí ann you see (gáire) ….

ÁINE: …. Yeah.

PÁDRAIC: Agus ghabhadh sé, bhaineadh sé de a léine go dtí na bhásta you see.

ÁINE: Á sea, yeah.

PÁDRAIC: Agus níodh sé é fhéin taobh amuigh agus bhíodh an oiread náire orainne because ní dhéanadh aon fhear eile é seo.

ÁINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Cén fáth a gcaithfeadh seisean é a dhéanamh.

ÁINE: A bheith difríocht (gáire)

PÁDRAIC: Ach ba shin é an chaoi a mbíodh rudaí, you see ….

ÁINE: …. Sea, an traenáil.

PÁDRAIC: Sé an traenáil a bhí acub. Cailleadh ansin é “__+” bhí cancer air [1889 -1969]

ÁINE: Go ndéana Dia grásta orthub agus

PÁDRAIC: hm

ÁINE: Go raibh míle maith a’d anois a Phádraic, bhí sé sin thar cionn.

PÁDRAIC: Tá fáilte romhat.

ÁINE: Agus bíodh turas maith a’d.

PÁDRAIC: Yeah, á (gáire) sin é, é, go raibh maith a’d.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.