Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00073

Recording
BBAF.00073
Format
MiniDisc
Duration
36:17
Date
21 January 2001
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collector
Cyril Ó Flaithearta
Informant
Úna Joe Ní Mheachair
Archival information
MD 9 Úna Joe Uí Dhioráin. Iascaireacht; Inis Meáin; Bia; Comharthaí Aimsire; Piseoga; A hóige; Lá Fhéile Bríde; Brideógaí; Obair; Ospidéal; Cniotáil; Stocaí.
Additional information
MD 9 Úna Joe Uí Dhioráin. Fishing; Inis Meáin; Food; Weather signs; Superstitions; Youth; St Bridget's Day; Brídeoga; Work; Hospital; Knitting; Stockings.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00073
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

CYRIL: Tá mé anois in Eochaill, in Eochaill agus inniu an 21ú lá go Mí, Mí Eanáir nach b’ea?

UNA: Sea.

CYRIL: Agus tá mé anseo le Una Dirrane, agus tá muid a’ gabháil a’ déanamh píosa cainte faoi, faoi iascaireacht. Dia duit a Una.

UNA: Dia ’s Muire duit, a Cyril.

CYRIL: Eh, a’ raibh, a’ raibh sibh ag iascach i gcónaí?

UNA: Bhí, ba shin é an slí beatha a bhí ag m’athair i gcónaí, ag iascach.

CYRIL: Yeah, agus thoir….

UNA: …. Thoir in Inis Meáin.

CYRIL: As Inis Meáin a tháinig sé arbh ea?....

UNA: …. As Inis Meáin a tháinig sé, yeah sin é an áit a mhair sé riamh agus a athair roimhe.

CYRIL: Agus a athair roimhe, agus an mbídís sin ag iascach i gcónaí ?....

UNA . …. Agus bhídís sin ag iascach freisin mar bhí curach acub.

CYRIL: Agus eh, cé, cén t-am a ngabhaidís amach ar maidin, Una?

UNA . Ní théidís amach ariamh go mbeadh sé an trí a chlog, ní fhág, ní fhágaidís an teach go mbeadh an coileach glaoite ag a trí a chlog.

CYRIL: Agus ba shin é….

UNA: …. Agus ba shin é an t-am, agus sin é a dhéanadh chuile dhuine, bhíodh chuile fhear mar déarfá a bhíodh ag iascach, sin é an t-am a d’imídís ansin agus théadh siad amach, soir go dtí an slip, agus d’fhaighidís an curach réidh agus théidís amach taobh thoir ó dheas gon oileán.

CYRIL: Agus a’ mbídís i bhfad imithe ansin?

UNA: Agus bhídís tamall, bhídís ann ansin go mbíodh sé, i gcaith an lae, i gcaith na maidine sin, agus i gcaith an lae agus bhídís ar ais aríst timpeall is a ceathair a chlog tráthnóna.

CYRIL: Ceathair a chlog tráthnóna?

UNA: Tráthnóna lá arna mháireach

CYRIL: Agus céard a bhídís ag iascach an t-am sin?

UNA: Ag iascach langaí agus pláiseannaí móra, d’airínn, bhíodh pláiseannaí agus bhí iasc mhór eile, roic.

CYRIL: Roic, roic mhóra.

UNA: Roic mhóra, sea.

CYRIL: Agus ansin nuair a, a’ raibh mórán sa gcurach le t-athair?

UNA: Beirt eile agus é féin.

CYRIL: Agus é féin?

UNA: É féin, sea.

CYRIL: Agus ansin nuair a ghabhaidís amach ansin cén sórt deiseannaí nó uirlisí a bhí acub le dhul ag iascach?

UNA: Chuiridís amach, a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh an ribe acub agus bhíodh an deis iascach seo acub uilig, agus chuiridís ceann anseo agus théidís ag iomramh ansin go gcuiridís áit eile é ach bhíodh marc acub cá mbídís, a’ bhfuil ’fhios a’d agus bhíodh, bhí triúir acub ann agus théadh na triúir, na trí deis iascach i different place a’ bhfuil ’fhios a’d ní mar a chéile an áit, scaipthe beagán óna cheile ach ní mórán é

CYRIL: Agus cén t-am sa mbliain é seo?

UNA: Sin san Earrach, san Earrach i gcónaí, i gcónaí.

CYRIL: A’ mbídís a’ plé le droch aimsir ansin nó…..?

UNA: Níor, níor rug aon droch aimsir orthub aon uair, mar a déarfá ní rabhadar i gcontúirt aimsire.

CYRIL: Aimsire.

UNA: Ní raibh, ní raibh buíochas le Dia, ní raibh.

CYRIL: Agus nuair a thabharfaí isteach ansin na, na hiasc seo

UNA: An t-iasc seo, bhíodh na mná thoir ansin agus, agus bhaineadh siad na cloiginn díobh agus na putógaí agus ghlanaidís iad agus nídís iad agus dá mba rud é go bhféadfaidís iad a chur go Gaillimh láithreach an tráthnóna céanna dhéanfaidís é sin ach mura bhféadfadh chaithfidís fanacht go dtí lá arna mhárach.

CYRIL: Agus cá ngabhaidís ansin, cén áit i nGaillimh a ngabhaidís?

UNA: I McDonaghs.

CYRIL: Go McDonaghs.

UNA: Sea.

CYRIL: Agus céard a gheobhaidís ansin “__” sin ….

UNA: …. Gheobhaidís, gheobhaidís chuile shóirt le’n teach, plúr agus tae agus bran mar bhíodh muca a’inn, agus siúcra agus chuile shóirt de, all na rudaí sin uilig a bhí a’ teastáil gon teach.

CYRIL: Gon teach.

UNA: Sea.

CYRIL: Roinnfí ansin é sin?

UNA: No bhuel bhí….

CYRIL: …. Bhí triúir sa gcurach nó….

UNA: …. No, sea roinnfí phébí cé mhéad airgead a bhíodh ar, ar an iasc, roinnfí na, ina thrí chuid é.

CYRIL: Trí chuid é?

UNA: Sea gheobhadh chuile dhuine a chuid féin.

CYRIL: A chuid féin dhó sin.

UNA: A chuid féin dhó sin.

CYRIL: Agus cén sóirt iascach eile ansin a bheidís a’ dhéanamh?

UNA: Sa samhradh ansin bheidís ag iascach ronnachaí.

CYRIL: Agus bhídís fairsing an t-am sin? ….

UNA: …. Á bhídís an fhairsing an t-am sin agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d go leor, leor acub ansin, acub sin, nuair a bhíodh go leor, leor ronnachaí agus ballachaí ann, bhíodh ballachaí freisin ann amach sa bhfómhar.

CYRIL: Yeah.

UNA: A’ bhfuil ’fhios a’d tá na langannaí imithe anois.

CYRIL: Tá.

UNA: I May, June, July ansin is ronnachaí agus, agus ballachaí agus shaillidís iad sin agus bhídís tirim a’ bhfuil ’fhios a’d agus gheobhaidís bád móna ar sin.

CYRIL: Bád móna?

UNA: Bád móna.

CYRIL: Cá ngabhadh siad seo ansin, cén áit, an ngabhadh siad Conamara?….

UNA: …. Ní eh, sé thagadh báid Chonamara isteach le bád móna, bhíodh péire istigh agus trí cinn go minic, bhídís thíos sa gCaladh Mór, tá ’fhios a’d cá ’l an Caladh Mór ann.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus bhídís thoir, thagadh corr cheann thoir taobh thoir, corr cheann a thagadh ansin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Thoir ag an Oileán Dubh….

CYRIL: …. Thoir ag an Oileán Dubh ….

UNA: …. Sea, ní mórán a thagadh ansin, sa, móin, an Caladh Mór i gcónaí, gcónaí, gcónaí.

CYRIL: Á thiocaidís?

UNA: Á thiocaidís agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d, bhuel bhíodh daoiní, na comharsanaí, a’ rá go raibh, go mbeadh báid ag teacht isteach mar bhíodh a gcuid móin féin faighte acub agus bhíodh ’fhios acub ansin go mbíodh siad in ann an eh, a gcuid iasc a thabhairt síos.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ní raibh aon mhaith iad a thabhairt síos mara mbeadh….

CYRIL: …. Mura mbeadh áit a’d, yeah ….

UNA: …. Mara mbeadh, mara mbeadh bád móna a’d….

CYRIL: …. Mara mbeadh bád móna a’d….

UNA: …. Le fáil a’d.

CYRIL: Agus a’ mbeadh mórán ansin iasc le dhul ar a’ mbád móna, a’ mbeadh mórán mar déarfá saghsanna difriúil?....

UNA: …. Á a Mhaighdean bheadh go leor, bheadh ballachaí agus breams.

CYRIL: Bheadh.

UNA: Ballachaí agus breams agus ronnachaí….

CYRIL: …. Yeah….

UNA: …. Amanntaí, chuireadh tú slam ronnachaí isteach in éindí leis ar fhaitíos nach mbeadh do dhóthain a’d.

CYRIL: Yeah do dhóthain a’d….

UNA: …. Bhuel bhíodh certain amount acub a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Is dóigh go mbeadh méid áirid déanta amach acub? ….

UNA: …. Méid áirid, méid áirid déanta amach acub le n’ aghaidh.

CYRIL: Le n’ aghaidh.

UNA: Ach is “????” a gheobhaidís ar sin anois, bhí sé sin

CYRIL: Agus ansin nuair a, nuair a, a’ bhfuil ’fhios a’d a’ gcoinneofaí ansin mórán gon t-iasc sin le baile, a’ mbeadh.…?

UNA: …. Á choinneofaí, bhíodh na laing i gcónaí coinnithe le oíche Nollag.

CYRIL: Oíche Nollag.

UNA: Oíche Nollag.

CYRIL: Yeah.

UNA: Bhíodh laing i gcónaí ag mórán, ag chuile theach.

CYRIL: Chuile theach.

UNA: Le oíche Nollag….

CYRIL: …. Agus dhéanadh sibh suas ansin…

UNA: Dhéanadh muid suas é sin le white sauce agus im agus bhíodh sé go hálainn.

CYRIL: Yeah, yeah tá an laing go deas.

UNA: Á tá an laing an deas, is breá an t-iasc é, tá.

CYRIL: Agus ansin iad féin ansin nuair a bhídís amuigh ag iascach céard, céard a d’íosfaidís i gcaith an lae, a’ mbeadh an, chaitheadh sé ….

UNA: …. Bhuel bhíodh ….

CYRIL: …. go rabhadar píosa mór amuigh?

UNA: Bhídís píosa mór amuigh, ní bhíodh acub ach bhuel arán really agus, agus buidéal, fleasc tae sin é an méid a bhíodh acub.

CYRIL: Agus bhí, bhí tú a’ rá go raibh fleasc ag t-athair?

UNA: Bhí flask aige, bhí, bhí, sé an chaoi a bhfuair sé sin é as, as Sasana [ó] mo dhreabhar, yeah.

CYRIL: So ní raibh mórán acub sin ag imeacht an t-am sin?

UNA: Á ní raibh, ní raibh, ní raibh, ní raibh….

CYRIL: …. Commodity ceart a bhí ann an t-am sin….

UNA: …. Ach ba, ba, ba, ó ba, ba diamond é sin.

CYRIL: Yeah, yeah ba bhea muis.

UNA: Sea.

CYRIL: Ag an am sin

UNA: Ag an am sin, sea. Mar bhí se ….

CYRIL: …. Mar is dóigh tae bhíodh sé imithe fuar.

UNA: Á sea á bheadh, bheadh sé, bhíodh, bhíodh na buidéil eile sin freisin acub Cyril, eh cineál aluminum.

CYRIL: Aluminum, yeah.

UNA: Bhíodh sé sin ag cuid acub freisin.

CYRIL: Yeah le na sóirt, le na choinneáil, bhíodh sé níos fearr….

UNA: …. Sea bheadh sé níos fearr sea bhí sé sin, bhí siad sin freisin ann. Yeah.

CYRIL: Agus just é sin agus arán agus ruainne im b’fhéidir?

UNA: Arán agus ruainne im sin é an méid ansin agus nuair a thagaidís .…

CYRIL: …. Ó a Mhaighdean….

UNA: …. Sea nuair a thagaidís, bhuel bhídís really anois nuair a thagadh muide ón scoil ag a leath uair théis a’ trí, bhíodh mo mhaime, go ndéana Dia grásta uirthi, imithe soir le haghaidh an t-iasc a ghlanadh agus rud eicínt mar sin agus bhíodh Saile nó duine eicínt eile níos sinne ná mise istigh agus ansin théadh Saile soir í féin ag tabhairt cúnamh nuair a thagadh mise agus nuair a bhíodh Peige imithe b’fhéidir freisin imithe soir.

CYRIL: Imithe soir.

UNA: Sea just cúnamh a thabhairt an t-iasc a chur sna cléibh nó rud eicínt mar sin nó.

CYRIL: A’ mbíodh mórán daoine ar a’ slip an t-am sin nó….

UNA: …. Á bhíodh…..

CYRIL: …. Is dóigh go mbíodh sé lán le daoine?

UNA: Á bhíodh go leor, bhíodh go leor daoiní ann bhíodh, mar bhíodh go leor curachaí amuigh, bhíodh. Next door dhomsa anois bhíodh an t-athair ’s an mac amuigh, bhíodh.

CYRIL: Curach beirte a bhí acub sin?

UNA: Curach beirte a bhí acub, no, no, no, no, curach triúir, ní théadh curach beirte….

CYRIL: “???????+”

UNA: Ní théadh, ní fhaca mé curach beirte riamh a’ gabháil amach taobh, taobh eile gon oileán ….

CYRIL: …. Ó dheas ….

UNA: No, no curach triúir.

CYRIL: Agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d a’ raibh mórán, a’ raibh mórán, is dóigh go raibh go leor clainne, ar an oileán ag an am sin?

UNA: Á bhí, bhí go leor.

CYRIL: Chuile dhuine a’ faire ansin?

UNA: Chuile dhuine a’ faire ansin ar sin bhíodh, bhíodh ach a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a gheofá, go leor a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bhíodh an t-iasc a’ teacht isteach a’d, bhí tú away with it mar ar chaoi eicínt bhí tú in ann an plúr agus an tae agus an siúcra agus soda agus gallaoireach agus chuile shóirt a fháil as tí MhcDonaghs.

CYRIL: Á ar sin, bá iontach an rud é ar bhealach amháin

UNA: Á bá iontach an rud é sin, bhí tú in ann an mhóin ansin a fháil, ar an taobh eile ní raibh, nuair a gheobhadh tú do dhóthain móin an t-am sin ní bheadh aon ghá duit a bheith a’ faire ar mhóin aríst go dtí an chéad bhliain eile.

CYRIL: An chéad bhliain eile, yeah.

UNA: You see

CYRIL: Agus ba iontach an rud é freisin ….

UNA: …. Á ba iontach mar, sea mar gheobhadh tú, mb’fhéidir go ngeobhadh tú bád móna, mar dá mbeadh do dhóthain iasc a’d gheobhadh tú bád mór.

CYRIL: Bád mór.

UNA: Agus ansin amach sa bhfómhar á mbeadh iasc aríst a’d gheobhadh tú, bhí leath bháid.

CYRIL: Leath bháid yeah.

UNA: Sea, ní bhíodh oiread móin, sea leath bháid.

CYRIL: Ní bheadh sé a’ teastáil chomh mór sin sa samhraidh ach an oiread.

UNA: Á sea no, ní bheadh. Bhuel leath bháid ansin, thagaidís sín isteach freisin a’ bhfuil ’fhios a’d, bhuel bhí siad feiliúnach ar ndú.

CYRIL: Yeah.

UNA: Sea bhíodh siad sin, so bheadh do dhóthain dhíob sin a’d, ní bheadh gá duit aon imní a bheith ort i gcaith an gheimhreadh mar bheadh do dhóthain móin a’d.

CYRIL: Bhíodh do dhóthain móin agat.

UNA: Bhí sé sin an handy freisin.

CYRIL: Agus a’ ngabhaidís meas tú i bhfad ar siúl nuair a bhídís ag iascach, an mbídís imithe, meas tú, í bhfad amach?

UNA: Bhídís, mar is minic a dúirt siad go n-airídís an coileach i gCiarraí.

CYRIL: I gCiarraí?

UNA: Í gCiarraí.

CYRIL: A Mhaighdean Bheannaithe.

UNA: Anois.

CYRIL: Ba fada an píosa síos é.

UNA: Ach níl mé cinnte anois a b’ea san earrach é sin nó sa, nó sa bhfómhar. An dtuigeann tú théidís amach níos faide sa bhfómhar ag iascach na ballachaí agus na breams.

CYRIL: Yeah

UNA: Is dóigh, níl ’fhios a’m anois ach d’airigh, is minic a d’airídís an coileach chomh binn, d’aireodh, d’aireodh ….

CYRIL: …. Íosa Críost nach iontach an píosa síos é.

UNA: Nach iontach an píosa é.

CYRIL: Nach b’ ea muis….

UNA: …. Nach ea anois, nach ea, nach ea….

CYRIL: …. Nuair a chuimhneos tú air.

UNA: Ní raibh oiread carrannaí ná deiseannaí an t-am sin is dóigh sna tíortha…..

CYRIL: …. Sin é ….

UNA: …. In aon tír, I mean in aon Chontae is dóigh nach raibh.

CYRIL: Ní raibh. Ní raibh aon torann ann ….

UNA: …. A’ bhfuil ’fhios a’d tá tractors agus trucks agus chuile shóirt anois ann ach is minic a d’airigh mé m’athair a’ rá, go ndéana Dia grásta air, go n-airídís an coileach, nó coileachaí, sea.

CYRIL: Thíos i gCiarraí.

UNA: Sea, i gCiarraí.

CYRIL: Nach fada an píosa é.

UNA: Nach b’ ea….

CYRIL: …. An ngabhaidís istigh siar leis an aill anseo ó, ó dheas gon aill nó…

UNA: Bhuel théidís, nuair a bhídís ag iascach na ballachaí é sin, bhí na ballach níos faide isteach.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: You see, bhíodh an ballach i gcónaí i ndiaidh, i ndiaidh an diúilicín agus i ndiaidh na rudaí sin.

CYRIL: Yeah agus bhí an ballach é féin go maith le n-ithe is dóigh?

UNA: Ó bhí an ballach agus na breams….

CYRIL: …. A’ gcuirfí ballachaí Gaillimh?

UNA: Ó chuirfí, á mbeadh cinn bhreá móra ann mar déarfá, ní Gaillimh é ach Conamara.

CYRIL: Conamara, ó yeah.

UNA: Bheidís sin a’d le Conamara i gcónaí.

CYRIL: Hm, hm.

UNA: Agus na breams, bhuel chuirteá na breams mórán Gaillimh á mbeidís, do dhóthain, [acu agat] a’ bhfuil ’fhios a’d. Gheobhadh tú do chuid móin ar sin ansin, na, na ballachaí agus na, bhuel ronnachaí freisin.

CYRIL: Yeah.

UNA: D’íosaidís, bhíodh ronnachaí buí ann.

CYRIL: Tá dar fiáin i gcónaí acub.

UNA: Tá siad, tá.

CYRIL: Bhí tú a’ rá liom go mbídís a’ gabháil Gort na gCapall, go raibh gaol a’d i nGort na gCapall.

UNA: Sea théadh, sea chuadar, chuadar i dtír i nGort na gCapall, le Sailín Dirrane, Sailín Bhrian Beag.

CYRIL: Sally Bhrian Beag.

UNA: Sea.

CYRIL: D’airigh mé mo mháthair a ’caint uirthi sin an oíche cheanna muise, bhíodh, bhíodh sí thar cionn a deir sí a’ gearradh, a’ gearradh amach éadaí.

UNA: Éadaí sea, sea, bhí sí thar cionn….

CYRIL: …. Cuimhním, mo mháthair go maith uirthi nuair a bhí sí beag….

UNA: …. Sea, sea, bhí gaol a’inn leob sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Right.

UNA: Bhí, bhí agus is minic a chuadar i dtír ansin, ach ní, ní áit an deas é le ghabháil i dtír ann a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Ní mhór duit a bheith go maith “___+” le ghabháil i dtír ansin?

UNA: No, no, no, no ach na clocha ….

CYRIL: …. Yeah ….

UNA: Na moghlaeir, na rudaí sin a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Sin é atá mé a’ rá nár mhór duit….

UNA: …. Dá mbeadh áit, dá mbeadh leac sleamhain anois ann ach bhí áit áirid ann a bhféadfá a ghabháil ann.

CYRIL: Tá slipín beag ann alright

UNA: Tá slipín beag ann tá, sea.

CYRIL: Tá muise

UNA: Ach mar dúirt sé féin is minic a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh an oíche, dhá mbeadh an oíche go dona go dtiocfadh moghlaeir ann you know

CYRIL: Yeah.

UNA: Ach bhíodh siad cúramach.

CYRIL: Bheidís cúramach, Ar ndóigh bhí cleachta freisin acub air.

UNA: Bhí cleachta acub air, bhí buíochas le Dia, bhí.

CYRIL: Le hais na daoine atá you know atá inniu ann is dóigh a’ plé le curachaí, go mbeidís an stuama a’ plé le curachaí.

UNA: Sea.

CYRIL: Is dóigh go mbeidís go maith anois ag “?????+” ….

UNA: …. Á bheadh

CYRIL: Agus rudaí mar sin dá mbeadh droch aimsir ann….

UNA: Á sea, droch-aimsir, sea, sea bhuel, thugaidís, by dad buíochas le Dia, níor airigh mé ach trip amháin nó rud eicínt, níl ’fhios a’m trip amháin anois a bhí ceo ann agus bhí Contae an Chláir dúnta suas uilig ar dtús agus níor thugadar aon aird air agus níor thángadar isteach, ach bhí laindéar amuigh acub, chuireadar amach le taobh, le taobh sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, taobh anois thoir, tá a fhios a’d an slip.

CYRIL: Tá ’fhios.

UNA: Chuadar amach le laindéir ansin, na, na daoine istigh a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ag iarraidh a bheith a’ tabhairt, ach tháinig dar slán.

CYRIL: Tháinig dar slán as.

UNA: Tháinig dar slán.

CYRIL: Sea.

UNA: Tháinig dar slán.

CYRIL: Is dóigh a bheith ag éisteacht agus ag éisteacht?

UNA: Sea agus bhíodar ag éisteacht, bhíodar a’ shoutáil orthub go rabhadar i leithéid seo go áit.

CYRIL: Yeah.

UNA: Fir anois atá mé a’ caint air, lads óga agus fír, ní raibh na mná imithe amach ar chor ar bith ann.

CYRIL: My God.

UNA: Bhí, bhí agus ….

CYRIL: …. Bheadh ’fhios ag an bhfear sa gcurach ansin, bheadh ’fhios acub cá rabhadar….

UNA: …. Cá rabhadar, sea, sea agus ansin bhíodh ’fhios acub sea, sea thug sé sin an- ....

CYRIL: …. An-“__” dóibh.

UNA: Bhuel oh yes ar ndú agus thug sé compoird dóibh I mean to say, courage.

CYRIL: Courage “??????+”.

UNA: Sea cá raibh siad, sea bhí sé, bhí sé handy.

CYRIL: A’ mbídís go maith léamh a’ an aimsir Una?

UNA: Ha, bhíodh….

CYRIL: …. A’ mbídís go maith a’ léamh an aimsir?

UNA: Bhíodh, bhíodh, bhíodh ’fhios acub é.

CYRIL: Bhíodh ’fhios.

UNA: That’s one thing “__+” Cyril, agus bhíodh ’fhios acub gaoth aniar aneas, an ghaoth anoir aneas an ghaoth is measa uilig acub.

CYRIL: Anoir aneas?

UNA: Anoir aneas.

CYRIL: Yeah.

UNA: Nach ea, nach iontach an rud é, ní, ní, ní, níor, ní bheadh aon trust acub aisti.

CYRIL: Aisti, ar chor ar bith.

UNA: Aisti no, no ní thaitníodh an ghaoth anoir aneas leob.

CYRIL: So bheidís i gcónaí a’ faire uirthi sin ar fhaitíos?

UNA: Sea oh yes, siúráilte bhíodh, ní aireofá caint ar chor ar bith ansin ar an ngaoth aniar aneas iad, cheapfá aniar aneas, ní raibh aon, tá an difference ann.

CYRIL: Tá, tá.

UNA: Tá rud eicínt ann go háirid.

CYRIL: Tá, tá muis….

UNA: …. Sea mar dúirt siad, bhí siad i gcónaí, ní gaoth anoir, tá sí contúirteach.

CYRIL: Tá sí contúirteach, athraíonn sí amanntaí.

UNA: Athraíonn sí, sea

CYRIL: Yeah. A’ mbíodh aon chomharthaí, eile, an gcuimhníonn tusa ar comharthaí a bhíodh acub, a’ bhfuil ’fhios a’d a’ léamh an aimsir, aon bháisteach ar….

UNA: …. Á sea bhíodh ’fhios acub clabhtaí ’s sea, bhí agus bhíodh siad a ’ leanacht an ghealach.

CYRIL: A’ leanacht an ghealach?

UNA: An ghealach sea, ceathrú agus leath, agus bhíodh, bhíodh, bhíodh siad a’ baint meabhair eicínt as an ngealach, ach ná fiafraigh díom céard faoin ngealach.

CYRIL: Is dóigh idir an ghealach agus taoilí? ….

UNA: …. An ghealach agus taoile sea, bhíodh.

CYRIL: Gan aon forecast….

UNA: …. Agus lán gealaigh.

CYRIL: Mm.

UNA: Anois.

CYRIL: Agus is dóigh dá mbeadh an aimsir go “__” go n-iompódh siad ar an ngealach ansin….

UNA: …. Sea sin é é….

CYRIL: …. Go mbeadh ’fhios acub ansin.

UNA: Bhí a gcuid intleacht féin acub i dtaobh sin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Sin é anois.

CYRIL: Is dóigh i bhfad níos gaire ná tá siad inniu gon nádúr le, le …

UNA: Ó sea, mar sea, agus buíochas le Dia níor tharla anois, níor tharla aon cheo go “__” ach leaid amháin, is ann a thit sé amach as an gcurach a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah agus a rabhadar in ann snámh Una, a’ raibh go leor acub in ann snámh an t-am sin? ….

UNA: …. Bhuel anois ní fhaca mé (gáire) mo dheaide go ndéana Dia grásta air a’ snámh ariamh, no ní fhaca.

CYRIL: No, no.

UNA: Ní fhaca, ní fhaca ….

CYRIL: …. Agus ina dhiaidh sin féin tháinig dar slán?

UNA: Tháinig dar slán agus iad na, sea, tháinig á sea, mar déarfá ní sean, ach mar déarfá tháinig dar slán anois, bhíodar is dóigh ocht déag anois, is dóigh go rabhadar amuigh ag ocht déag a’ bhfuil ’fhios a’d ag iascach.

CYRIL: Yeah.

UNA: A’ bhfuil ’fhios a’d trí scór blianta, is iontach, is iontach an iomramh a bhí déanta i na blianta sin.

CYRIL: Nuair a cuimhneos tú ar na blianta sin….

UNA: …. Nuair a chuimhneos tú na blianta sin..

CYRIL: Mm, go, go díreach.

UNA: Sea, go díreach.

CYRIL: A’ bhfuil ’fhios a’d bhí muinn a’ caint ar ball, bhí mé faoi na huirlisí a bhíodh acub, a’ bhfuil ’fhios a’d anois dá ndéanfaí, a’ bhfuil ’fhios a’d na rópaí a bhíodh acub, cé a dhéanadh na rópaí sin, nó na, na, leis na duáin, a chur ar na duáin?

UNA: Á sin snúdaí.

CYRIL: Snúdaí.

UNA: Sea.

CYRIL: Hm.

UNA: Sin snúda agus bhí, bhí, bhí ceirt, nó cairt, a’ b’ea?

CYRIL: Cairt?

UNA: Sea, a’ bhfaca tú riabh í Cyril?

CYRIL: Tá mé a’ ceapadh go bhfaca mé pictiúr i leabhar.

UNA: Sea.

CYRIL: I leabhar babhta amháin….

UNA: …. Sea agus meall rounáilte, chonaic mise m’athair á dhéanamh, go ndéana Dia grásta air, meall eh cén t-ainm a ghlaodh [siad air] lead.

CYRIL: Lead, luaidhe?

UNA: Luaidhe.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus bhí sí anuas anois leis mar seo agus bhíodh rud anall trasna ag an doras ó thuaidh ansin aige….

CYRIL: …. Sea, sea

UNA: Agus bhíodh na ruógaí beaga tanaí seo aige anois, tá ’fhios a’d díreach ar nós rud eicínt anois a bheadh i, a bheadh i, eh, i label.

CYRIL: Yeah?

UNA: Tá ’fhios a’d anois, bíonn mé dhá gcuir i gcosúlacht le label, label atá ansin, a Cyril (gáire)

CYRIL: Yeah.(gáire) Tá tú alright (gáire) Rud a’ bith.

UNA: Tá ’fhios a’d na labels atá ansin a bhfuil an rud orthub (gáire).

CYRIL: Agus ansin, tá tú alright (gáire)

UNA: Ceann acub sin.

CYRIL: Sin iad iad, yeah?

UNA: Sea, sea, bhíodh an snáth, sin é a bhíodh acub, rud eicínt mar sin.

CYRIL: Thart ar an saghas sin, yeah?

UNA: Bhuel b’fhéidir, níl ’fhios a’m anois, a’ mbíodh sé níos láidre Cyril, nó nach mbíodh.

CYRIL: Agus ceannaithe a bheadh sé sin, a’ b’ea?

UNA: Ball de.

CYRIL: Yeah.

UNA: As Gaillimh, agus bhíodh sé seo aige ansin, agus níl ’fhios a’m ansin cén chaoi a ndéanadh sé é é, nó a’ b’ann [ba amhlaidh] a bhíodh sé ina chéile, ach bhí an rud seo aige, cairt.

CYRIL: Cairt, yeah.

UNA: Cibé ceard é féin, cairt agus bhí sé mar sin, agus bhí an, an meall luaidhe seo round about, ball luaidhe round about.

CYRIL: Yeah?

UNA: Agus dhéanadh sé iad sin, dhéanadh sé na snúdaí astub sin.

CYRIL: Astub sin, agus cheanglófaí suas ansin iad sin go na dorúantaí. A’ gcaillidís mórán go na dorúantaí seo, a gceapann tú?

UNA: By dad ní fhaca mé aon, aon, aon rud iascach ariamh, no ní fhaca mé, bhí, bhí sé í gcónaí aige, go ndéana Dia grásta air….

CYRIL: …. Aige, Ar ndóigh is dóigh aire freisin, aire a tabhairt dhó?

UNA: Sea, sin é é, sea. Ó bhí sé, bhí siad tiubh, bhí siad tiubh ansin a Cyril a’ bhfuil ’fhios a’d, an rud, an deis seo….

CYRIL: …. “__+” é féin.

UNA: “__+” é féin sea, bhí sé níos tiúcha ná seo, ach gur cosúil leis an rud seo anois, agus chuireadh sé, bhíodh cúpla ceann in éindí aige agus sin é a dhéanadh an …

CYRIL: An, an, an, .…

UNA: …. An “__”, an rud, an snúda nó phébí céard….

CYRIL: …. Snúda, yeah. Leis a’ duán?

UNA: Leis a’ duán.

CYRIL: My God.

UNA: Sea.

CYRIL: Bhídís féin iad sin a déanamh san oíche, sa ngeimhridh....

UNA: …. Á sea….

CYRIL: …. Is dóigh dá mbeadh droch-aimsir nó…?

UNA: Sea, sea san oíche, san oíche a dhéanadh sé i gcónaí é.

CYRIL: Yeah ag obair leis sea.

UNA: Sea, sea ag obair leis, sea.

CYRIL: Agus ansin a’ bhfuil ’fhios a’d líontá, de réir líontá dhó ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d, tram is dóigh a bhí acub ….

UNA: …. Sea? ….

CYRIL: …. amuigh acub, is dóigh?

UNA: Á ní, ní bhíodh aon tram acub amuigh, amuigh a’ plé lé langaí ar chor ar bith.

CYRIL: No ach a’ bhfuil ’fhios a’d anois “????+”….

UNA: …. No ach tram is, ó sea sa bhfómhar.

CYRIL: San bhfómhar?

UNA: Bhíodh tram, sea. Bhíodh tram ag m’athair i gcónaí agus bhíodar féin ansin in ann é a dheisiú, dheisídís iad, mar amanntaí bhíodh, dhá mbeadh breac mór ann, bheadh sé stróicthe acub.

CYRIL: Á mogall, yeah.

UNA: Mogall sea.

CYRIL: Agus a’ mbeadh sé sin ansin déanta, deisithe acub féin?

UNA: Bheadh sé sin deisithe acub féin, bhíodh sé sin scaradh suas ar, sé an chaoi a bheadh sé scaradh suas ar, ar, ar teach beag tuí a bhí ag m’athair.

CYRIL: Ah.

UNA: Agus scaradh sé suas uilig é, agus bhíodh sé a’ déanamh písín i ndiaidh písín, i ndiaidh písín go bhfaigh (gáire) sé leis uilig é….

CYRIL: …. “?????+” ….

UNA: (Gáire) Go bhfaigheadh sé leis uilig é.

CYRIL: Yeah. “?????+” ….

UNA: Bhfaighidh sé deasaithe suas uilig é, bhí corcannaí ar sin ansin freisin, a Cyril.

CYRIL: Yeah le, le floats a dhéanamh dhó?

UNA: Sea, le na floats a déanamh dhó. Sea agus ansin bhíodh píosa beag eile ansin a mbeadh luaidhe air, bhíodh rúine luaidhe timpeall is an fhaid sin, caol anois mar sin, eatarthub anseo agus anseo agus anseo, sin é a chuireadh meáchan sa, sa tram.

CYRIL: A d’osclódh amach é?

UNA: D’osclódh amach é, agus choinneodh síos é a’ bhfuil ’fhios a’d freisin, ní bheadh sé a’ flótáil ar bharr an uisce.

CYRIL: Yeah.

UNA: Choinneoidh sé sin, choinneoidh na luaidhe ansin, mar bhíodh, bhíodh go leor acub air, round about the whole way.

CYRIL: Yeah, a’ bhfuil ‘fhios a’d a’ mbíodh aon duine in Inis Meáin ansin in ann líon a dhéanamh nó in ann tram a dhéanamh, a’ raibh aon duine a’ bhfuil ’fhios a’d?

UNA: Ó ní raibh, bhuel ní raibh aon duine in ann tram a dhéanamh a Cyril, ach a’ bhfuil ’fhios a’d, ach is ann, níl ’fhios a’m, is ann a d’fhaighidís, d’fhaighidís an tram, tá mé a’ ceapadh.

CYRIL: Yeah, cheannaídís isteach iad sin as Gaillimh ….

UNA: …. Sea as Gaillimh sea, níor bhfuair mé amach é sin ariamh.

CYRIL: No “___+”….

UNA: …. Bheadh ’fhios ag Peadar é sin, sea.

CYRIL: Yeah. Bhídís a’ déanamh a gcuid féin de mar a déarfá.

UNA: Sea, a gcuid féin, sea, bhídís á, bhídís á gcoinneáil deisithe go háirid, a Cyril.

CYRIL: I gcónaí, dhá gcoinneáil suas.

UNA: I gcónaí, gcónaí dhá gcoinneáil suas agus coinneáil, bhíodh corcannaí iontub freisin, sa tram.

CYRIL: Yeah.

UNA: Corcannaí rabhnáilte agus poll iontub.

CYRIL: Agus poll iontub.

UNA: Agus bhíodar sin air i gcónaí, gcónaí, round about the whole way .

CYRIL: Yeah.

UNA: Corcannaí, bhuel corc.

CYRIL: Ar nós corc buidéal?

UNA: Ní shea, no a Cyril, bhí sé leathan….

CYRIL: …. Bhí sé leathan….

UNA: …. Bhí sé leathan mar seo, agus bhí poll ann….

CYRIL: …. Tá ’fhios a’m na cinn atá tú a’ caint anois orthub ….

UNA: …. Sea ….

CYRIL: …. Tá ’fhios a’m go díreach na cinn atá tú a’ caint orthub….

UNA: …. Sea, sea, sin iad anois iad. Sea, bhí go leor acub sin ann ansin, agus bhí an ruainne luaidhe seo ann freisin….

CYRIL: …. An ruainne luaidhe a choinníodh an meáchan anuas air?

UNA: Sea a choinníodh an meáchan air, anseo agus anseo all around, a’ bhfuil ’fhios a’d, nuair a bheadh sé scaipthe d’fheicteá é, d’fheicteá an ruainne luaidhe seo ann. Coinníonn sé sin meáchan ann.

CYRIL: Hm.

UNA: Agus sin é anois an chaoi a raibh sé.

CYRIL: Eh, an raibh sé, bhí muinn a’ caint ar snámh, an mbáfaí meas tú, mórán an t-am sin? ….

UNA: …. By dad ní fhaca mé, chonaic mé, féar amháin a chonaic mé trip.

CYRIL: Sin é an méid.

UNA: Nó a d’airigh mé [faoi], sea.

CYRIL: Nárbh iontach an rud é.

UNA: Bhí sé sin i dtír go ndéana Dia grásta air, ach tá mé a’ ceapadh gur rud eicínt a tháinig ar sin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ní, ní, bhí sé istigh beagnach ar an, ar thalamh.

CYRIL: Ar, ar an talamh?

UNA: Yeah.

CYRIL: An talamh an t-am sin.

UNA: Yeah, yeah.

CYRIL: A’ raibh, a’ gcuimhníonn tú ar aon nósanna ansin a bheadh faoi dhaoine a bháfaí, a’ raibh aon, a’ ngabhaidís, mar dearfa, a’ raibh aon, a’ n-iompóidís isteach ina rónta nó, nó ina bhfaoileán, is minic a d’airigh mé iascaire a’ caint gur, gur b’shin é an áit a ghabhadh sean iascaire nuair a chaillfí é, gur b’shin ….

UNA: …. Níor airigh mé é sin riamh, no, no, no, ní raibh sé sin in Inis Meáin ariamh….

CYRIL: …. Ní chuimhníonn tú ar aon nósanna mar sin? ….

UNA: No, no, no ní chuimhním, ní chuimhním.

CYRIL: Ní chuimhníonn.

UNA: Ní chuimhníonn.

CYRIL: A’ raibh aon chomharthaí áirid, níl ’fhios a’m ar aire tú riamh faoi an bhean leis an ngruaig dearg, ag gabháil ar aghaidh, agus an fear a’ gabháil amach, ar aire tú ….?

UNA: …. Á sea, d’aire mé é sin go minic.

CYRIL: Go minic.

UNA: D’airigh, d’airigh.

CYRIL: Agus eh ….

UNA: …. D’airigh agus ní thaitneoidh sé leob.

CYRIL: Ní thaitneoidh, no.

UNA: No, no, no.

CYRIL: Agus, agus is minic is dóigh a d’iompaídís ar ais dá dtiocfadh ….

UNA: …. Á d’iompaídís ar ais siúráilte.

CYRIL: Yeah, is dóigh nach mórán (gáire) mná le gruaig rua a bheadh ag imeacht ag a ceathair a chlog ar maidin ina dhiaidh sin féin?

UNA: (Gáire) Ar ndóigh mb’fhéidir gur daite a bhí sí sin, nach ndéanadh sé pioc difear.

CYRIL: (Gáire) A bit of difear go díreach, agus ansin ní chuimhníonn tú ar aon nósanna eile a bhíodh acub, a’ dtabharfaidís tada amach sa gcurach leob, de réir uisce coisric anois agus rudaí mar sin?

UNA: Á bhí buidéilín uisce coisric i gcónaí sa gcurach.

CYRIL: Bhí?

UNA: Bhí sé sin ceanglaí intí.

CYRIL: Ceanglaí?

UNA: Sea, búidéilín anois mar sin, bhí.

CYRIL: Mar sin.

UNA: Bhí sé ceanglaí, thiar sa ngob.

CYRIL: Yeah.

UNA: Chonaic tú curach cheana?

CYRIL: Yeah chonaic.

UNA: I ngob an churach ansin, bhí an búidéilín sin ann, agus bhí sé ann i gcónaí, gcónaí. Bhí ….

CYRIL: …. Ann i gcónaí, ní bhíodh aon chrois Bhríde ná tada, éadaí áirid a chuirfidís orthub, nó rud a’ bith mar sin?

UNA: Ní bheadh, no ní raibh sé sin a riamh ann.

CYRIL: No.

UNA: Ní fhaca mé é sin ariamh, no, no ní fhaca, ní fhaca, ní fhaca mé tada mar sin ariamh, ach amháin an, an, ach go raibh an t-uisce coisric sa gcurach.

CYRIL: Sa gcurach i gcónaí acub.

UNA: I gcónaí, gcónaí, gcónaí, bhí.

CYRIL: Agus a’ raibh laethantaí áirid ansin, gon bhliain Una nár cheart a dhul ag iascach, ar airigh tú ariamh iad a’ caint ar laethantaí áirid?

UNA: Á bhíodh, cé na laethantaí ar chor ar bith iad siúd, ar chor ar bith, Lá Crosta na Bliana.

CYRIL: Lá Crosta Na Bliana?

UNA: Ar aire tú é sin?

CYRIL: D’aire mé faoi sin, yeah.

UNA: Lá Crosta na Bliana agus ansin eh, cé na laethantaí eile anois meas tú a bhíodh acub ar chor ar bith ?

CYRIL: Lá ’l Mártan, meas tú?

UNA: Lá ’l Mártan sea, meas tú a’ mbíodh Lá ’l Mártan acub, a scaoilidís thart Lá Mártan, cén t-am a bhíonn’s Lá Mhártan ann, a’ b’é Lá Mhártan thar éis na Nollag, a’ b’ea?

CYRIL: Yeah lé cois, roimh na Nollag.

UNA: Roimh na Nollag atá sé ann, an Lá Mártan, bhuel bhídís amuigh an t-am sin though.

CYRIL: Bhíodh?

UNA: By dad ní fhaca mé, níor aire mé iad a’ rá riamh, a’ rá riamh faoi Lá Mártan iad.

CYRIL: Lá Mártan iad.

UNA: No nach gceaptha go n-aireoinn é.

CYRIL: Yeah, bhuel of course yeah, yeah, go díreach.

UNA: Sea lá Mártan, no ach, ach na, na, Lá Crosta na Bliana.

CYRIL: Yeah, sin é an lá nach, nach ceart a dhul amach.

UNA: Nach ceart a dhul amach.

CYRIL: Yeah, yeah, agus a’ mbíodh sibh ansin a’ gabháil ó, a’ gabháil ó, ó áit go h-áit mar déarfá, a’ mbíodh, a’ mbíodh sibh a’ gabháil go na hoileáin eile, a’ mbíodh tusa nuair a bhí tú óg?

UNA: Go Inis Oírr, théadh muinn go Inis Oírr.

CYRIL: A dtéadh?

UNA: Théadh.

CYRIL: Yeah, soir, soir i gcurach is dóigh?

UNA: Soir i gcurach sea, sea, á tá gaolta liom in Inis Oírr, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: In Inis Oírr, right.

UNA: Sea, sea.

CYRIL: Ghabhadh sibh soir ansin “___+?

UNA: Sea ghabhadh muid soir ansin.

CYRIL: A’ ngabhadh sibh lé lá nó dhó ann nó?

UNA: D’éarfainn, ara ghabhadh muinn soir, bhíodh, bhíodh na lads a’ curadóireacht .

CYRIL: Hm.

UNA: Tá a fhios a’d ghlaodh muid curadóireacht air, dyou know, bhíodh lads anois, nuair a ghabhadh muid soir ag a’ slip Dé Domhnaigh mb’fhéidir nuair a d’óladh muid braon tae, Maggie McDonagh next door, agus Anna Mhicí next door a’ bhfuil ’fhios a’d, théadh muinn soir a’ siúl agus an chéad rud eile, agus a’ bhfuil ’fhios a’d céard a bhíodh muid a’ dhéanamh Cyril, ach bhíodh muintir Inis Oírr abhus, seod, ach ní móide a bhfuil sé ceart a’m é sin a rá anois.

CYRIL: Ah no is cuma, is cuma.

UNA: (Gáire) Agus a’ bhfuil ’fhios a’d théadh muintir Inis Oírr ag tóraíocht rud eicínt i gcónaí.

CYRIL: Yeah.

UNA: Théidís, bhíodh, chuaigh siad soir agus cat acub, théidís soir agus mada beag acub, agus (gáire) bhídís forever ever, ever a’ tabhairt rud eicínt agus beartannaí sailí.

CYRIL: Sailí.

UNA: Bhuel ní raibh aon sailí acub mar tá ‘fhios a’d talamh gainimh atá acub, Cyril.

CYRIL: Tá in Inis Oírr, that’s right.

UNA: Ní raibh aon sailí acub ach níl ’fhios cé na maidí saile, beartannaí ….

CYRIL: …. Sea….

UNA: …. sailí soir mar bhíodh muid, nach mbíodh muid á rá leob agus a’ bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanadh muid, théadh muid soir agus chuireadh muid na maidí rámha i bhfolach orthub.

CYRIL: I bhfolach. (gáire)

UNA: (Gáire) Agus théadh muid suas ansin píosa agus tá ’fhios a’d na moghlaeir mhóra.

CYRIL: Tá ’fhios a’m iad….

UNA: …. Théadh mise agus cailín eile next door agus bheadh sé déanta suas a’inn tar éis an Aifreann, roimh an Aifreann ar chor ar bith ….

CYRIL: …. Yeah ….

UNA: Go ngabhadh muid soir go na Sandies a ghlaodh muid orthu.

CYRIL: D’ airínn, na sandies, yeah, yeah, yeah.

UNA: (Gáire) Agus théadh muid ….

CYRIL: …. Tá sé sin orthub i gcónaí muise.

UNA: Tá déarfainn, théadh muid suas Cyril agus bhíodh muid i bhfolach thuas ansin, ó thagaidís suas ansin, ó cat ag cuid acub, mada beag ag cuid eile.

CYRIL: (Gáire)

UNA: Thagaidís aniar go dtabharfaidís leob soir go Inis Oírr é.

CYRIL: Go Inis Oírr é.

UNA: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d, tá go leor, tá cúpla gaol a’m in Inis Oírr ach ba chuma liom.

CYRIL: Yeah.

UNA: Chuireadh muid i bhfolach na maidí rámhaigh orthub, agus théidís síos a Cyril a’ tóraíocht. (gáire)

CYRIL: Sibhse ar an ard a ’ breathnú orthub, a’ lagrachaí gáirí ansin.

UNA: Ar deireadh thiar, chaithfeadh muid a dhul síos agus é a insint dóibh, cá rabhadar.

CYRIL: Agus thabharaidís sin ansin soir sibh, ar feadh an lae nó?

UNA: Ní thabharaidís, ní théadh muid soir in éindí leob, ach théadh muid soir in éindí le lads Inis Meáin.

CYRIL: Inis Meáin, yes.

UNA: Sea.

CYRIL: Oh right .

UNA: Sea, sea, bhídís sin aniar ansin.

CYRIL: Ó siad na lads Inis Oírr a bhíodh a’ gabháil anoir a bhíodh sibh dhá dhéanamh orthub?

UNA: Ó siad, siad.

CYRIL: Ó right.

UNA: Siad ....

CYRIL: ….Tuigim anois ....

UNA: …. Ní hiad muintir Inis Meáin ar chor ar bith.

CYRIL: A

UNA: No lads Inis Oírr, théidís siar thar a’ mbaile, nach mbíodh muid a’ rá, tá na sandies ag gabháil soir, beidh siad aníos go gairid, théidís siar a dheartháir tar éis tamall, tar éis an Aifreann nach mbídís a’ gabháil soir aríst agus cat acub.

CYRIL: A.

UNA: Mada, mada beag, beart mór sailí, féar tirim.

CYRIL: Rud ar bith.

UNA: Yeah, rud ar bith, muintir Inis Oírr.

CYRIL: Muintir Inis Oírr, by dad.

UNA: Nach minic a dheireanns mé é.

CYRIL: Yeah, tá, tá an rud sin idir na hoileáin imithe a Una, tá go leor dhó, nach bhfuil imithe….

UNA: …. A tá, tá, tá, tá.

CYRIL: Níl an teagmháil ann níos mó?

UNA: Níl, níl, níl, níl no, no, níl tada, níl tada mar sin ann anois ar chor ar bith, no tá, tá, tá an, tá an t-éascaíocht anois ann, níl curach, a’ bhfuil ’fhios a’d is dóigh de anois go dtéann, a’ bhfuil ’fhios a’d an t-am sin théadh, théadh an sagart, thagadh, chaithfidh sé a theacht anoir go Inis Meáin.

CYRIL: Hm.

UNA: Agus an tAifreann a rá.

CYRIL: A rá.

UNA: Agus théadh, théadh muintir Inis Meáin soir ansin aríst leis, thagadh muintir Inis Oírr anoir leis roimhe sin.

CYRIL: Hm, roimhe sin.

UNA: See sin é an chaoi a bhíodh, a mbíodh ’fhios a’inn (gáire) go mbídís .. (Gáire)

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus bhíodh muid rite soir, go maith Dia dúinn é. (Gáire)

CYRIL: (Gáire)

UNA: (Gáire) Thar éis Aifreann.

CYRIL: Tar éis an Aifreann, yeah.

UNA: Sin é anois é.

CYRIL: Tá an lá sin alright imithe, tá sé an deacair, is measa anois is dóigh Una a dhul ó, ó Chill Rónáin go hInis Meáin, ná bhí sé lé, ná bhí sé le, dhá scor blianta ó shin mar a’ bhfuil ’fhios a’d tá, tá an bád anois chomh fada, caithfidh tú a dhul amach ar bhád, agus theacht isteach ar bhád anois ….

UNA: …. Sea tá, tá, tá, tá sé.

CYRIL: Cén sloinne a bhí oraibhse in Inis Meáin?

UNA: Meachair.

CYRIL: Meachair?

UNA: Sea.

CYRIL: Meachair?

UNA: Meachair, sea.

CYRIL: Céard é sin i mBéarla, a bhfuil…?

UNA: Maher.

CYRIL: Maher?

UNA: Maher.

CYRIL: Oh arb ea?

UNA: M A H E R. [litríonn Una an focal]

CYRIL: Agus cé, cé as a tháinig do muintir sa ansin, ar, ar? ….

UNA: …. Meachair, tá mé a’ ceapadh gur as Co. an Chláir.

CYRIL: A thángadar, anoir go Inis Meáin? ….

UNA: …. Sea., sea, sea.

CYRIL: By God.

UNA: Sea, tá siad ann i gcónaí tá mé a’ ceapadh, nó bhíodar ann fadó, sea.

CYRIL: Ó.

UNA: Sea gaolta, anoir as Inis Meáin. Ach níl ’fhios a’m a b’iad, is dóighide go bhfuil, sé fadó ó shin an bhfuil ’fhios a’d, sular, sular, sular rugadh mise anois ná tada mar sin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Mar ní cuimhneach liom aon duine acub, a’ bhfuil ’fhios a’d, tá siad ann, ann, thángadar anoir ar cuairt cúpla trip.

CYRIL: As Co. an Chláir?

UNA: As Co. an Chláir, sea.

CYRIL: By God.

UNA: Sea.

CYRIL: Is maith an t-achar ….

UNA: …. Is as, Sea, as Inis Meáin sea, as Co. an Chláir a tháinig na Meachair.

CYRIL: Na Meachair.

UNA: Na Meachair, sea.

CYRIL: Agus tháinig tusa tú féin ansin anoir go, go hEochaill.

UNA: (Gáire) agus Sally Toole.

CYRIL: Agus eh cén chaoi ar aire tú uait an oileán seo, le hais an t-oileán thoir?

UNA: A bhuel, bhí Peige [aint lei] pósta anseo ansin agus bhínn anoir go minic.

CYRIL: Right.

UNA: Bhí Peige pósta go ndéana Dia grásta uirthi, scaitheamh.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: A’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Agus bhí, bhí sé níos spéisiúla, bheiteá anoir corr uair roimhe sin.

UNA: Sea, sin é roimhe sin, á sea bhíodh, bhíodh, á bhíodh mar bhíodh mé, bhí na gasúir beag aici.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus bhíodh Peige ag obair go crua, an bhean bhocht.

CYRIL: Agus bheadh cúnamh uaithi.

UNA: Sea agus ansin bhíodh Joeín é féin ag plé leis na croiseannaí.

CYRIL: Na croiseannaí?

UNA: Iad sin, na headstones.

CYRIL: Na headstones, sea.

UNA: Sea.

CYRIL: Sea.

UNA: Agus idir chuile shóirt a’ bhfuil ’fhios a’d, tharraingíodh muid an t-uisce go na beithígh, agus rudaí go leor, thug muid cúnamh go leor di, agus Caomhán, go ndéana Dia grásta air, mo dheartháir i Sasana, sul a chuaigh sé go Sasana riamh, chuireadh mó mháthair i gcónaí, gcónaí, nuair a dhúnadh an scoil, thoir in Inis Meáin sa Samhradh, chuireadh sí siar ag Peige é, go gcuirfeadh sé cúpla fata dí.

CYRIL: Chuireadh sé fata dí, ba shin iad na, more or less na summer holidays.

UNA: Sea, sé, sé.

CYRIL: An raibh athrú, a’ raibh sé difríocht, an t-oileáin seo, ag an am sin, nuair a tháinig tusa anoir ar dtús, an raibh difríocht sna h-oileáin, a’ bhfuil ’fhios a’d de réir siopaí agus ?

UNA: Ó bhí go leor for goodness, níor, sea, bhí go deimhin. Bhí, bhí.

CYRIL: Sna daoine féin?

UNA: Sna daoine féin sea, bhí.

CYRIL: Is dóigh gur aire siad difríocht duit?

UNA: Sea, bhí, bhí.

CYRIL: By dad, agus cén chaoi ar tháinig tú anoir an chéad lá riamh, i gcurach is dóigh, nó ar a’ mbád?....

UNA: …. I gcurach, i gcurach. Bhí sé sách éasca a theacht anoir Cill Éinne, mar ní raibh ann ach na, ní raibh mórán ann an t-am sin, ach a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh muid ag bualadh ball Dé Domhnaigh.

CYRIL: Dé Domhnaigh.

UNA: A’ bhfuil ’fhios a’d théadh muid síos ar an Muirbheach, síos ansin ag bualadh ball, ó théadh na daoine móra, a’ bhfuil ’fhios a’d, lads óga, agus bhíodh, bhí an, bhí an fhairsinge ann, bhíodh daoine taobh thiar, ach muintir a’ chinn thiar, muintir Chinn a’ Bhaile a ghlaodh muid orthub.

CYRIL: Chinn a’ Bhaile.

UNA: Sea agus ansin bhíodh muintir thoir ….

CYRIL: …. Thoir ….

UNA: …. muintir [Móinín] na Ruaige, bhí siad taobh thoir, a’ bhfuil ’fhios a’d agus ansin, sin é an méid ansin a bhí ann, ní raibh tada eile ann.

CYRIL: Agus nuair a bhí tusa óg ansin, a’ mbíodh sibh ag déanamh Brídeogaí, agus rudaí mar sin?

UNA: Á bhíodh, bhíodh, á bhíodh, bhíodh muid á dhéanamh sin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Bhíodh, bhí sé sin ann.

CYRIL: Ní raibh sé sin in Árainn ariamh.

UNA: Ní raibh, muise?

CYRIL: Ní cheapainn go raibh, níor aire mé aon chaint acub air….

UNA: …. Á sea nuair a bhí mise agus Maggie McDonagh next door, agus Áine Ní Chúláin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Triúir a’inn in éindí i gcónaí.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus sé an chaoi a mbíodh an Bhrídeog déanta, déanta ansin, dornán.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus eh, dornán tuí, bhíodh sí déanta coicís roimh an am. Agus ball bán anseo, ansin agus tá ’fhios a’d an ball blue?

CYRIL: Yeah.

UNA: Sin é ansin a bhí a’inn a cur súil inti..

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus an srón.

CYRIL: Arb ea (gáire) ó an dye?

UNA: An dye sea (gáire) a’ déanamh éadan.

CYRIL: Yeah.

UNA: Éadan gon, gon rud a bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

UNA: Bhíodh sé go deas freisin.

CYRIL: Agus céard a gheobhadh sibh?

UNA: Á muise ní bhíodh a’inn amantaí ach mb’fhéidir eight pence each.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ocht pingin an duine.

CYRIL: Ocht pingin an duine.

UNA: Sea.

CYRIL: Ach ina dhiaidh sin féin is dóigh do dhuine óg nach mbeadh mórán aige? ….

UNA: …. Ó sea, sin é é agus Ar ndóigh bhí sé thar cionn, ach bhíodh muid, dá mbeadh sé anois lá, lá, cén t-ainm a ghlaonn siad ar chor ar bith air, lá tin Sheáin arb ea nó lá, lá eicínt. Sin é an lá a théadh muid thart le, le, leis na Brídeogaí.

CYRIL: Ní shin é an lá?

UNA: Lá, lá, lá Bríde.

CYRIL: Lá Bríde, sea.

UNA: Théadh muid thart leis na, leis na, na, ach bhíodh siad déanta roimhe sin a’inn.

CYRIL: Hm, hm.

UNA: Mar nuair a bhíodh muid ag a’ scoil you see, á mo rud é anois go raibh lá Bhríde ó Dé Luain go dtí Dé hAoine ní, ní fhanadh muid ón scoil.

CYRIL: Yeah, ó yeah.

UNA: Ar chor ar bith, ach ritheadh muid abhaile, agus bhíodh muid ag iarraidh píosa maith a bheith déanta a’inn. (Gáire)

CYRIL: Sula dtiocfadh aon duine eile is dóigh?

UNA: (Gáire) sula dtiocfadh na Brídeogaí eile.

CYRIL: (Gáire) chaithfeá a bheith ….

UNA: Ó chaithfeá a bheith ag gáirí.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: Bhíodh, bhíodh muid rite soir ansin, agus bhíodh muid a’ rá, gabhadh muid síos sa siopa anois agus síos ag Cáit Mhicí, agus ghabhadh muid soir go dtí mó Dado, agus soir tigh Jim, an bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah, hm.

UNA: Théadh muid sna háiteachaí sin ar dtús le go mbeadh mb’fhéidir toistiúin faighte a’inn nó. Á muise. Ní bhfaighidh muid, corr áit a bhfaigheadh muid sé pingin.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: Agus choinníodh muid orainn soir ansin go ngabhadh, ach bhíodh an píosa sin déanta a’inn sula thiocfadh an Bhrídeog eile aniar.

CYRIL: Aniar, chaitheá a bheith on the ball ceart is dóigh.

UNA: On the ball ceart sea, sin é anois….

CYRIL: …. Is dóigh nár mhór duit é?

UNA: Sea, níor mhór duit é.

CYRIL: Agus a’ raibh tada, an ndeireadh sibh tada, a’ raibh amhrán agaibh, nó a’ raibh a leithéid go rud ann agus amhrán nó rud ecínt ann le n’aghaidh sin?

UNA: Á no ach sóirt step damhsa.

CYRIL: Ó arb ea?

UNA: Is sea, sea.

CYRIL: Sin é a déarfaí, a déarfaí leis?

UNA: Sin é a déarfaí sea, sin é a déarfaí.

CYRIL: A dhéanfaí le n’aghaidh sin.

UNA: Sea a dhéanfaí le n-aghaidh sin.

CYRIL: Oh right, ní raibh aon, tada a déarfaí ar chor ar bith ná, ná dán beag, na tada, nós mar a déarfá Lá Stiofáin anseo, tá an dreoilín acub.

UNA: Sea no ní raibh, ní raibh, ní raibh, ní raibh tada mar sin ann, ní raibh aon rud speisialta a’inn lé déanamh, ach an Bhrídeog a thabhairt isteach agus meas tú an ndeireadh muid inniu lá Bríde, nó rud ecínt mar sin, níl ‘fhios a’m, sin é an méid.

CYRIL: Sin é an méid?

UNA: Ar ndóigh bhí ’fhios ag chuile dhuine, cé é féin, céard é lá Bríde.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: Sea.

CYRIL: Lá Bríde.

UNA: Sin é an méid ansin. Théadh muid abhaile ansin agus roinneadh muid na pingineachaí.

CYRIL: Na pingineachaí.

UNA: Agus tá ’fhios a’m trip amháin, an chéad trip a ndeachaigh mé amach riamh, eight, ocht pingin an duine.

CYRIL: Ocht bpingin an duine.

UNA: Trí ocht fiche ceathair.

CYRIL: Trí ocht fiche ceathair, yeah ó ba mhaith an rud é.

UNA: Sin é anois é.

CYRIL: Ba mhaith an rud é.

UNA: Ba mhaith an rud é, fiche ceathair, fiche ceathair idir an triúir a’inn.

CYRIL: Idir triúir yeah, ba ea.

UNA: Ocht pingin an duine.

CYRIL: Céard a bhfaighteá ar an ocht pingin meas tú, an bhfaighteá mórán?

UNA: Á muise, níl ’fhios a’m, muise ní bhfaighteá mórán air, Ar ndóigh gheobhfá, gheobhfá, mar tá ’fhios a’d na bulls eyes.

CYRIL: Mm.

UNA: Gheobhfá (gáire)

CYRIL: Yeah .

UNA: Gheobhfá naoi gcinn acu sin ar, ar, ar an, ar phingin déarfainn.

CYRIL: Ar phingin?

UNA: Naoi gcinn, naoi gcinn, bhíodh sé comhaireamh a’inn. (gáire)

CYRIL: Yeah, yeah, bheadh chuile shórt, timeáilte, yeah.

UNA: Agus ní raibh sé sin ró dhona ansin, mar bhí, bhíodh seacht bpingin eile fanaí a’inn.(Gáire)

CYRIL: Yeah le na chaith, le na chaith ar rud eicínt eile?

UNA: Le na chaith ar rud eicínt eile, mb’fhéidir gur pencil a bheadh a’ teastáil lá arna mhaireadh nó rud eicínt, ní bheadh ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

UNA: Nó copy, copy nó rud eicínt.

CYRIL: Agus ansin a’ ngabhtá Gaillimh, a’ ngabhadh sibh Gaillimh mórán, an mbíodh mórán Gaillimh agaibhse an t-am sin nó?

UNA: Bhuel ní bhíodh no, ní raibh mé i nGaillimh aon uair ach an méid sin.

CYRIL: Ach an méid sin, go ndeachaigh tú is dóigh, chuaigh tú Gaillimh ansin ina dhiaidh sin an ndeachaigh, ar feadh tamall, nó a’ raibh tú ag obair i nGaillimh?

UNA: Chuaigh mé ag obair san ospidéal.

CYRIL: San ospidéal i nGaillimh?

UNA: Sea.

CYRIL: Yeah.

UNA: Bhí mé naoi mbliana ansin.

CYRIL: Naoi mbliana?

UNA: Sea.

CYRIL: Agus cén aois a bhí tú nuair a d’fhág tú Inis Meáin ansin nó?

UNA: Bhuel is dóigh mb’fhéidir seacht déag nó sé déag nó rud eicínt mar sin.

CYRIL: Ba mhaith an píosa é a dhul go Gaillimh an t-am sin….

UNA: …. Ba mhaith….

CYRIL: Athrú mór freisin is dóigh thar an oileán seo, a dhul go Gaillimh.

UNA: …. Sea, sea, sea Gaillimh, sea, yeah, ba dhea. Bhí, bhí an, an ospical, bhí sé, bhuel bhí sé go deas mar bhí go leor cailíní eile as Conamara ann.

CYRIL: Yeah agus a’ raibh Gaeilge freisin acub?

UNA: Ó bhí Gaeilge, bhí go deimhin.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ó bhí, bhí.

CYRIL: Neart Gaeilge á labhairt?

UNA: Sea, bhí agus bhíodar go deas freisin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Yeah.

UNA: Bhíodar ar nós muintir, mar a déarfainn, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodar ar nós muid féin, a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi sin?

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: Cuimhním Peige Stiofán agus iad sin anois. Agus cuid acub sin anois bhídís, a’ bhfuil ’fhios a’d bhídís ag obair sa bportach roimhe sin iad féin, bhí siad.

CYRIL: Bhí neart cleachtadh acub sin ar obair….

UNA: …. Ó neart cleachtadh acub ar obair, bhí.

CYRIL: A’ raibh sé dian?

UNA: Ha?

CYRIL: A’ raibh an obair dian an t-am sin?

UNA: Ní raibh, ní raibh, ní raibh, ní raibh sé dian ar chor ar bith no, mar ar chaoi eicínt ba ea an áit é, ní h-ionann é le bheith istigh i dteach.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ní raibh tú ré, a’ bhfuil ’fhios a’d á mbeadh tú, bhíodh cailíní eile anois, bhídís amuigh Tigh Kellaghans ar aghaidh an hospital ansin agus bhídís, ó bhíodh sé ages sula bhídís réidh, bhíodh muide réidh ag a sé a chlog.

CYRIL: Yeah.

UNA: Agus ansin bhí one day off in the week a’inn, agus bhíodh, bhíodh a’ bhfuil ’fhios a’d, ba iontach an lán é sin.

CYRIL: Yeah, yeah, yeah. Ar b’ shin é an rud a bhí tú ag iarraidh a dhéanamh riamh a’ b’ea, nó ó bhí tú i do chailín beag, a’ raibh tú ag iarraidh a bheith i do nurse, nó an raibh tú ag iarradh a bheith … ?

UNA: Á muise Ar ndóigh ní raibh aon, thaitneoidh liom a bheith i mo nurse ceart go leor ach nuair a bhí mé ag obair san ospidéal anois, bhíodh mé a’ rá i gcónaí faraor géar nár fhán mé sa scoil tamall eile, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Tamall eile, yeah.

UNA: Mar bhíodh cailíní eile a’ teacht isteach as Conamara ansin, nurseanaí agus ar ndú, ní rabhadar chomh educated sin, ar deiridh.

CYRIL: Yeah.

UNA: A’ bhfuil ’fhios a’d, I mean bhí, ach phasáil siad ina dhiaidh sin.

CYRIL: Phasáil siad ina dhiaidh sin.

UNA: Mar bhí, bhí, bhí an dá, bhí an dhá bhliain ansin le déanamh acub, sul a bheadh an chéad ....

CYRIL: …. Scrúdú ….?

UNA: …. nó bliain go leith arb ea, bliain go leith sul a bheadh an chéad scrúdú orthub.

CYRIL: Scrúdú orthub, yeah.

UNA: Sea, a’ bhfuil ’fhios a’d bhí go leor ann ach eh, a’ breathnú ar lotaí anois agus rudaí mar sin.

CYRIL: Hm

UNA: Ní, I mean ní raibh sé sin chomh uafásach, a’ breathnú ar wounds mar a déarfá agus ….

CYRIL: …. Yeah, yeah….

UNA: …. mar sin agus iad a’ cneasú suas agus iad a ….

CYRIL: …. Mar a deir tú ní raibh gá duit aon cop on mór a bheith a’d le ….

UNA: …. No, no, no, no, no, no .…

CYRIL: …. “___+” ….

UNA: …. No, no, agus amantaí, muise, ó muise bhí na créatúir Ar ndóigh bheadh trua a’d dóibh freisin, bhí trí lad óg ansin a Thiarna anocht agus bhíodar ar frame ar feadh five years.

CYRIL: Ó.

UNA: Bhí muis.

CYRIL: Nach fada an píosa é.

UNA: Without ever getting out of the bed, lads, fir óga fiche ceathair agus fiche cúig, agus fiche seacht.

CYRIL: So sin é agus a’ bhfuil ’fhios a’d, feiceadh tú daoine anois ar feadh bliain nó dhó nó sé mhí féin ….

UNA: …. Oh no, no bhí dar ann. Nuair a théinn abhaile anois ar laethanta saoire, agus bhíodh mé trí seachtainí mb’fhéidir sa mbaile nó rud eicínt mar sin, mar choinníodh mé days off mar a déarfá.

CYRIL: Hm.

UNA: Agus nuair a thagainn ar ais aríst, á Dia dhá réiteach tá siad ann i gcónaí.

CYRIL: I gcónaí, yeah.

UNA: Á bheadh trua a’d dóibh.

CYRIL: Bheadh muis.

UNA: Á bheadh fear, fír óga, fír óga twenty eight agus twenty nine agus thirty.

CYRIL: Is fada an píosa é i do luigh ansin chuile lá….

UNA: …. Ó sea Cyril, nuair a bheadh ’fhios a’d é, ina luigh siar ansin, bhí dar ann, bhí an triúr ….

CYRIL: …. Agus ní raibh is dóigh aon television ceart an t-am sin, na tada le do, le do intinn a thógáil “___+”….

UNA: …. Ó ní raibh, ní raibh, bhí na trí leaba ansin ar aon line, bhí an doras, nuair a ghabhadh tú isteach an doras, bhí an trí leaba ansin in éindí, an triúr acub in éindí sea, bhuel bhí go leor daoine eile sa ward.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ach mar a déarfá sean daoiní, agus daoiní a mbeadh kidney trouble orthub agus rudaí mar sin, ach a’ bhfuil ‘fhios a’d ina dhiaidh sin bhíodh siad sin ag imeacht one by one, ina dhiaidh sin agus daoiní eile a’ teacht isteach, ach bhíodh siadsan fanaí.

CYRIL: Fanaí i gcónaí, yeah.

UNA: You see, bhí sé heart breaking.

CYRIL: Ba tough an rud é.

UNA: Ba tough an rud é, nuair a chuimhneos tú ceart air.

CYRIL: Yeah.

UNA: Ní raibh.

CYRIL: Agus a’ bhfaca tusa le do linn sa ag imeacht aon duine acub, a’ bhfaca tú aon duine acub ag imeacht as?

UNA: No, oh no, no ní fhaca mé aon duine acub ag imeacht abhaile as.

CYRIL: No.

UNA: Ní fhaca, eh, ní raibh aon chead acub éirigh amach as a’ leaba ar chor ar bith, bed bath a gheobhaidís.

CYRIL: Is dóigh tar éis chúig bhliana nach mbeifeá i ndán siúl aríst go ceann píosa mór.

UNA: Ó sea muise.

CYRIL: Bheadh chuile rud stópaí.

UNA: Á sea, bheadh sea, ach ní raibh cead acub fiú amháin suí amach ar thaobh an leaba no, no, chaithfidís fanacht, bhí fráma futhub freisin.

CYRIL: Yeah.

UNA: A’ bhfuil ’fhios agat, a’ coinneáil an leaba stiff.

CYRIL: Stiff yeah, by God.

UNA: Fráma, ach bhí mattress ansin leacaigh ar na cláir sin a’ bhfuil ’fhios a’d, mar ní cláir a bhí ann really mar déarfá, bhí rud ann agus bhí an mattress leacaigh ar sin ansin ach, sin é an droim é sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Sin é a bhí, gortú an droim, gortú droma a bhí orthub.

UNA: Ó sé, sé, sé, sé a bhí [orthu], oh Lord, agus fir, fir. Nach é, nuair a chuimhneos tú ceart air, Cyril….

CYRIL: …. Is uafásach….

UNA: …. Tá an saol go minic go dona.

CYRIL: An, an- chruel.

UNA: An-aisteach, tá sí….

CYRIL: …. Is ait and mac é an saol ….

UNA: …. Tá sé crua, is ait an mac é an saol ….

CYRIL: …. Cébí cé a deir é sin, bhí an ceart aige.

UNA: Bhí an ceart aige, is ait é an saol.

CYRIL: Sin é anois é Una, go raibh mile maith a’d.

UNA: Á muise, Ar ndóigh níor (gáire) ….

CYRIL: Agus le cúnamh Dé, mb’fhéidir lá eicínt eile labhróimid, má bhíonn aon rud a’d go labhróimid aríst le cúnamh Dé.

UNA: Sea, sea.

CYRIL: Faoi rud eicínt eile.

UNA: Sea, rud eicínt eile, sea.

CYRIL: B’fhéidir saol na mban in Inis Meáin ag an am sin?

UNA: Sea, sea, sea ….

CYRIL: …. Agus cén chaoi a raibh an saol ag mná an t-am sin.

UNA: Mná an t-am sin sea, bhíodh mná ag déanamh criosannaí, a dhreabhar.

CYRIL: A’ déanamh criosannaí agus ag obair.

UNA: Sea, agus a’ déanamh criotáil agus á ndíol, criotáil criotáil criotáil, ní raibh tada an t-am sin ach an dá bhiorán.

CYRIL: Dhá bhiorán, ní raibh machine ná tada ann an t-am sin ….

UNA: …. Ó.

CYRIL: Tá factory breá thoir anois acub ann.

UNA: Á a dheartháir tá ….

CYRIL: …. That’s for sure ….

UNA: …. á tá, tá, tá, tá. Bhuel is deas an rud é. Ach bhí, bhí na stocaí freisin, tháinig na stocaí ansin ann, tháinig an a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí dar a’ déanamh socks ann.

CYRIL: Yeah, sa factory?

UNA: Factory.

CYRIL: Bhí ceann eile in Inis Oírr nach raibh, ag an am céanna?

UNA: Bhí ceann acub sin in Inis Oírr, níor chuimhnigh mé ar sin ar chor ar bith.

CYRIL: Yeah, yeah.

UNA: Sa teach sin soir, tá sé soir píosa, teach, tá sé eh, gabhadh tú síos, soir agus síos an bóthar, níl aon teach eile in aice leis a bhfuil a fhios a’ d.

CYRIL: Tá, yeah ’fhios a’m.

UNA: Tá sé soir leis féin, sin é an áit é. Ag déanamh socks anois, socks fir.

CYRIL: Agus á gcur sin amach?

UNA: Á sea, bhí duine ann ansin le iad sin a chur amach, sea.

CYRIL: A chuir amach agus is dóigh á ndíol i nGaillimh, tigh Neachtain Beag agus áiteachaí mar sin?

UNA: Eh sea, bhídís á gcur ag company eicínt, pébí cén company iad féin, níl ’fhios a’m.

CYRIL: Go raibh míle maith a’d, Una.

UNA: Á muise, tá fáilte romhat, yeah, yeah.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.