BBAG.00062

- Dáta
- 22 Meitheamh 2014
- Suíomh
- Bun Gabhla
- Grianghrafadóir
- Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
- Eolas cartlainne
- Pádraic Pheaidí Ó Dioráin i mBun Gabhla leis an teileascóp a bhíodh acu ar son breathnú isteach ar an Oileán Iarthach ó Bhun Gabhla. Thosaigh Pádraic ag obair mar choimeádaí sealadach solais - 'temporary' a deirtí - san Oileán Iarthach i 1963 agus chaith sé dhá bhliain ann. Chuaigh sé ar aghaidh ansin go Binn Éadair ar mhaithe lena thraenáil. Mar choimeádaí solais, d'fhreastal sé ar shoilse ar fud na tíre ar feadh na mblianta. Ina dhiaidh sin, tháinig sé ar ais agus chaith sé trí bliana eile mar choimeádaí solais san Oileán Iarthach. Bhí sé ar dhuine de na coimeádaithe solais deiridh a bhí ag obair i dTeach Solais Rinn Duáin i lár na 1990í nuair a d'athraigh na tithe solais go córas uathoibríoch.
- Duine bainteach
- Pádraic Pheaits Pheaidí Ó Dioráin
- Tagairt chartlainne
- Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAG.00062
- Íomhá © Áine Uí Fhlaithearta.
- Meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
- Foilsítear an íomhá le caoinchead an úinéara/na n‑úinéirí.
- Féach sonraí cóipchirt.