BBAG.00063
- Dáta
 - 22 Meitheamh 2014
 - Suíomh
 - Bun Gabhla
 - Grianghrafadóir
 - Bairbre Uí Chonaill
 - Eolas cartlainne
 - Ceann de na bairillí a bhíodh in usáid ar mhaithe le huisce úr a thabhairt isteach go dtí an tOileán Iarthach, áit nach raibh aon fhíoruisce a chothódh na coimeádaithe solais ar an oileán. Nuair a bhíodh triomach ann, thugtaí isteach bairillí uisce i gcurach. Ar an gcreig seo i mBun Gabhla, ghearr fir oibre ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann - 'Irish Lights' a deirtí - dhá bhulláin amach as an gcloch. Ritheadh an t-uisce as an tobar in aice láimhe - Tobairín an Chladaigh - isteach sna bulláin. Líontaí na bairillí as na bulláin seo.
 - Duine bainteach
 - Pádraic Pheaits Pheaidí Ó Dioráin
 - Tagairt chartlainne
 - Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAG.00063
 - Íomhá © Bairbre Uí Chonaill.
 - Meiteashonraí © Bailiúchán Béaloidis Árann.
 - Foilsítear an íomhá le caoinchead an úinéara/na n‑úinéirí.
 - Féach sonraí cóipchirt.