Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00039

Recording
BBAF.00039
Format
MiniDisc
Duration
39:28
Date
22 February 2002
Languages
English
Irish
Location
Sruthán
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
John Beag Johnny Ó Dioráin
Archival information
MD 45 John Beag Johnny Ó Dioráin. 00.34 Seanfhocal; Amhráin; Mná Caointe; Drámaí; Amhrán; 16:27; "An Caiptín Ó Máille"; 20:26 "Lá Fhéile Eoin"; 24:25 "An Croppy Bocht"; 28:00 "An Raicin Álainn"; 32:21 "Bóthar an Gharraí Nua; 37:37 Seanfhocal.
Additional information
MD 45 John Beag Johnny Ó Dioráin. Proverb; Songs; Keening women; Plays; Songs; Proverb.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00039
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Seod í Áine Pheaits Bheachlín anseo agus inniu an dara lá fichid de Feabhra sa mbliain 2002. Tá mé anseo inniu in éineacht le John Beag Johnny Ó Direáin sa Sruthán, mac le Maggie Tom a bhí sa scannán Man of Aran agus tá sé pósta le Kathleen Aindí. Ní Mhaoláin an sloinne a bhí uirthi roimh a phós sí agus tá cúigear clainne acub. Dia dhuit a John.

JOHN: Dia ’s Muire dhuit a dhreabhar.

ÁINE: Tá an aimsir go dona, nach bhfuil.

JOHN: Uafásach uilig anois.

ÁINE: Ach Ar ndóigh ’s dóigh fuair muid, fuair muid an aimsir go maith suas go dtí an Nollaig so

JOHN: Ar ndóigh sin é é. Fuair muid an geimhridh ró-mhaith.

ÁINE: Fuair.

JOHN: Ar ndóigh b’fhéidir má chuala tú riamh é, seanfhocal é, Seachain Earrach an deá Gheimhridh.

ÁINE: A’ b’shin é é?

JOHN: Hm.

ÁINE: Bhuel sin é an chaoi a bhfuil sé i mbliana is dóigh a’inn.

JOHN: Sé.

ÁINE: Anois a John, cén áit a d’fhoghlaim tusa do chuid amhráin?

JOHN: Bhuel muise an chéad amhrán a d’fhoghlaim mé riamh, nuair a bhí mé sa ceathrú rang ag a, ag a’ scoil, bhí, bhí leabhar a’inn bhí, bhí dán inti mar a déarfá agus sé’n ceann a bhí ann ná Captaen Seoirse Ó Máille. Shin è, d’fhoghlaim mé é sin ansin nuair a bhí mé a’ gabháil ag a’ scoil ’gus .…

ÁINE: …. Agus cé mhúin .…?

JOHN: .…tá sé a’m i gcónaí.

ÁINE: Yeah, cén múinteoir nó máistir a bhí a’d?

JOHN: Ó Flanagan, go ndéana Dia trócaire air.

ÁINE: Agus a’, a’ múineadh sé sin amhráin dhaoib?

JOHN: Á no, no ní mhúineadh sé sin aon amhrán, bhíodh an, a bhean, a bhí san taobh eile gon scoil mar a déarfá.

ÁINE: Hm.

JOHN: Sin í bhíodh, bhítsí ag múineadh amhráin ‘uinn alright.

ÁINE: Agus an gcasfadh, a’ bhfoghlaimíodh sibh na hamhráin i mBéarla nó i nGaeilge?

JOHN: Ó i nGaeilge, i nGaeilge, ní raibh Béarla a’ bith a’inne ar ndú.

ÁINE: No.

JOHN: Ní raibh focal a’inne nuair a bhí muid a’ gabháil ag a’ scoil.

ÁINE: Sea, agus a’ raibh do mhuintir, do athair ’s do mháthair, ar chas siad amhráin?

JOHN: Ní, ní raibh m’athair, ní bhít sé a’ casadh, ach bhí mo mháthair go maith.

ÁINE: A’ raibh?

JOHN: Bhí, ó bhí mo mháthair go maith a’ casadh amhráin, bhíodh. Ní mórán amhráin a chas sí ach bhí guth álainn aici.

ÁINE: A’ raibh?

JOHN: Bhí, bhí, ach bhí dreabhar aici, Máire Tom, Máire Tom an Dochtúra, thuas i gCreig a’ Chéirín, bhí sí thar cionn, máthair Chóilín Tom .…

ÁINE: …. A’ b’ea ….?

JOHN: .…’gus Seán Tom ’gus iad sin.

ÁINE: Á.

JOHN: Bhí sí sin go maith.

ÁINE: Thug tú do chuid amhránaíocht mar sin uaidh, uaidh do mháthair, muintir do mháthair.

JOHN: Bhuel ’s dóigh go b’ea muis.

ÁINE: M hm, agus cé bhíodh a’ casadh amhráin anois le do línn?

JOHN: Óse bhíodh roinnt mhaith sean dhaoine. [Ghlaogh an fón sa seomra ina bhfuil John agus Áine] Bhíodh Matt Pheaits Rua, bhít sé a’ casadh amhráin agus a’ déanamh [scríobh] amhráin [freagraíodh an fón] agus bhíodh Mac Pheaits Sheáin agus bhíodh, ó Ar ndóigh bhíodh muintir, bhíodh dream i mBungabhla a bhí thar cionn, Seáinín Choilm Labhcáis ’gus Seán Neilín é féin creidim, bhít sé a’ casadh amhráin. Agus bhíodh, óra bhíodh go leor go na sean dhaoine sin a’ casadh amhráin.

ÁINE: A’ mbíodh?

JOHN: Bhíodh.

ÁINE: Agus ehm, labhair tú ansin go mbíodh Matt, Matt Sheáin Rua, bhíodh sé a’ cumadh amhráin….

JOHN: …. Matt Pheaits Rua.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú ar aon chuid go na hamhráin meas tú a, a scríobh Matt?

JOHN: Mhuise níl, níl siad a’msa a’ chor a’ bith, ach eh, á scríobh sé cúpla amhrán silim faoi, faoi an dole agus rud mar sin ach níor fhoghlaim mé riamh iad.

ÁINE: Cé nár fhoghlaim?

JOHN: Sin nuair a tháinig an dole amach ar dtús an dtuigeann tú. Níor fhoghlaim mé.

ÁINE: Agus meas tú a’ bhfuil na hamhráin seo anois scríofa ag aon duine nó?

JOHN: By deaid ní cheapainn anois go bhfuil siad sin mórán a’ choir a’ bith anois ann. Bhíodh, bhíodh sean fhear eile in Eoghanacht a bhíodh a’ déanamh [scríobh] amhráin, Iarnán, bhí sé sin thar cionn. Rinne sé sin go leor amhráin. Athair Bhríd Iarnáin a bhí ansin amuigh a bhí pósta ag Aindí Mháire. Bhí sé sin thar cionn a’ déanamh amhráin. Rinne sé sin amhráin go leor, agus a mac, rinne sé amhráin freisin ach

ÁINE: Yeah.

JOHN: Bád Neid Bháin ’s cúpla amhrán mar sin. Á níl siad ann a’ choir a’ bith anois.

ÁINE: Níl, níl. Nach é an trua anois nach raibh siad sin tógthaí ag duine eicínt.

JOHN: Ní, ní cheapainn, níl siad tógthaí muis, ní cheapainn go bhfuil siad ann chor a’ bith anois.

ÁINE: Agus meas tú cén fáth go mbíodh an oiread amhráin á chumadh an t-am sin?

JOHN: Bhíodh, bhí go leor ann a bhíodh in ann amhrán a chumadh muis.

ÁINE: Hm.

JOHN: Bhíodh siúráilte, nach eh

ÁINE: Agus ’s dóigh dá dtarlódh tada nó dá ndéanfaí tada go scríofaí amhrán faoi?

JOHN: By deaid sin é é anois. Scríobhaidís amhrán dá bar beithíoch a bheifí a mharú bheadh amhrán scríobhtha faoi.

ÁINE: Nó cearca a bhíodh goidtí nó

JOHN: Rud a’ bith a bhíodh (--) Bhí amhrán déanta faoi tarbh, tarbh Bheachla Mhóir, deartháir go Johnny Bhriainín, maraíobh thiar sa stór ansin ag tí Éamonn é ach bhí amhrán déanta faoi sin freisin. Níl sé sin a’msa ach an oiread.

ÁINE: Maraíobh an fear a’ b’ea nó maraíodh….?

JOHN: …. Ó maraíobh an tarbh.

ÁINE: An tarbh, sea.

JOHN: Mar a déarfá.

ÁINE: Yeah, agus…

JOHN: Agus eh thiar in Eoghanacht a rinneadh é sin freisin. Silim go bé athair Mhatt a rinne é sin, Peaits Rua.

ÁINE: Hm

JOHN: Bhíodh sé a’ déanamh píosaí freisin.

ÁINE: Agus a’ mbíodh na daoine óga a’ scríobh amhráin freisin?

JOHN: Muise ní, ní, ní, bhuel ní mórán go na, ní mórán go na daoine óga a bhíodh a’ scríobh déarfainn.

ÁINE: Níor chum tú féin aon amhrán?

JOHN: Ó no níor chum, níor chum. Níor chum mé.

ÁINE: A’ dtabharfaí cuireadh speisialta go dhuine anois ag bainis dhá ba rud é go mbíodh sé in ann amhrán a chasadh, nó sí in ann amhrán a chasadh?

JOHN: Ó muise ní, ní cheapainn é nach, Ar ndóigh á mbeadh bainis ann bheadh, bheadh an dá bhaile nó an trí bhaile ann.

ÁINE: Sea.

JOHN: Siúráilte bheidís ann, sin é. Bhí.

ÁINE: Agus bhíodh .…

JOHN: …. Bhíodh Cáiteachaí, Pether a’Cháiteach, bhí sé sin thar cionn ag casadh amhráin.

ÁINE: Shea.

JOHN: Thiar ansin in Eoghanacht, tá ’fhios a’d, cuimhníonn tú air, ó ní chuimhníonn tusa air.

ÁINE: Cuimhním ar an teach, bhuel tá ’fhios a’m an teach.

JOHN: Sin é, an teach, sin é é, bhí séad [siad] sin, bhí sé sin thar cionn ag casadh amhráin agus ag damhnsa.

ÁINE: Sea.

JOHN: Agus casadh poirt, bhít sé ag bainiseachaí go minic nach mbíodh aon cheol ann agus, bhuel poirt is mó a bheadh ann, poirt béil mar a déarfá.

ÁINE: Port bhéil, yeah.

JOHN: Sea.

ÁINE: Agus….

JOHN: …. Bhíodh sé a’ casadh ar feadh na h-oíche. Bhí sean fhear eile amuigh anseo amuigh, Colm Mháire Bhailis, bhít sé a’ casadh poirt freisin.

ÁINE: Agus bhíodh, yeah bhíodh daoiní a’ damhnsa ansin?

JOHN: Bhíodh daoine a’ damhnsa, óra bhíodh. Bhíodh séad [siad] go maith a’ damhnsa freisin an uair sin agus bhíodar thar cionn a’ casadh poirt. Bhí séad.

ÁINE: Yeah, agus cé chomh minic a bhíodh na timeannaí ins na tithe acub?

JOHN: Muise ar ndú, muise níl, bhuel bhíodh, bhíodh píosaí maith ins na tithe ceart go leor, amanntaí. Bheadh b’fhéidir baile amháin, oíche amháin i teach i baile amháin ’s an baile eile b’fhéidir oíche eile, bheadh mar sin.

ÁINE: Hm.

JOHN: A’ dtuigeann tú, bheadh

ÁINE: ’S dóigh nuair a bheadh duine a’ gabháil go Meiriceá?

JOHN: Ó bhuel nuair a bheadh, bheadh oíche mhór ann.

ÁINE: Hm.

JOHN: Ba ghearr le bainis é. Bhí.

ÁINE: Agus bhíodh ól agus chuile rud ansin….

JOHN: …. Bhíodh, bhíodh agus bheadh dhá mbeadh pingin a’ bith acub bheadh bairille pórtair ann go háirid nó rud eicínt .…

ÁINE: …. Yeah ….

JOHN: …. mar sin ach bhí sé saor an uair sin.

ÁINE: Bhí, bhí níos mó timeannaí an t-am sin definitely ann.

JOHN: Bhí sé éasca.

ÁINE: Agus an gcuimhníonn tú anois go gcasfaí aon amhrán ag aon tórramh?

JOHN: Ó níor chuala mé riamh é by deaid, bhíodh caoineadh ann mar a déarfá.

ÁINE: OK

JOHN: Caoineadh a bhíodh, an lá a mbítí dhá gcuir bhíodh triúr mná, cuimhním féin ar sin, thiar ag a’, mar a déarfá nuair a bhí muid, bhí mé thiar sa sean teach in Eoghanacht, ehm iad thíos ar an, ní théidís isteach sa reilig a’ choir a’ bith, bhídís thíos ar bharr an charcair. Bhíodh triúr nó ceathrar mná ann a’ caoineadh.

ÁINE: Hm.

JOHN: Tá ’fhios a’d an caoineadh

ÁINE: Sea.

JOHN: An sean chaoineadh sin a bhí ann. Bhíodh sé sin i gcónaí ann….

ÁINE: …. Agus cén t-am a stop sé sin, meas tú?

JOHN: Á muise m’anam gur fada an lá ó stop sé, ní cuimhneach liomsa.

ÁINE: Ar, (--) Feicear domsa nuair a bhí, nuair a cailleadh daideo, mo daideo – Tim Andy Goill .…[1972]

JOHN: …. Oh yeah….

ÁINE: …. go raibh sóirt caoineadh eicínt ann, Neilín, a’ raibh ….

JOHN: …. B’fhéidir go mbeadh aon chúpla….

ÁINE: .… meas tú?

JOHN: B’fhéidir go mbeadh, corr uair, cúpla, ach ní, níl sé ann le fada an lá ar chaoi ar bith.

ÁINE: Yeah.

JOHN: Amhráin atá anois ann agus ceol.

ÁINE: Ceol yeah, agus an gcuimhníonn tú cé iad na mná a bhí sóirt go maith a’ déanamh an [caoineadh]?

JOHN: Ó cuimhním go maith, bhí, bhí Bríd Iarnáin anseo amuigh, taobh, sa sean, sa sean teach sin a raibh muide ann, tá ’fhios a’d, an áit….

ÁINE: …. A’ raibh gaol ag Kathleen lei sin, le Bríd Iarnáin?

JOHN: Bhuel Ar ndóigh sí, sí, bhí sí pósta ag Aindí, sé Aindí a sean athair.

ÁINE: Ó sea so bhí gaol aici leis.

JOHN: A’ dtuigeann tú, Iarnán í sin, aniar as Eoghanacht a tháinig dar sin.

ÁINE: Hm.

JOHN: Na hIarnáin.

ÁINE: Sea.

JOHN: Ach bhí sí sin ’s bhí Máire Chite, má chuimhníonn tú uirthi, máthair Tom Jaimsie ’gus Pheaitsín Jaimsie, thiar in Eoghanacht ansin.

ÁINE: Sea.

JOHN: Bhí sí sin thar cionn uilig, ’s bhíodh Neain Chitín, a’ gcuimhníonn tú uirthi?

ÁINE: Ní chuimhním.

JOHN: Thiar i mBungabhla.

ÁINE: Neain Chitín, ní chuimhním anois.

JOHN: Bean Sheáinín Choilim.

ÁINE: Sea, ní chuimhním….

JOHN: …. Máthair, máthair Mheairtinín ….

ÁINE: …. Ní chuimhním, b’fhéidir go raibh mé beag ach…

JOHN: Bhí sí sin freisin. Bhíodh triúr agus ceathrar acub sin ag a’ reilig i gcónaí, nuair a chuirfí duine as a’ mbaile ar chaoi ar bith.

ÁINE: Agus a’ dtabharfaí cuireadh dhób sin nó díreach…?

JOHN: Ó deimhin ní thabharfaí….

ÁINE: …. Thosóidís féin.

JOHN: Thosóidís féin.

ÁINE: Óó bhí sé sin an-bhrónach, ná’ raibh ....

JOHN: …. Bhí sé, an-bhrónach go deo.

ÁINE: Bhí.

JOHN: Bhí. Ba bhocht a’ rud a bheith ag éisteacht leob.

ÁINE: Ba bhocht.

JOHN: Bhí sé an-dona.

ÁINE: M hm. Anois ehm cén t-amhrán is faide meas tú a chuala tú riamh, mar bhíodh na h-amhráin an-fhada?

JOHN: Muise bhí dar uafásach uilig fada. Go mór (--) Bhí, bhí, bhí cuid acub bhí, sin amhrán a bhídís a’ chasadh mar a déarfá – An Draighneán Donn ’s bhí, bhí, bhí sé, bhí cheithre bhéarsa fhichid ann sílim ’s ….

ÁINE: …. Ó .…

JOHN: …. mar sin….

ÁINE: …. go sábhála Dia sin.

JOHN: Bhí, cuid acub mar sin. Bhíodh ’s, óra tá go leor acub, ach tá, tá siad giorraithe anois, ní chasann aon duine anois ach ceathair nó cúig go cheann [bhéarsaí]

ÁINE: Yeah, meas tú cé as ansin a fuair dar focla na n-amhráin sin ar fad?

JOHN: Ar ndóigh phébí cé rinne iad, bhí siad déanta go maith, a Thiarna.

ÁINE: Hm.

JOHN: Níl ’fhios a’m ach is iontach go deo a bhí siad déanta.

ÁINE: Is iontach.

JOHN: Is iontach. Bhí siad thar barr uilig.

ÁINE: Ach ’s dóigh ’bhfuil ’fhios a’d nuair ná’ raibh aon television ná, ná mórán leabhra san áit, gur chaith siad an oíche….

JOHN: …. Bhuel .…

ÁINE: .… a’ cumadh na hamhráin.

JOHN: ’S dóigh go raibh ach bhí siad go maith phébí cé

ÁINE: Hm.

JOHN: Bhí, bhí a gceird acub chomh maith céanna.

ÁINE: Bhí.

JOHN: Sin é anois é, ní, ní

ÁINE: A’ gcasfadh na mná amhráin chomh maith le na fir?

JOHN: Bhuel, ó chasadh, chasadh. Cuid acub a bhí in ann. Bhí Baba Pheige [máthair Treasa Ní Mhiolláin, amhránaí sean nóis] bhí sí thar cionn uilig a’ casadh amhráin.

ÁINE: A’ raibh?

JOHN: Go ndéana Dia trócaire uirthi. Bhí, bhí agus bhí sí thar cionn.

ÁINE: Yeah, a’ raibh aon bhean eile anois ar an oileán meas tú a bhí go maith a’ casadh amhráin, a’ gcuimhneofá?

JOHN: By deaid anois, an uair sin nuair a bhí dar sean ní chuimhním, bhuel ní bheadh ’fhios a’msa dream a bheadh soir anois, ní chloisinn iad ag an am sin, an dtuigeann tú.

ÁINE: Sea.

JOHN: Ach dream a bhí aniar anseo ’s bhí, bhí, óra bhí cúpla duine, bhí Maggie Sheáinín, [Uí Thuathail] a’ bhfuil ’fhios a’d Maggie , máthair….

ÁINE: …. Neidín.

JOHN: Neidín [Éamonn Ó Tuathail]

ÁINE: Hm.

JOHN: Bhí sí thar cionn uilig, í sin freisin.

ÁINE: A’ casadh, yeah.

JOHN: Bhuel ní go minic a chuala mise, chuala mé cúpla trip í ach ní go minic a chloisinnse anois iad sin ach tá ’fhios a’m, ó bhí cuid acub thar cionn a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Bhí, bhí.

JOHN: Ní chreidfeá go brách ach chomh maith ’s a bhí dar sin.

ÁINE: Hm.

JOHN: Sean nós ceart.

ÁINE: Sea. Agus a’ gcastaí mórán amhráin as Béarla meas tú, anois nuair a bhí tú a’ fás suas?

JOHN: Ó muise m’anam go raibh roinnt mhaith amhráin Bhéarla ag cuid acub.

ÁINE: Hm.

JOHN: Bhí. Ó go deimhin bhí, bhí.

ÁINE: Agus tá ’fhios a’d an chaoi a mbíonn dar a’, a’ casadh láimh daoiní .…

JOHN: …. Bhí ….

ÁINE: …. nó iad a windáil?

JOHN: Bhíodh.

ÁINE: Meas tú cé as, cé as a tháinig an style sin?

JOHN: Bhuel níl ’fhios a’m ach bhí sé ann agus ba deas é. Thabharfadh sé sóirt cúnamh gon té a bheadh a’ casadh an amhrán.

ÁINE: Thabharfadh sé misneach dhób….

JOHN: …. Bhí, bhí agus ag imeacht leis an….

ÁINE: …. Agus céard .…

JOHN: …. Rhythm, rhythm céanna.

ÁINE: Sea. Cén t-ainm a thug sibhse ar sin anois, a’ raibh aon ainm speisialta agaibh air?

JOHN: Ní raibh by deaid, ní raibh.

ÁINE: Ach iad a windáil suas.

JOHN: Go díreach glan.

ÁINE: M hm.

JOHN: Ag iarraidh a bheith a’ cuir feabhas air.

ÁINE: Sea, céard iad na hamhráin ba coitianta le do linn sa anois, nuair a bhí tú a’ fás suas?

JOHN: Óra bhíodh go leor, Mainistir na Buaile ’s cinn mar sin, sean chinn.

ÁINE: Hm.

JOHN: Bhíodh siad sin uilig ann, bhíodh.

ÁINE: Agus an Croppy Bocht?

JOHN: Ó bhuel ní raibh sé sin ann.

ÁINE: Ní raibh sé an t-am sin ann?

JOHN: Ní raibh sé sin choir a’ bith ann.

ÁINE: Cé na’ raibh?

JOHN: Ní raibh caint ar bith ar sin, i mBéarla a bhí sé sin.

ÁINE: Sea.

JOHN: Tá mé a’ ceapadh nach mórán a bhfuil ’fhios aige é sin ach a’m péin.

ÁINE: Nach shin é a chuala mé anois go bhfuil tú féin go maith é sin, chuala mé féin thú á chasadh.

JOHN: Nach, nach i mBéarla a bhí sé sin mar a déarfá.

ÁINE: Sea

JOHN: Ar dtús ‘Good Men and True’. Bhí muid a’ déanamh drama, bhíodh muinn a’ déanamh drámaí go minic a’ dtuigeann tú. Bhíodh muid a’ déanamh drámaí thiar i scoil Eoghanacht. Bhí Seán Concannon go ndéana Dia trócaire air, tá ’fhios a’d, ó ní chuimhníonn tú ar sin.

ÁINE: Ní chuimhním.

JOHN: Athair, athair Fionnghuala.

ÁINE: Á sea.

JOHN: Concannon agus Máire.

ÁINE: Ó chuala mé mo mháthair a’ caint air alright, Seán, Seán na Scoile.

JOHN: Sea agus Kitty, Kitty Flanagan, bhí sí a’ múnadh scoile ag an am freisin, iníon Flanagan.

ÁINE: Sea.

JOHN: Kitty, agus tháinig an t-amhrán sin Croppy Boy isteach ann, suas san amhrán mar a déarfá agus ansin i mBéarla a bhí sé a’ dtuigeann tú. Sin iad a chuir Gaeilge ansin air.

ÁINE: Ó a’ b’iad?

JOHN: Siad, agus bhí mise ann ’s d’fhoghlaim mise ansin é ’gus d’fhan sé a’m ó shin ach ní chloisim go, mórán á chasadh. Ní bhíonn. Ní bhíonn duine a’ bith á chasadh.

ÁINE: Ní bhíonn, ní bhíonn. Nach iontach an rud é sin.

JOHN: Ní, ní, níor fhoghlaim aon dhuine é ar bhealach eicínt.

ÁINE: Ach thú féin, so b’fhéidir go gcasfá ar ball dhuinn é sin? Anois an gcuimhníonn tú go mbíodh do mháthair nó do sheanmháthair a’ casadh, go ndéana Dia grásta orthub, go mbídís a’ casadh aon amhráiníní ‘uit a’ gabháil a chodladh?

JOHN: Ó bhuel ní chuimhním ar mo sheanmháthair a’ choir a’ bith.

ÁINE: Cé nach gcuimhníonn?

JOHN: Á no, ó bhíodh, bhíodh, bhíodh mo mháthair sílim a’ casadh Seothín Seothó a Stóirín mo Leanna’

ÁINE: Sea.

JOHN: Rudaí mar sin, á cuimhním, bhíodh, bhíodh sí sin ach, bhíodh sí a’ casadh amhráiníní bheaga.

ÁINE: ’S dóigh go b’shin le na gasúir bheaga a chuir a chodladh, go mbíodh an style sin acub fadó?

JOHN: Bhíodh, bhíodh, bhí. Cliabhán ’s a gcois leagthaí acub ’s iad a’ criotáil ’s a’ bogadh ’s a’ bogadh.

ÁINE: ’Bogadh ‘s a’ casadh leob.

JOHN: Shea, go díreach, crónán.

ÁINE: Nach ea, (gáire) nach ea. Anois a, a John a’ mbeadh tada a’ bith eile a thaitneodh leat inseacht dom faoi amhránaíocht?

JOHN: Ó muise níl, (gáire) níl.

ÁINE: An ndeachaigh tú ag an Oireachtas uair ar bith?

JOHN: Bhueel bhí mé ann babhta amháin, ach ní ag an Oireachtas a chuaigh muinn ach chuaigh muin, chuaigh muinn in éineacht le Seán, Seán Moroney, sílim a bhí air, bhít sé a’ plé le drámaí, le sórt drama a chuaigh muinn nó rud eicínt suas ….

ÁINE: ….Sóirt cabaret ….?

JOHN: …. Cabaret.

ÁINE: Hm.

JOHN: I mBlá Cliath agus bhí an Oireachtas, an tOireachtas ar bun an t-am céanna ’s bhí, chuaigh mé féin ’s Treasa [Ní Mhiolláin], glaoigheadh orainn mar déarfá.

ÁINE: Sea.

JOHN: Agus fuair chaon dhuine a’inn an uair sin an, an dara duais.

ÁINE: A’ bhfuair?

JOHN: Fuair.

ÁINE: Ó thar cionn.

JOHN: Chuaigh Treasa ansin aríst ann ina dhiaidh sin ’s ní dheachaigh mise riamh ó shin ann.

ÁINE: Sé ’n truaí é múis a John.

JOHN: Fuair, fuair muinn ann an dara duais.

ÁINE: ’S cén t-amhrán a chas tú?

JOHN: Nach iontach an rud é go bhfuil dearmad déanta a’m air.

ÁINE: Yeah.

JOHN: Ní chuimhním beo anois cén t-amhrán é, Is maith an scaitheamh ó shin é sin, ní chuimhním

ÁINE: Is iontach ansin nach….

JOHN: …. Ní raibh aon….

ÁINE: …. ndeachaigh tú….

JOHN: …. Ní raibh aon suim mhór a’msa in amhráin choir a’ bith chaoi ’cínteacht é, b’fhéidir á mbeinn sa teach ósta ’gus braoinín ólta a’m bheinn a’ casadh amhráin, ach

ÁINE: Sea.

JOHN: taobh amuigh dhe sin ní, ní, ní, ní raibh, níor chuir mé aon suim ann.

ÁINE: Agus ar thóg aon dhuine go do chlann, ar thóg siad i do dhiaidh le na hamhráin?

JOHN: Bhuel ní chloisim, níor chuala mé aon dhuine acub riamh a’ casadh aon amhrán.

ÁINE: Cé nár chuala?

JOHN: Tá glór acub, tá Gerard, glór maith aige.

ÁINE: Hm.

JOHN: Cheapainn go bhfuil a’ dtuigeann tú. B’fhéidir go, sílim go (--) Bíonn Tomás a’ casadh corr stéibh nuair a bhíos….

ÁINE: …. Sea….

JOHN: …. nuair a bhíos a dhóthain ólta aige, nach….

ÁINE: Ó ’s nach, sin é an chaoi a mbíonn dream na n-amhráin a’ casadh leob.

JOHN: Píosa anseo ’s ansiúd.

ÁINE: Sea….

JOHN: …. Tá glór aige alright.

ÁINE: Yeah.

JOHN: Tá sé in ann, tá, ach cheapainn go bhfuil Gerard go maith á mbeadh aon amhráin aige, ach

ÁINE: Sea.

JOHN: Ní bhíonn, níl aon, níor chuir siad aon suim ann, ní raibh ….

ÁINE: …. Bhuel níl sé éasca cuimhneamh ar na focla.

JOHN: Bhuel má fhoghlaimíonn, níl sé deacair ach an oiread, á mbeifeá, níl aon bhlas ann ach go gcaithfidh tú a bheith b’fhéidir a’, á gcasadh leat féin corr uair a’ dtuigeann tú

ÁINE: Sea.

JOHN: ’S go gcuimhneoidh tú ansin air. B’fhéidir dá mbeifeá ar an ngarraí nó suí síos in áit eicínt ’s sóirt bhuaileadh sóirt fonn, fonn (Sos)

ÁINE: M hm, fonn amhránaíochta.

JOHN: Shea, thosófá (sos)

ÁINE: Yeah.

JOHN: ’A déanamh píosa leat féin.

ÁINE: Agus labhair tú air nuair a bhíteá a’ gabháil ag an scoil seo drámaíocht thiar in Eoghanacht, a’ mbíodh sibh a’ déanamh agallamhaí beirte an t-am sin?

JOHN: Bhuel ní, ní, ní rinne mise aon agallamh beirte go háirid, b’fhéidir go raibh sé ag cuid acub ach ní, ní raibh, ní rinne mise aon agallamh beirte ach bhí muinn i gcúpla drama. Bhíodh, bhíodh drama faoi dhó sa mbliain an uair sin ann, b’fhéidir ceann roimh an Nollaig ’s ceann faoi Fhéile Padraig ’s mar sin.

ÁINE: Agus cá mbíodh na drámaí sin agaibh, sa scoil ab ea?

JOHN: Thoir, bhuel bhíodh, [thai]speáintí, bhíodh, bhítí a’ gabháil soir sa halla i gCill Rónáin. Bhí sé, an áit go maith an uair sin, bhí an stáitse mór go maith ann an uair sin.

ÁINE: Sea.

JOHN: An sean cheann (stáitse). Baineadh as é sin ansin tá cúpla, roinnt blianta. [ó shin]

ÁINE: Baineadh.

JOHN: Níl sé ann, tá mé a’ ceapadh nach bhfuil sé chomh maith anois, níl ’fhios a’m.

ÁINE: Níl ach tá rún acub stáitse eile a chuir ann.

JOHN: Níorbh [fo]láir dóibh é le drámaí ar chum ar bith.

ÁINE: Níorbh [fo]láir.

JOHN: Ach by deaid níl dráma a’ bith in Árainn anois.

ÁINE: B’fhéidir go mbeadh ceann a’ teacht i mí Márta alright.

JOHN: Bheadh sé go deas.

ÁINE: Chuala mé, as an Spidéal. Bheadh sé go hálainn.

JOHN: Ó bheadh.

ÁINE: Chaithfeadh sé an oíche. Anois a John feadfaidh tú amhrán eicínt a chasadh dhom le do thoil.

JOHN: Bhuel casadh mé an t-amhrán dhuit a bhí mé a’ rá, An Captaen Seoirse Ó Máille.

ÁINE: Sea.

JOHN Ó ’s an chéad lá go mhí ’s gon Fhómhar

Is sea chrochadh muid na seolta

ag’ tarraingt ar na cóstaí úd

A’ Tóin an Mhionnáin Siar

ó gus thart anseo le Cliara agus Acaill Bheag taobh thiar dhe

Is go hInis Airc ár dtriall, bheadh aoireacht orainn ann.

Ó ’gus thart le Rinn an Mhaoile agus síos chun Cruach na Caoile

Tá an Cloigeann le na thaobh sin ’s Trá Bhríde ina dhiaidh

Nó gur dhoirte muid le fána ó trí fharraige ’s í ag cáitheadh

Go ndeachaigh muid an rátha mar is ann a bhí ár dtriall

Is ag síneadh dhuinn le hÁrainn ó mhéadaigh orainn gála

Bhí cúrsaí istigh ar an trá a’inn ’s ní mba trá faillí é

Mar d’ardaigh sé chun feothain is as sin chun gaoithe móire

Nó gur chrochadh muid na seolta is níor mhór dhuinn é in am

An fharraige gur léim sí agus las na tonnta tréana

Óra chreathnaigh na spéartha agus mhéadaigh ar an gceo

’S dhá mbeadh caint ag na clára is go n-inseoidís scéal cráite

A ghaireacht is a chuaigh an bás dúinn ’s gan eadrainn ach iad

’S bhí criú na loinge ar aon chor ag dearcadh ar chlár m’éadain

(Guthán ag glaoch)

Ag súil le cabhair a dhéanamh Is gan aon mhaith dhób ann

Ach dúirt mé leob ar aon chor ó go ndéanfainn dóibh a bhféadfainn

Ag iompar a gcuid éadaigh an fhaid ’s b’fhéidir lei snámh

Ó ’gus tá mo lámha stróicthe ó go síoraí ag tarraingt rópaí

Tá an craiceann is tá an fheoil ó tógthaí amach ón gcnáimh

‘S má sé an bás a gheall mac Dé dhúinn á cén ghar atá dhá shéanadh

Ach a ghabháil go flaithis Dé dhúinn ar aon staid amháin

ÁINE: Ó Dia leat a John, bhí sé sin go hálainn. A’ b’shin é an chéad cheann a d’fhoghlaim tú ag a’ scoil ….?

JOHN: …. Sé muis ag a’ scoil, sé.

ÁINE: By deaid nach maith ’tá sé fanta .…

JOHN: …. (Gáire) Sé muis ….

ÁINE: …. i do chuimhne ó shin.

JOHN: Cén chaoi a raibh sé sin (an t-amhrán) anois?

ÁINE: Bhí sé go hálainn, tháinig sé amach go hálainn.

JOHN: Dá gcloisfeadh muid píosa beag de.[Bhí John ag iarraidh píosa beag den taifeadadh a chloisteáil]

ÁINE: Yeah anois a John.

[Tosaíonn John ar amhrán eile]

JOHN: ’S má bhímse beo Lá Leoin tabharfaidh mé ’n chuairt úd ’n thart siar

Agus beidh mo stóirín go brónach nó go bhfillfeadh mé ar ais aniar

Mar shúil is nach dtógfadh an óig mhnaoí orm í fháisceadh le mo chroí

Ó ’gus beidh muid ag ól Dé Domhnaigh a stór ’s ná raibh maith acub ná maoin.

’S dhá mbeadh lán na páirce báin agam ó de bha agus de lao

Agus maoile a bheith ar na carranaí le gineachaí breá buí

Is ortsa féin a bhronnainn iad ’gus leanainn thú sa snámh

’S go dtreabhainnse páirt an fharraige i ndiaidh mo mhuirnín bán

Ó ’gus d’eite mé bean airgid agus d’eite mé bean óir

Agus d’eite mé ina dhiaidh sin bean búclaí buí na mbróg

Mar shúil go mbeinn is tú an chéad searc in áit eicínt ag ól

Mar is tú an chéad bhean ar lig mé mo rún lei agus tú in do ghearrchaile óg

’S nach fada síos Crua’n Chaoireann is ann atá mo mhian de chailín óg

Nár sínte síos de ló ’gus d’oíche ar leaba chlúmhach na n-éan

’S tá fuil mo chroí ag teacht ina braon ’s mé dhá taoscadh thar mo bhéal

Is a stóirín mo chroí ná ceil orm mara bhfuil tú ’n dá réir

’S tá triúr cailíní ar an mbaile seo a dtug mo chroí dhób grá

Tá ba agus caoire ag cuid acub agus airgead le fáil

Ach an bhean is boichte uilig acub a dtug mo chroí di grá.

’S má theann tú ag an aonach tabhair an chaora leat ’s an t-uan

‘S ma théann tú ag déanamh tíomhais bíodh do mhian agat ar dtús

Bí críona, céilí, carthanach agus molfar thú as do chliú

‘S ná bíodh do mhian ar aon taobh tíre leat agus ná mealltar le “__” thú

ÁINE: Ó Dia leat, Dia leat. Cén t-ainm atá ar an amhrán sin a John?

JOHN: Lá Leoin.

ÁINE: Lá Leoin.

JOHN: Shea. ‘Má Bhímse Beo Lá Leoin’.

ÁINE: ’S cá bhfuair tú é sin anois, an t-amhrán sin?

JOHN: Ó muise m’anam gur fadó an lá a fuair mé é sin, athair, athair Chóilín Mhicilín, Paitín Mhicilín, bhít sé a’ casadh amhráin freisin.

ÁINE: Hm.

JOHN: Ach gur amhráin Bhéarla is mó a bhíodh aige.

ÁINE: Sea. Ní mórán a chloisfeá anois a’ casadh an t-amhrán sin.

JOHN: ‘S dóigh nach ea.

ÁINE: M hm.

JOHN: Píosaí de.

ÁINE: Anois a John b’fhéidir go gcasfá ‘An Croppy Bocht’ dom a d’fhoghlaim tú blianta fada [ó shin] ag a’ scoil.

JOHN: A dhaoiní mhaith atá sa teach seo anocht

An dtabharfadh sibh eolas do bhuachaill bocht

’S má tá an sagart istigh an bhfeicfidh mé é

Dhá ba mhaith liomsa faoistin ó aspal Dé

’S tá an sagart istigh a mhic ’s feicfidh tú é

Is furasta labhairt le aspal Dé

Ach fán go fóill ó go bhfeicfidh mé an bhfuil

An t-athair ró naofa leis féin istigh.

Isteach leis an mbuachaill ins an halla ciúin

B’uaigneach a choiscéim ’s ba éadrom a shiúl

’S bhí an seomra gruama loma fuar

Agus sagart gléasta ina shuí sa gclúid

Cromann an t-óig fhear anuas ar a ghlúin

In nomoni Dei nochtann sé a rún

Ag Mea Culpa buaileann sé a ucht

’S i monúr bhriste leanann sé air.

Tá ascainní déanta a’m trí huaire ó cháisc

Is d’fhágas an tAifreann chun sugrú tráth

Chuas thar an reilig fá dheifir lá

‘Gus dhearmad mé paidir le hanam mo mháthar.

Níl olc ná fuath agam d’aon dhuine beo.

Is gráód mo thír thar aon rí go deo

Anois a athair do bheannacht agus lig dom trial

Nó go bhfaighidh mé bás má tá in ann ag Dia.

Níor labhair an sagart ach chraith sé a bhrat

Scanradh an buachaill ar a bhreathnú thart

Bhí na clócaí air is é ina sheasamh ansiúd

Bhí captaen mór gallda agus fearg ina ghnúis.

Ina ghnúis bhí fearg ’s ina shúil bhí nimh

I leaba na mbeannachtaí scread sé mionn

Anois a mhic ó tá t-airí ré

’S i gceann uair a’ chloig beidh tú i lár do Dhé.

Amuigh ar an abhainn tá trí bhád ag snámh

Tá an sagart i gceann mara bhfuair sé bás

’S beidh an teach seo againn in ainm a’ Rí

’S Amen a deirim go gcráitéar sinn.

Ag bearaic Geneva fuair an t-óig fhear bás

Ag an bPasáiste thiar a síneadh a chnáimh

A dhaoine mhaith tá i síocháin anocht

Cuirí paidir le hanam an chroppy bocht

ÁINE: Ó bhí sé sin go hálainn ar fad. Go raibh míle maith a’d anois a John faoi do chuid amhráin ar fad.

JOHN: Ó go raibh maith a’d a stór, tá fáilte romhat.

[Tar éis an téip a chasadh dhe thosaigh John ag caint agus ag amhránaíocht arís agus chas Áine ar an téip arís.]

ÁINE: Anois tá John anseo a’ gabháil a’ casadh píosa gon Raicín Álainn dhuinn.

JOHN: Ó ’gus cailín beag deas óg mé ’gus tá mise buailte síos.

’S ní dhéanfaidh mé aon gháirí nó go dtaga mo ghrá sa aríst

An ghruaig a bhí ina dualtaí ’s atá ag imeacht ina ceo le gaoth

Ó chaill me an raicín álainn a bhíodh go hard i gcúl mo chinn.

Agus cailín beag deas óg mé agus tá mise buailte síos

’S ní dhéanfaidh mé aon gháirí nó go dtaga mo ghrá sa aríst.

An ghruaig a bhí ina dualtaí ’s tá ag imeacht ina ceo le gaoth

Ó chaill mé an raicín álainn a bhíodh go hard i gcúl mo chinn.

Agus cailín beag deas óg mé agus tá mise buailte síos

’S ní dhéanfaidh mé aon gháirí nó go dtaga mo ghrá sa aríst.

An ghruaig a bhí ina dualtaí ’s tá ag imeacht ina ceo le gaoth

Ó chaill mé an raicín álainn a bhíodh go hard i gcúl mo chinn.

Agus maidin aoibhinn Earraigh ’s mé a’ gabháil sléibhte an bhóithrín síos

’S do casadh ormsa an óig bhean is a crú bó sea bhí

Chuaigh mé faoi na coinne agus theannadh mé anall liom í

Mar sí Máirín an chúilín óra an ainnir a gheit mo chroí.

’S bíonn an sonas ’s bíonn an séanadh ins gach áit dá dtéann mo ghrá

Bíonn ceiliúradh ann agus clúmhach na n-éan gach nóin ’s gach maidin bhreá

Bíonn an lonn dubh 's an smóilín ag seinm ann gach lá

Ó 'gus fágfaidh muid feasta an chraobh acub ó [a] phéarla an bhrollaigh bháin.

ÁINE: Ó Dia leat a John, Dia leat, chuala mé thú 'á chasadh sin go minic agus is, is breá uait é chasadh. Anois cumaoimh amhrán ansin, Bóthar an Gharraí Nua, nuair a bhí siad a’ tógáil ehm, a’ déanamh bóthar thíos ansin i gCreig a’ Chéirín ab ea?

JOHN: Sea, síos, bhí sí siar ansin.

ÁINE: Agus chaith ehm, chum Éamonn Ó Tuathail an chéad cheann [Bhí dhá amhrán scríofa faoin mbóthar]

JOHN: Chumadh sé, chumadh sé, sin é Bóthar an Gharraí Nua a thugtar ar sin.

ÁINE: M hm.

JOHN: Bhí, bhí.

ÁINE: Agus chum Matt [Matt Pheaits Rua nó Matt Neainín Ó Maoláin] ansin an dara ceann.

JOHN: Chum, chum sé, ceann ina aghaidh mar a déarfá. Sé a bhí ina, na saoiste ann nó ina ghanger mar a déarfá.

ÁINE: Ó Matt ab ea?

JOHN: Sé, sé, sin é a’ fáth [gur scríobh sé an dara amhrán]

ÁINE: Yeah. Agus an gcuimhn’á ar ruainne gon amhrán sin anois, meas tú, a chum Matt ….?

JOHN: Ar ndóigh bhí sé a’m ceart go leor ach fadó an lá anois nár, nár chas mé é, níl mé in ann a rá anois go bhfuil sé a’msa chomh maith sin. Tá corr phíosa de a’m ach tá dearmad déanta a’m air by deaid, mar fadó an lá nár chas mé é, an dtuigeann tú.

ÁINE: Ach is dóigh gur amhrán é nach mbeadh ag aon duine anois?

JOHN: Bhuel níl sé ag mórán déarfainn go deimhin, ní chloisim aon dhuine dhá chasadh. D’fhéadfadh sé a bheith ag a’ radio ceart go leor, in áit eicínt ag Máirtín Jaimsey.

ÁINE: Meas tú?

JOHN: Á bhí sé ag Máirtín.

ÁINE: Ar chas tú féin é?

JOHN:; Ó chas mise go minic é.

ÁINE: Go Mháirtín Jaimsey, cheaptá?

JOHN: Chas, chas.

ÁINE: Hm.

JOHN: Chas mé go Mháirtín é alright. Ach bhí mé, bhíos a’m uilig é an uair sin. Bhí go leor, bhí sé fada an dtuigeann tú ach

ÁINE: Hm.

JOHN: Ní ch[uimhním], fadó anois tá ’fhios a’d déanamh tú dearmadaí ….

ÁINE: …. Yeah ….

JOHN: …. ar na rudaí, na bhéarsaí i ndiaidh chéile ach casadh mé pisín de.

ÁINE: Pisín beag anois, tóg d’am, nuair a bhéas tú ré.

JOHN: ’S ar chuala sibhse a chairde an t-amhrán atá curtha ar fáil díbh

Ag caith tarcaisne is droch cháil ar dhaoine fiúntach cóir

Nach an fear a fuair a pháipéar ’s a chuaigh a’ scríobh síos le na pheann air

Ba chóir go mbeadh air náire mar níor bhaineann cúrsaí dhó.

’S níl coirnéal ná ceann sráide anoir ó t’Andy Mháire

Nach bhfuil an bailéad úd le fáil ann ’s é dhá dhíol ar chúpla pingin.

Ach a’ réir mar tá [a]nois ráite, óra beidh sé air a’ stáitse

Ach beidh an ceann seo le na shála nó b’fhéidir air teilifís.

Ó dá d’téinnse amach as Árainn, ó go Spidéal nó go Bearna

Agus bualadh isteach i scoil eicínt mar chigire ón Roinn

’S nach fúmsa a dhéanfaí an gáirí ’s chuirfí scéala ag na gardaí

’S mara ngabhadh aon dhuine thar mo phardún ó ba deacair dhomsa ’thíocht saor

Ach ní fhearacht sin ag saoiste é, tá mo shuí ó mhaidin go tús oíche

Ag comhairliú go na daoiní ’s a’ scríobh síos le na pheann

Níl foscadh aige ná dídean ó fhearthainn ná ó shíon ann

Ach a’ cartadh clocha ’s créafóig ’s a’ tógáil claíchaí ard’

’S nuair a ceapadh mise i mo shaoiste leis an mbóthar seo a fheiceáil déanta.

Bhí… [stop John ag casadh anseo mar bhí dearmad déanta aige ar na focail]

ÁINE: Níl sé éasca Ar ndóigh cuimhneamh…

’S nuair a ceapadh mise i mo shaoiste leis an mbóthar seo a fheiceáil déanta.

[Chas John aríst na cúpla líne dheireanacha le súil go gcuimhneodh sé ar an gcuid eile den amhrán]

JOHN: Ó a Thiarna is bocht é, ó dhiabhail bhí sé go maith.

ÁINE: Bhí sé curtha le chéile thar cionn aige

JOHN: Ó bhí, bhí, bhí. Á a Thiarna bá é an truaí gur lig mé…

[Tosaíonn sé ag casadh arís]

Clár oibre leagtha síos dhom ag an bhfear cinn a bhí san áit

Sé [a] chomhairle a chaithfinn a dhéanamh le mo dhualgas a chomhlíonadh

’S ní thógfainn focal ná bríb ó aon fhear ins an áit

’S an bóthar seo a bhfuil a’ rí-rá faoi, ’s a laghad ’s atá déanta

Níl tábhacht ’s níl brí leis ’s níl mórán le ghabháil ann

Nach ó athraoibh an cosán díreach a bhí riamh ansiúd ag ár sinsir

Nár dheacair “___+” ó gon bealaigh le cur ann.

Bhíodh spraoi againn ’s bhíodh spóirt ’ainn, bhíodh caint againn agus comhrá

Ó leath uair thréis a dó dhéag nó go mbuaileadh sé a haon

Ach bhí ciúin ciontach san airdeall, ’s an ruaig baintí gon mhála

’S ní nár bhfiú leat trácht air ar scéal Éirinn ins an oíche.

’S tá abhcóidí na tire ag súil le roinnt a shaothrú,

’S má cheaptar gur cúis dlí é, is a’msa a bhéas an lá,

Mara bhfaigh mé beagán míniú cén uair a dúirt me leis na daoiní

Fanacht ina suí síos nó ghaháil isteach faoin áil

Ach á mairfinnse beo na céadta ’s dhá bhfaighinn aois na Cailligh Béarra

Tá súil agam nach n-éileofar orm aon obair a dhéanamh go brách aríst

San áit a mbeidh baint ná déileáil ag daoiní aineolach gan chéill leis

’S mo mhallacht go Creig a’ Chéirín sé tá aerach ar an ard

Á níl a leath ansin ná baol air.

ÁINE: Ó sábhála Dé sin bhí, bhí an-fhad leis mar sin ….

JOHN: …. Ó bhí sé sin, ach tá go leor fágthaí amach ach tá dearmad déanta a’m air ach b’fhéidir go gcuimhneoinn am eicínt air ceart.

ÁINE: Sea, bhuel I mean tá sé sin thar cionn an méid sin féin. Níor chuala mise riamh é sin anois.

JOHN: Á bhí sé sin thar cionn.

ÁINE: Chuala mé gur scríobh sé é ach níor chuala mé na focla riamh. Scríobh Cóilín Mhicilín ceann eile ansin….

JOHN: …. A bhí sé sin, rinne sé ceann eile ansin. Bhí, bhí, á ní chuimhním, níl ’fhios a’m tada dhe sin mar d’eiríobh as an obair uilig ar deireadh mar bhí sé a’ tarraingt sóirt badráil.

ÁINE: Yeah, so is dóigh gur eh gur scríobh Cóilín ansin é le réiteach a dhéanamh idir .…

JOHN: …. Ag iarraidh a bheith a’ déanamh réiteach. Sé an t-ainm a thug sé ’A dTroscán’ a thug sé air.

ÁINE: Ab ea?

JOHN: Sea, sóirt réiteach idir, idir, eatorab uilig a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Bhain dar bliain is dóigh as a’ plé leis uilig is dóigh.

JOHN: Bhí sé sóirt píosaí maith, bhí se suas le bliain.

ÁINE: Bhí. Bhuel Anois a John tá seanfhocal eicínt a’d faoi cuir fataí go luath.

JOHN: Bhuel faoi chuir rud a’ bith mar a déarfá, tuí ná rud a’ bith, a’ dtuigeann tú, an chaoi a bheadh daoine a’ rá “chuir tú ró luath iad” nó rud eicínt mar sin ’s tá sé chomh dona céanna má fhágann tú ró-fhada iad….

ÁINE: …. (Gáire) Ró dheireanach iad, sea.

JOHN: Faoi (--) Tá sé an chaoi chéanna anois dhá mbeadh tuí le gearradh a’d nó féar le gearradh a’d nó rud eicínt mar sin, deir, deireadh duine “á ghearradh go luath” agus déarfaí, bheifí a’ rá leob “ó nach luath tá sé á ghearradh” ’s seo siúd, ach tá seanfhocal ‘Bíonn daoine a’ magadh fúmsa nuair a bhainim an eorna ghlas ach beidh mise a’ magadh fúb nuair a thiteas an dé sa gclaithis’.

ÁINE: Ó by deaid.

JOHN: Hm.

ÁINE: Sin é anois á gcuirfidís na fataí ró luath ….?

JOHN: …. Sea, bhuel sin é é, agus….

ÁINE: …. Sea….

JOHN: …. mar déarfá, bheith mall leis an rud, a’ dtuigeann tú?

ÁINE: Sea.

JOHN: Bheifí a’ magadh faoi an té a bheadh a’ déanamh an rud go luath ’s a raibh….

ÁINE: …. Sea ….

JOHN: …. tá sé ró luath é a dhéanamh ’s seo siúd .…

ÁINE: …. Sea ….

JOHN: …. ach b’fhéidir go mbeadh sé fanta ar deireadh nó go mbeadh an rud ó rath.

ÁINE: Sin é an rud.

JOHN: A’ dtuigeann tú.

ÁINE: Sin é, tuigim ….

JOHN: …. Sin é an chiall atá leis.

ÁINE: Tuigim.

JOHN: Bíonn daoine a’ magadh fúmsa nuair a bhainim an eorna ghlas ach beidh mise magadh fúb nuair a thiteas an dé sa gclais.

ÁINE: M’anam gur minic a bhíonns is dóigh.

JOHN: Sin é anois é.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú ar aon seanfhocal eile?

JOHN: Ó muise ar ndú, á mbeifeá a’ caint.

ÁINE: Sea.

JOHN: Sé ’n chaoi a dtiocfaidh seanfhocla a’d de réir mar tá tú a’ caint.

ÁINE: Sé, sé.

JOHN: Is deacair leat cuimhneamh ar rud nó go dtiocfadh sé isteach sa gcaint, a’ dtuigeann tú.

ÁINE: Tá ’fhios a’m.

JOHN: Ó tá, bheadh neart, neart.

ÁINE: Yeah.

JOHN: Ach a’ dtuigeann tú….

ÁINE: …. B’fhéidir go mbeadh lá eile a’inn orthub, ar na seanfhocla mar sin.

JOHN: Rud eile a’ dtuigeann tú anois, tharlódh rud eicínt mar déarfá ’s b’fhéidir ghortófaí duine nó bheadh duine an-dona ’s chuile shóirt, bheifí a’ caint, ’s a’ caint, ’s ’a caint agus, ach tá focal, seanfhocal mar seo ‘níl aon mhaith sa seanchas nuair atá an anachain déanta’

ÁINE: (Gáire) M’anam gur fíor é.

JOHN: Ó tá rudaí mar sin ann.

ÁINE: Tá go leor. Bhuel go raibh míle maith a’d faoi sin aríst a John agus fad saol a’d.

More information about transcription notation.