Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00042

Recording
BBAF.00042
Format
MiniDisc
Duration
27:37
Date
8 March 2002
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collectors
Catherine Uí Iarnáin
Síle Seoighe
Informant
Pádraic Stiofáinín Ó Flaithearta
Archival information
MD 48 Pádraic Stiofáinín Ó Flaithearta. Obair chloiche; Iascaireachta.
Additional information
MD 48 Pádraic Stiofáinín Ó Flaithearta. Stone work; fishing.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00042
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

CATHERINE: Inniu an hochtú lá go Márta dhá mhíle agus a dó. Tá muinn anseo i dteach Pádraic Ó Flaithearta nó Pádraic Stiofáinín mar a thugtar ainm air agus tá mé fhéin Catherine Tom Mhileadh agus Síle Dillane a’ gabháil a’ cuir agallamh air faoi chlaíochaí. Dia dhuit a Phádraic.

PÁDRAIC: Dé 's Muire dhuit.

CATHERINE: A’ dtógann tú fhéin claíohaí a Phádraic?

PÁDRAIC: A ní go leor, bhuel thóg mé beagán díob, thóg mé beagán díob. Claíochaí, claíochaí dúblaí. Ar dtús caithfidh tú na huirlisí a bheith a’d. An gró agus ord agus casúr beag eile níos éadroime ná an t-ord le bheith briseadh na gclocha beaga a’ bhfuil ’fhios a’d. Ansin braitheann sé, braitheann sé ar na clocha, caithfidh tú máthaireachai a chuir sa gclaí dúblaí a’ bhfuil ’fhios a’d, clocha mora leathana a’ bhfuil ‘fhios a’d agus caithfidh tú iad a chuir ina seasamh suas, seasamh ar nós atá sé sin anois go díreach.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Agus ansin tógáil eatarthub sin le clocha beaga ar chaon taobh, feidín a thugann siad air. Dhá throigh go leith dhe sin a chuir futhub sin agus ansin, b’fhéidir ar dtús go mb’fhearr dhuit sé nó seacht go cheana go na máthaireachaí a shocrú agus bheadh neart obair ansin le déanamh a’d a’ líonadh eatarthub sin, a’ líonadh eatarthub

SÍLE: A’ líonadh

PÁDRAIC: Go ngabhfá dhá throigh nó mb’fhéidir dhá throigh go leith, breathnaíonn sé níos deise.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: É a bheith beagán níos airde agus nuair a bheadh sé sin tógthai ansin a’d, tuilleadh máthaireachaí a chuir síos agus mb’fhéidir go mbainfeá píosa maith go scór coisméigeachaí amach sa ló dhá mbeadh na clocha fairsing ach nuair a bheadh sé sin déanta, mb’fhéidir scór cois[méig], mb’fhéidir go gcuirfeá ardú air, ardú a chuir ar a’ gclaí ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. ansin agus níor bhfoláir dhuit go claí singil ansin, níor bhfoláir dhuit trí troigh a chuir as a cionn. D’fhéadfá cloch a chuir trasna ar a’ bhfeidín nuair a bheadh sé timpeall ’s an dá throigh go leith a choinneoidh ina chéile é a’ bhfuil ’fhios a’d agus ansin tógáil ós a chionn aríst le clocha singil go ngabhfá trí troigh, trí troigh, bheadh claí cúig troigh go leith ansin a’d.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Claí ard go maith.

CATHERINE: Agus a’ b’é chomh ard céanna a bhí chuile chlaí, nó?

PÁDRAIC: Bhuel níorbh é nach Ar ndóigh d’fhéadfá gan é a chuir ach cheithre troigh nach, bheadh foscadh maith ag beithíoch le luí faoi, a’ bhfuil ’fhios a’d a dhul isteach faoi

CATHERINE: Sea

PÁDRAIC: É a bheith roinnt ard agus é a bheith dúblaí dhá bhféadfá é.

SÍLE: Sea.

CATHERINE: Agus cé as a d’fhoghlaim tú do cheird?

PÁDRAIC: Á muise níor fhoghlaim mé ar chor ar bith í ach a’ breathnú ar dhaoine a’ tógáil ar dtús nuair a bhí mé óg, múineadh na claíochaí fhéin thú nuair a bhreathnaíonns tú ar cheann eile beidh ’fhios a’d ansin le, dhá bhfeicfeá ceann tógthaí beidh fhios a’d ansin, Ar ndóigh beidh tú mútáil leob ansin dtógtha tú iad. Ar ndóigh tá dhá chineál claí ann, d’fhéadfá claí singil a thógáil freisin gan balla dúblaí a’ bith a chur faoi ach é a thógáil mb’fhéidir ceathair nó cúig go throigh ar airde, é sin a bheith singil aníos ón talamh

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Claíín beag, clocha beag in íochtar agus coinneál ort suas go ngabhfá cheithre troigh nó chúig troigh. Braitheann sé uilig ar na fairsing, chomh fairsing atá ins na clocha a’d.

CATHERINE: Agus cén cineál clocha ansin a chuireadh sibh sna claíochaí, a’ mbíodh clocha difríocht ann nó?

PÁDRAIC: Ara ní bhíodh, cloch aoil uilig. Ar ndóigh ní féidir aon chloch ghorm a fháil mara ngabh tú isteach faoi na háiltreachaí dhá baint.

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Ní bhfaigh tú ós cionn talamh an chloch ghorm. Ní bhfaigh.

CATHERINE: Agus a’ dtógadh sé i bhfad orthaí claíochaí a thógáil?

PÁDRAIC: A bhuel braitheann sé, dhá mbeadh na clocha fairsing, ní thógadh, mara mbeadh sé an-fhada a’ bhfuil ’fhios a’d.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Ach dhá mbeadh sé fada, a níor bhfoláir dhuit cúnamh leob, níor bhfoláir duit beirt go háirid.

CATHERINE: Agus cá gheobhadh sibh na clocha?

PÁDRAIC: Bheadh na clocha le baint a’d leis an gró. Bhainfeá na clocha leis an ngró agus leis an ord agus ansin, leis, níor bhfoláir dhuit geantrachaí dhá mbeidís deacair, geantrachaí a chuir faoin gcloch ar nós é sin anois.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: A chrochadh an chloch.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: Sin é an sóirt obair a bhíodh muinn a’ dhéanamh leob, sé.

CATHERINE: Agus cén áit ar an oileán anois a gheofá an cloch gorm ann, dá mbeifeá ag iarraidh cloch gorm?

PÁDRAIC: Bhuel níl sí chomh fairsing sin, mb’fhéidir nach bhfuil sí gann, a’ bhfuil ’fhios a’dsa timpeall a’ chladaigh, síos ansin tá, tá neart clocha gorm timpeall na cóstaí an chladaigh, clocha gorma uilig atá timpeall an chladach.

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Síos ag a’ Mainistir, in aon chladach ….

SÍLE: …. A’ b’ea

PÁDRAIC: Go ngabhadh tú go mBungabhla. Tá roinnt clocha gorma thiar, chonaic mé í, an aill i mBungabhla ag an mbóthar ó thuaidh, bóthar ó thuaidh Bhungabhla.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Tá roinnt clocha gorm ansin, tá clocha gorma thoir ansin ag, faoin teach, na, na tithe atá siad a thógáil anseo leis na sean dhaoine

SÍLE: Á a’ bhfuil?

PÁDRAIC: Is ann a baineadh clocha, linne an áit sin

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Is ann a baineadh an chloch le séipéal Chill Rónáin

CATHERINE: A’ b’ea?

PÁDRAIC: A’ bhfaca tú an chloch ghorm atá taobh amuigh ann ….

SÍLE: …. Sea

PÁDRAIC: Is ansin a baineadh iad.

SÍLE: A’ b’ea?

PÁDRAIC: Sea.

CATHERINE: Níl ’fhios a’d cé a thóg na Leachtaí?

PÁDRAIC: Níl ’fhios a’m cé a thóg na Leachtaí ach tá na Leachtaí sin ann, tá ceann leis an muintir s’a’inne ann.

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Ansin thoir. Tá ainm mo sheanmháthair uirthi mar [ba] as an Mainistir mo sheanmháthair.

SÍLE: Á a’ b’ea?

PÁDRAIC: Dreabhar go muintir Johnny Sheáin Ruairí thoir.

SÍLE: Á a’ b’ea?

PÁDRAIC: Sea, col seisear mise agus Maidhcil Johnny Sheáin agus Gregory Johnny Sheáin ….

SÍLE: …. Sea.

PÁDRAIC: Sea, mo sheanmháthair as an Mainistir, Nan, Nan Ruairí a bhí uirthi, athair Johnny Sheáin Ruairí, bean Joe Watty agus bean, máthair Eveleen thiar ansin.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Ba col seisear mise agus Eveleen Mháirt.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Bean Mhartin Mhicil Mhóir agus bean Mhaidhcilín Gill

SÍLE: Oh yes.

CATHERINE: Níor thóg tú aon chlaí a fuair tú aon deontas as? Bhíodh fear na fataí a’ tabhairt deontas fadó as claíochaí a thógáil.

PÁDRAIC: Muise fuair, fuair babhta amháin, bhuel thóg, bhí, bhí fear, bhí mé, claí teorainn thiar ansin thiar idir mé fhéin agus John Mháirt, tá sé imithe anois, tá sé básaithe le roinnt blianta, Tony.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Dessie,[clann mhac John Mháirt] ach thóg muid claí amuigh ar áit a dtugann siad an Droim Rua air.

SÍLE: Á sea.

CATHERINE: Cá bhfuil an áit sin anois?

PÁDRAIC: Amach ón, amach uaidh an lighthouse sin, bhí sé cheithre chéad agus dhá fhichid coisméig ar fad, is fada an claí é sin.

SÍLE: Muise?

CATHERINE: Agus ar claí speisialta ab ea a bhí dar ag iarraidh a dhéanamh nó?

PÁDRAIC: Ar ndú, teorainn ….

CATHERINE: …. Teorainn….

PÁDRAIC: …. Claí teorainne.

CATHERINE: Á yeah.

PÁDRAIC: Agus bhfaighfeá, eh bhfaighfeá beagán airgead astub an t-am sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CATHERINE: Agus céard a chiallaíonns claí teorainn anois?

PÁDRAIC: Idir, idir mise agus John Mháirt. Bhí an claí ansin agus bhí mise ar an taobh sin agus bhí John Mháirt ar an taobh sin agus ansin tá leath chlaí a’ gabháil dhomsa agus leath an chlaí a’ gabháil dhósan ach sé an chaoi a ndeachaigh muine dhá thógáil

SÍLE: Eadraibh.

PÁDRAIC: Nó sin d’fhéadfadh mise a dhul a’ tógáil mo leath fhéin agus seisean a’ tógáil a leath fhéin.

CATHERINE: Sea.

PÁDRAIC: Ach fuair seisean cúpla duine freisin in éineacht liom. Ní chuimhníonn tusa orthub

CATHERINE: No.

PÁDRAIC: Sean Rua a bhí thiar ansin. Bhí Peaitín go ndéana Dia grásta air, Peaitín Pheait Bheachlín freisin

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Sin é an chaoi a raibh na claí teorainne

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: “__+” an t-am sin, bhuel ní, dhá mbeifeá a’ stócáil, dhá mbeadh claí singil fhéin ann ach eh nuair a bhéifeá a’ déanamh garrantaí a’ bhfuil ’fhios a’d bhfaighfeá airgead freisin

SÍLE: Á muise?

PÁDRAIC: Bhfaighfeá, bhfaighfeá. D’fhéadfá an garraí a chur ansin ’s an fód, fód nó gaineamh a tharraingt as sin le cuir’s fataí a bhaint as. Bhí airgead an t-am sin astub sin. Ba dheacair punt a fháil an t-am sin tá mé a’ rá leat (gáire)

SÍLE: …. Siúráilte é sin.

CATHERINE: Sea

SÍLE: Bhí sé deacair.

PÁDRAIC: Ní raibh sé éasca.

SÍLE: Ní raibh sé éasca.

PÁDRAIC: [Tá sé] I bhfad níos éasca é a fháil anois.

CATHERINE: Tá. (gáire)

SÍLE: Tá sé fairsing anois.

CATHERINE: Meas tú cén fáth nach mbainfí úsáid as na mulláin le cuir sna claíochaí?

PÁDRAIC: Ó a dhiabhail, cén chaoi a mbainfeá úsáid as na diabhla sin, cloch eibhir

SÍLE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ar ndóigh ní raibh siad sin ar chor ar bith ann, Ar ndóigh ní, níor cheart dóibh a bheith ar an oileán anseo ach an oiread.

SÍLE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Nach é an chaoi ar tháinig dar sin isteach ó aimsir a’ dile nó ar leac oighre sa tsean aimsir uilig, an t-am a bhí an, bhí an, bhí Éireann, an t-am a bhí sé reoite

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Ach sin é an áit a thriomaigh cuid acub, siar ag Poll Shíle agus na háiteachaí sin agus féach an áit thoir in Iaráirne, a’ bhfaca tú a bhfuil go chlocha thoir ansin?

SÍLE: Ó tá, rudaí móra.

PÁDRAIC: Tá, tá talamh ansin ag Jimmy Mullen go ndéana Dia grásta ar Jimmy nó ag an mac anois.

SÍLE: Sea

PÁDRAIC: Nach bhfuil sé lán leis na mulláin.

SÍLE: Tá.

CATHERINE: B’é gur tháinig dar i dtír ann a Phádraic

PÁDRAIC: Tháinig dar isteach as Ciarraí ar an leac oighir

SILE: Á ar an leac oighre.

PÁDRAIC: Agus nuair a thosaigh an leac oighir a’ leámh, nuair a leá an leac oighir d’fhan siad ansin ….

SÍLE: …. D’fhán siad ….

PÁDRAIC: …. Ar nós atá siad sin, sin é anois an chaoi ar tháinig na mulláin isteach.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: Tá mullán amuigh ansin i mbarr aille freisin, d’airighín mo mhuintir a’ raibh gur isteach as Ciarraí a tháinig sí, amuigh a’inne i mbarr aille, ó tá sí leath chomh mór leis an gcistineach bheag seo.

SÍLE: Muise?

PÁDRAIC: Gur isteach ós cionn an leac oighre a tháinig sí sin gur sciorradh sí isteach ach Ar ndóigh bhí sé reoite an t-am sin.

SÍLE: Siúráilte.

CATHERINE: Ní bheadh ’fhios a’d cé a thóg an Éire atá thuas, thuas anseo in Eochaill agus i mBungabhla thiar?

PÁDRAIC: Bhuel níl ’fhios a’m ach siad lucht an arm a bhí, a bhí, a bhí a’ déanamh na rudaí sin an t-am sin, as an arm, bhí lads as an arm, déarfainn gur, níl ’fhios a’m anois, níl mé in ann aon ainm a chuir orthub ceart go leor.

CATHERINE: Ach ar lads as an oileán seo, a’ b’ea a thóg é?

PÁDRAIC: Hm?

CATHERINE: Ar lads as an oileán a bhí ann ….

PÁDRAIC: …. Bhí, bhí cuid acub ann is dóigh a bhí san arm. Sé an t-arm anois a chuir na, iad sin uilig, siad a chaith leob sin mar, Éíre, mar gheall ar go bhfeicfeadh na, na namhaid, ní bheadh aon chall acub ansin a dhul a’ caith anuas aon cheo ann, amanntaí dhéanaidís dearmad cá raibh sé

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Nach bhfeicfidh tú caitheadh cúpla ceann an t-am sin i mBaile Átha Cliath aimsir an darna cogadh domhanda.

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Leis na German an t-am sin

CATHERINE: Agus a’ gcuireadh dar péint ná tada orthub?

PÁDRAIC: Níor chuir, bhí aol, bhí aol timpeall, bhí aol timpeall ar a’ square de, d’fheicfeá ….

SÍLE: …. Á….

PÁDRAIC: …. Amuigh i gcreig Stephenín Stooney ansin ach tá sé imithe anois.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Ó tá sé ann i gcónaí cé is moite corr chloch ag imeacht as ach tá sé ann, chonaic mé fhéin freisin ceann Bhungabhla.

CATHERINE: Agus is dóigh go raibh sé níos éasca é a fheiceáil as an aer nuair a bhíodh aol air?

PÁDRAIC: Bhí sé éasca é a fheiceáil

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Nuair a bheifeá thuas san aer, nach bhfeicfeá anuas uait é. Bhíodh siad sin ag imeacht íseal go maith a’ bhfuil ’fhios a’d.

SÍLE: Sea.

CATHERINE: Agus an tower [Tower Eochla]seo thuas anois, meas tú cé a thóg é?

PÁDRAIC: Bhuel is ceist chrua í sin orm.

CATHERINE: Hm (gáire)

PÁDRAIC: Tá ’fhios a’m cén t-am a chuaigh solas air go háirid.

CATHERINE: M hm, a’ bhfuil ’fhios.

PÁDRAIC: An chéad lá go, go Bhealtaine, ocht déag ocht déag a chuaigh, chuaigh solas air.

CATHERINE: Cé l’aghaidh a n-úsáidfí é?

PÁDRAIC: Bhí sé acub leis a’, le, coastguards a bhí ansin fadó a thugaidís na, dream eh, bhí siad eh sa, Sasanaigh a bhí iontub Ar ndóigh nach mba leob an tír seo uilig tamall.

CATHERINE: Ar ndú, sea.

SÍLE: Ba bhea.

PÁDRAIC: (Gáire)

CATHERINE: Agus ar daoiní as an oileán a’ b’ea a bhíodh ag obair thuas ann nó?

PÁDRAIC: Ba bhea. Anoir as Cill Rónáin go leor acub, bhí fear as Cill Éinne ann, Anthony Kelly agus bhí Willie Gorham ann as Cill Rónáin agus bhí Stiofán Ó Conghaola agus Pádraic Ó Giolláin agus Peter Ó Maoláin a bhí i gCill Rónáin freisin. By dad anois, agus Micheál Ó Flaithearta thiar, Maidhcilín Jaimsey “__+”

SÍLE: Ó sea.

PÁDRAIC: Ó bhíodh siad ann oíche agus lá an t-am sin, oíche agus lá. Bhíodh cuid acub len oíche agus uaireanntaí áirid acub.

CATHERINE: Agus cén fáth a mbeadh orthub ansin fanacht san oíche ann nó?

PÁDRAIC: Ar ndú, bhuel a’ faire amach.

CATHERINE: Sea.

PÁDRAIC: Faire amach dhá bhfeicfidís aon cheo timpeall an chósta a’ bhfuil ’fhios a’d a’ tíocht

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Sin é an fáth go raibh siad sin ann. Bhí neart tine acub ann mar is iomaí máilín guail a chuir mise suas le asal ann.

CATHERINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Bhíodh siad a’ fáil leath tonna guail agus déarfadh Maidhcilín go ndéana Dia grásta ar Mhaidhcilín Jaimsey “__+”

SÍLE: Muise

PÁDRAIC: Sin é anois an chaoi a raibh an t-am, na h-amannaí sin.

SÍLE: Amannaí crua.

PÁDRAIC: A go deimhin bhí sé crua.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí sé crua. Bhí sibh lucky, ní fhaca sibh é.

CATHERINE: (Gáire)

SÍLE: (Gáire)Níl muid ag iarraidh is dóigh é a fheiceáil.

PÁDRAIC: (Gáire)

CATHERINE: Ní bheadh ’fhios a’d cé a thóg séipéal Chill Rónáin?

PÁDRAIC: Níl ’fhios a’m muis cé a thóg é sin (gáire) ná séipéal Eochaill ach an oiread ach tá ’fhios a’m na clocha a tarraingaíodh, eh bhí tú a’ caint ar na clocha a tarraingaíodh ag a’, ag a’ sean tower sin thuas. Bhí, siad, foireann as Gaillimh, thug siad, na Yorks as Gaillimh, tá mé a’ ceapadh go bhfuil cuid acub sin i gcónaí ann agus thugadar capall agus carr aníos anseo agus sin é a bhí acub a’ tarraingt na gclocha, capall agus carr anoir ó Chill Éinne.

SÍLE: A’ b’ea?

PÁDRAIC: Ón alley, agus ghabhadh an capall, stail York, caithfidh sé go raibh sé láidir

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: agus ghabhadh sé suas go dtí an tower leis. Ach thuas ar bharr an ard a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sóirt rud eicínt ann a bhí a’ tabhairt cúnamh, socruithe thuas ann a bhí a’ tabhairt cúnamh gon chapall

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Mar a’ bhfuil ’fhios a’d is mór a’ jab siúl suas ansin, ní áirím a ghabháil a’ tarraingt “__+”

CATHERINE: Clocha suas ann.

SÍLE: Nach ea.

CATHERINE: Agus cén sórt cloch atá i séipéal Chill Rónáin?

PÁDRAIC: Cloch ghorm ar an taobh amuigh, cloch ghorm agus clocha, an chloch ghlas ar a’ taobh istigh dhe. Breathnaigh aríst, sin é an chaoi a bhfuil sé sin. Tá neart go na, clocha an-tanaí go leor díobh atá taobh istigh air ma bhreathnaíonn tú air.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: Ach tá an chloch, cloch bhreá gorm ar an taobh amuigh dhe.

SÍLE: Tá.

PÁDRAIC: Ó tá, is iontach an píosa tógáil é.

CATHERINE: Meas tú a’ bhfuil mórán athrú tagthaí ar tógáil claíochaí anois?

PÁDRAIC: Ó go deimhin

CATHERINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ní cheal athrú é, tá mise a’ rá leatsa (gáire) go b’shin é an rud atá athruithe, agus céard atá tú a’ rá nach mór an jab leob bearna a thógáil anois ní áirím a’ tógáil claí.

CATHERINE: (Gáire) Is dóigh go bhfuil sé sin

SÍLE: (Gáire) Sin siúráilte.

CATHERINE: Tá go leor acub is dóigh nach dtógfadh bearna a’ bith

PÁDRAIC: Bhuel Ar ndóigh d’athraigh an saol.

CATHERINE: Hm.

PÁDRAIC: Bhí ceilp dhá dhéanamh freisin tamall.

SÍLE: Sure.

PÁDRAIC: Chaithfí é a dhéanamh. [Ní raibh] tada a’ bith eile le punt a bhaint as, chaithfeá punt a bhaint as rud eicínt.

SÍLE: Chaithfí.

PÁDRAIC: Le plaic a chuir i do bhéal.

SÍLE: Siúráilte.

CATHERINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Agus bhí iascach dhá dhéanamh. Bhíodh siad, ní mórán iascach a bhí dhá dhéanamh ar na suiomhannaí seo ach eh bhí iascach dhá dhéanamh siar agus bhí iascach dhá dhéanamh, breams an t-am sin ach Ar ndóigh níl, sábhála Dé sin níl caint a’ bith ar aon bhream anois mara b’é an chaoi nach, is dóigh go bhfuil sí ann in áit eicínt.

SÍLE: Nach ea.

PÁDRAIC: Ach níl sí, ní, níl sí le fáil

SÍLE: Níl aon chaint

PÁDRAIC : Nílú [níltear] dhá cuartú anois.

SÍLE: Yeah.

CATHERINE: Ní aireofá caint orthub.

PÁDRAIC: Iasc an-scanraithe a bhí inti.

SÍLE: Sea.

CATHERINE: A’ bea?

PÁDRAIC: Ó deir siad go b’ea, go b’ea, ní fhanadh, (--) Bhíodh an áit sin thoir in Iaráirne, anoir an bealach sin soir ón Dún, nach mbíodh sé lán le breams tamall, ach ar ndú, níl anois mar

SÍLE: Níl

PÁDRAIC: Tá an oiread báid, tá an oiread báid bheaga, tá an oiread ….

SÍLE: …. Is dóigh, engines anois ….

PÁDRAIC: …. agus ansin tá sí scanraithe ach tá siad in áiteachaí eile ar faid an domhan.

SÍLE: Is dóigh.

PÁDRAIC: Ó tá.

SÍLE: A’ bhfuil ’fhios a’d, a’ caint ar na púiríní, cé l’aghaidh a thógfaí púiríní fado, a’ bhfuil ’fhios a’d, a mbíodh?

PÁDRAIC: Óra mb’fhéidir go bhfuil tú a’ caint ar na púiríní beaga sin a bhíodh daoine a thógáil….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. le mionáin.

SÍLE: Sea, le na mionáin, a’ b’ea?

CATHERINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ó a Mhaighdean bheannaithe nach bhfuil siad sin scaipthí ’s chuile áit (gáire)

CATHERINE: (Gáire)

SÍLE: Tá siad chuile áit.

PÁDRAIC: (Gáire)

SÍLE: Bhíodh dar i chuile bhuaile is dóigh.

PÁDRAIC: Ó áit a’ bith a mbeadh gabhar, cúpla mionán aici, thógfaí, thógfaí púirín beag le an mionán a chuir isteach ann.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Nó dhá mhionán nó trí mhionán nó cheithre mhionán.

SÍLE: Muise?

PÁDRAIC: Ar ndóigh bhí bainne, tá mise a’ rá leatsa go raibh an bainne gabhar go maith, tá sé go maith i gcónaí.

SÍLE: Tá.

PÁDRAIC: Is fearr go bhainne é ná bainne na bó.

CATHERINE: Tá, tá sé go maith go allergies nach bhfuil.

PÁDRAIC: Tá, Ar ndóigh tá sé thar cionn, tá an-leigheas ann.

SÍLE: Tá, tá deireann siad é sin, hm.

PÁDRAIC: Dhá mbeadh gasúirín óg nó sean, duine a’ bith a bheadh ann ach dhá mbeadh an gasúr óg ann, dhá mbeadh a’ bhfuil ’fhios a’d an rud sin a bhíonns ar ….

SÍLE: …. Asthma nó ….

PÁDRAIC: …. Asthma sin.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Bhuel tá mé a’ cheapadh dá gcoinneodh gasúr dhá ól, ag ól braon bainne gabhar mb’fhéidir leath phionta dhe sa ló ar feadh bliana, ní fhágadh sé a dhath riamh air.

SÍLE: Muise?

PÁDRAIC: Ach go gcaithfeá coinneál leis chuile lá, chuile lá….

SÍLE: …. Sea, gan é a athrú

PÁDRAIC: Chuile lá. Nárbh iontach an leas é sin.

SÍLE: Nárbh iontach, siúráilte, tá.

PÁDRAIC: Bhíodh na púiríní sin a’d “__+”

CATHERINE: (Gáire)

SÍLE: Thóg tú cúpla ceann, is dóigh acub.

PÁDRAIC: (Gáire) A muise go deimhin thóg agus na scóra díobh.

SÍLE: Ar thóg?

PÁDRAIC: Thóg.

SÍLE: Agus a’ mbíodh na claíochaí freisin sna buailte, le foscadh a thabhairt, a bhí sóirt

PÁDRAIC: Bhíodh ach Ar ndóigh áit a’ bith, bhuel amanntaí d’fhéadfá an púirín a thógáil le taobh claí, Ar ndóigh ní mórán go chlocha a theastódh uait le ….

SÍLE: …. Púirín ….

PÁDRAIC: …. Púirín a dhéanamh, ní raibh ann ach doraisín beag agus lindéirín, cloichín bheag fada a chur trasna air ’s mb’fhéidir cloch eile a chuir trasna ós a chionn nó slam féar a chaith isteach faoi na mionáin ansin.

SÍLE: Muise, sea.

PÁDRAIC: Agus é a chuir isteach tráthnóna. Ach ansin nuair a bhfaigheadh an mionán roinnt mór mb’fhéidir, nó trí no ceathair go cheanna ’s bheadh na púiríní ró-bheag

SÍLE: Ro-bheag, chaithfeá ceannín eile a thógáil a’ gcaithfeá?

PÁDRAIC: Ní chaithfeá.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Tá, tá baol ort. Chaithfeá gobáin a chuir iontub.

SÍLE: Gobáin?

PÁDRAIC: Sea.

SÍLE: Cé, cá gcuirfeá an gobán?

PÁDRAIC: Ina bhéal.

SÍLE: Á, by dad.

CATHERINE: (Gáire)

PÁDRAIC: Ina bhéal.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Fan anois nóiméad, dhá mbeadh aon ruaig beag a’m go n-inseoinn dhuit é.

SÍLE: M’anam go bhfuil sé a’d.

PÁDRAIC: Anois, ghearrfá é sin ansin

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: agus cheanglófá píosa adhmaid air, timpeall air

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: timpeall ’s an fhaid sin, agus ansin ghearrfá píosa eile agus cheanglófá é

SÍLE: Á

PÁDRAIC: agus déanamh muid gobáinín beag

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: “__”

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Dhéanfadh sé sin gobán go chapall. Gobáinín beag bídeach agus ansin chuirfeá an gobán ina bhéal. Chaithfeá é a dhéanamh go slat, slat coll nó slat saile, chuirfeá ina bhéal é

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Agus chuirteá suas ar a chuid adharca é, cheanglaíteá ansin é agus ansin scaoilteá, scaoilteá uait é, ní ghabhadh, ní fhéadfadh sé aon bhainne a ól.

SÍLE: Ní fhéadfadh, á sea ….

CATHERINE: “__+”

SÍLE: A’ raibh sé a méadú?

PÁDRAIC: Bheadh sé, Ar ndóigh bhainfí as an gobán ansin, chuirteá na gobáin ann san oíche

SÍLE: Á

PÁDRAIC: Agus thiocfá ar maidin agus bhliteá na gabhair agus bhainteá na gobáin as na mionáin

SÍLE: Á nuair a bheadh an gabhar blite

PÁDRAIC: Nuair a bheadh an ghabhar, an méid bainne, ní thabharfadh sí dhuit an bainne uilig.

SÍLE: Á, choinneoidh sí cuid.

PÁDRAIC: Choinneoidh sí cuid de, tá siad sin an-, tá mé a’ rá leat go bhfuil siad thar a bheith críonna.

SÍLE: Críonna, sure.

PÁDRAIC: Choinneoidís cuide i gcónaí gon mhionán.

SÍLE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Ansin bheadh an mionán le do thaobh agus baineadh an gobán as ’s ghabhadh sé fhéin ag ól an bhainne. Anois sin iad na gobáin anois a’d.

SÍLE: Sin iad na gobáin, áise by dad, m’anam go bhfuil na gobáin

PÁDRAIC: (Gáire)

SÍLE: (Gáire) Agus céard a cheapanns tú fhéin a Phádraic go na claíochaí suimint?

PÁDRAIC: Ó muise Ar ndóigh nár chuir muinn fhéin ansin é ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. agus ar ndú, tá mé a’ rá leat anois go bhfuil sé éasca na cineál sin, na clocha sin ach m’anam nár bhfoláir dhuit cúnamh a fháil leis na claíochaí anois.

SÍLE: Sea, níor mhór.

PÁDRAIC: Ní, ní raibh aon dhuine a’msa ach mé fhéin an t-am sin agus níor bhfoláir dhuit cúnamh leis na clocha a bhaint. Ach dhá mbeadh cúnamh a’d leis na clocha a bhaint ….

SÍLE: ….Sea ….

PÁDRAIC: …. Agus iad a tharraingt ansin le capall agus carr nó níl caint ar chapall ’s carr a’ bith anois ….

SÍLE: …. Sea, níl ….

PÁDRAIC: …. Ach tractor nó rud eicínt.

SÍLE: Sea, sea, hm.

PÁDRAIC: Bhuel ’s Ar ndóigh is deise a bhreathnaíonn siad gon oileán ar bhealach, tá ’fhios a’d fhéin gur deise ná ….

SÍLE: …. An cloch….?

PÁDRAIC: …. Ná, an chloch….

SÍLE: …. Ná an suimint, sea.

PÁDRAIC: Á a dhiabhail, is deise

SÍLE: Breathnaíonn, yeah. Agus a’ mbíodh siad ag úsáid barra le na clocha ….

PÁDRAIC: …. Bhíodh ….

SÍLE: …. A iompairt?

PÁDRAIC: Ó muise m’anam gur tharraing muidne roinnt ansin aníos ó bharr na haille, nach bhain mé na clocha thoir aríst, cuid acub suas a’ róidín Chlaí Chogs ansin thoir ….

SÍLE: …. Sea.

PÁDRAIC: Tharraing mé anoir le capall ’s carr iad. Barra, duine an tosaigh dhe ’s duine an deireadh.

SÍLE: A’ b’ea?

PÁDRAIC: Sea ’s dhul isteach idir an dá láimh ’s cloch a chuir ansin air, ar nós, chaithfeá, squareáilte, ó m’anam go mbeadh sé, bheadh sé, ní cheall meáchan, bheifeá in ann neart meáchain a chuir air, níos mó ná a bheifeá in ann iompar.

SÍLE: A’ mbeadh? (gáire)

PÁDRAIC: Bhí an barra ann muis agus neart agus Ar ndóigh ní mórán díobh atá le feiceáil anois. Ach tá wheelbarrows anois níos éasca arist ná ….

SÍLE: …. Ar ndóigh tá, is dóigh.

PÁDRAIC: Á a dhiabhail, tá sé sin i bhfad níos éasca.

SÍLE: Agus a’ mbíodh aon duine áirid a’ déanamh claíochaí, a’ bhfuil ’fhios a’d dhá mbeadh claí áirid anois le tógáil nó teach cloch, a’ mbíodh aon dhuine ar an oileán?

PÁDRAIC: Muise Ar ndóigh neart acub, nach é Tommy O’ Donnell go ndéana Dé grásta air a thóg é seo, a thóg an chuid sin de. [teach Phádraic]

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Sé John Joe Ó Fátharta as Eochaill a thóg an píosa seo, a’ bhfeiceann tú an píosa beag sin.

SÍLE: Sea, sea

PÁDRAIC: Agus ansin an cúl teach atá amach as sé Colm Ó Conghaola go ndéana Dé grásta air, sé a thóg é. Tá siad básaithe uilig anois, tá siad imithe leob ar a’ saol eile anois….

SÍLE: …. Sea, sea….

CATHERINE: Agus le cloch a’ b’ea atá an teach seo tógthaí?

PÁDRAIC: Le, leis na blocannaí atá sé seo ach le clocha, le clocha, a’ bhfeiceann tú an balla sin an sean teach, le clocha …. [cnag ar an doras]

SÍLE: …. Sea, sea.

PÁDRAIC: Le clocha.

SÍLE: Sea, sea. Agus eh céard é puncháil?

PÁDRAIC: ’Bhfuil ’fhios a’d dá mbeadh cloch ansin anois a’d agus mb’fhéidir go mbeadh sí, go leor le baint di agus níor bhfoláir punch agus casúr beag agus í a phuncháil agus í a dhíriú amach le cuir isteach sa mballa.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Agus Ar ndóigh a’ bhfeiceann tú na clocha sin atá, na headstones sin anois nach ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. é an chaoi a bhfuil siad, go leor acub sin, John Joe, bhí sé dhá ngearradh agus bhí a athair dhá ngearradh.

SÍLE: Joeín.

PÁDRAIC: Bhí, agus Colm Ó Conghaola go ndéana Dé grásta air, ghearr sé ceann le cuir ar a mháthair, tá sí thoir ansin.

SÍLE: Ó muise?

PÁDRAIC: Tá. Coly Connolly.

SÍLE: Coly Connolly, sea.

PÁDRAIC: Tommy O’Donnell ar ndú, ghearr sé na scóra acub

SÍLE: Ghearr ar ndú, ghearr.

PÁDRAIC: Ó go ndéana Dé grásta air.

SÍLE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d céard é bró mhuileann? Cloch a bhíodh amanntaí acub, bhíodh sé le coirce nó plúr a mhilleadh.

PÁDRAIC: Á

SÍLE: Ar airigh tu caint faoi ?

PÁDRAIC: B’fhéidir ar ndú, d’airigh mé caint ar an mbró mhuileann, nach mbíonn sé sin, bíonn sé sin sa soiscéal amanntaí.

SÍLE: A’ mbíonn?

PÁDRAIC: (Gáire) Bíonn.

SÍLE: A’ mbíonn ?

PÁDRAIC: An té a thabharfadh scannal go ghasúr go mb’fhearr dhó an bró mhuileann a cheangal faoi na mhuineál.

SÍLE: Ó sea, sea.

PÁDRAIC: Agus é fhéin a bhá.

SÍLE: Ó Dia linn, by dad. A gcuimhníonn tú ar duine a’ bith a bhí cáiliúil a’ tógáil claíochaí?

PÁDRAIC: Ó muise ní, ní chuimhním mar ní, Ar ndóigh tá daoine thar cionn ar fad a’ plé leis na claíochaí ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. A’ tógáil na dtithe, a’ bhfuil ’fhios a’d.

SÍLE: Sea, sea.

PÁDRAIC: Ó Ar ndóigh bhí John Joe cumasach uilig a’ tógáil, ó ní raibh cuir síos air, agus a athair agus a sheanathair.

SÍLE: Muise

PÁDRAIC: Chuile dhuine acub sin, a’ bhfeiceann tú, a’ bhfeiceann tú tí Mhartin Neid Bháin a bhfuil an teach sin thoir ag na Kenneys anois ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. a dódh an t-am sin, sé seanathair John Joe a thóg é sin

SÍLE: Ó a’b é?

PÁDRAIC: Sé, ’s Ar ndóigh Fleming, bhí a cheird aige.

SÍLE: Tom Fleming

PÁDRAIC: Tom Fleming.

SÍLE: Tom Fleming.

PÁDRAIC: Nach raibh sé a’ tógáil an cathedral i nGaillimh.

SÍLE: Ó a’ raibh?

PÁDRAIC: Bhí, Tom Fleming. Bhí, d’fhoghlaim sé sin a cheird, Ar ndóigh tá ceird le foghlaim ar na clocha freisin.

SÍLE: Tá ceird le foghlaim.

PÁDRAIC: Caithfidh tú ar nós coláiste a’ bith

SÍLE: Sea, sea, hm. Agus a’ bhfuil ’fhios a’d cén chaoi a rinne siad na trachannaí?

PÁDRAIC: Bhuel le beithígh a bheith ag ól uisce?

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Ó ’s cén chaoi a ndearna tú iad ach, dhá mbeadh tú in áit a mbeadh neart clocha, na clocha a dhíriú suas ar a gcorr agus iad a chur le chéile.

SÍLE: Sea

PÁDRAIC: Iad a chur le chéile agus urlár ansin mara mbeadh sé, clocha beaga a bhriseadh san urlár agus urlár a chuir ann le suimint agus na ballaí a phlástaráil amach.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Sin é an chaoi a ndéanann tú na trachannaí

SÍLE: Na trachannaí, sea.

PÁDRAIC: Tá ainm eile ar thrach a bhíodh acub fadó leis na muca, trach, trach a bheadh muic ag ithe as, trach a thabharfaidís air

SÍLE: Á muise?

PÁDRAIC: Sea.

SÍLE: A’ mbíodh?

PÁDRAIC: Trach na muice.

SÍLE: By dad. Agus a’ bhfuil ’fhios a’d faoi bearnaí difríocht, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhfuil ‘fhios a’d ehm, bhíodh céimíní ….

PÁDRAIC: …. Ar ndóigh (sos) bhí siad sin, bhí siad sin an-feiliúnach, céim a’ bhfuil ’fhios a’d ….

SÍLE: …. Sea ….

PÁDRAIC: …. Thabharfaidís céim air, spása beag nó áit le do chois a leagan

SÍLE: Sea

PÁDRAIC: Cloch fada a chuir thíos in íochtar an chlaí, tamall aníos mb’fhéidir seacht, mb’fhéidir leath troigh aníos ó íochtar a’ chlaí agus í a bheith chomh fada agus í a’ gabháil sall go dtí an taobh eile gon chlaí.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Agus ansin ceann eile a chuir aníos uaidh sin agus í a bheith a’ gabháil sall.

SÍLE: A’ gabháil sall.

PÁDRAIC: Agus spás bheag, spás beag ansin a bheith eatarthub go ngabhfá thairis, bhí sé thar cionn.

SÍLE: Bhí.

PÁDRAIC: Thairis a bheith ag iarraidh a bheith a’ jumpáil, contúirt thar chlaíochaí.

SÍLE: Bhí.

PÁDRAIC: Ach ní mórán díobh go deimhin atá le feiceáil, tá corr cheann. Tá siad amach an taobh sin a’inne, amach an bealach sin.

SÍLE: Tá, tá amach

PÁDRAIC: Bheifeá a’ gabháil amach go dtí taobh thoir an lighthouse Antoine Mháirt, chuir sé amach ansin iad.

SÍLE: Ar chuir?

PÁDRAIC: Chuir.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Bhíodh muid a’ tabhairt na stepannaí orthub.

SÍLE: Na stepannaí, tá, tá dar

PÁDRAIC: Tá siad a’ gabháil amach an bóthar nua ansin, “__” an t-aon chloch a bhí ann

SÍLE: Ab ea?

PÁDRAIC: Á sé.

CATHERINE: Bhuel dá mbeifeá ag iarraidh claí a choinneáil díreach a Phádraic, céard a d’úsáidfeá?

PÁDRAIC: Céard a d’úsáidfeá nach, chaithfeá dorú a chuir ar cheann go na sin dorannaí sin, a dorú a chuir air.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Agus leannacht dhe sin.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Choinneodh sé sin claí díreach. Is éasca é a bheith díreach, an claí ná, ná corr a bheith anseo ’s ansiúd ann mar tógfaidh sé níos mó clocha má tá sé cam, is fearr é, is lú a thógfaidh sé le bheith díreach.

CATHERINE: Agus dá mbeifeá a’ gabháil a’ tosaigh ar chlaí anois, cén sóirt uirlisí a theastódh a bheith a’d dá mbeifeá a’ gabháil

PÁDRAIC: Theastódh an gró uait agus theastódh an t-ord agus theastódh casúr beag agus ginn, geanntrachaí a thugann siad air dhá mbeadh níos mó ná ginn amháin ann, geanntrachaí

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Ach dhéanfadh ginn amháin thú dhá mbeadh aon chuma uirthi le, ag ardú na gclocha aníos.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Bheadh cap ord beag ansin, bheadh sí níos éasca ná an t-ord dá mbeadh stumpaí clocha le briseadh.

CATHERINE: Agus an n-úsáidfeá ansin na clocha a bheadh ar do thalamh fhéin nó a’ gcaithfeá clocha a thabhairt as áit eicínt eile?

PÁDRAIC: Bhuel is dóigh nach ngabhfá a’ cuir an chlaí mura mbeidís, bheadh an-jab a’d a’ ghabháil a’ tarraingt clocha as áit eicínt eile.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: Á muise go deimhin níl easpa clocha istigh ar an oileán beag seo.

SÍLE: Níl.

PÁDRAIC: Tá neart díobh sin ann.

CATHERINE: Meas tú cén fáth ar tógadh an oiread claíochaí ar an oileán fadó? A’ bhfuil ’fhios a’d tá an t-uafás, t-uafás ….

PÁDRAIC: Chaithfidís sin a bheith tógthaí ann, Ar ndóigh na píosaí beaga, gabháltas beag talamh anseo ’s ansiúd.

SÍLE: Hm.

PÁDRAIC: B’fhéidir dhá mbeadh, dhá mbeadh sé a’ ritheadh ón teach anois déarfaidh mé go mbeadh sé amach go barr aille ní theastódh, ní bheadh an oiread sin claíochaí, talamh Chill Éinne anois agus soir uilig agus Iar Áirne tá sé a’ gabháil ó farraige go farraige.

SÍLE: Tá.

PÁDRAIC: Tá.

CATHERINE: Agus meas tú ar tógadh cuid acub, a’ bhfuil ’fhios a’d an chaoi a bheadh duine a glanadh a chuid ….

PÁDRAIC: …. Ó Ar ndóigh ….

CATHERINE: …. Talamh ….

PÁDRAIC: …. Nach raibh go leor de sin ann. Bhí go leor de sin ann, chaithfeá fáil ré leis na clocha, iad a chuir in áit eicínt, chaithfeá iad a chuir isteach i sconsa, claí a thógáil tuairm ’s sé nó seacht go throigh ar leithead agus eh bheadh tú ag úsáid na gcloch agus bheadh tú a’ réiteach an áit. Bhí tú a’ réiteach ansin de réir mar bheifeá a’ baint úsáid as na clocha sin.

SÍLE: Sea, hm.

PÁDRAIC: Bheadh sé a’d, bheadh sé a’d le garraí ansin agus clúdach a chuir air agus fataí a chuir ann. Nach shin é an chaoi a bhfuil leath Árainn déanta.

SÍLE: Sea, hm.

CATHERINE: An Tech thoir, nó an Gairmscoil Éinne, cén sórt cloch atá san Tech thoir?

PÁDRAIC: Cloch ghorm.

CATHERINE: Cloch ghorm, hm. Meas tú cé a thóg an Tech?

PÁDRAIC: Tommy O’ Donnell agus a dhearthár Máirtín a thóg an píosa ó thuaidh dhe, an píosa nua sin.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí Máirtín in éineacht le Tom Fleming a’ tógáil ann, agus eh, sea Tom Fleming. Bhí fear eicínt eile, ní chuimhním a ainm, as Gaillimh freisin a’ tógáil, bhí sé thiar i scoil Fhearann a’ Choirce. Bhí Fleming thiar i scoil Fhearann a’ Choirce. Cloch ghorm atá inti sin.

SÍLE: Sea.

PÁDRAIC: Agus bhí fear eile in éineacht leis as Gaillimh a raibh a cheird, ceird clocha aige freisin. Clocha gorm atá iontub sin a fheiceas tú, na clocha sin, nuair a fheiceas tú tógthaí gan aon moirtéal ná tada taobh amuigh orthub, sin í an chloch ghorm.

SÍLE: Hm.

CATHERINE: Agus is dóigh go gcaithfeadh aimsir maith a bheith a’d dhá mbeifeá a’ tógáil claíochaí?

PÁDRAIC: Braitheann sé ar an aimsir agus amanntaí bheifeá a’ tógáil le aimsir sách dona, nach tá roinnt obair le déanamh, is dóigh, bhífí a’ déanamh go leor obair ar dhroch aimsir, bhíodh.

CATHERINE: Hm, ní thógfaí aon chlaí inniu. (gáire)

PÁDRAIC: By dad ní ….

CATHERINE: …. Tá sé ina dhortadh ceart.

PÁDRAIC: Ní thógfaí ….

SÍLE: …. Tá sé a’ báisteach inniu

PÁDRAIC: Diabhal mórán áit san oileán nach raibh siad ag iarraidh, tógáil píosaí claíochaí. Neart acub, Ar ndóigh maidir le soir ag Cill Éinne tógadh an domhan claíochaí “__+” ní dheachaigh sé níos faide soir ná Cill Éinne le mórán claíochaí a thógáil déarfainn, ach i gCill Éinne agus anoir sna bealaí seo ’s Gort na gCapall ’s siar faoi cheann siar, tógadh go leor claíochaí.

CATHERINE: Hm. Agus dá ngabhfá a’ tógáil claí ’s mara mbeadh aon chúnamh a’d, a’ dtabharfadh na comharsanaí cúnamh dhuit?

PÁDRAIC: Bhuel dhá ba claí teorainn é, thabharfadh.

SÍLE: Á sea.

PÁDRAIC: Ach mara mbeadh an claí ach a’ gabháil isteach i do chuid fhéin, ní thabharfadh.

CATHERINE: Hm, ní thabharfadh.

SÍLE: Hm. Anois go raibh míle maith a’d a Phádraic agus tá, tá an-eolas faighte ansin a’inn faoi claíochaí agus clocha uait agus m’anam go bhfuil neart eolas eile I’d say freisin a’d faoi go leor rudaí eile. Tá tú iontach uilig, agus go raibh míle maith a’d a Phádraic.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.