Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00047

Recording
BBAF.00047
Format
MiniDisc
Duration
01:03:34
Date
1 April 2002
Languages
English
Irish
Location
Cill Rónáin
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Máirtín Chóil Ó Flaithearta
Archival information
MD 52 Máirtín Chóil Ó Flaithearta. Iascaireacht; stoirm; Debbie; Ag tabhairt earraí agus posta go dtí na hoileáin; Piseoga; Báid; MFV Ros Rónáin; Comharchumann Iascaireachta Gaillimh agus Árainn.
Additional information
MD 52 Máirtín Chóil Ó Flaithearta. Fishing; Storms; Hurricane Debbie; Shipping goods and post to the islands; Superstitions; Boats; MFV Ros Rónáin; Galway and Aran Fishermen's Co-Operative.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00047
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Inniu an chéad lá go Aibreán sa bhliain 2002. Tá mé anseo i gCill Rónáin inniu agus mé a’ caint le Máirtín Chóil nó Máirtín Ó Flaithearta. Is mise Áine Pheaits Bheairtlín. Ba mhaith liom labhairt leat inniu a Mháirtín faoi iascaireacht fadó. A’ raibh mórán i do chlann féin ag iascaireacht?

MÁIRTÍN: Ó bhí, bhí mo dheartháireachaí, bhí m’athair agus mo dheartháireachaí ag iascach. ’Bhfuil ’fhios a’d bhí bád ag m’athair agus bhí an chlann in éindí leis, na buachaillí nuair a bhí siad óg, a’ fás suas, bhí siad a’ plé, ag iascach, a’ plé le scadáin agus a’ plé le ronnachaí. A’ bhfuil ’fhios a’d, séasúrach a bhí an t-iascach an t-am sin. A’ bhfuil ’fhios a’d nuair a thosaigh na báid ar dtús, ní raibh a’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh mórán báid ann ach ní raibh inneall ar bith iontub, báid seoil ar fad a bhí iontub an t-am sin.

ÁINE: Agus cén t-ainm a bhí ar na báid sin

MÁIRTÍN: An Western Star, nuair a ghlan sé [nuair a bhí an bád íoctha aige] an bád ansin, an báid seoil, chuir an Congested Board engine iontub ansin, inneall mar a déarfá, agus bhí sé sin inti go dtí, go dtí gur briseadh í. Ní raibh sé i bhfad inti tá mé a’ ceapadh mar chuaigh bád eile isteach inti agus thóg siad an inneall aiste ansin. Ba leis féin an bád ach ba leobsan an inneall agus thug siad leob é agus bhí sé glan orthub, ach maidir leis an iascach bhí mo dheartháireachaí, chuile dhuine acub mórán, ag iascach. Thosaigh siad óg agus muna raibh siad ag iascach sna báid ansin séasúrach bhíodh cuid acub ag iascach sna curachaí. Bhí curach ceathrar, bhídís amuigh sa curach ceathrar a’ plé le scadáin a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh ceannacht ar chuile iasc an t-am sin. Nuair a thiocfadh an t-iasc i dtír chuirfí amach ar a’ gcéibh é. Na curachaí anois i bPort Mhuirbhigh a bhí ag iascach, thabharfaidís an t-iasc Cill Rónáin ins na cairr agus bhídís ag obair i gcaitheamh na h-oíche ansin thíos ar a’ slip. Bhuel bhí, bhíodh soilse acub air. Sin é an fáth má thug tú faoi deara é go raibh uisce ar a’ gcéibh agus ar a’ slip, mar theastaigh an t-uisce, fíoruisce uathab le bheith a’ glanadh an t-iasc.

ÁINE: Ó sea.

MÁIRTÍN: Chaithfidís an t-iasc a ghlanadh ansin. Bhíodh dream amháin á phiocadh, dream eile á ghlanadh agus dream eile á chur ins na baraillí.

ÁINE: Agus a’ raibh na mná ag obair ar an iasc

MÁIRTÍN: Ó bhí, bhíodh, tháinig mná as, as Albain a’ plé le, leis na scadáin, tháinig sin. Bhuel séasúrach mar a déarfá. Nuair a bhí an séasúr ann ansin, nuair a bhí an séasúr thart théidís abhaile aríst nó b’fhéidir go ngabhfaidís in áit eicínt eile ach bhíodh, agus bhíodh go leor daoiní, fiú lads óga, buachaillí óga ag obair ann agus mná agus fir.

ÁINE: Agus cén t-am a mbíodh séasúr na scadáin ann

MÁIRTÍN: Abair anois, Deireadh Fómhair, Mean Fómhair Deireadh Fómhar mar sin agus ansin amach sa Márta ansin bheidís i ndiaidh na ronnachaí.

ÁINE: Agus ag an am sin a’ mbíodh sibh a’ fanacht gar gon oileán?

MÁIRTÍN: Bhíodh siad a’ gabháil amach chun farraige tamall mór, chaithfidís, de réir mar a bhí an t-iasc le fail. Athraíonn an t-iasc, bheadh sé a’ ritheacht abair siar ón Oileán lartharach. Bheadh na báid a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh, ní fhéadaidís a theacht an-ghar mar bhí go leor, deich gcinn fhichead go líonta ag chuile bhád an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus chaithfidís a dhul amach ansin, sé ’n chaoi a gcuirfidís é d’imeodh siad le sruth agus chaithfeadh siad fanacht tamall maith amach.

ÁINE: Agus ar fhan siad amuigh thar oíche?

MÁIRTÍN: Ó, i gcaitheamh na h-oíche bhídís amuigh.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Bheidís sa mbaile sa ló mar a déarfá agus bheidís amuigh i gcaitheamh na h-oíche.

ÁINE: Agus cá bhfuair siad na líonta seo a bhí a’ teastáil uathab leis na scadáin?

MÁIRTÍN: Bhuel an Congested Board, cheannaídís iad, chaithfidís iad sin a cheannacht. A’ bhfuil ’fhios a’d is dóigh gur b’shin é aimsir an cogadh mór agus bhí neart, bhí glaoch ar an t-iasc an t-am sin agus bhí siad, bhí siad a’ déanamh an t-airgead. Bhí siad, rinne siad airgead mór an t-am sin ar na scadáin ’s ar na ronnachaí.

ÁINE: Agus ar thug siad go Gaillimh ansin iad nó?

MÁIRTÍN: Á níor thug, tháinig steamer a bhí a’ teacht anseo ….

ÁINE: …. Á sea ….

MÁIRTÍN: . … bhíodh sí a’ teacht agus bhíodh bád eile freisin amuigh ansin ar ancaire, bhíodh leac oighir inti, an “Hulk” a ghlaoidís uirthi, bhídís a’ cur an t-iasc ar bord inti sin freisin agus bhídís a’ fáil, bhíodh sí sin lán le leac oighir agus chuile short.

ÁINE: So ní bhíodh sibhse ag díol iasc úr a’ bith, a’ raibh an t-am sin?

MÁIRTÍN: Bhuel, ní raibh mise a’ fáil, ní raibh plé ar bith a’msa leob an t-am sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí mé ró óg. Is ar éigin a chuimhním ar na báid a’ t-am sin. A’ bhfuil ’fhios a’d ní raibh aon chead a’m a dhul amach iontub ná tada, bhí mé , fiú b’fhéidir nach raibh mé a’ gabháil ag a’ scoil.

ÁINE: Yeah, agus cén aois a bhí tú féin nuair a chuaigh tú ag iascach ar dtús?

MÁIRTÍN: Ó chuaigh mé amach le curach ar dtús tuairim is cheithre bliana déag déarfainn. Chuaigh muinn amach sa gcurach agus ansin tar éis tamaill chuaigh mé sna báid, sa Ros Éinne a chuaigh mise ar dtús in éindí le Tommy Joyce, Tommy Mhaidhcilín, beannacht Dé le n’ anam agus ansin fuair mé mo bhád féin, sin í an Ros Rónáin

ÁINE: Ach anois má ’s féidir liom thú a thabhairt siar go dtí aimsir d’athar nuair a bhí an “Western Star” aige ab ea?

MÁIRTÍN: Sea

ÁINE: Ab shin ceann go na Nobbies anois?

MÁIRTÍN: Ba dhea, sin Nobbie, sin é an fáth a nglaoití báid seoil orthub ’bhfuil ’fhios a’d

ÁINE: Agus cé méad ceann eile acub sin a tháinig go dtí an t-oileáin?

MÁIRTÍN: Níl ’fhios a’m, bhí cúig nó sé go cheanna eile ann nó b’fhéidir níos mó.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú cé

MÁIRTÍN: Ní chuimhníonn, ní chuimhním, ní chuimhním. Bhí ceann ansin ag Peaitín Tom Gill, bhí ceann aige “Morley”. Bhí ceann ag Folan sin thíos, an boss [leasainm] mar a déarfá, bhí cúpla ceann eile acub sin ann ach ní chuimhním orthub ’bhfuil ’fhios a’d. Bhí mé ró-óg an t-am sin fiú anois le, ní gheofá cead a dhul síos ar an gcéibh ná tada, ní fheicfeá ’bhfuil ’fhios a’d, ar a’ Domhnach anois bhídís síos a’ bóthar, bhuel síos a’ bóthar, ghabhainn síos, chuirfí abhaile me ’bhfuil ’fhios a’d, gheofá cúpla pingin agus déarfaí leat a dhul abhaile, sin é an méid.

ÁINE: Ach sé an sagart nach é a fuair dhób iad.

MÁIRTÍN: Sé, ó sé, sé, sé an sagart, sin é a dúirt, sin é a dúradh go dhúirt sé leob í mBlá Cliath go raibh se chomh maith dhób cónraí a chuir anall ag na h-oileán muna dtabharfaidís rud eicínt, báid nó rud eicínt dhób leis a mbeatha a shaothrú agus tháinig siad seo ansin ón, Congested Board a ghlaodh siad air. Sin, sin é thosaigh ar dtús é. A ’ bhfuil ’fhios a’d, bhí rud maith amháin, an cogadh mór bhfuil ’fhios a’d bhí ceannacht ar an iasc

ÁINE: Hm.

MÁIRTÍN: Agus bhí an t-iasc fairsing agus bhí muintir na gcurachaí anois i gCill Mhuirbhigh agus siar a’ déanamh chomh maith leis na báid.

ÁINE: A’ raibh

MÁIRTÍN: Ó bhí, shaoradh siad sin cúpla punt freisin chomh maith agus bhí chuile shóirt a’ teacht ansin ar a’ slip. Sin é an fáth

’bhfuil ’fhios a’d bhí siad ag obair ansin i gcaith na h-oíche agus nuair a bhíodh an t-iasc réidh b’fhéidir go gcuiridís i mbairillí iad nó b’fhéidir go gcuirfí amach ag, é chuir Gaillimh, é a chur chun bealaigh. Bheadh sé réidh le n-imeacht. Sin é an fáth (--) bhí canteen freisin chomh fada le mo bharúil thíos ar an gcéibh, dhá dteastódh cupán tae ná tada uathab, bheadh sé acub thíos ansin, d’fheadfaidís a dhul síos. Bhí chuile shóirt thíos sa stór agus bhí rud eile sa stór freisin, bhí neart líonta curtha isteach acub. A’ bhfuil ’fhios a’d ansin dá gcaillfeá líon, cúpla líon agus dhá stróicfeá, fheadfá dhul isteach agus ceann eile a fháil nó péire.

ÁINE: Ó bhí siad sin curtha ar fáil ag a’ Rialtas?

MÁIRTÍN: Ag a’ Rialtas, sea ag an Congested Board. Tríd an Rialtas mar a déarfá.

ÁINE: Ag an am sin a’ rinne siad na rópaí nó ar cheannaigh siad rópaí?

MÁIRTÍN: Cheannaigh siad rópaí déarfainn, cheannaigh siad rópaí.

ÁINE: Hm, céard a tharla gon “Western Star”?

MÁIRTÍN: Briseadh í thíos ansin thíos sa gceíbh. ’Bhfuil ’fhios a’d bhí an oíche go dona agus bhí bad eile taobh thíos di agus bhris an bad eile na rópaí agus tháinig sí aníos inti.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus bhris sí, tháinig sí isteach mar a déarfá isteach inti, bhris sí ceathrú ar fad.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí sí lán [le uisce] ar maidin

ÁINE: Agus ag an am sin dúirt tú go raibh engine inti

MÁIRTÍN: Bhí agus thóg said, ansin nuair a bhí sí briste, ní, bheadh sí ró dhaor le caoi a chuir uirthi agus dúirt siad leis “bhuel níl mórán íocaí a ’d ar an engine, is leat an bad agus tógfaidh muinn an engine agus beidh muid glan ar a chéile”.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN : Agus tháinig siad ansin bhain siad as an shaft, an propeller agus an engine agus thug siad leob Gaillimh é agus bhí sé glan leob ansin, ach ba leis an t-adhmad a bhí ins an mbád agus bhí sí ró-bhriste.

ÁINE: Cén aois a bhí sé ag an am sin?

MÁIRTÍN: Ó bhí sé, by heck níl ’fhios a’m, bhí sé, bhí sé sách sean.

ÁINE: So ní bhfuair se aon bhád eile?

MÁIRTÍN: Ní bhfuair, fuair sé tairiscint cúpla babhta le bád eile agus ní thógadh sé í, dúirt sé go raibh sé ró-shean, agus ar aon chaoi an chlann mhac, d’fhág siad ar fad é do réir mar bhí siad a’ fail, nuair a briseadh an bád, thosaigh na lads ag imeacht

ÁINE: Agus cár imigh siad?

MÁIRTÍN: Go Meiriceá, bhuel bhí duine acub sna gardaí agus duine eile san arm, naoi déag fiche haon is dóigh, agus bhí fear eile ins na gardaí ach d’fhág siadsan, an bheirt sin freisin, chuaigh siad go Meiriceá ina dhiaidh sin agus bhí na lads a bhí leis d’imigh siad go Meiriceá freisin.

ÁINE: Agus a’ raibh inneall sa chuid is mó go na nobbies seo anois ar deiridh?

MÁIRTÍN: Ó bhí, bhí .

ÁINE: Yeah, anois ar tháinig na Rosannaí nó ar tháinig na Aird ar dtús?

MÁIRTÍN: Na Rosanaí.

ÁINE: Cén bhliain é sin?

MÁIRTÍN: Déarfainn gur tháinig siad i 1950.

ÁINE: Agus cé méad Ros a bhí ann?

MÁIRTÍN: Bhí an ‘Ros Brazil’, ’Ros Éinne,’ ‘Ros Seirc’, ‘Ros Rónán’ agus ansin, sin e an méid agus ansin tháinig Banríon, bhí an “Banríon na Mara agus bhí, bhí an Ard Cluain, bhuel sin í Ard Cluan bhí sí sin, bhí sí sin níos mó ná na Rosannaí, bád ar bith ’bhfuil ’fhios a’d a bhí níos mo ná leath chéad troigh ’bhfuil ‘fhios a’d bhí Ard iad mar déarfá.

ÁINE: Sea

MÁIRTÍN: Bhí an ‘Ard Rathain’, an ‘Ard Cluain’, ‘Ard Aonghus’, ‘Ard Mór’ agus an ‘Ard Álainn’ agus iad sin ar fad, bhí siad sin , [Bhí] dhá bhád eile i gCill Éinne, bhí bád ag Pádraic O’Brien agus bhí bád ag Máirtín Joe Ó Conghaile, ‘An Alatair’ a bhí aige agus ní chuimhním anois ar an t-ainm a bhí uirthi ag Pádraic O’Brien.

ÁINE: Ab é an Rialtas a deir libh go gcaithfeadh sibh Ros, ’bhfuil ’fhios a’d Rós Rónán nó Ros ?

MÁIRTÍN: Sé, sin é an ordú, sin é an ordú ’bhfuil ’fhios a’d a bhí ann. Ní hé an Rialtas, ach an Bord Iascaigh Mhara mar bhí, gheofá seans ’ú féin an ainm a phiocadh amach agus phioc mise amach an Ros Rónán. Phioc fear Cill Éinne an Ros Éinne agus mar sin acht ansin sin é deire níor, tháinig Banríon Na Mara, ní raibh sí i bhfad i ndiaidh an Ros Rónán, an Banríon na Mara ach ina dhiaidh sin sé an Banríon a glaodh uirthi ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. cébí cén fáth é, is dóigh gur athraigh siad na h-ainmneachaí ….

ÁINE: …. Na hainmneachaí ….

MÁIRTÍN: …. sea.

ÁINE: Agus a’ bhfuair sibhse cúnamh airgead le na báid seo a chéannacht?

MÁIRTÍN: Fuair muin, chaithfeá an oiread seo airgead a íoc síos ….

ÁINE: …. Hm ….

MÁIRTÍN: …. ’bhfuil ’fhios a’d go fireannach corr dhuine a raibh an t-airgead aige le n-íoc síos.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Fuair mise as, as Meiriceá é mar ’déarfá le n-íoc ar ais mar ’déarfá íocadh tú an méid seo síos. ’Bhfuil ’fhios a’d ní raibh siad an-daor an t-am sin.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Agus ba leis an Bord Iascaigh Mara na báid ansin go dtí go raibh siad glanta. ’Bhfuil ’fhios a’d chaithfeá cúigear nó seisear a bheith a’d i gcónaí ag iascach. Ba chuma leob ’bhfuil ’fhios a’d a’ raibh tú dhá n-íoc nó nach raibh ar dtús ach go raibh tú ag obair, go mbeadh cúigear nó seisear amuigh i gcónaí ag obair.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Sin é an fáth

ÁINE: Agus sna nineteen fifties a’ raibh an t-iascach go maith san oileán?

MÁIRTÍN: Bhí, bhí mar tháinig báid as Albain, ’bhfuil ’fhios a’d muintir Bhlá Cliath cheannaigh siad báid agus dream eile, beirt eile as Albain, sort comhlacht iad féin mar a déarfá. Ba leo, leis an dream as Albain dhá bhád agus ba leis an bheirt, an dream as Blá Cliath, an lucht a bhíodh ag díol iasc, an dá bhád eile.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí an ceithre bhád sin ag iascach le cheile.

ÁINE: M hm

MÁIRTÍN: Sin é, sin é an chaoi ’bhfuil ’fhios a’d ar cuireadh suim ins an iascach ar dtús. Bhí siad sin le feiceáil a’ tíocht isteach Cill Rónáin. Bhí séiplíneach anseo Fr Cullinane, tá sé básaithe anois, beannacht Dé lena anam agus bhí sé, bhí sé thíos ar a’ gcéibh a’ breathnú ar na báid ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… mar bhíodh [daoine] a’ gabháil síos ag iarraidh, gheofá breac úr, ’bhfuil ’fhios a’d bhíodh crúdáin mhóra acub sin, chaithidís amach cuid acub, breac le n-ithe agus bhí Pat Joe O’Donnell beannacht Dé lena anam agus Ciarán Gill ag obair sa dá bhád, sna báid sin agus bhí sé [ Fr. Cullinane] a’ rá leis féin má bhí siad sin sách maith le dhul ag obair ar deic iontub sin cén fáth nach mbeadh báid acub dhób féin agus sin é an chaoi a fuair, chuaigh sé ag ceistníú na lads, an bheirt sin agus d’fhiafraigh sé go Pat Joe a’ bhféadfadh sé é a thriail.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Dúirt sé go ndéanfadh agus tharla sé, bíodh sé go maith nó go dona, ach tharla sé go raibh duine muintireach leis, leis a’ séiplíneach san, san oifig i mBlá Cliath.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ag Bord Iascaigh Mara ach níl ’fhios a’m an bé an cathaoirleach é nó rud eicínt ach chuaigh sé suas chomh fada leis agus d’fhiafraigh sé dhe, deir sé “caithfidh tú cúnamh a thabhairt dhób leis seo”. Bhuel dúirt sé “ní thabharfadh” a dúirt se “mar tá fíor droch-cháil ar muintir Árann go bhfuil siad fíor leisciúil”. Sín é a deir sé.

ÁINE: By Dad.

MÁIRTÍN: Bhuel níl sé sin fíor mar deir sé tá an bheirt lads seo anois ar na báid sin agus feadfaidh tú dhul ag caint leis an ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… dream as Albain agus inseoidh siad dhuit é. “Bhuel” a dúirt sé, “tabharfaidh mé seans duit, an chéad chruinniú eile a bhéas ann, má chuireann sé isteach ar bád gheofá sé í” agus sin é an chaoi a fuair Pat Joe an “Ros Brazil”.

ÁINE: Ba shin í an chéad bád ….

MÁIRTÍN: …. Sin í an chéad bád a tháinig go hÁrainn ….

ÁINE: .… an saghas sin ….

MÁIRTÍN: …. gon saghas sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Sin é a’ bhfuil ’fhios a’d (--) An t-am sin a’ plé le rópaí.

ÁINE: Sea agus cén saghas a bhí an Ros Breasail?

MÁIRTÍN: Leathchéad troigh, sea agus an bhliain sin ba í an bád is fearr a rinne ar fud an chósta.

ÁINE: By Dad.

MÁIRTÍN: Mar bhí an t-iasc fairsing. Ba í agus rinne sí thar cionn. Ansin bhí cuid go na lads a bhí ag iascach leis, Tomás Joyce agus Tommy Mhaidhclín agus iad sin, fuair siad sin báid iad féin. Fuair Tomás Joyce beannacht Dé lena anam an Ros Seirc. Bhí se sin a’ déanamh go maith go dtí céard a tharla dhó agus ansin fuair Tommy Mhaidhclín an Ros Éinne.

ÁINE: Agus céard a tharla gon Ros Seirc?

MÁIRTÍN: Ó bádh dearthár leis i nGaillimh, sea agus is dóigh go b’shin é, ghortaigh sé sin é, níor chuir sé aon suim san iascach ó shin .

ÁINE: So thug sé suas an bád ab ea?

MÁIRTÍN: Thug sé, d’éirigh sé as.

ÁINE: Tharla go leor go na rudaí sin.

MÁIRTÍN: Tarlaíonn.

ÁINE: Anois a’ mbídís amuigh in aimsir dona?

MÁIRTÍN: Bhíodh, sách dona, ach sa mBáigh, ’bhfuil ’fhios a’d ní bhíodh muinn ó dheas sa ngeimhridh, bheifeá sa mBáigh sa ngeimhridh agus ó dheas sa samhradh.

ÁINE: Agus ag an am seo bhí sibh a’ landáil an t-iasc i nGaillimh, nach ea?

MÁIRTÍN: Go díreach, go díreach, sa ngeimhridh ghabhfá isteach chuile oíche, Gaillimh, mar ní bheifeá í bhfad as láthair mar a’ plé lé rópaí ní ionann é agus a’ tróláil. Bhí an plé lé rópaí breá sciopaí.

ÁINE: Agus cén sórt iasc a fuair sibh a’ plé le rópaí?

MÁIRTÍN: Chuile shórt iasc a bhí ag imeacht, gheofá an plás, gheofá an faoitín, gheofá an trosc, cadóg agus chuile shórt, rud ar bith a bhí ag imeacht fuair tú do chuid dhe, ach ansin sa samhradh, bheidís a’ tógáil leacoighre, a’ gabháil amach níos faide mar ’bhfuil ’fhios a’d bheadh sé rófhada as láthair. Bheifeá dhá uair a chloig anois a’ gabháil amach ó dheas agus ansin nuair a thosaigh a’ steamáil aríst, bheadh sé rófhada a’ ghabháil isteach Gaillimh.

ÁINE: Ach ní fhanadh sibh amuigh thar oíche dá mbeadh an oíche go breá?

MÁIRTÍN: Ní fhanadh, no ní fhanadh, thiocfá isteach sa tráthnóna. Ach ní thiocfá abhaile ó d’fhágfá an baile maidin De Luain go dtí tráthnóna Dé Sathairn, ag iascach sa mBáigh, bheifeá a’ gabháil isteach Gaillimh chuile thráthnóna.

ÁINE: Bhí sé sin sách crua ar a’ gclann sa mbaile….

MÁIRTÍN: …. Bhí, sa mbaile, bhí.

ÁINE: Hm. .

MÁIRTÍN: Ach ina dhiaidh sin bhí an obair ann agus bhí an punt le saoradh agus nuair atá clann a’d, caithfidh tú rud eicínt a dhéanamh. Sin é an chaoi a bhreathnaíonns tú air. Roimhe sin ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh tada lé saoradh. Cuid go na lads bhí siad tar éis a bheith thall i Sasana ag obair ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… ar na trawlers i Milford agus i Swansea, agus b’fhearr leob sin a bheith sa mbaile ag iascach, ná a bheith thall ansin.

ÁINE: So níor chuir siad sin iontas a’ bith ….

MÁIRTÍN: …. Níor chuir….

ÁINE: .… a bheith a’ fanacht i nGaillimh…

MÁIRTÍN: …. Níor ....

ÁINE: .… ar feadh na seachtaine ….

MÁIRTÍN: …. Deimhin níor chuir, níor chuir.

ÁINE: Agus a’ raibh airgead mór anois lé saoradh ar an iasc an t-am sin?

MÁIRTÍN: Bhuel, bhí an t-iasc fairsing ach ní raibh an luach chomh maith sin, ní raibh sé sách daor mar a déarfá, ach bhí an t-iasc fairsing. Bhuel shaorfá páigh ina dhiaidh sin. Amanntaí, ní shaorfá ach tuairim ’s cúig phunt sa t-seachtain.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Amanntaí eile deich bpunt, agus abair anois sa séasúr dá, dá mbuailfeá troisc agus rudaí mar sin, thiocfaidís isteach sa Márta, dhéanfá seachtain maith. Ach thríd is thríd ’bhfuil ’fhios a’d ní hé an oiread sin iasc, agus chaithfeá ’bhfuil ’fhios a’d an oiread seo a íoc leis an Bord Iascaigh Mara, ní ba leat féin an t-airgead sin. ’Bhfuil ’fhios a’d nuair a ghabhadh an t-iasc Blá Claith nó abair dá ndíolfá i nGaillimh é, bhí ort an t-airgead a bhailiú i nGaillimh agus é a shíneadh isteach ag Bord Iascaigh Mara ag an oifig i nGaillimh agus an t-iasc a dhíolfaí leat i mBlá Cliath thiocfadh sé anuas acub sin “___+” an dá lot le cheile. Abair dá mbeadh cúigear [foireann] a’d dhéanfaí deich cuid gon airgead. Dúirt siad linn i gcónaí seisear a bheith a’inn ach dá mbeadh seisear, seisear ar chaon taobh, thabharfaidís dhá chuid duitse mar, mar an úinéara agus choinneoidís féin an cuid eile agus ansin an séú cuid eile bhí sé roinnte ar an foireann.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: An dtuigeann tú

ÁINE: Tuigim, sea.

MÁIRTÍN: Dhéanfaí dhá leith gon airgead. As sin bhuel sula scoiltfí an t-airgead chor ar bith chaithfeá an ola a íoc agus an rud a bhí le n-ithe acub i gcaitheamh na seachtaine chaithfeá do bhillí a ghlanadh ar dtús agus ansin roinnidís amach an t-airgead ach ba é, ó cheart ba ag Bord, ag Bord Iascaigh Mara nó oifigí Bord Iascaigh Mara i nGaillimh sin iad a bhí ag breathnú i ndiaidh an t-iasc agus an t-airgead.

ÁINE: Agus a’ bé an chaoi a mbíodh auction ar an iasc ansin ar an gcéibh i nGaillimh?

MÁIRTÍN: Ó ní raibh. Ní raibh, dá mbeadh bheadh sé i bhfad níos fearr agus ’bhfuil ’fhios a’d ní bheadh an costas a’ gabháil Blá Cliath. Amanntaí anois chuirfí iasc Blá Cliath agus ní ghlanadh sé é féin, nuair a bheadh chuile short íocthaí as.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní bheadh tada le fail a’d. Ní bheadh múis. Amanntaí b’fhéidir go gcaithfeá airgead a íoc.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Ach ansin nuair a thosaigh siad i Ros a’ Mhíl, tá sé i bhfad níos fearr.

ÁINE: A’ gceapann tú go bhfuil difríocht mór tagtha ann anois?

MÁIRTÍN: Ó tá, tá. Tá níos mó suim san iascach, tá níos mó meas ar an iascaire ar bhealach eicínt tá siad ’bhfuil ’fhios a’d tá an-seans anois acub. Oibríonn siad uafásach crua, ná ceapadh duine go bhfuil sé éasca, níl. Fiú ná báid atá acub anois tá siad a’ gabháil an-fhada amach ó dheas.

ÁINE: Tá.

MÁIRTÍN: Amach chun farraige, tá agus ní saol deas é. Ceart go leor má éiríonn leat, déanfaidh tú airgead ach ina dhiaidh sin bíonn stróiceadh ann, ’s bíonn briseadh ann agus cailleadh líonta agus rudaí mar sin agus muna gheobhaidh tú an t-iasc nuair a ghabhas tú amach ’bhfuil ’fhios a’d bíonn siad sin tuairim is cheithre uaire déag anois a’ steamáil amach ….

ÁINE: …. Sea….

MÁIRTÍN: .… sula gcuirfidh siad lion a’ bith agus cosnaíonn sé sin airgead. Ola, caitheann siad an t-uafás ola, sé an ola atá dhá marú.

ÁINE: Agus, ach tá an luach ar an t-iasc níos airde ó chuaigh siad Ros a’ Mhíl a’ bhfuil?

MÁIRTÍN: Déarfainn go bhfuil, go bhfuil anois. Ó tá, tá luach ar an iasc ó chuaigh muinn isteach sa Cómhargadh, sin é a rinne é, marach sin ní thiocfadh níos mó báid go h-Árainn, mar cuimhnímse ar nuair a bhí muinn i nGaillimh, lá amháin anois inseoidh mé dhuit, bhí muinn ó dheas ag iascach agus fuair muid cadógaí agus fuair muid deich mbosca fhichead cadógai agus dhá bhosca faoitín, seod í an fhírinne anois, tháinig muinn isteach ar an gcéibh, isteach sa duga ach chuir muinn chuile bhosca amach ar an duga ach tharla sé gur cuireadh an dá bhosca faoitíní thíos i n-íochtar. Tháinig fear anuas, daoiní eile ní cheannóidís chor ar bith iad.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus tháinig sé seo anuas ag iarraidh an dá bhosca faoitíní. Chart sé chuile bhosca go bhfuair sé an dá bhosca faoitín. Sin an méid a cheannas a’ bhfuil ‘fhios a’d an t-am sin anois a’ bhfuil ’fhios a’d bhí tú a’ faire ar muintir na Gaillimhe. Anois níl.

ÁINE: Níl.

MÁIRTÍN: Tá, tá seans anois ag an iascaire ceart go leor.

ÁINE: Agus b’fhéidir tá dar in ann a bheith sa mbaile níos minící mar gheall ar iad a bheith a’ landáil i Ros a’Mhíl.

MÁIRTÍN: Níl.

ÁINE: Níl, ní dhéanann sé aon difríocht?

MÁIRTÍN: Ní dhéanann sé aon difríocht, ní dhéanann sé aon difríocht mar ní fhanann siad, ní fhéadfadh siad fanacht, tá na báid sin costasach. Tá siad agus caithfidh siad a dhul chun na farraige aríst. Ní dhéanann siad ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. moill ar bith, nach bhfeiceann tú chomh luath agus a thagann siad isteach (--) ach tá rud amháin ann, ní hé an fear céanna atá ina chaptaen uirthi i gcónaí, faigheann siad briseadh.

ÁINE: So tá sé sin go maith….

MÁIRTÍN: …. An chaoi a bhí sé a’inne ní raibh, ní raibh aon bhriseadh, bhuel a’ bhfuil ’fhios a’d bhíodh, d’fhanfá istigh chuile tráthnóna, chuile Dé hAoine deireadh na míosa mar chaithfeá fanacht istigh le ola a athrú agus rudaí mar sin. Sin mar gheall ar na engines ach sé an ordú a bhí a’d an ola a athrú chuile trí seachtainí nó chuile mhí agus chaithfeá fanacht ansin De hAoine. Bhuel ansin De hAoine ghabhfá abhaile go luath nó b’fhéidir deirneach Dé hAoine nó maidin Dé Sathairn go luath dá mbeadh an aimsir in araíocht ach tharlódh sé go minic nach mbeifeá in ann a dhul abhaile Dé Sathairn féin go dtí maidin Dé Domhnaigh.

ÁINE: Em a’ bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí an gála mór ann “An Debbie” ?

MÁIRTÍN: Sea.

ÁINE: A’ raibh sibh amuigh san aimsir an lá sin?

MÁIRTÍN: Bhí, bhí muinn ar an mbealach abhaile

ÁINE: So Dé Sathairn a bhí ann mar sin?

MÁIRTÍN: Dé Sathairn a bhí ann, sea. Ó bhí sé, bhí sé sin go dona, bhí muinn aníos leath [bealach] bhí muinn an-ghar go Ceann Bóirne nuair a b’éigin dúinn casadh agus bhí an “Banríon Na Mara” a’ tíocht ina ndiaidh. Bhí muinn ceart go leor nó go ndeachaigh muinn isteach ag an duga ach bhí faitíos orainn a’ gabháil isteach sa duga mar ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh, ní raibh geataí a’ bith air agus ba gaoth anoir aneas a bhí ann, isteach díreach. Á muise bhí sé go dona

ÁINE: Agus ar tháinig an gála go tobann nó a’ raibh súil leis?

MÁIRTÍN: Bhí súil leis.

ÁINE: Agus céard a bhí oraibh? [ag dul amach sa mbád]

MÁIRTÍN: Sin é go díreach, níor éist muinn leis.

ÁINE: Bhí an iomarca deifir abhaile ag na mná agaibh.(Gáire)

MÁIRTÍN: Bhuel dá mbeadh muinn ceart bheadh Gaillimh fágthaí a’inn an tráthnóna roimhe sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus bheadh muinn sa mbaile, mar le gaoth anoir aneas, droch áit é duga na Gaillimhe, tá sé rite, isteach ann. Níl sé an trust. Dá n-éireoidh linn a dhul suas go dtí an cladach ach bhí an taoile íseal, bhí muinn ceart, ach b’éigin dhúinn a dhul isteach díreach sa duga.

ÁINE: Agus a’ b’shin é an lá is measa a bhí sibh amuigh ariamh ar a’ bhfarraige?

MÁIRTÍN: Bhuel ní, ba é leis an mbád a bhí a’m, ach bhí mé lá amuigh sa mBád Tarrthála, déarfainn go raibh sé i bhfad níos measa. Bhí muinn a’ gabháil síos go Valencia, go Oileán Dairbhre, ó bhí an lá sin uafásach. Bhí sé níos measa ná é sin mar ’bhfuil ’fhios a’d istigh ansin sa duga, nuair atá an oiread farraige sa mBáidhe .…

ÁINE: …. Sea, yeah….

MÁIRTÍN: .… bíodh fhios go raibh sé go dona ach dá mbeifeá ó dheas ansin an lá sin bhí an-fharraige ann.

ÁINE: Sea, ach ar chas an “Bhanríon” ar ais an lá sin

MÁIRTÍN: Chas, chas sí romhainn.

ÁINE: Agus cé ba leis an Bhanríon

MÁIRTÍN: John Mháirt, John Mháirt nó Seán Ó Flaithearta.

ÁINE: Yeah, agus a’ raibh contúirt oraibh, an gceapann tú, dá leanfadh sibh ar aghaidh?

MÁIRTÍN: Bydad ní, is deacair a rá mar bhí, bhí, bhí sé go dona.

AINE: Yeah.

MÁIRTÍN : Bhí, inseoidh mé an fhirinne duit, ní raibh muinn a’ déanamh mórán headway ar chor ar bith. Ach b’fhéidir dá n-éireoidh linn coinneáil orainn agus a dhul suas faoi Ceann Bóirne b’fhéidir go mbeadh, bheadh foscadh a’inn agus tharla, mar a tharla sé bheadh, ach tharraing an ghaoth siar agus bhí muin, bheadh muinn níos fearr as thuas ansin ach chas muinn ar ais. Á bhí, bhí sé geal ar fad, an Báidhe, bhí sé go dona.

ÁINE: Sea, anois bhí, bhíodh tú a’ tarraingt an phosta go dtí Inis Oírr agus Inis Meáin.

MÁIRTÍN: Bhí, bhí.

ÁINE: A’ bhféadfá inseacht dom faoi sin?

MÁIRTÍN: Ó bhí sé sin ceart go leor dá mbeadh an aimsir go breá ach bhí anró go leor a’ baint leis dá mbeadh an aimsir go dona, a’ plé leis na currachai. ’Bhfuil ’fhios a’d chaithfeá a dhul amach ’bhfuil ’fhios a’d trí, trí bhabhta sa tseachtain, an chéad (--) Dé Máirt bhí sé sin go muintir Inis Mór amháin, Déardaoin Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr agus Dé Sathairn Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Dá mbeadh an aimsir go breá d’ordóidís go leor stuif mar bheadh sé an-éasca a dhul le céibh. Dá bhféadfá dhul le céibh, le fairplay a thabhairt dhóibh, thabharfaidís an-láimh duit leis an stuif a chur amach.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus chuirfeá amach an oiread stuif i leathuair a chloig agus a chuirfeá amach i cheithre uaire nuair a bheifeá amuigh ar ancaire.

ÁINE: Sea

MÁIRTÍN: Chaithfeá fanacht ar ancaire ’bhfuil ’fhios a’d, ní raibh aon chéibh ceart acub an t-am sin.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: A’ bhfuil ’fhios a’d, dá mbeadh céibh ceart ann, ní raibh badráil ar bith, ach bhí an áit tanaí agus an chéibh beag agus droch áit ceart é Inis Meáin.

ÁINE: Tá sé contúirteach.

MÁIRTÍN: Tá sé contúirteach. Ó chur siad fad as anois deir siad go bhfuil sé thar cionn. Bhí sort foscadh a’d in Inis Oírr mar bhí tú isteach ansin ar an trá ach bhí tú san sunda mar a déarfá in Inis Meáin, anuas ansin ag a’ slip.

ÁINE: So bhí sé oscailte.

MÁIRTÍN: Bhí sé oscailte, bhí agus le gaoth anoir aneas nó gaoth aneas bheadh sí isteach díreach ann. Dá dtarlódh tada bhí tú ann. Sin é is mó a mbeadh faitíos ort roimhe ach bhí sé alright. Ní raibh anró ar bith orainn amanntaí go dtí, ach ina dhiaidh sin bheadh imní ort a’ plé leob mar ar bhealach bhí sí [an bád] beag le plé leis, ar deireadh bhí an oiread sin stuif a’ tíocht. Níor mhaith leat ….

ÁINE: …. Agus cén t-am gon bhliain a bhíodh ann?

MÁIRTÍN: Sa ngeimhridh, Meán Fómhair, Deire Fómhair, gheofá cúig seachtainí nó sé seachtainí, an t-am sin chaithfeá freastal orthub. Bhí sé ceart go leor mar dúirt mé dá mbeadh an aimsir go breá, ach le droch aimsir, ní áit a’ bith [a bheith] a’ plé leob, leis na h-oileáin.

ÁINE: A’ bhfuil aon scéilín a’d anois faoi a’ gabháil isteach go Inis Mean ná in Inis Orr?....

MÁIRTÍN: ….(Gáire) O bhí, bhí ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh orainn a dhul soir go Inis Mean ná go Inis Oírr ar Dé Máirt ach an lá seo fuair mé scéala uaidh, tháinig duine eicínt aníos ag a’ teach le [teachtaireacht] fón a’ rá liom a dhul chomh fada le Ceann Gainimh, go raibh fear ansin ag iarradh a dhul amach go gceannódh sé móin, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís a’ ceannacht móin, na báid móna ag teacht isteach agus bhí sé seo ag iarraidh a dhul amach go gceannóidh sé lucht móna amuigh agus dúirt mé leis go ngabhainn soir, ní chuirfeadh sé tada as dom obair deich nóiméid nó ceathrú uaire. Ceart go leor nuair a chuaigh muinn soir, tamall soir i lár, i lár an Sunda, bhí an currach ann. Chuaigh mé chomh fada leis an currach. Á muise ceard a bhí acub ach coiníní, trí bhosca coiníní dhá gcuir isteach Gaillimh (gáire)ag an University.

ÁINE: Ó bhídís a’ díol coiníní?

MÁIRTÍN: Bhídís a’ díol na coiníní, bhíodh an University a’ ceannacht na coiníní, bhíodh coiníní a’ gabháil amach as seo freisin, ach sin é, (gáire) ach fear Inis Mean, bhí sé a’ cumadh ….

ÁINE: …. Bhí sé ag cumadh bréaga duit, ab ea?

MÁIRTÍN: Bhí sé a’ cumadh bréagadh, mar ní ghabhainn soir aige (gáire)

ÁINE: Agus meas tú a’ mbídís a’ fáil mórán airgead ar na coiníní?

MÁIRTÍN: Bhí siad sásta, níl ’fhios a’m cé mhéad ach bhí siad sásta leis a’ praghas, bhí siad, mar bhí cúpla duine anseo freisin a’ gabháil ina ndiaidh, bhíodh boscaí acub. Amantaí bhíodh na boscaí go dona agus ritheadh siad [na coiníní] amach as an mbosca agus ghabhadh siad síos sa hould agus bhíodh na lads ag ritheadh ina ndiaidh. ’Bhfuil ’fhios a’d sé an rud, tá an ghráin ceart a deir siad, ag iascairí ar coiníní. Deir siad go bhfuil coiníní agus muca go bhfuil siad mí-ádhúil.

ÁINE: Nár cheart iad a thabhairt isteach sa mbád ar chor ar bith?....

MÁIRTÍN: …. Níor cheart iad a thabhairt isteach sa mbád ar chor ar bith. Ach b’éigean dhuinn, ó chuaigh muinn chomh fada leis, thug muinn amach iad.

ÁINE: Agus a’ ndeachaigh sé féin in éineacht libh?

MÁIRTÍN: Ó ní dhéacha, ní dhéacha. Bhí ’fhios ag fear an lorry (--) nuair a bhí tú ag obair go C I E, chuirfidís amach lorry leis a’ stuif agus bhí ’fhios ag an bhfear seo ’bhfuil ’fhios a’d cá raibh siad seo a’ gabháil, bá chuma leis, an bhfuil ’fhios a’d, is dóigh go gcuirfeadh siad féin scéala isteach ….

ÁINE: …. Sea….

MÁIRTÍN: .… le fón gur chuir siad amach iad agus bheadh siadsan ansin dhá n- iarraidh, thabharfaidís isteach ag an University, na coiníní.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bheadh cúig nó sé go bhoscaí amanntaí a’ gabháil isteach coiníní acub.

ÁINE: So ní bheadh gá ar bith dhuit é sin a thógáil, na coiníní a thógáil?

MÁIRTÍN: As Inis Mean an lá sin?

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní raibh, ach ina dhiaidh sin ó tháinig sé amach ní fhéadfainn é fhágáil ann. (Gáire)

ÁINE: Bhí sé sách críonna

MÁIRTÍN: Agus cén bhrí ach an fear a dúirt é, ní raibh sé sa gcurach ar chor ar bith.

ÁINE: Cé nach raibh?

MÁIRTÍN: Ní raibh.

ÁINE: Bhí sibh lá dona eile a’ gabháil isteach ann agus lánúin nua pósta agaibh?

MÁIRTÍN: Á bhí, bhí.

ÁINE: Ar chuma leat inseacht dom faoi sin?

MÁIRTÍN: Ba chuma, (gáire) ach ar aon chaoi, bhí an lá go dona, agus bhí siad seo pósta agus bhí siad a’ gabháil i dtír ann ach bhí, bhí sé an-dona ar an slip, níor tháinig amach ach currach amháin, ach nuair a tháinig an currach sin lena dtaobh, bhí aithne mhaith ag na lads ar beirt a bhí sa gcurrach.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Thosaigh siad a’ caint agus deir siad, bhí mise a’ rá “fan leis go dtógfadh sibh na paisinéaraí ar dtús”. Á deir siad “ná bac leis na paisinéaraí” a deir siad, “sín a’m na boscaí agus na buidéil”, a deir sé (gáire) “sin é an rud is mó atá uainn”.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach thug siad isteach iad ach ma thug bhí siad tamall maith a’ fanacht taobh istigh sul ma ndeachaigh siad i dtír, mar dúradh linn ‘bhfuil ’fhios a’d, gan corraigh …

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: … go bhfeicfeadh muid i dtír iad. D’fhan siad tamall fada ach chuaigh siad i dtír ar deire. [Bhíodh] go leor anró ar fear Inis Mean ar an slip lé corraigh i bhfarraige.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí sé contúirteach, bhí sin.

ÁINE: Anois a’ raibh aon phisreógaí a’ baint le iascaireacht?

MÁIRTÍN: Bhuel níl.

ÁINE: Ceard faoi an mbean rua?

MÁIRTÍN: Bhuel sin seafóid (gáire) mar a déarfá, mar is minic a casadh bean rua orainne a’ gabháil ag iascach agus ní chuirfeadh sí tada as dúinn ach eh, bhuel inseoidh me dhuit gur tharla rud eicínt , bhí triúr a’inne, bhuel sin i bhfad sul a thosaigh me ag iascach ceart, fuair mé bád, bhí triúr a’inn sa gcurrach, chaill muinn potaí, chaill muinn líonta agus chaill muinn spiléid (gáire) agus bhí siad a’ rá, bhí siad ag cur milleán ar duine amháin. Déarfainn nach raibh siad ceart. Gur bean rua[a casadh orthu]

ÁINE: (Gáire)

MÁIRTÍN: (Gáire) Ach chuala mé a’ caint ar a bhfear iad nach ndeachaigh amach as Cill Éinne nuair a casadh bean air agus ní raibh sí rua, bhí sí dubh ach chas sé abhaile aríst. Am a’ bith a d’fheiceadh sé an bhean seo bhí sé a’ rá ní dhéanfadh sé aon mhaith, bean dubh ….

ÁINE: …. Ní raibh tada a’ baint lei ….

MÁIRTÍN: …. Ní raibh tada a’ baint lei ach maidir leis an mbean seo, chaill muinn na líonta agus na spiléid. Bhí an t-ádh orainn nuair nár cháil muin, muinn féin ar deire mar an lá céanna bhí, chuir muin (--) ar dtús inseoidh mé dhuit na potaí, tháinig, bhí mise ag cur milleán ar an tríú fear a tháinig linn. Tháinig sé linn, beannacht Dé le anam na mairbh, tá an bheirt acub básaithe anois, tháinig sé linn a’ plé le potaí agus bhí muinn a’ déanamh alright ach lá arna mháireach chaill muinn na potaí. Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir muinn amach líonta, bhí ronnachaí, mealltrachaí ronnachaí le feiceáil amach ó Port Mainistir, chuir muinn amach na líonta, is ar éigin a bhí sé in araíocht an cladach a fhágáil, chaill muinn líonta, níor chaill mise aon líon ach chaill duine go na lads eile líonta.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní bhfuair sé aon tuairisc ariamh air. Bhuel níor stop sé ansin, ní raibh muinn sásta go ngabhadh muinn a’ plé le spiléid agus bhí muinn a’ plé le spiléid roimhe sin amach ar chúl an Chrugáin, bhí sé alright, bhí sé sin cóngarach .

ÁINE: Agus céard iad na spiléid?

MÁIRTÍN: Sin é an líon, eh spiléid a bhfuil dorúntaí astub mar a déarfá, dorú agus tá fortaím astub anuas ceanglaithe agus tá duáin le fortaím agus cuireadh tú baoite air agus ó an oiread seo, bíonn an oiread sin duáin.

ÁINE Agus cén sort iasc a gheobhadh sibh as?

MÁIRTÍN: Ó gheobhadh muinn langaí agus troisc agus mangachaí agus chuile shórt iasc mar sin do réir mar atá an baoite a’d. Dá mbeadh baoite maith a’d, ronnach nó scadán, ní raibh ceachtar gon triúr a’inn a’ plé le spiléid ariamh cheanna.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach ag éisteacht cá raibh an áit maith agus an áit dona.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus seod amach linn, amach ó dheas agus ar aon chaoi nuair a bhí muinn a’ gabháil timpeall, timpeall an Spor ansin sa Sunda bhí fear amháin ann agus é a’ cuartú ronnach agus dúirt sé linn “tosaigh a’ cuir anois agus go amach an bealach sin díreach agus beidh tú alright,” ach níor thosaigh, ní raibh muinn sásta go ngabhadh muinn siar, siar, amach ón Aill Bhán, amach, amach ar aghaidh Poll na Brioscarnach. Maidin lá arna mháireach ní raibh sé in araíocht do chloigeann a chuir amach. Chuaigh muinn soir agus bhí muintir Chill Éinne a’ tíocht, a’ gabháil ag an Aifreann tá mé ceapadh, Aoine Chéasta nó rud eicínt mar sin agus bhí siad a’ magadh, a’ gáirí fúinn agus chuaigh muin, leag muinn an currach agus amach linn agus leath bealaigh amach, dúirt mé leis an lad eile “níl sé in araíocht a dhul siar”. “Tá” a deir sé, “á a dheabhac níl” a deir mise “má théann muinn siar” a deir mise “cén chaoi a dtiocfaidh muinn ar ais”, “ó gabhfaidh muinn timpeall an oileán” a deir sé, “Bhuel” a deir mise “má theann muinn chomh fada leis an méid sin ní thiocfaidh muid ar ais for life”. Agus cén bhrí nuair a chas muinn timpeall a’ tíocht isteach céard a bhí le feiceáil ach trosc mór millteach ar bharr na, bharr na farraige. Phioc muinn suas é ach marach an lad eile bhí an bheirt a’inn bhí muinn a’ rá nach raibh sé in araíocht, bháfaí muinn siúráilte

ÁINE: A’ mbáfaí, yeah?

MÁIRTÍN Ó siúráilte, mar bhí mé a’ breathnú ar na h-áiteachaí sin aríst nuair a bhí mé a’ plé le potaí siar an bealach sin. d’íosfadh sé thú ar an lá sin mar ’bhfuil ’fhios a’d bhí rabharta ann agus bhí gála gaoth anoir aneas .

ÁINE: Sea agus bheadh líon ag chuile dhuine agaibh, ab ea?

MÁIRTÍN: Bhíodh spiléid ag chuile dhuine.

ÁINE: D’íocaidís féin as, ab ea, bhí ceann ag chuile dhuine?

MÁIRTÍN: Bhí ceann ag chuile dhuine, chaill muinn na spiléid, chaill muinn chuile shórt. Bhí siad ag cuir milleán ar an mbean seo ach bhí mise a’ cuir milleán ar an lad a bhí linn

ÁINE: Agus cén aois a bhí sibh an t-am sin?

MÁIRTÍN: Tuairim ’s ocht mbliana déag.

ÁINE: Á ní thagann an chiall roimh aois.

MÁIRTÍN: Ní thagann, bhuel, sin í an fhirinne (gáire)….

ÁINE: …. Sin í an fhirinne ….

MÁIRTÍN: …. Sin í an fhirinne (gáire) mar is minic a bhí mé a’ breathnú air aríst nuair a bhí mé a’ plé le potaí siar an bealach sin, sa mbád ó agus ‘bhfuil ‘fhios a’d na áiteachaí atá a’ ritheadh amach ansin, an taobh seo is gaire gon Oileán Iartharach agus siar an bealach sin.

ÁINE: Tá sé an-chontúirteach.

MÁIRTÍN: Ó tá sé contúirteach.

ÁINE: Agus ní raibh cleachtadh agaibh ar an taobh sin gon oileán ag an am….

MÁIRTÍN: …. Ní raibh, ní raibh an t-am sin. Ní raibh.

ÁINE: Agus a’ mbíodh sibh in ann snámh an t-am sin?

MÁIRTÍN: Bhí, ó bhí. Nuair a bhí muinn a’ gabháil ag a’ scoil, b’éigin go chuile dhuine, ’bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí muinn a’ fás suas, Paddy Hehir, [an múinteoir] beannacht Dé lena anam, déarfadh sé linn a’ ghabháil soir ar a’ trá agus a’ ghabháil a’ snámh. Ghabhfá soir ansin faoi tí Joseph Kelly ansin agus ghabhfá amach a’ snámh ansin. Ní bhíodh togs ná tada orainn, mara raibh féin. Séard ba chiontach leis sin, bhí fear eicínt as Blá Cliath, bhí sé a’ scríobh go páipéar, ‘Roddy The Rover’ a thabharfadh sé ar féin, cuimhním ar sin agus bhí an máistir dhá léamh amach dhúinn.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Dúirt sé nach raibh duine ar bith in Arainn, bíodh fhios gur iascairí iad in ann snámh, ní raibh snámh a’ bith acub. Bhuel a dúirt sé, dúirt an máistir “athróidh sé sin anois” a deir sé “mar nuair a thiocfas an Samhradh gabhfaidh sibh soir ansin ar a’ trá chuile dhuine agaibh leath uair a chloig tar éis am dinnéar agus gabhfaidh sibh a’ snámh. Ó bhí chuile dhuine a’inn mórán in ann snámh ar deireadh.

ÁINE: Sea, mar thug mé faoi deara é sin, go raibh cúpla duine agaibh ansin, d’fheicinn thíos ag ná mBuailte sibh …

MÁIRTÍN: …. Sea ….

ÁINE: .… agus bhí sibh thar cionn ar fad a’ snámh.

MÁIRTÍN: Bhí, bhí muinn in ann snámh ó bhí mé a’ gabháil ag a’ scoil agus feictear dhom go raibh sé as bealach a rá nach raibh na h-iascairí [in ann snámh] mar na sean-iascairí, bhí snámh acub sin.

ÁINE: A’ raibh?

MÁIRTÍN: Bhí, mar chuala mé caint ar fear amháin a cuireadh i bhfarraige agus é a’ tíocht isteach sa mbád, Nobby a bhí aige, Willie Costello….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… beannacht Dé lena anam agus nuair a chuir sé an bád timpeall, bhuail an stiúir é agus chuir sé amach i bhfarraige é agus snámh sé timpeall agus bhí sé in ann inseacht gon fear a thóg an stiúir ina dhiaidh an harbadóir mar a déarfá ….

ÁINE: …. Sea .

MÁIRTÍN: céard a dhéanfadh sé leis an bád a thabhairt timpeall. Faoi dhó chinn air a theacht trasna air ach an tríú babhta phioc sé suas é. Bhí sé thar cionn agus níl sé éasca sa sunda tá mé a’ rá leat.

ÁINE: Níl, níl, chaithfeadh sé go raibh snámh maith aige.

MÁIRTÍN: Bhí an-snámh aige, sin é an fáth a bhí, shábháil sé, shábháil sé é féin ansin.

ÁINE: A’ teacht ar ais aríst anois go dtí na pisreogai, níor mhaith leob ainmhithe a bheith sa mbád in éineacht leob?

MÁIRTÍN: Níor mhaith

ÁINE: Níor mhaith leob luchain anois a fheiceáil sa mbád.

MÁIRTÍN: Bhuel níl aon dochar sna luchain.

ÁINE: Ó a’ b’shin é ?

MÁIRTÍN: An rud is measa faoi na luchainn, bhí siad salach agus áit, dá mbeadh tada le n-ithe sa mbád bheidís, shalóidís chuile áit.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ó no níor thaitneamh, bhíodh na luchainn a’ gabháil (--) ’bhfuil ’fhios a’d anois nuair a thiocfadh muinn abhaile ó iascach a’ bhfuil ’fhios a’d an t-am seo anois bheadh an líon déanta suas, chaithfeá bheith cinnte go raibh an cod end mar a déarfá, sin é an mála

ÁINE: Sea

MÁIRTÍN: glanta ceart, nach raibh lorg iasc ná tada air mar bheadh na luchain ’bhfuil ’fhios a’d sa stór ansin, bhí sé lán le luchain.

ÁINE: Sea, sea.

MÁIRTÍN: Bhídís sin a’ gabháil ar bord i ndiaidh an t-iasc, gheobhaidís boladh an iasc agus bheidís ag gearradh an líon. Taobh amuigh dhe sin ní raibh aon dochar sna luchainn ach níor thaitneamh na coiníní leob.

ÁINE: Na coiníní.

MÁIRTÍN: Ó no.

ÁINE: Ach níor chreid tú féin ins na pisreogaí?

MÁIRTÍN: Ó no, níl ansin ach seafóid.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRTÍN: Seafóid.

ÁINE: Anois em a’ raibh aon chomharthaí aimsire ann le go mbeadh ’fhios agaibh cén aimsir nár cheart díbh a dhul amach?

MÁIRTÍN: Bhuel bheadh, bheadh sórt barúil a’d ’bhfuil ’fhios a’d bheadh an aimsir, bheifeá, chaithfeá a bheith ag éisteacht leis an radio i gcónaí, d’inseodh sé cén uair a bhí athrú le tíocht. Tá séasúr, bhíodh séasúir ann a bheadh an t-iasc le fail níos fairsinge na amanntaí eile ar fud an oileán, go mór mhór san mBáigh anois, bheadh an oiread seo coirnéil thíos leis an talamh de réir mar a bheadh an ghaoth, ghabhfadh an t-iasc ar an bhfoscadh, ghabhfadh sé síos ansin gar go Conamara, céibh an Spidéal, amach an bealach sin. Amanntaí eile ansin, nuair a bheadh an t-iasc mór a’ teacht isteach bheadh sé amuigh ansin idir Inis Oírr agus Contae an Chláir amach an bealach sin agus suas i lár ansin idir Inis Meáin agus Inis Oírr anuas ansin is dóigh gurb shin é an bealach a thiocfaidís isteach

ÁINE: Amanntaí áirid gon bhliain?....

MÁIRTÍN: …. Amanntaí áirid sea, agus go mór mhór sa Márta.

ÁINE: A’ bé an t-earrach an séasúr a b’fhearr?....

MÁIRTÍN: …. Ó sé, ba é, ba é.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ba é an t-Earrach ach chaithfeá coinneáil ort i gcónaí, má bhí bád a’d bhí ort coinneáil ort i gcónaí. Maidir le (--) ní bhíodh an oiread sin ceannacht ansin, ní raibh sé chomh maith sa Samhraidh.

ÁINE: An ndíolfaí an t-iasc de réir an mheáchan nó de réir an bhosca?

MÁIRTÍN: De réir an bosca. Bhí, bhí siad i nGaillimh ansin á cheannacht sa deireadh.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: An Bord Iascaigh Mara iad féin, b’fhéidir go gceapfá gur praghas beag é ach ina dhiaidh sin nuair a bheadh chuile short déanta suas, bheadh an praghas go maith, ’bhfuil ’fhios a’d ní chaithfeá íoc ’bhfuil ’fhios a’d, ní raibh a’d ach é a chaitheamh amach ar an gcéibh acub.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní raibh costas ort le dhul Blá Cliath agus costas é a dhíol agus costas na boscaí anuas ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. agus rudaí mar sin. Bhí sé níos fearr.

ÁINE: Agus cén t-iasc anois a b’fhearr le muintir na n-oileán iad féin le n-ithe ag an am sin?

MÁIRTÍN: Ó déarfainn gurb é an trosc, ó déarfainn, sé, sé ach bhí cuid acub agus thaitneamh faoitín leob. ’Bhfuil ’fhios a’d chuirfeá (--) Na langaí

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Muintir na h-áite fadó a bhíodh a’ plé le spiléid, na langaí a bhíodh acub mar is minic a chuala mé m’athair beannacht Dé lena anam, a’ rá go raibh siad féin a’ plé le spiléid a’ gabháil amach ó dheas agus chuir siad a’ seol amach ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh aon inneall inti agus nuair a bhí siad a’ braith ar stopadh le cuir, bhí siad tamall maith amach, bhí duine go na lads amuigh chun cinn agus chonaic sé an rud beag seo amach uaidh agus choinnigh siad orthub go ndeachaigh siad [chomh fada leis] ach céard a bhí ann ach curach as Inis Meáin a bhí a’ tíocht isteach…

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. tar éis a bheith amuigh le spiléid agus í luchtaithe agus sin é a dúirt sé leis “coinnigh ort tamall eile” a deir sé “agus má bhuaileann tú iad, beidh leat”. Choinnigh sé air ach níor choinnigh sé air sách fada. Bhuel sé ar deireadh iad, dúirt sé.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Fuair sé slam maith ach dá gcoinneodh sé air, luchtódh sé an bád. Bhí siad [an t-iasc] ag imeacht ina mealltrachaí, langaí is mó.

ÁINE: Agus ansin shaillfidís anseo iad, na langannaí agus na troisc?....

MÁIRTÍN: …. Sea, na troisc, sea, déarfainn go gcuirfidís Gaillimh iad, gur fearr iad a, iad a dhíol úr .

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Dá bhféadfaí é.

ÁINE: So cé a thabharfadh Gaillimh ansin iad, a’ gcaithfidís féin a dhul Gaillimh?

MÁIRTÍN: Chaithfidís féin a dhul Gaillimh.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: No b’fhéidir go gcuirfidís síos ar a’ steamer iad.

ÁINE: Thógfadh sé scaitheamh maith ….

MÁIRTÍN: ….Thógfadh ….

ÁINE: .… orthub seoladh go Gaillimh.

MÁIRTÍN: Thógfadh sé, thógfadh se tamall maith amanntaí, sea. An t-achar as Gaillimh, as seo go Gaillimh ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… sin é is measa. ’Bhfuil ’fhios tá chuile shórt, tá chuile sheans anois i Ros a’ Mhíl, tá sé cóngarach agus chuile shórt.

ÁINE: Sea, anois a’ gabháil ar ais aríst go dtí an Ros Rónáin, a’ raibh sé deacair criú a fháil an t-am sin?

MÁIRTÍN: Ní raibh, bhí cuid go na lads a’m ó thosaigh mé go dtí ar deireadh, no ní raibh deacracht ar bith. A’ bhfuil ’fhios a’d, thug an Bord Iascaigh Mara, Mara ansin amach plean faoi lads óga a chuir ar na báid, ’bhfuil ’fhios a’d d’íocaidís iad an oiread seo, ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh ar an skipper tada a íoc leob ach go n-íocfadh an Bord Iascaigh Mara an oiread seo leob chuile sheachtain.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach ina dhiaidh sin chaithfeá, chaithfeá rud eicínt a thabhairt dhób mar ní raibh sé, chaithfidís, bhí siad ag obair chomh maith le fear a’ bith eile ar deic.

ÁINE: Agus ab é an cineál cúrsa a bhíodh acub, ab ea?

MÁIRTÍN: Sé, ba é, chaithfidís fanacht leat ar feadh bliain.

ÁINE: Agus i ndiaidh an bhliain ansin, chaithfeadh tú ….

MÁIRTÍN: …. D’fhéadaidís fanacht leat i gcónaí dá ndugróidís é….

ÁINE: …. Full share a thabhairt dóibh?

MÁIRTÍN: Full share, that’s right. Dá ndtugróidís d’fhéadfaidís fanacht leat nó amanntaí eile ghabhfaidís i mbád eicínt eile, dhéanfaidís níos fearr dhób féin.

ÁINE: Anois nuair a bhíodh sibh i nGaillimh ar feadh na seachtaine.

MÁIRTÍN: Sea.

ÁINE: Cén chaoi a gcaithfeadh sibh an t-am?

MÁIRTÍN: Bhuel, bheadh sé deireanach nuair a thiocfá isteach agus ansin nuair a bheifeá réidh agus chuile shórt glanta suas agus chuile shórt tidy suas agus tae ólta agus chuile rud, amanntaí ghabhfá suas sa town, amanntaí eile ghabhfá a chodladh. Cuid go na lads anois ’bhfuil ’fhios a’d bhí Tigh Pheaidí Brennan ansin ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… an teach ósta, ghabhfadh siad isteach ansin. Lá amháin, ó muise bhí, chuaigh muinn isteach sa duga, bhí, bhí an taoile an-ard, bhí, bhí gála gaoithe ann agus bhí an taoile uafásach ard agus chuaigh muid isteach sa duga. Chuir muinn amach an t-iasc, bhí sé, chuaigh sé Blá Cliath, bhí ceannacht maith air agus bhí faoitíní beaga agus rudaí beaga mar sin fágthaí agus glanadh amach an t-iasc sin anois, caitheamh amach é agus cá ndeachaigh sé ach suas ar an duga, bhí an taoile chomh ard.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus de réir ’bhfuil ’fhios a’d bhí duine go na lads, bhí sé ag siúl isteach agus nuair a d’oscail sé an doras Tigh Pheaidí Brennan céard a bhí isteach roimhe, a chuaigh isteach roimhe ach na faoitíní beaga.

ÁINE: (Gáire) Á sea.

MÁIRTÍN : (Gáire) Sin í an fhirinne, isteach díreach chomh fada leis an counter. Bhí, bhí sí chomh ard anois agus dá ngabhfadh sé tada níos airde, chuirfeadh sé na báid suas ar an duga. Sin í, tá ’fhios a’msa go raibh an dan ceanglaí a’msa ar, ar an stay agus an chéad rud eile cuireadh amach é ach chuaigh sé trasna an, an bow ansin, sa duga ....

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… agus b’éigin dom é a cheangal taobh shoir ’bhfuil ’fhios a’d taobh thall gon, ar, ar ceann go na down píopaí, ar na píopaí sin a bhíonns uisce a’ teacht astub.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Bheifeá fliuch, ’bhfuil ’fhios a’d ní fhéadfá, bheifeá fliuch. Ní raibh sé in araíocht ag duine a’ bith.

ÁINE: Bhí sé contúirteach.

MÁIRTÍN: Bhuel bhí, ach ina dhiaidh sin nuair a bhí toppers ort bhí tú ceart go leor ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… agus oilers. Ach bhí an uisce, bhí an duga clúdaithe. Le breathnú ar a’ duga maidin lá arna mháireach deir, déarfá gur péint a bhí air agus ba ea freisin ’bhfuil ’fhios a’d ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… an antifouling a bhíodh ar na báid an t-am sin, ’bhfuil ’fhios a’d ainm a bhí ar a’ péint a gheobhaidís.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Gheofá an péint sin ’bhfuil ’fhios a’d le, le an salachar.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Choinneodh sé glan é agus bhí sé dearg ar fad, an áit a raibh na báid, chuile bhád ceanglaí.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí siad ar fad, fud ar fad ar an duga anois ar fad, dearg.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhuel dá ngabhfadh siad troigh eile bheidís thuas ar an duga agus ní fhéadfá tada a dhéanamh, bhí sé chomh ard sin.

ÁINE: Cén t-am a théadh sibh amach ar maidin ansin, cén t-am a d’fhágadh sibh Gaillimh?

MÁIRTÍN: Bhuel amanntaí ceathair a chlog, trí a chlog, cúig a chlog ’bhfuil ’fhios a’d de réir ....

ÁINE: …. Hm ….

MÁIRTÍN: Thosódh bád amháin agus chomh luath is a chorródh sé sin, dhúiseodh sé gach a bheadh sa, sa duga agus théadh chuile dhuine eile ansin amach.

ÁINE: Bhíodh sibh ag imeacht i ngan fhios ar a chéile ….

MÁIRTÍN: …. Bhuel am a bheifeá, ní fhéadfá.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRTÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d ghabhaidís amach mar sin ach d’éireodh beirt, d’éireodh an skipper agus an fear a bhíodh le dhul ar watch agus chuirfeá síos, tharraingeofá isteach an rotha, thosófá an engine agus bheifeá a’ gabháil amach agus chuirfeadh seisean síos an tine le, le tae a bheith aige agus nuair a bheadh an tae ólta ansin ghabhfadh an skipper síos agus an fear ar an watch thabharfadh sé siar é agus ansin nuair a bhíodh, [nuair a] bheifeá thiar, ghlaodh sé amach ort agus ghabhfadh seisean síos ….

ÁINE: …. M hm ….

MÁIRTÍN: .… agus thiocfadh na lads eile aníos ansin agus thosóidís ag obair. ’Bhfuil ’fhios a’d le rópaí a bhí sé an t-am sin, ní le trawl ’bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Rópaí agus líon idir an dá thaobh gon rópa, chaithfeá amach an dan agus ghabhfá timpeall mar sin agus ar ais aríst ag an dan agus i lár a bheadh an líon curtha a’d agus bheifeá á tharraingt isteach ansin mar sin. Bheadh sé an-leathan ar dtús agus bheadh sé ag caolú isteach de réir a chéile go mbeadh sé dúnta isteach ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN : .… agus thabharfá neart throttle dí ansin. Sin é an chaoi ar an winch.

ÁINE: Anois an mbíodh aon lá, laethantaí speisialta sa mbliain nach dtéadh sibh ag iascach ar nós b’fhéidir Lá Féile Mhártan nó Lá Bealtaine nó?

MÁIRTÍN: No ní bhíodh, ní bhíodh ach abair an t-am seo anois faoi Cháisc níor, níor mhaith liom a dhul amach ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN : .… Luan Cásca. Bhí (gáire) lá amháin ansin, bhí sé socraithe a’m leis na lads nach ngabhfadh muinn amach agus eh bhí an bad i gCill Éinne a’m. Chuaigh na báid eile amach Luan Cásca ach ní dhéacha, ní raibh fonn ar bith ormsa. Dúirt mé leis na lads a bheith timpeall i lár an lae le go dtabharfadh muid an bád Cill Rónáin le dhul amach maidin lá arna mháireach, bheadh sé, bheadh sé éasca ach “___+” céard a bhí ann ach an sagart pobail a tháinig anuas “cén fáth” deir sé “nach bhfuil tú amuigh ag iascach”. “O muise” a deirimse “inniu Luan Cásca” “ó” deir sé “níl ansin ach seafóid, téirigh amach ag iascach” (gáire) Chuaigh mé amach agus nár chaill muinn an líon thréis an chéad shot - chuaigh muinn ró-fhada siar ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. siar, thóg muin, thóg muinn an ancaire agus stróic muinn an líon ar fad. Dá bhfánóinn istigh bheinn níos fearr as.

ÁINE: Nach shin é, dá n-éistfeadh an sagart leat.

MÁIRTÍN: Go díreach

ÁINE: Bheadh tú ceart. Bhí tú ag inseacht dom an lá cheanna faoi em a’ glanadh na líonta, go bhfaca tú déanta é thíos ar a’ gcéibh.

MÁIRTÍN: Ó bark, bark, sea, a’ cuir bark iontab. Bhuel bhí áit speisialta ansin thíos, tá ’fhios a’d anois cá bhfuil na, na rothair ansin thíos ag Michael Mullin.

ÁINE: Sea

MÁIRTÍN: Bhuel taobh thíos, just lena thaobh sin bhí siad tógthaí, sórt teainc mór millteach agus thíos in íochtar, bhuel bhí a bharr folamh mar a déarfá ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… luíonn sé sin le réasún go mbeadh sé folamh ach thíos in íochtar bhí áit le tine agus bhíodh sé lán le, boiler mór a bhí ann, boiler an-mhór agus bhí fear speisialta le n-aghaidh sin, Doyle.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Sin é an jab a bhí air. Bhuel tháinig sé [Doyle] go h-Árainn, ba as an oileán é ar deireadh, ba é athair Josie Doyle a’ dtuigeann tú, sé Doyle ansin thíos tá ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus sin é an jab a bhí aige agus eh nuair a bheadh an séasúr thart, chaithfidís, thabharfaidís scéala dhó go raibh sé (--) bhí an teainc mór déanta le, leis na thaobh agus amach taobh amuigh dhe a’ bhfuil ’fhios a’d, ar a aghaidh mar a déarfá ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. bhí slip mór fada tuairim ’s seacht nó deich gcoiscéim ar fhad.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus tuairim cheithre choiscéim ar leithead ach taobh istigh bhí sort trach déanta, ’bhfuil ’fhios a’d idir an áit a bhí tógthaí agus an slip.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí trach déanta.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Bhuel sé an fáth a bhí sé sin ann mar bhí fánán anuas sa slip le go mbeadh an, an bark aríst a’ ritheadh isteach sa trach sin. A’ dtuigeann tú anois?

ÁINE: Ar stuif áirid a bhí sa bark sin?

MÁIRTÍN: O sea, chaith, bhí, (--) mar a dúirt mé ’bhfuil ’fhios a’d, na líonta bhíodh siad lán le ola agus chuile short. Ghlanfaidís na líonta ansin ar dtús, is dóigh go nídís iad, chuirfidís amach iad le go mbeidís nite agus ansin “__” chuirfeadh siad suas sa lota iad agus thabharfaidís abhaile iad a’ bhfuil ’fhios a’d chaífidís é, bark, chuirfidís bark iontab. Bheadh, bheadh criú ar fad ann ag cuir, a’ plé leis na líonta an lá sin. Lasfadh seisean an tine ansin agus nuair a bheadh sé ag fiuchadh, chaithfeadh sé an bark isteach sa drum mór sin, agus bhíodh, sórt stuif dearg é agus ’bhfuil ’fhios a’d leádh sé ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. agus bheadh sé sin a’ pumpáil amach sa traichín beag seo agus bhí na líonta thíos ansin ach chaithfí a bheith a’ tarraingt na líonta as ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… de réir mar bhí siad a’ fáil fliuch mar a déarfá .…

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… agus chaithfeadh buicéad uisce a bheith acub leis an té a bhí a’ plé leis an líon mar bhí sé chomh té agus sin é an chaoi a shábhálfaidís, tharraingídís suas ansin iad ar an slip thuas amach ar a bharr. Bhí mé a’ breathnú ar sin mé féin agus mé beag. Tharraingídís, dhéanfaidís aon mheall amháin ansin go na líonta, d’fhágaidís ansin iad go mbeadh siad a’ sú agus ansin nuair a bheadh siad mórán tirim chuirfí amach ar a’ gclaí aríst iad le triomú sul a dtabharfaidís abhaile iad. Bhí siad sábháilte ansin. Mar dá bhfágfaidís na líonta lán lé ola agus lé gréis, dá mbeadh lochainn in ait a’ bith bheidís i ndiaidh na ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… an ghréis agus mhillfidís na líonta ach tar éis an bark bhí siad ceart.

ÁINE: Agus chaithfidís íoc as ....

MÁIRTÍN: …. Ó chaithfeadh ….

ÁINE: …. as ucht é sin a dhéanamh?

MÁIRTÍN: Ó chaithfeadh, ’bhfuil ’fhios a’d ní íocfaidís, ní íocfaí ach fear an, fear an eh an, an, fear a bhí an deis aige

ÁINE: An dye

MÁIRTÍN: Sea.

ÁINE: Yeah.

MÁIRTÍN: An criú iad féin a dhéanfadh an cuid eile gon obair.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Ach chaithfí, ba leis an, an áit sin le an bark a fháil.

ÁINE: Agus cén uair a stop dar é sin a dhéanamh?

MÁIRTÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d ní bhíonn mórán anois (--) bhí siad dhá dhéanamh, dhéanfadh, tá mé siúráilte dhéanfaidís sa mbaile anois é lé potaí agus rudaí ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… ach an t-am sin bhí go leor báid ann.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Agus bhí an obair ann dhó.

ÁINE: M hm, anois a’ caint ar photaí, bhíodh tusa ag plé lé gliomachaí sa Ros Rónán

MÁIRTÍN: Bhí, bhí.

ÁINE: Ar thaitneamh an obair sin leat?

MÁIRTÍN: Ó thar cionn. Ba shin é an obair is deise a bhí a’m. Amanntai anois bheifeá cúig nó sé, abair sé seachtainí ag imeacht ó mhaidin go h-oíche. Bheadh sort codladh ort, ’bhfuil ’fhios a’d.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ghabhfá amach le, leis an maidneachan ar maidin agus d’fhanfá go dtí deireanach tráthnóna ach ina dhiaidh sin ar an aimsir bhreá, an chead rud, bhí an t-iasc le fail.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus an dara rud, bhí an céannacht air, bhí an praghas go maith.

ÁINE: M hm.

MÁIRTÍN: Ba shin é an jab is fearr déarfainn.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Sé.

ÁINE: Agus eh bhí glaoch maith mar a deir tú ar na gliomachaí ….

MÁIRTÍN: …. Á bhí, agus bhí níos mó meas ar na crays.

ÁINE: A’ raibh?

MÁIRTÍN: Potaí Francach a bhí a’inn an t-am sin, ar dtús agus eh bhí, bhí sé sin, gheofá, go mór mhór i lár an lae.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Gheofá na crays i lár a’ lae, le teas na gréine cébí cén fáth é, ach bheidís le fáil.

ÁINE: Agus cá mbíodh sibh ag iascach?

MÁIRTÍN: Bhuel ó fhágas tú abair coirnéal an Sunda go ngabhfá taobh thiar aríst go Oileán larthach ….

ÁINE: …. Tá súil a’m nach mbíodh, nach mbíodh tú iad a thógáil ar m’athair.(gáire)

MÁIRTÍN: (Gáire) Ní eh bhíodh, bhíodh.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRTÍN: Á bhí muinn ró-fhada amach, bhí sé a’ gabháil isteach ar an tanaí, ní raibh muinn in ann a dhul chomh fada leis, é féin agus ….

ÁINE: …. Thomas Toole, sea….

MÁIRTÍN: …. Thomas Toole.

ÁINE: Agus cá bhfuair sibh na potaí?

MÁIRTÍN: Uaidh an Francach, ’bhfuil ’fhios a’d tháinig sé a’m a’ rá liom ba cheart dom iad a thriail mar sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus, agus eh fuair (--) thug sé potaí dhúinn, ’bhfuil ’fhios a’d b’éigean dúinn iad a cheannacht.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Cheannaigh muinn na potaí agus cheannaigh muinn na rópaí.

ÁINE: M hm, agus a’ rinne tú féin aon photaí?

MÁIRTÍN: Ní rinne, no, no. No.

ÁINE: Bhíodh m’athair a’ déanamh potaí i gcónaí.

MÁIRTÍN: Á bhíodh, potaí saile a dhéanfadh sé sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Sin iad cinn, potaí Francach. Á na American pots, bhí siad sin, ceann acub sin, bhí siad sin a’m ar deireadh.

ÁINE: Adhmad iad sin ab ea?

MÁIRTÍN: Adhmad iad sin.

ÁINE: Agus cén t-ainm a bhí ar na potaí sailí ansin. A’ raibh aon ainm orthub?

MÁIRTÍN: Ní raibh, na cinn eile, na, na potaí Francach.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Potaí Francach a ghlaodh muinn orthub.

ÁINE: Cén chuid iad (--) Bhí dar sin plastic, nach ea?

MÁIRTÍN: Ní raibh, adhmad ….

ÁINE: …. Agus cé nach ….

MÁIRTÍN: …. sóirt sailí ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: … a bhí scoiltí.

ÁINE: Agus ansin bhí cuid plastic chomh maith ann.

MÁIRTÍN: Bhí, á ní raibh aon chuma orthub sin.

ÁINE: Cé nach raibh?

MÁIRTÍN: Ní raibh, ach bhí na cinn adhmaid go maith le gliomaigh ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: …. ach ní thógfaidís cray a’ bith. Déarfainn gur phioc siad sin suas na gliomaigh ar fad déarfainn. Cuimhnímse anois bhí muinn thíos i gContae an Chláir a’ plé leis na potaí sin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d, bhí muinn ó dheas agus ansin chuaigh muinn síos ansin Contae an Chláir ach ar aon “__” tá spota thíos ansin i gContae an Chláir, an Aill Bhán’ amach ann.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus tá sé domhain isteach ann agus bhí pota mór, yank a ghlaodh muinn orthub, mórán, mórán smuta bád ar an aill .…

ÁINE: …. (Gáire) ….

MÁIRTÍN: .… agus chaith muinn amach é, bhuel déarfainn go raibh suas le h-ocht cinn déag go ghliomachaí ann maidin lá arna mháireach ach bhí an pota mór ach sé an chaoi a bhí mé a’ béiceadh ar na lads ’bhfuil ’fhios a’d nuair a bhí, nuair a bheifeá ag crochadh aníos an pota ar an Davit, bhí Davit a’ainn ’bhfuil ’fhios a’d, bhí siad ar an wench ansin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní raibh siad, ní raibh, ní raibh tú [ag] tarraingt tada lé do lámha mórán, bheifeá ar an pot hauler i gcónaí, bheadh an hauler i gcónaí ag obair.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus ’bhfuil ’fhios a’d, bhíodh sé a’ bualadh isteach agus amach mar sin in aghaidh taobh an bhád .

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus bhíodh na crúba amach ag na gliomaigh agus bhí mé a’ rá leob aire a thabhairt go na gliomaigh mar ’bhfuil ’fhios a’d ní gheofá ach leath praghas dá gcaillfidís crúb ach gheofá an praghas ar fad le, leis an dá chrúb agus séard a dúirt siad liom cén fáth nach dtagann tú féin amach anseo agus é a dhéanamh.(Gáire)

ÁINE: Ar thug tú do chlann féin amach ag iascach sa Samhradh?

MÁIRTÍN : Thug, bhí duine acub, ní ghabhadh sé amach, ní raibh aon suim, an lad is sine bhí, bhí, bhí an-suim aige sin ins an iascach.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhíodh na cailíní amuigh liom ar deireadh a’ plé le potaí.

ÁINE: Agus bhí siad go maith, d’airigh mé….

MÁIRTÍN: …. Bhí siad, bhí siad all right ag tarraingt agus chuile shóirt ach ní fheadfaidís fanacht liom ach an oiread.

ÁINE: So thaitnimh leat a bheith ag iascach gliomachaí b’fhéidir níos mó ná ag iascach an t-iasc eile….

MÁIRTÍN: …. Ó thaitnimh, thaitnimh.

ÁINE: Yeah.

MÁIRTÍN: Sé an aiféala is mó atá orm nach ndeachaigh mé ar ais ’bhfuil ’fhios a’d nuair a fuair mé ré leis a’ mbád, nach ndeachaigh ar ais agus bád beag a fháil agus a dhul a’ plé leob.

ÁINE: Agus cén fáth a’ bhfuair tú ré leis an Ros Rónán?

MÁIRTÍN: Ní, ní raibh aon, ní raibh tada lé déanamh le mórán, bhí siad [na báid] a’ fáil ró- bheag.

ÁINE: Sea, bhí an iascach imithe síos, a’ raibh? ….

MÁIRTÍN: Bhí an iascach, bhí sé imithe go dona an t-am sin, bhí.

ÁINE: Hm, agus cén bhliain a dhíol tú an Ros Rónán?

MÁIRTÍN: Ó by dad, níl ’fhios a’m.

ÁINE: Sna seachtóidí is dóigh.

MÁIRTÍN: Is dóigh go ’bea

ÁINE: Agus a’ bhfuil tada ar bith eile anois a thaitneoidh leat a inseacht dhom faoi, faoin t-iascach?

MÁIRTÍN: Níl ach déarfainn gur, go bhfuil sé alright a bheith a’ plé leis an iascach ach caithfidh tú a bheith cúramach agus aire a thabhairt dhuit féin agus fanacht glan ar an ól agus rudaí mar sin. ’Bhfuil ’fhios a’d ní, ní jab a’ bith é a’ plé lé iascach agus má tá tú a’ plé le ól.

ÁINE: Sea, tá sé contúirteach.

MÁIRTÍN: Tá sé contúirteach, is cuma ceard a déarfas duine a’ bith leat, agus tá, tá an cathú ann cébí cén fáth é.

ÁINE: A’ mbíodh aon amhrán cumtha faoin iascaireacht, a’ gcuimhníonn tú gur cumadh aon amhrán?

MÁIRTÍN: Ní chuimhním, no.

ÁINE: A’ mbíodh sibh a’ rá an phaidrín amuigh sna báid?

MÁIRTÍN: Ní bhíodh. Bhíodh an Aifreann a’inn chuile Dé hAoine.

ÁINE: A’ mbíodh?

MÁIRTÍN: Bhíodh. Gheofá an Aifreann i nGaillimh ag leath uair théis a seacht san Augustinian, chuile Dé hAoine, sea.

ÁINE: Agus a’ dtagadh mórán paisinéirí aníos in éineacht libh

ansin nuair a bheadh sibh a’ teacht as Gaillimh De Sathairn?

MÁIRTÍN: Ní raibh aon chead a’m paisinéara a’ bith a thógáil ach bhíodh. Cuimhnímse lá amháin bhí muinn i nGaillimh tráthnóna De Sathairn, níor tháiníg an Naomh Eanna, bhí sé go dona agus bhí, tháiníg crowd anuas a’msa ag iarraidh a dhul abhaile. Dúirt mé leob ní raibh, ní raibh sé in araíocht a’m a dhul abhaile, ’bhfuil ’fhios a’d tá sé ceart go leor a dhul abhaile ach beidh do bhád tarraingtí suas i gCill Rónáin, ’bhfuil ’fhios a’d dá bhféadfá dhul isteach Cill Éinne, bhí tú ceart.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí tú slán ach i gCill Rónáin ní raibh sé in araíocht.

ÁINE: Bhí, bhí caladh Cill Rónáin contúirteach….

MÁIRTÍN: …. Á níl, tá sé contúirteach lé droch aimsir ach de réir mar a bhí muid a’ caint, deir mé “níl mise a’ gabháil abhaile” a deir mise leis an, leis an ’bhfear seo “go dtí ar maidin amáireach lé cúnamh Dé, beidh sé lagthai”. “Ó muise” a deir sé “a mhac, ná bac leis sin, céard atá idir an dá lá” a deir sé “ach oíche amháin”.

ÁINE: (Gáire)

MÁIRTÍN: Sin é an méid a dúirt sé liom (gáire). Bhí siad anuas ar maidin aríst leis a’ lá le dhul abhaile.

ÁINE: Agus freisin, thug tú daoiní go dtí an ospidéal amanntaí, nár thug?

MÁIRTÍN: Thug.

ÁINE: Dá mbeadh daoiní tinn.

MÁIRTÍN: Go díreach. ’Bhfuil ’fhios a’d an t-am sin anois a buaileadh an cailín sin, maraíodh i ansin amuigh, gortaíodh í, bhuail duine eicínt le scooter í.

ÁINE: Dreabhar Pheait Joe Jack.

MÁIRTÍN: Dreabhar Pat Joe.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Dreabhar Pat Joe. Thug mé an cailín beag sin amach go Ros a’ Mhíl.

ÁINE: Yeah.

MÁIRTÍN: Agus d’iompar mé suas i chomh fada le tí, tí Whelan, bhí teach ansin ag barr na céibhe.

ÁINE: Yeah.

MÁIRTÍN: Ach bhásadh sí aríst ina dhiaidh sin.

ÁINE: Agus cá raibh an Lifeboat an t-am sin?

MÁIRTÍN: Níl ’fhios a’m. Is dóigh go raibh mé, sí seo níos feiliúnaí.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Go raibh mé timpeall.

ÁINE: Feicear dom go dhúirt mo mháthair freisin go ndeachaigh sí amach, amach nó isteach sa Ros Rónáin uair eicínt.

MÁIRTÍN: Sea, tharlódh, tharlódh sé agus bhí muin, thabharfá isteach cónraí anois ’s aríst.

ÁINE: A’ dtabharfá?

MÁIRTÍN: Coirp mar a déarfá agus thug muinn daoine Gaillimh sa Lifeboat freisin, déarfainn ’bhfuil ’fhios a’d dá mbeifeá a’ gabháil, dá dtarlódh sé i lár na h-oíche.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Chaithfeá a dhul Gaillimh an t-am sin mar ní raibh solas ar bith ar cé, ar cuan Ros a’ Mhil.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Chaithfeá a dhul Gaillimh ag an dtuga mar a déarfá.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bheadh an áit lasta suas i nGaillimh.

ÁINE: A’ raibh tusa ag iascach amach as Ros a’ Mhil ariamh, tá ’fhios a’d, a’ mbí eá a’ landáil iasc istigh i Ros a’ Mhíl?

MÁIRTÍN: Bhíodh, bhí bhuel an t-am sin anois, nuair a thosaigh Ros a Mhil, bhí muinn scoiltí.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Bhí cuid go na bád, na báid ag iarradh a dhul soir.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Cuid eile ag iarradh fanacht i Ros a’ Mhíl.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: D’fhan mé féin ’s Gregory, John, Beannacht Dé lena anam agus Padhraic Willie, d’fhan muinn i Ros a’ Mhíl, ní ghabhadh muinn soir agus chuaigh an Ascania, bhuel sin í an bád a bhí ag Pat Joe [O’Donnell] an t-am sin, Ascania agus Ros Éinne agus Ciarán, beannacht Dé lena anam agus bhuel bhí Jennings, ghabhadh Jennings agus Johnny Bailey soir mar bhí siad ina gcónaí i nGaillimh .

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach bhí muine a’ rá gur bhfearr linn fanacht ansin i Ros a’ Mhíl agus thiocfadh an fear an t-iasc a bhí a’inne ansin thiocfadh fear amach dhá iarraidh agus dá mbeadh tada fágthaí bhí mac Terry ansin, thabharfadh sé isteach[Gaillimh] dhúinn é, ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh sé tada as bealach, thabharfadh sé isteach bosca ar leath choróin, isteach lé dhul ar a’ traein. D’íocfá fear i nGaillimh len é a thabhairt suas ag a’ traein an rud céanna, ní raibh mórán sa difference.

ÁINE: Agus ag an am seo ar bhunaigh sibh an Comharchumann Árainn agus Gaillimh?

MÁIRTÍN: Ní, bhí Comharchumann a’inn ach ar dtús Comharchumann Árainn, muinn féin.

ÁINE: Ó a’ raibh?

MÁIRTÍN: Bhí ach d’fhág go leor acub é, ní raibh ann mar a déarfá ach mé féin agus Gregory agus John.

ÁINE: Ar deireadh?

MÁIRTÍN: Sea agus níl ’fhios a’m a’ raibh Tommy Mhaidhcilín agus ansin thosaigh an Comharchumann i nGaillimh.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Gaillimh agus Árainn.

ÁINE: Á b’shin é?

MÁIRTÍN: Sé, bhí muinn leis go deo gur tugadh ola ar chéibh Ros a’ Mhil agus cuireadh fón, bhí muinn ag iarraidh fón ann. Bhuel ní bhuair muinn an fón ceart go leor, ní chuirfidís ann é ach chuir siad fón isteach tí Whelan.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Mar ’bhfuil ’fhios a’d bhí, sa teach agus d’fhéadfadh muinn é a, úsáid a bhaint as sin. Chaithfeá íoc air.

ÁINE: Á sea.

MÁIRTÍN: Ach bhí an fón, bhí muinn ag iarraidh an fón a chuir ar an gcéibh ach ar deireadh thiar thall séard a tharla ansin, bhí muinn ag clamhsán ’bhfuil ’fhios a’d gur fearr’, bhfuil ’fhios a’d blianta, blianta fada roimhe sin, nuair a bhí Fr Varley anseo, bhí sé socraithe aige go mbeadh bád a’ teacht go Ros a’ Mhil agus isteach go hÁrainn.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Agus go mbeadh an posta ’ainn chuile lá ach chuaigh na

h-iascairí, cuid go na h-iascairí ina aghaidh agus ansin nuair a thosaigh muinn aríst tháinig siad anuas a’ caint linn agus d’iarraidh siad dhinn, bhuel bhí muinn a’ rá ’bhfuil ’fhios a’d go raibh sé cóngarach, go mór nhór sa Samhradh.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ní raibh i bhfad le dhul a’d, uair a’ chloig agus bheifeá sa mbaile.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Nó uair agus ceathrú. As Gaillimh bheifeá trí uaire go leith agus ….

ÁINE: …. Difríocht mór ….

MÁIRTÍN: …. Difríocht mór é sin. Bhí báid as Dún na nGall ag iascach ann, a’ plé lé scadáin agus tháinig an fear Gallagher, beannacht Dé lena anam, tá sé básaithe anois, agus d’iarr sé gon fear seo, deir sé “dá mbeadh caoi ar chéibh Ros a ‘Mhíl cé acub a b’fhearr leat Ros a’ Mhíl nó Gaillimh. “Ó” a deir sé “ní gabhainn Gaillimh ar chor ar bith dá mbeadh Ros a’ Mhíl a’m. “Ní áit ar bith é Gaillimh” a deir sé agus sin é a thosaigh é.

ÁINE: Sin é an chaoi gur ….

MÁIRTÍN: …. Sin é an chaoi gur cuireadh ’bhfuil ’fhios a’d (--) bhí fhios ansin gur bhfearr Ros a’ Mhíl, caoi a chuir air. Ach bhí go leor acub ag iarraidh a dhul, muintir ’bhfuil ’fhios a’d cé bí cén fáth é, níl ’fhios a’m. Bhí cuid, agus muintir Árainn ag iarraidh a dhul Gaillimh i gcónaí, ní bheadh ’fhios a’d.

ÁINE: Nach ea, mar le droch aimsir tógann sé scaitheamh maith a’ teacht as Gaillimh….

MÁIRTÍN: …. Tógann. Thógadh sé ceathair, ceithre uaire nó cúig uaire an chloig ón dá thrá.

ÁINE : Rinne mé dearmad fiafraigh duit, cár tógadh na báid seo, ar tógadh in Arklow iad nó cén áit, ’bhfuil ’fhios a’d, na Rosannaí agus …?

MÁIRTÍN: …. Na Rosannaí, tógadh, tógadh an Ros Rónán i mBaltimore.

ÁINE: Ab ea?

MÁIRTÍN: Tógadh an Ros Éinne i Killybegs agus tá mé a’ ceapadh gur sna Ceallaigh Beaga freisin a tógadh An Brazil. Thíos i Baltimore a tógadh Banríon na Mara. D’aithneofá an difríocht eatorrab. Bheadh ’fhios a’d an chaoi ’bhfuil ’fhios a’d, déarfá le breathnú ar na báid a tógadh, a tógadh thíos ins na Cealla Beaga

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d na báid sin go raibh siad an-tanaí, an-chaol amach an tosaigh, b’fhéidir go raibh siúl níos fearr iontab ná na Ros, na báid a tógadh thíos ó dheas.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach na báid a tógadh thíos, bhreathnaigh siad i bhfad níos fearr agus bhí rud eile ann freisin, an eh ráille a bhí ar an Ros Rónáin agus Banríon na Mara, bhí sé i bhfad níos airde, ’bhfuil ’fhios a’d bhí cuid gon ráille ….

ÁINE: …. Sea ….

MÁIRTÍN: .… agus ba mhór an rud é sin.

ÁINE: Bhí sé níos sábháilte ….

MÁIRTÍN: …. Bhí sé níos sábháilte. Bhí sé ceart go leor, bhí siad a’ rá gurb shin é, gur cheart, ach eh, níor cheart é a dhéanamh.

ÁINE: Sea

MÁIRTÍN: Ach dúirt muine leis an fear a bhí á thógáil gurb shin é a theastaigh uainn agus ansin nuair a chonaic siad a’ ráille mór ar an Rónán dúirt siad sin a bhí uainn ’bhfuil ’fhios a’d bheifeá i do sheasamh go mór mhór anois a’ plé le rópaí, bheadh sé ina sheasamh suas agus bheadh a chois, a ghlúin aige le taobh an ráille.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Thabharfadh sé an-chúnamh dhó.

ÁINE: Yeah, anois cé mhéad bliain a bhí an Ros Rónáin a’d?

MÁIRTÍN: Ó níl ’fhios a’m, tá sí a’m, bhí sí, ghlan mé í nuair a bhí sí deich mbliana agus déarfainn go raibh sí a’m ceathair no cúig go bhlianta ina dhiaidh sin, nó tuilleadh. Bhí sí a’m go, ar deireadh ’bhfuil ’fhios a’d ní raibh, ní raibh aon chuma ar an iasc, marach sin ’bhfuil ’fhios a’d, sín é an dearmad is mó a rinne mé nár dhíol í go luath, agus ruidín [báidín] beag a fhail agus fanacht leis na potaí, mar bhí airgead sna potaí freisin, is cuma céard a déarfas duine ar bith.

ÁINE: Sea, ach bhí obair chrua iontab freisin is dóigh.

MÁIRTÍN: Bhí, bhí uaireantaí fada.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: Ach má bhí féin ’bhfuil ’fhios a’d ar bhealach eicínt an rud a bhí a’d, bhí tú in ann é a dhíol, bhí ceannacht air, bhí.

ÁINE: So mar sin bhain tú taitneamh mór as do shaol ag iascach?

MÁIRTÍN: Bhain, bhain.

ÁINE: Dá mbeadh tú in do stócach óg anois aríst inniu an bhfaighfeá bád agus a’ leanfá ar aghaidh leis an iascaireacht?

MÁIRTÍN: Bhfaighinn, ach bhfaighinn bád a’ plé le potaí, potaí amháin agus sin é an rud atá, leanfainn suas é. ’Bhfuil ‘fhios a’d tá rudaí eile anois chomh maith le gliomaigh, tá siad i ndiaidh na portáin, agus ansin a’ gcuimhníonn tú ceathair nó cúig go bhlianta ó shin chuir siad amach na, na rópaí sin i bPoll na Trá Moiré. [Dá] leanfaí suas é sin, tá airgead iontab sin freisin.

ÁINE: Sea.

MÁIRTÍN: ’Bhfuil ’fhios a’d ní shin le rá ’bhfuil ’fhios a’d go mbeadh an rud séasúrach, caithfidh tú a bheith ag obair leis i gcónaí.

ÁINE: Sin é an rud.

MÁIRTÍN: Sin é é.

ÁINE: So go raibh míle maith a’d, tá píosa breá cainte déanta ansin inniu a’d.

MÁIRTÍN: Tá.

ÁINE: Agus beidh mé ar ais aríst a’d a’ cuartú tuilleadh eolas.

MÁIRTÍN: (Gáire)

ÁINE: Lá eicínt eile.

MÁIRTÍN: Le cúnamh Dé .

ÁINE: Go raibh míle maith a’d anois.

MÁIRTÍN: Tá fáilte romhat

ÁINE: Slán

MÁIRTÍN: Slán.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.