Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00064

Recording
BBAF.00064
Format
MiniDisc
Duration
33:28
Date
21 January 2001
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collector
Cyril Ó Flaithearta
Informant
Julia Uí Fhlaithearta
Archival information
MD 7 Julia Uí Fhlaithearta (Ní Ghiolláin). Clann; Liatrom; Seolta; Túirní; Fíodóireacht; Táilliúr; Cniotáil.
Additional information
MD 7 Julia Uí Fhlaithearta (Ní Ghiolláin). Family; Leitrim; Looms; Spinning wheels; Weaving; Tailors; Knitting.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00064
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

CYRIL: Tá muinn anseo in Eochaill le Julia Gillan nó Julia, Julia O’Flaherty. Inniu an fiche haonú lá go January agus eh tá mé a’ gabháil a’ tosaigh anois ag cur cúpla ceist ar Julia faoi fíodóireacht. Cé as a tháinig do mhuintir, a Julia?

JULIA: Tháinig mo mhuintir as Liatroma agus Baile Cloney a bhí ar a’ mbaile a tháinig siad as.

CYRIL: Agus ar fíodóirí a bhí iontub ….?

JULIA: …. Fíodóirí a bhí iontub sula tháinig siad go h-Árainn a’ chor a’ bith agus thug siad isteach a gcuid eh, na seolta ar fad leob agus chuile rud a bhain leis a’ fíodóireacht, thug siad leob é, mar in éineacht leis a’ seol tá go leor rudaí eile a’ baint leis, tuirní agus rudaí mar sin. Agus thug siad leob isteach uilig go hÁrainn iad sin. Tá mé a’ ceapadh gur sa mbliain seacht déag seachtó é sin, a tháinig siad go hÁrainn agus chuir siad fúthub tá mé a’ ceapadh i bhFearann a’ Choirce agus an chéad duine a cailleadh acub ansin, Peter a bhí air, Peter Gillan. Gillans a bhí iontub sular tháinig siad, agus sin é an sloinne a bhí orthub. Cailleadh Peter Gillan ansin agus sin é an chéad duine tá mé a’ ceapadh a cailleadh ins an, ón dream sin a tháinig as Liatroma ag an am agus tá sé sin curtha i gCill Éinne agus tá cloch air, headstone air agus tá an scríbhneoireacht déanta, I mBéarla atá an scríbhneoireacht air agus bíonn sé, tá sí beagnach imithe de anois, an scríobh, ach léifeá é mar sin fhéin, agus Clone atá ar an, ar an headstone, an baile. Níl mé fhéin cinnte cé mhéad a bhí acub [de na Gillans] ann ach is, níl mé cinnte ansin a’ raibh siad pósta nuair a tháinig siad ach tá mé a’ ceapadh go raibh, gur tháinig family ann agus eh thosaigh siad ansin ar an bhfíodóireacht i bhFearann a’ Choirce. Ní raibh fíodóirí a’ bith ar an oileán ag an am, bhí sórt beagán eicínt ann ach is dóigh, tá sé sin, tá sé seo anois roinnt céadta bliain ó shin agus bhí fíodóireacht ann ach ní mórán a bhí ann. Is dóigh go bhfuair siad amach eolas eicínt faoi [Árainn] nach raibh na rudaí seo [fíodóireacht] a’ gabháil ar bun ann agus thug siad leob a gcuid uilig as Clone i Liatroma agus thug siad isteach go hÁrainn iad agus thug siad go Fearann a’ Choirce é agus sin é ansin an chaoi ar thosaigh an fíodóireacht ann. Ní raibh aon dhuine eile a’ fíodóireacht ag an am. Ach i mo chuimhne sa bhí m’athair a’ fíodóireacht agus bhí deartháir aige George Gillan, bhíodh seisean a’ fíodóireacht agus bhí deartháir eile aige Joe Gillan, bhí seisean a’ fíodóireacht ach chuaigh seisean go Cill Rónáin, agus bhíodh seisean a’ fíodóireacht ansin é fhéin. Bhuel bhí sean dhaoiní ansin ann, d’airínn iad a’ caint orthub, bhí Georgín, a thugaidís air. Georgín George, Seoirse é sin nach ea i nGaeilge. Bhí go leor de sin [den ainm George] sa family, bhíodh sé sin a’ fíodóireacht freisin, tá pictiúr a’inn de sin. Bhí cúpla teach tuí acub ansin i bhFearann a’ Choirce, tá cuid acub anois caite anuas ach tá, tá mé a’ ceapadh go bhfuil cuid de sean phíosaí adhmad go na seolta seo a thug siad isteach, ann fós, mar bhí, bhí an t-adhmad go maith ag an am, adhmad maith agus sheasfadh sé, ní dhéanfadh sé leoin woodworm ná tada agus tá cuid dhe sin ann fós agus tá cuid go na shuttles a bhídís a’ caith trasna a’ déanamh an éadach, chonaic mé le gairid ann iad, tá siad sin ann fós freisin. Bhídís a’ fíochán ansin go mhuintir Árainn ar fad agus ní mórán duine a’ bith a bhíodh in Árainn ag an am, duine a’ bith a bhíodh sórt garraí nó rud ar bith aige, píosa beag talamh aige, bhíodh, bhíodh caoirigh acub agus bhí an chaora an-tábhachtach, bhí an olann a’d agus chlúdódh an olann thú le éadach. Bhí an fheoil acub aisti ansin agus dhá dteastódh uathub rug a dhéanamh le caith le taobh a’ leaba, bhí siad in ann é sin a dhéanamh as an gcraiceann chomh maith céanna, so bhí, bhí an chaora an-tábhachtach ag an am go mhuintir Árainn agus eh (sos) sé an chaoi a ndéanaidís an rud ansin, bhearraidís na caoire agus bhainidís díob an olann, chuiridís an olann ansin i málaí móra. Ní nídís an olann ar chor ar bith, mar dhá nífeadh tusa an olann bainfidh tú aiste an eh, an ghréis áirid sin a bhíonns inti agus mhilleadh sé sin a ’ snáth sura théidís a’ déanamh snáth de. Chaithfeadh an olann, tá sórt gréis áirid in olann an chaora nuair a bhearrfas tú í agus ansin chuiridís an olann sin síos i málaí. Na mná ansin, na mná tithe nó bean a’ tí, sí is mó a bhíodh a’ breathnú i ndiaidh an olann sin, ní bheadh mórán baint ag fear an tí leis, leis an olann, once a bheadh an olann baintí gon chaora acub, thabharfaidís abhaile í agus ansin bhfaigheadh bean a’ tí ansin an olann, ní nífeadh sí ná tada í mar ní raibh sí ceaptha í a níochán ach sníomhadh sí í, tharraingeodh sí óna chéile í, dhá sníomh lena cuid méarachaí agus bhíodh sí deas bog ansin, carnán mór millteach di sin. Ansin gheobhaidís cárlaí a thabharfaidís orthub. Tá siad sin le fáil in áiteachaí fós, na cárlaí. Sórt píosaí adhmaid iad, tanaí, bhídís timpeall is ocht n-orlaí le sé n-orlaí nó mar sin agus bhídís sin lán ansin le ar nós a bheadh tairní beaga wire agus bhí láimh iontub agus chuiridís ansin cuid gon olann sin ar a’ gcárla agus bheidís á, á spíonadh suas agus anuas go ndéanaidís rollaí beaga gon snáth. Bheadh na rollaí, rolla déanta gon snáth, ansin chuiridís an rolla sin i leath-taobh agus dhéanaidís carnán mór millteach go na rollaí beaga seo, ansin gon snáth. Sin é ansin nuair a thiocfadh an tuirne isteach. Bhíodh tuirne mór ansin, mórán nach mbíodh sé ins chuile theach, bhíodh tuirne mór, in áiteachaí eile bíonn siad beag, ach in Árainn tuirní móra a bhí ann. Bhíodh rothaí móra millteacha orthab agus sé ‘n chaoi a seasadh an bhean suas ansin a’ déanamh an snáth, ní fheadfadh sí bheith ina suí síos mar bhí na tuirní roinnt ard, mór agus as na rollaí beaga seo ansin, thosódh sí ansin a’ déanamh an snáth. Chuireadh sí an snáth i bhfostú ar eh, ar rudaí beaga rounáilte, cén t-ainm a thugann siad ar na rudaí sin agus thosódh sí a’ déanamh an snáth ansin agus dhéanadh sí lán spúilín, ar nós a bheadh spúilíní fada iad agus dhéanadh sí lán an spúilín ansin ar an tuirne agus nuair a bheadh sé sin déanta aici ansin tharraingeodh sí gon tuirne é sin agus bheadh poll beag ina lár sin ar nós a bhíonn sna, ar nós a bhíonn sna spúilíní agus chuireadh sí é sin i leath-taobh go mbeadh carnán mór déanta aice de sin agus nuair a bhíodh ansin thosódh sí ansin a’ déanamh ceirtlíní de sin agus bhíodh na ceirtlíní chomh mór sa deireadh acub go leagaidís an cheirtlín suas ar a gcuid glúine agus bhídís a’ cuir an snáth timpeall, timpeall ar an gceirtlín agus dhéanaidís cheirtlín mór millteach. Bheadh an ceirtlín ansin b’fhéidir chomh mór le liathróid mór, an-mhór, bheifeá in ann suí uirthi. Bhíodh muidne a’ suí orthub, ar na ceirtlíní móra seo nuair a bhí muinn ina ngasúir beaga agus bhíodh dhá chineál snáth ansin ann, chaithfeadh an, an snáth an dlúth a bheith ann agus chaithfeadh an t-inneach a bheith ann, mar nuair a bhéas tú a’ déanamh, nuair a bhéas tú a’ déanamh bréidín - a ghlaoití air nó flainín caith dhá chineál snátha a bheith a’d, an snáth a chuirfeas tú ar fad agus an snáth a chuirfeas tú trasna agus an snáth a chuirfeá trasna ansin nuair a bhéas tú a’ fíochán, caithfidh se sin a bheith tiubh agus an snáth a chuirfeá ar fad caithfidh sé sin a bheith crua láidir so bhíodh dhá chineál snáth acub. Agus ansin, thabharfaidís ansin, na mná ansin agus, ní bhíodh an oiread sin baint ag na fir leis an obair seo, bhídís sin amuigh ag obair, ag iascach agus a’ déanamh rudaí eile, ach siad na mná is mó a bhíodh a’ plé leis na, leis an snáth agus an bréidín agus na rudaí eile sin. Thabharfaidís iad sin ansin i málaí móra garbh, ní raibh aon plastic bags ag an am sin ann, is málaí garbh a bhí ann, málaí donn garbha mar sin agus bhíodh trí nó ceathair nó cúig b’fhéidir go cheirtlíní móra millteacha ansin agus thabharfaidís ansin ag m’athair iad agus ansin mheádh sé sin iad, bhí ainsiléad mór fada aige agus mheádh sé iad, agus mheádh se an dlúth agus mheádh sé an t-inneach agus ansin bheadh sé in ann inseacht suas go dtí leath slat nó ceathrú slat de, cé mhéad slat a dhéanfadh sé go flainín agus d’inseodh sé dhób ansin é agus á dtiocfadh sé ansin go mbeadh se gearr san inneach bhíodh go leor snáth ag daoiní eile agus go dtabharfaidís b’fhéidir ceirtlín dóibh a chríochnódh a gcuid dóibhsean. See, thabharfaidís rud ar ais dóibh ansin aríst, Ar ndóigh olann nó rud eicínt ar a shon sin. Sea nuair a thiocfaidís isteach leis an snáth ansin, dhéanadh sé é sin dóibh, mheádh sé agus chuile shórt é agus chuireadh sé síos ar ais sa mála mór garbh seo iad, na ceirtlíní móra seo agus ansin chuireadh sé label ar sin agus chuireadh sé ainm an duine air agus chuireadh sé cé mhéad meáchan a bheadh ann agus chuireadh sé síos an dáta air, cén uair a thug siad isteach é, mar bheadh, bhíodh go leor daoine a’ tíocht agus ansin chaithfeadh sé a bheith a’ déanamh an flainín de réir mar bhí na daoine a’ tíocht. Bhíodh leabhar ansin aige agus bhíodh sé, scríobhadh sé ar a’ leabhar freisin é. Chaithfí ansin an, an snáth sin ansin a dheilbh, ar nós a dhéanann siad leis an gcrios anois agus bhí teach beag eile aige a bhíodh crann deilbhe a thugaidís air, crann, sé an chaoi a raibh sé déanta ina square mór millteach go adhmad agus thuas ar an taobh deas gon, gon tús ar an gcrann sin bhí déarfainn dhá chipín beag rounáilte isteach i bpoill ann, bhíodh dhá pholl beag ’s dhá chipín agus ar an taobh deas in íochtar an chaoi céanna bhí an rud céanna sa gcaoi gus nuair a bheidís a’ déanamh an deilbh go dhéanaidís ar nós a dhéanfá ocht, an figiúir eight, agus chuiridís an, an snáth timpeall ar sin sa gcaoi agus nuair a thabharfaidís anuas é, thógaidís anuas é gon, gon crann, bhí an x sin ….

CYRIL: …. An eight sin ann.

JULIA: …. bhí an eight sin ann agus dhéanadh sé féin i gcónaí an deilbh ach cuimhním go raibh dhá bhean amháin a thiocfadh i gcónaí agus dhéanaidís fhéin an deilbh, a’ bhfuil ’fhios a’d ní, ní thiocfadh an oiread sin a’ déanamh an deilbh, dhéanadh sé fhéin é ach bhí corr bhean, bhí siad thar cionn agus cuimhnímse orthub. Aon bhean amháin d’fheicinn a’ tíocht i gcónaí í, is as Gort na gCapall, Baba Phaidí a thugaidís urthí agus thiocfadh sí agus bhí sí sin an-mhaith a’ déanamh na rudaí sin agus thiocfadh sí fhéin agus dhéanadh sí an deilbh, bhíodh sí an-deas, bhíodh sí gléasta an-deas, glan, ba dheas an bhean í, bhí sí thar cionn. Cuimhnímse iontach uirthi, mar chuimhnínn i gcónaí uirthi mar bhíodh éadach deas uirthi, blouse álainn i gcónaí uirthi, phébí cén fáth é. Bhí bean eile ansin ann a thiocfadh freisin, cuimhním uirthi sin freisin eh bhí sí thíos sa Mainistir, bean ehm, (sos) as Inis Meáin í, Peige a thabharfaidís uirthi, níl ’fhios a’m nach Peige Mór, Peige Mhór a thabharfaidís uirthi, ba máthair í le Gregory Conneely, iad sin thíos sa Mainistir. Thiocfadh sí sin ansin freisin lá, agus chaitheadh sí an lá uilig agus dhéanadh sí fhéin an deilbh, ach ní, ní mórán mná a thiocfadh a’ déanamh an deilbh, dhéanadh m’athair an deilbh é fhéin, ach bhíodar seo, is dóigh go raibh siad stuama iad fhéin ar bhealach eicínt agus go raibh siad in ann é dhéanamh, an deilbh a dhéanamh, ach eh bhínn a’ faire orthub sin go dtiocfaidís i gcónaí feictear dom phébí cén fáth é, an dá bhean sin mar bhíodh mo mháthair ansin, dhéanadh sí, sí béilí deas dóibh sin agus thiocfainn fhéin isteach agus bhínn a’ faire orthub, mar bhíodh, bhíodh jam ’s cáca milis agus rud mar sin, rud nach mbíodh laethantaí eile ar chor ar bith ach bhíodh sé speisialta gon dá bhean seo go h-áirid, cuimhním orthub, á bhíodh, thiocfadh mná eile ach ní chuimhním sóirt orthub. Bhí bean eile as Gort na gCapall, bean Seán Mhéiní ach bhí sí sin, bhíodh m’athair a’ caint lei sin ansin i gcónaí agus bhíodh sé a’ rá go mbíodh an-, bhí an-fhoghlaim uirthi, bhí an- ó bhí an-chloigeann go deo uirthi, níl ’fhios a’m péin ar thóg an muintir a tháinig ina diaidh é ach bhí an-brain go deo aici, chuimhníodh sí ar dátaí ’s ar chuile short mar sin. Cuimhním ar sin mé fhéin. Théinn fhéin ansin a’ breathnú orthub agus thugainn stól beag liom agus shuínn síos, níl ’fhios a’m cá raibh an chuid eile go mo mhuintir mar bhídís ag a’ scoil. Ba cheart go mbeinnse mé fhéin ag a’ scoil ag an am ach is dóigh go mbínn a’ fáil na laethantaí off ag an am sin nuair a thagaidís seo thart ach, eh, sin é anois an chaoi a mbíodh sé acub sin. Thógadh sé anuas ansin, chomhaireadh sé ansin cé mhéad, na céadta snáth bhí ann agus sé an chaoi a gcomhaireadh sé an snáth, chomhaireadh sé chuile chéad, mar chaithfeadh an bréidín a bheith, chaithfidís a bheith leithead áirid agus ní fhéadfadh sé a chur ins an, so much snáth a chur síos ar an gcrann seo ansin, chaithfeadh sé a bheith leithead áirid mar bheadh sé ró-mhór ag a’ seol nó bheadh sé ró-bheag ag a’ seol so chaithfeadh sé a bheith leithead áirid. Chomhaireadh sé ansin chuile snáth acub sin, chomhaireadh sé céad agus chuireadh sé sórt rud timpeall air agus chomhaireadh sé céad eile agus chuireadh sé [rud timpeall air] agus bheadh ’fhios aige ansin cé mhéad céad a ghabhadh isteach, go na snáthchaí seo, ar fad an seol. Seod é an fad anois, fad an seol. Thógadh sé anuas ansin é agus, gon, gon rud agus dhéanadh sé sórt plait mór millteach de, lena lámha, an bhfuil ’fhios a’d, plait mór agus nuair a bheadh an plait mór sin déanta aige de ansin chuireadh sé síos sa mála é agus ba shin é deireadh an, an rud sin lena chur sa seol eh, chuireadh sé sa seol ansin é, phébí cén uair a chaithfeadh sé é a chur sa seol. Bhuel nuair a chuirfeadh sé sa seol ansin é chaithfeadh duine nó beirt eile a bheith leis mar chuireadh sé sórt eh lena shocrú isteach sa seol mar bhíodh, bhíodh go leor slata ann, b’fhéidir go mbeadh trí déag nó ceathair déag nó naoi nó deich nó phébí cé mhéad slat a theastódh uathab le, le éadach a dhéanamh dhá bhfear ’s dhá gclann ’s dhá gcuid gasúir is mar sin agus ansin bhíodh sé ag obair san oíche chomh maith céanna ar an seol ansin, bhíodh dhá sheol ann. Bhí uncail liom ansin, bhíodh sé sin, ní bhíodh sé sin chomh minic ag obair ar an seol, bhíodh sé ag obair minic go leor ach bhídís ag obair go dtí an dó agus an trí ar maidin, mar roimh an Nollaig thiocfadh daoine acub, ó chaithfidís a bheith socraithe lena Nollag, an t-éadach seo a bheith acub mar ní raibh éadach, ní raibhiú ag ceannacht éadach ar bith, chor ar bith ag an am sin, as Gaillimh ná rud, ní raibh sé le fáil mura mbeadh duine fánach ann, sé éadach an áit a bhíodh ar chuile dhuine mórán, an treabhsar ’s an bhéist ’s an seaicéad ’s an t-éadach a bhíodh orthub taobh istigh, na treabhsair bána is an caipín mórán ar chuid acub, criotáilte a bhíodh an caipín, bhídís ag criotáil caipíní. Bhí siad a’ maireachtáil tá sé chomh maith dhuit a rá, chomh fada le éadach, gon chaora uilig, ó tús an olaínn, gon chaora. Ansin nuair a bhíodh na rudaí curtha sa seol, chaithfeadh duine suí ansin in éineacht leis go mbeadh an snáth seo uilig tugthaí isteach thríd lúibíní beaga sa seol, an snáth isteach tríd lúibíní beaga agus ansin thosódh sé ar an, ar an fíochán ansin. Bhíodh sé a’ déanamh trí chineál ansin, bhíodh sé a’ déanamh herringbone a thugann siad air agus bhíodh sé a’ déanamh, bhí ainm eicínt eile, tá mé a’ ceapadh gur bulls eye a bhí ar cineál eile, sórt diamonds bheaga, d’fheicfeá amannaí iad, d’fheicfeá faoi láthair iad sin agus bhíodh sé a’ déanamh pluideannaí ansin, bhuel bhí déanamh áirid ar an rud a ghabhfadh sa bpluid, ní single é ach bhí sé beagnach cosúil leis, bhíodh athrú beag ann thar an, thar an plain mar a déarfá, bhíodh sé, geal a bhíodh sé sin agus tá siad sin i gcónaí ann ach bhíodh trí nó ceathair go rudaí ansin aige cuir síos agus aníos a chosa. Nuair a bhídís sin déanta ansin aige, ghearradh sé amach ansin an oiread seo slata, bhíodh go leor slata ann, ghearradh sé amach iad agus dhéanadh sé, dhúblódh sé an t-éadach. Ní bhíodh, ní bhíodh an t-éadach, ach b’fhéidir slat, ní bhíodh sé an-leathan, ní fheadfadh sé bheith an-leathan sa cineál seo seolta, sna sean seolta seo mar sé an chaoi a gcaithfeá a bheith ag caith an shuttle back and forth díreach trasna agus ansin chaiteá í agus bheirteá le do láimh uirthi an láimh clé agus chaiteá aríst í agus bhéarfá le do láimh deas agus bheifeá a’ gabháil thart, bheifeá a’ gabháil sall ’s anall, sall is mar sin. Bheifeá ag cur síos do chosa agus suas do chosa ansin de réir mar bheifeá dhá dhéanamh mar chaithfeá an, an ….

CYRIL: …. An rud a athrú….

JULIA: .… an rud a athrú, na rudaí a oscailt óna chéile, an snáth a oscailt ó na chéile, sa gcaoi is go gcaithfeá an shuttle trasna idir an dá chineál snáth a’ bhfuil ’fhios a’d agus ansin, is inneach a bheifeá chaith trasna agus dlúth a bhí sa rud a bhí ar fad, ar fad a bhí an dlúth agus ar leithead a bhí an t-inneach agus ansin bhí, bhíodh glas ann, bhíodh olann glas ann, bhíodh snáth glas ann, bhíodh snáth dubh freisin ann. Bhídís go mór i ndiaidh dhá mbeadh caora acub dubh, dhá mbeadh uan dubh aici mar bheadh an snáth dubh acub an chaoi sin, bhíodh snáth roinnt glas ansin acub, bhídís in ann go leor a dhéanamh leis an snáth ansin, athruithntí agus dathannaí a chuir air agus chuile shóirt mar sin chomh maith céanna.

CYRIL: Cá bhfaightí ansin na dathannaí sin?

JULIA: Bhuel bhí caoi áirid ansin le dath a chur sa snáth a’ bhfuil ’fhios a’d, dhá mbeifeá a’ déanamh cóta go dhuine anois nó sciorta deas nó culaith deas, chaithfeá tosaigh leis sin, leis an olainn, gheofá snáth, cheannófá snáth a’ bhfuil ’fhios a’d, bheadh dathannaí, chuile chineál dathannaí agus ghearrfá an snáth sin suas ina phísíní beaga bídeacha timpeall is ceathrú orlach ar fad, nó b’fhéidir níos lú ná sin le siosúr agus chaithfeá san olann é sin le tosaigh amach, chuirteá thríd an olann é. Bheadh sé sin thríd an olann ansin agus eh ghabhfadh sé thríd an snáth agus chuile shóirt mar sin agus bheadh sé sin ansin ar nós an snáth a cheannas tú anois, ar nós an t-éadach a cheannas tú anois sa siopa, na tweedanaí sin a bhíonns chuile shaghas ehm dath thríob….

CYRIL: …. “_____+” ….

JULIA: …. ar nós geansaí, agus sin é an chaoi a dtagann na dathannaí ann, sin é an chaoi a ndéanann siad é. A’ bhfuil ’fhios a’d ní, ní hé an chaoi a gcuireann siad olann trí na chéile, sé an chaoi a ngearrann siad suas snáthchaí beaga agus cuireann siad thríd an olann é agus cardálann siad é agus sníomhann siad é agus na rudaí sin ar fad, gabh sé thríd an olann mar sin ansin agus déanamh siad an chaoi chéanna é le snáth geansaí a’ bhfuil ’fhios a’d, nuair a bheifeá a’ déanamh olann, geansaí anois, ba mhaith leat go, thú fhéin á déanamh, tosaigh ar an olann, sin é an chaoi a ndéanamh tú í agus sin é an chaoi a dtiocfaidh sí amach, bíonn na snáthchaí beaga sin deas ins an olainn agus sin a chuireann an dath sin ins an snáth. Tá go leor daoine óga anois nach dtuigeann é sin, ní thuigeann siad, mar ní fhaca siad déanta riamh é, cén chaoi a dtagann sé go mbíonn na dathanna sin ins an eh ….

CYRIL: …. Sa ngeansaí….

JULIA: Sa ngeansaí nó san éadach a chaithfeas tú. Sea.

CYRIL: Ansin nuair a bhíodh na, na rudaí gearradh ansin aige

JULIA: Ní shin é an deireadh ansin, mheasuráileadh sé ansin agus ní, ní tape a bhíodh chor ar bith aige ach slat, slat fada agus tá mé ceapadh go raibh, sé an fad a bhí inti ….

CYRIL: …. Slat a bhíodh ann.

JULIA: Gur slat a bheadh ann. Slat éadrom tanaí. Bheadh an slat seo an-tanaí agus ansin dhéanadh sé dhá leith gon éadach ansin, dhúblódh sé é mar a déarfá, nuair a thabharfadh sé amach as an seol é agus mheasureáileadh sé é sin agus chuireadh sé isteach ins an mála aríst é agus chuireadh sé ainm an duine air agus mar sin agus phébí cé mhéad a chosnóidh sé, ní mórán a bhí siad a bhaint amach ach timpeall cúpla scilling nó rud eicínt mar sin a bhí siad a bhaint amach ….

CYRIL: …. Ar an slat?....

JULIA: …. Ar an slat a, ar an slat a dhéanamh agus is dóigh go raibh siad blianta, blianta roimhe sin nach raibh siad a’ bhaint amach ach cúpla pingin nó scilling nó rud agus sin é an fáth ansin ní raibh sé chomh dona sin ag muintir Árainn ar bhealach, bhí an olainn acub gon chaora agus chuile shórt mar sin agus bhí an snáth acub leis an ngeansaí a dhéanamh agus snáth le stocaí a dhéanamh agus bhí siad clúdaithe uilig tá sé chomh maith dhuit a rá ó thus, ag olann an chaora, agus ní raibh aon chostas orthub ach gach a n-íocfaidís leis an fíodóir ansin leis an eh t-éadach a dhéanamh, bhuel ba shin é deiridh an fíodóireacht ansin, ansin bhí tuilleadh sa scéal, nuair a thiocfadh an flainín sin amach as an seol, chaithfí é sin eh caoi a chur air mar nuair a thiocfadh sé amach as an seol bhí sé sort garbh agus bhí sé salach, bhí an, bhí an gréis seo uilig ann agus bhí an salachar agus chuile shórt ann agus chaithfí é sin ansin a shocrú, a níochán agus chuile shóirt le go ndéanfaí flainín deas le, le treabhsair agus seaicéad agus chuile short mar sin a dhéanamh as. Ag am deireanach ansin sa saol, bhí factory i nGaillimh agus chuiridís an t-éadach sin síos sa bhfactory agus thiocfadh an t-éadach glanta aníos ansin, déanta suas ar rolla mór agus bhíodh sé réidh acub leis, le éadach a dhéanamh, é a thabhairt ag an táilliúir, nó an táilliúir a thíocht acub lé éadach a dhéanamh de. Bhuel bhí rud eile ansin, bhí cuid mhaith daoine ansin nach ndéanadh é sin. Bhí cuid mhaith daoine nach gcuireadh an t-éadach Gaillimh, a dhéanadh iad fhéin sa mbaile é agus thabharfaidís, ramhrú a thabharfaidís air, ramhrú an éadach agus bhí caoi áirid acub ansin i seomra, a mbeadh, bheadh urlár cláir ann, dhéanaidís sórt, ar nós a bheadh bath-tub ann é, dhéanaidís rud mar sin istigh i gcoirnéal a’ seomra. Chuiridís clárachaí ina thimpeall agus chuiridís seat ar chaon taobh agus ansin bheadh áit ag duine ar taobh agus ait ag duine ar an taobh eile agus gheobhaidís ansin potaí nó potaí is dóigh é, gheoaighidís potaí agus ghearraidís suas gallairach an-bheag agus chuiridís uisce ar an ngallaireach agus chuiridís an ghallaireach sin ar teas go, go leádh sí….

CYRIL: ….leádh sí amach….

JULIA: …. go ndéanfadh sí nós a bheadh jelly ann, chuiridís beagán uisce ann agus bhídís dhá chaith sin ansin anuas ar an flainín seo agus shuíodh duine ar thaobh agus shuíodh duine ar thaobh eile agus seod é a ghlaoidís an ramhrú air agus ansin bhídís ag cuir na gcosa sall agus anall agus sall agus anall agus bheadh an t-éadach a’ gabháil sall agus anall, agus sall agus anall agus bhídís a’ caith ansin, corr uair chaithidís beagán gon uisce seo isteach air i gcónaí gcónaí, á choinneáil sórt bog ach ní bhíodh an t-uisce te ach bhíodh sé sórt bog agus go n-iompódh an t-éadach sa deireadh isteach ina flainín álainn tiubh bog. Agus ansin nuair a bheadh sé sin déanta ansin acub gheobhaidís, is dóigh ní raibh aon bath tubs ann ag an am, ach is dóigh go bhfaighidís bairillí móra, líonaidís suas an bairille ansin le uisce deas te agus nídís an t-éadach sin ann, ansin, nídís an flainín ann, slatannaí agus b’fhéidir go mbeadh trí déag nó ceathair déag no deich no naoi go slata ansin acub, chaithfidís é sin a chur síos sa tub sin agus b’fhéidir go mbeadh, níl ’fhios a’m cén chaoi a nídís thíos ann é, bhí sé deacair é a níochán ach nídís é, nídís é anyway, agus ansin nuair a bhíodh sé nite agus rinseáilte amach go maith acub, chuiridís amach ar an gclaí é, fad an claí uilig, fad mór millteach an chlaí go dtriomódh sé sin, agus d’fhágaidís amuigh cúpla lá ann é, amannaí b’fhéidir go mbeadh sé a’ báisteach, sin é an chaoi ab fhearr é mar déanann an bháisteach, déanann sé, an t-uisce fuar, déanann sé an flainín go deas bog agus nuair a bheadh sé sin déanta ansin leis an bhflainín acub, thabharfaidís isteach an flainín ansin, agus gheobhaidís rolla mór ar nós a bhfaighfeá cois brush, nó cois, cois rounáilte mar sin agus rolláilaidís suas an flainín sin ar an gcois fada sin, bhídís á rolláil agus á rolláil agus a’ baint as ar nós a bheidís á iarnáil, ní iarnálfaí é mar ní raibh sé sin ceart a dhéanamh ach bheidís á dhéanamh lena gcuid lámha go mbeadh an ….

CYRIL: …. “___+” .…

JULIA: …. go mínídís amach é, go gcuiridís ina rolla mór millteach suas ar sin é agus ansin cheanglóidís suas é agus leagaidís i gcoirnéal an teach é sin go, go nglaoidís ar an táilliúir. Bhí cúpla táilliúir ar an oileán ansin. Bhí táilliúir amháin ann, fir is iondúil a bhíodh ag déanamh an obair sin, bhí táilliúir amháin ann, Martin Bhrian Beag a thabharfaidís air, bhí sé i nGort na gCapall, duine an-deas ar fad a bhí ann, agus ehm bhí sé thar cionn a’ déanamh treabhsair ’s geansaí ’s na rudaí sin, cótaí ’s chuile shórt agus an chuid is mó go na daoine sé an chaoi a nglaoidís air agus thiocfadh sé ag a’ teach acub ….

CYRIL: …. Ag a’ teach ….

JULIA: …. agus thabharfadh sé tape leis, thabharfadh sé cailc geal leis agus an siosúr, sin a dteastódh uaidh, na trí rud sin agus ansin bheadh .…

CYRIL: …. An snáth, an mbíodh snáth acub fhéin lena chuir le chéile?

JULIA: Ó bhíodh an snáth acub fhéin, gheobhaidís fhéin an snáth dó ansin, bhíodh dhá chineál snáth ann, snáth a dhéanfadh le machine agus snáth eile le na láimh, le do láimh. Tá siad sin i gcónaí ann, dhá chineál snáth, dubh ’s bán, nó pé bí cén chaoi a mbeadh sé, snáth a bheifeá a’ fuáil leis agus snáth a dhéanfá, a chuirfeá ar an meaisín. Bhíodh na spúilíní sin acub, bhí siad sin acub sa mbaile, sa teach, ach thabharfadh seisean leis an siosúr, bhíodh siosúir maith aige agus thabharfadh sé leis chalk bán agus an measuring tape, chuireadh sé na daoine ansin, nuair a thiocfá isteach, chuireadh sé an duine ina sheasamh suas, chuireadh sé an t-éadach i dtosach ar an mbord. Shocródh sé amach ar an mbord é, agus chuireadh sé, mheasuráileadh sé an duine, treabhsar agus seaicéid nó phébí céard é fhéin, amannaí dhá mbeadh sé dhá dhéanamh go minic gon duine ní móide a mbeadh gá dhó thíocht ag an teach mar bheadh barúil mhaith aige gon ….

CYRIL: …. Gon size.

JULIA: .…gon size agus b’fhéidir go mbeadh sé coinnithe ar an leabhar aige ach d’fheicinnse a’ teacht é a’inn fhéin agus nuair a mheasaráileadh sé ansin iad, chuireadh sé an chalk bán air ar nós a fheiceanns tú na, na, na dreamannaí á dhéanamh taobh amuigh, na daoine atá thar cionn ag plé leis na rudaí seo, chuireadh siad, chuireadh sé an chalk bán air agus ansin nuair a bhíodh b’fhéidir treabhsar gearrtha amach aige, ghearradh sé amach ansin é, chuireadh sé i leath-taobh é agus ghabhadh sé i gcionn veist nó ghabhadh sé i gcionn seaicéad nó rud eicínt eile ach bhíodh mála gon rud seo ag imeacht ansin aige as an teach agus iad measaráilte aige agus ní bhíodh aige ach iad a thabhairt leis agus iad a dhéanamh dhób ansin. Níl ’fhios a’m cén chaoi a mbíodh sé, ní bhíodh, is dóigh gur ar a dhroim b’fhéidir mar ní raibh aon charr ná tada ag an am sin ann agus, b’fhéidir gur asal a bhíodh acub a chuiridís na málaí sin air. Ach duine an-deas a bhí ann ach ní dhearfainn gur fhan aon duine ina dhiaidh a thóg suas an obair sin ar chor ar bith. Bhí bean eile ansin ann, in Eochaill a bhí sí sin, Delia Toole a thugaidís uirthi, máthair Cóilí Toole, bhí sí sin, ach bhí sí sin thar cionn ansin í fhéin a’ déanamh éadach, bhíodh sí sin á dhéanamh go na mná agus go na cailíní agus mar sin agus bhí sí in ann é a dhéanamh go na fir chomh maith céanna, bhí gift aici ag déanamh éadach, ag an mbean sin agus bhí sí go maith le chuile shórt, ach bhí sí iontach uilig ag déanamh éadach, í sin, agus bhí bean eile ansin, bhuel seo iad na blianta deireanacha, bhí bean eile ansin i bhFearann an Choirce, máthair Alice Powell agus bhíodh muidne a’ gabháil aici sin, bhí sí sin, ní bhíodh sí sin a’ dhéanamh ach éadach, b’fhéidir go chorr dhuine agus go ndéanfadh sí go chailíní gúnaí cadás agus mar sin, bhí sí sin go maith freisin a’ déanamh éadach agus níl fhois a’m a’ raibh aon dhuine eile anois i gCill Éinne ach siúd é an fear is mó a bhíodh a’ tíocht timpeall na mbailte a’inne agus bhíodh Delia freisin, Delia Hernon, Delia Toole, bhíodh roinnt daoine a’ tíocht aici sin. Bhí sí sin in ann treabhsar a dhéanamh go fhir agus ó bhí sí, bhí sí iontach a’ plé leis na rudaí sin agus bhí an fear seo é fhéin thar cionn, mar níor fhoghlaim siad, tá me a’ ceaptha riamh, ní dheachaigh siad ag a’ scoil riamh ag foghlaim na rudaí sin, iad fhéin a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhuel tóg na daoine anois taobh amuigh [ar an mórthír] atá a’ déanamh éadaí mar sin, caitheann siad an oiread seo achar a’ gabháil ag a’ scoil á fhoghlaim ach ní, ní dheachaigh siadsan ag scoil ar bith, thóg siad fhéin suas é agus bhí siad fhéin in ann é a dhéanamh, agus bhíodh bheisteannaí álainn déanta acub, na sean bheisteannaí seo a bhíodh ar na fir, bhíodh backannaí glas nó ban nó gorm curtha iontub agus bhíodh na cnaipí anuas, feicfidh tú cuid acub fós, tá siad ann, d’fheicfeá shoir san Heritage ait iad i gCill Rónáin, déanta acub. Sin é anois an chaoi a nendáilidís suas, ach tá ’fhios a’m deireadh an ama, deireadh na blianta go raibh an factory seo i nGaillimh agus ní raibh sé chomh déan orthub, chuiridís síos an snáth agus gheobhaidís an snáth aníos, ar an olainn. Dhéanfaí an whole lot dóibh, dhéanfaí an snáth dhóibh as an olainn agus ní raibh acub ansin ach é a níochán thar éis é a chur sa seol. Agus, ach bhí, bhí, bhíodar in ann as an snáth seo ansin, bhí, bhíodh dhá shnáth ansin acub, dhá shnáth caol, ghabhadh an snáth caol isteach ins an, ins an seol seo, an dlúth, ach bhíodar in ann ansin snáth a dhéanamh as an dlúth sin. Chuireadh na mná freisin an snáth sin, chuiridís dhá shnáth gon dlúth seo lena cheile. Chuiridís ar an tuirne é, chuiridís ar an tuirne é agus dhéanaidís dhá shnáth de, dúbailte ar nós atá double knitting anois acub agus mar sin agus bhídís in ann an t-éadach a dhéanamh de agus dhéanaidís geansachaí álainn de. Dhathaídís cuid de ansin go mbeadh snáth geal acub. Dhathaídís é, bhíodh dath dearg acu, bhíodh sórt dath buí eicínt ann, tangerine , bhí sé an-choitianta ag an am sin, agus tá sé a’ fáil an-choitianta anois, an cineál sin dath, dath donn-buí é, bhíodh sé sin freisin acub, bhídís a’ déanamh geansachaí dé, dhéanaidís caipíní de. Bhí siad covered uilig, bhí siad in ann iad fhéin a chlúdú uilig ón olainn amach, you see.

CYRIL: A’ mbíodh, a’ mbíodh aon dhuine agaibh fhéin ansin a’ déanamh éadach. A’ mbíodh do mháthair .…?

JULIA: …. Ó bhí, bhuel bhíodh mo mháthair thar cionn a’ déanamh an obair mar a deir mé, obair an olainn, an snáth agus bhí sí go maith a’ criotáil. Bhíodh sí a’ déanamh stocaí álainn, tá ’fhios a’m nuair a bhíodh na gasúir ansin a’ gabháil ag a’ chéad Chomaoineach nó rud mar sín, treabhsar giortach a bhíodh orthub agus dhéanadh sí stocaí fada dhób agus chuireadh sí, thuas ar a mbarr ansin chuiridís Fair Isle, thuas ar a mbarr agus d’iompóidís anuas é sin agus bhídís go hálainn, stocaí fada agus iad iontaí anuas agus bhíodh an Fair Isle thuas ar a mbarr, faoi na glúine. D’fheicinn í dhá dhéanamh sin go minic agus ansin dhéanaidís geansachaí deas dóibh agus mar sin agus even a’ gabhail ag a gcéad Chomaoineach, bhídís an-socraithe ar fad acub, na gasúir ar fad bhídís an-socraithe ag an am sin, bhíodh, bhíodh an gléas áirid seo orthub. Anois cuirfidh siad rud ar bith orthub nó mar sin. An chaoi chéanna le dul faoi láimh Easpaig, bhídís, an rud céanna, bhíodh mo mháthair go maith dhá ndéanadh sin, a’ déanamh caipíní. ach bhí sí chomh caoch sa deiridh, nach raibh sí in ann na rudaí sin a dhéanamh, d’imigh an t-amharc uilig uatha, ach bhí na mná uilig in ann é sin a dhéanamh dhá gclann so bhí siad eh, ní raibh siad, ní, ní raibh muintir Árainn chomh bocht sin mar bhí siad in ann iad fhéin, bhí siad fhéin uilig stuama.

CYRIL: Ní raibh siad ag braith ar “___+”….

JULIA: …. Ó ní raibh siad a’ braith ar an siopa, ná ceannach na rudaí ná, ná mar, mar atá daoine anois, tá daoine anois, níl siad in ann an criotáil fhéin a dhéanamh, dhá dtiocfadh orthub ní bheidís in ann geansaí a dhéanamh dhób fhéin, an chuid is mó go na daoine, ach bhíodh chuile theach an t-am sin in ann geansaí a dhéanamh dhób fhéin, treabhsair a dhéanamh agus na gasúir a ghléasa amach le, le go leor rudaí, a’ bhfuil ’fhios a’d.

CYRIL: Céard, cén bhliain a stop an fíodóireacht, meas tú?....

JULIA: …. Bhuel níl sí stopthaí chomh iontach fada sin mar ansin thar éis an fíodóireacht ansin, chuadar a’ déanamh scaifeanna, scaifeanna móra leathana agus sé an chaoi, ag an am sin ansin, sé an chaoi a raibh siad a’ fáil an, an snáth isteach, mar bhíodh snáthchaí daite agus bhíodh dhá siopa mór i mBlá Cliath, ní chuimhním cén t-ainm atá orthub anois agus bhídís a’ déanamh an donn uilig go na scaifeanna seo dhób sin. Bhí Down and Holland, Holland nó rud eicínt mar sin, tá siad ann i gcónaí tá mé a’ ceapadh agus bhídís ag déanamh an donn go na scaifeanna seo, ní, ní geansachaí ní ehm

criosanna is mó a bhí siad a’ dhéanamh dhób ach scaifeanna móra fada agus bhídís a’ déanamh bagannaí as na scaifeanna agus bhí siad in ann é sin a dhéanamh ar an seol agus tá sé i bhfad níos deise anois, in ann, tá tú in ann é a dhéanamh ar an seol ar nós an, má, má fhaigheann tusa crios anois ceannaithe i go leor áiteachaí ata déanta ar machines, ní hé an rud céanna é. Dhá ndéanfadh bean crios duit lena láimh, bíonn siad go h-álainn déanta, an chaoi a mbíonn siad, an déanamh orthub. Na cinn a gheobhas tú ceannaithe sa siopa, tá siad ar nós a bheadh píosaí flainín ann, ….

CYRIL: ….“_____+”….

JULIA: …. níl siad chomh deas ….

CYRIL: …. Déanta, yeah ….

JULIA: …. déanta, bhuel bhí siadsan, bhí caoi acub le é sin a dhéanamh ar an seol, bhinse mé fhéin ….

CYRIL: …. Bhíodh sibh ag cur stuif “____+” ….

JULIA: …. Ach bhídís, bhíodar, deireadh na blianta ansin, bhíodar ag cuir stuif go Blá Cliath, bhinse á helpáil á ndéanamh, bhí muinn uilig, bhí m’athair in ann iad a dhéanamh, á ní thógadh sé achar ar bith orainne b’fhéidir a’ déanamh seacht nó ocht nó naoi nó deich go, go, go scaifeanna móra ar an seol agus tá tú, bhí tú in ann iad a mheasuráil, fad an scaif, agus tos[aigh], stopadh agus tosaigh, agus stopadh agus tosaigh,so nuair a ghearrfá amach as an seol iad, bhí tú in ann na, na frills beaga sin a chur orthub, a’ bhfuil ’fhios a’d, ní raibh gá dhuit iad a ghearradh ina bpíosaí nó an rud amach as an seol, bhí siad already measuráilte sa seol a’d. Bhídís dhá, chaith siad blianta á dhéanamh sin agus rinne siad airgead maith ar sin, bhídís a’ déanamh airgead maith orthub sin mar chuireadh na siopaí anuas ansin an t-airgead. Chuiridís suas na rudaí i dtosach acub, i parcels móra, agus chuireadh an siopa anuas an t-airgead acub ansin, gach a bhfaighidís ar chuile, chuile scaif acub sin agus eh tá siad common i gcónaí, na scaifeanna sin, tá cúpla ceann a’msa fós díobh, tá siad an-deas a’ bhfuil ’fhios a’d le an gheimhridh agus tá tú in ann go leor a dhéanamh dhíob, tá tú in ann baganna a dhéanamh dhíob ná aon rud mar sin. Bhí sé deacair iad a dhéanamh ar, ar, bheadh sé deacair iad a dhéanamh ar na seolta atá, seolta beaga nua seo atá anois ann mar tá an seol an-bheag, ach na seolta seo a bhí a’inne, d’fhéadfá suí isteach iontub, ar nós a suífeá isteach i gcathaoir, ar chathaoir agus bhí spas mór a’d le bheith ag obair istigh iontub agus bhí tú in ann do chosa a shíneadh uait agus a bheith ag cuir síos agus aníos na, bhí siad chomh difríocht gon, mar thriáil mise na seolta beaga anois agus bhí sé an-deacair suí isteach, ní fheadfá suí isteach iontub sóirt ….

CYRIL: …. A’ raibh tú fhéin in ann fíodóireacht a dhéanamh, an mbeadh tusa in ann fíodóireacht a dhéanamh ar an seol mór? ….

JULIA: …. Ó bheinn, bhéinn in ann é a dhéanamh ar an gceann mór anois, sura dhéanann ar na cinn beag eile seo é. Thriáil mé fhéin ar ceann beag a bhí anseo a’m é, sé an chaoi ar, níl ’fhios a’m, ach fuair mé réidh leis mar bhí sé ró-dheacair.

CYRIL: Oibriú leis.

JULIA: Oibriú leis, agus chaithfeá leath-bhliain a’ déanamh rud fánach air, ach na seolta móra seo tá space mór a’d, agus ansin dhá ngabhfá mí-cheart i snáth, tá tú in ann snáth eile, a chonnectáil in between na snáthchaí, you know.

CYRIL: Sin é anois é, Go raibh míle maith a’d a Julie as ucht do chuid ama a chaitheamh agus le cúnamh Dé b’fhéidir go mbeadh muid a’ caint aríst leat, as seo amach. Go raibh míle maith agat. Ok slán.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.