Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00068

Recording
BBAF.00068
Format
MiniDisc
Duration
14:24
Date
8 March 2007
Languages
English
Irish
Location
Fearann an Choirce
Collector
Áine Pheaits Bheairtlín Uí Fhlaithearta
Informant
Bríd a' Bheagach Uí Cheallaigh
Archival information
MD 75 Bríd a' Bheagach Uí Cheallaigh. Scoil Eoghanachta; Tógáil Séipéal Eoghanachta; Cór; Aifreann; Oscailt an tSéipéil; Sagart.
Additional information
MD 75 Bríd a' Bheagach Uí Cheallaigh. Eoghanacht school; the building of Eoghanacht church; Choir; Mass; the opening of the church; Priest.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00068
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

ÁINE: Inniu an ochtú lá go Mhárta 2007. Mise Áine Pheaits Bheachlín, tá mé anseo i bhFearann a’ Choirce ag comhrá le Bríd a’ Bheagach Uí Cheallaigh faoi obair deonach scoil eh, séipéal Eoghanachta agus faoi oscailt séipéal Eoghanacht. A Bhríd, Dia duit.

BRÍD: Dia 'Muire duit Áine.

ÁINE: Cén rang a bhí tú anois ann nuair a cuireadh tús le obair sc[oil] eh séipéal Eoghanacht?

BRÍD: Bhuel bhí mé aon bhliain déag so is dóigh go mbeinn i rang a ceathair nó cúig b’fhéidir, cúig is dóigh, yeah.

ÁINE: Hm. An gcuimhneofá cé na gasúir eile a bhí sa rang leat?

BRÍD: Bhuel bhí Catherine Sheáin Tom, Áine Phaidí, Cóilín Sheáinín, ehm Máire, ó ní raibh, bhí Máire

ÁINE: Bhí Máire níos sine, is dóigh.

BRÍD: Bhí Máire níos sine déarfainn, yeah. Ehm, Emer Éamonn.

ÁINE: Emer Éamonn, sea.

BRÍD: Emer Éamonn agus ehm

ÁINE: Agus cén t-ainm a bhí ar a’ múinteoir?

BRÍD: Eh bhuel Máirín Lenane a bhí ar a’ múinteoir sa scoil thíos, sa scoil thuas mar a thug muid uirthi bhí Baba Mullen cheapainn.

ÁINE: Á.

BRÍD: Baba Mullen nó a’ raibh Neidín an uair sin ann, ní raibh.

ÁINE: Bhí Neidín thart in áit eicínt ach níl mé cinnte a’ raibh sé ag a’ scoil an t-am sin.

BRÍD: Mar bhí an scoil tamall you see, ach ansin bhí sé sin níos túisce, ní raibh inti ach múinteoir amháin, bhí dhá mhúinteoir an t-am sin ann ach

ÁINE: Agus nuair nach raibh aon séipéal agaibh anois cén áit a théadh sibh ag an Aifreann?

BRÍD: Sa scoil, sa scoil agus I mean thaitnigh sé linn mar bhíodh beagnach leath lae Dé hAoine a’inn a’ glanadh suas an scoil agus á socrú len Aifreann maidin Dé Domhnaigh like, mar chaithfeadh muinn na suíocháin a athrú timpeall agus é a ghlanadh agus a scuabadh le haghaidh an Aifreann Dé Domhnaigh.

ÁINE: Agus cén t-am Dé Domhnaigh a bhíodh an tAifreann ann?

BRÍD: Ó ní féidir liom cuimhneamh ceart ar sin anois.

ÁINE: Ar maidin, is dóigh.

BRÍD: Ar maidin Dé Domhnaigh anyways, yeah ar maidin Dé Domhnaigh ach ní féidir liom cuimhneamh exactly cén t-am.

ÁINE: Anois, cén sagart a bhíodh ann?

BRÍD: Fr. Varley anyways an parish priest (gáire) ach ní féidir liom, marar Grealy, níl mé siúráilte anois ar Fr. Grealy, b’fhéidir go mbeadh duine eicínt eile in ann é sin a chorrecteáil níos fearr.

ÁINE: M hm.

BRÍD: Ba cheart go gcuimhneoinn air like mar thiar a bhíodh an sagart óg mar a thugadh muinn air.

ÁINE: Sea.

BRÍD: D’fhéadfainn a bheith mí-cheart.

ÁINE: Sea, a’ gcuimhníonn tusa anois ar nuair a thosaigh siad ag obair ar a’ séipéal?

BRÍD: Bhuel cuimhním ar an áit go maith roimh an séipéal.

ÁINE: Agus céard a bhí ann roimh an séipéal?

BRÍD: Just eh buaile, ba le John Tim go ndéana Dia grásta air, ba leis an áit. Agus cuimhním air mar bhíodh muid soir ’s, a’ ritheadh soir ’s anoir ann, cuimhním caint air agus cuimhním a’ glanadh lena aghaidh ach, bhuel of course cuimhním ar a’ gabháil suas ach tá ’fhios a’d ní thabharfadh tú mórán notice although go raibh sé something (gáire).

ÁINE: Yeah a’ raibh an bhuaile íseal, an raibh sí íseal ar an mbóthar an t-am sin?

BRÍD: No, tá mé a’ ceapadh go raibh sóirt uláin inti, cheapainn.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Tá mé a’ ceapadh go raibh a’ bhfuil ’fhios a’d beagán uláin, tá mé a’ ceapadh now.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú go raibh aon leachtaí inti, ná aon carracán clocha inti?

BRÍD: Feictear dom go raibh rud eicínt a bhíodar a’ rá nár mhaith leob a chorraigh ab ea nó nár mhaith leob a leagan nó nár mhaith leob

ÁINE: Hm, b’fhéidir nuair a théadh corp soir thart go gcuiridís carrachán clocha suas ann tá mé a’ ceapadh.

BRÍD: Bhí, bhuel bhídís á dhéanamh sin soir, soir Cill Mhuirbhigh an bealach sin anyway, níl ’fhios a’m, bhí rud eicínt mar sin ann nuair a mhentionáil tú anois é, feictear dom go raibh siad a’ caint ar nach raibh siad ag iarraidh, go raibh rud eicínt faoi an bhuaile, nach raibh siad ag iarraidh a dhul ….

ÁINE: …. É a chorraigh….

BRÍD: …. A’ déanamh aon cheo air agus gur séipéal an rud a b’fhearr a bheith curtha ann.

ÁINE: Sea yeah.

BRÍD: (Gáire).

ÁINE: Yeah, tá mé a’ ceapadh go mbíodh carracháin clocha, go gcuirfí suas ….

BRÍD: …. D’fhéadfadh sé go mb’fhéidir go raibh yeah, d’fhéadfadh sé go mb’fhéidir go raibh.

ÁINE: Agus eh a’ gcuimhníonn tú cé na fir a bhí ag obair air?

BRÍD: Bhuel ní chuimhním other than Tommy Denny.

ÁINE: M hm.

BRÍD: Ní chuimhním cé a bhíodh in éineacht le Tommy Denny ach go mbíodh na daoine cosúil le t-athair agus m’athair féin agus iad, bhídís a’ tabhairt laethantaí deonach.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Is dóigh Paitsín [agus] iad sin thart

ÁINE: Yeah.

BRÍD: in Eoghanacht, Seán Nappa agus na daoine sin ag tabhairt eh laethantaí deonach you know ….

ÁINE: …. Sea ….

BRÍD: …. A’ tabhairt laethanta oibre ann gan, gan aon airgead, you know.

ÁINE: Agus a’ gcaithfidh, chaithfidís é sin a dhéanamh is dóigh, bhí iallach orthub é sin a dhéanamh.

BRÍD: Bhuel eh (gáire) bhí is dóigh.

ÁINE: Yeah. So chaithfidh duine as chuile theach is dóigh ar a laghad.

BRÍD: Bhuel chaithfidh, bhídís ag iarraidh orthub cúpla lá sa tseachtain, lá nó dhá lá sa tseachtain a dhéanamh ann you know, le cúnamh a thabhairt agus le, is dóigh nach raibh mórán airgid ann ag an am like you know le

ÁINE: Agus cén obair anois a rinne na mná agus na gasúir?

BRÍD: Bhuel na gasúir anyways, na mná a’ glanadh an séipéal istigh nuair a bhí sé réidh like, á ghlanadh le haghaidh an lá mór mar a déarfá

ÁINE: Sea.

BRÍD: Ach cuimhnímse a bheith, muid féin ón scoil, a bheith thoir a’ bailiú suas cipíní agus clocha agus rudaí a bhí thart timpeall taobh amuigh á gcaith isteach sa trailer a bhí ag an tractor a bhí ag Fr. Varley.

ÁINE: M hm.

BRÍD: Ceann go na tractors, ní hiad na cinn le cab orthub iad ….

ÁINE: …. Sea ….

BRÍD: …. open sa front, tá ’fhios a’d na sean chinn.

ÁINE: Ab shin é an chéad tractor a chonaic tusa riamh?

BRÍD: Sé yeah, sé.

ÁINE: Nó b’fhéidir an chéad tada a bhí motor ann.

BRÍD: Sé, sé, agus cuimhním lá amháin thiar ag a’ scoil ehm bhí muid ag déanamh spraoi thuas ag back a’ scoil agus thit iarann ar mo chois sa.

ÁINE: M hm.

BRÍD: Ceann go na sean deskannaí a bhí caite amach as a’ scoil agus just d’at mo chois suas uilig agus ní raibh mé in ann súil uirthi agus tugadh abhaile mé san trailer.

ÁINE: Á (gáire).

BRÍD: Fr. Varley, agus bhí na gasúir uilig in éineacht linn agus b’iontach an rud dúinn é sin.

ÁINE: Sea, (gáire) sea.

BRÍD: You know, bhíodar uilig delighted, tugadh chuile dhuine siar ann .

ÁINE: Sea.

BRÍD: Mar bhí sé a’ gabháil siar mar ní raibh mise in ann siúl ar mo chois.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Agus ba lá mór é, sin é a’ bhfuil ’fhios a’d an t-am sin dhéanfá iontas go charrannaí agus go tractors mar ní raibh aon cheann ann.

ÁINE: Agus eh an gcuimhníonn tú ….

BRÍD: …. Ach bhíodh, cuimhním a’ caitheamh isteach na rudaí sa trailer , a’ bhfuil ‘fhios a’d, a’ glanadh suas timpeall.

ÁINE: Sóirt na cailíní a rinne an obair sin?

BRÍD: Cailíní agus na lads you know.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Ach usually na cailíní déarfainn a bhí a’ glanadh istigh ann nuair a bhí Mary Aindí go ndéana Dia grásta uirthi, ….

ÁINE: …. Sea….

BRÍD: …. bhí sí kinda overseeing.

ÁINE: Overseeing everything.

BRÍD: (Gáire) níl ’fhios a’m cén chaoi a ndéarfá i nGaeilge é (Gáire)

ÁINE: Agus céard a déarfadh Mary?

BRÍD: Bhuel “scrub it a grabhar” [dheirfiúr].” “Scrub it a grabhar” [dheirfiúr] Bhí sí go hálainn like.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Bhí sí chomh deas. “Scrub it a grabhar” (gáire).

ÁINE: Sí a bhí i gceannas an glanadh taobh istigh is dóigh.

BRÍD: Bhuel more or less, i mo intinn sa anois ach b’fhéidir go raibh daoine eile freisin tá ’fhios a’d.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Ach tá ’fhios a’d an chaoi a standáileadh duine eicínt amach.

ÁINE: I do intinn.

BRÍD: Tá mé cinnte go raibh mná eile freisin ann a’ glanadh like you know, bhíodar ann like ach, you know

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Ní féidir liom cuimhneamh really cé na

ÁINE: Ní raibh ortsa anois a dhul a’ cur suas gaineamh ná briseadh clocha ná tada?

BRÍD: Ní raibh, ní raibh ach

ÁINE: Ach bhí ar na lads as an scoil, a’ raibh?

BRÍD: Bhuel bhí agus even na lads thoir mar d’airigh mé Tomás a’ rá go mbíodh orthub féin a dhul síos agus gaineamh a líonadh suas.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Ar asail agus ar, ar cliabhannaí agus á dtabhairt aníos as a’ trá so is dóigh go raibh dream as a’ taobh thoir freisin a’ tabhairt cúnamh thoir.

ÁINE: Ag obair, yeah.

BRÍD: Thoir.

ÁINE: Agus meas tú ab shin i rith am scoile nó tráthnóna?

BRÍD: Bhuel déarfainn gur i rith am scoile a bhíodh muide á dhéanamh, a’ teacht gar go deireadh, chomh fada agus is féidir liom cuimhneamh air, a’ teacht gar go deireadh an lá scoile. Now tá ’fhios a’d anois tá sé an-deacair cuimhneamh ar sin.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Ach is dóigh go mbíodh muid ann níos déarnaí ná sin like.

ÁINE: Sea.

BRÍD: A’ bhfuil ’fhios a’d níos faide ná bheadh ….

ÁINE: …. Agus ….

BRÍD: …. ach I mean sé a raibh uainne a bheith a’ déanamh rud eicínt agus a bheith in the middle of the excitement (gáire).

ÁINE: Yeah. Níor chuala tú tada faoi mná a’ déanamh tae, you know a’ tabhairt bia go na fir agus

BRÍD: No, níor chuala.

ÁINE: Níor chuala, ní chuimhníonn tú ar sin.

BRÍD: Ní chuimhním ar sin ach is dóigh go raibh sé sin ann.

ÁINE: Yeah, yeah, agus eh nuair a bhí an lá mór ann anois ní chuimhníonn tú go bhfaca tú bratachaí curtha suas timpeall ar na tithe ná tada?

BRÍD: Ní chuimhním, ní chuimhním. No ní chuimhním ar bratachaí actually ar chor ar bith anois like.

ÁINE: Hm.

BRÍD: Ach ní shin le raibh nach raibh siad ann like, you know .

ÁINE: Sea.

BRÍD: It’s just nach gcuimhním.

ÁINE: Ní chuimhníonn tú go raibh bláthannaí go leor curtha sa séipéal ná tada mar sin.

BRÍD: No ní chuimhním.

ÁINE: Ní chuimhníonn yeah. Now cén sórt cleachta a rinne sibh leis an gcóir leis an lá?

BRÍD: Bhuel I mean ní hé an oiread sin cleachta a theastaigh uainn mar bhíodh cóir a’inn sa, bhíodh muid a’ casadh sa scoil like an t-am sin.

ÁINE: Bhí sibh go maith a’ bea (gáire).

BRÍD: Bhí muid go maith yeah (Gáire)

ÁINE: (Gáire)

BRÍD: No bhíodh muinn a’ casadh amhráin sa scoil like.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Bhíodh amhráin a’inn le Máirín Lenane, bhí sí thar cionn le an choir, bhí sí iontach.

ÁINE: Bhí an-cháil uirthi, go raibh cóir thar cionn ann.

BRÍD: Bhí, bhí sí thar cionn a’ casadh amhráin agus you know ní hé an oiread sin, bhuel is dóigh gur chleacht muin, I mean Vení Creator atá i Laidin bhí muid in ann é a chasadh amach gan leabhar gan páipéar gan (gáire) tada.

ÁINE: Sea.

BRÍD: You know mar bhíodh muinn ….

ÁINE: …. Sea ….

BRÍD: …. bhíodh sé a’inn ins an scoil like, you know.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Ansin choinnigh muinn orainn a’ casadh ag an Aifreann, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhíodh Aifreann a naoi Domhnach amháin agus Aifreann a haon dhéag Domhnach eile sa séipéal.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Agus ansin bhíodh Benediction tar éis Aifreann a haon dhéag i gcónaí.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: So bhíodh choir a'inn chuile dhara Dhomhnach sa séipéal.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Yeah.

ÁINE: Agus an gcuimhneofá anois cé a bhí libh ins an gchoir an lá sin ?

BRÍD: Yeah, bhí Pádraig Pheaits Bheachlín [Ó hIarnáin], Kevin Éamonn [Ó Concheanainn], Máirín Lenane í féin, Máirín Lucas, Máire Sheáin Tom [Ní Mhaoláin], Teresa Bhaba Pheige [Ní Mhiolláin], Angela Éamonn [Ní Choncheanainn], Mary Bheagach [Ní Mhaoláin], Máire Tom Mhóir [Ní Chonghaola], Máirín Mhicilín [Ní Iarnáin], Máire Pheaits Bheachlín [Ní Iarnáin], Maggie a’ Bheagach [Ní Mhaoláin], mé féin, Catherine Sheáin Tom [Ní Mhaoláin], Emer Éamonn [Ní Choncheanainn], Kate a’ Bheagach [Ní Mhaoláin] agus Saile Bheagach [Ní Mhaoláin], Margaret Mhicilín [Ní Iarnáin], Ann Éamonn [Ní Choncheanainn], Nessa Éamonn [Ní Choncheanainn agus Catherine Bhid Bhille [Ní Thuathail.

ÁINE: Á, go maith a Bhríd, nach maith a chuimhneamh tú orthub sin uilig anois.

BRÍD: (Gáire)

ÁINE: Bail ó Dhia orthaí bhí cúpla duine maith as, as do chlann féin ann. Ní chuimhneofá cé a bhí a’ freastal an lá sin?

BRÍD: Oh no ní chuimhním ach cuimhním duine eicínt á inseacht dom ach ní féidir liom cuimhneamh anois arist cé iad féin.

ÁINE: Hm, sea.

BRÍD: A’ raibh Pádraig s’ agaibhse meas tú, ní raibh?

ÁINE: Bhuel b’fhéidir má bhí sé sa gcóir nach mbeadh sé a’ freastal.

BRÍD: Bhí sé sa gcóir alright yeah.

ÁINE: Sea. Bhí Maidhcí Pheat Mhaidhcilín tá mé a’ ceapadh.

BRÍD: A’ raibh, á yeah

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Níl ’fhios a’m, cuimhním duine eicínt á inseacht dom ach ní féidir liom cuimhneamh aríst.

ÁINE: Yeah, tá pictiúr a’inn in áit eicínt de go háirid….

BRÍD: …. A’ bhfuil, oh that’s nice.

ÁINE: Now an gcuimhníonn tú cén t-ainm a tugadh ar a’ séipéal?

BRÍD: Eh Naomh, bhuel nach Naomh Pádraic, ab ea?

ÁINE: Níl ’fhios a’m.

BRÍD: Bhuel I mean ní chuimhním ach cheap mé gur Séipéal Naomh Pádraig a bhí air.

ÁINE: De réir na páipéir Naomh Enda a tugadh air.

BRÍD: Bhuel I mean b’fhéidir gurbh ea ach ….

ÁINE: …. Naomh Pádraig atá anois air.

BRÍD: Bhuel Naomh Pádraig atá air le fada, nach ea.

ÁINE: Sea, ach tá mé a’ ceapadh gur tugadh Naomh Enda freisin air, you know.

BRÍD: Ó.

ÁINE: Agus a’ gcuimhníonn tú go raibh party mór an lá sin ann?

BRÍD: Ní chuimhním, ní chuimhním ar aon pharty, is dóigh má bhí nach raibh (gáire) aon chead ag na gasúir a dhul ann (gáire).

ÁINE: Bhí sé ag na boic mhóra is dóigh (gáire)

BRÍD: (Gáire) Is dóigh go raibh.

ÁINE: Bhí party tigh Twenty an lá sin.[Tigh Chonghaola, Cill Mhuirbhigh]

BRÍD: Ó a’ raibh?

ÁINE: Bhí.

BRÍD: Ó ní raibh ’fhios a’m é sin anois.

ÁINE: Agus d’imigh an t-Easpag amach as céibh Chill Mhuirbhigh. Now ní chuimhníonn tú gur shiúl sibh soir?

BRÍD: Ní chuimhním, ní chuimhním céard a rinne muid ina dhiaidh ar chor ar bith, really to be honest with you, ní chuimhním. Muise is dóigh go ndeachaigh muid abhaile, I presume, níl ’fhios a’m.

ÁINE: Sea, now ní raibh uisce a’ bith sa séipéal ná in áit ar bith ag an am sin.

BRÍD: Ní raibh uisce in aon áit an uair sin, no.

ÁINE: Agus cén áit a d’fhaigheadh sibh an t-uisce le haghaidh ….

BRÍD: Ag a’ tobairín sin taobh thoir go scoil Eoghanacht, idir an scoil agus an séipéal anois, thíos an róidín beag sin.

ÁINE: Cén t-ainm atá ar sin anois, a Bhríd?

BRÍD: Oh God níl ’fhios a’m (gáire)

ÁINE: Ní, ar Gort Cionnaith ab ea nó Tobar Ghort Cionnaith ab ea nó … níl ’fhios a’m.

BRÍD: Ó agus ba cheart go mbeadh a fhios a’m é mar bhíodh muid a’ tabhairt an ainm air like.

ÁINE: Sea. Agus a’ mbíodh sibhse a’ gabháil síos, nó a’ b’iad na freastalaí a théadh síos?

BRÍD: Bhuel na freastalaí déarfainn a théadh síos, yeah. Ismore or less ón scoil a bhíodh muide a’ gabháil síos ann really.

ÁINE: M hm.

BRÍD: Siad na freastalaí, théidís siar, d’fheicfeá iad a’ gabháil siar roimh an Aifreann ann.

ÁINE: Sea.

BRÍD: A‘ gabháil síos ag iarraidh an uisce agus aníos leis.

ÁINE: Agus eh tréis é a bheith oscailte anois, a’ mbíodh Aifreann go minic ann an t-am sin?

BRÍD: Bhíodh sé chuile Dé Domhnaigh ann, ach ní dhéarfainn, níl 'fhios a'm a' mbíodh sé during the week ann anois. Bhíodh faoistiní ann anyways chuile thráthnóna Dé hAoine, mar théadh muid soir ón scoil ag faoistin.

ÁINE: Ó so i rith am scoile.

BRÍD: Agus bhíodh First Fridays ann.

ÁINE: Yeah.

BRÍD: Yeah, ach ní féidir liom cuimhneamh anois a’ mbíodh aon Aifreann ann i gcaith na seachtaine, is dóigh go mbeadh má bhí dhá shagart ar an oileán ag an am.

ÁINE: Sea, an gcuimhneodh tú anois meas tú cé a thug an t-altóir nó na fuinneogaí ná tada, ní chuimhníonn tú?

BRÍD: Ó ní chuimhneoinn other than na hainmneachaí atá scríofta orthub sa séipéal.

ÁINE: Sea ní chuimhneodh tú air, go raibh caint ann faoi thada mar sin.

BRÍD: No, ní chuimhním. Ní chuimhním ach gur mar deir mé go bhfuil na hainmneachaí orthub.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Bhuel d’airighín iad a’ caint go raibh daoine a’ donatáil rudaí .

ÁINE: Hm.

BRÍD: You know ach ní chuimhním.

ÁINE: A’ raibh ortsa riamh a ghabháil soir go hEochaill ag an Aifreann?

BRÍD: Bhíodh, bhuel faoi Cháisc usually a théadh muid soir go hEochaill.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Sin anois nuair a bhí na, an eh, nuair nach raibh an séipéal ann.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Ní raibh orainn a dhul soir déarfainn ó tógadh an séipéal.

ÁINE: Ó tógadh an séipéal, yeah.

BRÍD: Ach théadh muinn soir Déardaoin Naofa, Aoine an Chéasta, mar bhíodh choir a’inn thoir in Eochaill, bhíodh muinn thoir in Eochaill a’ casadh

ÁINE: Sea.

BRÍD: ceol, agus bhíodh muinn thoir ann Déardaoin Naofa, Aoine an Chéasta anyways.

ÁINE: Agus eh ….

BRÍD: …. Shiúladh muinn soir ann.

ÁINE: Shiúladh sibh soir.

BRÍD: Yeah.

ÁINE: Chaithfeadh sibh fágáil go luath ar maidin.

BRÍD: No tráthnóna a bhíodh na rudaí ann.

ÁINE: Tráthnóna.

BRÍD: Yeah.

ÁINE: Ó ab ea?

BRÍD: Tráthnóna a bhíodh na rudaí ann.

ÁINE: Ó bhí mé a’ rá mar chaithfeadh sibh a bheith ina dtroscadh, bheadh ocras orthaí.

BRÍD: Bhuel yeah (gáire).

ÁINE: (Gáire) Sea, bheadh ocras orthaí ar a’ mbealach anoir.

BRÍD: Yeah (gáire).

ÁINE: So bhí, bhí muintir an chinn thiar thar a bheith sásta mar sin gur tógadh séipéal dóibh.

BRÍD: Ó bhí, cheapainn go raibh, yeah. Bhí sé iontach like ag an am. Cuimhním ar sin, chuile dhuine a' rá gurbh iontach an rud é. Gurbh iontach an rud é séipéal a bheith ann.

ÁINE: Agus a’ raibh siad an-bhuíoch go Fr. Varley?

BRÍD: Ó bhí is dóigh yeah, bhí.

ÁINE: Ar imigh sé sciopaí ina dhiaidh sin?

BRÍD: Ní féidir liom cuimhneamh ar sin anois, mar sé Fr. McNamara nach é a tháinig ina dhiaidh so

ÁINE: Agus Fr Killeen a bhí roimhe ann, sin é a chur tús leis an bailiúchán airgead.

BRÍD: Ab é?

ÁINE: Fr Killeen, sé.

BRÍD: Ní chuimhnímse ar Fr. Killeen really ar chor ar bith.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Ní féidir liom é a phlaceáil ar chor ar bith like.

ÁINE: A' raibh faitíos agaibh roimh an sagart an t-am sin?

BRÍD: Bhuel bhí faitíos a'inn roimh Fr Varley because bhí sé chomh holc (gáire).

ÁINE: A' raibh?

BRÍD: Bhuel níl mé a' rá go raibh faitíos a'inn roimhe but you know ní, ní fhéadfá breathnú amach tríd an bhfuinneog nuair a bhí sé sa scoil, dá mbreathnófá ….

ÁINE: …. Sea ….

BRÍD: …. chuala tú faoi sin is dóigh….

ÁINE: …. A' dtabharfadh sé corr slap díbh?

BRÍD: Yeah bhuel thug sé go dhuine eicínt é.

ÁINE: Ar thug?

BRÍD: Yeah.

ÁINE: Yeah, agus meas tú na freastalaí anois a’ mbíodh sé an-díon orthub?

BRÍD: By Daid níl 'fhios a'm anois like really ‘cos you know nuair nach raibh aon lads a'inn féin a bheadh a' freastal agus ní chloisfeá uathub like cén chaoi a raibh sé leob you know.

ÁINE: Agus mura mbeadh duine a' gabháil ag an Aifreann anois meas tú a' ngabhadh sé ar cuairt acub sa teach a' cuir iallach orthub a dhul ann?

BRÍD: Well, I don’t know, I’d imagine go ngabhadh ach níl ’fhios a’m.

ÁINE: Sea ní chuimhníonn tú gur chuala tú.

BRÍD: Níor chuala mé go ndeachaigh sé ach bhí sé

ÁINE: Bhí sé cineál crua, a’ raibh?

BRÍD: Bhí, bhí

ÁINE: Yeah ….

BRÍD: Agus I mean thinking back now like bhí sé a’ rá rudaí ag an Aifreann nár really a cheart a bheith ráite you know what I mean.

ÁINE: Sea.

BRÍD: (Gáire).

ÁINE: Agus an gcuirfeadh sé iallach orthaí a dhul ag faoistin chuile sheachtain?

BRÍD: Bhuel ní dhéarfainn go gcuirfeadh it’s just, bhí sé,it was the done thing mar a déarfá,(gáire) sin é a bhí déanta like….

ÁINE: …. Sea.

BRÍD: ag an am, níl 'fhios a’m an gcuirfeadh, b’fhéidir go gcuirfeadh mura ngabhadh muinn ann but theifí soir ón scoil ann like.

ÁINE: Sea.

BRÍD: Bhíodh na faoistiní ann ag a trí a chlog, so soir ag faoistin.

ÁINE: So bhí sé níos éasca a dhul ann an t-am sin mar bhí tú sórt a' dossáil ón scoil.

BRÍD: Bhí yeah, bhuel bhí (gáire)

ÁINE: Bhí sé chomh maith duit a bheith i do, i do shuí sa séipéal le bheith i do shuí sa an scoil a’ déanamh rudaí. So sin é anois é a Bhríd, go raibh míle maith a'd.

BRÍD: Tá fáilte romhat, tá súil a'm go dtabharfaidh sé cúnamh dhíbh (gáire).

ÁINE: Ó tabharfaidh, chuile phísín tabharfaidh sé cúnamh dúinn.

BRÍD: (Gáire).

ÁINE: Go raibh míle maith a’d a Bhríd.

BRÍD: Tá sorry orm nach raibh níos mó eolas a’m, nárbh fhéidir liom cuimhneamh ar níos mó rudaí like.

ÁINE: No no bhí sé sin thar cionn mar cuimhneoidh chuile dhuine ar rud eicínt difríocht so

BRÍD: Yeah.

ÁINE: Go raibh míle maith a’d, a Bhríd.

BRÍD: Tá fáilte romhat, yeah.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.