Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00060

Recording
BBAF.00060
Format
MiniDisc
Duration
32:09
Date
21 February 2003
Languages
English
Irish
Location
Cill Rónáin
Collector
Máirín Uí Chonghaile
Informant
Catherine Ní Iarnáin
Archival information
MD 65 Catherine Ní Iarnáin Kane. A hathair; Colm Ó hIarnáin; Bád Tarrthála; Rataí; Aer Stráice; Aer Árann; Cumann Forbartha agus Turasóireachta Árann 1966; Scéim Leictreachais 1975; Comhdháil Oileáin na hÉireann; Iascaireacht; Polaitíocht; Obair Dheonach.
Additional information
MD 65 Catherine Ní Iarnáin Kane. Her father Colm Ó hIarnáin; Lifeboat; Rates; Airstrip; Aer Árann; Cumann Forbartha agus Turasóireachta Árann 1966; Electric scheme 1975; The Islands' Federation; Fishing; Politics; Volunteer work.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00060
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MÁIRÍN: Tá mé inniu Máirín Conneely i teach Catherine, muintir Catherine Hernon ar an t-aonú lá fichid go Feabhra 2003. Dia duit a Chatherine.

CATHERINE: Dia duit a Mháirín agus céad fáilte isteach.

MÁIRÍN: Cá rugadh thusa?

CATHERINE: Bhuel mé féin go pearsanta, rugadh anseo mé in Inis Mór agus ar ndóigh rugadh m’athair freisin i gCill Rónáin.

MÁIRÍN: Agus cérbh í do mháthair?

CATHERINE: Mo mháthair, Diela Uí [Ní] Fhlaithearta, or Diela Bheachla Beag mar a tugadh uirthi, as Baile na Creige.

MÁIRÍN: Sea. Anois ba mhaith liom labhairt inniu faoi t-athair a Chatherine agus, creidim go raibh t-athair sa mbád tarrthála’ go b’shin é an chéad rud a bhí sé páirteach ann?

CATHERINE: Yeah bhí sé ar fhoireann an bád tarrthála ó 1950 ar aghaidh. Bhí sé mar an dara captaen ó 1952 agus chaith sé h-ocht mbliana sa phost sin agus ansin bhí sé mar chaptaen an bháid ar feadh sé bliana déag. Nuair a d’éirigh sé as an bpost sin ansin shocraigh sé a bheith mar rúnaí ar a’ mbád, agus ar ndóigh bhí sé gnóthach leis dáiríre an chuid is mó dá shaol.

MÁIRÍN: Is dóigh nuair a bhíodh t-athair imithe amach ar an mbád tarrthála a’ mbíodh imní orthaí faoi?

CATHERINE: Bhuel cinnte….

MÁIRÍN: …. Sa droch aimsir?

CATHERINE: Le droch aimsir i gcónaí bhíodh muid i gcónaí súil go dtiocfadh glaoch, mar aisteach go leor, an bád tarrthála anseo in Inis Mór, ní amháin go raibh sí a’ plé le éarfaimid báid a bheadh i dtrioblóid mar a bheidís thíos i gCorcaigh nó i nDún na nGall ach ar Inis Mór anseo bhí baint ag a’ mbád freisin le othair a thabhairt go dtí an mórthír agus ar ndóigh toisc go raibh droch chóras farantóireachta ar an oileán, bhíodh muintir Inis Oírr agus Inis Mór agus Inis Meáin ag braith go hiomlán ar an mbád tarrthála agus ar ndóigh le titim na h-oíche i gcónaí nuair a bhíodh an aimsir go dona, gheobhadh duine eicínt tinn agus chaithfidís ar ndóigh ansin dochtúir a thabhairt as Cill Rónáin go hInis Oírr nó go hInis Meáin agus bhíodh a lán, lán fadhbanna. Now caithfidh mé a rá mar pháistí a’ fás suas dhúinne níor thuig muide an dainséar. Cinnte, thuig mo mháthair é agus is iomaí oíche, tá mé cinnte gur chaith sí, cosúil leis na máthaireachaí eile a’ breathnú amach tríd na fuinneogaí a’ féachaint a’ raibh siad a’ tíocht abhaile slán sábháilte, mar an uair sin ins na caogaidí bhí fíor dhroch bhád acu agus bhí sé dona go leor a bheith a’ fágáil Cill Rónáin ach nuair a théidís go hInis Meáin nó go Inis Oírr ní fhéadfaidís a ghabháil i dtír ansin ceall calafoirt agus bhíodh orthub na hothair a thabhairt amach i gcurachaí agus is féidir leat a shamhlú le droch aimsir

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: go raibh na daoine dhá gcuir féin i gcontúirt. Ní amháin go raibh lucht an bhád tarrthála dhá gcuir féin i gcontúirt ach bhí ’éarfaimid lucht na gcurachaí freisin.

MÁIRÍN: Ó bhí agus an t-am sin freisin mar a dúirt tú, bhíodh an bád tarrthála a’ tabhairt go leor daoiní amach go dtí an mhórthír mar ambulance mar a déarfá, ní raibh aon eitleán ann ná tada.

CATHERINE: Ní raibh aon eitleán ann agus ní amháin sin ach théidís go Cuan Chasla go Ros a’ Mhíl agus ní raibh soilse ar a’ gcéibh ansin agus caithfidh mé a rá, thuig mo athair é féin ’bhfuil ’fhios a’d go raibh an chontúirt ann, ní amháin go raibh sé a’ cuir na hothair i gcontúirt ach go raibh sé a’ cuir criú an bháid agus é féin i gcontúirt freisin so i 1963 sheol sé litir chuig an taoiseach, taoiseach a bhí ann ag an am, Seán Lemass.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE:` Agus bhí sé dhá chuir ós a chomhair go raibh helicopter ag teastáil ar an taobh seo tíre chun othair a thabhairt go dtí an mórthír mar gheall ar an ndainséar a bhí ann don chriú an bhád tarrthála agus ar ndóigh do na hothair agus go deimhin féin níor tugadh aon éisteacht dhó ag an am, dúradh go mbunófaí ceart go leor helicopter i mBaldonnell ach ní raibh aon mhaith ansin go Inis Mór agus go Inis Oírr agus go Inis Meáin nó go na báid iascach fiú amháin, a bheadh i dtrioblóid amuigh ansin ar na farraigí móra le droch aimsir.

MÁIRÍN: Ó rinne mé dearmad fiafraigh dhíot ar dtús Catherine, eh cén uair a rugadh t-athair agus a’ bhfuil ’fhios a’d féin cérbh é, an t-ainm a thug siad ar a athair agus ar a mháthair.

CATHERINE: Bhuel rugadh i gCill Rónáin é, mí Bealtaine 1922. Maidhc Tom, ainm a athair agus Ceaitín a tugadh ar a mháthair. Ba as Bungabhla di siúd.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus ehm, Gaeilge ar fad a bhí aici siúd, aisteach go leor. Ní dhearfainn go raibh mórán Béarla aici agus bhí go leor Béarla ag Maidhc Tom ag an am, déarfainn go mbíodh an dá theanga ag imeacht sa sean teach.

MÁIRÍN: Sea. Agus a’ raibh mórán deartháireachaí agus/nó dreabharachaí aige?

CATHERINE: Bhí deartháir amháin aige, [a] cailleadh le gairid, Michael Hernon, bhí sé sin a’ troid i gKorea agus fuair sé sin bás cúpla mí ó shin, agus tá triúr deirfiúr fós beo [aige] i Meiriceá, Agnes, Mary agus Margaret. Seisean an t-aon duine a d’fhan ar an oileán. Now, leis sin ráite, chuaigh sé isteach san arm freisin nuair a bhí sé h-ocht mbliana déag agus chuaigh sé isteach sna Fórsaí Cosanta ar an Rinn Mhór agus chaith sé cheithre bliana ansin sa chéad chath agus is ag an bpointe sin a bhuail sé le Breandán Ó hEithir mar bhí Breandán Ó hEithir mar scoláire tithe i gColáiste Éinde i nGaillimh.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus níl ’fhios a’m cén bhaint a bhí ag na Fórsaí Cosanta le Coláiste Éinde ach bhí, casadh Breandán air den chéad uair agus ba chairde dlúth riamh anall iad.

MÁIRÍN: Agus bhí, tá, cé mhéad agaibh féin a bhí ann?

CATHERINE: Cúigear a’inne.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus tá beirt a’inn a’ múnadh i mBlá Cliath agus tá duine amháin, Martina, i nGaillimh agus tá Michael agus Bartley anseo ar an oileán agus thóg Michael post m’athair ar Aer Árann .

MÁIRÍN: Ar Aer Árann.

CATHERINE: Nuair a cailleadh é

MÁIRÍN: Nuair a d’fhág sé an bád tarrthála, bhí sé ina chaptaen nach raibh, cé mhéad bliain?

CATHERINE: Bhí sé sé bliana déag mar chaptaen.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus ansin ina dhiaidh sin bhí sé mar rúnaí an bháid, ó sin i leith, ó 1976 i leith, bhí sé mar rúnaí an bháid go dtí go raibh sé seachtó agus d’éirigh sé as ansin agus thóg Michael é ar feadh cúpla bliain.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus sé Pádraig Ó Tuairisc anois atá ann.

MÁIRÍN: Atá, atá ina rúnaí air.

CATHERINE: Atá i mbun na h-oibre sin

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn, (--) Ar inis sé aon scéal a’ bith dhíb a chuimhníonns tú air nuair a bhí sé sa mbád tarrthála, droch aimsir nó rud a’ bith brónach nó rud a’ bith….

CATHERINE: …. An t-aon….

MÁIRÍN: …. a’ bith maith, a tharla.

CATHERINE: Is dóigh go b’é an rud is mó a chloiseadh muid i gcónaí ná na scéalta maithe.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ní inseoidh sé riamh aon droch scéal dhúinn. Is dócha an scéal is mó go raibh siad féin bródúil as, bhuel bhí cúpla ceann, ach ceann amháin is dóigh, mí Márta 1962 bhí fíor dhroch aimsir ann agus chuaigh an bád Ollannach seo darbh ainm an June agus ochtar criú, chuaigh siad i dtír ar oileán taobh amuigh go chuan na Gaillimhe ansin agus de bharr an, an fíor obair a rinne siad chun tarrtháil a dhéanamh orthu siúd fuair siad aitheantas ón Institiúid i nGrosvenor Gardens i Londain agus bronnadh an bonn cré-umha ar chriú an bháid….

MÁIRÍN: …. Ó sea….

CATHERINE: …. mar gheall ar sin, i 1962, agus ar ndóigh aon uair a thagadh sé abhaile agus go n-éireoidh leob daoiní a thabhairt i dtír agus a shlánú, níor chailleadar aon dhuine ariamh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus is dóigh go b’shin éacht.

MÁIRÍN: Sea, bhí sé sin, yeah.

CATHERINE: Cinnte bhí an obair crua, níor thuig muide an dainséar.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Is mór is fiú nár thuig.

MÁIRÍN: Sin é.

CATHERINE: Freisin i 1966 bhí baint ag an mbád freisin le Captain Blythe agus Ridge, Sergeant Blythe agus Captain Ridgeway a thabhairt i dtír. Tháinig siadsan trasna an Atlantic i mbád bheag agus fuaireadar i dtrioblóid taobh amuigh go Oileán Iarthach agus [is] beag nár chailleadar an bád agus thug an bád tarrthála i gcéibh, i dtír iad i gCill Rónáin agus ar ndóigh bhí an-aitheantas a’ gabháil dhó siúd mar gur éacht….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. é ó thaobh staire dhe a theacht….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. trasna an Atlantach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus i 1967 fuaireadar litir aitheantas de bharr an tarrtháil a rinne siad aríst ar bhád Gréagach darbh ainm an “Rossini” agus chuaigh sí sin i dtír taobh amuigh go Ghaillimh freisin. Agus ar ndóigh bhídís a’ fáil na litreachaí aitheantais seo de bharr an obair chrua a rinne dar.

MÁIRÍN: A’ raibh t-athair ar an mbád nuair a thit an eitleán ar chúl an oileán? Níor aire tú riamh é [a] caint….

CATHERINE: …. Chuala mé a’ caint air é

MÁIRÍN: A’ raibh Delia? [Is í Deila bean chéile Coley] Nuair a bhí eh, nuair a thit an eitleán, an KLM, a’ raibh Coley ar an mbád an t-am sin?

DELIA: Bhí

MÁIRÍN: Chaithfeadh sé a bheith in Árainn yes, yeah.

CATHERINE: Bhí sé ar an mbád, yeah.

MÁIRÍN: Yeah, an t-am sin, sea.

CATHERINE: Agus ar ndóigh is dóigh go raibh sé crua orthub

MÁIRÍN: Sea an t-am sin….

CATHERINE: …. Yeah, bhí, bhí, ach cinnte níor thuig muide i ndáiríre an dainséar, agus le droch bhád ag an am, a chuadar tríd.

MÁIRÍN: No níor thuig, no.

CATHERINE: Níor thuig, níor thuig mar pháistí, agus is dóigh gur thuig mo mháthair ar bhealach é.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach níor thuig muide é. Agus is cuimhin liom nuair a thagadh an glaoch don bhád tarrthála, bhíodh muid a’ glaoch an t-am sin mar ní bhíodh fiú amháin (gáire) bhí muid is dóigh céad bliain ar gcúl ar bhealach mar ní raibh gutháin i ngach teach ag an am agus bhíodh orainn ritheadh go barr a’ phointe [áit a mbíodh Coley ag obair ar a chuid talamh] á chuartú agus ritheadh muid chomh maith agus a bhí muid in ann, ritheadh muid marathon an uair sin…

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: …chun an scéala a thabhairt agus ansin chaitheadh sé na maroons agus thagadh an criú agus théidís amach i bád beag go dtí an lifeboat é féin

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: You know.

MÁIRÍN: Yeah. Bhíodh sé ag bailiú na rátaí [bhíodh rátaí le n-íoc ar thithe an t-am sin] is dóigh go mbíodh, go raibh am áirid le thíocht leis na rátaí a íoc, nó?

CATHERINE: Bhuel ní raibh, aisteach go leor. Thosaigh sé mar bhailitheoir rátaí, post lán aimsire a bhí ann, i mí Meitheamh 1956 agus ag an am sin d’íocfaí ina dhálaí na rátaí ach séard, thagadh na daoiní go dtí an teach agus d’fhéadfaidís a theacht ag a naoi a chlog ar maidin nó deich ‘chlog san oíche. Ní raibh aon am oifigiúil sa teach seo riamh.

MÁIRÍN: No.

CATHERINE: Agus caithfidh mé an méid sin a rá, ní bheadh ’fhios a’d cén uair a bheadh duine eicínt a gabháil a’ siúl isteach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus is cuimhin liom freisin, is iomaí uair a thagaidís ó Bhun Gabhla agus thabharfadh mo mháthair cupán tae dhób mar ag an am sin ní raibh aon seirbhís bus ná tada….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. agus bheidís an lá ar fad ar an mbóthar.

MÁIRÍN: Agus ní raibh aon cafes ná tada….

CATHERINE: …. Ní raibh cafes ná tada ann.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus is iomaí uair a thabharfadh sí cupán tae agus slis arán nó rud eicínt dhób nuair a thagaidís isteach.

MÁIRÍN: Isteach, yeah.

CATHERINE: Agus ba comhluadar é….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. ar bhealach freisin.

MÁIRÍN: So thóg sise páirt mór freisin.

CATHERINE: Thóg sise páirt mhór ann, is dóigh….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. ar bhealach gur, gur thóg sise an páirt ba mhó ó thaobh an t-airgead a thabhairt isteach

MÁIRÍN: Isteach, sea.

CATHERINE: Is cuimhin liom féin stampa Bailitheoir Rátaí C Ó hIarnáin

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: a chuir ar na, ar na píosaí páipéir a bheadh le tabhairt amach go dtí na tithe

MÁIRÍN: Na tithe, sea.

CATHERINE: Agus d’íocfaidís é, mar a dúirt mé, ina dhálaí agus sí mo mháthair dáiríre a thógfadh ….

MÁIRÍN: …. A bhíodh dhá dhéanamh sin, sea.

CATHERINE: Yeah.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar ní bhíodh m’athair ag baile, an chuid is mó gon am.

MÁIRÍN: Ó ní raibh, ní raibh.

CATHERINE: Bhí sé gnóthach ar bhealaí eile. Agus d’éirigh sé as sin i 1987 ach ba post páirt aimsire a bhí ann ó deiridh na seachtóidí

MÁIRÍN: Á sea.

CATHERINE: Mar tugadh scéim isteach nach raibh gá rátaí a íoc ach amháin ar tithe gnó.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus na tithe lóistín

MÁIRÍN: Na tithe lóistín, rud eicínt mar sin.

CATHERINE: Rud eicínt mar sin

MÁIRÍN: Creidim go raibh an-bhaint ag t-athair le Aer Árann?

CATHERINE: Bhí, bhuel mar a dúirt me scríobh sé ag, ag Seán Lemass [an Taoiseach] i 1963, a’ cuartú helicopter , ach ansin de réir mar a bhí sé a’ gabháil in aois agus de réir mar a bhí tuiscint aige ar an saol, thuig sé go raibh rud eicínt a’ teastáil chun na hoileáin seo a tharrtháil

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus ní amháin ó thaobh othair dhe ach ó thaobh cúrsaí turasóireachta freisin dhe agus i 1968 d’fhógair an Roinn Iompair go raibh siad chun airgead a chur ar fáil, agus ba bhé an Aire Childers a bhí i gcumhacht ag an am, i gcomhair aer stráicí a thógáil i gceantracha ar fud na tire, mar ag an am bhí Iarnród Éireann ag dúnadh síos na hiarnróid go dtí na bailte beaga….

MÁIRÍN: …. Ó sea ….

CATHERINE: …. agus dá bhféadfadh muintir na háite a theacht aníos le, éarfaimid, cuid gon t-airgead, go gcuirfí aer stráice síos dhób so ar ndóigh thapaigh sé an deis láithreach agus scríobh sé go dtí Curadh Chonnachta agus i mí na Samhna scríobh sé, i 1968, scríobh sé go dtí Scéala Éireann i mBlá Cliath agus, ag cuartú urraíocht agus tacaíocht, agus ag an am, caithfidh mé a rá gur thug an Roinn cead aer stráice a thógáil ach ní raibh siad chun an t-airgead a chur ar fáil mura n-éireoidh leisan tacaíocht a fháil….

MÁIRÍN: …. Hm….

CATHERINE: …. agus urraíocht a fháil agus a bhuíochas do cúigear gnó as Gaillimh a tháinig le chéile, a tháinig go hÁrainn, a thug faoin togra seo, agus na h-úinéaraí talún, deichniúr acu i gCill Éinne, a bhí sásta an talamh….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. a thabhairt ar léas ag an am…

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. a tháinig Aer Árann ar an bhfód.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus taobh istigh go chúpla mí bhí an obair ar fad déanta, cé go raibh obair chrua le déanamh freisin mar bhí orthub, ]éarfaimid, an innealra ar fad ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. a thabhairt go Cill Rónáin.

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: Agus an aer stráice a thógáil agus na fadhbanna ar fad a bhainneans leis sin ach ar an cúigiú lá déag go mí Lúnasa 1970 fíorú na físe, cuirfimid mar sin é.

MÁIRÍN: So an gcuimhníonn tú féin ar do chéad turas ar sin?

CATHERINE: Is cuimhin liom ar mo chéad turas. Is cuimhin liom go maith, bhí mo mháthair agus m’athair thíos ag an comóradh i nGaillimh agus tháinig scéala thíos sa halla “tá ceapairí le déanamh”

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE Agus bhí an lá uafásach gaofar, fliuch, fuar. Agus is cuimhin liom go ndeachaigh muid soir ansin

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: agus tugadh eitilt saor in aisce go na gasúir.

MÁIRÍN: Ó sea, á sea.

CATHERINE: Agus is cuimhin liom go b’shin é an chéad uair a bhí muid ar fad thuas in eitleán beag.

MÁIRÍN: Ó sea (gáire)

CATHERINE: Yeah ba onóir mhór

MÁIRÍN: Agus bhí baint mhór ag t-athair le bhuel ní Comhdháil na nOileán, céard a bhí ann ar dtús?

CATHERINE: Bhuel is dóigh, i 1966 aríst, ba saghas duine é saghas a bhí i gcónaí a’ smaoineamh go gcaithfí rud eicínt a dhéanamh chun an pobal a shlánú so bhunaigh sé an Cumann Forbartha agus Turasóireachta Árainn chun an turasóireacht a chur chun cinn.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Ach ag an am céanna bhí aidhmeanna eile acu freisin, cúrsaí leictreachais a chur chun cinn….

MÁIRÍN: ….Sea ….

CATHERINE: .… mar ní raibh againn ach an gás ag an am

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Cé go raibh baint aige leis an gás a thabhairt chun tosaigh, cúrsaí leictreachais, thosaigh sé ag obair ar an scéim sin chomh maith leis an, leis an gCumann Turasóireachta agus Forbartha agus ag an am bhí go leor daoiní nach raibh sásta, bhí eagla orthub mar a bhí ar an tír mhór fiú amháin….

MÁIRÍN: ….Sea, sea….

CATHERINE: …. An leictreachas….

MÁIRÍN: …. Sea, bhí ….

CATHERINE: …. a thabhairt isteach, bhí faitíos orthub go ngabhadh na tithe suas….

MÁIRÍN: …. Sea, trí thine yes….

CATHERINE: …. trí thine nó go mbeadh sé i bhfad ró-chostasach

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus bhí go leor fadhbanna, mar bhí orthub go leor daoiní a fháil chun an siniúchán a thabhairt.

MÁIRÍN: Sea

CATHERINE: Ach sa deiridh buíochas le Dia, d’éirigh leo.

MÁIRÍN: Agus…

CATHERINE: Agus i 1975….

MÁIRÍN: …. Sea, tháinig an leictreachas ….

CATHERINE: ….tháinig an leictreachas go hÉireann or go hÁrainn gabh mo leith scéal ….

MÁIRÍN: …. Go hÁrainn, sea.

CATHERINE: Agus ansin go dtí na hoileáin eile. Chomh maith leis sin chun an leictreachais a chur chun cinn bhí orthub comharchumann a bhunú.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar bhí ar an gcomharchumann ansin a bheith i bhfeighil….

MÁIRÍN: …. An leictreachais ….

CATHERINE: …. An leictreachais ….

MÁIRÍN: …. Sea, cuimhním ar sin, sea ….

CATHERINE: …. Na gineadóirí, agus bhí dhá ghineadóir ar dtús acu agus ní raibh siad sin éifeachtach a’ choir a bith, mar bhí níos mó tithe agus níos mó áiseanna ag obair orthub so bhí orthub gineadóirí níos láidre

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: a fháil agus ansin sa deiridh i 1996 tháinig an cábla.

MÁIRÍN: M hm.

CATHERINE: Anall trasna, [as Conamara] agus is cabhair mhór é sin ó shin.

MÁIRÍN: Déarfainn go raibh sé an-bhródúil as nuair a tháinig an leictreachas.

CATHERINE: Bhí.

MÁIRÍN: Bhí sé a’ troid sé ar a shon sin ar feadh tamall maith.

CATHERINE: Á leis na blianta fada.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Leis na blianta fada.

MÁIRÍN: Agus anois cá mbeadh muid inniu, ní bheadh muide a’ déanamh an caint seo mara mbeadh an leictreachas a’inn len é a dhéanamh.

CATHERINE: Ní bheadh mar ní bheadh an plug “__”

MÁIRÍN: (Gáire) Ní bheadh, sea.

CATHERINE: (Gáire) Agus ní bheadh solas a’inn.

MÁIRÍN: Ní bheadh.

CATHERINE: [Ní bheadh] Solas ceart a’inn

MÁIRÍN: Agus cuimhnímse Catherine blianta ó shin bhí sé [Coley] thíos san hall agus bhí an tAth. Péicín in éineacht leis. Cé, cén, bhí sé ar Comhdháil Oileáin eicínt, oileáin na hÉireann a’ bea nó cén t-am?

CATHERINE: Bhuel séard a bhí i gceist ansin ná….

MÁIRÍN: …. Ní chuimhním.

CATHERINE: Aríst bhí muid mar saghas “__+” inár n-aonar ar bhealach, ní raibh aon dhuine chun labhairt ar son na hoileáin, ní amháin oileán, na hoileáin seo, ach oileáin chósta na hÉireann ar fad so an tAth. Péicín, bhí sé sin i gceannas ar a’ gComharchumann in oileán Thoraí agus tháinig siad le chéile, Turlach de Blácam as Inis Meáin, Domhnall Mac Amhlaigh thíos i gCléire, m’athair agus an tAth. Ó Dúláine i gCill Rónáin, tháinig siad le chéile sa halla i 1984 - 85, agus shocraigh dar Comhdháil na nOileán a bhunú agus ba bhé an aidhm a bhí acu dáiríre ná go gcuirfidís brú ar an Rialtas ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. an t-airgead a bhí dlite ag an EU dhób roimhe sin, an Aontas Eorpaigh roimhe sin, a fháil do na hoileáin agus, bhí airgead dlite go na hoileáin ar chósta na hÉireann ag an Aontas Eorpach ach ní raibh aon dhuine chun troid ar a shon so shocraigh siad go mbunóidís Comhdháil na nOileáin agus a gcearta a bhaint amach agus chomh maith leis sin, cé go raibh múide ceart go leor ins na hoileáin Gaeltachta, bhí deontaisí á fháil a’inne chun éarfaimid córais uisce agus….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …tithíochta a thógáil, cé gur beagán a bhí ann, ach bhí muid á fháil. Ní raibh na hoileáin Galltachtaí ag fáil aon rud. So bhí siad ag iarraidh i ndáiríre go mbeadh na cearta céanna

MÁIRÍN: Ag na hoileáin eile, á sea.

CATHERINE: Ag na hoileáin ar fad. Agus buíochas le Dia de bharr sin tháinig an Comhdháil ar an bhfód agus bhaineadar an-, an-úsáid as na scéimeanna ó shin, scéim Leader 1 agus scéim Leader 2.

MÁIRÍN: Sea, ba as sin a tháinig sé sin.

CATHERINE: Ba as sin a tháinig Comhdháil na nOileán.

MÁIRÍN: Á sea.

CATHERINE: Agus siadsan a dhéananns an riaracháin ar na scéimeanna sin.

MÁIRÍN: Sea, agus ar go leor rudaí.

CATHERINE: Agus ar an gclár NOW sin do na mná ….

MÁIRÍN: …. Sé ….

CATHERINE: …. a bhí ar siúl ar na hoileáin….

MÁIRÍN: …. Sé, sé atá ….

CATHERINE: …. le cúpla bliain. Is as sin ar fad a tháinig sé sin….

MÁIRÍN: …. Bhí mé ag ceapadh go b’ea ach ní raibh mé cinnte gurb as sin a tháinig sé .…

CATHERINE: …. Ba as sin ar fad a deasca sé sin, ó Comhdháil na nOileán

MÁIRÍN: Bronnadh céimeannaí ar féin, nach raibh agus….

CATHERINE: …. Fuair, bronnadh pearsan, Gradam Pearsanta air i 1983 mar gheall ar an obair ar fad a rinne sé. Now maidir le cúrsaí oideachais bhí sé i gcónaí a’ troid ar son oideachas mar thuig sé i ndáiríre, nuair a bhí muide fíor óg a Mháirín ní raibh in ann dúinn i ndáiríre ach a’ ghabháil ar mheánscoil agus tithe cónaí.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus an chaoi a bhí an saol a gabháil freisin bhí sé le feiceáil dhósan nach mbeadh na tithe cónaí i gcónaí ann

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Or na scoileanna cónaí ann.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach ní amháin sin, chomh maith thuig sé toisc go raibh clann ar féin agus bhí orainne in aois an-óg a ghabháil ar Meánscoil, thuig sé go raibh go leor á chailleadh….

MÁIRÍN: ….Sea….

CATHERINE: …. againne, bhí muid, bhí muid a’ cailleadh an chuid is fearr dár saol ar bhealach ….

MÁIRÍN: …. [Dár]saol, sea, ag imeacht chomh hóg.

CATHERINE: Ag imeacht chomh hóg, bhí muid a’ cailleadh amach ar éarfaimid traidisiún na háite

MÁIRÍN: Sea

CATHERINE: Agus bhí a tuismitheoirí ag cailleadh amach orainne….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. a’ fás suas.

MÁIRÍN: Sea, a’ fás suas, yeah.

CATHERINE: So throid sé go dian deangmháilte dáiríre chun oideachas ar an dara leibhéal a fháil. Now, bhí an Tech ann ó 1953

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus bhí cead agat a ghabháil ar aghaidh ansin ar feadh dhá bhliain agus an Teastas Grúpa a dhéanamh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach ansin chuaigh tú ar aghaidh go dtí áit [scoil]eicínt eile ar an mór thír, so throid siad féin agus an comharchumann go láidir ar a shon.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus bhí saghas scéim cuimsitheach leagthaí amach acu ar dtús, bhí siad ag iarraidh go mbeadh an oideachas suas go dtí an teastas sóisearach agus go dtí an Ardteist, rud a d’éirigh leo a bhaint amach ach bhí sé i gceist acu freisin go gcuirfidís scoláireachtaí ar fáil chun daoiní ón mórthír a mhealladh isteach agus bhí sé i gceist acu go gcuirfidís trí scoláireacht ar fáil in aghaidh na bliana do dhaoine ón mhórthír.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus thiocfaidís isteach anseo chun oideachas a fháil in Inis Mór agus dár ndóigh bhí sé i gceist freisin aige go mbeadh oileán, Inis Meáin agus Inis Oírr freisin istigh ar an scéim sin, go dtiocfadh dísan anseo freisin. Now bhídís a’ teacht go dtí an Tech….

MÁIRÍN: …. Yeah….

CATHERINE: …. roimhe sin agus bhídís a’ cónaí timpeall sna tithe agus bhí sé, bhí sé i gceist go leanfaidís é sin amach go dtí an Ardteist agus bhí sé i gceist acu go dtógfaidís brú.

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Chun saghas áit cónaí a chur ar fáil. Now níor tharla sé sin

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: agus go mbainfí úsáid….

MÁIRÍN: …. Á sea ….

CATHERINE: …. as sin chun coláiste Gaeilge a chur

MÁIRÍN: A chur, á ina dhiaidh sin.

CATHERINE: Go mbeadh sé sin acu sa Samhradh.

MÁIRÍN: Sa Samhradh yeah.

CATHERINE: Agus ba bhinn iad na pleananna a bhí acu. Now níor éirigh le chuile rud ach cinnte tá an Ardteist a’inn

MÁIRÍN: Ardteist a’inn, ó tá.

CATHERINE: Agus tá sé iontach.

MÁIRÍN: Agus níl gá go ghasúir imeacht.

CATHERINE: Imeacht anois. Ach tá an ceart acu má tá siad ag iarraidh….

MÁIRÍN: …. Má tá siad ag iarraidh imeacht….

CATHERINE: …. Má tá siad ag iarraidh, ach ar a laghad tá oideachas ag baile acub.

MÁIRÍN: So bhí páirt mhór aige freisin sa mbank, an chéad bank a tháinig, bhí, sea thíos ansin, yeah thosaigh sé ansin

CATHERINE: Thosaigh sé ansin yeah. Bhuel nuair a chuimhneos tú air le obair na turasóireacht go háirithe ar an oileán, tá go leor tithe lóistín….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. anois ann agus chomh maith leis sin tá go leor daoiní agus go bhfuil, iascairí ’bhfuil ’fhios a’d agus bhí sé uafásach nach raibh siad in ann a gcuid airgid a chur isteach nó (gáire) a thógáil amach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Cuirfidh muid mar sin é.

MÁIRÍN: Sea, mar ní fhéadfadh tú é a dhéanamh mura ngabhadh tú Gaillimh

CATHERINE: Mura ngabhadh tú Gaillimh agus ansin go deimhin féin, ní raibh, ag deiridh na seachtóidí cinnte, tá athrú mór tagtha ar an saol ó shin…

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. ó thaobh farantóireacht dhe.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Roimhe sin d’imeodh tú ar an Naomh Éanna agus bheadh ort dhá lá nó trí lá a chaitheamh i nGaillimh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach anois tá athrú mór tagthaí ar cúrsaí.

MÁIRÍN: Ó tá anois. Tá an turas, tá anois an bealach Ros a’ Mhíl a’inn. Ach bhí t-athair an-pháirteach ansin freisin creidim?

CATHERINE: Bhuel aisteach go leor agus ní chuimhníonn mórán daoiní ar seo is dóigh, ach i 1968, é féin agus John Mullen, col ceathrar leis, a bhí tréis a theacht abhaile as Meiriceá ag an am, agus Jim Codd, shocraigh dar go mbunóidís saghas córas paisinéireachta ó Ros a’ Mhíl go hInis Mór. Agus an ‘Queen of Aran’ an chéad bhád a bhí acu. Bád, bhí sí ábalta b’fhéidir dhá phaisinéir déag a thógáil ag an am.

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: Agus bhí sé i gceist acu go dtabharfaidís turasóirí ó Ros a’ Mhíl isteach go hInis Mór agus chomh maith leis sin dá mbeidís ag iarraidh lá a chaitheamh ag iascaireacht lasmuigh go na hoileáin, bhí siad in ann í a fháil ar cíos freisin agus a ghabháil amach agus é sin a dhéanamh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: So thosaíodar ar sin i 1968 agus d’éirigh go maith leis ag an tús.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus bhí m’athair mar chaptaen ar an mbád agus tá ’fhios a’m go raibh mise ar scoil cónaí ag an am nuair a bhíodh sé a’ tíocht agus ag imeacht agus bhí John mar bhainisteoir agus Jim Codd. Agus stopadar ansin nuair a thosaigh Aer Árann i 1970.

MÁIRÍN: Ó [a] b’shin é an uair a stop siad?

CATHERINE: Yeah.

MÁIRÍN: Sea, yeah.

CATHERINE: Díoladh an Queen le Aer Árainn.

MÁIRÍN: Ó sea

CATHERINE: Agus déarfainn go b’é an plean a bhí acub ag an am más buan mo chuimhne, mura n-éireoidh leis an eitilt a theacht isteach de bharr droch aimsir go mbeadh an Queen acu….

MÁIRÍN: …. Acub, á sea.

CATHERINE: Chun b’fhéidir na paisinéirí a thabhairt amach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach níl ‘fhios a’m céard a tharla ina dhiaidh sin. Cuirfimid mar sin é.

MÁIRÍN: Sea. Bhí baint leis, t-athair, bhíodh sé ag iascach fadó, bhuel is dóigh is ag do mháthair a tá ’fhios é sin, ná raibh tusa óg? Bhíodh sé ag iascach sa Seirc fadó nach mbíodh Diela? [Sí

Diela máthair Chatherine] A’ gcuimhníonn tusa ar t-athair ag iascach? Bhí tú an-óg.

CATHERINE: Bhí mé an-óg. Is cuimhin liom bhíodh sé ag iascach ceart go leor mar is cuimhním an chéad mhada a thug sé (gáire) chugam.

MÁIRÍN: Isteach ar an

CATHERINE: (Gáire) Isteach ar an mbád a bhí sé ag iascach

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: Agus thug sé, Brownie an t-ainm a bhí ar an mada, thug sé isteach a’m é.

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: Agus bhíodh sé ag iascach an uair sin agus bhí bád aige féin ar feadh tamall freisin

MÁIRÍN: Sea, ó sea.

CATHERINE: An Carraig Áirt

MÁIRÍN: Sea, ó sea.

CATHERINE: An Carraig Áirt, ach ag an am is dóigh nach raibh an t-iascach chomh maith sin.

MÁIRÍN: Ní raibh sé

CATHERINE: Agus is dóigh go raibh air í a dhíol ag an am.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach bhí an-dúil aige sa bhfarraige agus aisteach go leor toisc go bhfuil cónaí orm thoir in Inis Oírr anois go minic, bíonn muintir Inis Oírr i gcónaí ag inseacht dom nuair a bhí sé ina lead an-óg

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: go dtabharfadh Maidhc Tom, a athair féin sa gcurach é.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ní raibh sé ach seacht nó ocht go bhlianta

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: soir go Inis Oírr le muca.

MÁIRÍN: Ó sea, ó sea.

CATHERINE: Agus bhídís thoir agus bhíodh John Gill leob freisin.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus déarfainn go bhfuair sé go leor dá thaithí dáiríre ar an bhfarraige….

MÁIRÍN: …. Ar a’ bhfarraige….

CATHERINE: …. mar gheall, mar gheall ar an turas sin go hInis Oírr agus a’ gabháil amach ag na báid a bhíodh ar ancaire amuigh ansin sa gcuan freisin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar bhí cónaí orthub thíos ar a’, ar a’ gcarcair.

MÁIRÍN: Ó sea.

CATHERINE: Agus bhíodh Maidhc Tom é féin ag iascach

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus théidís amach ag na báid, na Francaigh is dóigh

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: a bhíodh a’ tíocht i dtír an t-am sin. ’s na Spáinnigh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Bhíodh sé a’ caint orthub sin go minic.

MÁIRÍN: Sea. Ó bhíodh, bhídís a’ caint, sea, a’ mbíodh sé ag inseacht scéalta dhíb nuair a théadh….?

CATHERINE: …. Bhíodh bhuel ….

MÁIRÍN: …. a athair amach is dóigh?

CATHERINE: Bhíodh ach agus bhíodh sé ag inseacht go dtéidís amach ag na báid seo.

MÁIRÍN: Sea, sea.

CATHERINE: Cinnte, go deimhin féin is iomaí uair a chloisinn caint ar an gcognac freisin.(gáire)

MÁIRÍN: Sea, é féin freisin is dóigh chomh maith lena athair.

CATHERINE: Ó é féin freisin chomh maith lena athair.

MÁIRÍN: A’ fáil…

CATHERINE: “___+”

MÁIRÍN: …an cognac

CATHERINE: An cognac, yeah, yeah.

MÁIRÍN: So bhí t-athair istigh sa polaitíocht freisin even ina fhear níos óige, tús a shaoil a’ raibh?

CATHERINE: Bhí, i 1948 chas sé le Clann na Poblachta ag an am, bhí Seán Mac Giolla Bhríde i gClann na Poblachta ag an am agus tháinig siad ar bhealach chun tosaigh mar ní raibh siad sásta le Rialtas Fianna Fáil go raibh siad a’ déanamh a dhóthain i ndáiríre chun an tríocha dó contae a fháil agus sheas sé le Clann na Poblachta ag an am ach níor éirigh leis ach thaispeáin sé go raibh bua na polaitíochta (gáire) ann, a’ bhfuil ’fhios a’d, gur thóg sé an cine sin ag an bpointe sin.

MÁIRÍN: A’ b’shin é an uair a bhí sé, tar éis an arm ab ea?

CATHERINE: Tar éis an arm. Ó is dóigh cúpla bliain sula phós sé.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar phós sé i 1950.

MÁIRÍN: Agus cár phós sé?

CATHERINE: Phós sé i mBóthar na Trá i nGaillimh. Christ the King church i nGaillimh

MÁIRÍN Agus ansin níos dearnaí?

CATHERINE: Níos deirnaí ansin sheas sé le Údarás na Gaeltachta mar dhuine neamhspleách. Ag an am bhí iarrthóirí ó na páirtí difriúla á chur chun tosaigh ag an am ach sheas seisean mar iarrthóir neamhspleách mar is cuimhin liom go maith muid uilig, mo mháthair, agus tú féin is dóigh a Mháirín

MÁIRÍN: Sea, cuimhním ar sin.

CATHERINE: Agus muid ag siúl ar fuid an Chairn Mhóir agus

MÁIRÍN: Sea, yeah.

CATHERINE: …Conamara ag lorg vótaí agus cé gur éirigh an-mhaith leis ar bhealach….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. Fuair sé a lán lán vótaí ag an bpointe sin, ar ndóigh ní raibh seans ag duine neamhspleách a bheith thuas i gcoinne ….

MÁIRÍN: …. Sea, yeah….

CATHERINE: …. na polaiteoirí agus, ach rinne sé go maith agus caithfidh mé a rá ina dhiaidh sin bhí sé ar bhord an Údaráis.

MÁIRÍN: An Údaráis, yeah.

CATHERINE: Ina dhiaidh sin ar feadh cúpla bliain. Agus bhí sé ar bhord Radio na Gaeltachta freisin ach ar ndóigh is iomaí uair a chaith sé a’ caint ar Radio na Gaeltachta.

MÁIRÍN: Chaitheadh go deimhin agus ansin nuair a tháinig teilifís na Gaeltachta is iomaí uair a d’fheicfeadh muid é a’ caint ar an teilifís freisin.

CATHERINE: Sea, ach caithfidh mé a rá i gcónaí bhí sé mar cheann ródaí is dóigh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Dá mbeadh aon rud sa nuacht nó aon rud a’ tarlú ar na hoileáin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ghlaodh daoiní air fiú amháin chomh fada ó Mheiriceá.

MÁIRÍN: A’ cuartú eolais.

CATHERINE: A’ cuartú eolais.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus bhí sé gcónaí ansin chun tosaigh ó thaobh na teilifíse dhe.

MÁIRÍN: Yeah

CATHERINE: Ó thaobh an radio dhe, agus fiú amháin daoiní, gasúir scoile….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. go minic a bheadh a’ déanamh tionscnamh….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. nó rud eicínt….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. thiocfaidís chuige freisin agus caithfidh mé a rá scríobhadh sé ar ais i gcónaí acub.

MÁIRÍN: Sea agus aon dhuine (--) Cuimhním dá mbeadh turasóirí a’ cuartú eolais nó rudaí, déarfadh muid i gcónaí leob you know a ghabháil suas aige nó glaodh air agus bhíodh sé i gcónaí an-fonn air cúnamh a thabhairt go chuile dhuine agus eolas.

CATHERINE: Sea, eolas.

MÁIRÍN: Caithfidh mé an méid sin a rá faoi. Anois a’ bhfuil rud ar bith eile nach gcuimhním féin ar t-athair gur mhaith leat a inseacht dhúinn a Chatherine.

CATHERINE: Bhuel is dóigh an rud is mó is dóigh a’ fás suas sa teach seo, go minic bhínn a’ rá bhí sé cosúil le Grand Central (gáire). Is dóigh go b’shin é an chaoi a bhféadainn é a rá.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar nuair a thagadh muide abhaile, go mór mór nuair a bhí muid sna déaga bhíodh an ehm, an guthán i gcónaí a’ glaoch, bhíodh daoiní i gcónaí a’ tíocht ’s ag imeacht. An t-aon rud a chloisfeá i gcónaí sa teach ná cúrsaí comharchumainn nó cúrsaí forbartha nó cúrsaí turasóireachta agus [is] cuimhin liom nuair a bhí mé i mo dhéagóir mé féin aon smaoineamh a thagadh chuige go bpléadh sé linne é fiú amháin mar pháistí agus bhíodh an-argóintí. Ní i gcónaí, b’fhéidir nach n-aontódh muid leis i gcónaí mar dhéagóirí mar a déarfá ach bhíodh sé i gcónaí sásta comhairle a thabhairt agus fiú amháin co-phlé a dhéanamh ar chúrsaí agus bhíodh an pholaitíocht i gcónaí chun tosaigh freisin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Tá ’fhios a’m bhí an-bhaint aige [d]éarfaimid le Johnny Geoghegan, is cuimhin liom féin an-óg, is dóigh go raibh mé sé bliana nuair a tháinig Johnny Geoghegan go hÁrainn

MÁIRÍN: Is dóigh go b’shin é an méid.

CATHERINE: Agus bhíodh sé ag siúl timpeall le Johnny Geoghegan

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: agus á chuir in aithne go dhaoine agus cuimhním i gcónaí bhí Máire Geoghegan a bhí ag obair go hiomlán leis an bpolaitíocht ina dhiaidh sin, leis agus cuimhním an uachtar reoite sé pighne a cheannaigh sí tí Phóil dhúinn (gáire).

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Rudaí mar sin agus is cuimhin liom freisin Bobby Molloy

MÁIRÍN: Ó tá ’fhios a’m.

CATHERINE: Nuair a bhí seisean ag seasamh le Fianna Fáil, níl dabht a’ bith faoi ná gur thug sé an-tacaíocht dhó “___+”

MÁIRÍN: Ó thug yes, yeah.

CATHERINE: Is cuimhneach liom mé féin agus Martina a’ ghabháil go hInis Oírr leis agus go hInis Meáin nuair a bhí siad ag iarraidh an oideachas meánscoile a chur chun cinn, é féin agus ehm go deimhin Caoimhín Ó Goill a fuair bás cúpla….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. mí ó shin freisin, chuaigh muid le, go hInis Oírr i mbád PhJ Mullen agus bhíodh cruinnithe ansin…

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: … nuair a bhíodh cruinnithe ansin ag, ó mar a dúirt mé bhí sé cosúil le Grand Central.

MÁIRÍN: Agus cén tionchar a bhí ag t-athair ort mar a déarfá sna blianta, anois mar a déarfá nó nuair a bhí tú a’ fás suas nó…?

CATHERINE: Bhuel is dóigh an tionchar is mó ar bhealach ná ní duine é a bhí “__”

MÁIRÍN: Hm.

CATHERINE: Agus mhothaigh mé i gcónaí go raibh sé i gcónaí sásta agus ré chun cabhair a thabhairt. Ní raibh aon suim ag m’athair i gcúrsaí airgidís mar shampla.

MÁIRÍN: Yeah sin cinnte.

CATHERINE: Ní raibh suim dá laghad aige ann. Déarfainn nach raibh fhios aige a’ raibh dhá phighin ina phóca.

MÁIRÍN: No, sin cin[nte], yeah.

CATHERINE: Agus ní raibh suim dá laghad aige ann.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach bhí sé ag iarraidh díreach rudaí a chuir chun cinn

MÁIRÍN: Chun cinn, sea.

CATHERINE: Agus déarfainn gur thóg muid, ní, ní polaiteoir mise ná aon rud mar sin ach déarfainn gur tháinig sé sin trasna orainn mar chlann ar bhealach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: A bheith co-oibríoch chomh fada agus a d’fhéadfadh muid.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus rud eicínt a dhéanamh dá bhféadfadh muid

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: San gcúis mar a déarfá.

MÁIRÍN: Sea, sea.

CATHERINE: Ach is dóigh go bhfuil an saol athruithe ar bhealach. Ní polaiteoirí muide, is dóigh gur duine ann féin a bhí ann.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Níl dabht ar bith faoi.

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: Agus ní bheidh muide in ann seasamh isteach ina chuid bróga go brách ach is dóigh gur thug sé an méid sin dúinn, a’ bhfuil ’fhios a’d

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Meas agus ómós agus b’fhéidir an méid go bhféadfá a dhéanamh.

MÁIRÍN: Bhuel thug se an-teagasc gon oileán mar chuir sé chun cinn go mór é, mar a dúirt mé an leictreachas go mór mór mar bhí sé sin i gcónaí ar a intinn agus an bád tarrthála bhuel bhí sé inti sin bhuel bhí a athair roimhe ann ná’ raibh agus ansin chuaigh sé ansin agus bhí sé ag obair leis sin le blianta.

CATHERINE: Bhí.

MÁIRÍN: Agus

CATHERINE: Aer Árann ansin.

MÁIRÍN: Aer Árann agus an leictreachas. Tá me ag ceapadh go b’shin dhá rud a bhí….

CATHERINE: …. Bhuel an rud ba thábhachtaí ar bhealach agus cinnte nuair a bhí sé a’ tosaigh le Aer Árainn ar dtús bhí go leor daoiní a’ ceapadh gur isteach i teach na gealt….

MÁIRÍN: (Gáire) Sea, sea.

CATHERINE: I dteach na ngealt

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus ní aer stráice a’ chor a’ bith.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: I gCill Éinne.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar caithfidh tú cuimhneamh ar ag an am, ní raibh uisce a’ bith sa gceann thiar gon oileán.

MÁIRÍN: No.

CATHERINE: Cé go raibh sé féin agus an comharchumann ag troid ar a shon sin….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. freisin, ach ag an am céanna nuair a fheiceanns tú céard atá ar siúl ar an oileán inniu.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Dáiríre.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus ar an trí oileán, ach ní amháin sin ba bhé Aer Árainn an chéad aerlíne intíre

MÁIRÍN: Sea, a bhí ann.

CATHERINE: A bhí sa tír, ag an am….

MÁIRÍN: …. Ag an am, yeah, yeah.

CATHERINE: …. ní amháin ar an oileán seo….

MÁIRÍN: …anseo ….

CATHERINE: …. Ach sa tír ….

MÁIRÍN: …. ach sa tír uilig.

CATHERINE: Agus bhí sé mar aidhm ag Aer Árainn nuair a thosaigh siad ar dtús freisin ná, éarfaimid an tseirbhís a chur chun cinn ar fud na tire agus fiú amháin b’fhéidir seirbhís a chur ar fáil idir iad agus Londain.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus tá ’fhios a’m go ndearnadar cúpla turas.[go Londain]

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach is dóigh go raibh siad roimh a gcuid ama ar bhealach mar caithfidh tú smaoineamh air, ins na hochtóidí, deireadh na seachtóidí, na hochtóidí, sa tír seo ní raibh ach an bád bán i gceist….

MÁIRÍN: …. Sin é an méid….

CATHERINE: .…go go leor go mhuintir na tíre seo….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: .…bhí an eacnamaíocht go dona agus cé go raibh an fís sin acu bhí siad roimh a gcuid ama ach buíochas le Dia anois feiceann muid Aer Árainn anois ag taisteal ar fud na tíre agus….

MÁIRÍN: …. na tíre agus….

CATHERINE:` .…fiú amháin go dtí an Eoraip.

MÁIRÍN: …. go dtí an Eoraip.

CATHERINE: So tá an fís sin dhá ghiorrú.

MÁIRÍN: Tá, tá sin.

CATHERINE: Tá.

MÁIRÍN: Agus freisin Catherine na’ raibh baint aige leis nuair a tógadh an teach nua an dochtúra agus an, cuimhním nuair a tógadh é sin, mar sean dispensary a bhí a’inn thíos ansin an áit atá an tSean Chéibh anois.

CATHERINE: Yeah.

MÁIRÍN: Agus bhí sé a’ tabhairt cúnamh, bhíodh sé dhá chuartú sin. [Íoclann agus teach cónaithe don dochtúr agus don bhanaltra]

CATHERINE: Bhuel an rud is mó a bhí i gceist aige leis sin ná go mbeadh ospidéal freisin ann de shaghas agus go mór mór go othair nach raibh ró-dhona.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Dá bhféadfaí, go mór mór sna hoileáin eile uaireanta go bhfeadfaí iad a choinneáil thar oíche

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: thíos anseo dá mbeadh dochtúr i gceist ’bhfuil ’fhios a’d agus bhí sé chun tosaigh leis sin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Cé go mbíodh mo mháthair i gcónaí a’ rá gur Nursing Home [a] ba cheart a bheith ansin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ón tús.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: (Gáire) Ach tá sé sin faighte anois [Áras Rónán i Mainistir]

MÁIRÍN: Tá sé sin a’inn anois.

CATHERINE: Ach is cuimhin liom i gcónaí….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. d’éarfadh sí é sin….

MÁIRÍN: …. Sea, sea ….

CATHERINE: .…“ ná bac le do ospidéal, nursing home atá a’ teastáil”.

MÁIRÍN: Sea, sea.

CATHERINE: Nó teach banaltra

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Sa Ghaeilge

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach tá sé sin tagthaí anois. Is dóigh i gcónaí gur chaith sé a chuid ama ar fad a Mháirín ag breathnú timpeall agus ag iarraidh na hoileáin….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. a chur chun cinn. Ba bh’sin é an gad ba ghaire dhá chroí sin.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus aon seans a fuair sé bhain sé úsáid as.

MÁIRÍN: Bhain.

CATHERINE: Agus caithfidh mé [a] rá rinne sé é sin as a chuid, as a phóca féin.

MÁIRÍN: Ó sin cinnte.

CATHERINE: As a phóca féin, ní bhfuair….

MÁIRÍN: …. As a phóca féin….

CATHERINE: …. sé riamh pingin rua ….

MÁIRÍN: …. Nuair a bhí sé sa chomharchumann d’íoc, ní raibh, ní raibh tada.

CATHERINE: Ní raibh tada.

MÁIRÍN: B’éigean dhó chuile rud a íoc as a phóca féin.

CATHERINE: Chuile rud a íoc as, agus go deimhin féin you know cén páigh a bhí aige, bhí sé mar, okay ar an mbád tarrthála, ní raibh mórán páigh as….

MÁIRÍN: …. Ach ní raibh tada as.

CATHERINE: Tada as.

MÁIRÍN: Ní raibh.

CATHERINE: Mar bailitheoir rátaí, bhí air oideachas a chur orainne….

MÁIRÍN: …. Sea, yeah.

CATHERINE: Muid a chur ar scoil, teach a choinneáil.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Ach fós rinne sé chuile rud as a phóca féin.

MÁIRÍN: Ó rinne, agus

CATHERINE: Agus théadh sé soir go na hoileáin agus théadh sé….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. síos go Gaillimh. Chuaigh sé suas go Reachlainn, Oileán Reachlainne ….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. fiú amháin agus bhí baint aige le [d]éarfaimid an obair thuas ansin….

MÁIRÍN: …. Sea….

CATHERINE: …. le Comhdháil na nOileán….

MÁIRÍN: …. Sea.

CATHERINE: Bhí sé thíos in oileán Cléire.

MÁIRÍN: Sea, cuimhním nuair a bhíodh sé dhá inseacht dhom agus, agus freisin nuair a bhí sé amuigh like, fear gnaíúil a bhí ann, ba mhaith leis pingin a bheith ina phóca le deoch a cheannacht.

CATHERINE: Oh yeah, thaitnigh an cúpla deoch leis freisin….

MÁIRÍN: …. Agus thaitnigh an cúpla, agus thaitnigh an ….

CATHERINE: …. Agus an comhluadar.

MÁIRÍN: Sea agus an comhluadar.

CATHERINE: Thaitnigh an comhluadar leis.

MÁIRÍN: Agus ansin a’ gcuimhníonn (--) Ní raibh sé tinn i bhfad a’ chor a’ bith.

CATHERINE: Ní raibh….

MÁIRÍN: …. Sea, tobann….

CATHERINE: …. aisteach go leor. I 1966 is dóigh (--) Caithfidh mé a rá níor chaill sé lá óna chuid oibre ariamh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Aon uair a bhí sé imithe ó [a] bheith thoir i gCill Éinne éarfaimid nó in aon áit, bhí sé imithe ar cúrsaí gnó.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Níor thóg sé laethanta saoire….

MÁIRÍN: …. Níor thóg, no….

CATHERINE: …. ar feadh a shaoil agus fiú amháin i 1966 nuair ba chóir dhó a bheith ag éirigh as a chuid oibre déarfainn go raibh sé níos gnóthaí an uair sin….

MÁIRÍN: …. Bhí ….

CATHERINE: …ná mar a bhí sé riamh.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus ní amháin sin ansin, caithfidh me a rá, mar a dúirt mé, bronnadh gradam na bliana air i 1983 ach bronnadh, bhronn ollscoil Náisiúnta na hÉireann céim máistreachta air i 1991 agus bhí sé sin go deas dhósan.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar bhí aitheantas faighte aige ar a chuid oibre.

MÁIRÍN: Sea

CATHERINE: Agus bhí sé fós gnóthach fiú amháin (--) Bhí sé seachtó trí nuair a cailleadh é, taom croí.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus sula d’fhág sé an oileán, an rud deireanach a rinne sé ná, bhí sé thoir ar an aer stráice, chuir sé ar na soilse nuair a bhí an helicopter ag tíocht chun é a thabhairt go Gaillimh [chuig an ospidéal]

MÁIRÍN: Sea, sea. Sea, sin cinnte, yeah.

CATHERINE: Agus mar a dúirt mé, tá sé aisteach ar bhealach an chaoi a….

MÁIRÍN: …. Yeah….

CATHERINE: …. chasanns an taoide ar bhealach….

MÁIRÍN: …. Sea ….

CATHERINE: …. mar throid sé go díon diongbháilte…

MÁIRÍN: …. Sea, yeah ….

CATHERINE: …. chun an, na soilse sin a fháil….

MÁIRÍN: …. sin a fháil….

CATHERINE: …. ar an aer stráice.

MÁIRÍN: Sea bhí sé sin níos deireanaí tagthaí.

CATHERINE: Níos deireanaí, níos deireanaí.

MÁIRÍN: Sea

CATHERINE: Chun an seirbhís aeir a fháil.

MÁIRÍN: An heli[copter] sea.

CATHERINE: An helicopter a fháil isteach.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Agus ansin sé féin “___+”

MÁIRÍN: “___+”

CATHERINE: Agus tugadh go dtí an ospidéal é agus

MÁIRÍN: Agus yeah, yeah, cuimhním go maith

CATHERINE: Agus fuair sé bás ar an cúigiú lá fichid go Eanáir

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: 1996.

MÁIRÍN: Sea, agus.

CATHERINE: Agus thug an bád tarrthála ar ais abhaile é.

MÁIRÍN: Ar ais abhaile é ….

CATHERINE: …. Rud a bhí oiriúnach freisin.

MÁIRÍN: Sea ….

CATHERINE: …. Cailleadh é mar a mhair sé, a Mháirín.

MÁIRÍN: Exactly, sin é. Sin cinnte Catherine anois. So [a] bhfuil rud a’ bith eile ba mhaith leat [a] inseacht dhom faoi?

CATHERINE: Bhuel, tá sé deacair a rá, bhí sé chomh gnóthach leis an oiread sin rudaí, éarfaimid tá a láimh le feiceáil chuile áit.

MÁIRÍN: Tá, sin cinnte.

CATHERINE: Is cuma cá mbreathnaíonn tú….

MÁIRÍN: …. Yes, tá, tá ….

CATHERINE: …. ar an oileán seo

MÁIRÍN: Bhí páirt aige i rud eicínt.

CATHERINE: Bhí páirt aige i rud eicínt ….

MÁIRÍN: …. bíodh sé beag nó mór.

CATHERINE: Bhí, bhí. Agus tá ’fhios a’m nuair a bunaíodh éarfaimid, nuair a fuair sé, fuair sé gradam aitheantas ó Údarás na Gaeltachta i 1994 freisin mar gheall ar an méid a rinne sé ar son na Gaeltachta agus an Ghaeilge ach caithfidh mé a rá go raibh sé i gcónaí bródúil as a dhúchas.

MÁIRÍN: Bhí.

CATHERINE: Bhí sé i gcónaí bródúil as muintir Árainn agus chomh maith leis sin bhí an-cho-oibriú aige mar gan an tacaíocht a fuair sé….

MÁIRÍN: …. Ó sea ….

CATHERINE: …. ó go leor daoiní a bhí ar na coistí seo

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: you know, ní bheadh sé ach ina “__” aonair mar a déarfá. Bhí sé ina cheannródaí é féin ach bhí tacaíocht ag teastáil freisin….

MÁIRÍN: …. Yeah….

CATHERINE: …. agus fuair sé an tacaíocht.

MÁIRÍN: Sea

CATHERINE: Agus tá sé go deas ’bhfuil ’fhios a’d go bhfuil meas…

MÁIRÍN: Yeah.

CATHERINE: faighte aige ’bhfuil ’fhios a’d, tá sé tuillte aige.

MÁIRÍN: Ó tá sé tuillte aige, tá, tá.

CATHERINE: Agus tá sé deacair suimiú suas a dhéanamh ar d’athair féin, ’bhfuil ’fhios a’d nuair [a] sé t-athair féin atá i gceist.

MÁIRÍN: Sea.

CATHERINE: Mar chlann tá muide fíor bhródúil as.

MÁIRÍN: Bhuel go raibh míle maith agat a Chatherine.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.