Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00051

Recording
BBAF.00051
Format
MiniDisc
Duration
04:00
Date
21 April 2002
Languages
English
Irish
Location
Eochaill
Collector
Máire Uí Chonghaile
Informant
Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta
Archival information
MD 56 Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta. Bonn Crógachta; Eachtra c.1903; Curach; Curach ceathrair; Tarrtháil; Willie Costello; Michael Conneely; Tommy Fitzpatrick; Tom Faherty; Tommy Pheter Pheaits.
Additional information
MD 56 Tom Sonny Cheaite Ó Fátharta. Medal for bravery; 1903 episdoe; Currach; Four-man currach; Rescue from drowning; Willie Costello; Michael Conneely; Tommy Fitzpatrick; Tom Faherty; Tommy Pheter Pheaits.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00051
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MARY ANN: Anois sé inniu an t-aonú lá fichid go Aibreán sa mbliain dhá mhíle agus a dó. Mise Mary Ann Connolly agus in éineacht liom tá Máire Tom Burke agus tá muid anseo in Eochaill le dhul a’ caint le Tomás Ó Fátharta nó Sonny Cheata mar is fearr aithne air mar gheall ar tubaiste a tharla ar an oileán tús an chéad seo caite. A Tom, seod, tá muid ag iarraidh eolas a fháil maidir leis na daoiní seo, fuair siad award, bravery award le daoiní ….

TOM: ….“__” ….

MARY ANN: …. tubaiste a tharla ar an oileán, tá tú a ’ cheapadh thart ar sa mbliain naoi déag agus a trí.

TOM: Sin atá mé a’ cheapadh, timpeall naoi déag agus a tri, sea.

MARY ANN: Sea. Meas tú Tom céard go díreach a tharla an lá sin?

TOM: Ó is dóigh, Ar ndóigh lá gaofar go maith le gaoth anoir aduaidh agus a’ gabháil anuas an Sunda nó ar a’ mara níos faide anuas, an iomarca locht b’fhéidir agus seo siúd agus chuaigh sí síos tá sé chomh maith dhuit a rá gur an iomarca locht a bhí sa gcurrach go háirid go ndeachaigh sí síos faoi na gcosa le meáchan.

MARY ANN: Sea.

TOM: Le meáchan agus an lá go dona ansin, b’fhéidir gur thóg sí aon chúpla boslach leis an sáile chomh maith céanna agus idir chuile shóirt ansin bhí an iomarca meáchain inti.

MARY ANN: Sea.

TOM: Bhí siad i bhfarraige ansin, an ceathrar, agus sábháladh beirt agus bádh beirt eile, sea.

MARY ANN: Sea, currach ceathrar a bhí ann?

TOM: Currach ceathrar uilig a bhí amuigh acub, b’iad a b’fhearr an t-am sin.

MARY ANN: Sea

TOM: Bhí siad dhá ndéanadh i gCill Rónáin an t-am sin.

MARY ANN: Agus cé na daoiní a bhí sa gcurrach an lá sin?

TOM: Eh, ó na daoiní?

MARY ANN: Na, na daoiní a bádh ….

TOM: …. A bádh, ó sea.

MARY ANN: Sea.

TOM: Pat Flaherty agus Tommy, sábháladh beirt acub, Pat Flaherty agus Dillane a bádh. Bádh.

MARY ANN: Sea.

TOM: Agus sábháladh Tommy “__” Tommy Griffin agus Pat Folen, athair Jimmy Folen, sea athair Jimmy Folen.

MARY ANN: Sea, sea agus a’ bhfuil ’fhios a’d cé na ha[inmneacha] na daoiní a fuair an award seo?

TOM: Ó sea “__”

MARY ANN: Cén ceathrar iad fhéin?

TOM: Willie Costello agus Maidhcil Conneely agus Tommy Fitzpatrick agus Tom Faherty.

MARY ANN: Tom Faherty, sin é d’uncail fhéin?....

TOM: …. M’uncail, sea, ba é.

MARY ANN: Agus Maidhcil Conneely, ba shin é mo sheanathair.

TOM: Ba é.

MARY ANN: Maidhcil Mhicil ….

TOM: …. Maidhcil Mhicil Sheán Mháire agus Tommy ….

MARY ANN: …. Sea ….

TOM: Peaits Phádraic Shéamais a bhí taobh thoir ansiúd agus Willie Costello, siad.

MARY ANN: Sea. Agus ehm

MÁIRE: Meas tú cé, cé, cá bhfuair siad na medals seo anois?

TOM: Ó, ó deabhannn ’fhios a’m

MÁIRE: Cé thug dhóibh iad meas tú?

TOM: Níl mé in ann é sin anois a rá ceart go leor mar deir siad fhéin gan cuid is ló ná sin gheofá b’fhéidir medal for bravery a’ dtuigeann tú agus sin é ….

MÁIRE: ….. “___+” ….

MARY ANN: Tá seans gur b’fhéidir go b’é an coastguard meas tú a’ b’ea?

TOM: B’fhéidir, níl mé in ann a rá. Ba, rinne siad iarracht mór a’ dtuigeann tú, rinne siad iarracht mór agus beirt a shábháil go bhféacha Dia orainn agus beirt a chailleadh.

[Tá Máire ag caint ag an am céanna]

MARY ANN: Sea mar níor tháinig an Lifeboat go dtí blianta beaga ina dhiaidh sin….

TOMMY: …. Ó go deimhin níor tháinig a stór, i bhfad ina dhiaidh sin, níor tháinig sí, i bhfad ina dhiaidh sin

MARY ANN: Agus b’iad an coastguard a bhíodh a’ déanamh sábháilteacht ar a’ bhfarraige ….

TOM: …. Sea, is dóigh go mba iad ….

MARY ANN: …. Ag an am sin.

TOM: Sea, is dóigh go mba iad, agus chomh fada agus a bheidís sin a’ gabháil faoi réir agus a’ gabháil amach a stór marach go raibh roinnt acub i dteannta a chéile.

MARY ANN: Sea, yeah.

TOM: Is fada.

MÁIRE: Agus meas tú ansin cé, a’ raibh an-, a’ bhfuil ’fhios a’d a’ raibh sé an-deacair leob a theacht isteach, a’ bhfuil ’fhios a’d, iomramh isteach sa gcurrach, a’ bhfuil ’fhios a’d meas tú a’ raibh an ghaoth ina n-aghaidh?

TOM: Ó Ar ndóigh amanntaí is dóigh go mbeadh, gaoth anoir aduaidh, is dóigh go mbeadh sí gaoth anoir aduaidh ach bhí, bhíodh, amuigh ó dheas a bhídís is dóigh nó b’fhéidir thoir ar a’ marc b’fhéidir, bhí duine eicínt a’ cheapadh b’fhéidir gur thoir ar a’ marc mar a déarfá. Ach ó Chill Rónáin ansin bhíodh na scadáin an-fhairsing istigh ansin le mo linn fhéin, fhéin. Mí na Samhna bhítí anoir dhá ndíol chuile lá ansin, an-fhairsing go deo ach is dóigh go bhfuil siad piocthaí suas ag na báid iascach anois. Níl aon duine dhá gcuartú go háirid, níl aon chuartú orthub le, tá lá na gcurrachaí caite ins chuile áit.

MARY ANN: Sea, níl fhios a’d cén t-am gon bhliain a tharla an tubaiste seo, a’ bhfuil ’fhios?

TOM: Níl, mar, mara mí, bhí mé ag ceapadh gur i mí na Féile Bríde, marar i mí na féile Bríde, san Earrach.

MARY ANN: Sea.

TOM: Mí February, Feabhra.

MÁIRE: Sea, sé bhí scríofa a chonaic mise, an séú lá go Feabhra.

TOM: Go Feabhra, á sea.

MARY ANN: Á sea

TOM: Sin é is dóigh.

MARY ANN: Yeah

MÁIRE: Ní raibh fhios a’m beo cén “__”

MARY ANN: Sea.

TOM: Sea, sin é an chaoi.

MARY ANN: So tá mé a’ ceapadh go b’shin é an méid eolas is féidir linn a fháil faoi sin, a Mháire b’fhéidir ….

TOM: Sea.

MARY ANN: Ní mórán is féidir a rá faoi.

TOM: Níorbh ea, níorbh ea.

MARY ANN: Bhuel Tom, go raibh míle maith a’d ….

TOM: …. Ó tá fáilte romhat ….

MARY ANN: …. as ucht an t-eolas sin a thabhairt dúinn, tá muid fíor bhuíoch dhuit….

TOM: Tá fáilte romhat ….

MARY ANN: …. Agus go raibh míle maith a’d fhéin agus ag Agnes as ucht ligeann a chead dhúinn a theacht anseo inniu ….

TOM: …. Ó tá fáilte romhaimh, a stór.

MARY ANN: Go raibh míle maith agaibh.


Lively Lass. 6 February 1903. Around 1 mile from Kilronan pier, Galway Bay. This unregistered wooden fishing canoe weighed two tons. The master was P Flaherty and the owner was M Dillane, North Arran. The vessel was working out of Kilronan, fishing, with 4 crew aboard. She was in ballast when she foundered in a SW force 10 and was a total loss. Two lives were lost CSP, 1904, Vol. LXXXVI, 112.

Thóg muid an t-eolas seo as Environmental Impact Statement for Deep Sea Fish Farm Development in Galway Bay, Co Galway, Ireland. Submitted Feb. 2012

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.