Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00011

Recording
BBAF.00011
Format
MiniDisc
Duration
32:47
Date
1 March 2001
Languages
English
Irish
Location
Bun Gabhla
Collector
Margaret Uí Dhioráin
Informant
Mary Tim Uí Iarnáin
Archival information
MD 19 Mary Tim Uí Iarnáin. Baile; Eoghanacht; Obair na mban; Tobar; Níochán Pluideanna; Móin; Bualtrach; Bia; Cáca Boxty; Bia cladaigh; Éadaí agus Bróga; Breith clainne; Cleamhnas; Pósadh.
Additional information
MD 19 Mary Tim Uí Iarnáin. Home; Eoghanacht; Women's work; Well; Washing blankets; Turf; Cow-dung as fuel; Food; Boxty; Seashore food; Clothes and shoes; Birth of children; Matchmaking; Marriage.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00011
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MAIRÉAD: Mise Mairéad Ní [Uí] Dhioráin anseo nó Margaret Mhaidhcilín Pheadaí, mar a ghlaoitear orm, tá mé anseo anois ag caint le Mary Tim, thiar i mBun Gabhla agus sé inniu an chéad lá go Mhárta, bliain 2001. Anois a Mhary cén áit a rugadh tú?

MARY: Rugadh mé in Eoghanacht

MAIRÉAD: A’ raibh mórán agaibh sa gclann?

MARY: Bhí seachtair a’inn sa gclann uilig.

MAIRÉAD: Agus cén scoil a chuaigh tú aige?

MARY: Chuaigh mé ag scoil Eoghanachta.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh mórán sa rang leat?

MARY: Ó bhí, go leor daoine sa rang an t-am sin, níl mé cinnte cé mhéad gasúr anois, ach bhí go leor daoine ann.

MAIRÉAD: Ó.

MARY: Go leor gasúir ann.

MAIRÉAD: A’ raibh mórán a’ gabháil ag a’ scoil an t-am sin?

MARY: Bhí, crowd mór a’ gabháil ag a’ scoil.

MAIRÉAD: I bhfad níos mó ná atá anois?

MARY: I bhfad, ó i bhfad níos mó ná atá anois, dúbailte cheapfainn nó tuile.

MAIRÉAD: Agus cé mhéad seomra a bhí sa scoil an t-am sin?

MARY: Dhá sheomra, ba scoil, scoil seomra amháin a bhí inti, ach bhí dhá leith déanta dhe, le balla trasna, nó partition mar a thugadh muid air, agus ansin nuair a bhíodh an t-Aifreann Dé Domhnaigh, is ann a bhíodh an t-Aifreann freisin Dé Domhnaigh, agus chaithtí an partition a chur back ansin Dé hAoine, agus ba cuid mhaith gon spraoi é sin freisin.

MAIRÉAD: Agus cé na máistrí a bhí agaibh nó múinteoirí?

MARY: Bhuel bhí an máistir Seosamh Ó Flannagáin go ndéana Dia Grásta air, agus a bhean Nora Bean Uí Fhlannagáin a bhí ann ar dtús nuair a chuaigh mise ann, ach nuair a bhí mé dhá bhliain déag ansin, fuair Flannagan bás, bádh é go ndéana Dia Grásta air.

MAIRÉAD: Mm.

MARY: Agus bhí mise le dhul ar aghaidh an t-am sin go dtí scrúdú, ach nuair a fuair seisean bás thit sé sin as a chéile, agus go deimhin bhíodh, bhíodh an-chraic a’inn ar an gcréatúr, mar a thugadh muid uirthi fadó - an misses. [baintreach Ó Flannagáin] Bhí a clann féin chomh dona dhi agus a bhí chuile dhuine eile. Bhíodh trap luchann a’inn, agus trap mór, na rudaí móra sin, agus bhíodh a mac féin ag cur an ruler isteach ann go bpléascadh sé agus chrochadh sí suas, an créatúr, bhíodh sí scanraithe i gcónaí, agus uair eile (--) chuireadh Enda, chuir sé a chois amach romham féin agus muid a’ gabháil ag gearradh na mbuilíní, agus caitheadh amach mé. Sin é an chraic a bhíodh a’inn nó ar feadh tamall, mar ní raibh ann ach í féin. Ansin tháinig Keane, fear as (--) níl ’fhios a’m ar as Co. an Chláir é, ach ní mórán pré a bhí ann, bhíodh a thóin leis an tine i gcónaí aige, agus bhíodh muid a’ rá, na gasúir mhóra mar a thugadh muid orthub rang a seacht agus a sé, bhíodh muid a’ rá gur sna monks a bhí se a’ gabháil, agus mar sin, agus ansin d’imigh sé sin, agus tháinig Pádraic Mac Donncha, as Carna silim é, bhí sé sin tamall eile ann agus bhí sé sin an-olc.

MARY: Ní féidir liomsa tada a rá le aon duine acub, mar ní bhfuair mise aon slap riamh, so.

MAIRÉAD: A’ mbíodh an cócó an t-am sin agaibh a’ gabháil ag a’ scoil, agus builíní?

MARY: Eh (sos) amanntaí bhíodh cócó a’inn, nil ’fhios a’m a’ raibh sé ann ar dtús anois, ach is dóigh go mbíodh mar is maith is cuimhin liom a bheith ag ól an bainne mór, lá nach mbeadh an cócó, á mbeadh an coco caite, chuireadh siad uisce fiuchta ar an mbainne bán seo, agus thabharfaidís duit é, sé an bainne ramhar a bhíodh ann. Bhíodh sé sin sa scoil, bhíodh.

MAIRÉAD: Hm, yeah.

MARY: Bhíodh muid a’ gabháil amach ar a’ tsráid a’ roinnt na mbuilíní

MAIRÉAD: M hm.

MARY: Ina seasadh aige agus builíní agus jam.

MAIRÉAD: A’ raibh mórán tithe ar an mbaile an t-am sin, nuair a bhí tú a’ fás suas in Eoghanacht?

MARY: Bhuel bhí, bhuel is beagnach nach bhfuil an méid céanna tithe anois in Eoghanacht agus a bhí, although nach iad muintir an bhaile atá ann, ná muintir Eoghanacht atá iontub ach tá chuile theach acub lán. I mean teach amháin - Pádraic, Pádraic Ó Dioráin - ní raibh sé sin a’ chor a’ bith ann nuair a bhí mise ann, agus bhí of course an teach mór, Tí Mhatt agus an dá theach atá tití, ní raibh aon duine iontub le mo linn sa. Bhí nuair a bhí mé an-óg, ach ní chuimhním air, bhí uncail liom a’ fanacht ann.

MAIRÉAD: Bhíodh go leor gasúir i chuile chomhluadar an t-am sin, i chuile theach an t-am sin?

MARY: Ó bhíodh, bhíodh go leor gasúir iontub, bhíodh.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Bhuel anois tá mé mí cheart, bhíodh mo mháthair ag inseach dom go ndéana Dia grásta uirthi, bhí teach beag taobh thiar go Tigh Pheaitsín Bhille a dtugaidís Tigh Ghould air, agus bhí dhá, bhí haon, dó, trí, ceathair, bhí cheithre theach ar an mbóthar ansin taobh thuas gon teach s’ainne, tá ’fhios a’d, Cáiteachaí, agus Tigh Bhaba Rua, agus Tigh Andriú, agus Tigh Phádraic Pheaits Pól go ndéana Dia grásta air.

MAIRÉAD: Á yeah. A’ raibh sibh a’ tabhairt cúnamh sa teach, nó ar an bhfeilim tar éis na scoile?

MARY: Ó bhí muid muise agus bhí mise i mo fhear sa teach ó bhí mé in ann tada eile a dhéanamh mar ba mé an ceann is sinne i gcónaí agus bhíodh mo athair go ndéana Dia grásta air ag obair i gcónaí. Bhí carr agus capall aige, agus ba iontach é sin ag an am sin mar bhíodh obair i gcónaí dhó ann. Dá mbeadh teach nua le déanamh, bheadh clocha le tarraingt aige, agus rudaí mar sin, agus bhíodh mise ansin, chaitheadh mé a dhul ag an mbó, agus a dhul ag an seo agus siúd, agus amanntaí istigh sa ngarraí. Ag tabhairt cúnamh ….

MAIRÉAD: …. A’ mbíodh t-athair ag tógáil tithe?

MARY: Ní bhíodh, ach bhíodh daoine eile a’ tógáil tithe, agus bhíodh sé a’ tarraingt na gclocha dób.

MAIRÉAD: Á sea. Agus a’ ndeachaigh tú thar lear ansin tar éis an scoil fhágáil?

MARY: Ní dheachaigh, bhí mé chúig bliana déag nuair a d’fhág mé scoil Eoghanacht, d’fhanfadh tú ag a’ scoil an t-am sin, mar ní raibh aon meánscoil ann.

MAIRÉAD: Agus cén aois a d’fhágaidís an scoil, a’ rabhadar…?

MARY Bhuel is dóigh dá mbeadh go leor le déanamh sa mbaile a’d, b’fhéidir go bhfágfá ag ceathair déag, ach níl ’fhios a’m a’ bhféadfá í a fhágáil ag ceathair déag, ach tá ’fhios a’m nuair a d’fhág mise ag cúig déag í, chuir iníon Flanagan, sí a bhí ann an t-am sin, tá sí sin í féin básaigh anois, sí a bhí ann ag an am sin, agus chuir sí scéala a’m a dhul ar ais aríst, mar bhí scrúdú a’ teacht suas agus ní ghabhainn, ní dheachaigh mé ar ais aríst.

MAIRÉAD: A’ raibh tú óg nuair a phós tú?

MARY: Ocht mbliana déag go leith a bhí mé nuair a phós me, sin é an méid.

MAIRÉAD: A’ raibh mórán comhluadar a’d?

MARY: Ó bhí chúig dhuine dhéag.

MAIRÉAD: Bail ó Dhia orthub. A’ bhfuil dar sin uilig sa mbaile?

MARY: Eh níl, tá cuid acub pósta timpeall an oileáin, ceathrar acub nó rud eicínt mar sin, tá cuid acub i San Francisco, ’s tá cuid acub (--) tá ceann i New York agus tá ceann i mBaile Átha Cliath, agus tá ceann i Londain, agus i gCorcaigh, so.

MAIRÉAD: A’ mbíodh fear a’ tí a’ tabhairt cúnamh leis na gasúir a chur ag a’ scoil an t-am sin, nó le éadaí a níochán ….

MARY: …. Ó ní bhíodh ….

MAIRÉAD: …. nó le bácáil?

MARY: …. ní bhíodh. Nuair a tháinig mise Bun Gabhla, tá sé chomh maith duit a rá, ní raibh mé ach i mó chailín beag óg, agus ba (--) bhí go leor le breathnú suas a’m dhó an t-am sin, mar bhí na mná a bhí i mBun Gabhla, bhí siad supposed a bheith go maith sa gcladach agus ar a’ ngarraí, agus chuile áit, agus although gur as Eoghanacht cuid acub, ach ní raibh mórán tuairim go ndéanadh, go mbeadh mise in ann ag an obair seo a’ dtuigeann tú ach rinne mé mo dhícheall. Bhíodh mé amuigh ag bleán an bhó, agus bhíodh mé a’ tabhairt cúnamh dó [a fear céile] le fataí, mangles, chuile rud. Chaithfeadh an bhean (--) chaithfeadh tú (--) bheadh na beithe an t-am sin a’ fáil stuif as a’ teach, agus chaithfeadh tú iad sin a bheith cnagaithe a’d, ar thine, b’fhéidir briogadáin go minic, ní raibh aon ghual ann ach beagáinín móin, agus Indian Coal mar a deireas siad.

MAIRÉAD: Hm, so ní raibh athair do fhear chéile mar sin sa teach nuair a chuaigh tú (--) nuair a phós tú?

MARY: Ní raibh ach bhí a mháthair ann. Bhí a mháthair ann ar feadh deich mbliana go ndéana Dia grásta uirthi, agus bhí sí go dona, agus nuair a bhreathnaím siar air níl ’fhios a’m cén chaoi ar mhanageáil mé, ach mhanageáil mé, agus bhí muid an-happy go deo, agus caithfidh me a rá nuair a d’éirigh na gasúir aníos na créatúir, ocht mbliana nó rud a’ bith mar sin, bhíodar féin a’ tógáil a chéile, agus a’ tabhairt cúnamh dhá chéile agus ceapann na mná atá anois ann, ceapann siad, déarfaimis (--) nó bhféidir go ndéarfadh muide go bhfuil an-time acub, ach ní raibh brú a’ bith orainne an uair sin, tá brú i chuile rud anois, tá brú airgid, agus tá brú chuile rud, má bhí do dhóthain le n-ithe an t-am sin le gasúir agus balcais glan le dhul ag an Aifreann Dé Domhnaigh agus ag a’ scoil, sin é an méid a bhí uathub, ghabhadh siad amach a’ déanamh a gcuid spraoi féin agus chuile rud.

MAIRÉAD: A’ raibh tobar garr daoibh, nó cé a bhíodh a’ tabhairt uisce ón tobar?

MARY: Bhí an tobar (--) bhuel bhí sé sách garr dhúinn, ceann acub, bhí (--) ní raibh really anois, bhí tobar Neilín garr dhúinn alright ach níor thaitnimh an t-uisce a bhí ansin liomsa, cheap me go raibh blas caonach air. Bhí tobar eile siar an bealach, me féin iad a tharraingt agus na gasúir, agus nuair a bhíodh ronnachaí ansin a’inn, chaithfeadh muid a bheith a’ tarraingt tuile. Ansin thosaigh tobar thuas ag (--) tugann siad tobar Thomáisín air, thuas ar an sliabh mór, agus thug me féin agus Teresa [iníon lei] naoi dturas, sin dhá bhuicéad chaon duine a’inn, naoi turas anuas as sin lá, an áit a raibh muid a’ níochán pluideannaí

MAIRÉAD Agus nuair a bhíodh sibh a’ níochán pluideannaí, a’ raibh sibh á níochán go minic nó a’ níochán na h-éadaí, cé chomh minic? Ní bheifí á níochán ….

MARY: …. Bhuel Ar ndóigh ….

MAIRÉAD: …. chomh minic agus atáthar á níochán anois ….

MARY: …. Ó muise ní bhíifí ná baol orthub. M’anam go bhfeicfeá go mbeadh sé in am iad a níochán go háirid cibé cén uair a d’athrá iad, ach ansin ní bheadh a’d ach an méid sin, an méid a nífeá agus an méid rudaí le cur ar ais orthub, sin é an méid. Ní bheadh lán an press a’d mar atá anois.

MAIRÉAD: Ab é an fear nó an bhean a d’éireodh go luath ar maidin leis na gasúir a chur ar scoil, agus an tine a chur síos?

MARY: Bhuel d’éireodh an fear a bhí a’msa le dhul a’ bleán, agus le dhul ag obair ach ní le dhul a’ cur na ngasúir ag a’ scoil é, chaithfeadh mé féin éirigh.

MAIRÉAD: Cén sórt tine a bhíodh thíos sna tithe an t-am sin, ar gual, bualtrach, nó móin….

MARY: …. Móin, móin agus bualtrach….

MAIRÉAD: ….Cá mbíodh sibh a’ fáil an mhóin?

MARY: As Conamara isteach ins na báid.

MAIRÉAD: Eh an é an chaoi a mbídís á céannacht sin, an gcaithfeadh sí sin a bheith ordaithe agaibh, nó

MARY: Á ní chaithfeadh, ghabhfá soir, agus, ghabhadh fear soir lá agus bheadh na báid istigh agus labhródh sé le fear eicínt ansin, le bád eicínt agus ghealladh sé sin duit ansin, agus b’fhéidir go mbeifeá seachtain a’ faire ar sin.

MAIRÉAD: Cén sóirt íocaíocht a bhíodar a’ fháil ar sin, ar airgead é ….

MARY: …. Ó airgead ….

MAIRÉAD: …. nó beithígh nó ….

MARY: …. ó airgead, airgead. Bhíodh beithígh a’ teacht as Conamara, isteach le slóchtaí a’ bhfuil fhios a’d.

MAIRÉAD: Mar íocaíocht ar an móin?

MARY: Ní shea, ach bhídís á dtabhairt isteach freisin, isteach ann le go dtógfaí ar an oileán anseo iad, a’ dtuigeann tú, a’ bhfuil ’fhios a’d b’fhéidir go dtabharfaidís rud eicínt duit air nó mar sin, ní mórán é, cúpla punt.

MAIRÉAD: Yeah, agus an bualtrach ansin, cé a bhíodh a’ tógáil an bhualtrach nó…?

MARY: Bhíodh na fír á thógáil agus bhíodh na mná á thógáil corr uair. Dhéanfá carnán ar dtús de, agus ansin thiocfá an chead lá eile agus dhéanfá fóid dhe, agus chuirfeá sa gclaí é agus ansin chaithfeá é a thógáil as an gclaí arís agus tile a dhéanamh de.

MAIRÉAD: A’ raibh am áirid sa mbliain a dhéanaidís é sin nó …?

MARY: Á bhí, bhí sa ngeimhreadh an t-am a bhíodh na beithígh thuas ar na crága mar ní raibh aon mhaith san bualtrach atá thíos ar an bhféar glas, ach bhíodh Luan Cincíse, nó Luan Cásca, nó laethantaí mar sin i gcónaí acub le dhul á chruinneáil.

MAIRÉAD: Céard a tharlódh nuair a bhíodh an bhó tirim nó, céard a dhéanadh sibh nuair a bhíodh sibh gann faoi bhainne?

MARY: Bhuel b‘fhéidir nach mbeadh na beithígh uilig tirim in éineacht ar an mbaile agus gheobhadh tú braon, muigín bainne anseo agus ansiúd agus mar a bhfaighidh b’fhéidir chuireadh tú, bheadh an bainne mór mar a thabharfadh muinn air, na tineannaí, ní cheapainn, ní raibh aon bhainne cartons le fáil an t-am sin ar chor ar bith, ná powder even, ach na tiníní seo agus bhíodh muid ag cur mion choirce air.

MAIRÉAD: Ar a’ tae?

MARY: Mion choirce a chur ar bogadh sa jug agus é a mheascadh agus bheadh dath bán ar maidin air ansin nó thabharfadh sé dath bán ar a’ tae dhuit agus sin é a raibh tú a’ iarraidh.

MAIRÉAD: Agus céard a dhéanfadh sibh le gasúir bheaga ansin, páistí bheaga, bheadh buidéal i gcónaí acub nach mbeadh?

MARY: Bhíodh, buidéal acub, bhíodh, bhíodh siad a’ fáil brollach is dóigh go mbeidís b’fhéidir píosa maith, [go mbeidís] in ann siúl amanntaí, agus ansin chuirfeá … bhuel, tá ’fhios a’m chuirfeá tae san mbuidéal dhób, chuirfeá cócó sa mbuidéal dhób, agus an bainne mór seo.

MAIRÉAD: Hm, an mbíodh cearca no lachainn ag chuile theach an uair sin?

MARY: Bhíodh, bhíodh, bhíodh, bhí neart cearca a’inn ceart go leor, bhí na h-uibheachaí, na h-uibheachaí a’inn, bhí siad sin go maith.

MAIRÉAD: A’ mbíodh aon duine ag díol na h-uibheachaí nó…?

MARY: Bhuel (sos) cuimhním gur dhíol me féin agus Nonie [a deirfiúr] go ndéana Dia grásta uirthi, fadó agus muid ina ngasúir thoir in Eoghanacht, bhí uibheachaí ag mo mháthair agus is dóigh gur le na n-aghaidh féin agus lena ndinnéar a bhí siad, ach bhíodh fear ag imeacht le builíní a dtugaidís Jimmy na mBuilíní air, asal aige agus cléibh adhmaid, agus bhí dúil i mbuilín a’inn agus thug muinn suas na h-uibheachaí ag Jimmy, agus fuair muid builín.(gáire) Tá mé cinnte go mb’fhearr le mó mháthair na h-uibheachaí ach sin é a rinne muid leob. Dhíoladh daoine iad. D’fheicinn bean ar a’ mbaile anseo, bhíodh sí iad a dhíol.

MAIRÉAD: Yeah. A’ mbídís a’ sábháilt na h-uibheachaí an t-am sin, á gcoinneáil, á sábháilt suas le am nó nach mbeadh na cearca a’ breith?

MARY: Bhuel bhíodh, tá mé a’ ceapadh go mbíodh daoine soir timpeall in áit eicínt, chuala me caint faoi anois cúpla duine a bhíodh á gcuir (--) bhí stuif eicínt acub a chuiridís orthub.

MAIRÉAD: Live plant arb ea? ….

MARY: …. Sea is dóigh gurb ea ….

MAIRÉAD: …. D’aire mé caint ….

MARY: …. ach níor, níor úsáid muide riamh é sin anois, choinneoidh muide ite iad, agus dhéanadh muid á n-uireasa nó nach mbídís ann.

MAIRÉAD: Cén sórt bácáil a bhíodh sibh a’ dhéanamh, a’ mbíodh sibh a’ déanamh arán donn, nó plúr ….

MARY: …. Arán ….

MAIRÉAD: …. nó cáca currants?

MARY: Arán, dhéanadh muinn cáca currants corr uair nuair a gheofá iad, ach bhí sé deacair iad a fháil, aimsir an chogadh a phós mise agus bhí chuile rud gann an t-am sin, agus dhéanfá arán donn nó sórt wholemeal a thabharfaidís air an t-am sin. Ach aimsir an chogadh ansin bhí an plúr a bhí a’ gabháil thart, bhí dath buí air, ní raibh call dhuit tada a chur thríd ach bhí sé uafásach, bhí sé go gránna.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh sé éasca plúr a fháil, ceard a bhíodh agaibh in áit plúr, á mbeadh an bád gan a theacht? Ar tharla sé ….?

MARY: …. Gheobhadh muinn tin can ó do comharsan, tin can plúir ó do comharsa, ach bhíodh, roimhe sula rugadh mise is dóigh, bhíodh min bhuí acub, bhídís a’ déanamh cácaí de freisin.

MAIRÉAD: Hm. A’ mbíodh sibh ag déanamh flatters nó…?

MARY: Á bhíodh, bhíodh, bhíodh muid a’ déanamh flatters, á gcaith síos, agus á gcaith aníos sciobthaí, ach dhóidís amanntaí mar gheall ar a’ mbácús.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh sibh a’ déanamh boxty?

MARY: Bhíodh múis, bhuel ní rinne mise aon boxty ó tháinig mé Bun Gabhla, mar bhí, bhí na (--) ní mórán a dhéanadh an triúir a’inn - me féin agus Maidhcilín agus a mháthair, ach nuair a bhí me in Eoghanacht a’ bhfuil ’fhios a’d, agus na gasúir a’inn, bhíodh me féin agus mó mháthair ag eirí go moch a’ déanamh, a’ déanamh an boxty, cáca fataí.

MAIRÉAD: Hm agus cé as a dhéanaidís boxty?

MARY: Eh, fataí fuara agus scríobaidís é. Dhéanadh duine ar bith (--) tin bainne, tá ’fhios a’d an tin a bhainfeá an bainne as, poill a chur ansin le tairne, agus é a scríobadh, an fata a scríobadh dhe sin agus á mbeadh a dhath beag im a’d ansin a’ dtuigeann tú, chaitheadh a dhaithín beag bídeach plúr b’fhéidir a bheith a’d leis, ach ó bhí se go gránna.

MAIRÉAD: Anois bhí muid a’ caint ar níochán ar ball, cén sóirt gallaireach a bhíodh ann leis an níochán?

MARY: Gallaireach sunlight soap, agus carbolic agus bhí sí sin í féin gann aimsir an chogadh.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Tá ’fhios a’m gur thoir, teach anois a bhfuil, a bhfuil, a dtugann siad Tí Joe Mac air, gur ansin a fuair Maidhcilín dhá phunt gallaireach dhomsa. Chuaigh sé isteach ann ag ól pionta, agus d’fhiafraigh sé di an dtabharfadh sí … agus thug sí dó dhá phunt gallaireach, agus bhí sé, bhí sé deacair. Bhí dabhach mór ansin, bheadh dabhach a’d, a’inne anois go háirid mar bhí na gasúir, dabhach i láir an urláir ansin, agus ag iarradh a bheith a’ fiuchadh uisce sa mbácús, agus á dhoirte síos ansin [le] na n-éadaí. Tá mé a’ rá leat nach mórán rinseáil a gheobhaidís go háirid.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh washboard agaibh?

MARY: Á bhí, bhí washboard a’inn, bhí.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Agus chonaic mise daoine a’ tabhairt sean éadaí, treabhsair agus drárannaí mar a bhíodh orthub an t-am sin, ar na fír, á dtabhairt ag a’ gcladach agus á níochán ag a’ gcladach, agus slis, á sliseáil, nuair a bheadh an t-uisce gann.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh sibh a’ cur blue san uisce nuair ….

MARY: …. Bhíodh ….

MAIRÉAD: …. a bhíodh sibh á níochán?

MARY: …. a’ cur blue san uisce le braillíní geala, bhíodh agus le cover piliúr, bhíodh.

MAIRÉAD: Agus céard a bhíodh le n-ithe acub go minic, go h-iondúil, a’ mbíodh stir about acub nó …?

MARY: Bhíodh, bhíodh.

MAIRÉAD: Fataí agus sleabhcán ab ea?

MARY: Bhíodh sleabhcán acub agus báirní, neart báirní agus faochain.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Agus ronnachaí, bhíodh na ronnachaí buí agus bhítí iad a choinneáil a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís coinnigh le ’n gheimhridh a’inn.

MAIRÉAD: A’ mbíodh am áirid ansin a bhainfí báirní agus na sleabhcáin?

MARY: Á bhuel bhainfí, bhainfí na báirní anois an t-am seo bhliain anois, sa Márta, mar seo am ar bith amach anseo anois bhainfeá iad agus gheofá sleabhcán. Deir siad go bhfaighfeá sleabhcáin Lá l’ Bríde.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Níl ’fhios a’m a’ bhfuil sé a’ fás ar chor ar bith anois.

MAIRÉAD: Agus céard a dhéanfá le sleabhcán, cén chaoi a mbruithfeá é, an mbruithfeá é a b’ ea?

MARY: Bhruithfeá é agus bhíodh siad á ghearradh sa bpota ansin, nó an pota nó an bácús, sa bpota is dóigh a chuirfí é, ach bhíodh an slis acub, a bhíodh a’ plé leis an éadach, bhíodh siad á ghearradh leis an slis thíos ann, ach níor rinne mise riamh é, ghearr mise leis an siosúr riamh é, sula chuirfinn síos é, le éascaíocht, bhíodh faitíos orm go dtachtadh sé na gasúir.

MAIRÉAD: Hm, agus a’ mbídís a’ marú meannáin an uair sin nó caora?

MARY: Ó bhíodh, marú gabhair agus meannáin agus chuile rud, chaithfeadh chuile dhuine ….

MAIRÉAD: …. Coiníní agus muca?

MARY: .… iad a mharú, Féile Mártan. Coiníní agus corr mhuic freisin, duine ar bith a mbeadh muic aige.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh na caoire ag chuile dhuine nó ..?

MARY: Bhí caoire ag chuile dhuine, bhí.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Ní mharófaí mórán díobh ach Féile Mhártan, nó b’fhéidir faoi Nollag, go marófá rud eicínt.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh muic ag mórán acub?

MARY: Bhíodh, bhíodh.

MAIRÉAD: A’ mbídís ag sailleadh an mhuic ansin, nó cén chaoi…?

MARY: Ó bhíodh, shaillfeá, dá mbeadh muic a’d féin le marú go h-áirid, shaillfeá í, a’ bhfuil ’fhios a’d agus choinneofá ansin í.

MAIRÉAD: An mbífí ag ithe mórann iasc an t-am sin?

MARY: Ó Ar ndóigh bhíodh mar ní bhíodh tada eile acub le n-ithe, ceart go leor a bhfuil ’fhios a’d agus d’íosfaí fataí freisin, chonaic mé fataí [dhá n-ithe] dhá uair sa ló freisin.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Á ithe nuair nach mbíodh an plúr (sos) fairsing.

MAIRÉAD: Cé a bhíodh a’ déanamh an maistreadh, nó cén chaoi a ndéanadh siad é?

MARY: An maistreadh, bhíodh muid a’ cruinneáil an bhainne agus thabharfaí (--) barr a’ bhainne, ach áit a mbeadh gasúir, mar a deir mé, ní mórán de a bheadh le fáil. Ach daoine, thabharfaidís tin can beag cairt leob, leis an deireadh, deireadh an bhainne an bhó a chlimseáil, agus chruinnídís é sin, agus deir siad go mó ar sin is mó a bheadh bainne. Agus ansin dhoirtfí sa gcuinneog é nuair a bheadh sé rainn, sórt géaraithe. Dhoirtfí sa gcuinneog é, agus gloine agus cuinneog ronnáilte [round] a bhí an t-am sin ann. So dhéanfaí é sin ansin agus b’fhéidir bhaineadh tú cúpla lá as, ní mórán é go deimhin.

MAIRÉAD: ’S á dtiocfadh aon duine isteach agus thú a’ déanamh an maistreadh, an ndéanaidís píosa dhó?

MARY: Ó dhéanadh, déarfá leob píosa de a dhéanamh, sórt gnás a bhí ann a’ dtuigeann tú. Bhí go leor gnásannaí an t-am sin ann.

MAIRÉAD: A’ mbíodh daoiní ag cuartaíocht sa teach fadó, sa lá nó san oíche?

MARY: Ag cuairt?

MAIRÉAD: Sea, ag imeacht ag cuartaíocht?....

MARY: …. Ó bhíodh, ó bhíodh go leor daoine ag cuartaíocht. Ní bhíodh mórán daoine ag cuartaíocht sa teach seo anois mar i gcónaí bhíodh Maidhcilín ag iarraidh a dhul a chodladh go luath, agus chaithfí an paidrín a rá, ach suas anois teach nach mbeadh gasúir ann, bhíodh, bhíodh sé féin imithe amach ar a chuairt corr uair a’ bhfuil ’fhios a’d, bhídís ag cuartaíocht ann agus mar sin.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh mná ag imeacht ag cuartaíocht fadó agus iad a’ criotáil, an áit a bhídís ag cuartaíocht.

MARY: Ó bheadh, bheadh, bheadh siad. Cuimhním go raibh muinn thoir, thoir a’inn féin fadó nuair a bhí muid a’ déanamh na miotógaí, miotógaí an tSagairt a thugadh muinn orthub, agus tháinig Father Cillín go ndéana Dia Grásta air agus bhí mise, muid istigh sa teach agus bhí Neilín ann agus bhí cúpla bean as a’ mbaile agus muid a’ caint faoi na miotógaí, tháinig sé anoir, “bhuel,” a deir sé, “a’ bhfuil tada le déanamh ag muintir an tí sin”, a deir sé.(gáire)

MAIRÉAD: Eh cé a deireadh an phaidrín san oíche nó a’ mbíodh chuile theach a’ rá an phaidrín an t-am sin.

MARY: Ó bhíodh, ó bhíodh, bhuel deireadh fear an tí an paidrín a’ dtuigeann tú, bhuel mise mé féin a bhí á rá ó tháinig mé ar an mbaile anseo, mar bhí ….

MAIRÉAD: …. Cén chaoi a mbíodh sé i dtaobh bróga ag na gasúir nó an mbíodh bróga orthub nó cé a chuireadh caoi orthub?

MARY: Á bhíodh fear thoir in Eoghanacht a bhíodh a’ cur caoi ar bhróga, mar bróga leathar uilig a bhíodh an t-am sin ann, bonn leathar a bhíodh ann an t-am sin an chuid is mó, agus bhíodh, bhuel bhíodh fear an tí anseo é féin (--) bhí ceapa a’inn agus bhíodh sé féin ag cur caoi ar na bróga mar a déarfá na ngasúir, ach duine ar bith nach mbeadh in ann é a dhéanamh, bhí fear thoir in Eoghanacht a dtugaidís em Dara air. Bhíodh sé (--) cén t-ainm a thabharfanns tú air (sos) Sea, gréasaí sea ….

MAIRÉAD: …. Hm….

MARY: …. bhíodh, agus ní an oiread sin bróga, a’ dtuigeann tú, bheadh péire acub le (--) níl ’fhios a’m a’ mbeadh an dara péire ag aon duine, bróga arda is mó le an gheimhridh.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh na bróga úr leathar ansin ag imeacht ar na fir nó….?

MARY: …. Ó bhíodh, bhíodh, ó bhíodh, bhíodh.

MAIRÉAD: An mbídís ar na mná?

MARY: Ó bhíodh, ó bhíodh.

MAIRÉAD: Agus cé a bhíodh á ndéanamh sin nó…?

MARY: Bhíodh muid féin iad a dhéanamh, dhéanadh fear an tí iad sin a’ dtuigeann tú, agus dhéanainn féin iad ar deire go na gasúir. Bhíodh na gasúir, bhídís ar na gasúir freisin corr uair. Ansin tháinig pacaí rubber isteach aimsir an chogadh, agus bhítí a’ déanamh, a’ déanamh bróga rubbers agus chuirtí poill iontub an chaoi chéanna, agus chuirfí iad (--) ach ní raibh aon chuma orthub, bhíodar an-mhífholláin

MAIRÉAD: Cé as a dhéantar bróga úr leathair, as craiceann beithíoch ab ea?

MARY: Craiceann beithíoch, bhíodh píosa ag chuile dhuine, gheofá craiceann as Gaillimh, agus é saillte agus chuile rud, agus ghearrfaí amach ina straipeanna ansin é le bróga.

MAIRÉAD: Eh, cén chaoi a mbíodh sé ag na mná a’ déanamh éadaí go na gasúir, arb iad féin a dhéanadh é nó… cá gheobhaidís an t-éadach?....

MARY: …. Á siad, siad, gheofá éadach agus (--) bhuel is dóigh cheannófá, gheofá beagán éadaí le ceannacht ach i mo chás sa anois de rinne mé, rinne mé (--) bhí flainín a’inn tá ’fhios a’d, bhíodh flainín a’inn féin an t-am sin.

MAIRÉAD: ’Sna tithe nó an bhfaigheadh sibh as Gaillimh é nó …?

MARY: Ó no, bhíodh sé a’inn féin. Chuireadh muid snáth, gheobhadh muinn an snáth agus chuireadh muid an snáth go, go, síos (--) chuireadh muinn an olann sa bhfactory agus thiocfadh (--) dhéanaidís sin snáth de agus chuiridís aníos an snáth a’dsa agus shochrachsach muide an snáth ansin i gceirtlín mór millteach, agus chuireadh muid ag a’ bhfíodóir é agus dhéanadh an fíodóir flainín de duit, pluideannaí go chuid dhe, agus flainín dubh, agus d’fheadfá dath a chur thríd le é a dhéanamh dorcha, agus d’fhéadfá fíochán cnámh scadán a iarraidh air an t-am sin freisin.

MAIRÉAD: Mm..

MARY: Agus ansin thabharfaí abhaile é agus chaitheadh muid féin ansin é a fhuarachán, é a ramhrú (sos) agus nuair a bhíodh sé ramhraigh ansin ….

MAIRÉAD: …. Agus cén chaoi a ramhróidh sibh é?

MARY: Chuireadh muid, chuiridís mar a bheadh sórt em (sos) (--) chuiridís clár suas le taobh an bhalla, agus chuiridís clár eile taobh amuigh de agus urlár go chlár eile ann agus bheadh duine ina shuigh ar chaon taobh, agus chuiridís gallaireach te air agus bheadh chuile dhuine ag cur a chois, an dá dhuine ag ciceáil a cheile tá ’fhios a’d chomh maith a’ ciceáil an bhréidín eatorrab nó go mbeadh sé sách tiubh, agus tá mé a’ rá leat gur obair, obair sách crua a bhí inti. Bhuel ní rinne mise mórán obair, mórán de sin ach aon lá amháin agus tháinig fear, fear an taobh eile gon doras isteach agus chur sé amach as mé agus chuaigh sé féin ann. Dúirt sé nach raibh sé ceart a’m a bheith istigh ann. (gáire)

MAIRÉAD: Cá gheobhaidís an bréidín agus an treabhsar le na fír, an raibh na…?

MARY: Sin é an bréidín céanna ansin a bheadh a’d agus thabharfá ag a’ táilliúir ansin treabhsar na bhfir an dtuigeann tú agus dhéanfá féin ansin cinn (--) bhíodh treabhsar eile ag na fír an t-am sin a dtugaidís drár orthub, sin é an t-ainm a bhí air, agus bhíodh an fáithim, an fhuáil taobh amuigh air, agus chuirfeá dhá phíosa (--) bhí an treabhsar plain, an drár, chuirfeá dhá phíosa isteach sa taobh thiar, agus fuáil síos trí na lár agus chuirfeá an bheilt a bhí air, bhíodh sé taobh amuigh, an básta taobh amuigh freisin agus bheadh na cnaipí taobh amuigh ann. Chaithidís taobh istigh go na treabhsar é sin agus chaithidís ag imeacht ag obair é freisin.

MAIRÉAD: An mbídís ag caitheamh geansaí criotáilte freisin, a’ mbíodh? ….

MARY: …. Ó bhíodh, ó bhíodh geansaí criotáilte i gcónaí.

MAIRÉAD: Bán nó a’ mbíodh dath áiriid a bhídís ..?

MARY: Á ní (--) chuirfeá dath gorm uirthi agus geansaí glas le chuile lá, snáth glas le chuile lá, agus geansaí gorm le an Domhnaigh ansin. Bhíodh daoine ag caitheamh bán ach a bhfuil ’fhios a’d ...

MAIRÉAD: Cé chomh minic ’s a bhíodh sibh a’ gabháil Gaillimh an uair sin nó…?

MARY: Á muise ní go minic é, an t-am sin nó go ndeachaigh mé Gaillimh leis na (--) le Teresa, bhí cúigear go na gasúir sa mbaile a’m agus chuaigh mé Gaillimh ansin leis le Teresa mar bhí an tsean bhean a bhí sa teach, bhí sí a’ fáil bháis agus bhíodar ag iarraidh mé a chur as an mbealach.

MAIRÉAD: Yeah agus a’ raibh sé deacair a dhul Gaillimh mar ní raibh an bád ann ach dhá lá sa tseachtain?

MARY: Ní raibh, chaithfeá fanacht thíos i nGaillimh ar feadh trí oíche, trí oíche tá mé a’ ceapadh.

MAIRÉAD: Hm, an mbíodh na mná ag caitheamh tobac?

MARY: Eh, bhíodh corr bhean ag caitheamh tobac, bhíodh, bhíodh mo mháthair go ndéana Dia grásta uirthi, cuimhním go mbíodh píopa aici agus ag bean eile a bhí taobh thíos gon teach. Bhíodh an bheirt a’ comhrá, ina suí síos agus iad a’ comhrá agus bhí sé, bhí sé funny a’ breathnú orthub a’ dtuigeann tú ach bhíodh siad a’ caitheamh tobac.

MAIRÉAD: Eh, an mbíodh na mná ag obair sa gcladach?

MARY: Ó bhíodh, bhíodh, romhamsa anois a’ bhfuil ’fhios a’d. Ní mórán a rinne mise sa gcladach, mar a deir mé leat, bhí go leor gasúir a’m, ach bhí mé cúpla lá thiar ag gearradh feamainn in éineacht leob, ach bhíodh mná fadó, bhídís ag cur suas feamainn agus ag obair le feamainn go maith.

MAIRÉAD: An mbíodh na mná ag tabhairt cúnamh do na fír ag cur fataí ….

MARY: …. Ó bhíodh ….

MAIRÉAD: … nó ag gearradh síolta, nó ag scaradh feamainne?

MARY: Bhíodh mé féin ag gearradh na síolta, bhíodh dhá chliabh mór taobh istigh gon doras ansin agus iad gearradh.

MAIRÉAD: Mm.

MARY: Ach ní ghearrtar ar chor ar bith anois iad.

MAIRÉAD: No ní ghearrtar.

MARY: Ní ghearrtar.

MAIRÉAD: Agus em a’ mbíodh sibh ag scaradh feamainne dhób nó…?

MARY: Bhíodh, bhíodh, bhíodh sa gcladach a’ scaradh feamainn, bhídís í a chur suas ar na muirbhigh agus á triomú, Feamainn Bhealtaine.

MAIRÉAD: Agus a’ mbídís a’ teacht abhaile ansin am dinnéir le braon tae?

MARY: Thiocfadh….

MAIRÉAD: …. Nó a’ mbíodh sibh a’ tabhairt tae ar a’ ngarraí acub?

MARY: …. Thagadh nó thabharfá tae acub, go mion minic thabharfaí tae acub, agus bhíodh tae beag acub freisin an t-am sin.

MAIRÉAD: Ní raibh aon flask an uair sin ann ….

MARY: .… Á ní raibh….

MAIRÉAD: …. so cén chaoi a mbíodh sibh ag tabhairt an tae?

MARY: I mbuidéal nó tin can, tin can sweets agus ag cuir éadach thimpeall air.

MAIRÉAD: Hm, cá bhfaigheadh sibh na tin cans seo nó…?

MARY: Bhídís á ndíol (--) sna siopaí nuair a bheadh na sweets díolta, choinnídís dhuit na tin cans, bhíodh na tincéirí ansin, gheofá cinn eile uathab.

MAIRÉAD: Hm, sin iad na tin cans a bhíodh agaibh a’ gabháil a’ bleán na beithígh, a’b iad?

MARY: Siad, siad.

MAIRÉAD: Cé a dhéanadh an obair tí nuair a bhíodh an bhean ar a’ leaba le páiste?

MARY: Bhuel dhéanadh an fear is dóigh, nó thiocfadh do mháthair dá mbeadh sí beo, nó do dhreabhar nó rud eicínt mar sin isteach agus thabharfadh siad cúnamh dhuit.

MAIRÉAD: Cén chaoi a gcuiridís glaoch ar a’ dochtúir, nó a’ raibh an nurse, an mbíodh bicycle, no céard a bhíodh acub?

MARY: Bicycles a bhíodh acub, bicycles a bhíodh acub.

MAIRÉAD: Mm. ní raibh fón ar bith an uair sin ann ….

MARY: …. Nó capall, ghabhaidís ar chapall á h-iarraidh, tá ’fhios a’m gur ar chapall a chuaigh siad á h-iarraidh dhomsa go háirid.

MAIRÉAD: Mm.

MARY: Bhí capall aige agus ghabhadh sí soir, bhí sí chomh maith le bicycle a’ bith.

MAIRÉAD: Agus cén t-achar ansin a bheadh tú ag faire ar an dochtúir, thógadh sé píosa air?

MARY: Thógadh, bhí beirt go na gasúir a’msa sular tháinig sé ar chor ar bith go háirid, sular tháinig dochtúir ná nurse.

MAIRÉAD: Mm.

MARY: Agus bheadh sé tamall maith, b’fhéidir ansin go mbeadh daoine a’ gabháil soir agus duine eicínt eile a’ gabháil soir roimhe á dheifriú, tharla sé sin freisin go minic.

MAIRÉAD: Ní raibh aon ghasúir i maol, a’ raibh nó aon bhean, mar geall nach raibh an dochtúir in am ann?

MARY: Bhuel ní cheapfainn go raibh le mo linn sa go háirid, ní cheapfainn go raibh. Ach I mean, fadó ansin Ar ndóigh ní bhíodh dochtúir a’ bith acub, ach bean - Peige Phádraic Bhroinn. Níl ’fhios a’m féin, i gcónaí is minic a bhíonns mé ag cuimhneamh air, cá bhfuair sí sin an oideachas nó an ndeachaigh sí ag scoil nó (--) ní dheachaigh ach sí a bhíodh ag na daoine, cúpla bean a bhí san oileáin.

MAIRÉAD: Céard faoi an sagart, an raibh an jab céanna glaoch ar an sagart nuair a bhí sé a’ teastáil, nuair a chaillfí duine nó rud eicínt?....

MARY: …. Ó bheadh, bheadh, chaithfí a dhul go dtí é.

MAIRÉAD: Agus ní raibh aon, aon bhicycle aige sin an raibh?

MARY: Ní raibh, ní raibh.

MAIRÉAD: Hm. (sos) A’ raibh sé éasca, cé is éasca clann a thógáil suas an t-am sin, ná anois, sa saol atá inniu ann?

MARY: (Osna) Bhuel. (sos)

MAIRÉAD: An gceapfá?

MARY: Tá differ eatarthub a’ dtuigeann tú, ceapaim mar déarfá, ceapadh duine, ceapadh go leor daoine an duine a thóg cúig dhuine dhéag gasúir go raibh go leor leor leor [obair iontu] ach nuair a bhreathnaíonn mise siar anois air ní chuimhním ar thada a raibh aon trioblóid a’m aon uair a’ bhfuil ’fhios a’d, ach, mar ní raibh, mar a dúirt mé leat dá mbeadh a ndóthain le n-ithe acub agus bhíodar féin a’ déanamh spraoi dhá chéile, agus bhíodar a’ tógáil a chéile, agus nuair a ghabhfaidís ag a’ scoil ansin a’ foghlaim a gcuid ceachta, ní raibh television, ní raibh radio, ní raibh tada acub, agus ní raibh an glaoch ar na rudaí, ní chaithfeadh tú bróga mar seo a bheith a’d le rud eicínt, nó treabhsar mar seo, nó dath mar seo, nó rud eicínt mar sin, ní raibh ann ach an éadach, balcais glan

MAIRÉAD: Anois a Mhary, cuirfidh muid cúpla ceist eile anois ort faoi an cleamhnas. A’ raibh aon chleamhnas a’ gabháil thart le do linn ?

MARY: Bhuel bhí cleamhnas ann, bhí, bhí cleamhnas a’inne freisin, ach bhuel ní hé an chaoi a mbíodh se fadó go ngabhfaí ag iarraidh an bhean agus nach mbeadh ’fhios ag an mbean tada faoi a’ dtuigeann tú, ach bhí ’fhios a’msa é, ach tháinig muintir a’ bhfuil ’fhios a’d, muintir a’ bhaile an fhear agus an baile s’a’inn féin, cúpla duine acub isteach agus bhíodh bairille pórtar ann, agus bhídís ag ól agus a’ caint i gcaith na hoíche, ní, ní bhíodh damhnsa na tada ann, ag a’ gcleamhnas.

MAIRÉAD: Yeah, agus a’ raibh daoine áirid le haghaidh an cleamhnas seo a dhéanamh?

MARY: Bhuel bheadh is dóigh go ndeireadh an fear le duine eicínt é a rá le t-athair nó rud eicínt mar sin, a’ dtuigeann tú, a’ raibh sé sásta agus mar sin agus…

MAIRÉAD: A’ b’ é a bhíodh a’ déanamh chuile chleamhnas thart an bealach seo nó..?

MARY: Á muise ní hé, ní hé ar deireadh, ní hé le mo linn sa ach roimhe sin bhí sé go ... an-rud ann.

MAIRÉAD: An dtéidís i bhfad ar siúl le cleamhnas a dhéanamh?

MARY: Ghabhadh, áit ar bith a bheadh an bhean (gáire) a thaitneoidh leob, ghabhadh sé in áit a’ bith ina diaidh is dóigh.

MAIRÉAD: An bhféadadh an bhean diúltú?

MARY: Á d’fhéadadh, d’fhéadadh, dá gcloiseadh sí rud eicínt b’fhéidir faoin bhfear, idir sise agus eisean a beith a’ caint nó rud eicínt mar sin, d’fhéadadh sí diúltú mura dtaitneoidh léi.

MAIRÉAD: Cé chomh gar dhá cheile is a bhí na gaolta, nó an bhféadadh gaol pósadh?

MARY: Bhuel col seisearachaí, tá go leor col seisearachaí pósta, col ceatharachí ní thaitneoidh sé le na daoine.

MAIRÉAD: Ach meas tú cén fáth?

MARY: Níl ’fhios a’m, is dóigh an chaoi chéanna go mbeadh an (--) go mb’fhéidir go mbeadh faitíos orthub go mbeadh máchail eicínt ar na gasúir no rud eicínt mar sin dá mbeadh an gaol, na daoine fite fúite ina chéile, an chaoi chéanna leis na h-ainmhithe a’ dtuigeann tú, ní maith leob iad a bheith ró-ghar.

MAIRÉAD: Agus cén dearcadh a bhí ag na sean daoine ar sin, dá bhfeicfidís gaolta gar a’ pósadh?

MARY: Á níor mhaith leob é, níor mhaith leob é.

MAIRÉAD: Cén chaoi a réitídís cleamhnas, a’ mbíodh buidéal fuisce á bhfáil, nó cé a ghabhadh in éineacht leis an té a bhíodh a’ déanamh cleamhnas?

MARY: Bhuel sin é ar dtús anois, dá dtarlódh sé anois go ngabhadh sé isteach sa teach ar dtús ag iarraidh an fear [an bhean] thabharfadh sé leis duine eicínt agus thabharfadh sé buidéal fuisce leis go fhear a’ tí agus ghealladh sé sin, thabharfadh sé an bhean dó. I mo chás sa anois níor tharla se sin a’ dtuigeann tú ach tháinig siad a’inn nuair a bhí fios a’inn go raibh muid a’ gabháil a’ pósadh, tháinig siad agus bhí an cleamhnas ann. Tá mé a’ ceapadh chaoi eicínt ar nós chuile rud eile go gcaitheadh an cleamhnas a bheith ann roimh an bpósadh.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh spré i gceist nó airgead nó talamh? ….

MARY: …. Bíonn, bíonn, bíonn, bíonn ….

MAIRÉAD: ….nó rudaí mar sin ….

MARY: …. bíonn spré i gceist i gcónaí, bíonn, bhíodh spré i gceist i gcónaí ansin agus chaithfeadh tú ansin, an bhean, gheobhadh sí leaba i gcónaí agus éadaí leapan, agus rudaí mar sin. Anois ní bhfuair mise, mar ní raibh muid á iarraidh, mar bhí go leor gasúir sa mbaile a’inn féin, agus is mó a theastaigh rud uathab, ná a theastaigh sé sa teach ar tháinig mise isteach ann, agus rud eile dhe bhí an bhean a bhí sa teach a tháinig mise isteach ann, bhí sí sin ag imeacht as an lá roimhe, phós sí sin an lá sura phós mise.

MAIRÉAD: Eh, agus a’ raibh aon dochar ann á mbeadh bean ann nach raibh tada le tabhairt di, nach raibh aon cheo acub nó …?

MARY: Ní raibh, ní raibh, tá me a’ ceapadh gurb iad na sean daoine, na h-aithreachaí agus na máithreachaí a bheadh ag cur (--) nach é fear an fear ar chor ar bith a bheadh a’ gabháil a’ pósadh a bheadh na rudaí seo, ach an sean dream.

MAIRÉAD: Dhób sin a bhíodh sé a’ gabháil?

MARY: Sea, i mo chás sa ansin really ní raibh aon sean dream, máthair Mhaidhcilín ní raibh sí go maith.

MAIRÉAD: Agus cén t-achar ansin ó shocrófaí an cleamhnas, go mbíodh an pósadh ann?

MARY: Eh, braitheann sé, b’fhéidir trí seachtainí nó coicís nó rud eicínt mar sin d’fhéadfaidís é a shocrú suas eatarthub féin.

MAIRÉAD: Agus a’ mbíodh ceiliúradh mór ann nuair a bhíodh an cleamhnas déanta?

MARY: Bhíodh an ceiliúradh an oíche sin ann a’ dtuigeann tú, thagaidís sa teach le chéile agus bheadh bairille pórtair acub.

MAIRÉAD: Teach an bhean nó teach an fhear?

MARY: Teach an bhean, teach an bhean.

MAIRÉAD: Hm.

MARY: Agus ansin lá an phósadh, thiocfaidís i dteach an bhean freisin agus bhíodh tae ann agus bhíodh pórtar ann aríst i dteach an bhean, nó go ngabhfaí ag a’ séipéal a’ pósadh, b’fhéidir (--) bheadh an pósadh an t-am sin ann tar éis am dinnéir agus bheifí (--) b’fhéidir thosófaí ag a deich a chlog nó ag a haon dhéag i dteach an bhean, agus ansin ghabhfaí as sin go dtí an séipéal agus ghabhfaí ar ais ansin go dtí teach an fhear.

MAIRÉAD: Agus cá mbídís a’ pósadh, a’ raibh séipéal ann an uair sin?

MARY: Bhí, séipéal Eochla a phós muide, séipéal Eochaill.

MAIRÉAD: Sea, agus cén sórt eh, ar jaunt agus eh a bhí ag na daoine ….

MARY: ….Sea….

MAIRÉAD: …. an t-am sin, ab ea?....

MARY: …. Jaunt, jaunt, sea jaunt.

MAIRÉAD: Agus capall, yeah.

MARY: Agus bhí gnás eile an t-am sin ann freisin, chaithfí nuair a thiocfadh an bhean isteach sa teach, an bhean nua isteach sa teach, nuair a bheadh sí a’ gabháil siar sa seomra a mbeadh an bia leagthaí amach ann, bhrisfí cáca ar a cloigeann, ach i mo chas sa de níor bhris aon duine aon cháca ar mo chloigeann,.

MAIRÉAD: Skipáil tú é….(gáire)

MARY: .… níor chuimhnigh siad air, agus níor chuir sé tada as dom riamh, buíochas le Dia.

MAIRÉAD: Agus cén sórt bia a bheadh acub le haghaidh an bhainis ….

MARY: …. Ó builíní, builíní….

MAIRÉAD: …. tá ‘fhios a’d anois an chaoi a dtéann daoine ag dinnéar? ….

MARY: …. Builíní, builíní agus cácaí currants.

MAIRÉAD: Agus a’ raibh sé deacair ar bhean an uair sin a dhul isteach in éineacht le bean eile a bhí sa teach cheanna?

MARY: Bheadh dhá mbeadh bean óg meabhrach istigh ann, a’ dtuigeann tú, bheadh sé an-deacair orthub, bhídís a’ rá go mb’fhearr dhuit a dhul isteach i dteach a mbeadh an t-athair beo ann ná an mháthair ach….

MAIRÉAD: …. Hm, agus bhíodh deartháireachaí agus dreabharachaí ansin i gcuid go na tithe?....

MARY: …. Bhíodh ag cuid acub, ach i mo chas sa ní raibh aon duine sa teach ach é féin agus a mháthair….

MAIRÉAD: ….Hm….

MARY: …. agus bhí an mháthair, an créatúir, bhí sí cineálta a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí sí go hálainn, bhí sí go lách, mhair sí deich mbliana in éineacht linn.

MAIRÉAD: Cén sórt bean a bhíodh na fir a’ chuartú an t-am sin?

MARY: (osna) (sos) (gáire)

MAIRÉAD: An raibh aon chineál áirid bean, tanaí nó …?

MARY: Bhuel is dóigh go mbíodh, cuid acub ag iarraidh bean, bean mhór láidir le dhul sa gcladach, agus rudaí mar sin a’ dtuigeann tú, agus bhí sé sin roimh mo am sa anois ceart go leor, mar nuair a bhí mise a’ teacht suas really an t-am sin bhí rudaí athraithe beagán. Tá ’fhios a’m gur dhúirt bean amháin liomsa, cara liom í, bhuel ba as Cill Rónáin í, ach gur dhúirt sí liom lá amháin nuair a phós mise, tar éis mé pósadh gur dhúirt a máthair, a’ bhfuil ’fhios a’d, nuair a chuala sí go raibh mise a’ gabháil a’ pósadh, “á a leabharsa tá ciall aici sin”, go raibh me a’ gabháil isteach in áit mhaith, a’ dtuigeann tú agus…. (gáire)

MAIRÉAD: …. Go raibh tú críona?....

MARY: …. Agus ní raibh tada go na rudaí sin ann. Go raibh me críona.

MAIRÉAD: Hm. Eh, an ndéantaí cleamhnas leis an dara pósadh?

MARY: Em cén dara pósadh?

MAIRÉAD: Dá mbeadh an duine a’ pósadh an dara huair, dá dtarlódh tada gon chéad bhean?

MARY: Níl ’fhios a’m anois….

MAIRÉAD: …. An mbíodh cleamhnas ag a’ duine céanna? ….

MARY: …. Ní, ní bheinn in ann an cheist sin a freagairt anois, ní bheinn.

MAIRÉAD: Hm. Agus cén fhaid a sheasadh an pósadh an t-am sin, an mbíodh sé lá amháin nó…?

MARY: Eh, ó lá amháin, bheadh (--) b’fhéidir d’fhanaidís go maidin. [Maidhcilílín le cloisteáil ag caint sa chúlra]

MAIRÉAD: Bhíodh caint eicínt fadó go mbíodh bainis eicínt trí lá.

MARY: Ar ndóigh b’fhéidir go mbeadh in áiteachaí ach a’inne go h-áirid anseo, bhí bainis thart i lá….

MAIRÉAD: …. Ni raibh ar an oileáin seo ach lá amháin….

MARY: …. lár na h-oíche no ní raibh mar tá ’fhios a’m go ndeachaigh (--) go m’éigean go Mhaidhcilín a dhul soir le muca lá arna mhárach, a’ dtuigeann tú.

MAIRÉAD: Bhuel sin é, anois a Mhary agus go raibh mile maith a’d aríst.

MARY: Mo hé duit a stór agus tá fáilte romhat.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.