Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00020

Recording
BBAF.00020
Format
MiniDisc
Duration
12:41
Date
3 May 2001
Languages
English
Irish
Location
Mainistir
Collector
Maeve Uí Fhlaithearta
Informant
Mary Uí Fhlaithearta
Archival information
MD 28 Mary Uí Fhlaithearta. Clann; Scoil; Máirtín Ó Direáin; Bean Mháirtín Uí Dhireáin; Scríbhneoirí an oileáin; Scoil Éigse; Cniotáil; Obair; Teanga; Raidió na Gaeltachta.
Additional information
MD 28 Mary Uí Fhlaithearta. Family; School; Máirtín Ó Direáin and his wife; Island writers; Scoil Éigse; Knitting; Work; Language; Raidió na Gaeltachta.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00020
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MAEVE: Maeve Uí Fhlaithbheartaigh anseo i dteach Barbara agus Mick [Ó Conaill] i Mainistir ar an 3ú lá de Bealtaine sa bhliain 2001. Tá mé ag caint le máthair Barbara, Mary bn. Uí Fhlaithearta nó Mary O’ Brien as Gort na gCapall ó thús.

MARY: Yeah

MAEVE: Dia duit Mary, tá tú ag breathnú thar cionn, cén chaoi a bhfuil tú?

MARY: Ó tá mé go maith go raibh maith a’d.

MAEVE: Ba mhaith liom píosa comhrá a bheith a’m leat faoi d’óige. Eh, rugadh agus tógadh thú Mary i nGort na gCapall….

MARY: …. I nGort na gCapall

MAEVE: Sea, cé mhéad agaibh a bhí sa clann?

MARY: Bhí ceathrar ann ar dtús ach níl ann anois ach mé féin agus mise an duine ba sine acub. Bhí Bairbre, an duine ba gaire domsa, dhomsa. Bhí sí, eh cheithre bliana níos óige ná mé. Fuair sí sin bás nuair a bhí sí tuairim naoi mbliana. Ní raibh, slaghdán agus pian ina cluas sin é an méid agus cailleadh go thobann í.

MAEVE: Á

MARY: Yeah, agus ansin bhí Cáit, An gcuimhníonn tú ar Cáit, Katie?

MAEVE: Ó cuimhním go maith ar Cáit. Bhí sí an-deas ….

MARY: …. Yeah ….

MAEVE: …. ar fad

MARY: Agus Áine, cailleadh, anuraidh a fuair sí sin bás. Is dóigh go b’é an croí. Bhí sí ceart go leor ach bhí sí a’ raibh tamall roimhe sin go raibh pian ina gualainn.

MAEVE: A raibh?

MARY: Ach chuaigh sí ag a’ dochtúir agus dúirt sé go raibh sí ceart go leor, nach raibh gá di imní a bheith uirthi faoi na croí.

MAEVE: Á

MARY: Ach dúirt na dochtúirí go, nuair a, tar éis í fail bháis, bhí na dochtúirí ag caint lena fear agus dúirt said go raibh na féithe uilig go dtí, go dtí an croí, go raibh said dúnta.

MAEVE: An raibh, an raibh, bhí sé sin, bhí sé sin go dona ar fad.

MARY: Bhí

MAEVE: Bhí, bhí. So ehm cé as do athair agus do mháthair Mary agus cé iad féin?

MARY: Ehm, as eh Gort na gCapall m’athair, is as an bheirt acub ach i bhFearann an Choirce a rugadh m’athair agus rugadh mo mháthair i nGort na gCapall ansin sa teach. Is as a máthair sin freisin.

MAEVE: Agus cén t-ainm a bhí ar do mháthair nó d’athair?

MARY: Ar mo mháthair sa, Bairbre Ní Fháthartha a bhí uirthi nuair a phós sí, agus m’athair Peadar Ó Briain a bhí air.

MAEVE: Á sea, chuala mé Ronan a’ caint faoi d’athair.

MARY: Sea.

MAEVE: Bhíodh sé ar cuairt acub, tá mé ag ceapadh.

MARY: Yeah.

MAEVE: So ag breathnú ar na rollaí anois Mary i scoil Fearann an Choirce, thugamar faoi ndeara go raibh clann amháin leis an sloinne Cramptons.

MARY: Sea

MAEVE: An raibh gaol ag do mháthair, do mhuintir leob sin ….?

MARY: …. Bhí, sin í máthair mo mháthair.

MAEVE: Ó máthair do mháthair.

MARY: Máthair mo mháthair.

MAEVE: Ó sea.

MARY: Sea. Crampton a bhí uirthi silim go b’é an t-aon ainm san oileán é, iad sin, sea….

MAEVE: …. Bhuel fuair mé amach é sin ….

MARY: …. Sé ….

MAEVE: …. ag breathnú ar na rollaí.

MARY: Sea.

MAEVE: Agus meas tú cé as a tháinig siad. Níl ’fhios a’t?

MARY: Níl mé cinnte dhe sin….

MAEVE: …. Tá ’fhios a’m….

MARY: …. ach go bhfuil ’fhios a’m, mo sheanathair gur as Conamara a tháinig sé.

MAEVE: Ó.

MARY: Áit eicínt in aice le Carna sílim. Mar bhí col ceathrar aici, bhí sé ann, cuimhnímse go raibh sé ann nuair a bhí mé féin beag. Eh in aice leis an Aird Mhór, in aice le Carna.

MAEVE: Ó, an raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: An raibh tú amuigh ansin nuair a bhí tú óg?

MARY: Ní raibh.

MAEVE: Ní raibh.

MARY: Ní raibh mé amuigh ariamh ann.

MAEVE: So an cuimhin leat anois nuair a bhí tú a’ fás suas, na, na teaghlaigh a bhí ar an mbaile, i nGort na gCapall?

MARY: Ó, bhí ceithre, níl ’fhios a’m an ceithre teach déag nó sé cinn déag.

MAEVE: An raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: An raibh, an raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: Agus cé ehm iad na gasúir a bhí tú cairdiúil leob ag, ag fás suas, an cuimhin leat?

MARY: Bhuel, bhí eh McDonaghs a bhí orthu. Bhí said an taobh eile dhínne. Tá an teach i gcónaí ann sílim. Teach a bhfuil, tá sé athruithe anois. Bhí, bhí Eileen, an gcuimhníonn tú ar Eileen?

MAEVE: Ó

MARY: Sea eh, Eileen agus Naipe.

MAEVE: Ó, Naipe, ó sea, máthair Seán?

MARY: Sea. Tá Máirtín i gcónaí ann. Bhí Seáinín ann, yeah.

MAEVE: Ó sea.

MARY: Bhí dreabharachaí i Meiriceá acub freisin.

MAEVE: A’ raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: Bhí clann, bhí clann mór acub sin, tá mé ag ceapadh, sea. Tá sé sin suimiúil. Agus cá ndeachaigh tú ar scoil, Mary?

MARY: Chuaigh mé ar scoil i bhFearann an Choirce. A’ bhfuil ’fhios a’d an sean scoil a bhí i bhFearann an Choirce? Bhí sé ag an taobh eile gon bhóthar ansin.

MAEVE: A’ raibh, a’ raibh?

MARY: Bhí agus ansin chuaigh mé tamall ag an eh, bhí eh, scoil Gairmoidis nó Tech, bhí sé ar an oileán.

MAEVE: Ó a’ raibh, bhí sé sin, bhí sé sin….

MARY: …. Bhí sé sin, bhí an teach, an bhfuil ’fhios a’d teach na Concannons?

MAEVE: Ó, in Eoghanacht, an ea?

MARY: Thóg an Coiste Gairmoideas é sin ar cíos nó rud eicínt. Bhí sé dhá bhliain ansin.

MAEVE: Ó an raibh, ó an raibh?

MARY: Agus bhí scoil eile ansin, Cúl Áirne, scoil eh, saghas eh, áit le h-aghaidh tíos é freisin.

MAEVE: Ó sea.

MARY: Níl ’fhios a’m ar bliain amháin nó dhá bhliain a rinne mé ansin.

MAEVE: An rinne?

MARY: Ach níl sé ann níos mó, yeah.

MAEVE: An rinne. Agus an ndeachaigh aon duine eile as Árainn go dtí Cúl Áirne leat, nó an ndeachaigh tú leat féin?

MARY: Eh, ó chuaigh mé liom féin ansin.

MAEVE: An ndeachaigh?

MARY: Chuaigh, ní raibh aon chailín eile ann.

MAEVE: Ó sea, so nuair a bhí tú ag dul ar scoil i bhFearann an Choirce anois, ar shiúl sibh síos, nó cén chaoi a ndeachaigh sibh síos, cén bealach síos go dtí an scoil?

MARY: Ó shiúl muid síos é, síos an crangaire.(gáire)

MAEVE: Síos an crangaire, (gáire) sin é bhí mo chuid gasúir féin, is deas an slí é sin.

MARY: Yeah.

MAEVE: Tá sé go h-álainn. Agus an raibh mórán gasúir ag dul go, go Fearann an Choirce?

MARY: Ó, bhí go leor, bhí fiú amháin scór as Gort na gCapall.

MAEVE: An raibh, sin, an raibh?

MARY: Bhí, mar cuimhním lá amháin go raibh muid deireanach, muintir Ghort na gCapall uilig deireanach agus nuair a chuaigh muinn isteach ní raibh ach cúpla duine istigh sna suíocháin.

MAEVE: Sibh uilig ag teacht ….

MARY: ….Yeah ….

MAEVE: …. as Gort na gCapall….

MARY: …. Sea ….

MAEVE: …. Nach raibh sé sin go h-álainn. Chuala mé Maureen Fleming ag raibh go raibh an beirt agaibh, agaibh ar scoil le chéile.

MARY: Ar scoil, bhí, bhí, yeah.

MAEVE: An bhfeiceann tú Maureen i gcónaí?

MARY: Feicim i gcónaí.

MAEVE: Tá sí ar saoire faoi láthair….

MARY: …. Tagann sí isteach. Tá sí i Meiriceá faoi láthair.

MAEVE: Tá, yeah.

MARY: Tagann sí isteach go minic nuair a bhíonn sí sa mbaile.

MAEVE: Nach bhfuil sin go deas. Tá sí go h-álainn Maureen ….

MARY: …. Tá sí go deas ….

MAEVE: …. nach bhfuil?

MARY: Tá sí go deas.

MAEVE: Yeah. Meas tú an cuimhin leat cén múinteoir a bhí agat i Fearann an Choirce?

MARY: I bhFearann an Choirce, bhí bean as Gort na gCapall, Mairéad Ní Fhlaithearta an t-ainm a bhí uirthi.

MAEVE: An raibh?

MARY: Bhí, agus bhí fear as Co. an Chláir silim eh Maloney a bhí air.

MAEVE: Ó Maloney.

MARY: Sea.

MAEVE: Sea, chuala mé faoi sin.

MARY: Chuala tú caint ar sin, tá mé cinnte.

MAEVE: Sea. An rabhadar, an rabhadar dian nó?

MARY: Ó ní raibh, bhuel bhí, bhí sise am[anna], amanntaí, bhí sí roinnt, beagán ach bhí sí ina múinteoir iontach.

MAEVE: An raibh?

MARY: Bhí sí iontach, bhí.

MAEVE: An raibh, an raibh?

MARY: Bhí, bhí.

MAEVE: Agus ar thaitnigh an scoil leatsa, Mary?

MARY: Bhuel roinnt, bhínn ag brionglóidí go minic air agus níor thaitnigh liom a dhul ar ais ag an scoil, no.

MAEVE: Sin é é.

MARY: Níor thaitnigh.

MAEVE: No, bhí sé dian go leor.

MARY: Sea.

MAEVE: Tá sé difríocht inniu, nach bhfuil….

MARY: …. Tá, déarfainn go bhfuil….

MAEVE: …. níos éasca ar na gasúir inniu, sea. Agus nuair a bhí sibh ar scoil ar úsáid sibh cóip leabhair nó?

MARY: Ó d’úsáid….

MAEVE: …. Nó slates, nó céard….?

MARY: …. Ó cóip leabhair.

MAEVE: Cóip leabhair ….

MARY: …. Cóipleabhair

MAEVE: Cóipleabhair, ó sea, agus cé na h-ábhair a rinne sibh sa Scoil Náisiúnta, ar cuimhin leat?

MARY: Bhí eh, bhí na gnáth ábhair, bhí Gaeilge agus Béarla agus Maths agus Tír Eolas agus Stair agus rinne, rinne roinnt a’inn Céimseata, Geometry freisin.

MAEVE: O, an rinne?

MARY: Rinne, ach ní ….

MAEVE: “___+” ….

MARY: …. ní bhítí dhá mhúnadh sin sa scoil náisiúnta.

MAEVE: No.

MARY: Ach mhuin Maloney é ar feadh tamall. Thaitnigh sé liom ag an am freisin.

MAEVE: Sea, thaitnigh Maths agus rudaí mar sin leat mar sin?

MARY: Bhuel, thaitnigh Maths liom ach níor thaitnigh Algebra liom.

MAEVE: Nár thaitnigh?

MARY: Níor thaitnigh sé sin ar chor ar bith liom.

MAEVE: Yeah, tá sé deacair go leor ceart go leor, yeah, yeah. An mbíodh sibh ag cniotáil ar scoil nó?

MARY: Bhíodh.

MAEVE: An mbíodh?

MARY: Agus fuáil, bhíodh.

MAEVE: Ar thaitnigh sé sin leat?

MARY: Thaitnigh sé ceart go leor, thaitnigh mind you, ceart go leor liom.

MAEVE: Yeah, yeah. Rud eile a chonaiceamar, eh cúp[la], cúpla aiste a scríobh Katie nó Cáit….

MARY: ….Ó sea ….

MAEVE: …. go Bailiúchán na Scol.

MARY: Ó sea.

MAEVE: Caithfidh go raibh sí go maith a’ scríobh….

MARY: …. Bhí sí ….

MAEVE: …. An cuimhin leat ….?

MARY: …. Bhí sí, bhí ceart go leor, chonaic mé cúpla ceann acub.

MAEVE: Yeah, bhí sí an-mhaith a’ scríobh, nach raibh?

MARY: Yeah, yeah, bhí.

MAEVE: Bhí, bhí tusa imithe ón scoil an raibh ag an am sin….?

MARY: …. Bhí mise an t-am sin….

MAEVE: …. An raibh tú ….?

MARY: …. imithe ón scoil is dóigh nuair a bhí sise, nuair a bhí sé sin ar bun, yeah.

MAEVE: An raibh, an ndeachaigh sea, so ansin chuaigh tú go Cúl Áirne tar éis Eoghanacht, an ea?

MARY: Sea.

MAEVE: Ina dhiaidh sin, ó bhí sé sin. Agus an raibh aithne agatsa ar Máirtín Uí Dhireáin?

MARY: Ó bhí.

MAEVE: Máirtín Ó Direáin.

MARY: Is mé a chuir a bhean in aithne dhó.

MAEVE: Ar chuir?

MARY: Yeah.

MAEVE: Ó nach raibh sin go deas. Agus an raibh aithne agat ar feadh, cén…

MARY: …. Bhuel ar feadh, feadh roinnt blianta. Sé Pádraic Concannon a chuir Máirtín in aithne dhom, sin deartháir le Éamonn.

MAEVE: Ó sea.

MARY: Agus chuir sé Máirtín in aithne dhom, silim gur i nGaillimh, níl mé cinnte anois ar i nGaillimh nó i mBleá Cliath.

MAEVE: Ó sea.

MARY: Á, bhí Máirtín go h-álainn.

MAEVE: A’ raibh. Cén saghas duine a bhí ann?

MARY: Duine iontach deas, duine iontach simplí a bhí ann.

MAEVE: A’ raibh?

MARY: Bhí sé an-deas agus an-chliste ach bhí sé go h-iontach deas ar fad, yeah. Agus bhí a bhean i gCúl Áirne in éindí liomsa.

MAEVE: Ó, an raibh?

MARY: Bhí, bhí.

MAEVE: Ó nach raibh sé sin go deas?

MARY: Yeah.

MAEVE: Ó, bhí sé sin an-suimiúil ar fad. Agus céard faoi Liam Ó Flaithearta, an raibh aithne agat ar Liam?

MARY: Bhuel, chonaic mé aon uair amháin é. Ní, ní, sin é an méid.

MAEVE: An méid. Sea, meas tú an cuimhin leat aon duine eile “__+” ar an oileán a bhí go maith ag scríobh ag an am, taobh amuigh de Liam nó Máirtín.

MARY: Brendan Hehir is dóigh.

MAEVE: Ó sea, Brendan, sea.

MARY: Hm.

MAEVE: Agus bhíodar ag caint freisin faoi Scoil Éigse, an cuimhin leat aon rud faoi sin? Tá mé ag ceaptha go raibh sé sin ar siúl ó tháinig mise anseo.

MARY: Bhuel b’fhéidir go raibh, mar cuimhním gur chuala mé caint air.

MAEVE: Bhí rud éigin, cheap mé go raibh Father, bhí baint b’fhéidir ag Father Delaney leis sin meas tú?

MARY: Níl mé cinnte anois.

MAEVE: Níl tú cinnte faoi sin ….

MARY: …. Níl mé cinnte …

MAEVE: So, rinne tú roinnt cniotáil tú féin, an raibh, an raibh baint agat le Gaeltarra, nó leis an Country Shop?

MARY: Ní, ní raibh, bhuel bhínn a’ criotáil fadó le, gon Country Shop ach

MAEVE: Ó, an mbíodh?

MARY: Bhíodh fadó.

MAEVE: Cén saghas rudaí a bhí á dhéanamh agat?

MARY: Geanasachaí, bhí.

MAEVE: Ó yeah, ar thaitnigh sé leat nó?

MARY: Thaitnigh mind you, thaitnigh.

MAEVE: An raibh stitches áirithe agat féin nó an raibh?

MARY: Bhí bhuel bhí, tá ’fhios a’d na cinn as Árainn.

MAEVE: Sea.

MARY: Na gnáth chinn.

MAEVE: Yeah, bhí sin go deas. Bhíodh Katie ag cniotáil, is cuimhin liom freisin….

MARY: Yeah, bhíodh.

MAEVE: Í féin agus Winnie.

MARY: Yeah, sea.

MAEVE: An beirt acub, sea. So ansin eh chaith tú tréimhse ag obair ar an mórthír sula phós tú?

MARY: Bhíos, yeah.

MAEVE: Agus cá raibh tú ansin?

MARY: ‘Bhfuil ’fhios a’d nuair a tháinig na, na Dubliners amach ar dtús?

MAEVE: Ó sea?

MARY: Bhí duine amháin ann eh, Ciarán Burke agus bhí mé, chuaigh mé sa teach acub sin, bhí mé a’ tabhairt aire go na gasúir ansin.

MAEVE: A’ raibh?

MARY: Bhí agus bhínn ag labhairt Gaeilge leo. Yeah.

MAEVE: Ó sea. Ach cá raibh said sin, i mBleá Cliath an ea?

MARY: I mBleá Cliath, bhí ….

MAEVE: …. Á sea ….

MARY: …. sea agus faighim litreachaí i gcónaí ó Ronan Burke.

MAEVE: Á.

MARY: Tá sé i mBleá Cliath. Fuair Ciarán bás, fuair sé bás le brain haemorrhage.

MAEVE: Yeah, cuimhním nuair a fuair sé bás.

MARY: Sea.

MAEVE: Bhí sé sin go dona, nach raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: So, phós tú ansin agus bhí tú ag cónaí i, i Cill Rónáin.

MARY: I gCill Rónáin, yeah.

MAEVE: Ansin díreach tar éis tú pósadh?

MARY: Tá sé sin beagnach ceathracha hocht bliain ó shin.

MAEVE: Ceathracha hocht bliain, nach bhfuil sé sin iontach.

MARY: An chéad mhí eile.

MAEVE: Yeah, agus cé é do fhear céile agus cé mhéad gasúir a bhí agaibh?

MARY: Antoine Ó Flaithearta a bhí air.

MAEVE: Antoine Ó Flaithearta agus as Cill Rónáin é?

MARY: As Cill Rónáin freisin, sea.

MAEVE: Yeah, agus bhí Antoine cairdiúil le, le Éamonn.[Concannon]

MARY: Éamonn, yeah.

MAEVE: Nach raibh sé sin go deas ….

MARY: …. Bhí, sea ….

MAEVE: …. agus tusa cairdiúil le

MARY: …. Bhí ….

MAEVE: …. tusa cairdiúil le, le Maureen, bhí sé sin an-deas. Agus Mary, cé mhéad gasúir a bhí a’d féin ansin?

MARY: A’m féin, bhí seachtar, bhí ceathrar cailíní agus triúr buachaillí, fuair duine go na cailíní bás, ní raibh sí ach sé seachtainí.

MAEVE: Á, bhé sé sin deacair, nach raibh?

MARY: Bhí, tá mé a’ ceapadh gur triuch a fuair sí, whooping cough.

MAEVE: Á an é sin é?

MARY: Mar bhí sé sin ar an gcuid eile nuair a tháinig mise as an ospidéal léise.

MAEVE: Ó nach raibh sin., bhí sin an-deacair ar fad. An raibh sí an duine is sine nó óige?

MARY: Bhí sí ar an duine is óige.

MAEVE: Ó, an duine is óige. Á bhí sé sin ….

MARY: …. No, bhí Caitriona níos óige ná í.

MAEVE: An raibh, an raibh, á sea yeah, so agus tá tú anseo agus breathnaíonn tú an-, an-compordach anseo le Barbara.

MARY: Bhuel tá mé anseo le, le Barbara anois, is dóigh go bhfuil sé beagnach ceithre bliana.

MAEVE: A’ bhfuil ….?

MARY: ….Tá mé ag ceapadh go bhfuil ….

MAEVE: …. Nach bhfuil sin go h-álainn.

MARY: Yeah.

MAEVE: Yeah agus tá sibh an-, an-cairdiúil le chéile?

MARY: Bhuel tá mé an-sásta anseo, yeah.

MAEVE: Tá sibh sásta, nach bhfuil sin go deas, an-, an-compordach, agus tagann Maureen agus Caitriona agus ….

MARY: …. Ó tagann siad abhaile ....

MAEVE: …. Na lads ….

MARY: …. agus Eoin ….

MAEVE: …. Eoin ….

MARY: …. bhí Eoin sa mbaile an tseachtain seo caite freisin.

MAEVE: Agus tá gasúir ag Eoin, an bhfuil?

MARY: Tá duine amháin, páiste, buachaill, buachaill amháin.

MAEVE: Nach bhfuil sé sin go h-álainn.

MARY: Tá se cheithre bliana go leith nó rud eicínt.

MAEVE: A’ bhfuil yeah agus an bhfuil buachaill beag ag Caitriona freisin?

MARY: Tá.

MAEVE: Cén aois anois é?

MARY: Tá sé sin ocht mbliana, naoi mbliana anois.

MAEVE: A’ bhfuil?

MARY: Tá.

MAEVE: Nach deas iad go léir a fheiceáil.

MARY: Yeah, is deas iad a fheiceáil.

MAEVE: Yeah, agus an bhfuil Maureen i gcónaí i Kylemore?

MARY: Tá, yeah.

MAEVE: Is álainn an áit

MARY: Yeah, tá.

MAEVE: Bhí tú amuigh ansin, an raibh?

MARY: Bhí muid amuigh, bhí me ann go minic, nó roinnt mhaith.

MAEVE: An raibh?

MARY: Bhí.

MAEVE: An raibh, ó yeah, so feiceann tú, I suppose an athrú mór ar rudaí anois?

MARY: Tá, ó tá athrú mór anseo.

MAEVE: Athrú mór ar rudaí yeah, céard a cheapann tú anois faoin teanga, an gceapann tú go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge ó thaobh ehm cultúr an oileán?

MARY: Bhuel, ceapaim go bhfuil, ceapaim, ach ceapaim nach bhfuil eh, nach labhraítear é chomh mór agus a bhíodh sé dhá labhairt.

MAEVE: Labhairt, is trua é sin.

MARY: Sea, sea.

MAEVE: B’fhéidir nach dtuigeann daoine an tábhacht atá leis ó thaobh

MARY: Silim nach dtuigeann, yeah.

MAEVE: B’fhéidir é sea, agus céard a cheapann tú faoi Radio na Gaeltachta nó TG4 ó thaobh caighdeán na Gaeilge?

MARY: Ó yeah, tá cuid dhe go maith anois agus tá an caighdeán go h-iontach maith ann. Bíonn cuid eile a bhíonns, nach mbíonn sé chomh h-iontach sin ach tá sé go maith mar sin féin.

MAEVE: Bíonn tú ag éisteacht, a’ mbíonn?

MARY: Bíonn mé ag éisteacht leis yeah. Bíonn sé spéisiúil amanntaí.

MAEVE: Bíonn, bíonn. Taitníonn léitheoireacht leat ar aon nós.

MARY: Yeah, ó taitníonn.

MAEVE: B’fhearr leat an léitheoireacht ná a bheith ag éisteacht, ná ag breathnú ar teilifís.

MARY: Bhuel, is fearr. Níl mé, níl mórán spéis a’m sa teilifís.

MAEVE: Nach bhfuil?

MARY: Níl mórán.

MAEVE: Nach bhfuil, tá an radio níos deise, nach bhfuil?

MARY: Tá, is fearr liom a bheith ag éisteacht leis an radio….

MAEVE: …. Tá an radio níos deise, yeah. Bhuel, go raibh mile maith agat anois Mary. Bhain mé an-taitneamh as an, as an comhrá sin.

MARY: Ó muise, fáilte romhat. Bhain mise taitneamh as freisin.

MAEVE: Ar bhain, yeah I mean tá aithne agam ort le, agus ar, agus bhí aithne agam ar Katie agus Annie go ndéana Dia Trócaire orthu ó tháinig mé go Gort na gCapall. Tháinig mé i 1973.

MARY: A’ b’ea?

MAEVE: Sea, agus bhí ….

MARY: Ó yeah.

MAEVE: Sin é an fáth go bhfuil sé an-deas labhairt leat. Yeah, so go raibh mile maith agat Mary.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.