Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00031

Recording
BBAF.00031
Format
MiniDisc
Duration
26:40
Date
24 January 2002
Languages
English
Irish
Location
Bun Gabhla
Collector
Margaret Uí Dhioráin
Informant
Vincent Mac Cearáin
Archival information
MD 38 Vincent Mac Cearáin. Caoladóireacht.
Additional information
MD 38 Vincent Mac Cearáin Basket-weaving.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00031
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MAIRÉAD: Is mise Mairéad Ní [Uí] Dhioráin anseo. Tá mé anseo i seomra oibre Vincent McCarney. [McCarron] Sé inniu an ceathrú lá fichid go Eanáir 2002. In éineacht liom tá Vincent agus grúpa Bail, Bailiúchán Béaloideas Árainn. Tá mé féin agus Caitriona Ní [Uí] Iarnáin ag dul ag labhairt le Vincent faoi na chuid ciseáin. Go raibh maith agat a Vincent faoi cuireadh a thabhairt dúinn anseo ag breathnú timpeall agus feiceann muid go bhfuil go leor obair déanta a’d. Ar mhiste liom fhiafraigh díot cár rugadh thú ar dtús?

VINCENT: Rugadh thall i Lancashire mé, i Sasana.

MAIRÉAD: Yeah.

VINCENT: Tugadh mé Blá Cliath, tógadh suas mé i mBlá Cliath mé agus tháinig mé go hÁrainn ansin. Tá mé tríocha bliain in Árainn anois.

MAIRÉAD: Agus cén chaoi ar chuir tú suim sna ciseáin ar dtús?

VINCENT: Bhuel rinne mé ciseán fadó an lá i mBungabhla le Maidhcilín Pheaits Bheachlín agus tháinig Joe Hogan anseo i [naoi déag] naocha cúig agus rinne sé cúrsa le Mná Fiontracha agus sin é an bliain a rinne mé féin an cúrsa agus ó shin i leith tá mé ag déanamh dhá chúrsa sa mbliain fiú amháin go dtí an lá inniu. Gabhaim amach ag Joe agus daoiní eile. Bhí mé sa bhFrainc ag déanamh cúrsa agus bhí me i Meiriceá a’ déanamh cúrsa agus, tá go leor taisteal déanta a’m le na ciseáin anois.

MAIRÉAD: Sea. Ar fhan tú i bhfad i Meiriceá agus i Sasana a’ déanamh cúrsa?

VINCENT: Bhí mé seachtain sa bhFrainc, deich lá sa bhFrainc agus bhí mé trí seachtainí thall i Meiriceá. Rinne mé cúrsa ansin i Beverly University. So tháinig múid ar ais ansin agus tá cúrsa déanta a’m le caoladóirí as Sasana agus, go leor caoladóirí i Sasana agus caoladóirí in Éirinn freisin. Caoladóirí difríocht., mar tá styleannaí difríocht i chuile áit beo.

MAIRÉAD: Cé méad bliain ó thosaigh tú?

VINCENT: Tá mé a’ plé leob anois ó [naoi déag] naocha cúig so seacht mbliana leob anois, seacht nó ocht go bhlianta.

MAIRÉAD: Agus cén t-ábhar a úsáideann tú leis na ciseáin a dhéanamh?

VINCENT: Sail an t-ábhar is mó a úsáideann mise, now úsáidim corr, corr slat coll alright ach sail an chuid is mó. Mar fadó anseo sé sail a bhí a’ fás anseo. Sé an t-ábhar is mó a bhí acub agus bhain dar úsáid as an t-ábhar a bhí sa ceantar. An caoi céanna le taobh amuigh dá mbeadh coll acub taobh amuigh sé a d’úsáideadh siad nó dá mbeadh tuí acub agus ar nós na ciseáin a fheiceann tú thart ansin, ciseáin déanta as tuí, sin é an t-ábhar a bhí acub sa ceantar agus t-ábhar láidir a bhí ann. So sin é an fáth gur úsáid siad an tuí, tá sé fíor, fíor láidir agus seasann sé blianta, blianta fada, a’ bhfuil ‘fhios a’d agus go mór mór anseo fadó, tá mata amháin ar an mballa ansin freisin déanta as tuí, bheadh sé sin acub sna sean tithe ar cúl an fuinneog nó ar cúl an doras leis an ghaoth a choinneal amach as, so

MAIRÉAD: An tuí atá sa gceann sin ansin anois an bhfuil sé sin cosúil leis an tuí atá a’ fás ar an oileán?

VINCENT: No, no. Bhí sé sin fásta acub fadó, sin é an oats, oaten straw a ghlaonn siad air i mBéarla, níl ’fhios a’m cén Gaeilge a bheadh ar sin anois ach ar nós chuile shórt eile tá an tuíodóireacht, tá sé sin imithe anseo freisin like, níl aon duine a’ plé leis níos mó.

MAIRÉAD: A’ mbíonn ort an t-ábhar a cheannacht taobh amuigh den oileán nó cén cineál ábhar a cheannaíonns tú nó cé as a fhaigheanns tú é ….?

VINCENT: …. Bhuel tá thart ar acra go leith sail anseo ar an oileán a’m féin idir na garrantaí uilig atá a’m agus tá, caithfidh mé blaist eile a cheannacht as Sasana. Tagann sé as Somerset ansin. Now tá naoi gcinn déag go sail difríocht a’ fás a’m anseo ar an oileán faoi láthair. Tá dathannaí difríocht a’msa – “__”, tá ‘Packing Twine’ dath buí agus ansin tá an, mar a fheiceann tú anseo, tá dath uaithne anseo ach nuair a tríomaínn sé sin amach beidh dath cineál ór air. Golden Rod mar a ghlaonn siad, sin é an Béarla ata ar sin. Is as Bungabhla a d’fhás an rod sin, an slat sin. Now tá cúpla slat sail ar an oileán a bhí anseo fadó. Tá ceann amháin ann an Common osier mar a ghlaonn siad air nó Salix viminalis - slat sail, sin é an céad ceann a bhí ann agus anseo an Golden Rod, sin iad an péire a bhí nádúrach don áit like, you know. Bhí siad coitianta. Bhí garraí sail ag chuile dhuine ansin ar an oileán, chuile theach beo, mar bheadh na sean daoiní a’ déanamh cléibh agus cúpla ciseog sa mbliain mar sin, sin an ábhar a bhíodh acub agus bheadh siad a’ plé leis an feamainn, go mór mór daoiní a bhíodh a’ plé leis an cladach, tarraingt feamainn, a’ tarraingt gainimh agus ansin nuair a bheadh na fataí fásta, a’ tarraingt na fataí abhaile ansin aríst a’ bhfuil ’fhios a’d so bhí cúpla cléibh ansin, cléibh ráin, cléibh droma agus cléibh feamainn, a’ bhfuil ’fhios a’d, bhí dar sin uilig le n-úsáid acub.

MAIRÉAD: Hm, a’ bhfásann chuile chineál gon sailí sin ar an oileán?

VINCENT: Fásann, fásann tá sé éasca fás, tá sé éasca fás, níl ann ach píosa go slat a chuir síos sa talamh agus tiocfaidh sé leis. Tar éis bliana caithfear é a bhaint. Bhuel bainfidh tú, gearradh tú síos chuile bhliain ansin é agus an t-am go bhliain [le é a ghearradh] a deireann an sean dream, tar éis an céad gealach go mí na Shamhna mar beidh an céad sioc faighte acub an t-am sin agus beidh na duilleogaí imithe dhó so sin é an t-am a thosóidhs tú a’ baint. Ní, ní bhainfidh tú roimhe sin é, d’fheadfá é a bhaint ach bhfuil ’fhios a’d bheadh blaist duilleogaí a’d agus tá sé deacair é sin a oibriú ansin.

MAIRÉAD: An mbaintear úsáid as coill nó ábhar ar bith eile le ciseáin a dhéanamh freisin?

VINCENT: Bhuel anseo fadó sé an tuí, an tuí a bheadh dhá úsáid acub anseo “___+” agus coll. D’úsáidtí coll anois ansin le cléibh a dhéanamh agus le potaí gliomachaí a dhéanamh. Now níor gearradh aon coll anseo is dóigh le potaí a dhéanamh le is dóigh dhá scór bliain, a’ bhfuil ‘fhios a’d tá sé chomh fada sin ó rinneadh aon pota anseo as coll. Tá mé a’ ceapadh go bhfuil sé thart ar deich mbliana fichid ó rinneadh mórán ciseáin as. Tá mé a’ ceapadh gur mac John Joe Joeín [Joeín Ó Fátharta as Eochaill atá i gceist anseo] an fear deireanach a chonaic me ag plé le ciseáin go rialta a’ bhfuil ’fhios a’d ar an tsráid taobh amuigh gon teach ansin thuas. Now bheadh, d’fheicfinn corr daoiní anseo thiar ar an taobh seo gon bhaile, Peterín agus Maidhcilín Pheaits Bheachlín [Ó hIarnáin] agus Peterín ehm, Peterín a’ Bheagach [Ó Maoláin] agus John Sheán Neilín [Ó Cuacach] a’ plé le ciseáin a’ bhfuil ’fhios a’d. Go baile beag mar é sin é an méid a bhí ann anyways, so tá mé a’ ceapadh go raibh Maidhcilín [Tom Mhóir Ó Conghaile] thíos anseo freisin in ann cúpla ceann a dhéanamh freisin a’ bhfuil ’fhios a’d.

[Labhraíonn Margaret Uí Chonghaile, bean chéile Mhaidhcilín, agus deireann sí go raibh Maidhcilín in ann iad a dhéanamh agus go mbíodh sé ag déanamh potaí gliomaigh as coll seacht mbliana déag roimhe sin].

MAIRÉAD: A’ gcuireann tú féin an saillí?

VINCENT: Cuireann, Chuir mé saillí, cuireann mé blaist saillí chuile bhliain. Chuir mé suas le cúig céad slat saillí curtha i mbliana agus b’fhéidir níos mó. Ó seo amach tá mé actually ag cur míle slat ar an mórthír anois thíos i Middleton i Corcaigh. Tá cailín thíos ansin sásta é a fás dhom so tá mé a’ fás saillí taobh amuigh anois ar an mórthír.

MAIRÉAD: Agus an gcaitheann tú na h-áiteachaí sin a cheannacht le an saillí a chur a’ fás ann?

VINCENT: No na daoiní ata dhá thabhairt dom tá siad, tugthaí dhom saor in aisce, na garrantaí saillí.

MAIRÉAD: Cén t-am den bhliain a chuirtear é agus cén t-am a bhaintear é?

VINCENT: Bhuel thosaigh mé féin anois á chur i mí Feabhra, an mí uilig, mí Feabhra uilig beidh mé ag cur sail anois an mí seo ach mí na Shamhna bíonn mé a’ glanadh agus tá mé a’ glanadh an garraí an chuid is mó gon bhliain mar na sean garrantaí anois tá siad lán le driseachaí agus chuile shóirt eile agus tá go leor obair ann leis iad a glanadh amach mar caithfidh seans a thabhairt gon slat nua a fhás agus má fheiceann tú taobh amuigh ansin tá sé curtha faoi plastic a’m agus an idea leis sin ná coinníonn sé síos an salachar, tabharfaidh sé seans gon slat fhás ansin, a’ bhfuil ’fhios a’d ní fheicfidh tú an oiread salachar sa ngarraí is atá i ngarraí “__” a’ bhfuil ’fhios a’d so thabharfainn sé seans gon, gon slat fhás ansin.

MAIRÉAD : Céard a dhéantar leis nuair a bhíonns, nuair a bhaineanns tú é?

VINCENT: Bainim é agus fágaim é le “__? ansin agus tréis mí caithfidh mé é a thabhairt isteach sa stór agus mar fheiceann tú ar an mballa ansin tá sé marcáilte amach ansin le troigheannaí a’m ar an mballa agus piocaim amach na saghsannaí, na saghsannaí slata de réir a chéile, amach as an beart agus iad sin, beidh mé úsáid iad sin de réir an saghas ansin

MAIRÉAD: Sea ach le é a thriomú amach, nó céard…?

VINCENT: Ó just é a fhágáil ina sheasamh.

MAIRÉAD: É a fhágáil ina sheasamh.

VINCENT: É a fhágáil ina sheasamh sa stór ansin agus triomaigh sé féin amach.

MAIRÉAD: Ó sea.

VINCENT: Má fhágann tú amuigh a’ luí ar an talamh é coinneoidh sé a’ fás.

MAIRÉAD: Ó sea.

VINCENT: Ní bhfaighidh sé bás go deo. Coinneoidh sé a’ fás.

MAIRÉAD: Cén cineál talamh atá feiliúnach le saillí nó a bhfásann sé ’s chuile áit?

VINCENT: Bhuel sé an chaoi tá mé a’ ceapadh fadó deir siad gurbh é an talamh a’ bhfuil ’fhios a’d a bhí fliuch mar ní fhéadfá tada eile a chur isteach ann, ach tá mé a’ ceapadh go b’shin é an talamh is fearr a bhí ar an oileán mar is ann a, faoi toibhneachaí [toibreacha] is mó a bhí an talamh sin agus bhíodh chuile salachar a’ titim síos ann agus tá go leor fód i chuile cheann go na garrantaí atá ann anois a’ bhfuil ’fhios a’d mar tá ’fhios a’m go bhfuil garraí ag Maidhcilín Pheaits Bheachlín thiar i Bungabhla agus bhain sé an fód as le cuir i garraí eicínt eile agus tá an oiread fód ann anois agus a bhí an céad lá riamh a’ bhfuil ’fhios a’d agus tar éis é bhaint as so ní rud (--) Deireann siad garraí, garraí maith, tá sé [an sail] a’ fás amuigh ansin a’msa, tá sé ar an creig, níl aon uisce ann, caithfidh mé féin uisce a thabhairt dhób agus rud amháin eile leis anplastic ansin bhí mé féin a’ ceapadh leis an teas, ancondensation a dhéanfadh an plastic go mbeadh sé recycláil tríd an slat é féin.

MAIRÉAD: M hm.

VINCENT: Sin é mo thuairim anyway ach níl mé cinnte faoi ach just, now caitheann mé uisce a thabhairt dhób amanntaí nuair a bhíonn triomach mór ann, mar tá tanks mór a’m ansin alright le n-aghaidh.

MAIRÉAD: Cé leis a bhaintear an saillí?

VINCENT: Gearrann mise é, le scian cuid acub agus cuid eile leis an secataurs, a’ bhfuil ’fhios a’d ach scian a bhíodh acub fadó. Scian nó corrán b’fhéidir.

Leanann Catherine Seoighe ar aghaidh leis an agallamh

CATHERINE: Meas tú an mbíodh dar ag úsáid cléibh le go leor obair fadó?

VINCENT: Ó bhí, bhí chuile dhuine ag úsáid cléibh anseo. Bhí cléibh acub ansin leis an feamainn a thabhairt ó, ón cladach go dtí an garraí. Bhí cléibh, cléibh droma ansin acub nó cléibh asail leis an feamainn. Bhí cléibh ansin, cléibh ráin leis an gainimh le tóin adhmad ansin, tá ceann thall ansin, níl aon tóin ann, sean ceann atá ann, leis an gainimh a thabhairt suas a cur ar an garraí agus ansin bhí cléibh móin. Now nuair a bheadh an móin a’ teacht isteach ón mórthír bheadh sé le tabhairt abhaile acub ar an asal, bheadh dhá chléibh acub, nó ar chapall, braitheann sé ar an saghas. Bhí cléibh capall ann agus cléibh asal ann. Braitheann sé ar saghas go (--) An rud faoi na ciseáin fadó freisin, bhraitheadh sé ar an saghas teach a bhí ann agus an méid a bhí sa teach go na ciseáin, an raibh airgead acub nó a’ bhfuil ’fhios a’d má bhí airgead acub bhí capall ann so bhí ciseán mór acub, mura raibh bhí asal ann, so bhí ciseán beag ann agus mura raibh bhí cléibh le cur ar an droim iad féin ansin, so de réir an saghas, de réir an cineál cultúr, an airgead a bheadh sa teach a’ bhfuil ’fhios a’d. Sin é an saghas cléibh agus bhíodh an rud céanna leis na ciseáin, na scibeannaí. Tá scib ansin agus tá cléibh le pota or ciseán le pota. Braitheann sé ar saghas an clann freisin, dá mbeadh scór daoiní sa teach agus go mór mór an t-am sin bhí scór daoiní sa teach mar bhí aunts agus uncles agus seanmháthair agus seanathair agus an clann uilig a’ bhfuil ’fhios a’d. So bheadh ciseán mór acub ansin le cur síos ar an urlár, mar an cuid is mó gon am ní raibh aon bord acub.

CATHERINE: Sea, sin é an ceann atá ansin le rud sa lár ann.

VINCENT: Sea, sea.

CATHERINE: A’ bhfuil tú in ann inseacht dhúinn cén difríocht atá idir cléibh port agus cléibh ráin?

VINCENT: Tá tóin sail ar cléibh portach, tá tóin adhmad sa cléibh ráin agus an cléibh feamainn níl tóin a’ bith ann ach sail casta. Sin é an difríocht atá sa trí cinn acub anois.

CATHERINE: Agus rud eile atá muid ag iarraidh a fháil amach – an ciseán agus ciseog?

VINCENT: Bhuel ciseog, ciseog sin ciseán beag ach de réir na ciseán, bhí ainm ar chuile ciseán. A’ bhfuil ’fhios a’d glaonn muid ciseán ar ciseán. Nuair a ghabhas tú go Sasana “it’s a basket” mar a deir siad i mBéarla.

CATHERINE: Sea.

VINCENT: Bhuel tá ainm ar chuile chiseán. Tá scib ann, tá púcán nó gobán, tá an cléibh, tá na cléibheannaí ann, tá cisí, a’ bhfuil ’fhios a’d, tá pota gliomach, tá an ribh ann. Now tá ainm ar chuile chiseán ach sé an rud faoi an ciseog agus an ciseán, sé an ciseog an ciseog beag. Ciseán, ciseán mór. Sin é an t-aon difríocht idir iad.

CATHERINE: Ar chuala tusa faoi aon duine cáiliúil a bhí ar an oileán a bhíodh ag obair le caoladóireacht fadó?

VINCENT: Bhuel na sean dream uilig bhí, bhí dar an-stuama, chuile cheann [dhuine] acub. Now i Bungabhla bhí Maidhcilín Pheaits Bheachlín agus bhí John Sheán Neilín, Peterín a’ Bheagach anseo. Thuas ar an mbóthar bhí athair Bríd

CATHERINE: Taimín [Tom Mhóir Ó Conghaile]

VINCENT: Taimín, bhí seisean in ann iad a dhéanamh, bhí sé stuama agus tá ceann ansin, sean cheann ansin a rinne Taimín. Thóg mé uaidh Smythy. A’ gabháil soir aríst tá mé a’ ceapadh like Bungabhla, tá sé sin glanta, Sruthán, bheadh cúpla duine ansin. Bhí mac Joeín [Sé Joeín Ó Fátharta atá i gceist] ansin i lár an oileán. Bhí sé sin ag plé leob go minic a’ bhfuil ’fhios a’d. Bhí Seán Ciarán John [Sé Ciarán John atá i gceist agus ní hé Seán] go ndéana Dia grásta air, bhí sé sin in ann iad a dhéanamh a’ bhfuil ’fhios a’d. Go soir ansin bhí d’athair in ann iad a dhéanamh bhfuil ’fhios a’d Dara Tom Mhileadh go ndéana Dia grásta ar sin freisin like, ach sin é an rud faoi, an cuid is mó go na caoladóirí a bhí ann fadó tá dar imithe ar slí na firinne a’ bhfuil ’fhios a’d. Agus ar nós an cliabhán ansin, atá a’msa ansin, an boinn atá ar barr sin chaith mé féin agus Joe Hogan seachtain ag iarraidh é sin a dhéanamh agus ní raibh muinn in ann agus chuaigh muid siar ag Maidhcilín Pheaits Bheachlín agus thaispeáin sé dhom conas é a dhéanamh. Agus sin é an rud atá tábhachtach go bhfuil, go bhfuil sé sin a’inn aríst mar bhí sé, bhí sé caillte agus tá faitíos orm go mbeidh cúpla ciseán caillte ar an oileán, sin é an fáth atá mise ag cúartú na sean ciseáin you know chun go mbeadh mé in ann iad a dhéanamh an chaoi a bhí siad déanta fadó.

CATHERINE: Agus a’ bhfuil aon duine ar an oileán ach thú féin a’ déanamh caoladóireacht faoi láthair?

VINCENT: Tá mé féin, mé féin an t-aon duine atá a’ plé leis lán aimsireach. Is mé, tá daoiní a’ déanamh cúrsaí liom a’right agus bhfuil ’fhios a’d gabh siad amach ansin agus déanamh siad cúpla ciseán dhób féin but is mé an t-aon duine atá a’ plé leob lán aimsireach.

CATHERINE: Meas tú cén fáth nó cén uair a stop dar ag úsáid cliabh nó ’bhfuil aon duine fós iad a úsáid?

VINCENT: Bhuel stopadh leis an cliabh nuair a tháinig an tractor isteach mar transport box a bhí acub, ansin bhí sé i bhfad níos éasca, bhí tú in ann níos mó a thabhairt leat. Ar nós an mála plastic ansin bhí sé i bhfad níos éasca an mála plastic a líonadh suas nuair a bhí tú a’ baint na fataí ná a’ gabháil abhaile le dhá chléibh fataí a’ bhfuil ’fhios a’d, líonadh tú mála amháin agus chuirfeá trí mála ar asal in áit dhá cléibh ’bhfuil ’fhios a’d. Bheadh tú a’ caint ar sé cléibh fataí ar asal le trip amháin a’ bhfuil ’fhios a’d so bhí sé i bhfad níos éasca an stuif a thabhairt abhaile mar sin. Na ciseáin mar seo, úsáideann cuid go, cuid go na daoiní iad fós tá me ag ceapadh ach ní, ní mar a bhíodar fadó a’ bhfuil ’fhios a’d. Ní hé an úsáid céanna a bhaineann siad astub. Tá fhios agam a’ gabháil suas sna seachtóidí bhíodar á úsáid i mBungabhla alright. Ach a’ bhfuil ’fhios a’d tá daoiní a’ gabháil ar ais ag na ciseáin mar tá dar a’ feiceáil na fadhbanna atá acub anois leis anplastic, ag iarraidh fáil ré le, ciseán mar sin like you know, úsáideann mé féin ciseán a’ gabháil a’ siopadóireacht. Tá sé i bhfad níos éasca, ní bhíonn aon málaí plastic le thabhairt abhaile a’m ansin a’ bhfuil ’fhios a’d. Má théann tú isteach tí Phóil [siopa] tá dosaen málaí plastic a’d. Má cheannaíonn tú ciseán uaimse beidh ciseán amháin a’d.

[Gáire ón lucht éisteachta]

ÁINE: Sin é é anois.

VINCENT: Sin é anois é.

CATHERINE: A’ b’é do style féin a úsáideann tú nó an úsáideann tú an style a bhíodh ann fadó?

VINCENT: Nuair a thosaigh mé bhí mé, mo style féin a úsáid, tá me ag úsáid an sean shtyle anois a bhí ag na sean dream ar cuid go na ciseáin. Tá mé ag úsáid an, an style nua atá a’m féin le ciseáin freisin in éineacht leob mar feictear dom go gcuireann sé smacht ar ciseáin amanntaí. Tá meascán.

CATHERINE: Agus meas tú a’ mbíodh style difríocht in áitreachaí difríocht ar an oileán fadó?

VINCENT: Bhuel bhí style, bhí style difríocht ag chuile caoladóir a bhí ann. Ní mar a chéile chuile chiseán agus sin rud amháin faoi na ciseáin agus feicim an argóint is mó a bhí a’msa faoi ciseáin, taobh amuigh [ar an mórthír] chuala mé cúpla ceann [duine] go na caoladóirí ag clamhsán faoi ciseáin, now bhfuil ’fhios a’d nach mbeadh siad “suas go scratch” mar a ghlaodh siad a chur ar taispeántas agus feictear dom go b’shin iad na ciseáin ba cheart go mbeadh ar taispeántas, mar sin é an caoi a bhí dar déanta. Mar sé an rud faoi, tá sé éasca a’msa anois, tá blaist sail ansin a’msa, now an beart a bhí acub sin, bhí sé mar sin, bhí saghsanna difríocht ann agus an rud a rinne sé ná chur sé síos a láimh agus rug sé ar slat, ba chuma leis cén saghas slat a bhí ann agus sháigh sé isteach sa ciseán é. Ach tá mise a’ piocadh suas na slata seo atá tomhaistí, atá beagnach mar a chéile, an tiubhas céanna i chuile slat.

CATHERINE: Sea.

VINCENT: So tá sé i bhfad níos éasca ciseán néata a chur le chéile le na slataí seo ach ní shin é an pointe, sé an style a sheasanns. Now tá ciseán anseo a’m agus taispeánfaidh mé daoibh é. Seo ciseán a bhí ag Baibín [Baibín Seoighe atá i gceist aige. Bhí siopa ceardaíochta aici i gCill Rónáin, taobh le teach an phoist, ina mbíodh sí ag díol ciseáin] agus chonaic sibh féin é taobh amuigh gon posta [teach an phoist] Sin déanta le [ag] fear as Inis Oírr, athair go bhean Micheál Ó hAnluain. Ach sin é an ciseán céanna agus tá na slata céanna, an méid céanna slataí sa ciseán sin agus atá sa ceann sin.

CATHERINE: Agus a’ bhfuil na slata tomhaistí sna, na ciseáin sin, a’ bhfuil?

VINCENT: Tá siad tomhaistí sa ceann seo ach tá siad piocthaí suas ag mo dhuine sa ceann sin. Agus le cuile slat a chur sé sin ann, chur mise ceann acub sin ann agus sin é an saghas anois atá a’m. Sin é an difríocht.

CATHERINE: Sin é an difríocht, tá sé i bhfad níos mó.

VINCENT: Agus rud amháin faoi, níl tada le feiceáil, tá na cuts anseo ar a chúl. Agus sin, an-style é sin feictear dom féin like, you know.

CATHERINE: Tá sé an-mhaith.

VINCENT: An-mhaith go deo, yeah

CATHERINE: Tá sé, tá.

VINCENT: An-mhaith go deo, a’ bhfuil ’fhios a’d agus sin é an ciseán céanna, mar a chéile, ní chreidfeá é. Agus sin é a tharla ag úsáid slata difríocht. Sin é an ciseán céanna. Sea.

ÁINE: ’S a’ bhfuil aon difríocht sa láidreacht sna ciseáin leis na slata difríocht?

VINCENT: Déarfainn go bhfuil sé sin níos láidre. Tá mé ag ceapadh go bhfuil sé sin níos láidre.

MARGARET: Ach tá sé sin níos tight déanta, nach bhfuil?

VINCENT: Tá.

MARGARET: Ná an ceann “___” tá siad bog, nach ea?

VINCENT: Sea, ach a’ bhfuil ’fhios a’d tá na slata sin tomhaistí, tá, tá dar an tiús céanna, bhfuil ’fhios a’d, níl siad seo.

CATHERINE: Ó sea.

VINCENT: B’iontach an jab a bhí ann, bhí an-jab a’m é a dhéanamh, chaithis beagnach seachtain ag iarraidh é a dhéanamh a’ bhfuil ’fhios a’d. Mar bhí me ag iarraidh é a dhéanamh ceart. Ach sin é anois é. Agus an boinn trí slat ansin ar a thóin ansin’ bhfuil ’fhios a’d len é a choinneáil crochta.

CATHERINE: Sea.

VINCENT: Tá sé ansin alright ach tá sé, níl sé le feiceáil chomh h-éasca sin ach tá sí ann.

CATHERINE: Anois chonaic muinn pictiúr i leabhar le Joe Hogan [‘ Basketmaking in Ireland’] de ribh a rinne tú, an miste leat tada a inseacht dhúinn faoin ribh sin?

VINCENT: Bhuel an ribh, rinne mé an ribh go Joe agus (--) Fuair mé an ceann seo as Inis Meáin. Now tá sé seo beagnach céad bliain d’aois agus ní raibh mé in ann ceann a fháil anseo, ar an oileán anseo ar chor ar bith. Chuartaigh mé an oileán, ach rinne Micilín Choilm an ceann, tá sé thall ansin crochta, ceann beag bídeach, le taispeáint dhom ach rinne mé (--) Sin é an ceann anois atá sa leabhar. Tá sé déanta mar a chéile leis an ceann atá sa leabhar, agus aríst má bhreathnaíonn tú ar an ceann sa leabhar tá sé i bhfad níos néata, a’ bhfuil ’fhios a’d. Now níl me a’ fáil locht ar seo mar sin é an style a bhí ann ach má fheiceann tú na h-oscailtí anseo (--) Ach sé an rud faoi sháigh siad na slata síos sa buinne nuair á bhí dar á dhéanamh.

CATHERINE: Agus cé l’aghaidh a n-úsáidfí é sin?

VINCENT: D’úsáidfear an ciseán seo (--) Bheadh spiléid acub agus bheadh an líon an spiléid coileáilte suas [coiled up)]anseo i lár an ciseán agus b’fhéidir go mbeadh dhá chéad nó trí céad go duáin acub ansin. Now bheadh cúpla ceann acub seo sa mbaile mar sa mbaile a chuireadh an baoite orthub agus na mná tithe a dhéanfadh é sin dhuit agus bheadh na duáin, nuair a bheadh na baoití orthub, bheadh na duáin caite amach ar an tóin anseo a’ bhfuil ’fhios a’d. Agus an idea leis sin go mbeadh tú in ann é sin a sháigh suas gob an currach agus ní chorródh sé agus sin é an fáth gur tógadh é ar nós currach. Now sin sean cuid thuas ar an mballa aríst, aríst fuair mé as an museum iad. Sin iad na cinn a bhí déanta in Árainn. Agus rinne mé féin iad. Agus taispeánfaidh mé an difríocht gon beirt [péire] duit anseo. Bíonn sé seo níos leithne anseo ar an oileán ach sé an ciseán céanna é a’ bhfuil ’fhios a’d.

CATHERINE: Tá difríocht mór ann.

VINCENT: Difríocht mór ann.

CATHERINE: Tá.

VINCENT: Sea, now mar a deir tú, bhí tú fiafraigh faoi na caoladóirí , ba chuma (--) Dhéanadh mise ceann mar sin, dhéanadh fear next door mar deir siad, ceann mar sin agus dhéanadh fear eile cúl béal dorais aríst ceann difríocht aríst. Ní raibh aon chineál fixed pattern mar a deir siad ach just ciseán agus bhí an cineál, an styleáil sin chomh, an shape ba cheart go mbeadh air.

CATHERINE: Agus cén cineál iasc a bhéarfadh dar?

VINCENT: An t-am sin is dóigh go mbeadh siad a’ plé le mangachaí, troisc.

CATHERINE: Sea. Anois cén cineál uirlisí a bhíonns a’d féin?

VINCENT: Tá go leor uirlisí a’m fhéin anois ach an t-am sin a’ gabháil siar ní bheadh ann ach scian acub, an láimh a dhéanfadh an cuid is mó dhó agus b’fhéidir casúr dá mbeadh siad ag plé le cliabh. Ach na h-uirlisí atá a’msa, ’speáinfidh mé díbh anois iad, tá an secateurs, tá an bodkin, scian cam agus an rapping iron. Sin iad na h-uirlisí tábhachtach agus na meáchain.

CATHERINE: Agus cé l’aghaidh a úsáideann tú an meáchan, ar dtús?

VINCENT: An meáchan, dá mbeadh ciseán an-osclaí nuair atá sé ard, coinneoidh sé socair ar an mbord é. Úsáideann mé é seo leis na slata a ghearradh nó é seo le gearradh agus aríst tá mé in ann é seo a úsáid le na slat a scoilt agus dá mbeadh deacracht in áit eicínt é a sháigh isteach ansin agus a’ bhfuil ’fhios a’d é oscailt amach aríst agus an rapping iron le chuile shórt a bhrú síos, a choinneal fáiscthe

CATHERINE: Agus an dtógann sé i bhfad ort ansin ceann go na ciseáin a dhéanamh?

VINCENT: Níl mé a’ gabháil é sin a fhreagairt.

CATHERINE: Níl.

(Gáire ón lucht éisteachta)

CATHERINE: (Gáire) Ceart go leor.

VINCENT: (Gáire)

MAIRÉAD: Anois a Vincent tá muid fíor bhuíoch díot chun an méid sin a ’speáint dhuinn faoi na ciseogaí. Fad is atá muid ag dul ar aghaidh anois tá muid a’ gabháil a’ labhairt le beirt mná as an ngrúpa [Mná Fiontracha]atá a’ gabháil ag inseacht beagán eolas dhuinn faoi na ciseogaí. Anois tá muid a’ gabháil a’ tosaigh leatsa Teresa [Treasa Ní Mhiolláin, amhránaí sean nóis as Sruthán]

CATHERINE: Teresa, tá, tá eolas a’dsa ar na cléibh difríocht a bhíodh ann fadó.

TREASA: Bhuel bhí mé gabháil é sin a rá ach tá me a’ ceapadh go bhfuil sé ar fad ráite ag Vincent cheana féin faoi na, na hainmneacha atá curtha síos anseo a’m uaidh Mhargaret Gillen. Tá na ciseáin le spiléid agus an cliabh feamainne agus an cliabh droma agus mar sin de ach tá siad ráite cheana féin ag Vincent agus nár laga Dia é. Tá an t-eolas, bhí an t-eolas ar fad aigesan.

CATHERINE: Go raibh maith agat a Threasa. Anois tá muid a’ caint le Maggie…. [Maggie Bhaba Uí Chonghaile, Gort na gCapall]

MAGGIE: …. Aontaíonn mise le Teresa freisin, go bhfuil an t-eolas uilig tugthaí ag Vincent dhuinn.

CATHERINE: Ach thaitneoidh linn fáil amach faoi (--) Nach mbíodh t-athair ag caoladóireacht fadó.

MAGGIE: Bhíodh, bhíodh m’athair a’ déanamh cléibh fadó.

CATHERINE: Agus cén cineál úsáid a bhíodh sibh a’ baint as na cléibh?

MAGGIE: A’ tarraingt feamainne ón trá, a’ tarraingt gainimh ón trá. Bhíodh siad ag tarraingt gainimh dá mbeadh siad a’ déanamh teach nua, eh bhíodh cléibh freisin, cléibhín a bhíodh muid a’ glaoch air, bhíodh sé, bhíodh sé sin beag agus bheadh tú in ann é a chuir ar do dhroim le mangles agus fataí a iompairt ag na beithígh sa nGeimhridh.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh gasúir ag úsáid na cléibh bheaga sin?

MAGGIE: Bheadh gasúir, b’fhéidir deich nó h-aon dhéag go bhlianta, bheadh siad in ann é a úsáid. Bheadh dar sách láidir le iad a iompairt.

CATHERINE: A’ mbíodh garraí sailí agaibh sa mbaile fadó?

MAGGIE: Bhíodh garraí sailí a’inn, bhíodh garraí sailí ag chuile dhuine ar an mbaile.

CATHERINE: Agus a’ bhfuil ’fhios a’d ainm aon duine a bhíodh garraí sailí acub i nGort na gCapall fadó?

MAGGIE: Ainmneoidh mé cúpla, cúpla duine acub ach bhíodh garraí sailí, ceapaim go raibh garraí sailí ag chuile theach ar an mbaile, Túna Sheán Bhrian, bhí garraí aigesan. Thomas Bhrian Beag, Antoine Mháirtín agus go leor eile anois ….

CATHERINE: …. Go maith ….

MAGGIE: …. ach tá siad uilig imithe anois ar slí na firinne.

CATHERINE: Amen. Go raibh maith agat a Mhaggie. Anois a Threasa ar chuala tusa riamh go n-úsáidfí sailí le tuíodóireacht nó an bhfuil aon fhios agat faoi?

TREASA: Bhuel ní mórán eolais atá a’m faoi ceart go leor ach ar bharr an tí tá mé a’ ceapadh go gcuiridís slatrachaí sailí ar a gcír leis an tuí a choinneáil síos agus chuiridís….

VINCENT: …. Scollops a ghlaodh siad ar sin.

TREASA: Céard é seo?

VINCENT: Scollops a ghlaodh siad orthub sin.

TREASA: Scollops.

VINCENT: Sea, déanta as coll nó as sail féin. Bhí sé casta, slat ach ní bheadh sé an-fhada ar chor ar bith. Mar sin anois sin le é a sháigh síos ann. [Taispeanann sé dóibh] Now bhí slat eile thíos ag bun an, bun an teach ach níl ’fhios a’m cén t-ainm a bhí ar sin anois. Ach déantar é sin as coll.

CATHERINE: Ó as coll.

VINCENT: Nó as saill a’ bhfuil ’fhios a’d

CATHERINE: Agus an n-úsáidfí in Inis Mór go mór é?

TREASA: A d-úsáidfí chuile (--) Fadó is tuí a bhí ar chuile theach agus bhítí ag baint go leor úsáid as na slata sailí sin le cuir ar a gcír.

CATHERINE: Go raibh maith a’d Treasa. Anois tá mé a’ gabháil a’ caint le Saile Pheaits Sheáin as Inis Meáin agus tá sí a’ gabháil ag inseacht dhúinn faoi caoladóireacht ar Inis Meáin fadó. Dia dhuit a Sally.

SALLY: Dia ’s Muire dhuit a Chatherine.

CATHERINE: A’ mbíodh mórán úsáid á bhaint as sailí ar Inis Meáin?

SALLY: Ó go deimhin bhíodh. Bhíodh mórán chuile theach, sailí acub agus chuile dhuine acub a’ déanamh cléibh.

CATHERINE: Cén úsáid a bhíodh dar a’ baint as cléibh ar Inis Meáin?

SALLY: Bhuel san am sin ní raibh acub ach cléibh le ghabháil sa gcladach, ’tarraingt fataí agus mórán chuile rud a dhéanamh le cléibh, a’ tabhairt fataí ag na beithígh, féar ag na beithígh, cléibh a bhí dhá úsáid mórán chuile, [ag] déanamh chuile rud.

CATHERINE: Agus céard faoi an cléibh droma?

SALLY: Bhuel sin é a bhíodh sa gcladach acub agus (--) Tá sé thall ansin ag Vincent. Sin é díreach an cléibh é a bhfuil rudaí trasna ann agus mar gheall go raibh sé sin ann, nuair a chuiridís an fheamainn ann bhuel ghabhadh an t-uisce síos thrid. So ní bheadh a gcuid dromannaí fliuch ach é sin ráite bhíodh craiceann caorach ag droim mórán chuile dhuine acub agus mar gheall go maróidís caora nó go ndéanaidís (--) Mara mbeadh sé a’dsa bheadh sé ag do chomharsa, shábhálaidís ansin é le aol agus ansin chruadh sé agus ansin bheadh sé acub taobh istigh gon chléibh sa gcaoi nach mbeadh a ndroim fliuch ag a’ sáile.

CATHERINE: An miste leat ‘inseacht dúinn ar taobh istigh nó taobh amuigh a bhíodh dar ag déanamh na cléibh?

SALLY: Taobh amuigh. Bhuel taobh amuigh a chonaic mise m’athair á dhéanamh.

CATHERINE: Cén cineál cléibh a d’úsáid dar le asal nó capall?

SALLY: Bhuel mar deir Vincent ansin bhí dhá chineál acub ann, bhí rudaí móra agus rudaí beaga. Na rudaí beaga leis an asal agus na rudaí móra leis an gcapall.

CATHERINE: Cén chaoi a gcoinníonn dar an cléibh ar an asal?

SALLY: Srathair agus ansin an choirb a chuir ós cionn an srathair agus ansin bheadh pionna, nó glaonn mise pionnaí orthub, le na cléibh a choinneáil ar an asal, chuiridís é sin air [sa] gcaoi nach n-imeodh na cléibh gon asal.

CATHERINE: Meas tú a’ b’éad na fir nó na mná is mó a bhíodh ag iompairt cléibh droma?

SALLY: Bhuel bhíodh na mná chomh maith leis na fir. Bhíodh na mná a’ déanamh a gcuid féin go chuile rud feicear dhomsa.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh na mná ag obair an-chrua an t-am sin?

SALLY: Bhíodh, thar a bheith crua.

CATHERINE: Bhuel go raibh míle maith agat anois Sally.

SALLY: Tá míle fáilte romhat.

MAIRÉAD: Bhí sé sin anois an-suimiúil agus go raibh maith agaibh a Mhaggie agus Saile agus Teresa. Anois tá ciseog álainn á dhéanamh ag Vincent bail ó Dhia air. A’ múineann tú do cheird go dhaoine eile Vincent?

VINCENT: Uaireanta bíonn rangannaí a’m anseo sa ngeimhridh agus téim amach ar an mórthír ansin freisin. Déanann mé ranganna oíche taobh amuigh [ar an mórthír]. Agus gabhann mé ag na hoileáin eile [Inis Oírr agus Inis Meáin] chuile bhliain.

MAIRÉAD: Táim cinnte go bhfuil an-cháil ar do chuid ciseáin ar fud an domhain, an mbíonn tú ag obair orthub ar feadh na bliana?

VINCENT: Tá mé ag obair orthub anois seacht lá sa seachtain, caoga dó seachtain sa mbliain. Tógaim lá Nollaig off mar deir siad agus corr lá eile. Agus tá mé ag ceapadh go bhfuil ciseán ag chuile tír sa domhan a’m anois.

MAIRÉAD: A’ dtagann cuairteoirí isteach anseo ag breathnú ar do chuid oibre?

VINCENT: Tagann, bíonn strainséaraí thart anois anseo agus san aimsir bhreá ansin beidh mé thoir, go mór mhór sa samhradh ansin dá mbeadh an aimsir go breá beidh mé thuas ag an Dún [Dún Aonghusa] á dhéanamh agus bíonn an-craic a’m ansin le na strainséaraí go mór mór na Japanese mar bíonn an-craic a’m leob sin. An cúpla focal Japanese atá a’m bíonn mé in ann é a úsáid orthub.

MAIRÉAD: Bhuel go raibh míle maith agat anois a Vincent agus tá súil a’m nár chuir muid mórán as dhuit inniu.

VINCENT: Tá míle fáilte romhat.

[Bhí Vincent ag obair ar chiseán i rith an agallamh seo]

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.