Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00034

Recording
BBAF.00034
Format
MiniDisc
Duration
43:26
Date
8 February 2002
Languages
English
Irish
Location
Iaráirne
Collectors
Catherine Uí Iarnáin
Síle Seoighe
Informant
Pete Mhaidhcilín Seoighe
Archival information
MD 40 Pete Mhaidhcilín Seoighe. Clann; Baile; Iaráine; Scoil; Iascaireacht; Alcól; Deoch; Imirce; Ag obair san Arm; Imirce; Athrú ar Árainn; MV Dun Aengus ar charraig; Cleamhnas.
Additional information
MD 40 Pete Mhaidhcilín Seoighe. Family; Home; Iaráirne; School; Fishing; Alcohol; Drink; Emigration; Working in the army; Emigration; Changes to Aran; MV Dun Aengus aground; Matchmaking.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00034
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

SÍLE: Hello seod í Síle Dillane anseo agus Catherine Dara Tom Mhaileadh. Tá muid anseo i dteach Catherine in éineacht le Pete Seoighe nó Pete Mhaidhcilín mar a b’fhearr ainm [aithne] air.

PETE: “____+”

SÍLE: Ar an ochtú lá go Feabhra dhá mhíle ’s a dó. Cén chaoi a bhfuil tú a Phete?

PETE: Tá mé go maith, go raibh maith a’d.

SÍLE: Cár rugadh thú, a Phete?

PETE: Rugadh in Iaráirne mé, agus chuaigh mé ag a’ scoil i gCill Éinne.

SÍLE: Cén bhliain a rugadh thú?

PETE: Twenty sixth of June, nineteen nineteen

SÍLE: Agus cé ba as t’athair agus do mháthair?

PETE: Mo athair, mo athair as Iaráirne agus mo mháthair as Cill Éinne.

SÍLE: Arb ea, agus cé méad dearthár agus dreabhar a’d, a Phete?

PETE: Triúr dreabhar “___” Katy agus Penny agus Annie, sin é an méid

SÍLE: Na dreabharachaí, yeah. Agus cén, cén sóirt saol a bhí agaibh a Phete, nuair a bhí sibh óg?

PETE: Bhí, bhí muid fíor dubh bhocht.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Mar cailleadh mo, mo mháthair, á a dhiabhail níor “__” (--) bhí, bhí triúir, bhí ceathrar dreabharachaí a’m.

SÍLE: Sea.

PETE: Cailleadh Teresa.

SÍLE: Á sea?

PETE: Sin í, ba bh’in í an páiste.

SÍLE: Muise.

PETE: Cailleadh mo mháthair ina diaidh.

SÍLE: Á ....

PETE: .... Ní raibh Teresa, ní raibh Teresa ach sé seachtainí nuair a cailleadh mo mháthair.

SÍLE: Á, bhí sé sin crua.

PETE: Bhí sé crua, ach bhí, bhí Katie, tá sí sa gconvalescent home anois i gConamara, [sa] gCeathrú Rua.

SÍLE : Hm.

PETE: Agus sin í a thóg muid.

SÍLE : Arb í?

PETE: Agus a bhreathnaigh amach orainn. Bhuel ansin chuaigh, chuaigh Penny agus Teresa, nuair a bhí sí ina páiste, chuaigh sí siar ag Maney Tom Gill i gCill Éinne.

SÍLE: Á.

PETE: Agus a sin é an áit a tógadh iad sin.

SÍLE: Arb ea?

PETE: Sea, bhuel ní chuimhneoidh mé mórán air, nuair, faoi mo mháthair, nuair a cailleadh í, bhí mé hocht, ach nuair a cailleadh m’athair dhá bliain ina dhiaidh, cuimhním go leor ar sin. Thángadar aníos ón reilig agus bhí mise istigh, thuas sa mbaile, agus chuadar amach Tí Johnny Sheáinín, bhí sé a’ díol poitín.

SÍLE: By dad.

PETE: Seo isteach iad le buidéal poitín, agus an chéad rud eile thug Peaitín Gill, Joe [dearthár le Pete] leis, siar ina theach.

SÍLE: Á.

PETE: Yeah, ach an fear bocht bhí trua a’m dhó.

SÍLE: Á sure, bhí sé sin crua, bhí an saol ....

PETE: .... Thosaigh sé a’ craith láimh orainn a’ gabháil síos an róidín.

SÍLE: Muise.

PETE: Bhí.

SÍLE: Bhí sé sin crua a Phete. A’ raibh mórán tithe in Iaráirne, a’ gcuimhníonn tú?

PETE: Bhí hocht dteach.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Tá ’fhios a’m go, déarfainn gur hocht dteach a bhí ann, ó a dhiabhail ba deas an baile an t-am sin é.

SÍLE: Muise?

PETE: Ba deas ach of course, tá sé níos deise inniu.

SÍLE: Tá.

PETE: Chuile shóirt inniu anois acub ann, agus strainséirí go leor ann a’ dtuigeann tú. Bhí chuile dhuine mar a chéile an t-am sin in Árainn.

SÍLE : Sea, sea.

PETE: Mar ba dheacair punt a fháil, sílim go dhúirt mé leat, chuaigh mé ag iascach tramannaí agus mb’fhéidír go, go, ag gliomadóireacht.

SÍLE: Sea.

PETE: Mb’fhéidir go bhfaigheadh muid chúig scilleacha ar dosaena gliomach. Sin é an méid.

SÍLE: Ní mórán é sin an t-am sin.

PETE: Ó.

SÍLE: Fadó.

PETE: Bhuel bhí sé, ní raibh sé go dona.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Ach bhí punt thar cionn, á bhfaighfeá punt.

SÍLE: Muise? Cén aois a bhí tú nuair a chuaigh tú ag a’ scoil, a Phete?

PETE: Seacht mbliana go leith nó ocht anyways sílim.

SÍLE: Á arb ea, agus cén múinteoir a bhí a’d?

PETE: Eh, Mullen.

SÍLE: Á Delia? ….

PETE: …. Miss Mullen.

SÍLE: Hm.

PETE: Bhí sí go deas, agus ansin bhí máistir scoile a’inn as Contae Mhaigh Eo, bhí sé go maith.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Ach cuimhneoidh mé go deo air, bhí Cóilí William as Iaráirne next door neighbour.

SÍLE: Sea.

PETE: Ba é mo friend é. But anyway bhíodh mise agus Cóilí i gcónaí chuile Dé Domhnaigh, bhí mada an duine a’inn, a’ tóraíocht coiníní.

SÍLE: Sea.

PETE: So amanntaí mharaíodh muid ceann Dé Domhnaigh, agus bhfaigheadh muid dhá phingin air

SÍLE: Ó.

PETE: ó bheainín Quinn i gCill Éinne.

SÍLE: Á.

PETE: Bhí siopa beag aici tamall, agus bhfaigheadh muid packet woodbines.

SÍLE: Bhí sibh a’ caith na cigarettes?

PETE: Yeah an t-am sin, bhíodh.

SÍLE: Agus a’ bhfuil fhios a’d cé a bhí sa rang in éineacht leat ag a’ scoil a Phete?

PETE: Bhí Maemí Mhaircin, iníon John Mhaircin, bhí sí pósta le Joseph Kelly.

SÍLE: Sea.

PETE: Bhí Mary Ann Pheaidí Mór agus bhí beirt mhac le Pádraic a ’ Pheircín ann freisin in éineacht liom.

SÍLE: Sea.

PETE: Johnny Chóil Pheadair, Josie Dillane, tá chuile dhuine acub básaí, chuile dhuine a bhí sa gclass in éineacht liom.

SÍLE: Muise?

PETE: Bhuel anois bhí Maení Donoghue as Cill Éinne ’n tosaigh orm, agus Barbara Gill.

SÍLE: Sea?

PETE: Tá ’fhios a’d Barbara Gill i gCill Rónáin.

SÍLE: Á sea, sea.

PETE: Col ceathair dom í sin.

SÍLE: Ó arb ea.

PETE: Bhí sí sin, Maggie Fitz.

SÍLE: Sea.

PETE: An iníon is óige a bhí ag Mac Antoinín, bhí sí sin freisin ag a’ scoil liom, bhí. Gaeilge uilig. Sea, mar bhí a muintir a’ fáil dhá punt a’ duine, ní, ní labhródh muid tada, a bhuel ní raibh aon Bhéarla ann. Bhuel nuair a d’fhan mise ón scoil ansin dúirt an máistir scoile, “oh Pete Joyce stay at home, because the school teacher cannot teach him any more”.

SÍLE: Óse ab shin é dúradh leat a Phete, (gáire)?

PETE: (Gáire) Sin é a dúirt sé.

SÍLE: A ha muise Dia linn. A’ gcaitheadh sibh fód móna nó cócó nó a’ mbíodh .…?

PETE: …. Chaithfeadh, thabharfainnse an fód móna liom agus fód mór fada faoi mo ghualainn. Nuair a ghabhainn siar, mb’fhéidir go dtarraingeodh duine gon triúr uaim, thiar ins na tithe nua sin

SÍLE: Sea.

PETE: Bhíodar bocht na créatúir freisin. D’fheicidís an fód a’d, tharraingeodh siad é, agus dhéanadh siad dhá leith dó.

SÍLE: (Gáire).

PETE: (Gáire) Bhíodh siad ag imeacht mar sin.

SÍLE: Á bheadh leath an duine agaibh?

PETE: Sea, sea.

SÍLE: Agus cén sóirt obair a bhíodh sibh a’ dhéanamh nuair a ghabhadh sibh abhaile tar éis an scoil?

PETE: Á, a’ piocadh fátaí.

SÍLE: Sea.

PETE: Piocadh fataí beaga, agus rud eile atá mé a gabháil a’ inseacht dhuit feictear ’omsa go raibh an aimsir thar cionn an t-am sin. Eh nuair a thiocfadh muid a’ piocadh fátaí agus é go breá.

SÍLE: Bhíodh an Samhradh go maith an t-am sin.

PETE: Bhíodh, bhí na fataí móra piocthaí.

SÍLE: Sea.

PETE: Agus phiocadh muide na fataí beaga, feictear domsa go raibh an aimsir thar cionn an t-am sin.

SÍLE: Sea, sea bhí. Cén aois a bhí tú nuair a d’fhág tú an scoil meas tú?

PETE: Á tá mé a’ ceapadh go raibh mé ceathair déag go leith, nó cúig déag.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Ach níor cheart dom an scoil a fhágáil ’chor a’ bith, sin é an áit a tháinig mo athair agus mo mháthair isteach.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: An dtuigeann tú?

SÍLE: Sea….

PETE: …. Ní raibh duine a’ bith a’ breathnú amach orm.

SÍLE: Sea, sea so d’fhág tú an scoil go luath?

PETE: Á nuair a ghabhas tú síos, suas san aois freisin, tosóidh tú a’ cuimhneamh ar na rudaí aisteach

SÍLE: Hm.

PETE: a rinne tú.

SÍLE: Sure.

PETE: Ach muide nuair a bhí a n-athair agus a máthair imithe an dtuigeann tú, ní raibh duine a’ bith a’ breathnú amach orainn.

SÍLE: Sea, sea, tá ’fhios a’m go dhúirt tú go mbíodh tú ag iascach, ach cén áit a ghabhadh tú amach as ag iascach?

PETE: As Port Ae [Daibhche], thoir anseo .…

SÍLE: …. As Port Ae [Daibhche.]

PETE: Mé féin agus an, an, an deartháir is sinne - Coilí, agus thaitníodh le Coilí a bheith ag iascach le, le, ballachaí mar a déarfá, bhí líon a’inn.

SÍLE: Sea.

PETE: Agus chuireadh muid, tram a thugaidís air.

SÍLE: Sea.

PETE: Chaitheadh muid amach i mbéal Phort Ae [Daibhche] é, d’fhágadh muid ansin é go dtí mar a déarfá an dó dhéag agus tharraingeodh muid ag a dó dhéag ansin é, agus bheadh feed fresh iasc a’inn agus chaitheadh muid amach aríst é, d’fhágadh muid ann go dtí an sé a chlog é, ansin dúirt Cóilí “tá muid a gabháil a’ fáil potaí gliomacha, fuair sé dhá cheann déag. Bean Stiofán i gCill Rónáin, sí an agent a bhí acub í, ag ceannacht na gliomachaí gon Francach, agus chuaigh muid a’ gliomadóireacht ansin ar feadh eh mb’fhéidir dó nó trí bhlianta, mb’fhéidir go, mb’fhéidir go bhfuair mé trí phunt, an rud is mó.

SÍLE: Sea, bhíodh sibh an lá uilig amuigh ag iascach mar sin, a’ mbíodh?

PETE: Á ní chuile lá, ní raibh. Feictear dom freisin go raibh an aimsir go maith.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Go raibh an Samhradh níos fearr ná anois. Bhí, bhí, bhí na ballachaí móra bhíodh muid a fháil, bhí siad sin, bhí siad sin sábháilte i bpicil, bhí siad curtha sa bpicil ar feadh trí seachtainí, thógfá ansin iad agus mar eh níodh siad amach iad le uisce fuar.

SÍLE: Sea.

PETE: Ansin chuireadh siad amach ar an ngrian é.

SÍLE: Ó?

PETE: Bhuel nuair a bhfaighidís a ndóthain gon ghrian, thugaidís isteach é agus crochadh chuile dhuine in Árainn a bhí ag iascach anyways ....

SÍLE: …. Sea ….

PETE: .… suas ar an simléar iad.

SÍLE: Ó.

PETE: Agus “__” mhóra ballachaí buí.

SÍLE: Sea, ballachaí buí?

PETE: Níl siad sin dhá n-ithe a’ chor a’ bith anois.

SÍLE: Níl, níl. Cén sóirt timeannaí a bhíodh fadó agaibh nuair a bhíodh (--) a’ mbíodh ceol agus damhnsa?

PETE: Á a diabhal bhíodh, bhíodh, (--) tháinig fir, Pádraicín Ryan a tháinig as Australia, bhí sé thiar ins na (--) as Cill Éinne é.

SÍLE: Sea?

PETE: Bhí sé thiar ins na cottageachaí, na cottages, bhíodh sé san oíche Dé hAoine nó Dé Sathairn aige.

SÍLE: Muise.

PETE: Timeannaí breá.

SÍLE: A’ mbíodh?

PETE: Bhí, bhí.

SÍLE: A’ mbíodh tú in ann aon amhrán a chasadh nó aon

PETE: Á dhiabhal, ní raibh mise.

SÍLE: aon phort a chasadh ná?

PETE: Á ní raibh, ní raibh ná (--) bhí náire ormsa a’ déanamh chuile shóirt.

SÍLE: A’ raibh, níl ’fhios a’m faoi sin anois (gáire)

PETE: (Gáire) Bhí, bhí náire orm a’ déanamh chuile shóirt, tá mé a’ rá leat, even nuair a ghabhainn amach a’ damhnsa, bhí.

SÍLE: Cén bhrí ach neart cailíní óga ann ar ndú?

PETE: Á bhí cailíní óga ann ach feictear ’omsa nach raibh mórán go na cailíní ann mar a déarfá a chuaigh ag a’ scoil in éineacht linne.

SÍLE: Sea, sea. An mbífí a’ déanamh poitín fadó a Phete, meas tú?

PETE: Poitín?

SÍLE: Sea.

PETE: Á ní raibh duine a’ bith in Árainn a’ déanamh poitín.

SÍLE: Cé nach raibh?

PETE: As Conamara, sure, sure.

SÍLE: Ach cuireadh mé geall go mbíodh sibh á fháil?

PETE: Bhíodh, bhíodh, bhí, bhí, in Iaráirne bhí, bhíodh Johnny Sheáinín, bhíodh sé aige, mar is iomaí uair a d’fheicinse na gardaí “____+” dhá thóraíocht.

SÍLE: Muise?

PETE: Aon am a bhíodh sochraid ann i gCill Éinne ná Iaráirne, duine ar bith mar a déarfá a bhí, a bhí beagáinín beag airgead aige

SÍLE: Sea?

PETE: nuair chuirfí aon duine ann, thugaidís aníos.

SÍLE: Á.

PETE: Go hIaráirne.

SÍLE: By dad!

PETE: Le buidéal poitín, cheannaídís buidéal poitín.

SÍLE: A’ mbíodh cognac acub?

PETE: Á ní raibh no, no tháinig na cogniac, cogniac [cognac] isteach ag na Spáinnigh.

SÍLE: Sea?

PETE: A bhí ar báid Spáinnigh. Chuaigh mé amach acub.

SÍLE: Muise?

PETE: Le dhá mhála fataí, mé féin agus Tom Chorbett an créatúr, tá sé i Londain, Sasana. Eh chuaigh mé a’ breathnú air anuraidh nuair a tháinig mé abhaile ….

SÍLE: …. A’ ndeachaigh?

PETE: Chuas, an créatúr, agus bhí, friend mór liom é, by golly chuaigh muid amach ag a’ Spáinneach seo. Ní thabharfadh an diabhal dhúinn ach buidéal amháin, an Spáinneach.

SÍLE: Arb ea?

PETE: A’ bhfuil ’fhios a’d, buidéal vino.

SÍLE: Á by dad.

PETE: Buidéal amháin, mo dhá mhála [fataí], ar bhuidéal. Ach bhí muid … ní ólfadh muid é go dtiocfadh muid í dtír, sea.

SÍLE: Sea, an mbíodh mná a’ gabháil ins na tithe ósta an t-am sin, a Phete?

PETE: Á ní raibh no, oh Christ ní raibh, ní raibh na mná a’ gabháil in áit a’ bith an t-am sin.

SÍLE: Ní raibh na créatúir.

PETE: Go deimhin ní raibh muis, agus ní raibh na mná óga gléasta mar atá siad anois, go deimhin ní raibh muis, ní raibh siad gléasta mar a déarfá, ní raibh an t-éadach ag na créatúir.

SÍLE: Ní raibh.

PETE: Ní raibh, feiceann tú anois, oh Lord save us, an gléas atá ar muintir Árainn, chuile dhuine.

SÍLE: Tá, by dad!

PETE: Chuile dhuine.

SÍLE: Cén bhliain a d’fhág tú Árainn a Phete?

PETE: D’fhág mé, d’fhág, d’fhág mé Árainn i nineteen thirty-nine, mé féin ’s Peaitín Phádraicín agus Martin Feist, agus chuaigh muid go Huddersfield, Shropshire

SÍLE: I Sasana?

PETE: Agus ní raibh muid ann ach dhá mhí nuair a thosaigh siad recruitáil in arm Shasana, b’éigean dhúinn a theacht abhaile as, murach sin thógfaí muid.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Sin é an t-am a thosaigh World War Two. Th’éis sin, th’éis mé a theacht abhaile an t-am sin, nineteen forty, June, nineteen forty a joineáil mé an t-arm. Bhí mé chúig bhliana ansin.

SÍLE: A’ raibh, cén áit in Éirinn a bhí tú sa t- arm?

PETE: Bhí mé i, bhí mé sa Roinn Mhóir i nGaillimh.

SÍLE: Á i nGaillimh?

PETE: Irish speaking battalion a bhí ann anyway, is iomaí uair a chaithinn a dhul, ghabhainn dhá mhí go “___” suas go Castlebar, ghabhadh muid go Athlone nuair a bheadh, a ghabhadh na units atá, fourth battalion in Athlone, ghabhaidís ar manoeuvres.

SÍLE: Sea.

PETE: Ag marcheáil go Ciarraí agus go Corcaigh, chaitheadh muid a dhul ann a’ tógáil na barracks go dtiocfaidís, nuair a thiocfaidís ansin, thiocfaidís go Gaillimh agus thógfaidís na barracks agus ghabhadh muide a’ marcheáil. Sin a bhíodh. Níor thaitnimh an t-arm liom, ach thaitnimh an roast beef liom.

SÍLE: Ó.

PETE: Trí uaire sa tseachtain.

SÍLE: Trí uaire sa tseachtain?

PETE: Trí uaire sa tseachtain agus a’ stew.

SÍLE: By dad!

PETE: Stew.

SÍLE: Bhíodh a’ bia go maith agaibh mar sin ann.

PETE: Ní raibh.

SÍLE: Ha.

PETE: Ní raibh, mar ní bhfaighfeá mórán dó.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Chuaigh mé ag obair, ag obair san mess hall agus tá mé a’ ceapadh, chaithfinn a dhul in éineacht le sergeant Burke, as Íaráirne é, bhí sé ag obair sa, san officers mess, agus chaithfinn a dhul in éineacht leis ag a’ store, agus thabharfadh sé leath chéad builín dhomsa, agus bhí cheithre, cheithre saighdiúir a bhí faoi Willie. Chuireadh (--) sé an jab a bhí a’m, ghearrainn an builín, cheithre phíosa, chuirfinn píosa cheese air.

SÍLE: Ha.

PETE: Sin é an méid agus bhuel cupán tae see. Bhuel ansin, sin é an cúig a chlog, leath uair tar éis a ceathair a ghlaodh muid air, cúig a chlog, ní bhfaighfeá aon bhlas go maidin, á mbeifeá istigh ag a naoi a chlog sa mbeairic, mb’fhéidir go bhfaighfeá píosa arán agus mug tae, píosa arán.

SÍLE: Muise.

PETE: Bhuel bhí ocras i gcónaí orm.

SÍLE: Sure, yeah bhí an t-ocras ....

PETE: …. Mar théinn amach sa mbaile mór, agus bhí bean as Conamara ann agus thugadh sí trí phíosa mór arán dúinn, eh homemade agus cupán, mug mór tae, ar sé pingine.

SÍLE: Ó.

PETE: Ní raibh aon chaint ar restaurants i nGaillimh an t-am sin, ní fhaca mé aon cheann.

SÍLE: Muise?

PETE: Mar ní raibh an t-airgead a’inn le dhul ann.

SÍLE: Ní raibh ar ndú.

PETE: Ní raibh, ansin dúirt an sergeant Burke liom, next door neighbour , “Pete” a deir sé “bhfaighidh mé deich scilleacha eile sa mí duit, cén fáth nach dtiocfá isteach ag obair san mess hall, chuas, “séard a bhéas tú a’ dhéanamh” a deir sé, “múineadh mé dhuit é”, fuair sé tablecloth, cosúil le na sheetanaí atá ar na leapachaí agaibh.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Anyway bhí seachtar officers ann, chaithfinn an bord a dhéanamh amach agus na forc agus na spúnóg ansin agus chaithfinn an bricfeasta a tabhairt amach acub. Bhí sagart ansin ann, sé an duine deireanach a thiocfadh isteach é, chaithfinn fanacht ansin go dtiocfadh sé sin isteach, bhuel ansin bhí, bhí, bhí officer ann, Captain Lane, chaithfinn an leaba sin a dhéanamh agus í a shocrú suas.

SÍLE: Sea.

PETE: Agus má bhí na braillíní salach, caithfidh tú ansin é, mar bhí neart braillíní eile a’ gabháil amach. Anois, chuireadh sé amach mé, Sam Brown a bhí air, chaithfinn na cnaipí, na cnaipí a bhrasáil.

SÍLE: Ó.

PETE: Agus polish a chur ar, ar beilteannaí a bhí air.

SÍLE: Sea.

PETE: Bhíodh beilt air, chaithinn polish a chur ar sin, agus a bhróga a bheith polisheáilte a’m, ach cuimhneoidh mé go brach air, an lá seo thug sé punt dom. Eh “Pete seod bet atá a’m, tabhair isteach ag an mbookie i nGaillimh é, one pound across the board o n three horses,” agus ní raibh ’fhios a’msa sa diabhal

SÍLE: Sea.

PETE: céard é across the board.

SÍLE: Sea. (gáire)

PETE: Across the board means tabharfaidh tú an punt dó, tá trí sheans a’d.

SÍLE: Sea.

PETE: An ceann a thiocfas isteach firstsecond, nó tá trí chances a’d.

SÍLE: Tá.

PETE: Ar do phunt.

SÍLE: Sea.

PETE: Tá seans maith a’d nach gcaillfidh tú an punt uilig mar déarfá.

SÍLE: Sea, sea.

PETE: Agus céard a rinne mise, chopáil mé féin é, chopáil mé é.

SÍLE: Á sea.

PETE: Agus suas liom, chuir mé síos a’ bet, thug me punt dó, chopáil me é, thóg sé mo liosta uaim.

SÍLE: Sea.

PETE: Thug me scilling dó, chuaigh sé mar seo, “oh, by God” a deir sé “ní fheadfadh tú scilling a chur across the board” a deir sé.

SÍLE: (Gáire)

PETE: Cuimhneoidh mé go deo ar sin.

SÍLE: Sea, sea. (Gáire)

PETE: Ach ina dhiaidh, ina dhiaidh sin nuair a bhí mé, ó a dhiabhal bhí mé i Meiriceá, sea, san arm a bhí mé, bhí mé ag imeacht in éineacht le sergeant Burke.

SÍLE: Sea.

PETE: Ghabhadh muid ag na rástaí i nGaillimh.

SÍLE: Muise?

PETE: Rástaí, thaitnigh sé sin, rásaí na gcapaill.

SÍLE: Ar thaitnigh?

PETE: Bhí an rud céanna amuigh i Meiriceá, Dé Sathairn.

SÍLE: Sea.

PETE: Ghabhainn féin agus fear eile ann. D’fhanfainn i gcaith an lae ann.

SÍLE: A’ raibh uaigneas ort nuair a d’fhág tú Árainn a Phete?

PETE: Bhí.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Bhí, bhí uaigneas orm ina dhiaidh mar déarfá, is iomaí uair a bhinn, Jesus, ghabhainn síos, bhí col ceathrar dom pósta í nGaillimh.

SÍLE: A’ raibh?

PETE: Tí Tierneys.

SÍLE: Ó, a’ raibh?

PETE: Yeah ba shin í mo aint a bhí ansin an chéad uair ag Tierney, eh fear as Kerry é, cuid go na eh, diabhal fhios a’msa cén t-ainm, ba police Shasana a bhí ag ritheadh ….

SÍLE: …. Sea ….

PETE: .… a bhíodh a’ ritheadh Éireann an t-am sin.

SÍLE: Ab ea?

PETE: Sea, sular tháinig na gardaí.

SÍLE: Á tuigim.

PETE: Now ní linne, sea

SÍLE: Sea, sea agus cén bad a d’imigh tú air nuair a d’imigh tú as Árainn, cén bád a chuaigh tú amach air?

PETE: An Dun Aengus agus cuimhneoidh mé go deo air, ar an Dún Aengus, bhí mé féin agus Peaitín William uirthi a’ gabháil aníos go hÁrainn agus thóg, thóg an jabaire seo, seacht mbeithíoch in Inis Oírr.

SÍLE: Sea.

PETE: Agus bhí pionta a’msa ’s ag Peaitín William thíos an staighre, agus deir an jabaire seo liom, “bhuel” a deir sé “I got seven cattlenow to take in Inis Meáin”. “ You are not taking any cattle in Inis Meáin today” a deir mise leis, “why” “we are running aground”. Bhí an steamer a gabháil isteach, cuireadh isteach ar na clocha í.

SÍLE: Ó sin é an t-am a chuaigh sí ar na ….

PETE: …. A’ bhfuil ’fhios a’d, sé, bhí sí, bhí an Dún Aengus réidh ó shin.

SÍLE: Muise?

PETE: Agus chaill mé féin mála,(gáire) mála mór, mála salann a bhí mé a thabhairt aníos le iascach agus nil ’fhios a’m, níor chuir mé (--) dúradar linn application a chur isteach ceard a chaill muin, ach níor chuireas, ach tháinig an jabaire seo go dtí mise aríst, nuair a tháinig muid amach in Inis Meáin, “I am taking you to court” a deir sé “ as a witness if I don’t get paid for my cattle”. Dúirt tú liomsa a dúirt sé, “you told me” a deir sé, “that we arerunning aground and forget your cattle” níor thóg sé cattle ar bith in Inis Meáin.

SÍLE: Ó?

PETE: Nach bhfaca mé ag dul isteach é.

SÍLE: Sea, muise?

PETE: Cibé ceard a d’éirigh dí.

SÍLE: Cén bhliain a d’fhág tú an t-arm a Phete?

PETE: D’fhág me an t-arm eh October forty five. Bhí mé chúig bhliana istigh ó June.

SÍLE: An raibh mórán, is dóigh nach mórán go pháigh a bhí ann?

PETE: Ní raibh, bhí me ag cuimhneamh anois cé mhéad a bhí muid a’ fháil, achby golly tá mé a’ ceapadh go ndeachaigh sé suas go dtí one pound, one pound eight shillings ar deireadh silim.

SÍLE: Muise, sea.

PETE: Yeah agus ba mhaith a’ rud punt an t-am sin.

SÍLE: Ar ndóigh ba iontach.

PETE: Ach by Jesus, eh thaitnimh an roast beef liom.

SÍLE: Ar thaitnigh?

PETE: Thaitnigh a mh’anam, ní fhaca tú roast beef in Árainn go bhfóire Dia orainn.

SÍLE: An t-am sin, ní mórán a bhíodh le nithe agaibh an t-am sin in Árainn?

PETE: Ó go deimhin ní raibh muis, ní raibh muis.

SÍLE: Eh cá ndeachaigh tú tar éis a’ t- arm a Phete?

PETE: Eh th’éis an arm chuir me isteach ar an labour exchange i nGaillimh, le dhul go Sasana.

SÍLE: Á.

PETE: Agus dúradar liom aon chaoi a bhfeadfadh tú dhul go Sasana, mara ngabhadh tú ag na feiliméaraí nó na coal fields, nó arm Shasana a joináil.

SÍLE: Hm.

PETE: Chuaigh me ann ansin.

SÍLE: By dad!

CATHERINE: Agus cé a d’ioc do bhealach le dhul go Sasana?

PETE: Mé féin.

CATHERINE: Agus a’ raibh sé daor, a’ raibh?

PETE: Ní raibh, á ba uafásach an rud “___+”, fuair mé thirty five pound ón arm, an rud a thugann siad gratuity air, cibé cén rud é.

SÍLE: Sea?

PETE: Agus chúig phunt a dhéag agus fiche, a dhiabhal ba deas an phingin í sin.

CATHERINE: D’fhéadfá a rá, agus cén áit a d’fhág sibh le dhul sall trasna go Sasana?

PETE: Go Sasana, eh d’fhág muid Corcaigh.

CATHERINE: Corcaigh?

PETE: Sea Corcaigh go Hollyhead.

CATHERINE: Agus a’ ndeachaigh aon duine eile as Árainn sall in éineacht leat?

PETE: Á a diabhal bhí, chuaigh, chuaigh mac le Pádraic a’ Pheircín a chuaigh ag a’ scoil in éineacht liom, maraíodh é ins na coal mines, agus an coal mine a chuaigh sé ann, ní raibh sé mórán ná ceathair nó cúig go mhílte uaimse, maraíodh é, thit bridge isteach air. Ach bhinse ansin, á dhiabhal bhí faitíos orm, chuile dhuine amuigh a gabháil ag a’ damhnsa san oíche Dé Domhnaigh, agus chaithfinnse a dhul síos sa coal mine ag a haon dhéag. Bhuel chonaic mise na miners sin a gabháil aníos, na sean miners, ba mhara cheile le, le, ba mhara cheile le daoine a bhí básaí, leagthaí amach, an dath a bhí ar a n-éadan.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh sé fuar thíos ins na coal mines?

PETE: Ó a dhiabhal ní, ní bhíodh, bhíodh sé thar a bheith te thíos ann, mar ní raibh orainn ach togs. A’ sweatáil thíos ann, yeah.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh solas agaibh thíos ann?

PETE: Ó bhíodh, bhíodh, chaithfeá solas a bheith ar do chaipín.

CATHERINE: Batteries ab ea a bhíodh ar, sna ?

PETE: Sea ar do chaipín, bhuel an jab a bhí a’msa in éineacht leis an Sasanach seo, bhí mé ag obair in éineacht le (--) bhí dhá phony a’m, ponies agus bhí, bhí, bhí cúpla, trí no ceathair go bhoscaí, eh ar nós traein beag i ndiaidh na bponies, tharraingeoidís ar a’ ráille é.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh sé fliuch thíos sna mines?

PETE: Eh amanntaí. Nach bhfeicinn a’ t-uisce a’ teacht ón ceiling, d’fheicinn. Bhí na Sasanaí thar cionn, an foreman is fearr a bhí riamh orm, as Sasana é, an foreman is fearr. Cuimhneoidh mé go deo ar i Meiriceá, bhí mé ag obair ar, ar, ar an mbuildeáil seo ann, agus fear as Corcaigh a bhí ina foreman, lig sé fead agus mé i mo amadán, bhreathnaigh mé air.

CATHERINE: (Gáire)

PETE: Ach dúirt, dúirt, (gáire) dúirt duine eicínt liom ina dhiaidh [sin], “nuair a aithreos tusa an fead sin, na breathnaigh mar an chéad dhuine a bhreathnós (gáire)

CATHERINE: (Gáire)

SÍLE: Sea, sea (gáire).

PETE: tabharfaidh sé jab eile dhuit”.

CATHERINE: Agus cén sóirt páigh a bhíodh agaibh, thíos ag obair ins na coal mines?

PETE: Eh, punt sa ló.

CATHERINE: Agus ní raibh aon duine eile as Árainn in éindí leat?

PETE: Ní raibh, duine a’ bith, bhí Stevie Kilmartin eh, eh tá sé i Meiriceá, bíonn sé a’ glaoch orm ar a’ fón anois, bíonn me a’ caint leis go minic, eh as Cill Rónáin, eh bhí sé ann, ach bhí sé i mine eile. Bhí John Conneely, cailleadh é, bhí sé san coal mine in éineacht liom, agus cé eh, bhí mé sóirt, tá mé a’ ceapadh ocht mí dhéag nó rud eicínt ann, fuair mé appendicitis go sciopaí, byjeez chuaigh mé suas ag a’, ag a’, ag a’ nurse, agusright away ghlaoigh sí ar a’ dochtúir, fuair sí anambulance, chur sí amach mé, dúirt an dochtúir operation right away, agus bhí, tógadh amach mo appendix, agus bhí mé deich lá san ‘ospital, ach cuimhneoidh mé ar seo go deo, san ‘ospital bhí an fear seo ann, dúirt sé liom “tá mé scor blianta” a deir sé “san ospical anseo”, ar feadh deich mbliana fichead, rudaí ag titim air agus dúirt sé liom - Paddy a thugaidís i gcónaí orainne - “Paddy” a dúirt sé liom, “wherever you go”, cuimhním go brach air, “you are young, wherever you go”, a deir sé “ have the sky for a roof”. Bhí sé sin i mo chloigeann i gcónaí, ní dheachaigh mé síos níos mó sa diabhal go ait sin, agus é seo a’ bhfuil ’fhios a’d céard a dúirt sé liom, bhí sé thar cionn, seanfhear a bhí ann, “Paddy” a deir sé, “an mbeifeá in ann culaith éadaí a dhéanamh in Éirinn dom”, “beidh”, thóg sé measurement agus bhí sé, Donegal tweed buy naoi bpunt, cuimhním ar, thug sé naoi bpunt dom, fuair mé dhó é, agus chuir mé aige í, fear deas.

CATHERINE: A’ mbíodh obair an-chrua orthaí thíos sna coal mines?

PETE: Ni bhíodh, ní raibh obair a’ bith ann, ní raibh obair a’ bith ann ach go raibh aon rud amháin a bhí faitíos a’m air eh, eh, eh bhíodh áiteachaí ann a chaitheadh muid tunnels uilig mar déarfá, bhí sé twelve feet high ann agus twelve feet wide, agus bhí muid a’ blastáil, é sin a bhlastáil amach i gcónaí, agus bhí an ghráin shaolta a’m ar an mblast, blastáil sin, mar eh an powder a thugadh ina dhiaidh, tá tú é sin a thógáil isteach.

CATHERINE: Agus a’ mbíodh rudaí ar na cluasa thíos ann mar gheall ar an blastáil sin?

PETE: Go deimhin ní raibh muis, sin é an fáth atá mé bodhar anois. Ní raibh.

CATHERINE: Agus cén t-achar a d’fhán tú i Sasana ansin?

PETE: D’fhág mé é sin, thoir, (--) tháinig mé abhaile nuair a bhí na appendix, nuair a fuair mé amach mo appendix agus ansin chuaigh mé ar ais aríst, agus chuaigh mé go Milford Haven ar na, ar na báid, na steam trawlers, mé féin agus eh John Conneely as Cill Rónáin, diabhal fhios a’m cén t-ainm eile agaibhse air, eh as Mainistir é.

CATHERINE: Hm.

PETE: Cailleadh é sin Beannacht Dé le na anam ó shin, friend mór liom é. Chuaigh mé ar na báid ansin, na steam trawlers a bhíonn ag teacht isteach go hÁrainn, mé féin agus Tomás Joyce, Tomás Joyce as Cill Rónáin, friend mór, diabhal fhios a’msa cé mhéad, chaith muid tá me a’ ceapadh hocht mí no deich mí, tháinig muid abhaile faoi Nollaig.

CATHERINE: Agus ag iascach ab ea a bhíodh sibh ar na steam trawlers?

PETE: Sea ag iascach, ag iascach agus rud amháin a bhí, a bhí ann a’ dtuigeann tú, bhí muid a’ fáil punt sa ló agus a mbeathú, three meals a day and good meals.

SÍLE: Very good.

PETE: Feoil, ach droch jab, droch aimsir.

CATHERINE: So bhíodh sibh amuigh nuair a bhíodh an aimsir go dona freisin?

PETE: Bhí muid amuigh laethantaí agus ní fhéadfá a dhul ag iascach, eh an bád a gabháil ó thaobh go taobh.

CATHERINE: Agus cén sórt time a bhíodh agaibh i Sasana?

PETE: Ó a dhiabhal bhí an-time, ag ól, chuile, an rud céanna a bhí go leor go na hÉireannaigh (gáire) eile a dhéanamh . A’ bhfuil ’fhios a’d cén rud amháin nár thaitnigh liom, bhí an rud céanna i nGaillimh, ghabhainnse síos go Gaillimh ar bhád Phaitín Gill, mo uncail, an chead, cheanglóidís an bád thíos, cá ndeachaigh dar, sa mbar room. Níor thug, ní raibh duine a’ bith a gabháil ag a’ restaurant, ní raibh aon restaurants ann tá mé a’ ceapadh an t-am sin.

SÍLE: Sea.

PETE: Chuir, bhuel, thugaidís ginger ale ’omsa, sin é an méid, sin rud amháin a thug me faoi deara. Ach by golly nuair a tháinig me anall as Meiriceá an chéad uair, seod é nineteen fifty five, ó a dhiabhail bhí sé piocthaí suas an t-am sin, théis World War Two, sin é an t-am a thosaigh an t-airgead eh a’ teacht ó Sasana agus anseo, thosaigh.

CATHERINE: Agus cén t-am a d’fhág tú Sasana ansin?

PETE: Glaoigheadh orm ar an gCouncil, le dhul ag an gCouncil i mBlá Cliath eh tá mé a’ ceapadh FebruaryMarch, chuaigh mé féin, Joe agus Penny ann, mo dhreabhar agus fuair muid passport, chuaigh muid ar, ar, ar steamer amach as Corcaigh, the S.S. Slasher, cuimhneoidh mé go deo air.

CATHERINE: Cén t-achar a thóg an bád a’ gabháil sall?

PETE: Chúig lá.

CATHERINE: Agus go Boston a chuaigh tú?

PETE: Go Boston, chúig lá, tháinig muid isteach go Boston. An triúr a’inn in éineacht, agus an triúr a’inn a’ gabháil go dtí three different homes.

CATHERINE: Agus céard a rinne tú i mBoston thall?

PETE: Ag obair ar na buildáil, chuaigh mé ar na buildáil ansin, eh bhí mé in éineacht lé mo dhreabhar, eh bhí sí pósta le John Flaherty as Cill Rónáin, mac Chóil Pheaitsín, á bhí teach maith a’m ann.

CATHERINE: Agus ….

PETE: …. Bhí mé, bhí mé ag obair ag, ag, ag tiling contractor, agus a’ bhfuil ’fhios a’d céard a déarfadh sé i gcónaí liom, “Pete” a deir sé “when is the next boat coming from Ireland”, “ah it won’tcome mostly every month” a deir mise, “ are you sure, I need to get a few more men from Ireland”, mar bhí ’fhios aige go maith a’ dtuigeann tú go mbeadh ’fhios a’msa go dtiocfaidís, go ngabhaidís ag obair in éineacht liom aige, agus cuimhneoidh mé gur dhúirt mise leis, “why don’t you go down to the union hall, isn’t that why the union hall is there” a deir mise, “ah” a deir sé “you are animmigrant, you are an immigrant yet, there is no goodworker in the union hall in June or July, the good man is working” . Níl ann ach bums.

CATHERINE: Á.

PETE: Ní raibh ’fhios a’m riamh é sin, sin é an fáth a bhíodh sé ag iarraidh …

CATHERINE: Agus nuair a bhí tú i Sasana níor tháinig tú abhaile ar chor ar bith sula a ndeachaigh tú go Meiriceá?

PETE: Á b’éigean dom a dhul abhaile nuair a bhí appendicitis orm.

CATHERINE: Sea, sea.

PETE: Sea b’éigean.

CATHERINE: Níor aire tú aon chaint riamh faoi an American Wake a bhíodh acub anseo, níor aire tú aon chaint ar sin?

PETE: Níor airíos.

CATHERINE: Agus cé (--) A’ ndeachaigh sibh sall ag duine eicínt thall, nó a’ raibh aon duine thall agaibh nuair a chuaigh sibh go Boston ar dtús?

PETE: Bhí, bhí, bhí, bhí mo dhreabhar Mary agus Michael ann..

CATHERINE: Agus ar fhán tú i bhfad i mBoston ansin?

PETE: Chúig bhliana. Tháinig mé anall anseo, tháinig mé anall i nineteen fifty five.

CATHERINE: Agus an mbíteá a’ teacht abhaile go minic?

PETE: Ni bhíodh, ó a dhiabhal bhí, nuair a phós, th’éis muid pósadh,nineteen fifty five a tháinig mé anall, agus eh ansin aríst , nineteen fifty eight a phós mé, bhí mé a gabháil amach cúpla bliain le bean as Inis Oírr, cailleadh í, beannacht Dé le na hanam. Nuair a cailleadh í, fuair sí stroke, agus bhí sí sa, choinnigh mé sa teach í ar feadh trí bliana, agus bhí cailín as, cailín as Contae an Chláir agus cailín as Corcaigh a’m, a’ teacht sa teach, hocht dollar san uair, sin cheap. Thar a bheith cheap.

CATHERINE: Agus i mBoston ab ea a mheetáil tú do bhean?

PETE: I gCalifornia.

CATHERINE: Ó i gCalifornia a mheetáil sibh, eh agus cén ainm a bhí ar do bhean?

PETE: Ann Flaherty.

CATHERINE: Agus i gCalifornia a phós tú freisin?

PETE: I gCalifornia a phós mé.

CATHERINE: Agus cén t-am a d’fhág tú Boston?

PETE: Th’éis mé dhul soir as Éireann, tháinig mé anall i fifty five, d’imigh mé aríst silim in August, in October nó rud eicínt, d’imigh mé back go Boston aríst.

CATHERINE: Agus ar phlane ab ea a chuaigh tú go California nó ?

PETE: Sea, sea, ar phlane go California agus eh by golly chuaigh mé a gabháil ag obair right away ann, chuaigh mé ag obair right away ann.

CATHERINE: Agus a’ ndeachaigh aon duine go California leat as Boston?

PETE: Tháinig Brian ann, mo dheartháir, agus bhí Brian i mBoston ocht mbliana an t-am sin, níor fhán sé ann ach dhá, dhá mhí, chuaigh, tháinig, ba mhaith leis a dhul back go Boston aríst.

CATHERINE: Agus céard a rinne tú i gCalifornia, cén sórt obair a bhí a’d?

PETE: Á a dhiabhal bhí mé ag obair ar na buildáil, agus an chéad rud eile dúirt duine eicínt liom go raibh an city and county a’ tógáil, a’ tóraíocht skilled labourers, duine a bhí ag obair, ceard a déarfas mé, eh civil service job mar atá againn i nGaillimh mar a déarfá, County Council.

CATHERINE: Sea.

PETE: By golly b’éigean dúinn examination a thógáil agus bhí, bhí suas le céad eh questions ann, yes and no answers, agus bhí tú in ann na hanswers, na answers a cheannacht, bhí siad, bhí na Police ar an gcaoi chéanna, an exam a bhí acub anuraidh, bhíodh daoine iad a choinneáil agus thógaidís prints, agus dhíolaidís, dhíolaidís le daoine eile iad.

CATHERINE: Hm.

PETE: Ach by golly bhí mé féin agus fear Chiarraí Tim McCarthy, beannacht Dé le na anam, cailleadh é, thosaigh sé ag cuir na questions ormsa, mise iad a chuir air ar feadh cúpla mí, deich ndaoine fhichead a thóg é, a thóg an exam agus tháinig mé number nine agus thógadar cúigear right away. Bhí an liosta a tháinig mé air a’ gabháil a’ seasamh chuig bhliana, bhí ’fhios a’m ansin nuair a tháinig mé number nine air, go bhfaigheann jab anyway, dhá bhliain ina dhiaidh glaodh orm, agus chaith mé cheithre bliana fichead ann.

CATHERINE: Cén chaoi ar thaitnigh California leat?

PETE: Thar cionn, bhí an-aimsir ann.

CATHERINE: Agus ar fhan do dheartháir i gCalifornia in éindí leat?

PETE: No, dhá mhí.

CATHERINE: Agus céard a cheap tú gon saol thall, a’ raibh …?

PETE: Bhuel bhreathnaigh sé an-aisteach dhom, ’bhfuil ’fhios a’d an chaoi a bhí, bhídís, feictear dom gur aisteach an life a bhí, a bhí acub, too fast mar a deir an Béarla.

CATHERINE: Agus bhí tú a’ driveáil thall?

PETE: Bhíos, fuair mé mo, is fada go bhfuair mé mo charr, is fada go bhfuair mé mo charr, fuair mé mo licence le driveáil carr i nineteen fifty, nineteen eh fifty two i mBoshton, agus nuair a, nuair a thóg, nuair a thóg mé an test, thug an diabhal amach mé, an examiner, ag leath uair th’éis a ceathair Dé hAoine, agus chuile dhuine a’ teacht abhaile. Sin é an chaoi a dhéanfadh siad é, a’ dtuigeann tú, i mbaile mór, chuile charr a’ teacht abhaile. “Well” a deir sé “Peter I’ll give you your licence, but you need a lot of practice”. Ba fíor dhó ach by golly ansin nuair a chuaigh mé ag obair ag a’ city, bhí driver agus foreman a’inn agus ceathrar eile, cúigear a’inn uilig ann, ag imeacht timpeall an city uilig, séard a bhíodh muid a’ dhéanamh, mar a déarfá nuair a chuirfí sewer nua isteach, break in the sewer, chaithfeadh muide, nuair a chuirfí isteach na píopaí ann, chaithfeadh muid gaineamh a chuir air, agus water pressure ag cuir síos an gaineamh, agus lá árna mháireach chaithfeadh muid an gaineamh sin a thabhairt amach aríst, agus a dhul síos ocht n-orlaigh go gcuirfidís black topcement ann. Sin (--) ba mhór an spóirt an jab é.

CATHERINE: Hm.

PETE: Ach bhí an-foreman a’m, as Meiriceá é, alcoholic. Bhuel ní raibh mé ceapaí a theacht abhaile go mbeadh sé leath uair th’éis a’ ceathair. Nuair a bhíodh muid réidh, bhíodh muid réidh ag a trí, tada eile le déanamh, ag imeacht timpeall, a’ bhfuil ’fhios a’d céard a deireadh an foreman sin i gcónaí “three o clock, let’s take Pete home ”, ní raibh sé a’ tabhairt Pete home, nach ar mhaith leis féin ....

CATHERINE: …. Á ….

PETE: .… mar bhí buidéal fuisce ....

SÍLE: ….(Gáire) ….

PETE: …. thíos a’ staighre.

CATHERINE: Sea (gáire)

PETE: (Gáire) Bhuel bhí buidéal fuisce thíos a’ staighre í gcónaí ann. Agus bhí chuile lá, bhuel ní chuile lá, nach go minic.

CATHERINE: Agus a’ raibh aithne a’d ar, a’ bhfuil ’fhios a’d daoiní eile as Árainn, thall i gCalifornia?

PETE: Colie Dirrane as Bungabhla, fear mór, bhí mé an-mhór leis a’ gcréatúr. Tá sé thall fós ann, bean as Inis Meáin pósta aige, eh dreabhar gon bhean atá pósta, a bhí pósta ag t-athair.

CATHERINE: Sea (gáire) tá sé pósta lé dreabhar go mo mháthair.

PETE: Sea, bean deas, is iomaí uair a bhí mé istigh acub.

CATHERINE: Sea. Ar chuir sé as dhuit Meiriceá a fhágáil agus theacht abhaile?

PETE: Níor chuir, níor chuir. Bhuel bhí mé in Éireann bliain roimhe sin, bhí me in Árainn ar feadh, d’fhán mé sé mhí, ach rinne mé mistake, tháinig me anall le an gheimhridh a teistáil amach anseo.

CATHERINE: Sea.

PETE: Agus níor fhán mé, níor fhan ach ba cheart dom fanacht ach eh, mar bhí, bhí teach a’m a’ dtuigeann tú agus bhí teach le díol a’m. Bhuel nuair a chuaigh mé sall ansin, thosaigh me oíche ag caint liom féin, agus is bocht an rud do theach féin a thabhairt suas, ach níl ’fhios a’m é go dtí anois, bhí teach deas a’m, é íocaithe, mo charr féin a’m chuile shóirt, agus chuile dhiabhal rud a bhí a’ teastáil uaim, agus ba mhór an spóirt (--) nuair a thiocfadh an bille isteach, ghabhainn suas ag íoc an telephone nó an, nó an gas, block away , chuile shóirt go deas, agus ansin nineteen fifty eight a fuair mé an carr, Chevrolet, carr nua, carr nua, sé mhíle, ba mhór an spóirt í. Thabharfainn Ann amach an créatúr, thabharfainn amach le, ach ghabhadh sí in éineacht liom nuair a bhí mé ag iarraidh nagroceries, d’fhanadh sí sa gcarr, thugadh sí an diabhal dom “ why did you park in the sun” Bhí sí …

SÍLE: (Gáire).

PETE: An lá seo níor, níor phárcáil me sa sun, “ why did you park in the cold” a fuair mé. (gáire)

CATHERINE: (Gáire)

PETE: Bhuel níorbh bhféidir a’ dtuigeann tú cuir suas leob, ach an créatúr ní raibh aon neart aici air, tá mé a’ ceapadh eh, eh an dtuigeann tú go raibh sí a’ fáil cuid gon Alzheimers ab ea, a thugann sibh air?

CATHERINE: Alzheimers sea, tá mé a’ cheapadh freisin nuair a bhéas saol cushy thall a’d go bhfuil sé deacair déanamh gan na rudaí sin, a’ bhfuil ’fhios a’d, nuair a bhéas cleachta ar a’ bhfuil ’fhios a’d, mar a deir tú féin ar do theach féin a bheith a’d, agus do charr agus na restaurants le dhul ag ithe iontúb, agus

PETE: Sin, a’ bhfuil ’fhios a’d céard a dhéanann sé, cuireann sé badráil orthub, chuirfinnse síos mo chuid fataí, chuireann síos dhá fhata dhom féin, nuair a bhídís réidh, d’fhágainn ar a’ stove, chuireann ar a’ stove iad, le iad a, le iad a

CATHERINE: Iad a bhruigh?

PETE: Ní shea, nuair a bhí said réidh, to dry them out.

SÍLE: Sea.

PETE: Tamaillín beag, ansin bhí na vegetables réidh a’m, ghabhainn suas sa gcarr ar feadh chúig ’óiméad, barbecue chicken a thabhairt abhaile.

CATHERINE: Sea.

PETE: Chuile shóirt go deas.

CATHERINE: Céard a cheap tú gon oileán nuair a tháinig tú ar ais ann, a’ raibh athrú mór ar nó …?

PETE: Bhí athrú an saol air, bhí athrú mór. Bhí mé an-sásta go bhfaca mé an t-athrú sin, bhí me an-sásta go deo nuair a chonaic mé é agus rud eile bhí airgead ag chuile dhuine, bhí airgead ag chuile dhuine in Árainn feictear domsa. A’ bhfeiceann tú na tithe breá ata agaibh, chuile áit, agus Ar ndóigh fadó an la nuair a bhí mise ag éirigh suas agus anois na fír ata agaibhse, shaoradh dar airgead ag iascach nó in áit eicínt, teach nua ag chuile dhuine agaibh. Ní raibh muide in ann é sin a dhéanamh fadó, cén áit (--) ní raibh duine a’ bith ag obair.

CATHERINE: Agus meas tú an bhfanfaidh tú in Árainn uilig anois nó …?

PETE: Bhuel

CATHERINE: An ndéanfaidh tú trip eile sall?

PETE: Eh, tá mé ag cuimhneamh ar mb’fhéidir go bhfaighinn teach i nGaillimh, ba mhaith liom é, teach más féidir liom, two bedroom eh cúplablock ón square i nGaillimh. Tá sé i ngar go na shops, gon church, áit a’ bith eile is maith liom a dhul, ach cá, séard a bhí mé a’ rá, má cheannaím teach féin, feadfaidh mé dhul amach ag iníon Phenny go California sa ngeimhridh. Is maith liom é sin agus a theacht ar ais aríst go Gaillimh. Déanfaidh mé é sin más féidir liom é, mar dúirt mo niece liomsa gan a dhul abhaile “ná téirigh, fán anseo in éineacht linne”. Ní raibh aon family acub, agus an fear, bhí dar thar cionn dom, mé a thabhairt amach le dinnéar chuile, síos ag a teach féin, ach thabharfainn féin amach le dinnéar ansin iad see, agus níor thaitnigh liom ar chor ar bith an teach a chur suas, suas le díol, ach tá ’fhios a’m go rinne mé mistake, d’fhéadfainn, bhí mé a’ rá ansin a’ dtuigeann tú “ó, a dhiabhail meas tú a’ bhfanainn dhá bhliain eile” agus thosaíonn ag cuimhneamh aríst air, sábhála Dia sin má fhaighim tinn ná rud a’ bith anois caithfidh mé dhul sa convalescent home here,” nach b’éigean dom cheithre mhíle dollars a month a íoc ar mo bhean ar feadh dhá bhliain í gconvalesent home, sin cheithre mhíle dollar dhá chéad punt ar feadh dhá bhliain.

CATHERINE: Sea?

PETE: B’éigean.

CATHERINE: Ach má tá tú in ann a dhul sall an chaoi a bhí tú a’ rá, a dhul sall sa ngeimhridh ag do chuid gaolta thall, nach mbeidh sé sin go deas a’d, ’bhfuil ’fhios a’d

PETE: Sin é a bhí mé a’ cheapadh, ba mhaith liom, níl a fhios a’m, ní, ní, ní, ní bheinn in ann tada a rá nach bhí mé a’ cuimhneamh ar sin.

CATHERINE: You’d have the best of both worlds ansin.

PETE: Sin é atá mé a’ rá.

CATHERINE: Bhí tú a’ caint cheana ar an Dún Aengus a chuaigh i dtír in Inis Meáin.

PETE: Bhíos.

CATHERINE: Cé an caoi ar tháinig sibh anoir?

PETE: Chuaigh muid suas ag Seamus ag ól, sin é anois an áit a chuaigh muid agus an jabaire seo a bhí i gcónaí,(gáire) agus é ag dul í mo dhiaidh i gcónaí, an jabaire seo, níl ’fhios a’m cén t-ainm, agus chuir muid scéala go h-Árainn agus tháinig mo dheartháir ’s Maidhcilín Pháidín, Tom Chorbett soir mé a iarraidh.

CATHERINE: Agus anoir i gcurrachaí ab ea, a tháinig sibh?

PETE: Anoir i gcurrachaí, go Port Ae [Daibhche.]

CATHERINE: A’ mbíodh sibh ag iascach go na carraigeachaí fadó?

PETE: Bhíodh, thaitnigh sé sin liom, bhíodh muid ag iascach ar na carraigeachaí.

CATHERINE: Glionnda ab ea a bhíodh agaibh?

PETE: Ní shea, ní shea, dorú. Dorú.

CATHERINE: Níor airigh tú aon chaint ar aon chleamhnas ariamh in Árainn?

PETE: Ha?

CATHERINE: Níor airigh tú aon chaint ar aon chleamhnas?

PETE: Ní, ní raibh, ní raibh, ní chaith, níor airíos, ní raibh mé ag aon chleamhnas in Árainn, níl ’fhios a’m féin céard a dhéanann said le cleamhnas.

CATHERINE: (Gáire).

SÍLE: Bhíodh an buidéal acub, déarfainn (gáire).

CATHERINE: (Gáire).

PETE: Yeah céard a bhíonn said a’ dhéanamh le cleamhnas?

CATHERINE: Bhuel d’airínn mo athair a’ rá go mbíodh fír as an áit seo a’ gabháil go na hoileáin a’ tóraíocht mná.

PETE: Bhíodh, ach, ach bhíodh na mná sin faighte acub sula ndeachaigh dar ann.

CATHERINE: Bhuel tá ’fhios a’m í gcásannaí áirid, ní bhíodh.

PETE: Ní bhíodh.

CATHERINE: Agus ghabhadh beirt no triúir as an oileán seo go na hoileáin ag iarraidh bean a phósadh, gon fear seo a bheadh ar an oileán.

PETE: Sea.

CATHERINE: Agus dá mbeadh sí sásta is dóigh go dtabharfaí anoir sa gcurach í.

SÍLE: (Gáire).

PETE: Agus ní fhaca siad féin a cheile riamh?

CATHERINE: Ní fhaca, sin é an chaoi a bhíodh sé.

SÍLE: (Gáire)

PETE: Á Jesus.

CATHERINE: Bhuel go raibh míle maith agat a Phete.

PETE: Bhuel thank you very much.

CATHERINE: Tá tú thar cionn a’ caint agus tá do chuid Gaeilge breá blasta.

PETE: Á tá, tuige nach mbeadh, tá neart gon Ghaeilge a’m, a stór.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.