Bailiúchán Béaloidis Árann

BBAF.00019

Recording
BBAF.00019
Format
MiniDisc
Duration
28:50
Date
7 February 2001
Languages
English
Irish
Location
Cill Éinne
Collector
Máirín Uí Chonghaile
Informant
Sibéal Seoighe
Archival information
MD 27 Sibéal Seoighe. Scoil; Inis Meáin; 1947; Bád farantóireachta MV Dun Aengus; Breith & tógail clainne; Gaillimh; Tithe Lóistín; Éadaí fir; Éadaí mná; Bréidín; Lá an Easpaig; Iascaireacht; Saol na mban; Inis Meáin; Monaracha Stocaí; Imirce.
Additional information
MD 27 Sibéal Seoighe. School; Inis Meáin; 1947; MV Dun Aengus ferry; Raising children; Galway; Guesthouses; Men's clothing; Women's clothing; Tweed; Bishop's day (confirmation); Fishing; Life of women; Inis Meáin; Stocking factory; Emigration.
Archival Reference
Bailiúchán Béaloidis Árann, BBAF.00019
Recording & metadata © Bailiúchán Béaloidis Árann.
See copyright details.

Transcript

MÁIRÍN: Tá mé anseo inniu an tríú lá go Bhealtaine dhá mhíle agus a h-aon ag caint le Sibéal Seoighe nó Sibéal Pheaits Antoine as Inis Meáin. Dia duit a Shibéal.

SIBÉAL: Dia ’s Muire duit a Mháirín,

MÁIRÍN: Eh rugadh tusa in Inis Meáin, nár rugadh?

SIBÉAL: Yeah, rugadh agus tógadh in Inis Meáin mé.

MÁIRÍN: Agus phós tú Dara agus tháinig tú go Inis Mór.

SIBÉAL: Tháinig.

MÁIRÍN: A’ raibh mórán gasúir agat?

SIBÉAL: Bhí aon dhuine dhéag clainne a’m.

MÁIRÍN: A’ bhfuil siad anseo nó imithe nó?

SIBÉAL: Bhuel tá cuid thart orainn, tá cuid ar an mór thír agus tá cuid acub i Meiriceá.

MÁIRÍN: Sibéal, a’ gcuimhníonn tú nuair a bhí tú a’ gabháil ar scoil in Inis Meáin, a’ raibh mórán gasúir a’ gabháil ar scoil an uair sin?

SIBÉAL: Ó bhí go leor, bhí tuairim ’s céad a’ gabháil ann nuair a bhí mise a’ gabháil ann.

MÁIRÍN: Agus eh buachaillí agus cailíní le chéile?

SIBÉAL: Sea, bhíodar meascaithe.

MÁIRÍN: Agus cé mhéad múinteoir a bí agaibh?

SIBÉAL: Eh dhá mhúinteoir, Frank Darcy a bhí a’msa agus eh Áine Ní Fháthartha.

MÁIRÍN: Eh a’ gcuimhníonn tú a’ mbíodh bróga oraibh sa samhraidh agus sa ngeimhreadh nó a’ mbaineadh sibh dhíobh na bróga sa samhraidh?

SIBÉAL: Bhuel le mo línn sa bhíodh bróga i gcónaí orainn sa ngeimhreadh ach mb’fhéidir sa samhraidh, bhíodh sandals a’inn sa samhraidh chomh maith a’ bhfuil ’fhios a’d agus dhá mbeadh muid ag iarraidh iad a chaith dínn thoir ag a’ trá ceart go leor ach (gáire) tá mé a’ ceapadh go raibh na bróga a’ teacht isteach nuair a bhí mise a’ fás suas.

MÁIRÍN: Yeah agus an gcuimhníonn tú cén sórt cluichí a bhí agaibh a’ spraoi mar a déarfá?

SIBÉAL: Cluichí, bhíodh muid a’ bualadh ball mar a déarfá agus alley ball chomh maith agus bhíodh muid a’ déanamh, ghlaodh muid ‘i bhfolach’ air, chuireadh muid púicín orainn féin agus bhíodh muid a’ gabháil i bhfolach in áit eicínt sa teach nó mb’fhéidir go ndéanfadh muid taobh amuigh go minic é agus bheadh duine eicínt eile, ní fheiceadh muid an duine agus

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: bhíodh muid ag iarraidh breith ar an duine sin agus sin é an chaoi a mbíodh sé a’inn, you know.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú ar nuair, a’ raibh slateannaí le scríobh le cailc agaibh?

SIBÉAL: Nuair a chuaigh mé ag a’ scoil ar dtús, bhí.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Sin é an chéad traenáil a fuair muid ag a’ scoil.

MÁIRÍN: An trí Ghaeilge nó Béarla a mhúinfí na h-ábhair?

SIBÉAL: Bhuel, trí Ghaeilge is mó ach bhí ábhar amháin a’inn i mBéarla, sin é an méid.

MÁIRÍN: Ach ….

SIBÉAL: …. Gaeilge a labhrófaí sa scoil i gcónaí, sea.

MÁIRÍN: A’ mbíodh daoine mar a déarfá, ní bhídís ag iarraidh ghabháil ar scoil, an dtiocfadh gardaí nó tada ansin?

SIBÉAL: Bhuel, bhíodh an garda a' tíocht, bhíodh.

MÁIRÍN: Bhíodh.

SIBÉAL: Is cuimhneach liom féin é sin ach ní, ní, mar a raibh beirt nó triúir, ní bheadh an iomarca trioblóid aige in dháiríre le, ach thagadh sé go rialta, uair sa mí.

MÁIRÍN: Sea, eh nuair a d’fhág tusa an scoil náisiúnta, tháinig tú go, anseo go hInis Mór le dhul ag an Tech, nár tháinig?

SIBÉAL: Yeah.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Chuaigh mé ag an nGairmscoil i 1954.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus em.

MÁIRÍN: A’ dtéadh sibh abhaile go minic?

SIBÉAL: Ní théadh ach le laethanta saoire faoi Nollaig, faoi Cháisc agus san samhradh, sin é an méid.

MÁIRÍN: Agus ar cheap tú go raibh difference mór in Inis Mór nuair a tháinig tú as Inis Meáin nó?

SIBÉAL: Ó cheap, cheap, d’athraigh sé an saol dom beagáinín a’ bhfuil ’fhios a’d bhí sé, agus even an meánscoil ehm, ón, ón, ón scoil náisiúnta go dtí an meánscoil ba iontach an rud dúinn é dháiríre an uair sin, mar ní raibh aon ehm, aon saor oideachais ann ag an am agus ehm, bhí sé go maith.

MÁIRÍN: So an gcuimhníonn tú rud ar bith eile a bhíodh sibh ag déanamh ag an scoil, nó na malaí nó rud ar bith a bhíodh agaibh.

SIBÉAL: Ó, ó bhíodh, bhíodh na malaí, sí mo máthair a dhéanadh na malaí dúinn.(gáire)

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus ní raibh rud ar bith ann cosúil le mala as an siopa ag an am, ag aon duine an t-am sin. Thagainnse abhaile ag an lón mar bhí muid garr gon scoil, ach bhíodh daoiní eile b’fhéidir nach dta[gadh] nach dtéidís abhaile ag a’ lón, ach is cuma, bhíodh na builíní ....

MÁIRÍN: …. Bhíodh ….

SIBÉAL: …. an t-am sin sa scoil agus bhí an cócó ann chomh maith agus ar deireadh stopadh an cócó nuair is cuimhneach liom mar is ann [amhlaidh] a thugfaí dúinn na packages le tabhairt abhaile mar déarfá.

MÁIRÍN: Yeah. A' gcuimhníonn tú nuair a bhíodh muid a’ gabháil Gaillimh ar an Naomh Éanna?

SIBÉAL: Ó is cuimhneach liom go maith, is cuimhneach liom an Dún Angus ar dtús.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Eh bhí sí sin ann ach bhí mé an-óg ag an am nuair a bhí an Dún Angus ann ach bhí me uirthi ar chúpla trip Gaillimh. Ach, agus ansin tháinig an Naomh Éanna. Bhuel bhíodh muid an-tinn uirthi agus is cuimhneach liom é mar bhí an turas an-fhada. Thógadh sé trí uair a chloig le dhul Gaillimh agus dhá mbeadh tú a' tíocht go Inis Mór agus dhá ngabhadh sí go dtí na dá oileán eile, bhí me uair amháin uirthi nuair a rugadh duine go na gasúir, chaith mé seacht n-uaire an chloig uirthi, faoi Nollaig.

MÁIRÍN: Sin nuair a bhí tú anseo in Inis Mór?

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: Sea, ba bh’in é an Naomh Éanna.

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: Sea, yeah. Cé chomh minic a thiocfadh an bád? An faoi dhó sa tseachtain, nó uair sa tseachtain?

SIBÉAL: Thagadh sí Dé Céadaoin agus Dé Sathairn i gcónaí.

MÁIRÍN: I gcónaí.

SIBÉAL: Agus dhá ngabhfá síos ar an gCéadaoin chaithfeadh tú fanacht i nGaillimh go Sathairn agus dá (gáire) dtiocfá síos ar De Sathairn, bheadh tú ann go Céadaoin, ar lóistín chomh maith.

MÁIRÍN: Agus eh an gcuimhníonn tú a’ mbíodh an-time agaibh agus caint agus, ar an mbád a’ gabháil síos? Bhíodh an trí oileán le chéile an uair sin a’ gabháil Gaillimh?

SIBÉAL: Ó bhíodh, bhíodh mar nuair a d’fhágtá Inis Meáin anois cuir i gcás agus dhá dtiocfadh sí go dtí Cill Rónáin, ghabhadh tú amach i gCill Rónáin agus ghabhfá suas an baile. D’fhanadh muid thuas an baile ansin nó go, go mbeadh sí réidh lé n-imeacht aríst. Thagadh muid anuas agus théadh muid uirthi agus bhíodh muid ag comhrá a’ gabháil Gaillimh mar go hiondúil bhíodh grúpa maith a’ gabháil Gaillimh an t-am sin mar ní raibh aon bhealach eile an uair sin, sé an t-aon bhealach a bhí le taisteal é.

MÁIRÍN: Sea, thiocfadh chuile rud isteach ar an Naomh Éanna, mar déarfaidh muid in Inis Meáin bhíodh an, chaithfidh an t-adhmad agus chaithfidh chuile rud a theacht isteach, bhíodh sé an-chrua, dá mbeidís ag tógáil teach.

SIBÉAL: Bhí, mar siad na curachaí a bhí siad sin a úsáil ag an am mar ní, ní raibh na céibheannaí feilteach ag an am. Ní rabhadar sách mór nó ní rabhadar sách fada amach i bhfarraige nó bhí rud eicínt, ach sé an curach a d’úsáid muintir Inis Oírr agus Inis Meáin. Bhí sé anróiteach agus lá a bheadh sé garbh ansin ní raibh dar in ann a dhul ag an mbád.

MÁIRÍN: Chaithfí chuile rud a fháil as Gaillimh mar dearfa, is as Gaillimh a bhfaighfí an plúr agus

SIBÉAL: Bhí chuile rud a’ teacht as Gaillimhe cé ’s moite go na fataí agus cuid go na ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: …. glasraí agus chuile rud mar sin.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú freisin ehm dá mbeadh duine ag an ospidéal i gcóir gasúir, isteach ar an, sa gcurach leis an baby beag.

SIBÉAL: Ó isteach sa gcurach a gabhadh ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: …. a chaithfeadh tú a dhul….

MÁIRÍN: …. Bhí sé ….

SIBÉAL: …. Agus ní raibh sé éasca a theacht anuas as a mbád ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: …. mar bhí sí cineál ard ag an am.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Agus eh thagaidís anuas sa gcurach agus isteach agus bhí sé an-, ó bhí sé anróiteach.

MÁIRÍN: Bhí agus ….

SIBÉAL: …. Ó an chaoi chéanna leis na beithígh, chaithfí iad a tharraingt i ndiaidh an churach amach sa bhfarraige, sin é an chaoi a thabharfaí amach í agus ansin chuirfí shling air agus chrochfaí suas ....

MÁIRÍN: …. Hm ….

SIBÉAL: … sa mbád é.

MÁIRÍN: Bhí sé sin an-chontúirteach, nach raibh.

SIBÉAL: Ó bhí sé contúirteach, bhí sé.

MÁIRÍN: Do, do, go na

SIBÉAL: Bhí, capall nó beithígh, chuile rud, sin é an chaoi a théidís amach.

MÁIRÍN: Sin é an chaoi a théidís.

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: Agus an gcuimhníonn tú ar an bád a chuaigh ar an gcarraig in, in Inis Meáin?

SIBÉAL: Ó cuimhním go maith, mar sin é an lá a rinne mé mo chéad fhaoistin.

MÁIRÍN: Agus cén t-ainm a bhí ar an mbád sin ….

SIBÉAL: …. I 1947. An Dún Angus, agus is cuimhneach liom go maith, bhí mé thiar sa, sa mbaile agus muid, mé a’ fail réidh í gcóir an chéad faoistin an lá sin nuair a tháinig duine eicínt anoir agus dúirt sé go ndeachaigh an bád ar a’ gcarraig agus d’imigh mó mháthair soir a’ breathnú agus tharla sé, agus chaith sí ann cúpla lá gur tháinig tug boat anall as Liv[erpool], eh Liverpool, tá mé a’ ceapadh a tháinig, an tug boat a tharraing as í ar deireadh. Bhí muid a’ ceapadh nach n-imeoidh sí go deo as ach ba iontach na trí lá a bhí a’inn (gáire) ar an oileán an lá, an t-am a chuaigh sí i dtír ceart go leor.

MÁIRÍN: Bhí an Dún Angus agus bhí an Naomh Éanna ina diaidh sin ansin, nach b’ea?

SIBÉAL: Sí an Naomh Éanna a tháinig ina háit.

MÁIRÍN: Sea agus anois tá an céibh mar déarfá….

SIBÉAL: …. Ó tá céibheanna breá anois acub.

MÁIRÍN: In, in ….

SIBÉAL: …. In Inis Meáin agus in Inis Oírr.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Tá.

MÁIRÍN: Sibéal, a' gcuimhníonn tú ar do mháthair a rá nuair a bhí tú i do, sa mbaile, nuair a bhíodh na mná ag súil le páistí, a' raibh nurse nó dochtúir nó duine ar bith ansin acub, a théidís acub?

SIBÉAL: Bhíodh, bhíodh nurse ann, bhí nurse ar an oileán, nurse maith, nurse an-mhaith ar fad a bhí inti agus bhíodar a' braith ar an nurse sin. Bhuel thagadh an dochtúir freisin corr am á dteastódh sé uait ach is amhlaidh a chaitheadh duine eicínt a dhul dhá iarraidh siar go hÁrainn i gcurach, go Inis Mór i gcurach agus mb’fhéidir go gcaithfí a dhul á iarraidh sin í lár na hoíche, agus ní raibh aon sagart ach an oiread ar Inis Meáin agus dá mbeadh an ola dheireanach ná tada a' teastáil ó aon duine, ar maidin nó tráthnóna, nó í lár na hoíche, chaithfí imeacht agus é, sa gcurach agus é, é a fháil.

MÁIRÍN: An gcuimhníonn tú ar do mháthair a' rá go mbíodh, bhuel a' bhfuil 'fhios a'd an chaoi a bhíonns muid ar fad anois, nuair a bhíonns tú ag súil le páistí, a' mbíodh brú fola orthub, a' dtéidís, nó blood pressure meas tú a' mbíodh sé orthub an t-am sin nó?

SIBÉAL: Is dóigh go raibh mar is rud é a théanns le, le rud mar sin agus eh ní rabhadar a' fáilt aon test air anyway, ní raibh siad cinnte go raibh sé acub nó nach raibh, ach cailleadh go leor páistí fadó agus máthaireachaí chomh maith.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus is dóigh go raibh go leor ag na rudaí sin le déanamh leis.

MÁIRÍN: Meas tú an bhfanadh na mná i bhfad ar an leaba tar éis na páistí?

SIBÉAL: Bhuel naoi lá a bhíodh siad, naoi lá

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: ar dtús an t-am sin, chaithfeadh chuile dhuine fanacht naoi la (gáire) agus creidim go mbíodh siad coinnithe ina dtroscadh freisin.

MÁIRÍN: Agus cé a thabharfadh aire, aire go na gasúir an t-am sin nuair a bheadh, ab é fear an tí nó ab í, an mbeadh mamó sa teach nó ….?

SIBÉAL: …. Go hiondúil ní mórán tithe nach raibh, nach raibh seanmháthair nó seanathair sa teach ar aon chaoi agus bhíodh an t-athair é féin freisin is dóigh a’ tabhairt cúnamh.

MÁIRÍN: Bhuel dúirt tú go mbídís, go gcoinnídís ina dtroscadh so meas tú a’ mbíodh aon bia speisialta acub a d’íosaidís théis na páistí, théis?

SIBÉAL: Ó ní, ní bhíodh dháiríre ….

MÁIRÍN: …. Ní raibh ….

SIBÉAL: …. déarfainn ach eh, is dóigh píosa aráin agus tae a thosóidís leis nó, ní raibh mórán biscuits ann ag an am.

MÁIRÍN: Bhuel, cuirfimid i gcás go mbeadh páiste sa ngeimhreadh ann agus mar a mbeadh, mar a mbeadh mórán bainne timpeall nó eh, cá bhfaighidís an bainne nó a’ mbíodh bainne le fáil?

SIBÉAL: Bhuel bhíodh triob[lóid], bhíodh trioblóid ag go leor daoiní mar gheall ar sin, b’fhéidir go raibh cúpla teach ceart go leor a mbíodh, go mbíodh laoi ag, ag a gcuid beithígh, b’fhéidir sa ngeimhreadh, sin daoine anois a raibh cúpla bó acub mar [a] déarfá.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus eh go hiondúil b’fhéidir na cúpla teach sin a bhíodh a’ freastail ar an oileán ar fad le braon bainne.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Thabharfaidís..

MÁIRÍN: Ach ní bhíodh mórán, I mean ní, dá mbeadh páiste beag ann anois, meas tú, I mean mar a raibh mórán acub féin sa mbaile, bhí sé deacair bainne a fháil go na comhluadair ar fad nach raibh?

SIBÉAL: Ó bhí, bhí sé deacair….

MÁIRÍN: …. Ní bhíodh .…

SIBÉAL: …. Sa ngeimhreadh….

MÁIRÍN: Sa ngeimhreadh mar a déarfá nuair nach ….

SIBÉAL: …. Bhí mar ní raibh bainne ar bith a’ tíocht in aon siopa an t-am sin ná tada so bhíodh, bhíodh, an-deacair.

MÁIRÍN: So bhuel tá fhios a’m Sibéal eh níl ’fhios a’dsa a’ mbeadh ’fhios ag na mná an dáta a raibh siad a’ súil leis na páiste nó just?

SIBÉAL Bhuel is dóigh go mbíodh ’fhios, ach an seachtain sin a chuirfear, (gáire) chuirfí leis.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Ní dhéarfainn, ní dhéarfainn go raibh ’fhios acub tada faoi sin sna blianta sin.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Ach eh thógaidís an dáta roimh an tseachtain sin agus is dóigh go gceapfaidís gurbh shin é an t-am, mar déarfá.

MÁIRÍN: Agus céard a dhéanfaidís meas tú leis an after birth?

SIBÉAL: Bhuel chuala mise mo mháthair a’ rá gur b’ann [amhlaidh] a dhófaí é. Hm.

MÁIRÍN: Hm. Meas tú a’ mbéarfaí go leor páistí sa mbaile ….?

SIBÉAL: …. Rugadh chuile dhuine sa mbaile mórán ag an am.

MÁIRÍN: San am sin?

SIBÉAL: Ó rugadh.

MÁIRÍN: Sea agus anseo.

SIBÉAL: Mar a mbeadh rud eicínt mí cheart leat.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Ní théadh aon duine.

MÁIRÍN: Ní théadh duine ar bith síos.

SIBÉAL: Ní théadh.

MÁIRÍN: Meas tú an raibh aon bean chabhrach nó .…?

SIBÉAL: …. Ó bhí, bhíodar sin ann freisin.

MÁIRÍN: Sea bhí siad sin agaibh.

SIBÉAL: Bhí, bhí beirt in Inis Meáin.

MÁIRÍN: A’ raibh beirt yeah ?

SIBÉAL: Bhí, bhí agus is dóigh go raibh agus ar Inis Mór.

MÁIRÍN: Á bhí Máirín a’ Chaptaen a’inn anseo.

SIBÉAL: Á ab ea?

MÁIRÍN: So bhí muid a’ déanamh iontas an raibh aon duine

SIBÉAL: Ó bhí, bhíodh Cáit Mhéiní in Inis Meáin agus níl ’fhios a’m anois cén t-ainm a bhí ar an mbean eile a bhíodh, a bhíodh ann ag an am.

MÁIRÍN: Bhí rud amháin a rinne mé dearmad fiafraigh ort nuair a bhíodh muid a’ gabháil síos, a’ gabháil Gaillimh, nuair a théadh tú Gaillimh i do ghasúir in éineacht le do mháthair, cá bhfanadh sibh í nGaillimh?

SIBÉAL: D’fhanadh muid i, i dteach lóistín….

MÁIRÍN: …. tigh Florrie ab ea?

SIBÉAL: Cuid dhó nó tigh Tierney is mó a bhíodh muid.

MÁIRÍN: Agus tá, céard faoi tigh Flynn?

SIBÉAL: Bhí tigh Flynn é féin.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Ach go hiondúil ní, ní raibh ann ach na cúpla teach agus bhídís lán go minic mar á mbeadh, á mbeadh aonach ná tada a’ gabháil ar bun i nGaillimh, is iondúil go bhfanaidís ins na cúpla teach sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Ach, so ní raibh aon rogha a’d ach ceann eicínt go na trí cinn a thógáil ar aon chaoi….

MÁIRÍN: …. Go na tithe sin.

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: So Sibéal eh a’ bhfuil rud a’ bith eile ar mhaith leat féin labhairt linn faoi, an gcuimhníonn tú féin ar do óige nó….?

SIBÉAL: …. Bhuel is cuimhneach, is cuimhneach liom muid fadó, mo mháthair a’ déanamh an bréidín.

MÁIRÍN: Sea, ó sea.

SIBÉAL: Agus an méid obair a bhí le déanamh aici nuair a dhéanadh sí an bréidín agus bhíodh chuile dhuine gon chlann a’ tabhairt cúnamh freisin. Tá ’fhios a’m na fearsadachaí a bhíodh a’inne go dtabharfadh sí cuid dúinn san oíche le déanamh agus ansin thochrósáileadh sí féin é ar an ball mór amháin nuair a bheadh muid a’ déanamh na ballanaí beaga ar dtús a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus ansin thabharfaí ag an bhfíodóir é agus tar éis an fíodóir ansin chaithfí úr a bhaint agus eh ansin é a choirnéal, glaonn siad coirnéal air, mar go gcuireadh tú ar maide cos bruise é agus é a tharraingt agus eh na coirnéal a dhéanamh díreach sula ngabhadh sé ag an táilliúir mar a déarfá agus bhí go leor, leor obair a’ baint leis agus chonaic mé mo mháthair go minic a’ déanamh slata agus ehm bréidín bán.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus dhéanadh sí pluid de sin freisin chuile bhliain mórán agus mar arb shin iad na pluideanna a bhí te, bhí an- mheáchan iontub bhí siad breá te agus eh bhuel sé an bréidín a chaith muide, chuile dhuine gon chlann a’inn nuair a bhí muid a’ fás suas agus go deimhin mar a raibh sé te, bhí sé breá compordach te, agus eh m’athair bhíodh sé i gcónaí, bhíodh eh treabhsar ceanneasna ar sin, agus an veist agus an léine ghorm a ghlaodh muid air, an ceann taobh istigh agus bhíodh bhástcóta ansin, bhástcóta le muinchillí air sea, a bhíodh déanta, chaitheadh go leor go na fír iad sin amuigh sna curachaí fadó mar ní raibh na, na oilers, na oilskins sin acub le haghaidh an, an iascach.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Na cótaí uisce sin, na cótaí báistí a ghlaonns muid orthub, ná rudaí ar bith mar sin acub le cuir orthub. Ní raibh, agus ehm choinneoidh sé an, bhíodh sé síos ar a ndroim taobh thiar so ní thabharfadh sé céad dóibh an, an fuacht a fháil mar déarfá, nuair a bhídís ina suigh ins na curachaí agus bhíodh siad a’ caith an crios chomh maith, na fír

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: ar a gcuid treabhsar, siad a chaithidís agus chaitheadh na mná iad féin an crios.

MÁIRÍN: Ó a' raibh na mná ag caith an crios ….?

SIBÉAL: …. Ar a gcuid cótaí dearga, na cótaí dearga, bhí, bhíodh.

MÁIRÍN: Á sea.

SIBÉAL: Agus bhíodh cótaí na mná, bhíodh cóta speisialta acub le ’n Domhnach, ghlaoidís na cótaí cóirithe orthub agus séard a chiallaíonn sé sin mar a déarfá, bhíodh sóirt gibilín ar nós rudaí boga amach astub a dhéanaidís speisialta, chuirfí Gaillimh é sin speisialta le déanamh agus chaithidís é sin ar an Domhnach agus bhíodh píosa velvet thíos ar a íochtar chomh maith ehm agus sin é, bhíodh siad, bhíodh siad an-feistí, dhéanadh siad féin go leor dá gcuid éadach féin freisin….

MÁIRÍN: …. Sea bhí “__+?, siad féin a dhéanadh, iad féin?

SIBÉAL: Ó siad.

MÁIRÍN: Chuile rud.

SIBÉAL: Sí mo mháthair anois ehm, aon ghúna a rinne sí

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: a chuaigh orainn féin ariamh, sí mó mháthair a rinne dúinn iad ar fad agus dhéanadh sí nightdressachaí beaga dúinn agus rudaí mar sin nuair a bhí muid ina ngasúir.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Chriotáil sí a gcuid stocaí agus chuile rud mar sin.

MÁIRÍN: Agus nuair a bhí tusa a’ gabháil ag a’ scoil, an, an sciorta, an bréidín a chaith tú sa sciorta, mar sciortaí a chaith cailíní ar fad an t-am sin?

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: I chuile áit, ní raibh aon, é déanta as bréidín a bheadh sé?

SIBÉAL: Eh bhuel, bhuel sea, sea sa ngeimhreadh.

MÁIRÍN: Sa ngeimhreadh, sea.

SIBÉAL: Sa ngeimhreadh go mór mór, bhíodh muid a’ caith an bréidín ag a’ scoil agus eh bhíodh cineál bib air, chuiridís, dhéanadh mó máthair cineál (gáire) bib eicínt le cur taobh amuigh dhó, orainn, bhíodh sé geal go hiondúil, ceann geal a bhíodh orainn….

MÁIRÍN: …. Meas tú ar as na máilíní bán a bhí sé sin a’ teacht….

SIBÉAL: …. Níorbh ea, níorbh ea.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Níorbh ea, níorbh ea an cineál a bhí orainne ar aon chaoi, ní shea na ar aon duine a’ gabháil ag a’ scoil ag an am, no níorbh ea, is dóigh gurb ann [amhlaidh] a cheannóidís i nGaillimh an, an ….

MÁIRÍN: …. An t-éadach, sea.

SIBÉAL: An t-ábhar. Ach ar aon chaoi bhíodh, bhíodh ehm frills air agus bhí, bhí, bhí, bhíodh lásaí air.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Bhíodh sé déanta an-mhaith ar fad.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: An-faiseanta ar fad déanta acub.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: You know, yeah, sea, bhíodh sé go hálainn anois caithfidh mé a rá, bhuel chuirfí, bhíodh muid á gcaitheamh sin ag an scoil is dóigh mar bhíodh muid a’ plé le dúch agus a’ plé le go leor rudaí sa gcaoi nach ngabhadh sé ar a gcuid, ar na h-éadaí trom a bhíodh orainn.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: Bheadh sé níos éasca iad sin a níochán ná bheith ….

MÁIRÍN: …. M hm….

SIBÉAL: .… a’ baint an rud as na cinn eile.

MÁIRÍN: Agus a’ gcuimhníonn tú Sibéal nuair a, eh nuair a thiocfadh an t-Easpag go Inis Meáin, lá an Easpag?

SIBÉAL: Bhuel is cuimhneach liom, sé an rud faoi seo anois, mé féin, is i gCill Rónáin a rinne mé an Lámh Easpaig mar tháinig sé an t-am sin, bhí sé seo a’ fáil sean ....

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: … an Ard Easpag, eh Breathnach a bhí air agus ehm bhí sé a’ fáil sean agus ní raibh sé in ann freastal ar na trí oileáin agus tháinig, an bhliain a rinne mise é, tháinig siad anoir go, go Inis Mór, eh agus sin é an áit a rinne mise mo, mo [Láimh Easpag] ach is cuimhneach liom thoir roimhe sin é, daoine níos sine ná mé anois mar déarfá, nuair a bhí se a’ tíocht ann.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Ach théadh na curachaí amach roimhe i gcónaí, amach ag an, thagadh sé sa life[boat], lifeboat i gcónaí.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Bád tarrthála, agus ansin ....

MÁIRÍN: …. Théadh na curachaí ….

SIBÉAL: …. Théadh na curachaí, bhíodh bratacha chuile áit, bhíodh, bhíodh an-, thugtaí an-ómós dó. Chuile cheithre bliana a thagadh sé ar aon chaoi an t-am sin.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: Tagann sé chuile dhá, chuile dara bliain anois.

MÁIRÍN: Agus even nuair a rinne tú in Inis Mór é, nach raibh, bhí, bhíodh bratachaí amach agus

SIBÉAL: Ó bhíodh, bhíodh na, bhíodh, bhíodh, bhíodh curachaí agus báid amach ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: …. báid beaga amach roimhe an t-am sin bhíodh, curachaí, bhí go leor curachaí á úsáid ....

MÁIRÍN: …. Sea….

SIBÉAL: …. ins na blianta sin, a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Sea, agus a’ mbíodh sé a’ teacht isteach sa, san mbád tarrthála?

SIBÉAL: Thagadh sé sa mbád tarrthála.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: Bhíodh na báid eile a’ gabháil amach roimhe….

SIBÉAL: …. Bhíodh ….

MÁIRÍN: .… nach mbíodh.

SIBÉAL: Thagaidís leath bealaigh go dtí an [lifeboat]….

MÁIRÍN: …. Agus na curachaí ….

SIBÉAL: … amach roimhe, sea thagadh .…

MÁIRÍN: …. Agus ba álainn an radharc é sin….

SIBÉAL: …. Bhí, bhí agus d’fheicfeá chuile dhuine an t-am sin a’ pógadh fáinne an easpaig, ach níl, tá sé sin thart anois, ní fheicim aon duine á dhéanamh níos mó.

MÁIRÍN: A’ gcuimhníonn tú mórán ar an t-iascach nuair a bhí, bhuel mar a déarfá t-athair?

SIBÉAL: Ó cuimhním, cuimhním go maith nuair a bhíodh siad a’ gabháil amach sna curachaí, ó ag éirigh b’fhéidir ag a trí agus a ceathair a chlog ar maidin agus bhíodh ribh acub a ghlaoidís air, cineál, déanta as seilí a bhíodh sé sin, slatrachaí seilí agus eh bhíodh an oiread meáchan ansin mar chaithfidís ehm, spiléad a bhíodh acub ag an am agus chaithfí é sin a iompar soir go dtí an cladach ar a ngualainn chuile mhaidin. Ansin tráthnóna nuair a thagaidís isteach bhíodh mb’fhéidir cúpla asal thoir rúb [rompu] agus bhíodh cliabh ar na hasail agus ualach iasc acub le tabhairt abhaile. Siad na mná is mó a dhéanadh an obair ansin.

MÁIRÍN: Sea “__+”

SIBÉAL: Siad, ghalaídís an t-iasc, nídís é, scoiltidís é agus shaillidís é agus eh thriomóidís é agus sin é ansin is mó a dhíolfaí le báid Chonamara, siad, gheobhaidís (sos)

MÁIRÍN: Móin.

SIBÉAL: I leaba airgead a thabhairt go fear, fear an bhád móna.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: Is iasc a thugaidís dó, a’ bhfuil ’fhios a’d. Sea, le lucht móna a fháil air.

MÁIRÍN: Tháinig siad sin sa gCaladh Mór, a’ dtáinig?

SIBÉAL: Eh bhuel bhí cúpla áit in Inis Meáin a thagaidís, thagaidís thoir ag an slip.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: Agus thagaidís sa gCaladh Mór.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus a bhí áit eile a nglaoidís an t-Oileán Dubh air.

MÁIRÍN: Á sea.

SIBÉAL: Sea thagaidís as sin freisin. “___+”….

MÁIRÍN: …. Ba iontach an lá é sin nárbh ea?....

SIBÉAL: …. Ó ba iontach an lá é, bhíodh chuile dhuine ag imeacht ag obair an lá sin, cuid go na gasúir féin, chrochadh na bádóirí isteach ins na báid iad, go gcaithfidís, go dtabharfaidís cúnamh mar bheidís a’ cailleadh taoile ná tada. D’fhanadh muid ón scoil an lá sin b’fhéidir, bhuel bhíodh corr dhuine coinnithe, bhuel ní choinneofaí an comhluadar ar fad ón scoil ach choinneofaí cúpla duine, mb’fhéidir na gasúir is sine.

MÁIRÍN: Hm

SIBÉAL: Le cúnamh ceart go leor, an chaoi chéanna nuair a, lá tuíodóireacht sa mbaile, mar déarfá.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Bhuel tithe tuí mórán is mó[a bhí ann] nuair a bhí mise beag

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: a bhíodh ag chuile dhuine ag an am agus nuair a bhífí a’ tuíodóireacht b’fhéidir go gcoinneofaí duine nó beirt freisin mar bhíodh ceathrar no cúigear ag cur an tuí an lá sin mar chaithfidís é a dhéanamh in aon lá amháin agus sin é.

MÁIRÍN: Cén obair eile mar déarfá a rinne na mná ar an bhfeilim agus sa gcladach?

SIBÉAL: Bhuel le mó linn sa anyway, sí mó mháthair i gcónaí a bhligheadh na beithígh.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus ehm ní bhíodh ar mó athair é sin a dhéanamh go deo mara mbeadh sí tinn nó rud eicínt mar sin, agus siad a ghearradh na síolta [fataí] le, le na, le cuir agus eh, ó dhéanaidís ....

MÁIRÍN: …. Agus a’ ngabhaidís sa trá a’ baint feamainn?

SIBÉAL: Ó bhíodh siad a’ baint an fheamainn, bhíodh, coirleach agus feamainn ....

MÁIRÍN: …. Yeah….

SIBÉAL: …. bhídís á bhaint.

MÁIRÍN: Siad na mná a bhíodh á dhéanamh?

SIBÉAL: Na mná i gcónaí a dhéanadh é sin.

MÁIRÍN: É sin.

SIBÉAL: Bhuel siad na mná a d’iompraíodh na cléibhe ar aon chaoi, chrochadh an fear, (gáire) chrochadh an fear an cléibh uirthi.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Agus eh sí a chaithfeadh an, an, é a chur suas, agus Ar ndóigh is dóigh, creidim gur níl ’fhios cén obair a rinne mná nuair a bhí an ceilp á dhéanamh.

MÁIRÍN: Sea, sea.

SIBÉAL: Ag an am sin, chuala mé iad a caint faoi sin, ní cuimhníodh liomsa an ceilp anois.

MÁIRÍN: Á.

SIBÉAL: Ní cuimhníodh.

MÁIRÍN: Sea agus rinne siad an ceilp in Inis Meáin freisin?

SIBÉAL: Ó rinne dar neart ceilp in Inis Meáin, rinne ….

MÁIRÍN: …. Sea, in Inis Meáin. Agus an gcuimhníonn sibh ar an eh, a' bhfuil 'fhios a'd an, dá mbeadh cearca sa mbaile agaibh, níor, a' ndíoladh sibh na huibheachaí le cheile nó arb é an chaoi a dtabharfaidís dá cheile iad, ní ?

SIBÉAL: Ní, níor dhíol muid aon ubh riamh.

MÁIRÍN: No.

SIBÉAL: Níor dhíol, bhuel bhí comhluadar mór a'inn féin ann ar aon chaoi an bhfuil a fhios agat….

MÁIRÍN: …. Sea bhuel tá 'fhios a'm, ach ina dhiaidh sin féin

SIBÉAL: San am cheanna ní, ní thabharfadh muid, thabharfá a' bhfuil 'fhios a'd dá bhfiafródh duine go deo ní bhainfí aon airgead go aon duine.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Even bainne ná tada ní, ní fhaca muid aon airgead.

MÁIRÍN: Bhuel tá muid í Mí Bealtaine anois eh Sibéal agus an raibh aon pisreogaí nó, faoi lá Bealtaine, a’ gcuimhníonn tú?

SIBÉAL: Cuimhním go maith, bhí roinnt a’ baint leis, is cuimhin liomsa nuair a bhí mé féin ag éirí suas chuile oíche Bealtaine chroithfí uisce coisricthe ar na beithígh, chaithfí é a chuir ar chuile bheithíoch, níl ’fhios a’m cén t-údar é sin, is dóigh go raibh baint ag na síogaí leis ar aon chaoi, sin é a bhídís a’ rá, chuirfí orthub é, ach tá sé sin thart anois, níl

MÁIRÍN: Agus a’ raibh ’fhios a’d, a’ dtabharfá, tada a tabhairt uait lá Bealtaine. Ní raibh tada, níor chuala tú tada faoi sin?

SIBÉAL: Níor chuala mé tada faoi sin dháiríre, bhuel léigh me go leor faoi, go leor pisreogaí ach ní, ní ....

MÁIRÍN: …. Níor úsáid ….

SIBÉAL: …. Níor úsáideadh sa teach a’inne….

MÁIRÍN: …. Sa mbaile é?

SIBÉAL: Níor úsáideadh riamh aon chineál mar sin.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Níor chuala muid faoi ach an oiread.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Mar déarfá ach sé an t-aon rud, tá ’fhios a’m go gcuirfí an t-uisce coisricthe, chonaic mé féin é sin déanta.

MÁIRÍN: Sin oíche ….

SIBÉAL: …. Ar na beithígh, oíche Bhealtaine.

MÁIRÍN: Á oíche Bhealtaine.

SIBÉAL: Sea.

MÁIRÍN: Sea is dóigh le iad a

SIBÉAL: Iad a, iad a chosaint ar rud eicínt, sea, is dóigh gurb é na (gáire) bhíodh an oiread caint ar na síogaí agus rudaí agus deiridís dá mbeireadh bó oíche Bhealtaine go, nach maireadh an lao go minic, go yeah.

MÁIRÍN: Bhíodh mo athair á rá sin nach raibh se lucky dá mbeireadh bó

MÁIRÍN: Oíche Bealtaine?

SIBÉAL: Oíche Bealtaine, hm.

MÁIRÍN: A’ bhfuil rud ar bith eile a thaitneodh leat inseacht dúinn, an gcuimhníonn tú ar a bheadh suim a’inn ann, nuair a bhí tú féin óg, a chuimhníonns tú iad a’ déanamh sa mbaile, mar déarfá, maistreadh nó rud ar bith.

SIBÉAL: Ó sea, ó bhíodh muid a’ déanamh maistreadh go minic. Bhainidís an cream gon, gon bhainne agus chruinneoidís ar feadh cúpla lá é sin, tuairim ’s seachtain a bheidís dhá choinneáil is dóigh, go mbeadh díol an eh le im acub ansin.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Bhí cuinneog, tá ’fhios a’d na dashers sin ….

MÁIRÍN: …. Sea ….

SIBÉAL: …. a ghlaoifí orthub sin, sin é a bhí ag chuile dhuine ag an am, ní raibh aon, ní raibh na cinn nua aimsireach sin acub ar chor ar bith, agus thógadh sé scaitheamh maith é a dhéanamh freisin, bhíodh tamall ag chuile dhuine sa teach air.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus bhíodh piseog ag baint leis sin é féin, dá d’íocfadh aon duine isteach, deir siad gur cheart go gcuirfeadh chuile dhuine lámh sa gcuinneog mar déarfá, ach eh bhíodh, bhíodh, is im baile is mó a bhíodh a’inn ag, nuair a bhí muid a’ fás suas.

MÁIRÍN: Bhuel sea, im baile.

SIBÉAL: Im baile, bhíodh go leor im baile ag mo mháthair, bhíodh.

MÁIRÍN: Bhuel an t-am sin, ní, níor, ní raibh tada ag aon duine, ní raibh ach an t-aon rud is dóigh, chuile rud bhí sé fásta agus

SIBÉAL: Bhuel ba iontach an….

MÁIRÍN: .… déanta a'inn féin agus

SIBÉAL: Is minic a chuimhním ar, ba iontach go deo na mná a bhí iontub, mar eh nuair nach raibh na rudaí acub, nó go rabhadar in ann a gcuid rudaí féin a dhéanamh eh a' bhfuil 'fhios a'd bhíodh

MÁIRÍN: Ní raibh aon electric mixers.

SIBÉAL: …. Ó ní raibh, ní raibh tada acu….

MÁIRÍN: Ní raibh tada.

SIBÉAL: Ach an pota, an pota ar an tine, an ciotal, chuile rud ar an tine, chuile rud ar an tine agus even bhí muca an t-am sin, bhíodh trí set nó ceithre set muca á thógáil sa mbliain.

MÁIRÍN: Ag chuile dhuine ag an am sin?

SIBÉAL: Sa mbliain agus cuimhnigh an obair a bhíodh na mná a' déanamh an t-am sin, agus ansin bhí deichniúr nó dhá dhuine dhéag i chuile theach, gasúir.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Le beathú acub chomh maith.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus chuile rud á dhéanamh ar an tine agus chaithfí na muca a bheathú (gáire) agus chaithfí na páistí a bheathú agus chaithfí chuile dhuine a bheathú agus chuile rud a’ brath ar an tine.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Á bhí sé

MÁIRÍN: So cinnte bhí saol crua ag na mná, níos cruaichte ná a bhí ag na fír?

SIBÉAL: Ó.

MÁIRÍN: D’oibrigh siad í bhfad níos cruaichte?

SIBÉAL: Á bhí, bhí.

MÁIRÍN: Níl mé a’ rá anois nár rinne na fír obair freisin.

SIBÉAL: Ó bhí saol an-chrua acub, d’fheicfeadh mise mo mháthair, is minic nach raibh sí imithe a chodladh nuair a ghlaodh an choileach ar maidin, bhíodh sí ag criotáil nó fuáil. Bhíodh sí amuigh ag obair sa ló a’ déanamh go leor obair amuigh agus bhíodh sí a’ triall le go leor a dhéanamh san oíche istigh, bhíodh sí ag criotáil, nó fuail, nó ag cuir paistí, nó bhíodh sí í gcónaí a’ déanamh rud eicínt.

MÁIRÍN: Mar bhí siad í gcónaí ag tabhairt cúnamh go na fír le an obair taobh amuigh a dhéanamh agus bhí an obair ar fad istigh agus na gasúir le déanamh acub.

SIBÉAL: Ó bhí.

MÁIRÍN: So eh ní, bhí an t-uafás.

SIBÉAL: Bhíodh an t-uafás, ní, ach is cuma céard a bhí le déanamh acub nó nach raibh le déanamh acub ach an méid a chonaic mise acub, bhíodar chomh happy, bhíodar an- an-happy ar fad, a' bhfuil 'fhios a'd, agus bhíodh am acub le comhrá agus le caint tar éis a raibh le déanamh acub.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus ní rabhadar a' watcháil an chlog mar atá siad sa lá ata inniu ann, ní raibh.

MÁIRÍN: Agus eh an ndeireadh sibh an phaidrín sa mbaile í gcónaí?

SIBÉAL: Ó bhíodh sé sin í gcónaí a'inn.

MÁIRÍN: A’ gcaithfeadh sibh ar fad a bheith istigh?

SIBÉAL: Chaithfeadh muid ar fad a bheith istigh mar tar éis an suipéar

tráthnóna go hiondúil a deireadh muid é, i gcónaí agus ansin bhí cead ag chuile dhuine a dhul ina rogha áit ina dhiaidh sin.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Mar déarfá, ach, ó bhíodh an paidrín páirteach í chuile theach cheapainn ag an am sin, bhíodh, bhíodh.

MÁIRÍN: Ach ní raibh sagart ar bith ina chónaí in Inis Meáin?

SIBÉAL: Ní raibh, ní raibh.

MÁIRÍN: Le do línn sa, sin é atá mé a' rá….

SIBÉAL: …. Ní raibh le mó línn sa.

MÁIRÍN: Na dochtúir?

SIBÉAL: Ní raibh.

MÁIRÍN: Ach bhí banaltra ….

SIBÉAL: …. Banaltra i gcónaí ann.

MÁIRÍN: Amháin ann, sea.

SIBÉAL: Á bhí, bhí.

MÁIRÍN: Yeah.

SIBÉAL: Bhí factory ann chomh maith, factory a’ déanamh stocaí.

MÁIRÍN: Ó sea, sea.

SIBÉAL: Bhí, so bhíodh sé sin, bhíodh cailíní óga ag obair ansin, so thugadh sé corr phunt isteach, chomh maith.

MÁIRÍN: An ar, ar machines arb ea a bhíodh siad?

SIBÉAL: Ó machines a bhí ann.

MÁIRÍN: Agus cá gcuiridís na stocaí sin?

SIBÉAL: Chuiridís go Baile Átha Cliath iad cheapainn.

MÁIRÍN: Sea.

SIBÉAL: Sea, bhíodh duine dhá n-iarnáil, duine dhá bpacáil, agus cuid eile dhá ndéanamh.

MÁIRÍN: Sea so bhí, bhí, bhí saothrú ansin?

SIBÉAL: Ó bhí, bhí.

MÁIRÍN: Ag na cailíní, ag na cailíní óga?

SIBÉAL: Bhuel caithfidh mé a rá ní, ní raibh na hoileáin, oileáin Árann, ní rabhadar chomh, chomh dona sin as ar chor ar bith nuair a bhí an bochtanas féin ann.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Bhí an t-iasc 's na fataí acub agus chuile rud.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: A' bhfuil 'fhios a'd ag an am, agus ní, ní rabhadar go dona as ar chor ar bith mar déarfá.

MÁIRÍN: Just cuirfidh mé ceist amháin eile ort, eh bhí clann mór agaibhse sa mbaile bhí, agus d’imigh cuid mhaith acub go Sasana is dóigh agus go Meiriceá, nach raibh se an-uaigneach gon t-athair agus gon mháthair nuair, faoi an imirce?

SIBÉAL: Á bhí, bhí, bhí sé, bhí sé crua orthub is dóigh, go mór mhór an chead set a d’imigh ar dtús gon chlann a’ bhfuil ’fhios a’d, ach ansin fuair dar cleachta air is dóigh.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Is dóigh agus ansin an t-am sin tá mé a’ ceapadh go dtógadh sé trí seachtaine ar litir a theacht dháiríre. (gáire)

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: An t-am sin agus ní raibh aon telephone ann, is eh telegraph, á dtarlódh tada, a bhfaighfeá ag an am agus eh ara bhí sé crua orthub, is dóigh. Ach tá go leor nach bhfaca riamh, a tháinig, nár, níor tháinig cuid acub ar ais ariamh, a d’imigh.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus ní, is iomaí uair a cailleadh athaireachaí agus máthaireachaí ar na hoileáin seo nach bhfaca a gclann

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: ó d’imíodar, níor thángadar even ag a’ sochraide mar is dóigh nach raibh an pá i Meiriceá féin ná in aon, ins na tire sin féin ….

MÁIRÍN: …. Agus nuair ….

SIBÉAL: .… le go mbeidís in ann a thíocht.

MÁIRÍN: Agus eh roimhe, an oíche sula d’imídís an dtéidís timpeall ag croith lámh ag chuile theach?

SIBÉAL: Bhuel is iondúil go mbíodh eh cóisir nó rud eicínt sa teach an oíche sula d’imeoidís agus bhíodh ceol ’s

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: casadh amhráin agus rudaí mar sin ann an oíche sul má d’imeodh, le mo línn sa anyways, chonaic mé go leor dhó sin.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Mar déarfá agus thagadh daoiní ann agus bhíodh siad ag croith lámh leis an té a bhí le n-imeacht.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Agus mar sin, ach théadh go leor soir ag an mbád nuair a bhíodh an bad ag imeacht freisin leob, agus bhíodh go leor caoineadh á dhéanamh an t-am sin, i ndiaidh daoiní a d’imíodh a’ bhfuil ’fhios a’d.

MÁIRÍN: Bhuel is dóigh go raibh ’fhios acub b’fhéidir ….

SIBÉAL: Ó ní “_” a dtiocfaidís....

MÁIRÍN: …. nach raibh ’fhios acub cén uair a thiocfaidís ar ais aríst.

SIBÉAL: Sin é an rud é, sé.

MÁIRÍN: Ansin nuair a théidís déarfaidh muid go Meiriceá nó Sasana, a’ gcuiridís abhaile airgead a’ gcuimhníonn tú, a’ bhfuil ’fhios a’d ….?

SIBÉAL: …. Ó chuireadh, is cuimhneach liom parcels a’ tíocht i gcónaí agus rudaí mar sin.

MÁIRÍN: Céard a bhíodh sna parcels?

SIBÉAL : Bhuel séard a bhíodh sna parcels, bhuel a’inne anois mar bhíodh mo mháthair in ann a cuid éadaí féin a dhéanamh, chuireadh mo dhreabharachaí, chuiridís go leor ehm éadach anall le haghaidh na dressannaí a dhéanamh mar déarfá.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Slataí éadach tá ’fhios a’d a dhéanfadh

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: na gúnaí.

MÁIRÍN: Agus a’ mbíodh fáilte roimh na parcels nuair a bhídís a’ teacht?

SIBÉAL: Ó bhíodh, bhíodh. Á bhíodar, bhíodar thar cionn nuair a d’imigh dar, chuile dhuine ar an oileán really.

MÁIRÍN: Hm.

SIBÉAL: Bhí dar go maith.

MÁIRÍN: Taispeánann sé sin is dóigh chuile dhuine a d’imigh ar imirce, bhí siad i gcónaí ag cuir airgead abhaile….

SIBÉAL: …. Á bhíodh, bhíodh….

MÁIRÍN: …. ag a muintir?

SIBÉAL: Bhíodh thugadar an-chúnamh nuair a d’imigh siad.

MÁIRÍN: Bhuel anois go raibh míle maith agat Sibéal as ucht an, an méid eolas a thug tú dúinn.

SIBÉAL: Go raibh maith a’d féin, a Mháirín.

Transcriber
Bairbre Uí Chonaill
More information about transcription notation.